ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2012.314.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

55
18 Deireadh Fómhair 2012


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2012/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/247/12 — Ceann Aonaid (AD 12), an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, (Karlsruhe na Gearmáine)

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

8

(DA/EL/HU/IT/MT/PL)

10

 

17

(LT)

20

(EN)

22

(DE/EN/FR)

27

 

30

(FR)

31

(ES)

37

 

44

 

46

 

53

 

55

 

59

 

69

(DE/EN/FR)

70

(EL)

71

(ES)

74

(HU)

75

(NL)

76

 

77

(RO)

84

(DE/EN/FR)

86

 

90

(EN)

101

 

110

(DE/EN/FR)

114

 

121

(BG)

122

 

134

 

136

(PT)

140

 

144

(DE/EN/FR)

146

(CS/DA)

160

 

161

 

169

(DE/EN/FR)

180

(DE/EN/FR)

187

 

189

 

197

(DA/DE/EN/SK)

198

(EN/FR)

199

(DE/EN/FR)

204

(ET/GA/LV/PT)

206

(CS)

210

(LT)

211

(MT)

212

(PL)

214

(SK)

215

(DE/EN/FR)

228

(SL)

266

 

270

 

274

(CS)

275

(LV)

276

(DE/EN/FR)

278

 

281

(MT)

283

(SV)

285

(ES)

288

(DE/EN/FR)

290

 

291

 

292

(HU)

294

(BG)

296

(BG)

300

 

302

 

304

(DE/EN/FR)

305

 

307

(DE/EN/FR)

314

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 314 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

18.10.2012   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/247/12 — Ceann Aonaid (AD 12), an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, (Karlsruhe na Gearmáine)

(2012/C 314 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a chur i dtoll a chéile.

EPSO/AST/247/12 — Ceann Aonaid (1) (AD 12)

Bainistiú láithreáin agus sábháilteacht núicléach ag an Institiúid um Dhúile Trasúránacha (Karlsruhe na Gearmáine), an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coimisiún Eorpach

Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a chur i dtoll a chéile chun post folamh sa Choimisiún Eorpach a líonadh.

Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór duit an treoir a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh cé is moite de phointí 4, 5.3, 5.4, 6.2 agus 6.3. Tá an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra comórtais seo curtha in ionad phointí 5.3, 5.4 agus 6.2.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na rialacha mionsonraithe maidir le hiarratas a chur isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

V.

IONAD MEASÚNAITHE AGUS TRIALACHA

VI.

PAINÉAL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN

I.   CÚLRA

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo: 3.

II.   DUALGAIS

Comhordaíonn an tAonad “Bainistiú láithreáin agus sábháilteacht núicléach” na gníomhaíochtaí uile nach mór don Institiúid a dhéanamh chun na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh maidir le radachosaint, cosaint fhisiceach, cosaint an chomhshaoil, agus sláinteachas agus sábháilteacht san ionad oibre. Soláthraíonn an tAonad do na haonaid eolaíochta na seirbhísí teicniúla atá de dhíth orthu chun a gcuid oibre a dhéanamh agus áirithíonn sé go ndéantar foirgnimh, bonneagair agus gléasraí a chothabháil agus a dheisiú go rialta.

Is é príomhghníomhaíocht an Chinn Aonaid cúraimí bainistíochta a dhéanamh faoi réir údarás Stiúrthóir na hInstitiúide um Dhúile Trasúránacha in Karlsruhe (na Gearmáine), ar ceann d'institiúidí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh í.

Is éard atá i gceist leis na freagrachtaí sin, go príomha, gach gníomhaíocht is gá a eagrú chun go bhfeidhmeoidh an Institiúid um Dhúile Trasúránacha mar is ceart, mar atá:

monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le radachosaint, cosaint fhisiceach, cosaint an chomhshaoil, agus sláinteachas agus sábháilteacht san ionad oibre, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na Gearmáine,

feidhmíocht shábháilte gléasraí, lena n-áirítear cosc agus brath tionóiscí agus stiúradh idirghabhálacha, más gá,

bainistiú dramhaíle radaighníomhaí (iompar, stóráil, cuntasaíocht etc.).

Glacfaidh an Ceann Aonaid freagracht dhlíthiúil as cosaint fhisiceach agus cosaint ar an radaíocht sa láithreán. Tabharfaidh sé comhairle don Stiúrthóir maidir le ceanglais dhlíthiúla (“Atomgesetz” agus “Strahlenschutzverordnung”) agus déanfaidh sé gach ar gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh na gléasraí i gcomhréir leis na rialacha. Is é idirghabhálaí ainmnithe údaráis inniúla na Gearmáine é, go háirithe a fhad a bhaineann le ceadúnais saothraithe.

Chun na cúraimí thuasluaite a dhéanamh, tá sé fíor-riachtanach an Ghearmáinis, idir labhairt agus scríobh, a bheith ar a thoil ag an gCeann Aonaid.

Tá na freagrachtaí bainistíochta roinnte, go bunúsach, ina dtrí aicme:

 

Cúrsaí oibríochtúla:

Cuspóirí straitéiseacha an aonaid a shainiú agus a chlár oibre feidhmíochta a fhormheas, i gcomhréir le cuspóirí na Stiúrthóireachta/na hArdstiúrthóireachta.

Féachaint chuige go n-eagrófar agus go roinnfear an obair go héifeachtach san aonad chun na cuspóirí a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach.

An méid a baineadh amach na cuspóirí a mheas le táscairí cuí agus trí thuarascálacha bainistíochta a tharraingt suas ar na torthaí a fuarthas.

A sheiceáil go bhfuil na cinntí agus na hoibríochtaí i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta oifigiúla.

 

Bainistíocht acmhainní:

Bainistíocht éifeachtach foirne a áirithiú, i gcomhréir le beartas na hinstitiúide maidir le hacmhainní daonna, féachaint aonad éifeachtach a fhorbairt a bhfuil an comhar go diongbháilte ann. Ciallaíonn sin, go háirithe, go mbeidh sé ar chumas an Chinn Aonaid inniúlachtaí gach baill foirne a fhorbairt agus a úsáid chomh maith agus is féidir é, agus aon choinbhleachtaí san fhoireann a thuar agus a láimhseáil.

Riachtanais airgeadais a chinneadh agus na hacmhainní buiséadacha bliantúla a thugtar don aonad a bhainistiú.

 

Cúrsaí cumarsáide agus ionadaíochta:

Caidreamh idirghníomhach a chur ar bun agus a choinneáil ar bun san aonad, chun go mbeidh an fhoireann ar an eolas faoi chúrsaí tábhachtacha polaitiúla agus straitéiseacha agus chun go bhfaighidh siad aiseolas cuí faoina gcuid oibre.

Féachaint chuige go rachfar i mbun comhairle, comhordú agus/nó idirbheartaíochta le seirbhísí nó Institiúidí eile faoi cheisteanna a bhaineann le hobair an aonaid.

Ionadaíocht a dhéanamh don aonad, don roinn nó don tseirbhís sna coistí, sna meithle nó sna comhlachtaí eile, laistigh den Institiúid agus lasmuigh di.

Ní foláir do na freagrachtaí uile atá luaite thuas meon na seirbhíse agus ciall don eagraíocht a bheith ag an gCeann Aonaid, agus gan doicheall a bheith air roimh theicneolaíocht nua. I bhfianaise chomhthéacs agus dhúshláin an phoist i gceist, tá sé fíor-riachtanach leis, an Ghearmáinis, idir labhairt agus scríobh, a bheith ar a thoil ag an gCeann Aonaid.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Náisiúntacht ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bheith agat.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Céim

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán staidéir ollscoile, agus céim bainte amach ag a dheireadh, i réimse a bhaineann le dualgais an phoist, más comhionann le ceithre bliana nó níos mó an fad atá i ngnáthchúrsa ollscoile.

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán staidéir ollscoile, agus céim bainte amach ag a dheireadh, i réimse a bhaineann le dualgais an phoist, mar aon le taithí oibre chuí aon bhliain amháin ar a laghad ina dhiaidh sin, más comhionann le trí bliana an fad atá i ngnáthchúrsa ollscoile.

NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid sin d'aon bhliain amháin de thaithí oibre, agus ní féidir é a áireamh mar chuid den taithí oibre a éilítear thíos.

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán staidéir ollscoile, agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le cúrsa iarchéime a bhaineann le dualgais an phoist agus céim bainte amach ag a dheireadh.

2.2.

Taithí oibre

Taithí oibre 12 bhliain ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist ar caitheadh 5 bliana di le dualgais bhainistíochta agus/nó i mbun cúraimí comhordaithe foirne lenar bhain fíorfhreagrachtaí riaracháin foirne amhail na freagrachtaí a bhfuil cur síos orthu san fhógra seo (féach Roinn II).

Chun taithí ar dhualgais bhainistíochta a mheas, cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh eilimintí ábhartha arna soláthar ag na hiarrthóirí, amhail:

(1)

teideal agus cur síos beacht ar na dualgais a bhí agat agus ar an bhfad a mhair siad,

(2)

líon na mball foirne a rabhthas os a gcionn le linn na ndualgas sin,

(3)

líon na leibhéal bainistíochta lastuas agus laistíos agus an líon piaraí.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

2.3.

Eolas ar theangacha

Teanga 1

An phríomhtheanga

 

Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2

An dara teanga

 

Eolas sásúil (leibhéal B2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR)) (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp) ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis; (ní foláir í a bheith éagsúil le teanga 1).

Ar mhaithe leis an tseirbhís tá eolas sásúil ar an nGearmáinis riachtanach, mar theanga 1, mar theanga 2 nó mar thríú teanga.

Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh:

BG (Bulgáiris)

CS (Seicis)

DA (Danmhairgis)

DE (Gearmáinis)

EL (Gréigis)

EN (Béarla)

ES (Spáinnis)

ET (Eastóinis)

FI (Fionlainnis)

FR (Fraincis)

GA (Gaeilge)

HU (Ungáiris)

IT (Iodáilis)

LT (Liotuáinis)

LV (Laitvis)

MT (Máltais)

NL (Ollainnis)

PL (Polainnis)

PT (Portaingéilis)

RO (Rómáinis)

SK (Slóvaicis)

SL (Slóivéinis)

SV (Sualainnis)

IV.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   Nós imeachta

Déanfar scrúdú i dtús báire ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí i bhfianaise na ndearbhuithe san iarratas a chuir tú isteach.

(a)

Próiseálfar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an mbeidh tú ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha uile.

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha cáilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí ag a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha a shainaithint (go háirithe céimeanna agus taithí oibre) ó thaobh na ndualgas agus na gcritéar roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna”(DE: Talentfilter, EN: Talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, agus is próiseas dhá chéim a bheidh ann:

is ar bhonn na bhfreagraí ar cuireadh tic leo sa chluaisín “scagthóir buanna” san fhoirm iarratais ar líne, agus an ualaithe atá le gach ceist ann, agus ar an mbonn sin amháin a dhéanfar an chéad roghnú ar bhonn cáilíochtaí. De réir na tábhachta a thugtar do gach critéar dá dtagraítear i bpointe 3 thíos, cinnfidh an bord roghnúcháin an t-ualú sin (1 go dtí 3) roimh dó tosú ar scrúdú na n-iarratas. Ansin, déanfar an dara roghnú ar iarratais leictreonacha na n-iarrthóirí is mó pointí,

beidh líon na gcomhad a scrúdófar le linn an dara roghnú cothrom le tuairim is 9 n-uaire líon na ndaoine a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra comórtais seo. Scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh siad marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra. Suimeofar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, chun marc iomlán a fháil.

Tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ansin in ord na marcanna iomlána. Beidh líon (2) na n-iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh (3) chuig na trialacha scríofa agus labhartha san ionad measúnaithe cothrom le 3 huaire líon na n-iarrthóirí ar éirigh leo ar a mhéad. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu-careers.info).

2.   Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil

I ndiaidh eisiúint thorthaí na dtrialacha labhartha agus scríofa, agus i bhfianaise na dtorthaí sin, seiceálfaidh EPSO an gcomhlíonann na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas leictreonach na coinníollacha ginearálta agus seiceálfaidh an bord roghnúcháin, ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a sholáthair na hiarrthóirí, an gcomhlíonann siad na coinníollacha sonracha. I gcás mheasúnú na gcáilíochtaí, ní úsáidfear na doiciméid tacaíochta ach chun an fhaisnéis a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dheimhniú. Má thagann sé chun solais as an tseiceáil sin nach bhfuil an fhaisnéis (4) sin ag teacht leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar na hiarrthóirí i gceist ón gcomórtas.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna is fearr sna trialacha labhartha agus scríofa. Déanfar an tseiceáil sin go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí sin atá faoi bhun na tairsí sin.

3.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

(1)

taithí oibre 10 mbliana ar a laghad i réimse na radachosanta;

(2)

taithí oibre 5 bliana ar a laghad i réimse na cosanta fisicí;

(3)

taithí oibre 5 bliana ar a laghad i réimse bhainistiú na dramhaíle radaighníomhaí, an iompair radaighníomhaigh, agus i réimse stóráil ábhair ineamhnaithe agus cuntasaíochta as;

(4)

taithí oibre 5 bliana i réimse an tsláinteachais agus na sábháilteachta san ionad oibre;

(5)

eolas fíormhaith ar reachtaíocht na Gearmáine i réimse an fhuinnimh núicléach (Deutsches Atomgesetz) agus ar rialacha radachosanta na Gearmáine (Deutsche Strahlenschutzverordnung), eolas a bhfuil taithí oibre ina taca aici, agus atá cuí agus leordhóthanach chun formheas údaráis inniúla na Gearmáine a fháil;

(6)

oiliúint eolaíoch a bhfuil dochtúireacht i gceann de phríomhréimsí gníomhaíochta an aonaid ina fianaise uirthi;

(7)

aon oiliúint eile, seachas an oiliúint a éilítear i Roinn III, pointe 2.1, i gceann de phríomhréimsí gníomhaíochta an aonaid (mar atá sainmhínithe i Roinn II, Dualgais), agus teastas, cáilíocht nó céim mar fhianaise uirthi;

(8)

taithí 5 bliana ar a laghad i mbainistiú gléasraí núicléacha;

(9)

taithí 5 bliana ar a laghad san idirbheartaíocht agus sa chumarsáid;

(10)

sáreolas ar na nGearmáinis (íosleibhéal C1 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR)).

V.   IONAD MEASÚNAITHE AGUS TRIALACHA

Is éard atá sna trialacha:

trialacha in ionad measúnaithe,

triail labhartha,

triail scríofa.

Ar chúiseanna eagrúcháin, is sa Bhruiséil a bheidh trialacha labhartha agus scríofa an ionaid mheasúnaithe ar siúl, ar laethanta leantacha más féidir é.

1.

An t-ionad measúnaithe

Is i do dhara teanga amháin a bheidh trialacha an ionaid mheasúnaithe. Cuirfear measúnú na dtrialach sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin le bheith ina chuidiú saineolach agus teicniúil ag an bpróiseas cinnteoireachta.

Beidh an méid seo sna trialacha sin:

ceacht chun d'acmhainn bainistíochta a mheas,

agallamh le saineolaí acmhainní daonna féachaint do phróifíl scileanna a mheas.

Ó nach dtagann sé faoi réir rúndacht obair an bhord roghnúcháin, tabharfar tuairisc an ionaid mheasúnaithe duit ag deireadh na trialach labhartha.

2.

Triail labhartha

Beidh an t-agallamh leis an mbord roghnúcháin ceaptha na nithe seo a leanas a mheas:

an saineolas atá agat ar an réimse, go háirithe an t-eolas teicniúil atá agat i réimse na radachosanta (i dteanga 2),

do thaithí oibre agus do chumas obair aonaid riaracháin a eagrú agus a chomhordú, do chumas chun oiriúnaithe, chun idirbheartaíochta, cinntí a dhéanamh, agus i gcoitinne, do chumas na cúraimí a dhéanamh a bhíonn ar cheann aonaid a dhéanamh (i dteanga 2),

an t-eolas ginearálta atá agat ar an Aontas Eorpach, ar a institiúidí agus ar a bheartais (i dteanga 2),

a fheabhas atá an Ghearmáinis agat,

do chumas sa phríomhtheanga (teanga 1).

Marcálfar an triail seo as 100 (60 pointe an pasmharc).

3.

Triail scríofa (5)

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Tá an triail scríofa ceaptha a fheabhas atá an Ghearmáinis agat a mheas. Is éard a iarrfar ort nóta a dhréachtú ina bpléifidh tú roinnt doiciméad, i ndiaidh duit scrúdú a dhéanamh ar shleachta as dlí na Gearmáine maidir leis an bhfuinneamh núicléach agus/nó rialacha na Gearmáine maidir leis an radachosaint.

Marcálfar an triail seo as 60 (30 an pasmharc).

Fad na trialach (meastar): 1 uair 30 nóiméad.

Ní mharcálfar an triail scríofa ach amháin má ghnóthaigh tú an pasmharc san agallamh leis an mbord roghnúcháin.

VI.   PAINÉAL

1.

Ainmniúchán ar an bpainéal

Cláróidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal (6) más duine de na hiarrthóirí thú a ghnóthaigh an pasmharc agus ceann de na marcanna is fearr sna trialacha labhartha agus scríofa.

2.

Aicmiú

Liosta in ord aibítre.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH?

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 20 Samhain 2012 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

2.

Comhad iarratais

Agus tú ag clárú ar líne, ní mór duit cóip den iarratas leictreonach a bhailíochtaigh tú a phriontáil, í a shíniú agus, maille leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, í a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Office européen de sélection du personnel (EPSO)

C-25

Concours général EPSO/AD/247/12

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Spriocdháta: 20 Samhain 2012, (dáta an phostmhairc ina fhianaise air sin).

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chuig an ionad measúnaithe chun trialacha labhartha agus scríofa a dhéanamh.

(3)  Gheobhaidh na hiarrthóirí nár tugadh cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe agus chuig na trialacha labhartha agus scríofa torthaí a measúnaithe agus an t-ualú a chuir an Bord Roghnúcháin i bhfeidhm ar gach ceist.

(4)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula gcuirfear an painéal i dtoll a chéile (féach Roinn VI. 1 agus Roinn VII. 2).

(5)  An Bord Roghnúcháin a bhailíochtóidh ábhar na trialach.

(6)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.


IARSCRÍBHINN

Tabhair do d'aire nach mbaineann pointí:

5.3,

5.4, agus

6.2

sna treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012, leis an gcomórtas seo.

Cuirtear an téacs a leanas in ionad phointe 5.3 “Ionad measúnaithe”:

“5.3.   Ionad measúnaithe agus triail labhartha

Má tá foráil san fhógra comórtais maidir le trialacha a dhéanamh in ionad measúnaithe roimh an triail labhartha, is mar chuidiú saineolach agus teicniúil ag an bpróiseas cinnteoireachta amháin a chuirfear measúnú na trialach sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin. Ní mharcálfar an eilimint sin agus tabharfar duit í ag deireadh na trialach labhartha.

I gcás fhoiche Dé, is féidir dáta na trialach labhartha a athrú ar bhonn eisceachtúil má iarrann tú sin ar chúiseanna ar tugadh bunús cuí leo, agus déanfaidh an bord roghnúcháin cinneadh dá réir. Mar sin féin, déanfar an cinneadh é a chur ar athló ar dhóigh nach ndéanfaidh dochar d'aonfhoirmeacht an mheasúnaithe ar fheidhmíocht na n-iarrthóirí sna trialacha labhartha agus nach gcuirfidh isteach ar dhea-fheidhmiú an chomórtais ná ar leas na seirbhíse.”

Cuirtear an téacs a leanas in ionad téacs phointe 5.4 “Painéal”:

“Ag deireadh an nós imeachta comórtais, cuirfidh an bord roghnúcháin painéal le chéile ar a mbeidh ainmneacha na ndaoine ar éirigh leo sa chomórtas. Cuirfear liosta an phainéil ar aghaidh ansin chuig na hinstitiúidí agus is iad siúd amháin a bheidh freagrach as an earcaíocht.

Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí ar an bpainéal, maille le dáta éaga an phainéil, a fhoilsiú (1) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO. I gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bailíochta an phainéil. Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a fhoilseofar an cinneadh maidir leis an síneadh sin.

Cuirtear an téacs a leanas in ionad téacs phointe 6.2 “Rochtain ar fhaisnéis”:

“I ndiaidh don bhord roghnúcháin an painéal a chur i dtoll a chéile:

Má tá tú ar an bpainéal, cuirfear in iúl duit gur duine thú ar éirigh leis sa chomórtas agus féadfaidh tú, ach é a iarraidh, na pointí a ghnóthaigh tú sa triail labhartha a fháil amach.

Mura mbeidh tú ar an bpainéal, cuirfear na pointí a ghnóthaigh tú sa triail labhartha chugat go huathoibríoch. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú, ach é a iarraidh, cóip a fháil den fhoirm mheasúnaithe aonair a d'ullmhaigh an bord roghnúcháin do do thriail labhartha.

Ní mór d'iarrthóirí aon iarratas ar fhaisnéis a chur isteach, tríd an leathanach teagmhála ar shuíomh gréasáin EPSO, faoi cheann 10 lá féilire i ndiaidh na torthaí a ghnóthaigh siad sa chomórtas a bheith curtha in iúl dóibh.

Próiseálfar na hiarratais agus rúndacht obair na mbord roghnúcháin dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne (Iarscríbhinn III, Airteagal 6) á cur san áireamh, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint daoine fisiceacha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.”


(1)  Má iarrann duine ar éirigh leis go sainráite é, ní fhoilseofar a ainm. Ní foláir an t-iarratas sin a bheith ag EPSO dhá sheachtain ar a dhéanaí i ndiaidh sheoladh na dtorthaí.”