ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.C_2012.393.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

55
19 Nollaig 2012


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2012/C /01

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an litearthacht

1

2012/C /02

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le hoideachas agus oiliúint san Eoraip 2020 — an méid a chuireann oideachas agus oiliúint le téarnamh eacnamaíoch, leis an bhfás agus le poist

5

2012/C /03

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le Rialachas Cultúir

8

2012/C /04

Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí

11

2012/C /05

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le rannpháirtíocht agus cuimsiú sóisialta daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo

15

2012/C /06

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le ceapadh bheartas spóirt ar bhonn fianaise a neartú

20

2012/C /07

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn (GFC)

22

 


 

(1)   Faoin tagairt C 393 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an litearthacht

2012/C 393/01

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT DON MÉID SEO THÍOS:

1.

Na Conclúidí ón gComhairle den 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ("ET 2020") (1), inar leagadh amach mar chuspóir go ndéanfaí cion na n-ísealghnóthachtálaithe a laghdú sna bunscileanna (bunlitearthacht, matamaitic agus an eolaíocht) go dtí 15% faoin mbliain 2020.

2.

An Rún ón gComhairle den 20 Nollaig 2011 maidir le clár oibre Eorpach athnuaite don fhoghlaim aosach (2), arb é is aidhm dó go gcuirfí feabhas ar an litearthacht agus an uimhearthacht aosach agus go ndéanfaí soláthar na foghlama a leathnú d'Eorpaigh atá ar ghannchuid oiliúna.

AGUS AG MEABHRÚ DI GO hÁIRITHE:

Na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2010 maidir le leibhéal na mbunscileanna a ardú i gcomhthéacs an chomhair Eorpaigh i ndáil le scoileanna don 21ú haois (3), lenar athdhearbhaíodh tiomantas na mBallstát, i gcomhthéacs a n-iarrachtaí athbhreithnithe, aghaidh a thabhairt ar cheapadh curaclaim agus ar chur chun cinn na litearthachta i gach réimse den churaclam, ar gach leibhéal den chóras oideachais; chun an léitheoireacht a spreagadh, go háirithe i measc buachaillí; chun an tionchar atá ag teicneolaíochtaí nua ar léitheoireacht leanaí a scrúdú chun go bhféadfar leas a bhaint as teicneolaíochtaí mar sin le haghaidh cineálacha nua foghlama; chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh siúd atá ag streachailt leis an léitheoireacht agus dóibh siúd ar de bhunadh na himirce iad; chun oiliúint na múinteoirí a neartú i ndáil le sealbhú na bunlitearthachta, agus chun éiteas na scoileanna a láidriú.

AGUS AN LITEARTHACHT Á SAINIÚ ACU:

Sa chaoi go n-áirítear inniúlachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta araon léi chun cineálacha éagsúla faisnéise a thuiscint, a úsáid agus a mheasúnú go grinn, téacsanna agus íomhanna scríofa, clóite agus leictreonacha san áireamh, lena gcumhdaítear litearthacht bhonnlíne, litearthacht fheidhmiúil agus an il-litearthacht (4).

AG FÁILTIÚ ROIMH:

An tuarascáil ó Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil an AE maidir leis an litearthacht (5), ina leagtar amach an phríomhfhianaise i leith staid na litearthachta san AE agus lena n-iarrtar go ndéanfaí gníomh chun feabhas a chur ar na leibhéil litearthachta ar fud an Aontais.

AGUS I bhFIANAISE AN MÉID SEO A LEANAS:

Comhdháil na hUachtaránachta dar teideal "Litearthacht do chách" a tionóladh san Niocóis an 5-6 Meán-Fómhair 2012, áit ar cuireadh tuarascáil an Ghrúpa Ardleibhéil i láthair den chéad uair,

agus an cruinniú neamhfhoirmiúil aireachta a tionóladh san Niocóis an 4-5 Deireadh-Fómhair 2012, inar phléigh Airí Oideachais an AE ceisteanna litearthachta.

AG TABHAIRT DÁ hAIRE:

1.

Gur inniúlacht fhíorthábhachtach saoil í an litearthacht, lena dtugtar de chumhacht don saoránach aonair acmhainní a fhorbairt don mharana, don chur in iúl ó bhéal, don smaointeoireacht chriticiúil agus don ionbhá, agus lena dtreisítear an fhorbairt phearsanta, an fhéinmhuinín, braistint na féiniúlachta agus rannpháirteachas iomlán an duine sa tsochaí dhigiteach agus eolais.

2.

Le leibhéil ísle litearthachta, cuirtear srian ar an bhfás eacnamaíoch agus íslítear inbhuanaitheacht an fháis sin. D'fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha suntasacha a bheith i gceist do na mBallstát dá mbainfí amach sprioc an AE i leith líon an aoisghrúpa 15 bliana déag a bhfuil ísealchaighdeán léitheoireachta acu a laghdú faoi bhonn 15%.

3.

Níl aon bhogadh ag teacht faoi leibhéil na litearthachta i mbunáite thíortha na hEorpa agus ní lú ná 1.1 milliún líon na n-ógánach 15 d'aois (i.e. ceann as gach cúigear) a bhfuil caighdeán neamhdhóthanach litearthachta acu (6).

4.

Is í an litearthacht an doras trína mbogtar ar aghaidh chun gach saghas foghlama eile. Má thugtar aghaidh ar na híseal-leibhéil litearthachta, is bealach éifeachtach é sin chun dul i ngleic le bunchúiseanna luathfhágáil na scoile, na dífhostaíochta agus an rannpháirteachais theoranta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil i measc iad siúd atá ar bheagán oiliúna.

5.

Le méadú leanúnach an digitiú, éilítear caighdeáin níos airde litearthachta, lena n-áirítear an cumas téacsanna a mheas go grinn, bheith in ann déileáil le hilfhoirmeacha téacsanna, bheith in ann íomhánna a dhíchódú, agus bheith in ann blúiríní díchosúla faisnéise a chur i gcomparáid agus a chomhtháthú lena chéile. Chomh maith leis sin, le líonraí na meán sóisialta, is tábhachtaí agus is lárnaí ná riamh inniúlachtaí scríbhneoireachta.

6.

Tá bearna shuntasach i ngach tír Eorpach ó thaobh torthaí na foghlama de idir na daltaí atá faoi bhuntáiste agus faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. I neart tíortha de chuid an AE, tá daltaí sa cheathairíl is ísle stádais shóisialta níos mó ná dhá bhliain nó fiú trí bliana chun cúil ar mhicléinn ón gceathairíl is airde, agus i roinnt tíortha tá claonadh ann na micléinn faoi mhíbhuntáiste a fheiceáil mar dhream atá neamhliteartha i dtéarmaí feidhmiúla faoin am a mbíonn 15 d'aois slánaithe acu.

7.

Tá bearna shuntasach, agus í ag leathadh léi i gcónaí, idir fheidhmíocht na mbuachaillí agus na gcailíní sa léitheoireacht, í á tomhas ag 15 bliana d'aois, ar ionann an bhearna sin agus timpeall bliain iomlán amháin, agus fadhbanna leis an spreagadh is mó is cúis léi.

8.

Sa ghairmoideachas agus san oiliúint, ní chuirtear go leor tacaíochta ar fáil i gcásanna áirithe chun feabhas a chur ar bhunscileanna agus chun tábhacht na litearthachta a thuiscint i ndáil le scileanna oibre.

AONTAÍONN SÍ MAR SEO A LEANAS:

1.

Nach saincheist oideachais amháin í an litearthacht, is saincheist phearsanta, eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta í chomh maith. Dá réir sin, agus ar mhaithe le cur leis an rannpháirteachas, ní mór go mbeadh réimse gníomhaithe sa tsochaí - lena n-áirítear gnólachtaí, an meáin, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENR), na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí na foghlama neamhfhoirimiúla, institiúidí cultúrtha, chomh maith leis an seirbhísí sóisialta, fostaíochta agus sláinte ar an leibhéal áitiúil - rannpháirteach in aon tionscnaimh a dhéanfar chun feabhas a chur ar an litearthacht.

2.

Chun timpeallacht liteartha a chruthú ar mhaithe leis an léitheoireacht a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht litearthachta, caithfear éagsúlacht bhreise ábhar léitheoireachta a chur ar fáil sna scoileanna, i leabharlanna agus i lárionaid meán, agus in áiteanna neamhghnácha freisin, chomh maith leis an mbaile, agus éilítear níos tacaíochta breise do theaghlaigh ó aois an-óg ar aghaidh. Caithfear cur le feasacht na dtuismitheoirí i ndáil leis an gceist seo agus i ndáil leis an ról fíorthábhachtach is féidir leo a imirt chun feabhas a chur ar scileanna litearthachta a bpáistí agus chun tacú leis an spreagadh agus lena mbaint leis an léitheoireacht, sna luathbhlianta fáis agus trí bhlianta uile scolaíochta an pháiste.

3.

Is den phráinn é go gcuirfí le héifeachtacht na mbeart a dhéantar sna Ballstáit ar leibhéal an AE chun feabhas a chur ar litearthacht i measc na bpáistí agus i measc na ndaoine fásta, go háirithe i measc iad siúd ar de bhunadh dreama iad atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Tá fianaise ann a léiríonn go bhfuil cláir litearthachta teaghlach cost-éifeachtúil agus éifeachtach.

4.

Tá rannpháirtíocht san oideachas agus cúram ardchaighdeáin luath-óige lena soláthraítear forbairt teanga agus spreagadh spraoi-bhunaithe, faoi bhainisitiú foireann cáilithe ríthábhachtach chun na bearnaí socheacnamaíocha a laghdú agus chun bonn daingean a thabhairt do pháistí óga chun go n-éireodh leo ina saoil.

5.

Ba cheart go mbeadh na hinniúlachtaí riachtanacha ag foirne an oideachais agus an chúraim luath-óige agus ag na múinteoir bunscoile chun deacrachtaí teanga agus foghlama a bhrath agus chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin ag luathchéim.

6.

Ní mór inniúlachtaí oideolaíocha múinteoirí bunscoile i ndáil le teagasc na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta a neartú, nuair is iomchuí, cuir i gcás san úsáid oideolaíoch a bhaintear as TFC.

7.

Níor tháinig na córais oideachais i dtír i gceart fós ar thionchar na nuatheicneolaíochtaí ó thaobh na litearthachta de. Má dhéantar na hábhair agus na modhanna foghlama a athbhreithniú i bhfianaise méadú leanúnach an digitiú, agus má thacaítear le múinteoirí chun modhanna oideolaíocha nua a úsáid, féadfar spreagadh na bhfoghlaimeoirí a threisiú.

8.

Ba cheart páistí imirceacha nuathagtha a mheasúnú i dteanga(cha) na tíre ina bhfuil cónaí orthu agus tacaíocht níos indibhidiúlaithe a thabhairt dóibh. D'fhéadfaí tacaíocht a chur ar fáil ina dteanga féin freisin, i gcás ina meastar arb iomchuí, agus de réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil.

9.

Ba cheart curaclam a bheadh níos comhleanúnaí a bhunú, lena ndéanfaí an litearthacht a phríomhshruthú i ngach gné de churaclam na scoile, agus curaclam a fhorbairt don litearthacht aosach, agus ba cheart tacú leis an méid sin trí chaighdeáin agus uirlisí measúnacháin aois-bhunaithe agus trí dhearbhú éifeachtach cáilíochta.

10.

Ba cheart le faireachán ar leibhéil scileanna an daonra fásta agus le rannpháirtíocht gnólachtaí, na meán, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, na comhpháirtithe sóisialta, na n-institiúidí cultúrtha, agus na seirbhísí sóisialta, fostaíochta agus sláinte ar an leibhéal áitiúil, go gcuirfear bonn ar fáil do straitéisí lena ndírítear ar an tuiscint ar fhadhbanna litearthachta sa tsochaí ina hiomláine a ardú.

11.

Ní mór oiliúint oideolaíoch shaincheaptha a chur ar mhúinteoirí na litearthachta aosaí chun an soláthar litearthachta aosaí a éagsúlú agus a fheabhsú; ní mór freisin curaclam ina mbeadh scileanna obair-ábhartha agus é á thacú le hábhair iomchuí; gur den fhad agus den dhéine ceart iad na cúrsaí; go dtacófaí trí mheán na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus go n-úsáidfí iad sna modhanna measúnachta freisin.

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT:

1.

Bonn éifeachtach fianaise a áirithiú trí fhaireachán agus trí bhailiú sonraí, agus an leas is fearr á bhaint as na hacmhainní atá ann cheana, amhail suirbhéanna PISA agus PIAAC (An Clár um Measúnú Idirnáisúnta ar Inniúlachtaí an Duine Fásta).

2.

Cur chuige a fhorbairt lena gcuirtear feabhas ar litearthacht ina mbeadh rannchuidiú sonrach ó na gníomhaithe, na heagraíochtaí agus na húdaráis ábhartha ar fad, idir oideachasúil agus neamhoideachasúil, mar chuid de straitéisí níos leithne i dtaobh scileanna; agus i gcás inarb ábhartha, comhordú a neart i ndáil leis na tionscnaimh litearthachta idir na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, na comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na múinteoirí, na dtuismitheoirí agus na bhfoghlaimeoirí scothaosta.

3.

Bearta leathan-bhunaithe ardaithe feasachta a spreagadh chun ceist na litearthachta a choinneáil i mbéal an phobail agus chun geis na lagscileanna litearthachta a bhriseadh, is cuma cén aois a bheidh i gceist. Go háirithe, d'fhéadfaí cur le feasacht na bhfostóirí i dtaobh na dtairbhí eacnamaíocha agus spreagtha a bhaineann le feabhas a chur ar scileanna litearthachta a gcuid fostaithe, agus d'fhéadfaí iad a spreagadh an ghníomhaíocht chuí a dhéanamh.

4.

Forbairt agus cur chun feidhme chláir litearthachta teaghlach a chur chun cinn, go háirithe i gcás na dteaghlach sin atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, chun tacú le tuismitheoirí agus le baill eile teaghlaigh feabhas a chur ar a scileanna litearthachta féin agus ar scileanna litearthachta a bpáistí.

5.

Rochtain ghinearálta fhéaráilte a chur chun cinn ar oideachas agus ar chúram ardchaighdeáin na luath-óige mar chuidiú riachtanach chun na bearnaí socheacnamaíocha a dhúnadh.

6.

Ábhair agus modhanna foghlama a choimeád faoi léirbhreithniú i bhfianaise méadú leanúnach an digitiú, chun tacú le spreagadh na bhfoghlaimeoirí, agus úsáid bhreise a bhaint as acmhainní neamhfhoirmiúla foghlama. Forbairt bogearraí do na scoileanna a chur chun cinn, chun cabhrú le múinteoirí agus iad ag ceapadh modhanna nua chun feabhas a chur ar an litearthacht.

7.

Spreagadh a thabhairt d'fhorbairt na dtreoirlínte soiléire i ndáil leis na hinniúlachtaí a theastaíonn ó mhúinteoirí chun léamh agus scríobh a mhúineadh, sna scoileanna agus d'fhoghlaimeoirí fásta araon, agus cur chuige teagaisc indibhidiúlaithe mar fhreagairt ar riachtanais shonracha a chur chun cinn.

8.

Feasacht agus eolas ar bhunphrionsabail theoiriciúla foghlama agus múinte na litearthachta a ardú i measc na múinteoirí, ionas go mbeidh siad in ann deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta a ndaltaí a bhrath agus in ann déileáil leis na deacrachtaí sin; agus comhairle ó shaineolaithe a chur chun cinn, agus, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht ó shainmhúinteoirí.

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN:

1.

Tuarascáil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá déanta acu chun feabhas a chur ar na leibhéil litearthachta a bhaineann le gach aois, agus más féidir, ar an tionchar a bheidh ag an gníomhaíochtaí sin sa chéad Tuarascáil Chomhpháirteach eile ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an chreata straitéisigh don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint ("ET2020") in 2015.

2.

Gníomhaíochtaí ábhartha uile chlár reatha na Foghlama ar feadh an tSaoil agus an chláir oideachais agus oiliúna de chuid an AE atá ar na bacáin a úsáid, chomh maith le hacmhainní Chiste Sóisialta na hEorpa, chun tacú le modhanna nuálacha i ndáil le feabhas a chur ar an litearthacht ar fud an AE agus chun iad a scaipeadh, agus chun cur le bonn na fianaise don cheapadh beartais amach anseo. Gan dochar don toradh a bheidh ar an idirbheartaíocht maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí níos straitéisí agus níos trasearnála i ndáil leis an litearthacht faoin gclár oideachais agus oiliúna de chuid an AE atá ar na bacáin le go spreagfar an nuáil agus le gur éifeachtaí na birt.

3.

A áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go gclúdófar ceisteanna litearthachta ar bhealach leordhóthanach sa phróiseas Eoraip 2020.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN:

1.

Tacú leis an gcomhar Eorpach i gceisteanna na litearthachta, go háirithe trí líonra Eorpach d'eagraíochtaí a bhunú atá ag gníomhú sa réimse sin sna Ballstáit, lena gcuirfí chun cinn an comhar trasnáisiúnta agus lena dtacófaí le forbairt na mbeartas náisiúnta litearthachta; agus seachtain a éagrú, i gcomhar leis na Ballstáit leasmhara, faoin teideal Is breá leis an Eoraip bheith ag léamh a mbeadh sé d'aidhm aige feasacht an phobail a ardú i leith ceisteanna litearthachta ar fud an AE.

2.

Tuarascáil a chur i láthair in 2013 faoi chomhar beartais i ndáil le bunscileanna, lena leagfaí amach beartais éifeachtacha chun cion na n-ísealghnóthachtálaithe a laghdú sa litearthacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht síos trí speictream uile na foghlama ar feadh an tsaoil agus béim á leagan ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireacht agus ar inniúlachtaí araon.

3.

A áirithiú go dtugfar aghaidh, go hiomlán, le tionscnaimh an Choimisiúin i réimse TFC san oideachas agus i ndáil leis an óige, ar dhúshláin agus ar dheiseanna an digitiú agus na nuatheicneolaíochtaí maidir leis an litearthacht.

4.

Cabhrú le sainiú, anailís agus comhroinnt na ndea-chleachtas maidir le tionscnaimh beartais i ndáil le feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht sa litearthacht trí gach meán iomchuí atá ar fáil, lena n-áirítear na hionstraimí atá ann faoi mhodh oscailte an chomhordaithe agus an leathanach nua litearthachta ar láithreán Gréasáin Europa.

5.

An tréimhseachán Education and Training Monitor a úsáid chun sonraí inchomparáide agus anailís a fháil i leith an dul chun cinn maidir leis an tagarmharc "ET 2020" do bhunscileanna agus chun cur le bonn na fianaise don cheapadh beartais don litearthacht.

6.

An creat nua comhair leis an ECFE (7) a úsáid i réimse an oideachais chun an faireachán náisiúnta agus an bailiú sonraí a threisiú.


(1)  IO C 119, 28.5.2009, lch. 2.

(2)  IO C 372, 20.12.2011, lch. 1.

(3)  IO C 323, 30.11.2010, lch. 11.

(4)  : An t-eolas ar litreacha, focail agus struchtúir téacs is gá chun léamh agus scríobh ar leibhéal lena bhféadtar muinín agus spreagadh a fháil chun leanúint ar aghaidh.

: Bheith in ann léamh agus scríobh ar leibhéal lena bhféadtar forbairt agus feidhmiú sa tsochaí, sa bhaile, ar scoil agus ag an obair.

: Bheith in ann scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a úsáid chun faisnéis scríofa a tháirgeadh, a thuiscint, a léirthuiscint agus a mheas go grinn. Is bonn í don rannpháirteachas digiteach agus le bheith in ann roghanna eolasacha a dhéanamh i ndáil le airgead, sláinte, etc.

(5)  http://ec.europa.eu/education/literacy/what-eu/high-level-group/documents/literacy-final-report_en.pdf

(6)  Chun críche an téacs seo, ciallaíonn leibhéil neamhdhóthanacha litearthachta scileanna léitheoireachta ar leibhéal 1 nó níos ísle sa Chlár Idirnáisúnta um Measúnú Daltaí (PISA) atá cothrom leis an gcumas na scileanna léitheoireachta is bunúsaí a úsáid amhail focail a dhíchódú agus abairtí simplí a scríobh. Níl sé ar chumas na ndaltaí atá ar an leibhéal seo faisnéis a cur i gcomparáid lena chéile, a chur i gcodarsnacht lena chéile, a chatagóiriú, a chomhtháthú nó a mheasúnú, níl sé ar a gcumas déileáil le téacsanna fada, casta, iomaíocha nó aduaine agus níl sé ar a gcumas tátail nó hipitéisí a dhéanamh, nó breathnú go grinn ar théacs.

(7)  Ba cheart a áirithiú go mbeadh sé de cheart ag gach Ballstát bheith rannpháirteach in obair na heagraíochta sin.


19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/5


Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le hoideachas agus oiliúint san Eoraip 2020 — an méid a chuireann oideachas agus oiliúint le téarnamh eacnamaíoch, leis an bhfás agus le poist

2012/C 393/02

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

I bhFIANAISE AN MÉID SEO A LEANAS:

Airteagal 165 agus Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

An Straitéis Eoraip 2020, agus go háirithe an Suirbhé Bliantúil Fáis 2012 agus Moltaí 2012 a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith;

Na Conclúidí ón gComhairle an 12 Bealtaine 2009 lena mbunaítear creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint don tréimhse suas go 2020 (“ET2020”) (1), arb é is príomhaidhm dó tacú le córais oideachais agus oiliúna sna Ballstáit a fhorbairt tuilleadh, ar córais iad arb é an cuspóir atá leo lánsástacht phearsanta, shóisialta, ghairmiúil na saoránach uile a áirithiú, mar aon le rathúnas eacnamaíoch inbhuanaithe agus infhostaitheacht, agus luachanna daonlathacha, comhtháthú sóisialta, saoránachas gníomhach agus idirphlé idirchultúrtha á gcur chun cinn ag an am céanna;

Na Conclúidí ón gComhairle an 14 Feabhra 2011 maidir leis an ról atá ag oideachas agus oiliúint i gcur chun feidhme na Straitéise Eoraip 2020 (2).

AG FÉACHAINT DON MÉID SEO A LEANAS:

Tuarascáil Chomhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Straitéiseach um chomhar Eorpach in oideachas agus in oiliúint (ET 2020) a chur i bhfeidhm, (3) ar tuarascáil í ina leagtar amach na céimeanna chun neart a chur le rialachas “ET 2020” agus chun an próiseas “ET2020” a úsáid chun tacú le cuspóirí Eoraip 2020 maidir le fás agus poist.

AGUS I bhFIANAISE AN MÉID SEO A LEANAS:

1.

An díospóireacht a tionóladh le linn chruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí oideachais an 4-5 Deireadh Fómhair 2012 sa Niocóise maidir leis an oideachas agus Eoraip 2020

2.

An t-athbhreithnú píolótach piaraí ar fhreagairtí beartais oideachais agus oiliúna a eagraíodh an 17 Meán Fómhair 2012, inar díríodh ar ardoideachas agus gairmoiliúint mar dhá cheann de na príomhréimsí ar leagadh béim orthu le linn an tSeimeastair Eorpaigh 2012.

3.

An díospóireacht phoiblí ar na saincheisteanna oideachais agus oiliúna a tarraingíodh anuas le linn Sheimeastar Eorpach 2012, a rinneadh le linn an Fhóraim Eorpaigh maidir le hOideachas, Oiliúint agus an Óige a tionóladh an 18-19 Deireadh Fómhair 2012.

4.

Na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fhianaise thurgnamhach agus ar acmhainneacht anailíse tríd an bhFaireachán a dhéantar ar an Oideachas agus ar an Oiliúint.

5.

An t-athbhreithniú téamúil comhpháirteach a eagraíodh idir an Coiste Oideachais agus an Coiste Fostaíochta an 18 Aibreán 2012.

IS DÍOL SÁSAIMH DI:

An ról tábhachtach atá ag an oideachas agus an oiliúint i straitéis Eoraip 2020 agus, ag an am céanna, leag sí béim ar inniúlacht na mBallstát athchóirithe a fhorbairt agus a chur chun cinn i réimse an oideachais agus na hoiliúna.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE AN MÉID SEO A LEANAS:

1.

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, dírítear go sonrach leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith, a d'eisigh an Chomhairle an 10 Iúil 2012, ar rochtain ar oideachas réamhscoile agus scoile ar ardchaighdeán a chur chun cinn; ar líon na ndaoine a fhágann an scoil go luath a laghdú; ar aistriú a éascú do dhaoine óga ón oideachas agus ón oiliúint chuig an margadh saothair; ar fheabhas a chur ar thorthaí an oideachais agus ar ábharthacht na scileanna maidir le riachtanais mhargadh an tsaothair; ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint a atreisiú, ag díriú ar oiliúint agus printíseachtaí a bheadh bunaithe ar an ionad oibre; ar an ardoideachas a nuachóiriú agus béim á leagan ar rátaí na macléinn a éiríonn as a laghdú; agus ar fheabhas a chur ar an rochtain ar an oideachas do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste.

2.

Go ndearnadh dul chun cinn spreagúil, cé gur dul chun cinn neamhchothrom a bhí ann, idir 2010 agus 2011 i leith phríomhsprioc an AE maidir le gnóthachtáil tríú leibhéil nó oideachas coibhéiseach agus maidir le luathfhágáil na scoile, agus go bhfuil géarghá le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh má táthar chun an sprioc sin a bhaint amach faoin mbliain 2020, agus é á chur san áireamh gur minic a bhíonn roinnt mhaith ama ag teastáil go dtí go bhfeictear an toradh a bhíonn ar athchóirithe san oideachas agus san oiliúint.

AONTAÍONN SÍ LEIS AN MÉID SEO A LEANAS:

1.

Fiú ag tráth inar gann atá na hacmhainní airgeadais, is príomhghné d'fhorbairt eacnamaíoch agus d'iomaíochas, ar fhíor-riachtanach iad sin féin chun poist a chruthú, infheistíocht éifeachtúil agus leordhóthanach a dhéanamh i réimsí amhail oideachas agus oiliúint atá so-úsáidte maidir leis an bhfás.

2.

D'fhéadfadh gur thábhachtaí fós infheistíocht éifeachtúil a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint le linn tréimhsí ina bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha agus ag tráth a bhfuil leibhéal ard dífhostaíochta ann i measc na n-óg. A luaithe a bheidh an ghéarchéim thart, féadfaidh líon méadaithe de chéimithe atá ar ardchaighdeán, a thagann ón ardoideachas agus, ina theannta sin, ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint (VET), cur go mór leis na hionchais fáis, an nuáil a chothú agus cuidiú le géarchéim eile a sheachaint amach anseo.

3.

Is gá leibhéil inniúlachta agus scileanna na ndaoine óga agus na ndaoine fásta araon i mórán réimsí a chur in oiriúint ar bhonn leanúnach agus ar bhonn críochnúil do riachtanais an gheilleagair agus an mhargaidh saothair, ar riachtanais iad a bhíonn ag athrú. Ba cheart, dá bhrí sin, infhostaitheacht a chur chun cinn do dhaoine sna córais oideachais agus oiliúna agus san ionad oibre araon, mar fhreagracht a bheadh ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach go comhpháirteach i gcomhthéacs na foghlama ar feadh an tsaoil.

4.

Tá sé ríthábhachtach i leith cuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach go n-ullmhófar saoránaigh na hEorpa chun a bheith ina bhfoghlaimeoirí spreagtha, féin-mharthanacha a bheidh in ann rannchuidiú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn san fhadtéarma.

5.

Le córais oideachais agus oiliúna, ba cheart é a bheith mar aidhm gur fusa a bheidh an t-aistriú ón oideachas chuig an obair, cothromaíocht iomchuí a chothú idir an teoiric agus an cleachtas agus, nuair is iomchuí, na naisc atá ann idir an t-oideachas agus an oiliúint agus an margadh saothair a neartú. Ba cheart an staid nua a áireamh san fhoghlaim agus, nuair is iomchuí, ba cheart gnéithe d'oiliúint phraiticiúil a áireamh léi lena bhféadfar feabhas a chur ar infhostaitheacht mac léinn agus foghlaimeoirí eile.

6.

Ba cheart go mbeadh ról níos feiceálaí ag earnáil an oideachais agus na hoiliúna, lena n-áirítear ar leibhéal na n-airí, maidir le cineálacha cur chuige comhchoiteanna agus cuspóirí comhchoiteanna a shainiú i ndáil leis an oideachas agus an oiliúint, agus maidir le cur chun feidhme gnéithe oideachais agus oiliúna an tSeimeastair Eorpaigh de Eoraip 2020:

a.

trí dhíospóireachtaí a chur ar bun sa Chomhairle ar shaincheisteanna maidir leis an tSeimeastar Eorpach;

b.

trí chomhar a chur chun cinn idir an Coiste Oideachais agus an Coiste Fostaíochta agus idir coistí ábhartha eile.

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Athchóirithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i gcomhréir le tosaíochtaí agus riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha, lena ndíreofar ar na dúshláin i réimse an oideachais agus na hoiliúna a dtugtar aghaidh orthu sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith.

2.

Díriú ar infheistíocht éifeachtúil a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint mar chuid den straitéis níos leithne don téarnamh eacnamaíoch, don fhás agus do phoist, lena n-áirítear trí chláir AE agus Cistí Struchtúracha na hEorpa.

3.

Iarrachtaí a dhéanamh, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, feabhas a chur ar earcú, forbairt ghairmiúil agus stádas foriomlán na múinteoirí scoile, na treoraithe scoile agus lucht oiliúint na múinteoirí, d'fhonn cur le cáilíocht na múinteoireachta agus le timpeallacht na foghlama, chomh maith lena dhéanamh d'fhonn feabhas a chur ar a tharraingteach atá na gairme sin.

4.

Níos mó gnéithe a bheidh bunaithe ar an obair a áireamh sna cláir oideachais agus oiliúna, go háirithe i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET), lena n-áirítear freisin trí bhíthin oiliúnaithe agus printíseachtaí; struchtúir chomhair a bhunú idir na hinstitiúidí VET, na fiontair, na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; agus cur le tarraingteacht na hearnála VET, lena n-áirítear trí roghanna sa VET a éagsúlú agus trí tuilleadh treorach a chur ar fáil le linn an oideachais dara leibhéil shóisearaigh.

5.

Bealaí solúbtha a chur chun cinn idir VET agus an t-ardoideachas i gcomhthéacs na gcreataí náisiúnta cáilíochtaí.

6.

An rannpháirtíocht san ardoideachas agus in VET a leathnú, mar shampla trí bhearta a dhíriú i dtreo grúpaí atá faoi ghannionadaíocht, trí mhodhanna foghlama solúbtha a thabhairt isteach agus trí fhorbairt a dhéanamh, i gcás nach bhfuil sé ar bun cheana, ar ardoideachas atá gairmdhírithe a bheidh comhlántach leis an oideachas ollscoile.

7.

Tacaíocht agus treoir níos spriocdhírithe a chur ar fáil do mhic léinn, d'fhonn cuidiú le mic léinn céim ardoideachais a chríochnú laistigh den am atá beartaithe.

8.

Nasc a dhéanamh idir na tosaíochtaí oideachais agus oiliúna a shainmhínítear i Straitéis Eoraip 2020 agus sa chreat “ET2020” agus an caiteachas a dhéantar as Cistí Struchtúracha na hEorpa faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Meastóireacht a dhéanamh ar an athbhreithniú píolótach piaraí a rinneadh le déanaí, agus ar an mbonn sin moltaí a thíolacadh maidir le himeachtaí piarfhoghlama agus athbhreithnithe piarfhoghlama a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mbeidh baint acu le cuspóirí Eoraip 2020.

2.

Dréacht-chlár oibre “ET2020” a thíolacadh don Chomhairle d'fhonn a áirithiú go gcuirfear na réimsí príomhthosaíochta don dara timthriall oibre “ET2020” 2012-2014 chun feidhme chomh maith leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith, i gcás inarb ábhartha. Maidir le gach réimse tosaíochta, ba cheart go sonrófaí sa chlár oibre an ghníomhaíocht atá beartaithe, an clár ama agus an bhaint a bheidh ag meithle mhodh oscailte an chomhordaithe (OMC).

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Go n-áiritheofaí - gan dochar don chaibidlíocht ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil - go dtabharfar san áireamh na riachtanais athchóirithe a léiríodh sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith tráth a roghnófar na tosaíochtaí infheistíochta agus an idirghabháil atá beartaithe i gComhchreat Straitéiseach na gCistí Struchtúracha Eorpacha a bheidh ann amach anseo.

2.

Comhordú níos fearr a dhéanamh ar obair Eurydice agus ar na gréasáin ábhartha eile, amhail ReferNet de chuid Cedefop, chun freastal ar an anailís a dhéantar ar na córais oideachais agus oiliúna sna Ballstáit agus ar an athchóiriú atá á dhéanamh laistigh den phróiseas Eoraip 2020.


(1)  IO C 119, 28.5.2009, lch. 2.

(2)  IO C 70, 4.3.2011, lch. 1.

(3)  IO C 70, 8.3.2012, lch. 9.


19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/8


Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir le Rialachas Cultúir

2012/C 393/03

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS,

AG AITHINT DI:

1.

gur luach ann féin é an cultúr leis na cáilíochtaí cruthaitheachta agus nuálaíochta intreacha a bhaineann leis. Tá luach poiblí suntasach aige agus cuidíonn sé le fás cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach a leagtar amach i stratéis An Eoraip 2020 agus ina cuid tionscnamh suaitheantais (1);

2.

na cuspóirí a shanntar don Aontas Eorpach i réimse an chultúir le hAirteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.

gur de chineál cothrománach é an beartas cultúrtha, dá dteastaíonn, dá réir sin, comhoibriú trasearnálach agus idir na leibhéil dhifriúla rialachais;

4.

gur gá na dúshláin uile atá ós comhair earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear dúshlán na timpeallachta athraithí arbh ann di a bhuí leis an réabhlóid dhigiteach agus leis an domhandú, a thiontú ina ndeiseanna nua fáis agus fostaíochta, agus chuige sin go gcaithfear gníomhú ar leibhéil dhifriúla rialachais;

5.

gur cumasach í an dinimic atá ann ar líne na teorann idir earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus go dtagann tairbhe nach beag as naisc agus comhpháirtíochtaí a bhunú trasna na n-earnálacha difriúla; agus dá bharr sin gur gá cur chuige iomlánaíoch a fheidhmiú do rialachas cultúir;

6.

gur chóir “rialachas cultúir” a thuiscint mar mhodh chun beartais chultúir a sholáthar agus freisin mar uirlis chun an cultúr a chomhtháthú níos doimhne i gclár oibre an bheartais phoiblí trí bheartais chultúir a chomhordú le beartais earnálacha eile;

7.

a thábhachtaí atá modh an chomhair oscailte a úsáidtear chun Plean Oibre na Comhairle maidir leis an gCultúr a chur chun feidhme (2), ar ceann de na bealaí é leis an gcultúr a rialú ar an leibhéal Eorpach;

MOLANN SÍ GO bhFORBRÓFAR AN CUR CHUIGE DÉRIAIN SEO A LEANAS I dTACA LE RIALACHAS CULTÚIR:

I.   CEAPADH BEARTAS AR BHONN FIANAISE A CHUR CHUN CINN.

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS:

MEASANN SÍ go bhfuil sé fíorthábhachtach do na Ballstáit go gcuirfí ceapadh beartais ar bhonn fianaise chun cinn agus go ndéanfaí na naisc idir an cultúr, an geilleagar, an t-oideachas, an taighde agus an nuálaíocht a neartú, go háirithe le linn lagtrá eacnamaíoch inar cheart gurbh éifeachtaí, gurbh éifeachtúla agus gurbh inbhuanaithe fós a bheadh na beartais chultúir;

IS DÍOL SÁSAIMH DI torthaí na sainoibre a rinneadh ar an staidreamh cultúir, lena n-áirítear obair an tionscadail Cultúr-ESSnet (3), a cuireadh i gcrích i bpáirt le Eurostat agus grúpa de chúig cinn de Ballstáit, lena leagtar síos creat chun feabhas suntasach a chur ar staidreamh maidir le rannchuidiú an chultúir trí choigeartuithe atá réasúnta beag agus tíosach ar acmhainní a dhéanamh sna córais náisiúnta staidrimh;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

tacú le cur chuige ar bhonn fianaise maidir le ceapadh beartas cultúir ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí úsáid a bhaint, nuair is iomchuí sin, as ionstraimí meastóireachta agus ionstraimí measúnaithe tionchair lena gcuirfí ní hamháin táscairí cainníochtúla san áireamh ach táscairí cailíochtúla chomh maith;

gnéithe a bhfuil baint acu leis na beartais chultúir a chur chun cinn i reimsí beartas eile;

an obair le chéile agus an líonrú a chur chun cinn idir institiúidí cultúir agus oideachais, lárionaid taighde agus fiontair maidir le cultúr agus cruthaitheacht d'fhonn torthaí taighde a bhailiú agus a phróiseáil agus a scaipeadh ar lucht ceaptha beartas;

agus an úsáid is fearr á baint as na struchtúir atá ann cheana, go bhféachfaí chuige freisin go gcuirfeadh ranna rialtais agus na comhlachtaí ábhartha riaracháin phoiblí na torthaí sin maidir le taighde san áireamh, tráth a mbeadh a dtaighde á cheapadh acu agus a gcuid beartas earnálach á bhfoirmliú acu;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ gCUID INNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:

an malartú taithí a spreagadh, scaipeadh an dea-chleachtais i réimse an bheartais cultúir a chothú agus sineirgí a chur chun cinn idir na Ballstáit ó thaobh taighde acadúil i ndáil leis an gcultúr agus le rialachas cultúir;

pointí teagmhála a ainmniú a mbeadh an fhreagracht orthu as staidéir ionchasacha agus taighde ionchasach a chomhthiomsú agus a chomhordú sna hAireachtaí Cultúir nó i gcomhlachtaí poiblí eile a bhfuil na beartais chultúir faoina gcúram agus freisin sa Choimisiún, agus líonrú a spreagadh idir na grúpaí sin ar an leibhéal Eorpach;

an creat coiteann staidrimh agus an mhodheolaíocht a d'fhorbair Cultúr-ESSnet a fheidhmiú a luaithe is féidir, d’fhonn faisnéis iontaofa, inchomparáide, cothrom le dáta a chur ar fáil faoi na himpleachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an gcultúr, agus leanúint de bheith ag obair ar thosaíochtaí don am amach anseo ar bhonn na moltaí a eisíonn Cultúr-ESSnet (4);

forbairt an staidrimh inchomparáide maidir le cultúr a chur chun cinn trí Eurostat, i gcomhar le hinstitiúidí náisiúnta staidrimh (5) agus na hAirí atá freagrach as an gCultúr nó comhlachtaí poiblí eile atá i mbun staidreamh maidir le cultúr;

an malartú taithí a chur chun cinn agus obair a thosú, le rannpháirtíocht ó Eurostat, archuntais satailíte (6) maidir leis an gcultúr, rud a chuideoidh linn rannchuidiú an chultúir leis an ngeilleagar a mheas, agus aird ar leith á díriú ar fhostaíocht in earnáil an chultúir;

II.   SINEIRGÍ A CHUR CHUN CINN AGUS STRAITÉISÍ COMHTHÁITE A FHORBAIRT DO CHUR CHUIGE DON CHULTÚR A BHEADH NÍOS IOMLÁNAÍCHE

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH MAR A LEANAS,

MEASANN SÍ go gcaithfidh gach leibhéal den rialachas, agus ról ar leith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, oibriú le chéile sa chaoi go mbeifear in ann tarraingt go hiomlán ar acmhainní eacnamaíocha agus sóisialta in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; sa chomhthéacs sin, TUGANN SÍ DÁ hAIRE an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn ar mhaithe leis an bhfás agus poist san AE” (7), a glacadh an 26 Meán Fómhair 2012, agus inar leagadh amach straitéis chuimsitheach chuige sin;

TUGANN SÍ DÁ hAIRE a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí an cultúr a phríomhshruthú i réimsí eile den bheartas poiblí agus de na próisis chinnteoireachta ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé go neartófaí rannpháirtíocht ghníomhaithe ábhartha na sochaí sibhialta le go mbeadh an rialachas cultúir níos oscailte, níos rannpháirtí, níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

an comhar trasearnálach agus idir-aireachta maidir le hábhair a bhaineann leis an gCultúr a neartú agus freisin straitéisí comhtháite ilsrathacha ina mbeadh gach leibhéal den rialachas páirteach;

údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh, maidir le beartais forbartha áitiúla agus réigiúnacha, chun earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta a lánpháirtiú ina gcuid straitéisí don speisialtóireacht chliste  (8) agus comhpháirtíocht éifeachtúil a bhunú chuige sin idir an tsochaí shibhialta, earnáil an ghnó agus údaráis phoiblí;

gnóthais chomhpháirteacha a spreagadh ina mbeadh geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha páirteach le go mbeadh na hinfheistíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta inbhuanaithe, agus le go mbeadh meascán níos fearr ann d'infheistíochtaí crua (bonneagar) agus d'infheistíochtaí boga (an caipiteal daonna);

cur chuige na rannpháirtíochta a chur chun cinn don cheapadh beartas i réimse an chultúir trí fheabhas a chur ar na comhpháirtíochtaí idir institiúidí cultúrtha poiblí agus an tsochaí shibhialta agus trí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a spreagadh trí mheán an idirphlé iomchuí agus an chomhairliúcháin iomchuí;

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN:

leanúint de bheith ag tacú leis an gcomhar agus le malartú an dea-chleachtais idir saineolaithe ó na Ballstáit, lena n áirítear trí mhodh an chomhair oscailte agus trí idirphlé struchtúraithe a spreagadh le grúpaí ábhartha na ngeallsealbhóirí;

leanúint den chomhar tras-earnálach a fhorbairt laistigh den Choimisiún chun leas iomlán a bhaint as an gcumas atá in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta fás cliste a chur chun cinn san Eoraip agus leas iomlán a bhaint as na nósanna imeachta measúnaithe tionchair atá ann cheana chun an cultúr a phríomhshruthú i ngach beartas ábhartha agus i ngach beartas gníomhaíocht ábhartha de chuid an AE;

IARANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN, NA BALLSTÁIT AGUS NA hUACHTARÁNACHTAÍ A BHEIDH ANN AMACH ANSEO, AGUS LAISTIGH DÁ gCUID RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

úsáid iomlán a bhaint, uair ar bith is iomchuí, as cláir mhaoinithe ar leibhéal an AE, idir iad siúd atá ann anois agus iad siúd a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear i réimse an taighde agus na nuálaíochta (9);

oibriú i gcomhpháirt lena chéile ar athbhreithniú meántréimhseach agus ar thuarascáil dheiridh ar an bPlean Oibre don Chultúr 2011-2014 agus modhanna faireacháin a fhorbairt ar mhaithe le cur chun feidhme an phlean a thomhas;

faisnéis a roinnt, go luath agus go rialta, faoi bheartais agus gníomhaíochtaí an AE a mbeadh tionchar díreach nó indíreach acu ar cheisteanna cultúir agus ar bheartais chultúir, d'fhonn a áirithiú go ndéanfaí comhordú éifeachtach, idir Eorpach agus náisiúnta; chuige sin, iarrann sí ar an gCOIMISIÚN tuairisc a thabhairt faoi thionscnaimh ábhartha, lena n-áirítear iad sin atá ina chláir bhliantúil oibre do Choiste na gCeisteanna Cultúir, agus iarrtar ar na hUACHTARÁNACHTAÍ A BHEIDH ANN AMACH ANSEO tuairisc a thabhairt faoin obair a dhéantar i gcomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle;

pointí teagmhála a ainmniú faoi dheireadh 2013 a mbeidh an fhreagracht orthu as staidéir ionchasacha agus as taighde ionchasach a chomhthiomsú agus a chomhordú;

oibriú i gcomhar lena chéile lena áirithiú go gcuirfear na conclúidí seo i ngníomh;

COMHAONTAÍONN SÍ:

cur chun feidhme na gconclúidí seo a mheas in 2015  (10).


(1)  I gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Bealtaine 2011 maidir leis an méid a chuireann an cultúr le cur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020 (IO C 175, 15.6.2011, lch. 1).

(2)  Na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2011-2014 (IO C 325, 2.12.2010, lch. 1).

(3)  Tuarascáil dheiridh Cultúr-ESSnet:

http://ec.europa.eu/culture/news/20121026-ess-net_en.htm

(4)  Mar a leagadh amach i gConclúidí ón gComhairle an 19 Bealtaine 2011.

(5)  Gan dochar don chaibidlíocht maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-2017 (COM (2011) 928 final - 5089/12) agus don chaibidlíocht maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020.

(6)  Le cuntais satailíte, tugtar creat a bhfuil baint aige leis na cuntais lárnacha agus lenar féidir aird a dhíriú ar réimse áirithe nó ar ghné áirithe den saol eacnamaíoch nó sóisialta i gcomhthéacs na gcuntas náisiúnta (http://stats.oecd.org/glossary/detail.asp?ID=2385).

(7)  14256/12 (COM(2012) 537 final).

(8)  Is uirlis iad straitéisí na speisialtóireachta cliste ina leagtar amach na sócmhainní atá ag réigiúin agus cathracha dar leo agus ina bhforbraítear straitéisí, maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus leis an gcuimsitheacht shóisialta, bunaithe ar na próifílí ar leith atá acu. Is cuid den choinníollacht ex-ante iad atá san áireamh sa chreat rialála atá beartaithe don bheartas comhtháite 2014-2020. (Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Beartas Réigiúnach a chuireann le Fás Cliste san Eoraip 2020 - COM (2010) 553 final 14679/10).

(9)  Ní dochar na Conclúidí seo don chaibidlíocht a dhéanfar maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020.

(10)  Féadfar an méid a leanas a bheith san áireamh sa mheastóireacht: dul chun cinn ar staidreamh inchomparáide maidir le cultúir, líonrú na bpointí teagmhála le hainmniú faoi 2013, agus feidhmiú na comhroinnte faisnéise maidir le beartais agus gníomhaíochtaí an AE a mbeadh tionchar acu ar an gcultúr. Níl an liosta seo uileghabhálach.


19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/11


Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2012 maidir leis an Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí

2012/C 393/04

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

IS DÍOL SÁSAIMH DI AN MÉID SEO A LEANAS:

glacadh “Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí” (1) ag an gCoimisiún an 2 Bealtaine 2012 agus TACAÍONN SÍ leis an bhfócas atá sa straitéis ar cheithre cholún gníomhaíochta: (1) ábhar ar líne d'ardcháilíocht a spreagadh do pháistí, (2) feasacht agus cumasú a mhéadú, (3) timpeallacht shábháilte ar líne a chruthú do pháistí agus (4) ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac;

MEABHRAÍONN SÍ AN MÉID A LEANAS:

Clár Oibre an AE maidir le Cearta an Linbh (2) a bhfuil sé leagtha amach mar chuspóir ann ardleibhéal cosanta do leanaí sa saol digiteach a bhaint amach, agus a gceart rochtain a bheith acu ar an Idirlíon á chaomhnú ann ar mhaithe lena bhforbairt shóisialta agus chultúrtha;

tábhacht na gClár um Idirlíon Níos Sábháilte lena bhfuil comhordú déanta agus tacaíocht léirithe ag an AE ó 1999 i leith maidir le hiarrachtaí chun an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte do leanaí, chomh maith leis an ról ríthábhachtach atá ag Ionaid d'Idirlíon Níos Sábháilte;

an Clár Oibre Digiteach don Eoraip (3) a ndírítear sna gníomhaíochtaí atá ann, inter alia, ar litearthacht sna meáin (4) a fheabhsú, go háirithe inniúlacht i scileanna digiteacha (5) agus r-chuimsiú, chomh maith le nuálaíocht theicneolaíocht agus cruthú post a spreagadh, lena gcuirtear leis an ríomh-mhargadh aonair;

CUIREANN SÍ I dTREIS AN MÉID A LEANAS:

1.

go bhfuil na conclúidí ón gComhairle ó 2011 fós ábhartha, na conclúidí maidir le leanaí a chosaint sa saol digiteach (6) inar iarradh ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar an tionscal gníomhaíochtaí a dhéanamh chun timpeallacht shábháilte ar líne a chruthú do pháistí agus bearta riachtanacha a ghlacadh chun ábhar neamhdhleathach a chomhrac, amhail íomhánna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí;

2.

gur glacadh Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, a chuirtear in ionad an Chinnidh Réime ón gComhairle 2004/68/CGB (7), agus go gcaithfidh na Ballstáit an Treoir sin a chur chun feidhme;

3.

de bharr go gcumhdaítear go fairsing le Conclúidí 2011 ón gComhairle agus le Treoir 2011/93/AE gníomhaíochtaí faoin tríú agus gceathrú colún den Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí, díreofar sna conclúidí seo go príomha ar na saincheisteanna a ardaíodh faoin gcéad cholún agus faoin dara colún den Straitéis Eorpach;

4.

go bhfuil na conclúidí seo agus na conclúidí ó 2011 comhlántach agus gur freagairt fhoriomlán ón gComhairle ar an Straitéis Eorpach a mhol an Coimisiún atá iontu;

TUGANN SÍ DÁ hAIRE:

1.

bunú na “Comhghuaillíochta chun an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte do ghasúir”, ar thionscnamh ón gCoimisiún, agus a plean oibre chun dul chun cinn agus torthaí a sholáthar i gcúig réimse gníomhaíochta (uirlisí tuairiscithe, socruithe príobháideachais a bheidh aois-oiriúnach, rangú ábhair, rialú tuismitheora agus ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí a bhaint) (8);

2.

tograí le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún lena mbunaítear an “Áis Chónasctha don Eoraip” (9) agus le haghaidh Rialacháin maidir le gréasáin thras-Eorpacha sa teileachumarsáid (10) lena bhforáiltear do mhaoiniú a sholáthar do bhonneagar na seirbhísí um Idirlíon Níos Sábháilte, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon;

3.

na tograí le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún lena mbunaítear “Fís 2020” (11) lena bhforáiltear do mhaoiniú don taighde, inter alia, i réimse a bhaineann le hidirghníomhú leanaí leis an Idirlíon agus le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear “Erasmus do Chách” (12) lena bhforáiltear do mhaoiniú do thionscnaimh maidir le litearthacht sna meán agus do mhaoiniú litearthachta digití san oideachas;

4.

an glao ón gCoimisiún go gceapfadh na Ballstáit curadh náisiúnta digiteach a dhíreodh ina chuid oibre ar chur chun cinn na leasanna a bhainfeadh le sochaí dhigiteach chuimsitheach (13);

5.

obair na Comhairle Eorpaí faoi bhrat a straitéise um Rialachas Idirlín (2012-2015) maidir le leanaí a chosaint agus a chumasú ar-líne;

6.

na héachtaí a rinneadh leis na tionscadail atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, agus cleachtais na dtionscadal sin, a thacaíonn le spriocanna comhchosúla amhail ábhar ar ardcháilíocht a chruthú ar líne do leanaí, nó mionaoisigh a chosaint trí uirlisí smachta, feasachta agus cumasaithe mar shampla;

CUIREANN SÍ I bhFIOS:

1.

cuirtear an-chuid deiseanna ar fáil chun litearthacht sna meáin, go háirithe inniúlachtaí digiteacha, a fhorbairt lena dtacaítear le smaointeoireacht chriticiúil, scileanna anailíseacha, núáil agus cruthaitheacht de bharr nádúr idirghníomhach, uileláithreach an Idirlín. Tá sé tábhachtach litearthacht sna meáin, go háirithe inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt, ionas go bhféadfadh leanaí iad féin a chur in oiriúint, ar bhealach sábhailte, do theicneolaíochtaí nua, a bhíonn ag síorfhorbairt, agus chun domhan slán agus cruthaitheach a mhúnlú dóibh féin i gcoitinne;

2.

go bhféadfadh éifeacht thromchúiseach (14) a bheith ar an tsochaí san fhadtéarma mura ndéanfar dóthain infheistíochta sna beartais a bhfuil tionchar acu ar leanaí, rud a léiríonn a riachtanaí atá sé aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus leochaileacht leanaí ar-líne, agus an t-idirlíon a mhúnlú ina thearmann deise do leanaí uile na hEorpa, beag beann ar an gcúlra eitneach, cultúrtha nó sóisialta a bheadh acu, agus i gcás leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta acu, d'fhonn na bearnaí digiteacha atá ann faoi láthair a chúngú;

3.

tá sé tábhachtach cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a seoladh faoin Straitéis Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, agus idirghníomhú idir na geallsealbhóirí á chur chun cinn, go háirithe idir leanaí, ranna rialtais, institiúidí inniúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tionsclaíocht; is sampla é den chomhar treisithe ar an leibhéal Eorpach comhordú níos déine a áirithiú maidir leis an obair a dhéantar laistigh den líonra sna Ballstáit d'Ionaid d'Idirlíon Níos Sábháilte, ar líonra é atá maoinithe ag AE;

4.

go bhfuil tábhacht le féinrialú mar gheall gur timpeallacht shíorathraitheach atá san Idirlíon a dteastaíonn solúbthacht uaithi chun nach dteorannófar a cumas fáis nó a cumas oiriúnaithe; le go mbeidh sé éifeachtach áfach, is gá faireachán neamhspleách agus measúnú a dhéanamh ar fhéinrialú chomh maith lena cheangal go dlúth le tionscnaimh i ndáil le feasacht agus cumasú;

MOLTAR GO nDÉANFAR BEART SNA RÉIMSÍ A LEANAS:

RÉIMSE 1: Níos mó ábhair ar líne do leanaí atá ar chaighdeán ard

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

1.

go bhfuil tionchar ag an Idirlíon ar leanaí ón iliomad réimsí gaireas agus ag aois i bhfad níos óige, ach ná tagann siad ar go leor ábhair d'ardcháilíocht atá oiriúnach do dhaoine ar comhaois leo;

2.

ba cheart a thuiscint leis an nath “ábhar ar-líne d'ardcháilíocht do pháistí” gurb ábhar é a mbainfeadh leanaí leas éigin as - mar shampla, má chuireann sé lena gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí, agus béim ar leith ar a gcuid cruthaitheachta - maraon le bheith tarraingteach agus áisiúil dóibh, iontaofa agus sábháilte, agus más ábhartha, ábhar lena bhféadfaí fógraíocht nó cumarsáid tráchtála a aithint mar sin (15);

3.

de bharr ábhar ar-líne d'ardcháilíocht do leanaí a bheith ar fáil, d'fhéadfaí feabhas teacht ar an dea-úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon, agus d'fhéadfaí leathadh amach idirlín leathanbhanda agus a úsáid ghníomhach i dteaghlaigh an AE a éascú go mór leis (16) agus bheadh a mhalairt fíor freisin;

4.

go bhféadfadh ilroinnt an ríomh-mhargaidh aonair a laghdú, agus sainiúlachtaí teangeolaíocha agus cultúrtha gach Ballstáit á n-urramú, trí mhuinín tomhaltóirí (leanaí, tuismitheoirí agus teagascóirí) a mhéadú as ábhar a úsáid thar réimse tíortha éagsúla agus as gairis éagsúla agus trí fheasacht tomhaltóirí a mhúscailt i ndáil leo;

5.

chun ábhar ar líne d'ardcháilíocht a chur chun cinn, a sholáthar agus a scaipeadh, go bhfuil gá le dlúthchomhar dinimiciúil idir táirgeoirí ábhair poiblí agus príobháideacha, saineolaithe ar shabháilteacht an Idirlín do leanaí (mar shampla eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ionaid sábháilteachta ar líne), soláthróirí seirbhísí idirlín agus iad siúd a bhfuil ról acu i dteagasc leanaí (mar shampla tuismitheoirí agus múinteoirí), agus na leanaí iad féin;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR AN TIONSCAL AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:

1.

núáil a spreagadh trí leas a bhaint as bogearraí foinse oscailte agus as caighdeáin oscailte chun ábhar ardcháilíochta ar líne a sholáthar atá déanta ag leanaí agus dírithe ar leanaí trí thacú le tionscadail agus tionscnaimh, lena n-áirítear trí ardáin idir-inoibritheacha a fhorbairt, lena gcuirfí rochtain ar ábhar den sórt sin ar fáil;

2.

ábhar ar líne a rátáil go cainníochtúil agus go cáilíochtúil, trí chórais rátála aoise agus rangaithe ábhair a fhorbairt (lena n-áirítear rangú bunaithe ar shástacht úsáideoirí agus ar athbhreithniú arna dhéanamh ag saineolaithe) ar córais iad atá inchomparáide agus iontaofa, thar thíortha difriúla agus thar ghairis dhifriúla, ag féachaint, ag an am céanna, do dhifríochtaí cultúrtha sna Ballstáit;

3.

féachaint ar na bealaí inar féidir dul i ngleic leis an mbacainn teanga tráth a mbeidh ábhar ar líne ar ardcháilíocht á cruthú, amhail trí aistriúcháin uathoibríocha fheabhsaithe, agus ar an mbealach sin cur le cruthú an ríomh-mhargaidh aonair;

RÉIMSE 2: Feasacht agus cumasú a mhéadú

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

chun leanaí a chumasú chun an Idirlíon a úsáid ar bhealach sábháilte, tá gá, ar thaobh amháin, le haghaidh a thabairt ar uirlisí teicniúla ar féidir nascleanúint slán a dhéanamh leo, agus ar an taobh eile, chun an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí iomchuí a thabhairt do leanaí ionas go mbeadh siad in ann déileáil leis an timpeallacht ar líne ar bhealach éifeachtach agus freagrach;

tá ról tábhachtach ag earnáil an oideachais agus ag tuismitheoirí chun cabhrú le leanaí na deiseanna a bhaineann leis an Idirlíon a thapú ar bhealach cruthaitheach a rachadh chun tairbhe dóibh agus na rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a aithint agus chun dul i ngleic leo. Mar sin féin, glactar leis go bhfuil tacaíocht agus oiliúint ag teastáil ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí freisin ní hamháin chun coimeád suas leis na hathruithe gasta agus guagacha i saol a gcuid leanaí ar líne, ach chun fanacht os cionn a mbuille i dtaca le teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT:

1.

cur chun feidhme na straitéisí a ghéarú le go n-áireofar sna scoileanna múineadh sábháilteachta ar líne agus múineadh inniúlachtaí digiteacha agus úsáid an Idirlín i réimse ábhar scoile a spreagadh agus maidir leis an méid seo tacú le hoiliúint leordhóthanach a chur ar na múinteoirí;

2.

sealbhú inniúlachtaí digiteacha i measc tuismitheoirí agus leanaí a threisiú i gcomhthéacs na hoiliúna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla, lena n-áirítear in eagraíochtaí don óige trí oibreoirí ógra a bhfuil an oiliúint chuí orthu;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

3.

tacaíocht ghníomhach a thabhairt do rannpháirtíocht leanaí agus feachtais múscailte feasachta, reachtaíocht nó bearta agus gníomhaíochtaí eile á bhforbairt ar bhonn náisiúnta nó ar bhonn Eorpach, a mbeidh tionchar acu ar ghníomhaíochtaí leanaí ar líne, mar shampla trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Painéil Óige a fheidhmíonn na hIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte;

4.

breis forbartha a dhéanamh ar litearthacht sna meáin, go háirithe ar inniúlachtaí digiteacha agus múscailt feasachta a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR AN TIONSCAL FÉIN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:

5.

tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun múscailt feasachta agus cumasú a ghéarú, agus béim á leagan ar na deiseanna a bhaineann leis an Idirlíon, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta, ag díriú ar thuismitheoirí agus ar leanaí thar gach cúlra eithneach, cultúir agus sóisialta, lena n-áirítear leanaí ar de bhunadh dreama iad atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus leanaí le riachtanais speisialta;

6.

dul ar aghaidh le fianaise agus tuiscint a sholáthar maidir le hiompair leanaí ar líne agus maidir le héifeacht na seirbhísí agus na dteicneolaíochtaí ar an úsáid a bhaineann leanaí as an Idirlíon;

7.

feabhas a chur ar uirlisí smachta do thuismitheoirí ionas go mbeidh siad éifeachtúil ar ghaireas ar bith agus go mbeidh siad idir-inoibritheach agus go mbeidh siad ar fáil san oiread sin teangacha agus is féidir, agus straitéisí a fhorbairt chun tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir le huirlisí smachta do thuismitheoirí, ag féachaint do chearta leanaí i dtaca le príobháideachas, faisnéis a fháil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh;

8.

tuairisciú caighdeánaithe íosta i gcás ábhar díobhálach agus critéir fheidhmíochta a chomhordú le haghaidh na nósanna imeachta tuairiscithe d'fhonn iad a dhéanamh inchomparáide, trédhearcach agus inúsáidte thar thíortha éagsúla agus thar ghairis dhifriúla;

9.

an tacaíocht a bhfuil gá léi a sholáthar chun sásraí éifeachtacha tuairiscithe ar ábhar díobhálach agus sásraí d'obair leantach a bhunú agus a úsáid agus chun faireachán a dhéanamh orthu, ar sásraí iad chun comhar laistigh den tionscal agus le gníomhaireachtaí rialtais, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus leis na beolínte a neartú agus chun a áirithiú go mbaintear leas as na sásraí agus as na hardáin agus as na gairis ábhartha chun an comhar idirnáisiúnta is gá a chinntiú;

10.

tionscnaimh féin-rialála atá ann cheana a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm maidir le fógraíocht ar líne agus iad a choimeád cothrom le dáta i dtaobh cineálacha nua fógraíochta.

IARRANN SÍ AR AN TIONSCAL:

11.

réamhshocruithe príobháideachais a chur chun feidhme agus bealaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun leanaí agus tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir lena gcuid socruithe príobháideachais ar líne;

12.

tionscnaimh féin-rialála a fhorbairt tuilleadh maidir le fógraíocht ar líne;

D'fhonn obair leantach éifeachtach a dhéánamh i dtaca leis na conclúidí seo, iarrann COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

1.

ar Chomhghuaillíocht an CEO a tuarascáil deiridh a chur faoi bhráid na Comhairle, a bhfuiltear ag súil léi faoi mhí Eanáir 2013;

2.

ar an gCoimisiún, go háirithe maidir leis na próisis tagarmharcála agus meastóireachta a bheidh le déanamh d'fhonn cur chun feidhme na Straitéise a mheas, aiseolas agus faisnéis a sholáthar go minic, i ndáil leis an dul chun cinn a dhéantar leis na gníomhaíochtaí atá sa Straitéis Eorpach i dtaca le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí;

3.

ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, gan dochar don chaibidlíocht ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2010, leas iomchuí a bhaint as na cláir maoinithe AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chun spriocanna na Straitéise Eorpaí i dtaca le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí sna cheithre cholún, agus spriocanna na gconclúidí seo, a bhaint amach.


(1)  COM(2012) 196 final - 9486/12.

(2)  COM(2011) 60 final - 7226/11.

(3)  9981/10 REV 1 - (COM(2010) 245 final/2).

(4)  Is éard litearthacht sna meáin ann “an cumas rochtain a fháil ar na meáin agus an t-ábhar atá sna meáin a thuiscint, a léirmheas, a chruthú agus a chur in iúl” (Conclúidí ón gComhairle an 27 Samhain 2009 maidir le lithearthacht sna meáin sa timpeallacht digiteach - IO C 301, 11.12.2009, lch. 12).

(5)  “Le bheidh inniúil i scilleanna digiteacha ní mór tuiscint mhaith agus cur amach maith a bheith agat ar nádúr, ar ról agus ar deiseanna IST sa ghnáthshaol (...) agus ní mór tuiscint a bheith agat ar na deiseanna agus ar na bagairtí a bhaineann leis an Idirlíon agus le cumarsáid trí mheáin leictreonacha (r-phost, uirlisí líonra) (...). Ar na scilleanna atá riachtanach tá an cumas faisnéis a chuardach, a bhailiú agus a phróiseáil agus leas a bhaint aisti ar bhealach criticiúil, córasach (...). Ba cheart go bhféadfadh daoine aonair leas a bhaint as IST chun tacú le smaointeoireacht chriticiúil, leis an gcruthaitheacht agus leis an nuáil (...).” (Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (2006/962/EC), IO L 394, 30.12.2006, lch. 10).

(6)  IO C 372, 20.12.2011, lch 15.

(7)  IO L 335, 17.12.2011, lch. 1, agus ceartúchán ar an Treoir (IO L 18, 21.1.2012, lch. 7).

(8)  Tionscamh atá stiúrtha ag an tionscail féin is ea an Chomhghuaillíocht ar cuideachtaí sna meáin agus in earnáil TFC na hEorpa agus domhanda iad a comhaltaí (http://ec.europa.eu/information_society/activities/sip/docs/ceo_coalition/ceo_coalition_statement.pdf).

(9)  16176/11

(10)  16006/11

(11)  17933/11

(12)  17188/11

(13)  Mar eolas: https://ec.europa.eu/digital-agenda/en/digital-champions;

https://ec.europa.eu/digital-agenda/en/about-0

(14)  Clár Oibre an AE maidir le Cearta an Linbh.

(15)  Bunaithe ar: “Ábhar ar-líne do leanaí agus do dhaoine óga a sholáthar agus a chur ar fáil - Fardal”, http://ec.europa.eu/information_society/activities/sip/docs/competition/final_draft.pdf

(16)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 23 Márta 2012 maidir le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Leathanbhanda (SWD (2012) 68 final), lch. 17.


19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/15


Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le rannpháirtíocht agus cuimsiú sóisialta daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo

2012/C 393/05

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I DTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS,

AG MEABHRÚ DÓIBH AN CÚLRA POLAITIÚIL ATÁ LEIS AN tSAINCHEIST SIN MAR A LEAGTAR AMACH SAN IARSCRÍBHINN É, GO hÁIRITHE AN MÉID A LEANAS:

1.

tagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) don mheas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus don mheas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad mar bhunluachanna an Aontais Eorpaigh. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir (1).

2.

foráiltear le hAirteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh a bheith dírithe ar dhaoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i saol daonlathach na hEorpa;

3.

tagraítear sa Rún maidir le creat athnuaite le haghaidh comhair Eorpaigh i réimse na hóige (2010-2018) (2) do shaoránacht ghníomhach daoine óga agus do chuimsiú sóisialta daoine óga uile a chur chun cinn mar chuid dá chuspóirí foriomlána, agus aithnítear leis rannpháirtíocht agus cuimsiú sóisialta mar dhá cheann de na hocht réimse ghníomhaíochta atá aige. Leagtar amach sa Rún, mar threoirphrionsabail ar cheart a chomhlíonadh sna beartais uile agus sna gníomhaíochtaí uile a bhaineann le daoine óga, gur cheart aitheantas a thabhairt do dhaoine óga mar acmhainn a rachaidh chun tairbhe na sochaí agus gur cheart go mbeadh sé de cheart ag daoine óga bheith rannpháirteach i bhforbairt na mbeartas lena ndéantar difear dóibh trí idirphlé struchtúraithe a dhéanamh leo siúd agus le heagraíochtaí don óige ar bhonn leanúnach;

4.

Cuirtear ar aghaidh le Eoraip 2020 trí thosaíocht lena n-athneartaítear a chéile agus atá bunaithe ar fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Mar chuid dá thionscnamh suaitheanta, an tArdán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta, tagraítear go sonrach don ghá le comhtháthú sóisialta agus críochach a áirithiú ionas go mbeadh buntáistí an fháis agus post á roinnt go forleathan, agus go gcuirfí ar chumas daoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta maireachtáil le dínit agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí. Tagraítear ann freisin do réimse na hÓige mar phríomhréimse a gcuirfear de chúram ar an tionscnamh an Óige ag Gluaiseacht feidhmíocht na gcóras oideachais a fheabhsú, idir oideachas foirmiúil agus oideachas neamhfhoirmiúil, agus chun go n-éascófaí daoine óga dul isteach sa mhargadh saothair.

AGUS TUGANN SIAD AN MÉID SEO A LEANAS DÁ NAIRE:

5.

díreofar leis na conclúidí seo ar dhaoine óga uile agus béim á cur ar na daoine óga sin a mbaineann cúlra imirceach leo (3).

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á CHUR SAN ÁIREAMH:

6.

cuimsítear i rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga na réimsí uile a théann i gcion ar shaol daoine óga, chomh maith le baint ghníomhach a bheith acu sna próisis dhaonlathacha;

7.

is é atá i gceist le cuimsiú sóisialta daoine óga rochtain a bheith acu ar sheirbhísí amhail sláinte, oideachas foirmiúil agus foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, cultúr, tithíocht, seirbhísí sóisialta agus fostaíocht, beag beann ar chúlra ciníoch ná eitneach, ar inscne, ar mhíchumas, ar aois, ar reiligiún, ar chreideamh ná ar ghnéaschlaonadh;

8.

is príomhghné den Aontas Eorpach í an t-éagsúlacht chiníoch, eitneach, chultúrtha agus reiligiúnach. Foinse shuntasach na héagsúlachta a bhí sa tsoghluaisteacht agus san imirce; sa bhliain 2011, bhí 20,5 milliún náisiúnach tríú tíortha, dá dtagraítear go ginearálta mar imircigh sa chomhthéacs AE, ina gcónaí san AE, a sheas do thart ar 4 % de dhaonra ar fad an AE, agus bhí 12,8 milliún saoránach AE ina gcónaí i mBallstát eile seachas ina mBallstát féin, a sheas do 2,5 % den daonra AE27 (4);

9.

bíonn aois na n-imirceach éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Bhí níos mó ná leath díobh in 2011 idir 20 bliain agus 34 bhliain d'aois (5);

10.

is ar dhaoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu go mór mór atá tionchar ag éifeachtaí diúltacha na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais ar an bhfás agus ar an bhfostaíocht. Go háirithe, tá ráta dífhostaíochta na n-óg san Aontas Eorpach tar éis na leibhéil imníocha de níos mó ná 20 % a shroicheadh, agus maidir leis na daoine óga sin atá faoi bhun 25 bliain d'aois, tá na leibhéil sin ag méadú. Tá 21,1 % den aos óg idir 18-24 bliain d'aois i mbaol na bochtaineachta;

11.

leis na himeachtaí a tharla le déanaí sa Mheánmhuir Theas agus atá ag tarlú ó dheireadh na bliana 2010 i leith, spreagadh gluaiseachtaí suntasacha imirceach óg, rud a raibh tionchar díreach aige ar theorainneacha an AE;

12.

is é is aidhm don Chiste Eorpach um Lánpháirtiú Inimirceach neamh-AE (EIF) an comhar Eorpach a chur chun cinn, agus an sprioc leis cearta, freagrachtaí agus deiseanna a bheadh inchomparáide a dheonú ar chách (6).

AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:

13.

tá oideachas foirmiúil agus foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta thar a bheith tábhachtach le haghaidh lánpháirtithe agus cuimsithe shóisialta. Ba cheart go mbeadh an rochtain chéanna ag gach duine óg ar oideachas, ar oiliúint agus ar mhargadh an tsaothair. Má dhéantar daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo a lánpháirtiú i gcóras oideachais na tíre a mbeidh ag glacadh leo, féadann siad cur lena gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí, rud lena gcabhraítear go mór leo fostaíocht a aimsiú;

14.

le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, tacaítear le hoideachas foirmiúil agus féadfar léi cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch daoine óga a fheabhsú. Faoi chuimsiú an mhéid sin, is tábhachtach í an obair a dhéanann eagraíochtaí a oibríonn leis an óige agus oibrithe don ógra, go háirithe daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo;

15.

cuirtear líon mór gníomhaíochtaí a bhaineann le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta chun cinn trí chláir mhaoinithe an AE. Déantar cláir áirithe, amhail cláir um an óige, a choigeartú chun fónamh do riachtanais na hóige agus tá rochtain ag gach duine óg orthu d'ainneoin a leibhéil éagsúil oideachais, a gcúlra éagsúil ná na roghanna éagsúla atá acu;

16.

taispeántar i líon méadaitheach staidéar go bhfuil míbhuntáistí tromchúiseacha ar mhargadh an tsaothair i gcónaí ag mná agus fir óga a mbaineann cúlra imirceach leo in oideachas, i margadh an tsaothair, agus ag dul ó oideachas chuig margadh an tsaothair, cé gur glacadh le cuid mhór den ghrúpa sin daoine ar bhonn sóisialta sa tír ina gcónaíonn siad nó gur rugadh sa tír sin iad (7); Thairis sin, léirítear leis na sonraí go ndéanann an dífhostaíocht agus an t-eisiamh sóisialta níos mó difir do mhná óga ná d'fhir óga;

17.

tá géarghá le lánpháirtiú rathúil na n-imirceach i leith rathúnais, comhthuisceana agus cumarsáide ní hamháin imirceach aonair agus na sochaí áitiúla ach an AE ar an iomlán, ós rud é go gcuirtear sa chaoi sin le fás eacnamaíoch agus leis an saibhreas cultúrtha;

18.

is cuid riachtanach den bhealach chun cuimsiú sóisialta níos fearr a bhaint amach agus chun feidhmiú fónta, inbhuanaithe agus daonlathach ár sochaithe a áirithiú anois agus as seo amach é an chumhacht a thabhairt do shaoránaigh óga taistil an AE agus do gach duine óg a mbaineann cúlra imirceach leo a gcumas a chomhlíonadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta mar aon le leibhéal an AE;

19.

is údar mór imní san AE i gcónaí ciníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe, lena n-áirítear i gcás daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo. Ba cheart go n-urramófaí an Chairt um Chearta Bunúsacha an AE le haon ghníomhaíocht lena ndírítear ar dhaoine óga, lena n-áirítear daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo, agus go n-urramófaí go háirithe an neamh-idirdhealú a chur chun cinn, cearta an linbh agus cosaint sonraí pearsanta, agus níor cheart go mbeadh aon ghrúpa áirithe faoi aithis de thoradh na gníomhaíochta sin;

20.

ba cheart, le straitéisí lena ndéantar iarracht cuimsiú sóisialta a bhaint amach, rannpháirtíocht daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo a éascú sa saol daonlathach, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha.

NA TOSAÍOCHTAÍ A LEANAS A SHAINAITHINT CHUN RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS CUIMSIÚ SÓISIALTA DAOINE ÓGA A mBAINEANN CÚLRA IMIRCEACH LEO A ÉASCÚ:

Is ríthábhachtach rannpháirtíocht iomlán agus cuimsiú sóisialta na ndaoine óga go léir a chur chun cinn, go háirithe iad siúd a mbaineann cúlra imirceach leo, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

21.

páirt a thabhairt do dhaoine óga i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i measúnú na mbeartas uile a ndéantar difear dóibh;

22.

idirphlé idirchultúrtha agus tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn; go háirithe trí dhaoine ó chúlraí difriúla cultúrtha a áireamh sa tsochaí agus ar an gcaoi sin idirdhealú, ciníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac;

23.

comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain chomhionann a sholáthar ar oideachas agus oiliúint ar ardcháilíocht; athruithe gan deacrachtaí ón oideachas go dtí margadh an tsaothair;

24.

aitheantas a thabhairt do phríomhról na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta, agus don phríomhról a bhaineann le bailíocht a thabhairt do na torthaí a bhíonn orthu sin;

25.

a aithint go bhfuil ról ag eagraíochtaí don óige, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige imirceach agus do chodanna eile den tsochaí shibhialta maidir le tacú le cuimsiú daoine óga;

26.

páirt ghníomhach a thabhairt do na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta maidir le cur chun feidhme na mbeartas a bhaineann le cuimsiú sóisialta; agus feabhas a chur ar an gcomhar a thugann siad maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an imirce, lena n-áirítear tacú le rannpháirtíocht agus le cuimsiú sóisialta daoine óga;

27.

aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le teangacha oifigiúla (le teanga oifigiúil) na tíre glactha a fhoghlaim, agus le teangacha iasachta eile.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

28.

riachtanais shonracha daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo agus na deacrachtaí a bhíonn os a gcomhair amach a chur san áireamh i ndéanamh beartas agus seachadadh seirbhísí; seirbhísí a bhfuil rochtain éasca orthu a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga a raibh thíos le hidirdhealú, le seineafóibe agus le ciníochas nó atá i mbaol idirdhealaithe, seineafóibe agus ciníochais; á aithint go bhfuil saoránacht ghníomhaíocht daoine óga […] bunaithe freisin ar a gcuid freagrachtaí agus ar a dtiomantas páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí;

29.

obair don óige agus i mbeartas don óige a chur chun cinn, ar nithe iad le gur féidir feabhas a chur ar rannpháirtíocht ghníomhach, ar dhlúthpháirtíocht, agus ar thuiscint idirchultúrtha, a mbeadh glacadh leis an éagsúlacht i measc na ndaoine óga uile mar thoradh orthu, éagsúlacht atá ag dul i méid i gcónaí; modhanna nuálacha a fhorbairt, le go dtabharfaí faoi obair don óige in áiteanna a mbuaileann daoine óga le chéile;

30.

forbairt phearsanta agus folláine na ndaoine óga uile a chur chun cinn, trí dheiseanna in obair don óige, ionas go mbeidh ar a gcumas acu a n-acmhainneacht féin a bhaint amach agus a bheith ina mbaill ghníomhacha agus ghafa den tsochaí;

31.

tacaíocht a thabhairt le go mbeidh baint ina bpobail áitiúla agus rannpháirtíocht iontu ag daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo, go háirithe maidir le deiseanna foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta;

32.

rochtain ar ghníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt agus fóillíochta a mhéadú, toisc gur uirlisí tábhachtacha iad chun daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo agus saoránach óga taistil de chuid an AE a chuimsiú go sóisialta;

33.

córais oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus múinteoirí a bhfuil na hinniúlachtaí agus an oiliúint acu is gá, a fhreagraíonn do riachtanais speisialta gach foghlaimeora aonair, lena n-áirítear tacaíocht foghlama níos fearr do dhaoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo;

34.

ilteangachas saoránach taistil óg de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo a chur chun cinn agus sealbhú teanga/teangacha oifigiúil/oifigiúla na tíre ina bhfuil cónaí orthu a thacú, d'fhonn a chur ar a gcumas eolas a fháil agus páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oideachasúla, cultúrtha agus sóisialta;

35.

comhoibriú le hoibrithe don óige agus eagraíochtaí don óige, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige imirceach, chun gníomhaíochtaí foghlama piaraí a fhorbairt, a chur chun cinn agus a thacú d'fhonn cóimheas, caoinfhulaingt agus tuiscint idirchultúrtha a chothú;

36.

cuimsiú sóisialta i sochaí na faisnéise a áirithiú, trí, mar shampla, litearthacht sna meáin a fheabhsú i measc daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo;

37.

saoránaigh taistil óga de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo a thacú agus iad ag trasdul ón oideachas go dtí an obair agus rochtain chomhionann a áirithiú do gach duine óg ar scéimeanna ráthaíochta don óige i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus ar sheirbhísí;

38.

rannpháirtíocht saoránach taistil óg de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo sna struchtúir chinnteoireachta a chur chun cinn agus a rannpháirtíocht éifeachtach agus an méid a chuireann siad le beartais agus le cláir a dhéanann difear dóibh a fheabhsú;

39.

líonrú a thacú agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a spreagadh idir eagraíochtaí don óige, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige imirceach, údaráis ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus an earnáil phríobháideach freisin le go n-eagróidh siad tionscadail agus imeachtaí lena dtugtar aitheantas don éagsúlacht agus lena gcuirtear cuimsiú chun cinn, á stiúradh ag daoine óga.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

40.

páirt a thabhairt do dhaoine óga i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus i measúnú na mbeartas uile lena ndéantar difear dóibh;

41.

anailís a dhéanamh ar staid inscne-dhifreáilte na mban óg agus na bhfear óg a mbaineann cúlra imirceach leo agus tomhais a bhunú i gcomhair comhdheiseanna agus i gcomhair an chomhionannais inscne;

42.

aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach a bhíonn ag an tsochaí áitiúil maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo chun a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a mhéadú, trí oideachas foirmiúil agus trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta agus trí dheiseanna forbartha;

43.

an úsáid is fearr a bhaint as Bliain Eorpach na Saoránach 2013 d'fhonn díriú isteach ar shaorghluaiseacht agus rannpháirtíocht iomlán saoránach taistil óg de chuid an AE sa tsochaí Eorpach agus feasacht a neartú maidir le cearta agus freagrachtaí saoránach taistil óg de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo chun comhtháthú agus comhthuiscint a chur chun cinn;

44.

comhar agus sineirge na ngeallsealbhóirí éagsúla a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach, agus ar an leibhéal Eorpach araon;

45.

tacú le cláir agus le gníomhaíochtaí lena n-éascaítear rochtain ar an bhfostaíocht agus lena bhfeabhsaítear infhostaitheacht saoránach taistil óg de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo, trí ghairmthreoir a thabhairt mar aon le faisnéis maidir le deiseanna fostaíochta, oideachais agus oiliúna;

46.

féidearthachtaí seirbhísí faisnéise agus comhairleoireachta a scrúdú chun díriú ar dhaoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo, d'fhonn faisnéis agus comhairleoireacht oiriúnaithe agus nuálacha a sholáthar trí bhíthin modhanna duine le duine agus ar líne;

47.

comhar idir eagraíochtaí don óige, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige imirceach, agus na meáin chumarsáide a spreagadh agus a thacú chun íomha neamhchlaonta den ógra a mbaineann cúlra imirceach leo a chur chun cinn d'fhonn an cuimsiú sóisialta a fheabhsú;

48.

fáilte a chur roimh ghlacadh molta ón gComhairle maidir le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú agus aitheantas a thabhairt don ról atá ag eagraíochtaí don óige i measc eile mar phríomhsholáthraithe na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta, ar nithe iad atá buntábhachtach don ógra a mbaineann cúlra imirceach leo;

49.

dícheall a dhéanamh lena n-áirithiú go mbeidh cur chun feidhme na chéad glúine eile de chláir AE agus d'ionstraimí eile lena ndírítear ar an óige inrochtana agus oiriúnaithe do riachtanais gach duine óg agus an tacaíocht agus an maoiniú atá ann do ghníomhaíochtaí don óige ar gach leibhéal lena ndírítear ar chuimsiú sóisialta agus ar idirphlé idirchultúrtha daoine óga ón AE agus ó thíortha nach bhfuil san AE a neartú.

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN, FAOI CHUIMSIÚ A INNIÚLACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

50.

dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le “Cuimsiú Sóisialta” saoránach taistil óg de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo, bunaithe ar staidéir ábhartha, amhail an tuarascáil bheartais ón Ionad Comhpháirteach Taighde maidir le TFC don óige faoi mhíbhuntáiste agus an staidéar maidir leis an luach a bhaineann leis an obair don óige, staidéar lena léireofar gníomhaíochtaí éagsúla oibre don óige agus a luachmhaire atá siad do dhaoine óga san AE;

51.

feabhas a chur ar na sineirgí idir bheartais ábhartha, go háirithe an nasc idir straitéis an AE maidir leis an Óige agus an tosaíocht “Fás Cuimsitheach” de chuid Eoraip 2020;

52.

fianaise bhreise agus eolas breise a bhailiú maidir leis na hábhair Rannpháirtíocht agus Cuimsiú Sóisialta saoránach taistil óg de chuid an AE agus daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo;


(1)  Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)  IO C 311, 19.12.2009, lch 1.

(3)  Chun críocha na gconclúidí seo, úsáidfear an téarma “daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo” chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine óga a bhfuil cónaí dleathach acu agus ar náisiúnaigh tríú tíortha iad beag beann ar an áit inar rugadh iad agus orthu siúd a tháinig le bheith ina náisiúnaigh den Bhallstát glactha ach ar rugadh a dtuismitheoirí lasmuigh den AE. Chun críocha na gconclúidí seo, úsáidfear an téarma “saoránaigh taistil de chuid an AE” chun tagairt a dhéanamh do na saoránaigh AE sin a bhfuil cónaí orthu i dtír AE nár rugadh iad féin ann ná nár rugadh a dtuismitheoirí ann, a chleachtann a gceart chun saorghluaiseachta agus cónaithe faoin gConradh. Tá difear soiléir idir na creataí dlí a mbíonn feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tíortha agus le Saoránaigh AE a chleachtann a gceart chun saorghluaiseachta. Ba cheart a thabhairt dá n-aire go bhfuil feidhm ag gach beart a thagraíonn do lánpháirtiú le náisiúnaigh tríú tíortha cé go bhfuil feidhm ag cuimsiú agus ag an rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí áitiúil le saoránaigh taistil óga de chuid an AE agus le daoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo araon.

(4)  Eurostat - Staidreamh i bhfócas 31/2012.

(5)  Foinse: Eurostat (migr_pop2ctz).

(6)  Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár ginearálta um Dhlúthpháirtíocht agus um Bainistiú Sreabha Imirce (IO L 168, 28.6.2007, lch. 18).

(7)  Staidéar an FRA maidir le himircigh, mionlaigh agus fostaíocht (2011).


IARSCRÍBHINN

Cúlra polaitiúil

1.

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le tionscnaíocht, fiontraíocht agus cruthaitheacht daoine óga a chur chun cinn: ón eisiamh chuig an gcumhachtú (1).

2.

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 22 Bealtaine 2008 maidir le rannpháirtíocht daoine óga nach bhfuil mórán deiseanna acu (2).

3.

Na Conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le hoideachas leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo (3).

4.

Rún ón gComhairle an 27 Samhain 2009 maidir le creat athnuaite le haghaidh comhair Eorpaigh i réimse na hóige (2010-2018) (4).

5.

Na Conclúidí ón gComhairle an 18 Samhain 2010 maidir leis an ról atá ag an spórt mar fhoinse agus mar thiomántán don chuimsiú sóisialta gníomhach (5).

6.

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hobair don óige (6).

7.

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le cuimsiú gníomhach daoine óga: an dífhostaíocht agus an bhochtaineacht a chomhrac (7).

8.

Conclúidí ón gComhairle maidir le bochtaineacht leanaí a chomhrac agus folláine leanaí a chur chun cinn - a glacadh an 17 Meitheamh 2011 (8).

9.

Conclúidí ón gComhairle maidir le hinniúlachtaí teanga i ndáil le soghluaisteacht a fheabhsú (9).

10.

Na Conclúidí ón gComhairle maidir le Clár Oibre Eorpach i ndáil le Náisiúnaigh Thríú Tíortha a Lánpháirtiú, conclúidí a ghlac an Chomhairle CGB i mí na Nollag 2011 (10).

11.

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach chun Náisiúnaigh Thríú Tíortha a Lánpháirtiú (11).

12.

Eoraip 2020 - Straitéis Eorpach maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (12).


(1)  IO C 196, 12.7.2001, lch. 2.

(2)  IO C 141, 7.6.2008, lch. 1.

(3)  IO C 301, 11.12.2009, lch. 5.

(4)  IO C 311, 19.12.2009, lch. 1.

(5)  IO C 326, 3.12.2010, lch. 5.

(6)  IO C 327, 4.12.2010, lch. 1.

(7)  IO C 137, 27.5.2010, lch. 1.

(8)  Doic. 11844/11.

(9)  IO C 372, 20.12.2011, lch. 27.

(10)  Doic. 18296/11.

(11)  COM(2011) 455 final.

(12)  COM(2010) 2020 final.


19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/20


Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le ceapadh bheartas spóirt ar bhonn fianaise a neartú

2012/C 393/06

FÓGRAÍONN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AN MÉID SEO A LEANAS,

1.   AG MEABHRÚ DÓIBH

1.

sainordú an AE, de bhun Airteagal 165 CFAE, an ghné Eorpach sa spórt a fhorbairt agus saincheisteanna Eorpacha spóirt a chur chun cinn;

2.

Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2011-2014 (1), a glacadh an 20 Bealtaine 2011, lenar tugadh tosaíocht ard don obair i dtreo cheapadh bheartas spóirt ar bhonn fianaise ar leibhéal an AE agus lenar bunaíodh Sainghrúpa umStaidreamh Spóirt abhfuil sé mar shainordú aige moltaí a chur ar fáil maidir le bailiú sonraí i réimse an spóirt a chur chun cinn tuilleadh bunaithe ar obair leanúnach;

3.

An Páipéar Bán ón gCoimisiún maidir le Spórt an 7 Iúil 2007 (2) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an nGné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt an 18 Eanáir 2011 (3) lenar léiríodh tábhacht bonn fónta fianaise mar bhunchloch i gceapadh bheartas spóirt, lena n-áirítear sonraí inchomparáide ar fud an AE maidir le gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha den Spórt, agus lena leagtar amach gníomhaíocht nithiúil chun aghaidh athabhairt ar an riachtanas sin;

4.

an comhar struchtúraithe atá ann, ar leibhéal an AE, idir na Ballstáit i réimse anstaidrimh spóirt, comhar atá á éascú ag an gCoimisiún agus atá ar bun go leanúnach ó 2006 agus lenar forbraíodh modheolaíocht choiteann chun tábhacht eacnamaíoch anspóirt a thomhas, bunaithe ar shainmhíniú comhaontaithe de chuid an AE (“Sainmhíniú Vilnius ar an Spórt”), chomh maith le Cuntais Satailíte Spóirt (4) i roinnt Ballstát;

5.

na staidéir ar fud an AE a sheol an Coimisiún in 2010 agus 2011 faoi seach maidir leis “An méid a chuireann an spórt le fás eacnamaíoch agus le fostaíocht san AE” agus maidir le “Feidhm mhonatóireachta a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo don spórt san AE” (5);

6.

an chéad Chomhdháil AE maidir le Staidreamh Spóirt, a tionóladh sa Bhruiséil an 23 Márta 2011, lenar deimhníodh an tábhacht a bhaineann le sonraí spóirt níos fearr agus níos inchomparáide (6).

2.   AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS

1.

Tá mórthionchar ag an ngéarchéim reatha airgeadais agus eacnamaíocha ar chaiteachas poiblí ar fud an AE, rud a ghríosaíonn go leor Ballstáit acmhainní a dhíriú ar réimsí beartas ina ngintear fás agus fostaíocht;

2.

Cé go bhfuil taighde déanta ar thionchar eacnamaíoch an spóirt ar leibhéil éagsúla, ní toradh inchomparáide a bhí ar an taighde sin ar fud na dtíortha. Tá fianaise ag dul i méid inniu gur mór a chuireann an spórt le geilleagar na hEorpa agus gur gnéthábhachtach den fhás eacnamaíoch agus den fhostaíocht (7) é freisin, agus go n-áiríthítear leis comhtháthú sóisialta, folláine agus forbairt scileanna boga (8), agus gogcuireann an spórt le spriocanna na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach arbhealach faoi leith.

3.

De réir staidéir a rinneadh ar fud an AE le déanaí is fiú 1,76 % den oll-bhreisluach iomlán san AE é sciar an spóirt (9). Nuair a chuirtear éifeachtaí iolraitheora san áireamh, is fiú 2,98 % den oll-bhreisluach iomlán san AE é sciar an spóirt. Ina theannta sin, cruthaíodh gur fás dlúthshaothair é an fás in earnáil an spóirt, mar a léirítear le sciar níos airde an spóirt i bhfostaíocht fhoriomlán an AE (ionann is 2,12 %) ná in oll-bhreisluach. I bhfianaise an dlúthshaothair sin atá go díréireach ard, tá ról tábhachtach ag an spórt chun an fhostaíocht a bhuanú;

4.

Féadfar feabhas a chur ar cháilíocht na mbeartas spóirt trí shonraí éagsúla a bhaineann le spórt a bhailiú agus a úsáid nuair a bheidh beartas á cheapadh. Meastar, i ndáil leis anméid sin, gur uirlis luachmhar iad cuntais satailíte spóirt chun fianaise do cheapadh bheartais spóirt a chur ar fáil. Tá dul chun cinn den scoth déanta i roinnt Ballstát maidir le tábhacht eacnamaíoch an spóirt a thomhas trí Chuntas Satailíte Spóirt a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta.

5.

Is é an bealach is fearr le comhar feabhsaithe a bhaint amach chun leibhéal na feasachta maidir le spórt san AE a fhorbairt comhar trasearnála a chur ar bun idir an lucht acadúil, tionscal an spóirt, an ghluaiseacht spóirt chomh maith le rannpháirtíocht na n-údarás poiblí náisiúnta agus Eorpach, lena n-áirítear na hoifigí staidrimh;

6.

Léiríodh gur uirlis úsáideach iad suirbhéanna Eorabharaiméadair chun treochtaí i measc na mBallstát maidir leis an toradh a bhíonn ar bheartais éagsúla spóirt a chur i gcomparáid thar tréimhse ama; ní fhéadfar, áfach, iad a chur in ionad na sonraí fónta staidrimh a chuireann Eurostat ar fáil tríd an gcóras staidrimh Eorpach;

7.

Tá an chéad tacar bunspriocanna inghnóthaithe (10) maidir le gnéithe sonracha de bhonn neartaithe fianaise forbartha ag an Sainghrúpa um Staidreamh Spóirt, i gcomhréir leis an sainordú atá aige. Cuimsíonn sé:

moltaí beartais bunaithe ar an staidéar maidir leis an méid a chuireann an spórt le fás eacnamaíoch agus le fostaíocht san AE, agus

lámhleabhar do na hoifigí staidrimh náisiúnta maidir leis an mbealach ina bhféadfar Cuntais Satailíte Spóirt a chur ar bun.

8.

Agus forbairt á déanamh ar bhonn feabhsaithe bunaithe ar fianaise chun beartas spóirt a cheapadh, ní mór srianta buiséadacha de bharr na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon a chur san áireamh.

3.   IARRANN SIAD AR BHALLSTÁIT AN AE:

1.

Leanúint leis an dul chun cinn maidir le Cuntais Satailíte Spóirt a fhorbairt dá ndeoin féin trí leas a bhaint as na huirlisí modheolaíocha atá ar fáil, trí úsáid a bhaint as na struchtúir chomhair atá ann cheana ar leibhéal an AE agus trí ghníomhú chun rannpháirteachas na struchtúr ábhartha rialtais a chinntiú, lena n-áirítear oifigí náisiúnta staidrimh.

2.

Tionscnaimh a spreagadh agus a chur chun cinn lena ndírítear ar bhailiú agus scaipeadh faisnéise agus sonraí maidir leis an spórt a fheabhsú, lena n-áirítear sonraí náisiúnta atá ann cheana, chun beartais spóirt ar bhonn fianaise a neartú.

4.   IARRANN SIAD AR UACHTARÁNACHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Feabhas a chur ar an mbonn fianaise maidir leis na gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an spórt san AE agus sna Ballstáit, mar shampla trí na hábhair sin a áireamh sa Chlár Staidrimh Eorpach 2013-2017 agus sna Cláir Staidrimh Eorpacha Bliantúla a bhíonn ann ina dhiaidh sin.

2.

Saothrú chun an comhar idir na struchtúir ábhartha institiúideacha don spórt agus don staidreamh ar leibhéal AE agus sna Ballstáit a fheabhsú d'fhonn feasacht a mhéadú ar an ngá atá le sonraí fónta agus inchomparáide maidir leis an spórt.

3.

Tuiscint níos leithne a chur chun cinn, lena gcuirfí an fhianaise atá ann cheana san áireamh, ar ról bunriachtanach an spóirt mar ghné thábhachtach den fhás eacnamaíoch, den fhostaíocht agus d'fhorbairt scileanna, agus den chomhtháthú sóisialta, i gcomhthéacs cheapadh beartais náisiúnta agus réigiúnaigh agus i gcomhthéacs na straitéise Eoraip 2020.

5.   IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Ar bhonn na hoibre atá déanta cheana sa réimse seo, machnamh a dhéanamh ar leas a bhaint as ionstraimí maoinithe an AE atá ar fáil cheana agus a bheidh ann amach anseo chun tacú le hiarrachtaí náisiúnta Cuntais Satailíte Spóirt a fhorbairt.

2.

Neartú an bhoinn fianaise maidir le spórt a chur chun cinn, go háirithe, ar bhonn na hoibre atá déanta sa réimse seo cheana, iarrachtaí náisiúnta chun Cuntais Satailíte Spóirt a fhorbairt agus chun dea-chleachtais a roinnt ar leibhéal AE d'fhonn an méid a chuireann an spórt leis an bhfás eacnamaíoch a thomhas go himpiriciúil agus chun fostaíocht san Eoraip a chosaint agus a leathnú;

príomhriachtanais sonraí a shainaithint le haghaidh beartas spóirt san Eoraip a cheapadh, amhail rannpháirteachas sa spórt, agus, ina dhiaidh sin, obair a dhéanamh i dtreo sonraí spóirt ar fud an AE sna réimsí sin a bhailiú agus a scaipeadh;

seoladh agus scaipeadh suirbhéanna AE, amhail an Eorabharaiméadar, agus staidéir i gcomhréir leis na tosaíochtaí polaitiúla don spórt arna sainaithint ag an gComhairle, agus tríd an spórt a chur san áireamh i suirbhéanna Eurostat atá ann cheana.


(1)  IO C 162, 1.6.2011, lch. 1.

(2)  An Páipéar Bán ón gCoimisiún Eorpach maidir le Spórt, COM(2007) 391 final.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach “An Ghné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt”, COM(2011)12 final.

(4)  Sainmhínítear córas de chuntais satailíte (anseo: cuntas satailíte spóirt - SSA) mar chreat stóinsithe staidrimh chun tábhacht eacnamaíoch tionscail ar leith a thomhas (anseo: earnáil naspórt) sa gheilleagar náisiúnta.

(5)  http://ec.europa.eu/sport/preparatory_actions/studies-surveys-conferences-and-seminars_en.htm

(6)  http://ec.europa.eu/sport/news/eu-conference-on-sport-statistics_en.htm

(7)  Achoimre fheidhmeach “Staidéar ar an méid a chuireann an spórt le fás eacnamaíoch agus lefostaíocht san AE”: http://ec.europa.eu/sport/library/documents/b1/eusf2012-executive-summary-study-costegaeiteu-august-2012.pdf. Ar cheann de shainchuspóirí an staidéir bhí creat modheolaíoch a fhorbairt lena gcuirtear tionchar eacnamaíoch an spóirt san AE san áireamh. Chun sin a mheas, cuireadh gach meastachán náisiúnta isteach sa staidéar i gcóras ilréigiúnach chuntais satailíte spóirt (ar an mbonn gur ionadaí é gach Ballstát ar aonán réigiúnach den AE-27) i gcomhréir le Sainmhíniú Vilnius ar Spórt.

(8)  Tá ról ríthábhachtach ag na scileanna boga agus inniúlachtaí - obair ghrúpa, smacht, tionscnaíocht, buanseasmhacht, scileanna eagrúcháin - a fhaightear trí pháirt a ghlacadh saspórt nó spórt a eagrú ar leibhéal an phobail maidir le daoine a eagrú do mhargadh antsaothair, áit a gcuirtear luach an-ard ar scileanna mar sin;

(9)  De thoradh air sin, tá sciar an spóirt i mbreisluach Eorpach inchomparáide le sciar na talmhaíochta, na foraoiseachta, agus na hiascaireachta araon agus beagnach 2.5 uair níos mó ná an mhianadóireacht agus an chairéalacht, agus cumhdaíonn sé ar a laghad níos mó ná ancúigiú cuid de ghníomhaíochta na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear árachas agus cistiú pinsin. Baineann gach seascadú Euro a ghintear agus a thuilltear san AE le spórt. “Staidéar ar an méid a chuireann an spórt le fás eacnamaíoch agus le fostaíocht san AE”: http://ec.europa.eu/sport/library/documents/b1/eusf2012-executive-summary-study-costegaeiteu-august-2012.pdf

(10)  http://ec.europa.eu/sport/library/documents


19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/22


Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn (GFC)

2012/C 393/07

FÓGRAÍONN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AN MÉID SEO A LEANAS:

1.   AG MEABHRÚ DÓIBH CÚLRA POLAITIÚIL NA SAINCHEISTE SEO MAR ATÁ LEAGTHA AMACH SAN IARSCRÍBHINN AGUS GO HÁIRITHE

1.

Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2011-2014 (1), a glacadh an 20 Bealtaine 2011, lenar sainaithníodh an ghníomhaíocht fholláin choirp (GFC) mar thosaíocht don chomhar spóirt ar leibhéal an AE agus lenar bunaíodh Sainghrúpa um Spórt, Sláinte agus Rannpháirtíocht a mbeadh sé de shainordú aige féachaint na bealaí a bhféadfaí GFC agus rannpháirtíocht i spórt an phobail a chur chun cinn;

2.

An Páipéar Bán ón gCoimisiún maidir le Spórt an 7 Iúil 2007 (2) inar léiríodh tábhacht na gníomhaíochta coirp agus inar leagadh amach plean chun go molfadh an Coimisiún treoirlínte maidir le gníomhaíocht choirp faoi dheireadh 2008; agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2011 maidir leis an nGné Eorpach den Spórt a fhorbairt (3), lenar aithníodh gur cuid bhunriachtanach é an spórt d'aon chur chuige sa bheartas poiblí lena ndíreofaí ar an ngníomhaíocht choirp a fheabhsú agus lenar iarradh go leanfaí ar aghaidh chun treoirlínte náisiúnta a bhunú, lena n-áirítear próiséas athbhreithnithe agus comhordaithe;

2.   AG TABHAIRT DÁ n-AIRE:

1.

Treoirlínte ón AE maidir le Gníomhaíocht Choirp, ar léiríodh sásamh ina leith sna Conclúidí ón Uachtaránacht den Chruinniú Neamhfhoirmiúil a bhí ag Airí Spóirt an AE i mí na Samhna 2008 agus lena spreagtar beartais trasearnála a chur chun feidhme chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn ar mhaithe leis an bpobal ar fad neamhspleách ar aicme shóisialta, aois, inscne, ar chine, eitneacht nó acmhainn choirp (4);

3.   AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:

1.

Tá sé sainithe ag an EDS le déanaí gurb é an easpa gníomhaíochta coirp an ceathrú toisc riosca is mó do mhortlaíocht anabaí agus do ghalar ar fud an domhain (5).

2.

Tá an ghníomhaíocht choirp ar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun galair neamhthógálacha a chosc agus otracht a chomhrac (6). Tá fianaise ag teacht chun solais freisin i dtaobh an chomhghaoil dhearfaigh atá ann idir an aclaíocht agus an tsláinte mheabhrach agus na próisis chognaíocha (7). Déanann an easpa gníomhaíochta coirp díobháil ní hamháin do shláinte an duine aonair ach do chórais sláinte agus don gheilleagar trí chéile, de bharr na gcostas suntasach eacnamaíoch, idir dhíreach agus indíreach, a bhaineann léi (8). Agus tairbhí na gníomhaíochta coirp á gcur san áireamh i ndáil leis an gcosc, le cóir leighis agus leis an athshlánú, is léir í a bheith tábhachtach ag gach aois agus bheith ábhartha go háirithe agus daonra na hEorpa ag dul in aois agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun ardchaighdeán beatha a choinneáil ag gach aois.

3.

Agus muid níos feasaí anois maidir le tábhacht GFC i gcaitheamh an tsaoil, tá dlús á chur le cur chun cinn na gníomhaíochta coirp ar leibhéal éagsúla agus trí straitéisí, bheartais agus chláir éagsúla. Rinneadh iarrachtaí suntasacha i roinnt Ballstát den AE le go mbeadh saoránaigh in ann níos mó gníomaíochta coirp a dhéanamh agus á spreagadh chuige sin. Ardú feasachta arb é is aidhm leis an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus a mbíonn earnáil an spóirt páirteach iontu, is féidir leis bheith úsáideach chun teacht ar na saoránaigh.

4.

Ar an mórgóir, le blianta beaga anuas níl aon mhéadú tagtha ar an gcéatadán de shaoránaigh den AE a chleachtann an leibhéal gníomhaíochta coirp atá molta dóibh. i roinnt tíortha, tá rátaí na gníomhaíochta coirp ag titim fiú (9). Is ábhar mór buartha, idir shóisialta agus eacnamaíoch agus ó thaobh sláinte de, don AE agus dá Bhallstáit go bhfuil na rátaí reatha neamhghníomhaíochta coirp chomh ard sin.

5.

Caithfidh earnálacha éagsúla, a sonraítear anseo thíos i mír 6, bheith páirteach sna hiarrachtaí chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus chun na rátaí gníomhaíochta coirp a mhéadú dá réir, lena n-áirítear earnáil an spóirt os rud é gur bonn maith iad na gníomhaíochtaí spóirt agus an "spórt do chách" don ghníomhaíocht choirp.

6.

Cuireann Treoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp bunús maith ar fáil chun beartais trasearnála a spreagadh chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn, go háirithe i réimsí an spóirt, na sláinte, an oideachais, an chomhshaoil, na pleanála uirbí agus an iompair, trí threoir a thabhairt do na Ballstáit i ndáil lena straitéisí náisiúnta GFC a fhorbairt.

7.

Tá na Treoirlínte nó prionsabail áirithe a bhaineann leo á gcur chun feidhme cheana ag roinnt Ballstát mar chuid dá mbeartais agus straitéisí náisiúnta. Ar an iomlán, áfách, tá bearnaí móra idir cur chuige na mBallstát éagsúla, agus d'fhéadfaí feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na mbeartas GFC mar a leagtar amach sna treoirlínte.

8.

I gcomhréir lena shainordú, tá an Sainghrúpa um Spórt, Sláinte agus Rannpháirtíocht tar éis tacar de bhearta a mholadh maidir le gnéithe sonracha den GFC a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí. Áirítear leo (10):

moltaí do thionscnamh ón AE chun cur chun feidhme Threoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp a chur ar aghaidh sna Ballstáit trí bhíthin scéim faireacháin éadroim;

treoir maidir le comhar breise idir earnáil an spóirt agus earnáil an chúraim sláinte sna Ballstáit;

tacar de prionsabail maidir le ról na gníomhaíochta coirp san aoisiú gníomhach san AE agus ina chuid Ballstát.

4.   IARRANN SIAD AR BHALLSTÁIT AN AE AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Leanúint leis an dul chun cinn maidir le straitéisí agus beartais trasearnála a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena ndírítear ar an ngníomhaíocht choirp a chur chun cinn bunaithe ar Threoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp nó na prionsabail a bhaineann leo.

2.

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh ar an leibhéal iomchuí chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn in earnáil an spóirt, amhail, mar shampla, treoirlínte sonracha chun feabhas a chur ar an ngníomhaíocht choirp i gclubanna spóirt áitiúla, cláir shonracha a thabharfadh eagraíocht spóirt do spórt áirithe isteach don spórt sin, agus sin a dhéanamh bunaithe ar an bprionsabal "spórt do chách" nó ar bhearta sonracha i gclubanna corpacmhainne, arbh í an ghluaiseacht spóirt nó an earnáil chorpacmhainne a d'fhéadfadh iad a chur i bhfeidhm agus lena n-éascófar comhar le hearnálacha eile dá mbarr, go háirithe i réimsí an oideachais agus na sláinte.

3.

A spreagadh go gcuimsítear gníomhaíocht choirp mar thacaíocht don aoisiú gníomhach i mbeartais náisiúnta agus i scéimeanna maoinithe spóirt, agus measúnú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar thionscadail a spreagadh lena ndíreofar ar GFC a chur chun cinn i measc daoine scothaosta agus lena gcuirfí na leibhéil éagsúla cumais aclaíochta san áireamh.

4.

Mar is iomchuí agus de réir an chórais chúraim sláinte náisiúnta, comhar níos dlúithe a chur chun cinn idir earnáil an spóirt, earnáil an chúraim sláinte agus earnálacha eile, lena gcuirfí na dea-chleachtais atá forbartha i roinnt Ballstát san áireamh.

5.

Féachaint an bhféadfaí leas a bhaint as bealaí chun feasacht a ardú, ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil faoi seach, chun suim na saoránach a spreagadh maidir le stíl mhaireachtála níos gníomhaí a bheith acu.

5.   IARRANN SIAD AR UACHTARÁNACHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN GCOIMISIÚN, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Comhar a mhéadú idir na réimsí beartais sin a bhfuil freagracht orthu, i gcomhréir le Treoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp, i ndáil leis an ngníomhaíocht choirp a chur chun cinn, go háirithe earnálacha an spóirt, na sláinte, an oideachais, na pleanála uirbí agus an iompair.

2.

I ndáil leis an mBliain Eorpach um Aosú Gníomhach agus um Dhlúthpháirtíocht idir Glúine 2012, a áirithiú go ndéantar prionsabail na gníomhaíochta coirp mar thacaíocht don aoisiú gníomhach, mar a d'fhorbair an Mheitheal Saineolais um Spórt, um an tSláinte agus um Rannpháirteachas iad a chur san áireamh san obair pholaitiúil a leanfaidh as an mBliain sin, nuair is iomchuí sin.

3.

Feabhas a chur ar bhonn na fianaise do bheartais a cheaptar chun GFC agus rannpháirtíocht sa spórt san AE agus ina chuid Ballstát a chur chun cinn, tríd an ghníomhaíocht choirp a chur san áireamh sa Chlár Staidrimh Eorpach 2013-2017.

6.   IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

I bhfianaise na hoibre a rinneadh sa réimse seo cheana, go háirithe i bhfianaise Threoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp, togra le haghaidh Molta ón gComhairle maidir le GFC a chur i dtoll a chéile, agus féachaint an bhféadfaí faireachán éadrom a úsáid chun an dul chun cinn a mheas, mar aon le tacar beag táscairí lena gcuirfear, a mhéid is féidir, le foinsí eolais atá ar fáil cheana arna sainaithint ag an Meitheal Saineolais um Spórt, um an tSláinte agus um Rannpháirteachas.

2.

Suirbhéanna rialta a eisiúint maidir le spórt agus gníomhaíocht choirp, lena gcuirfear san áireamh taighde a bhaineann le GFC in aon chlár taighde de chuid an AE a bheidh ann amach anseo.

3.

Tacú le comhroinnt na ndea-chleachtas san AE maidir le GFC agus an rannpháirtíocht sa spórt, agus an chomhroinnt sin a chur chun cinn, trí thacaíocht do thionscadail agus trí na torthaí orthu a scaipeadh mar chuid de scéimeanna agus cláir maoiniúcháin ábhartha an AE, i measc nithe eile. D'fhéadfadh dea-chleachtais a chomhroinnt sna réimsí seo a leanas:

Oideachas, faisnéis agus méadú na feasachta poiblí ar na leibhéil iomchuí go léir;

Comhar idir earnálacha ábhartha beartais, agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí ábhartha chun na treoirlínte atá ann cheana a chur chun feidhme;

ról na gluaiseachta spóirt, go háirithe na clubanna, agus eagraíochtaí "spórt do chách";

Straitéisí, beartais agus cláir ar éiríodh leo, agus torthaí na meastóireachtaí;

Beartais agus bearta reachtachta a d'fhéadfaí leas a bhaint astu ar éirigh leo chun aghaidh a thabhairt ar an easpa gníomhaíochta coirp i mBallstáit aonair an AE.

4.

Féachaint an bhféadfaí Seachtain Eorpach Spóirt bhliantúil (agus na gnéithe airgeadais agus eagraíochtúla a bhaineann leis sin á gcur san áireamh) a bhunú mar bhealach chun gníomhaíocht choirp agus an rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn ar gach leibhéal, trí thionscnaimh náisiúnta chomhchosúla a chur san áireamh agus i gcomhar le heagraíochtaí spóirt ábhartha. Ba cheart go gcuirfeadh an tseachtain sin le feachtais fheasachta atá ann cheana féin, trí na ceachtanna a foghlaimíodh uathu a chur san áireamh agus trí luach a chur leo, trí leas a bhaint as oidhreacht na dtionscadal gaolmhar a maoiníodh faoi Bheart Ullmhúcháin 2009 i réimse an spóirt, chomh maith le torthaí na dtionscadal a maoiníodh tríd an nglaoch gaolmhar ar thograí faoi Bheart Ullmhúcháin 2012 lenar cumhdaíodh méadú feasachta ar an spórt.


(1)  IO C 162, 1.6.2011, lch. 1.

(2)  11811/07 - COM (2007) 391 final.

(3)  5597/11 - COM(2011) 12 final.

(4)  Treoirlínte an AE maidir le Gníomhaíocht Choirp: http://ec.europa.eu/sport/library/documents/c1/eu-physical-activity-guidelines-2008_en.pdf.Conclúidí Uachtaránacht na Fraince maidir le spórt agus sláinte: http://ec.europa.eu/sport/library/documents/b21/ue08pfue_conclusions_presidence_definitives_en.pdf

(5)  Moltaí Domhanda maidir le Gníomhaíocht Choirp don tSláinte, EDS, 2010.

(6)  http://www.who.int/healthinfo/global_burden_disease/global_health_risks/en/index.html

(7)  http://www.health.gov/paguidelines/Report/pdf/CommitteeReport.pdf

(8)  EDS Eoraip (2007): Creat Eorpach chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn ar mhaithe leis an tsláinte.

(9)  An Coimisiún Eorpach: Eurobaraiméadar Speisialta 183-6 (Nollaig 2003), 246 (Samhain 2006), 213 (Samhain 2004) agus 334 (Márta 2010).

(10)  http://ec.europa.eu/sport/news/20120803-eu-xg-shp-fin-rpt_en.htm


IARSCRÍBHINN

Conclúidí ón gComhairle an 1 agus 2 Nollaig 2011 maidir le deireadh a chur le bearnaí sláinte san AE trí ghníomh comhbheartaithe a dhéanamh le stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun cinn (1);

Páipéar Bán ón gCoimisiún Eorpach “Straitéis don Eoraip maidir le Cothú, Rómheáchan, Murtall agus saincheisteanna gaolmhara sláinte” (2);

Cinneadh Uimh. 940/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2011 maidir le Bliain Eorpach um Aosú Gníomhach agus um Dhlúthpháirtíocht idir Glúine (2012) (3), lena n-áirítear ról na gníomhaíochta coirp sa chomhthéacs sin.


(1)  16708/11.

(2)  9838/07 - COM (2007) 279 final.

(3)  IO L 246, 23.9.2011, lch. 5.