ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.C_2013.067.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
7 Márta 2013


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2013/C /01

Tuairim Uimh. 1/2013 maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha (de bhun Airteagal 287 agus Airteagal 322, CFAE)

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 67 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

7.3.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TUAIRIM Uimh. 1/2013

maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha

(de bhun Airteagal 287 agus Airteagal 322, CFAE)

2013/C 67/01

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 287 agus Airteagal 322 de,

Ag féachaint do na tograí ón gCoimisiúin (1),

Ag féachaint do na hiarrataí ó Pharlaimint na hEorpa ar thuairimí, a fuair an Chúirt an 5 Samhain 2012 agus ar an 25 Eanáir 2013,

Ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar thuairim, a fuair an Chúirt an 11 Deireadh Fómhair 2012,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é an cuspóir uileghabhálach atá ag an gCoimisiún infheictheacht, aithint, éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a mhéadú.

(2)

Sa bhliain 2012, fuair 13 pháirtí pholaitiúla agus 12 fhondúireacht pholaitiúla ina iomláine ar an leibhéal Eorpach maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (dá ngairfear “buiséad an AE”) (2). Tá maoiniú á chur ar fáil do pháirtithe polaitiúla ó 2004 (3) i leith agus cuireadh tús leis an maoiniú d’fhondúireachtaí polaitiúla in 2007 (4). Tá na cistí arna riaradh ag Parlaimint na hEorpa.

(3)

Faoi láthair, is é an maoiniú ó bhuiséad an AE go mór fada príomhfhoinse ioncaim na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. I measc na bhfoinsí airgeadais eile a d’fhéadfaí a fháil tá ranníocaíochtaí óna gcomhaltaí, tabhartais, iasachtaí agus tuilleamh ó ghníomhaíochtaí eacnamaíochta.

(4)

Faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair (5), níl stádas reachtach aonfhoirmeach faoi dhlí an AE ag páirtithe polaitiúla ná ag a bhfondúireachtaí cleamhnaithe; tá roinnt foirmeacha dlíthiúla ann, ag brath ar an tír ina bhfuil an páirtí nó an fhondúireacht bunaithe.

(5)

Leis an togra le haghaidh rialacháin maidir le reacht agus maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (dá ngairfear “an dréachtrialachán maidir leis an reacht”), tugtar pearsantacht dhlítheanach do na comhlachtaí Eorpacha seo. Sa todhchaí, is réamhriachtanas a bheidh ann chun cistí a fháil ó bhuiséad an AE é a bheith cláraithe le stádas den sórt sin ag Parlaimint na hEorpa.

(6)

Ina theannta sin, soláthraíonn an dréachtrialachán maidir leis an reacht rialacha i dtaca le rialachas agus daonlathas inmheánach, maoiniú ó bhuiséad an AE, bronntanais agus ranníocaíochtaí, comhshocraíochtaí cuntasaíochta agus smachtaithe agus oibleagáidí tuairiscithe agus pionóis.

(7)

Is é is aidhm don togra lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le páirtithe polaitiúla a mhaoiniú (dá ngairfear “an togra lena leasaítear an Rialachán Airgeadais”) scor de chóras reatha na tacaíochta airgeadais do pháirtithe polaitiúla trí dheontais ó bhuiséad an AE (6). Tá roinnt moltaí le haghaidh athruithe ar an gcóras seo déanta ag Parlaimint na hEorpa (7). Molann an Coimisiún gur cheart go bhfaigheadh páirtithe polaitiúla Eorpacha tacaíocht i bhfoirm “ranníocaíochtaí” amach anseo. Ní bheadh sé ina cheangal a thuilleadh cláir oibre bhliantúla agus buiséid oibríochta mheasta a chur isteach. Bheadh gá ag páirtithe polaitiúla le bonn cirt a thabhairt d’úsáid fhónta cistí Aontais ex post,

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A GHLACADH:

CÚLRA

1.

Ní comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas de réir bhrí Airteagal 287(1) CFAE páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus níl siad, dá bhrí sin, faoi réir iniúchadh na Cúirte (8). A mhéid a fhaigheann siad maoiniú ó bhuiséad an AE, áfach, tá an Chúirt inniúil chun iniúchtaí a dhéanamh atá bunaithe ar an scrúdú ar thaifid agus ar chuairteanna ar an láthair ar a n-áitreabh.

2.

Níl cistí a fhaigheann páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ó fhoinsí seachas buiséad an AE go huathoibríoch faoi réir iniúchadh na Cúirte. Mar gheall ar an idirghníomhú idir maoiniú an AE agus maoiniú ó fhoinsí eile, áfach, d’fhéadfadh go mbeadh ar an gCúirt scrúdú a dhéanamh ar an dara ceann freisin i gcúrsa a cuid oibre iniúchta.

TÁ ROINNT BEARNAÍ SUNTASACHA SA CHREAT DLÍTHIÚIL ATÁ MOLTA

3.

Admhaíonn an Chúirt go dtéitear i ngleic sna moltaí ón gCoimisiún le roinnt easpaí atá sna forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair. Is gá aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna breise, áfach, chun cultúr polaitiúil Eorpach neamhspleáchais, cuntasaíochta agus freagrachta a spreagadh, chun grinnscrúdú a neartú agus chun mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rialacha cistiúcháin a sheachaint.

Tabhartais

4.

Tugann an Chúirt dá haire go bhfuil foclaíocht róchaol ann don sainmhíniú atá molta don fhocal “tabhartas” (9). Mar thoradh air sin, ní chumhdaítear leis gach cineál idirbhirt ar féidir leis buntáistí eacnamaíocha a thabhairt do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, rud a cheadaíonn dóibh dul timpeall ar cheanglais trédhearcachta agus tairseacha uasta (10).

5.

Mar atá sé faoi láthair, ní rialaítear leis an dréachtrialachán maidir leis an reacht tabhartais ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí d’institiúidí an AE nó d’údaráis phoiblí eile a bhfuil baint acu le cistí an AE a bhainistiú.

6.

Leis an dréachtrialachán maidir leis an reacht, rialaítear na tabhartais do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe. Ní mholtar aon rialacha, áfach, maidir le tabhartais d’eintitis a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le páirtithe nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha nó atá ar shlí eile faoina rialú éifeachtach (11).

7.

Leis an dréachtrialachán maidir leis an reacht, ní rialaítear go sonrach tabhartais ó eintitis phríobháideacha (12) atá bunaithe ar thíortha nach Ballstáit iad nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní thoirmisceann sé ach amháin tabhartais ó údaráis phoiblí i dtíortha nach Ballstáit iad agus ó ghnóthais atá faoi smacht na n-údarás poiblí sin (13).

8.

De réir an togra ón gCoimisiún, ní dhéantar tabhartais ó údaráis phoiblí Bhallstáit an AE chuig páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a eisiamh (14). Más gá an rogha sin a choimeád, ba cheart rialacha soiléire a leagan síos chuige sin.

Ranníocaíochtaí

9.

Níl na rialacha maidir le ranníocaíochtaí chuig páirtithe polaitiúla óna mbaill (15) comhsheasmhach go hiomlán leis na prionsabail a bhaineann le tabhartais. Cé go dteorannaítear leis an dréachtrialachán maidir leis an reacht tabhartais go dtí luach 25 000 euro in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra, ní leagtar síos aon uasteorainneacha le haghaidh ranníocaíochtaí indibhidiúla ó bhaill páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla.

Iasachtaí

10.

Ní mholann an Coimisiún aon rialacha maidir le hiasachtaí, lena bhfoinsí, lena dtéarmaí ná lena gcoinníollacha. Gan na forálacha sin, tá an baol ann go rachfaí timpeall ar bhronntanais agus ar ranníocaíochtaí trí iasachtaí a fháil ar théarmaí fíorthairbheacha.

Smachtbhannaí

11.

Ba cheart gur smachtbhannaí a bheadh éifeachtach, comhréireach agus díchomhairleach a bheadh ann mar thoradh ar shárú rialacha. Faoin togra atá molta (16), tá uasmhéid na bhfíneálacha teoranta do 10 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí agus na fondúireachta atá i gceist a chomhfhreagraíonn don bhliain inar forchuireadh an smachtbhanna. Is í an Pharlaimint a chinnfeadh na fíneálacha agus roinnt paraiméadar á gcur san áireamh aici (17). Maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann le bronntanais agus ranníocaíochtaí, molann an Chúirt cur chuige a bhfuil níos lú lánrogha ag baint leis. Ba cheart gurb é a bheadh i méid fíneála iolrú de na méideanna neamhrialta atá i gceist, gan uasteorainn uasta.

12.

Ní sholáthraítear aon phionóis do dhaoine ná do chomhlachtaí a bhfuil íocaíochtaí déanta acu do pháirtí nó d’fhondúireacht. Go deimhin, de réir an dréachtrialacháin maidir leis an reacht, ní mór aon mhéideanna atá íoctha go neamhrialta a thabhairt ar ais do na daoine a rinne na híocaíochtaí sin.

13.

Fáiltíonn an Chúirt go bhforáiltear leis an dréachtrialachán maidir leis an reacht le fíneálacha éigeantacha i gcás ina mbraitheann aon chomhlacht de na comhlachtaí a údaraítear chun iniúchadh a dhéanamh ar thairbhithe maoinithe, nó rialuithe a dhéanamh orthu, míchruinnis sna ráitis airgeadais bhliantúla (18). Molann an Chúirt go mbeadh feidhm freisin ag pionóis riaracháin agus airgeadais éigeantacha i gcás ina gcoisctear Parlaimint na hEorpa nó an Chúirt a bhfeidhmeanna iniúchóireachta a fheidhmiú.

Bronntanais dhíreacha d’iarrthóirí agus d’ionadaithe tofa

14.

Ar deireadh, tugann an Chúirt aird ar an ngá le feidhm a bheith ag rialacha maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla mutatis mutansis le maoiniú feachtais iarrthóirí aonair do na toghcháin Eorpacha nó le hionadaithe tofa. Mhaolódh sé sin an baol go rachfaí timpeall ar na forálacha i ndáil le maoiniú páirtithe polaitiúla trí bhronntanais dhíreacha a thabhairt d’iarrthóirí nó d’ionadaithe tofa.

15.

Ar chúiseanna dlíthiúla, ní bheifear in ann na rialacha sin a chur isteach trí bhíthin togra reachtach ón gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 224 CFAE. Rialaítear saincheisteanna a bhaineann le toghcháin Eorpacha agus le feidhmíocht dhualgais na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa le hAirteagal 223 CFAE. Ar bhonn an Airteagail sin, tá sé de chumhacht ag Parlaimint na hEorpa togra reachtach a tharraingt suas lena ngabhann na forálacha is gá, mar shampla, lena áireamh sa Ghníomh maidir leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (19). Ní fhoráiltear le hAirteagal 4 den Ghníomh seo faoi láthair ach amháin don rogha go bhféadfaidh gach Ballstát uasteorainn a leagan síos do speansais fheachtas na n-iarrthóirí.

BA CHEART NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA DO MHAOINIÚ AE AGUS DO CHOINCHEAPA RÍTHÁBHACHTACHA EILE A SHAINMHÍNIÚ NÍOS MIONSONRAITHE

16.

Le hAirteagal 8 den rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, sainítear cineál chaiteachas na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha a fhéadfar a mhaoiniú ó bhuiséad an AE. Áirítear sa chaiteachas sin “caiteachas riaracháin agus caiteachas a bhaineann le cúnamh teicniúil, cruinnithe, taighde, ócáidí trasteorann, staidéar, faisnéis agus foilseacháin”. Ní áirítear an sainmhíniú sin a thuilleadh sna tograí ón gCoimisiún, cé go gcuirfí ar fáil leis treoir úsáideach do na glaonna ar ranníocaíochtaí atá le heisiúint ag Parlaimint na hEorpa. Níl forálacha chuige sin sa togra lena leasaítear an Rialachán Airgeadais cruinn go leor (20). Ba cheart go ndéanfadh an togra lena leasaítear an Rialachán Airgeadais a shoiléiriú freisin nach nglacfaidh páirtithe polaitiúla a fhaigheann ranníocaíocht ón mbuiséad ginearálta cistí eile ón mbuiséad.

17.

Le hAirteagal 2 den dréachtrialachán maidir leis an reacht, ní sholáthraítear ach líon teoranta sainmhínithe do théarmaí a úsáidtear ar fud an téacs. Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart sainmhínithe breise a áireamh (21) do na téarmaí seo a leanas: “oifigeach údarúcháin”, “buiséad bliantúil” páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla (22), “caiteachas inaisíoctha bliantúil”, “costais incháilithe bhliantúla”, “údaráis náisiúnta inniúla” agus “ranníocaíochtaí” ó chomhaltaí páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla.

TÁ GÁ LE CUNTASACHT LÁIDIR

Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú

18.

Le hAirteagal 19 den dréachtrialachán maidir leis an reacht, éilítear ar pháirtithe polaitiúla agus ar fhondúireachtaí polaitiúla ráitis airgeadais a chur isteach go bliantúil de réir an dlí is infheidhme maidir leis an mBallstát ina bhfuil a suíomh (23). Chun inchomparáideacht agus trédhearcacht a fheabhsú, bheadh sé ní b’inmholta cur i láthair caighdeánaithe cuntas ar bhonn fabhraithe agus oibleagáidí mionsonraithe tuairiscthe, trí shamhail éigeantach a úsáid, samhail a mbeadh feidhm aici do na páirtithe polaitiúla agus do na fondúireachtaí polaitiúla go léir beag beann ar an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh.

19.

Thairis sin, ba cheart a fhoráil le hAirteagal 19 go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa iad siúd atá i gceannas ar iniúchadh seachtrach a roghnú, a shainordú agus a íoc. Chabhródh sé sin chun comhsheasmhacht a áirithiú i bhfeidhmiú na feidhme iniúchóireachta seachtraí agus faireachán ar an ngníomhaíocht sin a éascú (24).

Foráil maidir le cumhachtaí iniúchóireachta na Cúirte

20.

Is ón dlí príomha, go háirithe Airteagal 287 CFAE, a thagann cumhachtaí iniúchóireachta na Cúirte agus ní féidir iad a athrú ná srian a chur leo leis an dlí tánaisteach. Chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na socruithe iniúchóireachta a leagtar síos sa dréachtrialachán maidir leis an reacht gan dochar do na cumhachtaí sin, measann an Chúirt gur cheart go mbeadh tagairt ghinearálta dóibh in Airteagal 20 den dréachtrialachán.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 7 Feabhra 2013.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

An tUachtarán


(1)  An togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (COM(2012) 499 final an 12 Meán Fómhair 2012); agus an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha (COM(2012) 712 final an 29 Samhain 2012).

(2)  Féach Roinn I: Parlaimint/Caiteachas/Airteagal 402 agus Airteagal 403 de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2012 (IO L 56, 29.2.2012, lch. 1).

(3)  De réir sonraí de chuid mhí an Mhárta 2012 a d’fhoilsigh Parlaimint na hEorpa, mhéadaigh ar na méideanna a bronnadh ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha ó 4,65 milliún euro in 2004 go 18,90 milliún euro in 2012.

(4)  Don tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2007 go Lúnasa 2008, bhronn an Coimisiún Eorpach deontais d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faoi scéim phíolótach. De réir sonraí de chuid mhí an Mhárta 2012 a d’fhoilsigh Parlaimint na hEorpa, mhéadaigh ar na méideanna a bronnadh ó 6,69 milliún euro in 2009 go 11,96 milliún euro in 2012.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus na rialacha maidir lena maoiniú (IO L 297, 15.11.2003, lch. 1), arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 1524/2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 5).

(6)  Féach Airteagal 125 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  Féach an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa agus na rialacha maidir lena maoiniú, go háirithe mír 15, mír 16 agus mír 20 (IO C 296E, 2.10.2012, lch. 46).

(8)  Go háirithe, ní tharraingíonn an Chúirt suas tuarascálacha bliantúla sonracha maidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

(9)  Léann Airteagal 2(7) den dréachtrialachán maidir leis an reacht mar a leanas: “[…] ciallaíonn ‘bronntanas’ tairiscintí airgid thirim agus bronntanais eile chomhchineáil (earraí nó seirbhísí) arb ionann iad agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann”.

(10)  Mar shampla, trí na conarthaí seirbhíse a thugtar don eintiteas faoi smacht an pháirtí pholaitiúil, sa chás go bhfuil an méid a íoctar as comhréir leis an tseirbhís a thugtar.

(11)  Mar shampla, institiúidí taighde nó tithe foilseacháin.

(12)  Lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha.

(13)  Féach Airteagal 15(5)(d) den dréachtrialachán maidir leis an reacht.

(14)  Féach Airteagal 15(5) den dréachtrialachán maidir leis an reacht.

(15)  Féach Airteagal 15(7) agus (8) agus Airteagal 24(1)(f) den dréachtrialachán maidir leis an reacht.

(16)  Féach Airteagal 22 den dréachtrialachán maidir leis an reacht.

(17)  Go sonrach, tromaíocht, ré agus atarlú an tsáraithe, an achar ama atá caite, agus méid na faillí nó na hintinne.

(18)  Féach Airteagal 22(2)(c) den dréachtrialachán maidir leis an reacht.

(19)  IO L 278, 8.10.1976, lch. 5.

(20)  Féach Airteagal 204b agus Airteagal 204d den togra lena leasaítear an Rialachán Airgeadais. Le hAirteagal 204b(1) leagtar síos maidir le ranníocaíochtaí “ní úsáidfear iad ach amháin chun céatadán de chostais oibríochta pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bhfuil baint dhíreach acu le cuspóirí na bpáirtithe sin a aisíoc”.

(21)  I gcás inarb iomchuí, trí bhíthin tagairtí do ghníomhartha dlíthiúla ábhartha eile.

(22)  In éagmais sainmhínithe ar “buiséad bliantúil”, bheadh sé dodhéanta seiceáil an bhfuil an riail á comhlíonadh nach foláir nach mó ná 40 % dá mbuiséid bhliantúla ranníocaíochtaí na mball le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

(23)  Tá na ráitis airgeadais bhliantúla le cur isteach chuig Clárlann Pharlaimint na hEorpa agus chuig na húdaráis náisiúnta inniúla sna Ballstáit.

(24)  Tugann an Chúirt dá haire gur eisigh Parlaimint na hEorpa in 2012 glao ar thairiscintí chun an t-iniúchóir seachtrach céanna a roghnú do na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha go léir.