ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2013.075.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
14 Márta 2013


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2013/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/249/13

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

27

(RO)

29

 

33

 

34

 

36

(DA)

41

(BG)

43

(EN)

49

(ET)

50

(HU)

51

(SL)

54

(DE/EN/FR)

58

(EN/GA)

75

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 75 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

14.3.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/249/13

(2013/C 75 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a thiomsú óna n-earcófar riarthóirí (1).

RIARTHÓIRÍ (AD 7)

sna réimsí seo a leanas:

1.

MAICREACNAMAÍOCHT

2.

EACNAMAÍOCHT AIRGEADAIS

Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a thiomsú chun poist fholmha sa Choimisiún Eorpach a líonadh.

Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat na rialacha maidir leis na bealaí le hiarratas a chur isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

VI.

IONAD MEASÚNAITHE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINNÍ

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo

Réimse 1 = 37

Réimse 2 = 27

2.

Nótaí

Tá dhá réimse sa chomórtas seo. Ní féidir ach aon cheann amháin acu sin a roghnú.

Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne.

II.   DUALGAIS

Tá cur síos sna hIarscríbhinní ar na próifílí sonracha atáthar a lorg.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1

Cáilíochtaí

Féach pointe 2 sna hIarscríbhinní

2.2

Taithí oibre

Féach pointe 3 sna hIarscríbhinní

2.3

Eolas ar theangacha (2)

 

teanga 1

An phríomhtheanga

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de na 23 theanga oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh.

agus

 

teanga 2

An dara teanga (nach ionann í agus teanga 1):

Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis, ar an nGearmáinis.

I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug cúirt an AE (an Mór-Dhlísheomra) uaithi i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an AE a shonrú cé hiad na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna chomórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann na trialacha seo a eagrú sna trí theanga chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann amháin de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina príomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Ní eagrófar na trialacha iontrála ar ríomhaire ach má tá líon na n-iarrthóirí os cionn lín áirithe. Is é Stiúrthóir EPSO, ag gníomhú dó mar údarás ceapacháin, a chinnfidh an tairseach sin i ndiaidh an dáta deiridh clárúcháin. Is féidir an tairseach sin a bheith éagsúil ó réimse go chéile agus cuirfear na mionsonraí ina leith sin chugat trí do chuntas EPSO.

Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VIII).

Tabhair faoi deara:

1.

is ionann d'iarratas a bhailíochtú agus a dearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III;

2.

chun na trialacha a dhéanamh, ní mór duit dáta a chur in áirithe; ní mór sin a dhéanamh roimh an sprioc-am a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcáil: 0–20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcáil: 0–10 bpointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcáil: 0–10 bpointe

 

Is é 10 bpointe an pasmharc foriomlán do thriail (b) agus (c)

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   Nós Imeachta

Déanfar scrúdú i dtús báire ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha agus déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí de réir na ndearbhuithe san iarratas a chuir tú isteach.

(a)

Próiseálfar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an mbeidh tú ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha uile.

Má bhíonn trialacha iontrála ar siúl roimh ré, scrúdófar na coinníollacha ginearálta agus sonracha in ord íslitheach pointí, de réir réimse agus go dtí go mbainfear amach an líon iarrthóirí arna chinneadh ag Stiúrthóir EPSO:

a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr sna trialacha iontrála, agus

a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais.

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear na hiarrthóirí sin ar fad san áireamh i gcéim an roghnúcháin ar bhonn cáilíochtaí. Ní scrúdófar iarratais ar líne na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí ag a mbeidh na cáilíochtaí is mó atá ábhartha a shainaithint (go háirithe cáilíochtaí agus taithí oibre) ó thaobh na ndualgas agus na gcritéar roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna”, agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, agus is próiseas dhá chéim a bheidh ann:

an chéad roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí, déanfar é ar bhonn na bhfreagraí a fuarthas sa chluaisín scagthóir buanna (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) san fhoirm iarratais agus ar bhonn an ualaithe a ghabhann le gach ceann de na ceisteanna sin, agus ar an mbonn sin amháin. De réir na tábhachta a thugtar do gach critéar dá dtagraítear i bpointe 4 thuas, cinnfidh an bord roghnúcháin an t-ualú sin (1 go dtí 3) roimh dó tosú ar scrúdú na n-iarratas. Ansin, déanfar an dara roghnú ar iarratais ar líne na n-iarrthóirí is mó pointí,

beidh líon na gcomhad a scrúdófar le linn an dara roghnú, in aghaidh na réimse, cothrom le tuairim is 9 n-oiread líon na ndaoine a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra comórtais seo. Scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh siad marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra. Ansin déanfar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

Tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ansin in ord na marcanna foriomlána. Beidh líon na n-iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chuig an ionad measúnaithe (3) cothrom le 3 oiread, ar a mhéad, in aghaidh na réimse, líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.   Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil

Tar éis thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a fuarthas sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a chuir na hiarrthóirí isteach, agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (4) a rinne iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) san ionad measúnaithe. Ina theannta sin, ní mór do na hiarrthóirí an pasmharc a fháil i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

VI.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (5)

a chomhlíonann coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III, de réir na ndearbhuithe a rinneadh sa chlárú ar líne,

agus

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit trialacha an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh (6); is gnách go mbíonn na trialacha sin ar siúl sa Bhruiséil ar feadh lá nó dhó.

2.

An t-ionad measúnaithe

Déanfar measúnú ar thrí ní:

inniúlachtaí réasúnaíochta, mura measadh iad cheana le linn trialacha iontrála a eagraíodh roimh ré: trialacha (a), (b) agus (c)

inniúlachtaí sonracha: triail (d)

inniúlachtaí ginearálta: trialacha (e), (f) agus (g)

do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta , trí bhíthin na dtrialacha seo (7) a leanas:

(a)

triail réasúnaíochta briathartha

(b)

triail réasúnaíochta uimhriúla

(c)

triail réasúnaíochta teibí

do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse i gceist ar an mbealach seo (7) a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar inniúlachtaí an réimse i gceist agus ar bhonn na bhfreagraí a thug tú i d'iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

d'inniúlachtaí ginearálta  (8) ar na bealaí seo (7) a leanas:

(e)

cás-staidéar

(f)

gníomhaíocht i ngrúpa

(g)

agallamh struchtúrtha ar na hinniúlachtaí ginearálta

Scrúdófar na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

 

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

 

x

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

 

Buanseasmhacht

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

x

Cumas ceannaireachta

 

x

x

3.

Teangacha an ionaid mheasúnaithe

Teanga 1 i gcás thrialacha (a) (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g)

4.

Marcanna agus ualú

Inniúlachtaí réasúnaíochta:

(a)

inniúlacht labhartha: 0–20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

(b)

inniúlacht uimhriúil: 0–10 bpointe

(c)

inniúlacht theibí: 0–10 bpointe

An pasmharc foriomlán do thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c); ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha (d)

0–100 pointe

An pasmharc: 50 pointe

Ualú: 55 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta ((e), (f) agus (g))

Marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta)

An pasmharc:

 

3 phointe in aghaidh na hinniúlachta

agus

 

40 pointe as 70 d'iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta

Ualú: 45 % den mharc foriomlán

VII.   PAINÉIL

1.

Iarrthóirí a chur ar an bpainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal:

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (9) a ghnóthaigh an pasmharc agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) ag an ionad measúnaithe (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I.1)

agus más rud é, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha iontrála go léir.

2.

Aicmiú

Tiomsófar na liostaí de réir réimse agus in ord aibítre.

VIII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárú go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 16 Aibreán 2013 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

2.

An comhad iarratais

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a bhreith leat (10) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe mar aon leis na doiciméid tacaíochta) chuig an ionad measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) — An pasmharc: teanga 1 = C1/teanga 2 = B2 —

(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).

(3)  Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, gheobhaidh siad torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(4)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).

(5)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chun an ionaid mheasúnaithe.

(6)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh na trialacha réasúnaíochta agus an cás-staidéar (e) bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá háit a mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.

(7)  Déanfaidh an bord roghnúcháin a mbeidh sna nithe seo a bhailíochtú.

(8)  Tá sainmhíniú ar na hinniúlachtaí seo i bpointe 1.2 de na treoracha do chomórtais oscailte.

(9)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.

(10)  Déanfar dáta do choinne don ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.


IARSCRÍBHINN I

RÉIMSE 1 — MAICREACNAMAÍOCHT

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) i réimse na maicreacnamaíochta a earcú, agus é dírithe go háirithe ar an bhfaireachas iltaobhach agus tíre, ar anailís beartas agus ar cheapadh beartas.

Ar na príomhdhualgais tá:

Faireachas a dhéanamh ar fhorbairtí maicreacnamaíocha agus ar bheartais mhaicreacnamaíocha na mBallstát, limistéar an euro agus an Aontais Eorpaigh.

Cláir choigeartaithe maicreacnamaíoch a cheapadh agus a chur i bhfeidhm.

Anailís eimpíreach agus/nó ionsamhlú a dhéanamh chun taca a chur faoi fhoirmliú agus faoi mheasúnú beartas eacnamaíoch, lena n-áirítear beartais i réimsí amhail airgeadas poiblí, athchóirithe struchtúracha agus institiúidí agus margaí airgeadais.

Creata agus uirlisí anailíseacha a cheapadh chun forbairtí eacnamaíocha agus feidhmíocht beartas a anailísiú.

Réamhaisnéisí eacnamaíocha an Choimisiúin Eorpaigh a ullmhú.

Teagmháil a dhéanamh go rialta le hinstitiúidí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais, le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí eile maidir le cláir faireachais eacnamaíoch agus cláir choigeartaithe eacnamaíoch a chur chun feidhme.

I gcomhthéacs na ndualgas thuasluaite, doiciméid anailíseacha, doiciméid bheartais agus doiciméid dlí a dhréachtú, idir dhoiciméid atá le húsáid go hinmheánach agus doiciméid atá le foilsiú.

2.   Céim

Oideachas is comhionann le cúrsa ollscoile ceithre bliana ar a laghad san eacnamaíocht agus céim bainte amach ag a dheireadh.

Oideachas is comhionann le cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad san eacnamaíocht agus céim bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre bliana ar a laghad déanta ina dhiaidh a bhain go díreach leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid sin d'aon bhliain amháin de thaithí oibre, agus ní féidir é a áireamh mar chuid den taithí oibre a éilítear thíos.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre sé bliana ar a laghad a bhaineann le maicreacnamaíocht.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Céim (seachas dochtúireacht) nó cáilíocht sa bhreis ar an oiliúint a éilítear chun cur isteach ar an gcomórtas (atá leagtha síos i bpointe 2 thuas) i gceann de na réimsí seo a leanas: eacnamaíocht, anailís chainníochtúil, airgeadas agus maicreacnamaíocht fheidhmeach.

2.

Dochtúireacht i gceann de na réimsí seo a leanas: eacnamaíocht, anailís chainníochtúil, airgeadas agus maicreacnamaíocht fheidhmeach.

3.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus/nó airgeadais.

4.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad i ranna riaracháin náisiúnta atá freagrach as beartais eacnamaíocha, fhioscacha nó airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme.

5.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí acadúla, beartas agus taighde (a bhfuil an eacnamaíocht nó beartais eacnamaíocha ina sainréimse acu).

6.

Foilseacháin in irisí eacnamaíocha piarmheasúnaithe i réimsí na hanailíse cainníochtúla agus an tsamhaltaithe.

7.

Foilseacháin in irisí eacnamaíocha piarmheasúnaithe i réimse na maicreacnamaíochta.

8.

Taithí ar thuarascálacha teicniúla agus neamhtheicniúla a dhréachtú ar threochtaí maicreacnamaíocha, ar fhaireachas maicreacnamaíoch agus ar réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch.

9.

Taithí ar thuarascálacha teicniúla agus neamhtheicniúla a dhréachtú ar éifeachtaí eacnamaíocha athchóirithe struchtúracha agus beartas atá ceaptha chun cumas iomaíochta a fheabhsú.

10.

Taithí ar thuarascálacha teicniúla agus neamhtheicniúla a dhréachtú ar airgeadas poiblí agus ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa.

11.

Táithí dhá bhliain ar a laghad ar eacnaiméadracht fheidhmeach amhail anailís amshraitheanna agus anailís cúlchéimnithe le sonraí painéil.

12.

Taithí ar shamhlacha maicreacnamaíocha (e.g. samhlacha DSGE) a fhorbairt agus/nó a úsáid.

13.

Taithí oibre ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch a cheapadh agus a chur chun feidhme.


IARSCRÍBHINN II

RÉIMSE 2 — EACNAMAÍOCHT AIRGEADAIS

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) i réimse na heacnamaíochta airgeadais a earcú, agus é dírithe go háirithe ar an bhfaireachas iltaobhach agus tíre, ar anailís beartas agus ar cheapadh beartas.

Ar na príomhdhualgais tá:

Faireachas agus anailís a dhéanamh ar fheidhmiú mhargaí airgeadais nó dheighleoga margaidh na mBallstát, lena n-áirítear clistí margaidh agus míphraghsáil a d'fhéadfadh a bheith ann a aimsiú.

Anailís agus measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht, ar fheidhmiú agus ar inbhuanaitheacht institiúidí airgeadais agus margaí i mBallstáit, lena n-áirítear na hinstitiúidí a bhfuil clár coigeartaithe eacnamaíoch acu.

Anailís a dhéanamh, bíodh sí teoiriciúil, eimpíreach nó samhailbhunaithe, chun tacú le foirmliú agus measúnú beartas a bhaineann le rialáil margaí airgeadais, institiúidí airgeadais agus bonneagair airgeadais.

Modhanna, uirlisí agus nósanna imeachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil agus léiriú sonraí airgeadais, airgeadaíochta agus eacnamaíocha; áirítear leis sin sonraí i ndáil le hurrúis airgeadais arbh fhéidir go n-úsáidfí ardteicnící cainníochtúla orthu chun measúnú agus luacháil a dhéanamh.

Ionstraimí airgeadais nó gléasanna sainchuspóireacha (amhail scéimeanna ráthaithe ionstraimí fiachais nó ionstraimí comhroinnte riosca) a cheapadh, a chaibidliú agus a chur chun feidhme chun tacú le cur chun feidhme beartas de chuid an AE.

Teagmháil a dhéanamh go rialta le hinstitiúidí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais, le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí eile maidir le faireachas eacnamaíoch a dhéanamh ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear faireachas a dhéanamh faoi chuimsiú clár coigeartaithe eacnamaíoch.

I gcomhthéacs na ndualgas thuasluaite, doiciméid anailíseacha, doiciméid bheartas agus doiciméid dlí a dhréachtú, lena n-úsáid go hinmhéanach agus go seachtrach.

2.   Céim

Oideachas is comhionann le cúrsa ollscoile ceithre bliana ar a laghad san eacnamaíocht nó san airgeadas agus céim bainte amach ag a dheireadh.

Oideachas is comhionann le cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad san eacnamaíocht nó san airgeadas agus céim bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre bliana ar a laghad déanta ina dhiaidh a bhain leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid sin d'aon bhliain amháin de thaithí oibre, agus ní féidir é a áireamh mar chuid den taithí oibre a éilítear thíos.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre sé bliana ar a laghad ar anailís a dhéanamh ar an earnáil airgeadais.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Céim (seachas dochtúireacht) nó cáilíocht sa bhreis ar an oiliúint a éilítear chun cur isteach ar an gcomórtas (atá leagtha síos i bpointe 2 thuas) i gceann de na réimsí seo a leanas: eacnamaíocht airgeadais, eacnamaíocht, airgeadas corparáideach, anailís chainníochtúil, staidreamh, eacnamaíocht fheidhmeach nó airgeadas matamaiticiúil.

2.

Dochtúireacht i gceann de na réimsí seo a leanas: eacnamaíocht airgeadais, eacnamaíocht, airgeadas corparáideach, anailís chainníochtúil, staidreamh, eacnamaíocht fheidhmeach nó airgeadas matamaiticiúil.

3.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in earnáil na baincéireachta agus/nó in institiúidí airgeadais eile.

4.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad i roinn riaracháin phoiblí nó in institiúid idirnáisiúnta atá freagrach as maoirseacht micreastuamachta nó macrastuamachta.

5.

Taithí dhá bhliain ar a laghad i roinn riaracháin phoiblí nó in institiúid idirnáisiúnta ar bheartais chobhsaíochta airgeadais a cheapadh, a riar agus a chur chun feidhme.

6.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí acadúla agus taighde (a bhfuil an t-airgeadas agus an eacnamaíocht ina sainréimsí acu).

7.

Taithí dhá bhliain ar a laghad ar anailís a dhéanamh ar inmharthanacht agus ar fheidhmíocht institiúidí airgeadais.

8.

Foilseacháin in irisí eacnamaíocha piarmheasúnaithe, go háirithe i réimsí na heacnamaíochta airgeadais cainníochtúla, na cobhsaíochta airgeadais agus an airgeadais chorparáidigh.

9.

Taithí ar thuarascálacha teicniúla agus neamhtheicniúla a dhréachtú ar fhorbairtí margaidh airgeadais, ar chobhsaíocht airgeadais agus ar threochtaí in earnáil na baincéireachta.

10.

Táithí dhá bhliain ar a laghad ar eacnaiméadracht fheidhmeach amhail anailís amshraitheanna agus anailís cúlchéimnithe le sonraí painéil.

11.

Taithí ar shamhlacha maicreacnamaíocha (e.g. samhlacha DSGE) a fhorbairt agus/nó a úsáid.

12.

Taithí oibre ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch a cheapadh agus a chur chun feidhme.