|
ISSN 1977-107X doi:10.3000/1977107X.CA2013.143.gla |
||
|
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
56 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
|
2013/C /01 |
||
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
|
5 |
|
|
27 |
(RO) |
|
29 |
|
|
33 |
|
|
34 |
|
|
36 |
(DA) |
|
41 |
(BG) |
|
43 |
(EN) |
|
49 |
(ET) |
|
50 |
(HU) |
|
51 |
(SL) |
|
54 |
(DE/EN/FR) |
|
58 |
(EN/GA) |
|
75 |
|
|
81 |
|
|
82 |
|
|
88 |
(BG) |
|
89 |
(CS) |
|
94 |
|
|
104 |
|
|
109 |
|
|
111 |
|
|
112 |
(DE/EN/FR) |
|
117 |
(ET) |
|
118 |
|
|
120 |
|
|
131 |
|
|
143 |
|
|
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 143 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
|
23.5.2013 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
EPSO/AD/254/13
(2013/C 143 A/01)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a thiomsú óna n-earcófar
CEANN AONAID (1) (AD 12)
An tAonad “Díchoimisiúnú Núicléach” (Ispra na hIodáile)
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coimisiún Eorpach
Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a thiomsú chun post folamh sa Choimisiún Eorpach a líonadh.
Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn, seachas pointí 4, 5.3, 5.4, 6.2 agus 6.3. Cuireadh an téacs atá san Iarscríbhinn in ionad phointe 5.3, phointe 5.4 agus phointe 6.2.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat na rialacha maidir leis na bealaí ar a gcuirtear iarratais isteach a thuiscint.
AN CLÁR ÁBHAR
|
I. |
CÚLRA |
|
II. |
DUALGAIS |
|
III. |
INCHÁILITHEACHT |
|
IV. |
CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ |
|
V. |
IONAD MEASÚNAITHE AGUS TRIALACHA |
|
VI. |
PAINÉIL |
|
VII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
|
IARSCRÍBHINN |
I. CÚLRA
Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo: 3
II. DUALGAIS
Tá an tAonad Díchoimisiúnaithe Núicléach freagrach as bainistiú agus díchoimisiúnú (caomhnú sábháilte san áireamh) gach gléasra núicléach agus gach saoráid núicléach ar shuíomh Ispra agus as oibriú saoráidí dramhaíola radaighníomhaí, i gcomhréir leis na hoibleagáidí ceadúnúcháin atá air. Mairfidh an clár Díchoimisiúnaithe agus Dramhaíola ar feadh níos mó ná fiche bliain agus is é is príomhfhócas dó faoi láthair gníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola agus réamh-dhíchoimisiúnaithe. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an tAonad Díchoimisiúnaithe Núicléach chun feidhme gach beart is gá chun na gléasraí agus na saoráidí a dhíchoimisiúnú agus chun an bonneagar a oibriú féachaint dramhaíl atá ar an suíomh, idir sholadach agus leachtach, a láimhseáil, a shórtáil, a chóireáil agus a stóráil, de réir mar is cuí. Is é an cuspóir deiridh gach baol núicléach a chur ar ceal ionas gur féidir na foirgnimh agus an talamh a úsáid arís.
Beidh Ceann an Aonaid Díchoimisiúnaithe Núicléach freagrach as saoráidí agus ceadúnais a bhainistiú i gcomhréir le dlí na hIodáile. Dá thoradh sin, ní mór d'iarrthóirí na ceanglais a chomhlíonadh atá leagtha síos i reachtaíocht na hIodáile chun go bhféadfaidh siad an Attestato di idoneità alla direzione tecnica degli impianti nucleari a ghnóthú i gcomhréir leis an Decreto Presidente della Repubblica, an 30.12.1970, Uimh. 1450 agus na leasuithe is déanaí air.
Tacóidh an Ceann Aonaid leis na gníomhaíochtaí uile a dhéantar sa suíomh in Ispra chun na ceanglais dlí uile a chomhlíonadh a bhaineann le cosaint ar radaíocht agus le cosaint an chomhshaoil.
Go bunúsach, is éard atá sna dualgais eagrú na ngníomhaíochtaí uile a bhaineann le gléasraí agus saoráidí núicléacha a dhíchoimisiúnú. A leithéidí seo:
|
— |
feidhmiú ceart an Aonaid, gach gné theicniúil, airgeadais agus dhaonna san áireamh, a phleanáil agus a eagrú, |
|
— |
féachaint chuige go n-úsáidfear acmhainní ar an dóigh is éifeachtúla, is éifeachtaí agus is eacnamaíche is féidir, |
|
— |
straitéis a cheapadh chun clár oibre an Aonaid a chur chun feidhme, i gcomhréir le misean an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, féachaint an suíomh a chur sa riocht gur ceadmhach an foirgneamh agus/nó an talamh a úsáid arís, |
|
— |
féachaint chuige go ndéanfar na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na hoibleagáidí dlí is ábhartha agus na ceanglais sábháilteachta agus cheadúnúcháin is infheidhme, |
|
— |
féachaint chuige go bhfeidhmeoidh na saoráidí núicléacha go sábháilte, cosc agus brath tionóiscí agus stiúradh beart idirghabhálach san áireamh más gá, |
|
— |
dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú (iompar, stóráil, cuntasaíocht etc.), |
|
— |
féachaint chuige go mbeidh na próisis cheadúnúcháin comhordaithe. |
Tá na dualgais bainistíochta/riaracháin roinnte ina dtrí mhórchatagóir:
Cúrsaí oibríochtúla:
|
— |
cuspóirí straitéiseacha an aonaid a cheapadh agus a chlár oibre feidhmíochta a fhormheas, i gcomhréir le cuspóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, |
|
— |
féachaint chuige go n-eagrófar agus go roinnfear an obair go héifeachtach san aonad chun na cuspóirí a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, |
|
— |
an méid a baineadh amach na cuspóirí a mheas le táscairí cuí agus trí thuarascálacha bainistíochta a ullmhú ar na torthaí a fuarthas, |
|
— |
deimhin a dhéanamh de go bhfuil na cinntí agus na hoibríochtaí i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta oifigiúla. |
Bainistíocht acmhainní:
|
— |
féachaint chuige go mbainisteofar an fhoireann go héifeachtúil, i gcomhréir le beartas na hinstitiúide maidir le hacmhainní daonna, chun aonad éifeachtach a fhorbairt a bhfuil an comhar go diongbháilte ann. Ciallaíonn sin, go háirithe, go mbeidh sé ar chumas an Chinn Aonaid inniúlachtaí gach baill foirne a fhorbairt agus a úsáid chomh maith agus is féidir é, agus aon coinbhleachtaí san fhoireann a thuar agus a láimhseáil, |
|
— |
riachtanais airgeadais a chinneadh agus na hacmhainní buiséadacha bliantúla a thugtar don aonad a bhainistiú. |
Cúrsaí cumarsáide agus ionadaíochta:
|
— |
caidreamh idirghníomhach a chur ar bun agus a choinneáil ar bun san aonad, chun go mbeidh an fhoireann ar an eolas faoi chúrsaí tábhachtacha polaitiúla agus straitéiseacha agus chun go bhfaighidh siad aiseolas cuí faoina gcuid oibre, |
|
— |
féachaint chuige go rachfar i mbun comhairle, comhordú agus/nó idirbheartaíochta le seirbhísí nó institiúidí eile faoi cheisteanna a bhaineann le hobair an aonaid, |
|
— |
ionadaíocht a dhéanamh don Aonad i gcoistí, i meithle nó i gcomhlachtaí eile, laistigh den Institiúid agus lasmuigh di. |
Chun cúraimí an phoist a dhéanamh ní mór meon na seirbhíse agus ciall don dualgas a bheith ag an gCeann Aonaid, agus ní mór é a bheith réamhghníomhach agus solúbtha.
I bhfianaise chomhthéacs agus dhúshláin an phoist i gceist, tá sé fíor-riachtanach, leis, an Iodáilis, idir labhairt agus scríobh, a bheith ar a thoil ag an gCeann Aonaid.
Ní mór 15 bliana de thaithí oibre ildisciplíneach a bheith ag an iarrthóir i réimse na hoibríochta núicléiche, bainistiú tionscadal agus conarthaí san áireamh.
Tá sé sár-riachtanach, leis, cúig bliana de thaithí ar fhoirne ildisciplíneacha, ilnáisiúnta agus teicniúla a bhainistiú a bheith ag an iarrthóir, mar aon le dea-theist maidir le baill foirne a stiúradh, a ghríosú agus a chomhairliú.
Déanfaidh an Ceann Aonaid cúraimí riaracháin agus oibríochtúla faoi údarás Stiúrthóir na Bainistíochta ar an Láthair Ispra (ISM), atá lonnaithe in Ispra na hIodáile, ar ceann d'institiúidí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh í.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
|
2.1 |
Cáilíochtaí |
||||||||
|
|
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist (innealtóireacht, fisic nó ceimic) nuair atá fad an chúrsa sin cothrom le ceithre bliana nó níos mó. nó Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist (innealtóireacht, fisic nó ceimic) agus taithí oibre ábhartha aon bhliain amháin ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin nuair atá an cúrsa sin cothrom le trí bliana ar a laghad. NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid sin d'aon bhliain amháin de thaithí oibre, agus ní féidir é a áireamh mar chuid den taithí oibre atá luaite thíos. nó Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh agus oiliúint iarchéime agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist (innealtóireach, fisic nó ceimic). |
||||||||
|
2.2 |
Taithí oibre |
||||||||
|
|
Taithí oibre 15 bliana ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist ar caitheadh cúig bliana di i mbun dualgas bainistíochta agus/nó comhordú foirne a raibh fíorfhreagrachtaí bainistithe daoine ag baint leo, mar atá luaite san fhógra seo (féach Roinn II). Chun an taithí ar dhualgais bhainistíochta a mheas, cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh eilimintí ábhartha arna soláthar ag na hiarrthóirí. A leithéidí seo:
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas. |
||||||||
|
2.3 |
Eolas ar theangacha |
||||||||
|
Teanga 1 |
|
||||||||
|
Teanga 2 |
I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) uaithi i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an Aontais a shonrú cé hiad na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE. Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí. Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna comórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne. |
||||||||
IV. CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ
1. Nós imeachta
Scrúdófar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar dtús i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú thuas.
|
(a) |
Scrúdófar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an féidir tú a chur ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta uile an chomórtais. |
|
(b) |
Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí ag a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha a shainaithint (go háirithe ó thaobh céimeanna agus taithí oibre de) i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, agus is próiseas dhá chéim a bheidh ann:
|
Tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ansin in ord na marcanna foriomlána. Beidh líon (2) na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh (3) chun na dtrialacha measúnaithe agus chun na dtrialacha labhartha agus scríofa cothrom le trí oiread, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EPSO: (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).
2. Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil
I ndiaidh na dtrialacha labhartha agus scríofa agus de réir na dtorthaí a gnóthaíodh sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a chuir na hiarrthóirí isteach, agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín scagthóir buanna a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (4) a rinne an t-iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna is fearr sna trialacha labhartha agus scríofa. Déanfar an tseiceáil sin go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí sin atá faoi bhun na tairsí sin.
3. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
Taithí oibre cúig bliana ar shaoráidí núicléacha a bhainistiú. |
|
2. |
Taithí oibre ar chláir díchoimisiúnaithe núicléach. |
|
3. |
Taithí oibre ar iompar ábhair agus substaintí núicléacha. |
|
4. |
Taithí oibre ar dhramhaíl núicléach a bhainistiú. |
|
5. |
Taithí oibre ar thionscadail agus conarthaí mórscála a bhainistiú. |
|
6. |
Taithí oibre ar fhoirne teicniúla ildisciplíneacha agus ilnáisiúnta a chomhordú. |
|
7. |
Sáreolas ar an reachtaíocht idirnáisiúnta, Eorpach agus Iodálach maidir le fuinneamh núicléach agus ar rialacha na hIodáile maidir le radaíochtaí ianúcháin. |
|
8. |
Eolas ar dhlí na hEorpa maidir le sláinte agus sábháilteacht san áit oibre. |
|
9. |
Aon oiliúint eile, seachas an oiliúint atá leagtha síos i Roinn III.2.1 i gceann de phríomhréimsí an Aonaid (féach Roinn II, Dualgais), agus teastas/dearbhú/céim bainte amach ag a dheireadh. |
|
10. |
Eolas sásúil ar an Iodáilis (leibhéal B2 ar a laghad de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR)). |
V. IONAD MEASÚNAITHE AGUS TRIALACHA
|
Is éard atá sna trialacha:
Ar chúiseanna eagrúcháin, is sa Bhruiséil a bheidh trialacha labhartha agus scríofa an ionaid mheasúnaithe ar siúl, ar laethanta leantacha más féidir é. |
|||||||||||||
|
Is i dteanga 2 amháin a bheidh trialacha an ionaid mheasúnaithe. Cuirfear measúnú na dtrialacha sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin le bheith ina chuidiú saineolach agus teicniúil ag an bpróiseas cinnteoireachta. Beidh an méid seo sna trialacha sin:
Ó nach dtagann sé faoi réir rúndacht obair an bhord roghnúcháin, tabharfar tuairisc an ionaid mheasúnaithe duit ag deireadh na trialach labhartha. |
||||||||||||
|
Beidh an t-agallamh leis an mbord roghnúcháin ceaptha na nithe seo a leanas a mheas:
Marcálfar an triail seo as 100 (60 pointe an pasmharc). |
||||||||||||
|
Tá an triail scríofa ceaptha a fheabhas atá an Iodáilis agat agus an t-eolas atá agat ar an réimse a mheas. Is éard a iarrfar ort nóta a dhréachtú ina bpléifidh tú roinnt doiciméad, i ndiaidh duit scrúdú a dhéanamh ar shleachta as dlí na hIodáile maidir leis an bhfuinneamh núicléach agus/nó rialacha na hIodáile maidir leis an radachosaint. Marcálfar an triail seo as 60 (an pasmharc: 30 pointe). Fad na trialach, faoi thuairim: 1 uair 30 nóiméad. Ní mharcálfar an triail scríofa ach amháin má ghnóthaigh tú an pasmharc san agallamh leis an mbord roghnúcháin. |
||||||||||||
VI. PAINÉAL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal (6) más duine de na hiarrthóirí thú a ghnóthaigh an pasmharc agus ceann de na marcanna is fearr sna trialacha labhartha agus scríofa. |
||
|
Liosta in ord aibítre. |
VII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe. Sprioc-am (an bailíochtú san áireamh): 25 Meitheamh 2013 ag 12.00 (meán lae), am na Bruiséile. |
|||||||
|
Agus tú ag clárú ar líne, ní mór duit cóip den iarratas ar líne a bhailíochtaigh tú a phriontáil, í a shíniú agus, maille leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, í a chur chuig an seoladh seo a leanas:
Spriocdháta: 25 Meitheamh 2013, (dáta an phostmhairc ina fhianaise air sin). Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte. |
(1) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(2) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe agus chun na dtrialacha labhartha agus scríofa dóibh uile.
(3) Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chun na dtrialacha measúnaithe, gheobhaidh siad torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.
(4) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VI.1 agus Roinn VII.2).
(5) An Bord Roghnúcháin a bhailíochtóidh ábhar na trialach.
(6) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.
IARSCRÍBHINN
Tabhair do d'aire nach bhfuil feidhm ag pointí:
|
— |
5.3, |
|
— |
5.4 agus |
|
— |
6.2 |
de na treoracha do chomórtais oscailte, arna foilsiú in Iris Oifigiúil C 270 an 7 Meán Fómhair 2012 sa chomórtas seo.
|
— |
CUIRTEAR AN TÉACS SEO A LEANAS IN IONAD PHOINTE 5.3 “IONAD MEASÚNAITHE”: “5.3 An tIonad measúnaithe agus an triail labhartha Má tá foráil san fhógra comórtais maidir le trialacha a dhéanamh in ionad measúnaithe roimh an triail labhartha, is mar chuidiú saineolach agus teicniúil ag an bpróiseas cinnteoireachta amháin a chuirfear measúnú na trialach sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin. Ní mharcálfar an eilimint sin agus tabharfar duit í ag deireadh na trialach labhartha. I gcás fhoiche Dé, is féidir dáta na trialach labhartha a athrú ar bhonn eisceachtúil má iarrann tú sin ar chúiseanna ar tugadh bunús cuí leo, agus déanfaidh an bord roghnúcháin cinneadh dá réir. Mar sin féin, déanfar an cinneadh é a chur ar athló ar dhóigh nach ndéanfaidh dochar d'aonfhoirmeacht an mheasúnaithe ar fheidhmíocht na n-iarrthóirí sna trialacha labhartha agus nach gcuirfidh isteach ar dhea-fheidhmiú an chomórtais ná ar leas na seirbhíse.” |
|
— |
CUIRTEAR AN TÉACS SEO A LEANAS IN IONAD PHOINTE 5.4 “PAINÉAL”: “Ag deireadh an nós imeachta comórtais, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal ar a mbeidh ainmneacha na ndaoine ar éirigh leo sa chomórtas. Cuirfear liosta an phainéil ar aghaidh ansin chuig na hinstitiúidí agus is iad siúd amháin a bheidh freagrach as an earcaíocht. Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí atá ar an bpainéal, maille le dáta éaga an phainéil, a fhoilsiú (1) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO i gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bailíochta an phainéil. Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a fhoilseofar an cinneadh maidir le síneadh. |
|
— |
CUIRTEAR AN TÉACS A LEANAS IN IONAD PHOINTE 6.2 “ROCHTAIN AR FHAISNÉIS”: “I ndiaidh don bhord roghnúcháin an painéal thiomsú:
|
(1) Má iarrann duine ar éirigh leis sa chomórtas é, ní fhoilseofar a ainm. Ní mór an t-iarratas sin a bheith ag EPSO dhá sheachtain ar a dhéanaí i ndiaidh sheoladh na dtorthaí.”