ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2013.029.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
31 Eanáir 2013


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2013/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/248/13 — Riarthóirí (AD 6) in earnáil na tógála

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

27

RO

29

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 29 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

31.1.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/248/13 — Riarthóirí (AD 6) in earnáil na tógála

(2013/C 29 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a chur i dtoll a chéile óna n-earcófar riarthóirí  (1) sna réimsí seo a leanas:

 

RÉIMSE 1: SLÁNDÁIL FOIRGNEAMH

 

RÉIMSE 2: INNEALTÓIREACHT SAINTEICNÍCÍ TÓGÁLA

Is é is cuspóir don chomórtas seo painéil a chur i dtoll a chéile chun poist fholmha sna hinstitiúidí Eorpacha a líonadh, sa Chomhairle, i bParlaimint na hEorpa, sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta go háirithe.

Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

VI.

IONAD MEASÚNAITHE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINNÍ

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo de réir réimse

Réimse 1 = 11

Réimse 2 = 18

2.

Nótaí

Ní féidir ach réimse amháin a roghnú.

Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú tar éis duit d'iarratas a dheimhniú agus a bhailíochtú ar líne.

II.   DUALGAIS

Tá cur síos sna hIarscríbhinní ar na próifílí sonracha atáthar a lorg.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíochtaí

Féach pointe 2 sna hIarscríbhinní.

2.2.

Taithí oibre

Féach pointe 3 sna hIarscríbhinní.

2.3.

Eolas ar theangacha (2)

 

Teanga 1

An Phríomhtheanga:

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de 23 teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

agus

 

Teanga 2

An dara teanga (nach ionann í agus teanga 1):

Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis.

I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Mór-Dhlísheomra) sa chás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá de cheangal ar institiúidí an AE a shonrú cad chuige a bhfuil na teangacha is féidir a roghnú mar dhara teanga sa chomórtas seo teoranta do líon srianta teangacha oifigiúla de chuid an AE.

Dá bhrí sin, cuirtear iarrthóirí ar an eolas leis seo gur leagadh síos na roghanna don dara teanga i gcomhréir le leas na seirbhíse, rud a éilíonn go mbeidh comhghleacaithe nua-earcaithe ábalta feidhmiú ón gcéad lá agus go mbeidh siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh ina gcuid oibre laethúla. Murach sin, bhainfí d'fheidhmiú éifeachtach na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna comórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim thríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Déanfar na trialacha iontrála ar ríomhaire agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an coiste a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhormheasfaidh an t-ábhar iontu ar bhonn mholtaí EPSO.

Beidh na trialacha sin ann má bhíonn líon na n-iarrthóirí cláraithe, i ngach réimse, níos mó ná 1 000. Sa chás sin, cuirfear in iúl duit é trí do chuntas EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit chuig na trialacha má bhíonn d'iarratas bailíochtaithe agat in am (féach Roinn VIII).

Tabhair do d'aire:

1.

má tá d'iarratas bailíochtaithe agat, tá sé dearbhaithe agat go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta agus sonracha atá leagtha síos i Roinn III;

2.

chun na trialacha a dhéanamh, ní mór duit dáta a chur in áirithe; is éigean an dáta sin a chur in áirithe faoi cheann na tréimhse a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcáil: 0–20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcáil: 0–10 bpointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcáil: 0–10 bpointe

 

10 bpointe an pasmharc foriomlán do thrialacha (b) agus (c)

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   Nós imeachta

Déanfar scrúdú i dtús báire ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí de réir na ndearbhuithe san iarratas a chuir tú isteach.

(a)

Próiseálfar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an mbeidh tú ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha uile.

I gcás ina n-eagrófar scrúduithe iontrála roimh ré, scrúdófar na coinníollacha ginearálta agus sonracha, in ord íslitheach na bpointí a fuarthas sna trialacha iontrála, go dtí go mbainfear amach, i ngach réimse, líon 1 000 iarrthóir a:

a fuair na pasmharcanna agus na marcanna is fearr sna trialacha iontrála, agus

a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais.

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear na hiarrthóirí sin uile san áireamh i gcéim an roghnaithe ar bhonn cáilíochtaí. Ní scrúdófar iarratais leictreonacha na n-iarrthóirí a ghnóthaigh marc faoi bhun na tairsí sin.

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí ag a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha a shainaithint (go háirithe cáilíochtaí agus taithí oibre) ó thaobh na ndualgas agus na gcritéar roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna”, agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, agus is próiseas dhá chéim a bheidh ann:

an chéad roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí, déanfar é ar bhonn na bhfreagraí a fuarthas sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) san iarratas agus ar bhonn an ualaithe atá ag gabháil le gach ceann de na ceisteanna sin, agus ar an mbonn sin amháin. De réir na tábhachta a thugtar do gach critéar dá dtagraítear i bpointe 4 na nIarscríbhinní, cinnfidh an bord roghnúcháin an t-ualú sin (1 go dtí 3) roimh dó tosú ar scrúdú na n-iarratas. Ansin, déanfar an dara roghnú ar iarratais ar líne na n-iarrthóirí is mó pointí,

beidh líon na gcomhad a scrúdófar le linn an dara roghnú, i ngach comórtas, cothrom le tuairim is naoi n-uaire líon na ndaoine a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra comórtais seo. Scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh siad marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra. Ansin déanfar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

Tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ansin in ord na marcanna foriomlána. Beidh líon na n-iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh (3) chuig an ionad measúnaithe cothrom le trí huaire, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo i ngach réimse ar leith. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.   Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil

Tar éis thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a fuarthas sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a chuir na hiarrthóirí isteach, agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (4) a rinne iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) san ionad measúnaithe. Ina theannta sin, ní mór do na hiarrthóirí an pasmharc a fháil i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

VI.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh chuig an ionad measúnaithe

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (5)

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sna trialacha iontrála (má eagraíodh iad roimh ré, féach Roinn IV) agus na pasmharcanna sna trialacha sin,

agus

a chomhlíonann coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III, de réir na ndearbhuithe a rinneadh sa chlárú ar líne,

agus

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit trialacha an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh; is gnách go mbíonn na trialacha sin ar siúl sa Bhruiséil ar feadh lá nó dhó.

2.

Ionad measúnaithe (6)

Déanfar measúnú ar thrí ní:

inniúlachtaí réasúnaíochta: trialacha (a), (b) agus (c)

inniúlachtaí sonracha: (d)

inniúlachtaí ginearálta: (e), (f) agus (g)

do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta, mura measadh iad cheana le linn trialacha iontrála a eagraíodh roimh ré, trí bhíthin na dtrialacha seo a leanas:

(a)

triail réasúnaíochta briathartha

(b)

triail réasúnaíochta uimhriúla

(c)

triail réasúnaíochta teibí

do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse i gceist ar an mbealach seo a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar inniúlachtaí an réimse i gceist, ar bhonn na bhfreagraí a thug tú i d'iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

do chuid inniúlachtaí ginearálta (7):

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cumarsáid

Cáilíocht agus torthaí

Foghlaim agus forbairt

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Buanseasmhacht

Obair bhuíne

Cumas ceannaireachta

ar na bealaí seo a leanas:

(e)

cás-staidéar (8)

(f)

gníomhaíocht i ngrúpa

(g)

agallamh struchtúrtha ar na hinniúlachtaí ginearálta

Scrúdófar na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

 

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

 

x

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

 

Buanseasmhacht

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

x

Cumas ceannaireachta

 

x

x

3.

Teangacha an ionaid mheasúnaithe

Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g)

4.

Marcanna agus ualú

Inniúlachtaí réasúnaíochta

(a)

inniúlacht bhriathartha: 0–20 pointe

an pasmharc: 10 bpointe

(b)

inniúlacht uimhriúil: 0–10 bpointe

(c)

inniúlacht theibí: 0–10 bpointe

an pasmharc foriomlán do thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbreora is ea trialacha (a), (b) agus (c); ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha (d)

0–100 pointe

an pasmharc: 50 pointe

ualú: 55 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta ((e), (f) agus (g))

marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta)

an pasmharc:

 

3 phointe in aghaidh na hinniúlachta

agus

 

marc foriomlán 40 pointe do na 8 n-inniúlacht ghinearálta

ualú: 45 % den mharc foriomlán

VII.   PAINÉIL

1.

Iarrthóirí a chur ar na painéil

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal:

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (9) a ghnóthaigh an pasmharc agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) an ionaid mheasúnaithe (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I.1)

agus más rud é, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha iontrála go léir.

2.

Aicmiú

Tiomsófar na liostaí de réir réimse agus in ord aibítre.

VIII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárú go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 5 Márta 2013 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

2.

An comhad iarratais

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a bhreith leat (10) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chuig an ionad measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) — an leibhéal is gá: teanga 1 = C1, teanga 2 = B2

(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).

(3)  Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chuig an ionad measúnaithe, gheobhaidh siad torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(4)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula gcuirfear an painéal i dtoll a chéile (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).

(5)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chuig an ionad measúnaithe.

(6)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh na trialacha réasúnaíochta agus an cás-staidéar (atá ina chuid dhílis den ionad measúnaithe) bheith ar siúl in ionaid trialacha sna Ballstáit agus/nó sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.

(7)  Tá sainmhíniú ar na hinniúlachtaí seo i bpointe 1.2 de na treoracha do chomórtais oscailte.

(8)  Déanfaidh an bord roghnúcháin a mbeidh sna nithe seo a bhailíochtú.

(9)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.

(10)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.


IARSCRÍBHINN 1

RÉIMSE 1 — SLÁNDÁIL FOIRGNEAMH

1.   Dualgais

Tá seirbhísí slándála na n-institiúidí ar lorg oifigeach arb iad a bpríomhdhualgais, ar thaobh amháin, a chinntiú go mbeidh daoine agus earraí maille le faisnéis íogair agus rún-aicmithe slán sábháilte, agus, ar an taobh eile, sonraíochtaí teicniúla a shocrú i réimse na hinnealtóireachta slándála le haghaidh tionscadail tógála foirgnimh ar mórscála maille le faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí slándála go dtí go nglactar iad.

Seo roinnt samplaí de na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith le déanamh:

Cúraimí ginearálta

páirt a ghlacadh i gceapadh agus i bhforbairt beartas slándála agus na treoirlínte is gá chun iad a chur i bhfeidhm,

anailís a dhéanamh ar na rioscaí slándála uile a bhaineann le leas agus le gníomhaíochtaí na n-institiúidí,

sonraíochtaí teicniúla nó nósanna imeachta eagrúcháin/oibriúcháin a ullmhú i bhfianaise measúnuithe bagartha/anailísí riosca agus iad a chur i bhfeidhm,

cur i bhfeidhm agus faireachán beartas agus treoirlínte i réimse na slándala a chomhordú,

doiciméid a bhaineann le cúrsaí slándála a dhréachtú,

seiceáil agus measúnú ar chúinsí slándála a bhaineann le leas na n-institiúidí a chomhordú,

bheith i gcaidreamh le teagmhálaithe inmheánacha agus seachtracha.

Cúraimí sonracha

cur i bhfeidhm na mbeart is gá chun dul i ngleic leis na rioscaí agus leis na bagairtí i réimsí a bhaineann leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht sna hinstitiúdí Eorpacha a chomhordú,

íoschaighdeáin slándála a cheapadh agus a fhorbairt,

gníomhaíochtaí innealtóireachta slándála agus innealtóireachta lóistíochta a bhainistiú agus a chomhordú agus a n-oibríocht a stiúradh,

monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm córas agus táirgí agus frithbheart tionlacain sa réimse i gceist,

anailís agus measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis arna bhailiú chun críocha slándála,

moltaí a ullmhú don Údarás Creidiúnaithe agus Slándála (SAA) chun na Córais Faisnéise agus Chumarsáide (SIC) rúnaicmithe a chreidiúnú.

Gnéithe an phoist

Dualgais lasmuigh d'uaireanta oifige de réir riachtanais shonracha na n-institiúidí éagsúla.

Glaodhualgas ina chuid den phost.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh san innealtóireacht nó i réimse atá ábhartha do na dualgais i gceist, mar shampla sa choireolaíocht.

Oiliúint ghairmiúil chomhionann a bhfuil céim nó teastas bainte amach ag a dheireadh a bhronn institiúid oideachais tríú leibhéal i réimse atá ábhartha do na dualgais nó institiúid amhail acadamh oifigeach póilíní, acadamh míleata nó scoil faisnéise.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse na slándála a bhaineann leis na dualgais i gceist.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnaithe

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Taithí oibre ar bhainistiú gníomhaíochtaí ball foirne slándála/gardaí slándála.

2.

Taithí oibre in eagraíochtaí rialtais (e.g. póilíneacht, seirbhísí míleata, seirbhísí slándála), a mbaineann a misean le réimsí na slándála, na cosanta nó bainistiú géarchéimeanna sibhialta.

3.

Taithí oibre san earnáil phríobháideach a mbaineann a misean le réimsí na slándála, na cosanta nó bainistiú géarchéimeanna sibhialta.

4.

Taithí oibre in eagraíochtaí idirnáisiúnta a mbaineann a misean le réimsí na slándála, na cosanta nó bainistiú géarchéimeanna sibhialta.

5.

Taithí oibre i réimse na slándála ginearálta.

6.

Taithí oibre a bhaineann le sábháilteacht daoine mór le rá.

7.

Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar thógáil, go háirithe i réimse na bhfeisteas slándála agus sábháilteachta.

8.

Taithí oibre ar bhainistiú margaí poiblí i réimse na slándála.

9.

Taithí oibre ar cheapadh agus ar shaothrú córas casta teicniúil slándála a bhaineann le heolas ar bhainistiú slándála foirgneamh agus ar chosaint daoine agus earraí.

10.

Taithí oibre ar anailís a dhéanamh ar rioscaí i réimse na slándála.

11.

Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla nó nósanna imeachta eagrúcháin/oibriúcháin a ullmhú i bhfianaise measúnuithe bagartha/anailísí riosca agus ar a gcur i bhfeidhm.

12.

Taithí oibre ar dhréachtú doiciméad teicniúil i réimse na slándála.

13.

Taithí oibre ar mholtaí a dhréachtú don Údarás Creidiúnaithe agus Slándála (SAA) chun Córais Faisnéise agus Chumarsáide (SIC) rúnaicmithe a chreidiúnu.


IARSCRÍBHINN 2

RÉIMSE 2 — INNEALTÓIREACHT SAINTEICNÍCÍ TÓGÁLA

1.   Dualgais

Tá na hinstitiúidí ar lorg innealtóirí a bhainisteoidh a gcuid foirgneamh agus a dtionscadal tógála. Iarrfar orthu obair choinceapúil, bainistiú teicniúil, anailís agus maoirseacht theicniúil agus riaracháin a dhéanamh i réimse na ngléasraí teicniúla.

Chun na cúraimí sin a dhéanamh, is gá, inter alia, acmhainní maidir le heagarthóireacht, anailís, maoirseacht theicniúil agus bainistíocht riarthach agus eolas sármhaith ar bhogearraí uathoibrithe oifige, pleanála agus/nó deartha ríomhchuidithe (CAO).

Seo roinnt samplaí de na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith le déanamh:

láimhseáil, rialú agus cothabháil cheartaitheach, choisctheach a dhéanamh ar shuiteálacha teicniúla,

tionscadail suiteála a cheapadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus/nó na gléasraí teicniúla a bharrfheabhsú,

staidéir indéantachta a dhéanamh maidir le hoibreacha innealtóireachta, feabhsaithe nó próiseála a iarrtar,

sonraíochtaí teicniúla a ullmhú agus páirt a ghlacadh in imeachtaí margaidh phoiblí,

oibreacha a stiúradh agus a chomhordú, tuarascálacha glactha a dhréachtú, agus comhordú ceisteanna slándála/sláinte,

conarthaí arna dtabhairt i gcrích le cuideachtaí/páirtnéirí seachtracha a chláreagrú agus a bhainistiú,

ábhar nó trealamh a bhaineann go sonrach le foirgnimh agus lena bhfeistiú nó lena n-úsáid a cheannach,

bearta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun folláine agus compord úsáideoirí a fheabhsú,

bearta a chur ar bun chun feidhmíochtaí fuinnimh agus comhshaoil foirgneamh a fheabhsú i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe,

pleanáil gníomhaíochtaí a ullmhú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi mar chuid den chlár oibre bliantúil,

comhairle a thabhairt agus anailís a dhéanamh maidir le próiseáil cásanna teicniúla casta,

cuidiú a thabhairt nósanna imeachta sa réimse ábhartha gníomhaíochta a shimpliú,

maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí leantacha maidir le tuarascálacha seirbhísí seachtracha seiceála teicniúla,

obair foirne inmheánacha (seirbhísí d'úsáideoirí, páirtithe leasmhara, comhaltaí foirne etc.) agus seachtracha (comhordaitheoir slándála agus sláinte, oifigí staidéar, údaráis, eagraíochtaí rialaithe, etc.),

bearta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun foirgnimh agus na gléasraí iontu a thabhairt chun comhréireachta agus/nó chun an leibhéil theicniúil iomchuí.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus céim san innealtóireacht a bhaineann leis an réimse i gceist bainte amach ag a dheireadh.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre trí bliana ar a laghad a bhaineann leis na dualgais i gceist.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnaithe

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Taithí oibre ar staidéir theicniúla a dhréachtú le haghaidh tionscadal tógála ar mó ná EUR 500 000 a mbuiséad le haghaidh gléasraí teicniúla.

2.

Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar shuímh thógála le haghaidh tionscadal tógála ar mó ná EUR 500 000 a mbuiséad le haghaidh gléasraí teicniúla.

3.

Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla a dhréachtú, comhairliúcháin mhargaidh a dhéanamh agus conarthaí a dhréachtú a bhaineann le tionscadail tógála ar mó ná EUR 500 000 a mbuiséad le haghaidh gléasraí teicniúla.

4.

Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla a dhréachtú, comhairliúcháin mhargaidh a dhéanamh agus conarthaí a dhréachtú a bhaineann le hoibriú agus cothabháil gléasraí teicniúla soláthair foirgneamh ar 50 000 m2 ar a laghad a spás urláir os cionn talún.

5.

Taithí oibre ar oibriú agus cothabháil gléasraí teicniúla soláthair foirgneamh, ar 50 000 m2 ar a laghad a spás urláir os cionn talún, a cheapadh.

6.

Taithí oibre ar oibriú agus cothabháil gléasraí teicniúla soláthair foirgneamh, ar 50 000 m2 ar a laghad a spás urláir os cionn talún, a bhainistiú.

7.

Taithí oibre ar obair a chomhordú a bhaineann le cothabháil (ábhair nó trealamh a bhaineann go sonrach leis na foirgnimh agus lena bhfeistiú nó a n-úsáid a cheannach).

8.

Taithí oibre ar chomhordú a dhéanamh ar obair foirne inmheánacha (seirbhísí d'úsáideoirí, geallsealbhóirí, baill foirne etc.) agus foirne seachtracha (comhordaitheoirí slándála agus sláinte, gnólachtaí comhairleachta, údaráis, comhaltaí rialaithe etc.).

9.

Taithí oibre ar phleanáil theicniúil (Gantt, Pert, MS-Project, etc.) a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.

10.

Taithí oibre ar chothabháil foirgneamh (Córais Ríomhairithe Bhainistithe Cothabhála, comhaontú ar leibhéal na seirbhíse, gearáin a láimhseáil etc.) a phleanáil agus ar mhonatóireacht a dhéanamh uirthi.

11.

Taithí oibre ar bhearta a cheapadh chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú.

12.

Taithí oibre ar bhearta a cheapadh agus a chur chun feidhme chun folláine agus compord na n-úsáideoirí a fheabhsú.

13.

Taithí oibre ar bhearta a cheapadh agus a chur chun feidhme féachaint foirgnimh agus na gléasraí iontu a chur i gcomhréir leis na rialacha nó a uasghrádú go teicniúil.