ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2013.082.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
21 Márta 2013


Clár

Leathanach

 

Ceartúchán

2013/C /01

Ceartúchán ar an bhfógra comórtais oscailte EPSO/AD/177/10 — Riarthóirí (AD 5) (IO C 64 A, 16.3.2010) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge)

1

2013/C /02

Ceartúchán ar an bhfógra comórtais oscailte EPSO/AD/178-179/10 (IO C 110 A, 29.4.2010) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge)

6

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

27

(RO)

29

 

33

 

34

 

36

(DA)

41

(BG)

43

(EN)

49

(ET)

50

(HU)

51

(SL)

54

(DE/EN/FR)

58

(EN/GA)

75

 

81

 

82

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 82 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


Ceartúchán

21.3.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Ceartúchán ar an bhfógra comórtais oscailte EPSO/AD/177/10 — Riarthóirí (AD 5)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 64 A an 16 Márta 2010 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge)

(2013/C 82 A/01)

Ar leathanach 1:

in ionad:

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit an treoir atá foilsithe san Iris Oifigiúil C 57 A an 9 Márta 2010 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.

...

CLÁR NA nÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉIL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH”

léitear:

Roimh duit iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn, seachas pointe 6.3 agus pointe 6.4 a bhfuil an téacs atá ar fáil i Roinn VIII 'Faisnéis bhreise' curtha ina n-ionad.

CLÁR NA nÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉIL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

VIII.

FAISNÉIS BHREISE”;

ar leathanach 3, Roinn III, pointe 2.3:

in ionad:

“2.3.

Eolas ar theangacha

 

(a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh

agus

 

(b)

Teanga 2

Dara teanga (ní foláir di a bheith éagsúil le teanga 1):

eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis”

léitear:

“2.3.

Eolas ar theangacha

 

(a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh

agus

 

(b)

Teanga 2

Dara teanga (nach ionann agus teanga 1):

Eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis

I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) uaithi i gCás C 566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an AE a shonrú cé hiad na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu do líon srianta de theangacha oifigiúla de chuid an AE agus an roghnú seo á dhéanamh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna comórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.”;

ar leathanach 3, Roinn IV:

in ionad:

“IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

1.

Iarrfar ort triail a dhéanamh

más rud é, le linn an chlárúcháin ar líne , gur dheimhnigh tú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcáil: 0 go 20 pointe

pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

réasúnaíocht uimhríochta

marcáil: 0 go 10 bpointe

Triail (c)

réasúnaíocht theibí

marcáil: 0 go 10 bpointe

 

pasmharc: 10 bpointí as triail (b) agus triail (c) le chéile

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 2 (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis)

4.

Triail breithiúnais shuíomhúil

Sraith ceisteanna ilroghnacha féachaint d'inniúlacht a mheas maidir le breithiúnas suíomhúil.

Ní chuirfear measúnú na trialach seo ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin ach mar chuidiú saineolach agus teicniúil don phróiseas cinnteoireachta i leith na n-iarrthóirí dá dtugtar cead isteach san ionad measúnaithe.

5.

Teanga na trialach

Teanga 2 (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis)”

léitear:

“IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Déanfar na trialacha iontrála ar ríomhaire, agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

1.

Iarrfar ort triail a dhéanamh

más rud é, le linn an chlárúcháin ar líne , gur dheimhnigh tú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcáil: 0 go 20 pointe

pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

réasúnaíocht uimhríochta

marcáil: 0 go 10 bpointe

Triail (c)

réasúnaíocht theibí

marcáil: 0 go 10 bpointe

 

pasmharc: 10 bpointí as triail (b) agus triail (c) le chéile

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 2 (Gearmáinis, Béarla nó Fraincis)”;

ar leathanach 4, Roinn V, pointe 1 agus pointe 2:

in ionad:

“1.

Tabharfar cead isteach (*) duit san ionad measúnaithe

má fhaigheann tú (1)ceann de na marcanna is fearr (2) mar aon le pasmharc sna trialacha iontrála agus má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú agus tú ag clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Ionad measúnaithe:

Scrúdófar na hinniúlachtaí sin sna bealaí seo a leanas:

(a)

cás-staidéar sa réimse roghnaithe

(b)

gníomhaíocht i ngrúpa

(c)

cur i láthair ó bhéal

(d)

agallamh struchtúrtha

léitear:

“1.

Tabharfar cead isteach (*) duit san ionad measúnaithe

má ghnóthaíonn tú (3) ceann de na marcanna is fearr (4) agus an pasmharc sna trialacha iontrála agus má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú agus tú ag clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Ionad measúnaithe

Scrúdófar na hinniúlachtaí ar na bealaí seo (5) a leanas:

(a)

cás-staidéar (6) sa réimse a roghnaíodh

(b)

gníomhaíocht i ngrúpa

(c)

cur i láthair ó bhéal

(d)

agallamh struchtúrtha

ar leathanach 5, Roinn VII, pointe 2:

in ionad:

“2.

An t-iarratas a sheoladh

Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na n-iarrthóirí thú dá dtugtar cead isteach san ionad measúnaithe, iarrfar ort iarratas iomlán a chur isteach (iarratas leictreonach sínithe agus doiciméid tacaíochta).

Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.

Coinníollacha: féach Alt 2.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.”

léitear:

“2.

An Comhad Iarratais

Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, mar aon leis na doiciméid tacaíochta) a bhreith leat (7) chuig na trialacha measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte.

ar leathanach 5, cuirtear isteach:

“VIII.   FAISNÉIS BHREISE

Gan dochar do na hachomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú iarratas ar athscrúdú a chur isteach sna cásanna seo a leanas:

murar chomhlíon EPSO na forálacha a bhfuil nós imeachta an chomórtais faoina réir,

murar comhlíon an bord roghnúcháin na rialacha maidir lena chúraimí.

Tabhair do d'aire go bhfuil lánrogha ag an mbord roghnúcháin maidir lena chinneadh cé chomh ceart nó cé chomh mícheart atá do fhreagraí.

Má bhaineann d'iarratas le hinniúlacht an bhoird roghnúcháin, cuirfidh EPSO do litir ar aghaidh chuig cathaoirleach an bhoird roghnúcháin agus cuirfear freagra chugat a luaithe is féidir é.

Ní mór duit d'iarratas, agus an foras atá leis, a chur isteach faoi cheann 10 lá féilire ón dáta a chuir EPSO an litir ar líne chugat:

leis an bhfoirm teagmhála atá foilsithe ar shuíomh gréasáin EPSO,

nó le facs chuig an uimhir seo a leanas: +32 22979611.

Bíodh mar ábhar na litreach:

uimhir an chomórtais,

d'uimhir iarrthóra,

ceann de na frásaí seo a leanas: ‘demande de réexamen’, ‘request for review’, ‘Antrag auf Überprüfung’ (do rogha),

céim an chomórtais i gceist (mar shampla: trialacha iontrála, iontráil arna diúltú, ionad measúnaithe); luaitear sin sa Ghearmáinis, sa Bhéarla nó sa Fhraincis amháin.”.


(1)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina bhfaighfidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.

(2)  Tabharfar cead isteach san ionad measúnaithe do thart ar an trí oiread iarrthóirí i gcoibhneas le líon na n-iarrthóirí atáthar a lorg mar a fhógraítear san fhógra seo agus poibleofar sin ar shuíomh EPSO (www.eu-careers.eu).”

(3)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina bhfaighfidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.

(4)  Tabharfar cead isteach san ionad measúnaithe do thuairim is trí oiread líon na n- iarrthóirí a n-éireoidh leo de réir an fhógra seo agus beidh an figiúr sin ar fáil ar shuíomh EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

(5)  Is é an Bord Roghnúcháin a bhailíochtaíonn ábhar na dtrialacha.

(6)  Ar chúiseanna praiticiúla, d'fhéadfadh an cás-staidéar (ar cuid dhílis é den ionad measúnaithe) bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, is cuma cá háit a mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.”;

(7)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.”;


21.3.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/6


Ceartúchán ar an bhfógra comórtais oscailte EPSO/AD/178-179/10

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 110 A an 29 Aibreán 2010 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge)

(2013/C 82 A/02)

Ar leathanach 1:

in ionad:

Roimh dhuit iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 57 A an 9 Márta 2010 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.

...

CLÁR NA nÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

IARRTHÓIRÍ A LIGEAN ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS CUIREADH CHUIG AN IONAD MEASÚNAITHE

VI.

COMÓRTAS OSCAILTE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH”

léitear:

Roimh duit iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach, seachas pointe 6.3 agus pointe 6.4 a bhfuil an téacs atá le fáil i Roinn IX ‘Faisnéis bhreise’ curtha ina n-ionad.

CLÁR NA nÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS SAN IONAD MEASÚNAITHE

VI.

COMÓRTAS OSCAILTE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

IX.

FAISNÉIS BHREISE”;

ar leathanach 3, Roinn III, pointe 2.2:

in ionad:

“2.2

Eolas ar theangacha

 

(a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh

agus

 

(b)

Teanga 2

Dara teanga (ní foláir í a bheith éagsúil le teanga 1):

Eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis”

léitear:

“2.2

Eolas ar theangacha

 

(a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh

agus

 

(b)

Teanga 2

Dara teanga (nach ionann agus teanga 1):

Eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis

I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) uaithi i gCás C 566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an AE a shonrú cé hiad na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu do líon srianta de theangacha oifigiúla de chuid an AE agus an roghnú seo á dhéanamh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna comórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.”;

ar leathanach 3, Roinn IV, roimh an mhír réamhráiteach, cuirtear isteach:

“Déanfar na trialacha iontrála ar ríomhaire, agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO. …”;

ar leathanach 4, Roinn V, pointe 2, an t-alt deireanach:

in ionad:

“Is é líon a bheidh i líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu dul chuig an ionad measúnaithe ná a thrí oiread, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí a n éireoidh leo arna lua san fhógra comórtais seo; foilseofar sin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).”

léitear:

“Tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe do thrí oiread ar a mhéad líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, mar atá leagtha síos san fhógra seo, agus foilseofar líon na n-iarrthóirí a gheobhaidh cuireadh ar shuíomh EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).”;

ar leathanach 5, Roinn VI, pointe 2:

in ionad:

“2.

An tIonad measúnaithe:

...

Scrúdófar na hinniúlachtaí sin ar na bealaí seo a leanas:

(d)

cás-staidéar sa réimse i dtrácht

(e)

gníomhaíocht i ngrúpa

(f)

agallamh struchtúrtha”

léitear:

“2.

Ionad measúnaithe

...

Scrúdófar na hinniúlachtaí sin ar na bealaí seo a leanas:

(d)

cás-staidéar (1) sa réimse a roghnaíodh

(e)

gníomhaíocht i ngrúpa

(f)

agallamh struchtúrtha

ar leathanach 6, Roinn VIII, pointe 2:

in ionad:

“2.

An t-iarratas a sheoladh

Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na hiarrthóirí tú a n-iarrfar ort dul go dtí an t-ionad measúnaithe, beidh ort, má iarrtar é, iarratas iomlán a chur isteach (iarratas leictreonach sínithe agus doiciméid tacaíochta).

Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.

Sonraí praiticiúla: féach Alt 2.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.”

léitear:

“2.

An Comhad Iarratais

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh  (2) chun na dtrialacha measúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a bhreith leat (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe mar aon leis na doiciméid tacaíochta) chuig an ionad measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte.

ar leathanach 6 cuirtear isteach:

“IX.   FAISNÉIS BHREISE

Gan dochar do na hachomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú iarratas ar athscrúdú a chur isteach sna cásanna seo a leanas:

murar chomhlíon EPSO na forálacha faoina bhfuil nós imeachta an chomórtais,

murar comhlíon an bord roghnúcháin na rialacha maidir lena chúraimí.

Tabhair do d'aire go bhfuil lánrogha ag an mbord roghnúcháin maidir lena chinneadh cé chomh ceart nó mícheart atá do fhreagraí.

Má bhíonn d'iarratas ag teacht le hinniúlacht an bhoird roghnúcháin, cuirfidh EPSO do litir ar aghaidh chuig cathaoirleach an bhoird roghnúcháin agus cuirfear freagra chugat a luaithe is féidir é.

Ní mór duit d'iarratas, agus an foras atá leis, a chur isteach faoi cheann 10 lá féilire ón dáta a chuir EPSO an litir ar líne chugat:

leis an bhfoirm teagmhála ar shuíomh gréasáin EPSO,

nó le facs chuig an uimhir seo: +32 22979611.

Bíodh mar ábhar na litreach:

uimhir an chomórtais,

d'uimhir iarrthóra,

ceann de na frásaí seo a leanas: ‘demande de réexamen’, ‘request for review’, ‘Antrag auf Überprüfung’ (do rogha),

céim an chomórtais i gceist (mar shampla: trialacha iontrála, iontráil arna diúltú, ionad measúnaithe); luaitear sin sa Ghearmáinis, sa Bhéarla nó sa Fhraincis amháin.”.


(1)  Is é an Bord Roghnúcháin a bhailíochtaíonn ábhar na dtrialacha.”;

(2)  Cuirfear dáta do choinne san ionad measúnaithe in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.”;