ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2011.350.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

54
1 Nollaig 2011


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2011/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST/118/11 — Cúntóirí (AST 3)

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

19

(PL)

24

 

35

(DE/EN/FR)

37

(PL/RO)

60

 

68

 

76

(DE/EN/FR)

82

 

91

 

98

 

114

(DA)

121

(DA)

122

 

135

 

140

(BG/ET/HU/MT/PL/SL/SV)

142

 

146

 

147

(EN/IT/MT/SV)

155

(EN/ES/ET/FR/NL/PL/PT/SK/SL/SV)

156

 

157

 

162

 

169

(EN)

177

(DE/EN/FR)

180

(BG/RO)

181

(DA)

183

(SL)

185

 

193

(BG/RO)

198

(CS/HU/LT/MT/PL/SK)

206

(CS/ES/LV/MT/SV)

208

(DE/EN/FR)

221

 

222

(BG/RO)

223

 

229

 

257

 

258

 

270

 

271

 

278

(EN)

279

(FR)

281

(DA)

284

(DE)

285

(LT)

286

(NL)

292

(RO)

294

(DE/EN/FR)

303

(DE/EN/FR)

304

(DA/EN)

307

 

309

(DE/EN/FR)

312

(DE/EN/FR)

315

 

321

(EN/FR)

324

 

330

(DE/EN/FR)

334

 

336

(EL/EN/ET/FI/FR/GA/HU/IT)

339

 

344

 

350

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 350 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

1.12.2011   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/118/11

Cúntóirí (AST 3)

(2011/C 350 A/01)

Ar mhaith leat a bheith ag obair inár n-institiúidí?

An bhfuil na cáilíochtaí a éilímid agat?

Cuir d'ainm isteach.

Cuir an deis chun sochair duit féin.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a chruthú óna n-earcófar cuntóirí (1).

EPSO/AST/118/11 — Cúntóirí (AST 3)

sna réimsí seo a leanas:

1.

BAINISTIÚ AIRGEADAIS/CUNTASAÍOCHT

2.

CUMARSÁID

3.

BAINISTIÚ TIONSCADAL/CLÁR/CONARTHAÍ

Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a chruthú chun folúntais i bpoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.

Roimh iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil. C 315 A an 28 Deireadh Fómhair 2011 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉIL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo i ngach réimse

Réimse 1 = 62

Réimse 2 = 37

Réimse 3 = 53

2.

Nótaí

Ní féidir leat clárú ach d'aon réimse amháin de na réimsí seo.

Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a dheimhniú ar líne.

II.   DUALGAIS

Beidh ar chúntóirí ar leibhéal AST 3, faoi mhaoirseacht riarthóra, rannchuidiú le misean a n-institiúide nó a gcomhlachta a chur chun feidhme agus féadfar a iarraidh orthu tascanna cur chun feidhme, tascanna cur i gcrích, tascanna tacaíochta agus tascanna lóistíochta a dhéanamh i réimsí éagsúla gníomhaíochta.

Tá tuairisc mhionsonraithe ar na réimsí éagsúla seo san Iarscríbhinn.

Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá á lorg ag na hinstitiúidí ar fáil i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos le haghaidh clárúcháin ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíocht: féach an Iarscríbhinn.

2.2.

Taithí ghairmiúil: féach an Iarscríbhinn.

2.3.

Eolas ar theangacha

Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh:

BG (Bulgáiris)

CS (Seicis)

DA (Danmhairgis)

DE (Gearmáinis)

EL (Gréigis)

EN (Béarla)

ES (Spáinnis)

ET (Eastóinis)

FI (Fionlainnis)

FR (Fraincis)

GA (Gaeilge)

HU (Ungáiris)

IT (Iodáilis)

LT (Liotuáinis)

LV (Laitvis)

MT (Máltais)

NL (Ollainnis)

PL (Polainnis)

PT (Portaingéilis)

RO (Rómáinis)

SK (Slóvaicis)

SL (Slóivéinis)

SV (Sualainnis)

(a)

Teanga 1

Príomhtheanga:

sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh.

agus

 

(b)

Teanga 2

Dara teanga (ní foláir í a bheith éagsúil le teanga 1):

eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

1.

Iarrfar ort trialacha a dhéanamh

Tabharfar cuireadh duit chun na trialacha a dhéanamh más rud é gur dheimhnigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VII).

Tabhair faoi deara:

1.

nuair a dheimhníonn tú d'iarratas, deimhníonn tú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III;

2.

le páirt a ghlacadh sna trialacha, ní mór an dáta a chur in áirithe roimh an spriocdháta a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcáil: 0–20 pointe

pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcáil: 0–10 bpointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcáil: 0–10 bpointe

 

10 bpointe is ea an pasmharc d'iomlán thriail (b) agus thriail (c)

Triail (d)

Cumas gairmiúil:

cruinneas agus beachtas

Marcáil: 0–20 pointe

Triail (e)

Cumas gairmiúil:

cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán

Marcáil: 0–20 pointe

 

20 pointe is ea an pasmharc d'iomlán thriail (d) agus thriail (e)

Triail (f)

Breithiúnas suíomhúil

Marcáil: 0–40 pointe

pasmharc: 24 pointe

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1 i gcás trialacha (a), (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás trialacha (d), (e) agus (f)

V.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.

Tabharfar cead isteach(*) duit san ionad measúnaithe

má tá do mharc (2) ar na marcanna is fearr (3) agus má tá an pasmharc gnóthaithe agat, agus

má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú agus tú ag clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

(*) Deimhneofar an cead isteach níos faide anonn faoi réir fhíorú na ndoiciméad tacaíochta a bheidh le tabhairt agat go dtí an t-ionad measúnaithe. Déanfar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta agus a ghnóthaigh na marcanna is fearr sna trialacha measúnaithe a mheas, in ord íslitheach, go dtí go sroichfear líon na n-iarrthóirí buacha atáthar á lorg san fhógra comórtais seo.

Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

2.

Ionad measúnaithe

Tabharfar cuireadh duit páirt a ghlacadh i staidéar cáis sa réimse i gceist (4) agus i dtrialacha eile san ionad measúnaithe a rachaidh ar aghaidh ar feadh aon lae amháin, sa Bhruiséil de ghnáth.

Déanfar measúnú ar do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse a roghnaigh tú agus ar na hinniúlachtaí ginearálta seo a leanas:

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cumarsáid

Cáilíocht agus torthaí

Foghlaim agus forbairt

Tosaíochtaí a chur in ord agus eagrúchán

Buanseasmhacht

Oibriú mar dhuine d'fhoireann

Tá sainmhíniú ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

Scrúdófar na hinniúlachtaí ginearálta sin trí na heilimintí seo a leanas:

(a)

bosca r-phoist isteach (cleachtadh tráidire isteach);

(b)

agallamh struchtúrtha;

(c)

staidéar cáis sa réimse a roghnaíodh;

(d)

gníomhaíocht i ngrúpa.

Scrúdófar na hinniúlachtaí ginearálta sin uile de réir an mhúnla seo a leanas:

 

Bosca r-phoist isteach

Agallamh struchtúrtha

Staidéar Cáis

Gníomhaíocht i ngrúpa

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

 

x

 

Cumarsáid

 

x

x

 

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

 

Foghlaim agus forbairt

 

x

 

x

Tosaíochtaí a chur in ord agus eagrúchán

x

x

 

 

Buanseasmhacht

 

x

 

x

Oibriú i bhfoireann

x

 

 

x

3.

Teangacha an ionaid mheasúnaithe

Teanga 2

4.

Marcáil

Inniúlachtaí sonracha

Triail (c): staidéar cáis sa réimse a roghnaíodh

0-30 pointe

pasmharc: 15 phointe

Ualú: 30 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta

0 go 10 bpointe le haghaidh gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta

pasmharc:

 

3 phointe in aghaidh na hinniúlachta agus

 

35 pointe as 70 le haghaidh na 7 n-inniúlacht ghinearálta ar fad

Ualú: 70 % den mharc foriomlán

VI.   PAINÉIL

1.

Ainmniúchán ar na painéil

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (5) a bhfuil na marcanna is fearr faighte acu sna codanna ar fad de na trialacha measúnaithe (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo; Roinn I.1) agus má chomhlíonann tú, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, na coinníollacha incháilitheachta ar fad, cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal.

2.

Aicmiú

Déanfar an liosta a tharraingt suas de réir réimse, de réir grúpaí tuillteanais (4 ghrúpa ar a mhéid) agus in ord aibítre laistigh de gach grúpa tuillteanais.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárúchán ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO.

Spriocdháta: 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile, an 17 Eanáir 2012.

2.

Iarratas

Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na hiarrthóirí tú ar tugadh cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe, beidh ort an comhad iarrthóra a bhaineann le d'iarratas a thabhairt leat chugainn (6) (an fhoirm iarratais leictreonach agus í sínithe agus doiciméid tacaíochta san áireamh).

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.


(1)  Is ionann gach tagairt san fhógra seo don fhirinscne agus tagairt don dá inscne, fireann agus baineann.

(2)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chuig an ionad measúnaithe.

(3)  Is ionann líon na n-iarrthóirí a gheobhaidh cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe agus thart ar dhá oiread go leith an lín iarrthóirí a n-éireoidh leo agus a fhógraítear san fhógra comórtais seo agus foilseofar é sin ar shuíomh EPSO (www.eu-careers.eu).

(4)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh sé go n-eagrófaí an cás-staidéar in ionaid scrúduithe sna Ballstáit agus/nó sa Bhruiséil, is cuma cá háit a reachtálfar trialacha eile an ionaid mheasúnaithe.

(5)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.

(6)  Cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.


IARSCRÍBHINN

1.   BAINISTIÚ AIRGEADAIS/CUNTASAÍOCHT

1.   Dualgais

Beidh na cúntóirí i mbun a gcuid dualgas i gceann amháin, nó níos mó, de na hearnálacha atá bainteach le gníomhaíochtaí ilchineálacha buiséadacha agus airgeadais na hinstitiúide.

Beidh orthu a dtascanna a chur i gcrích le cabhair uirlisí teicneolaíochta faisnéise sonracha (go háirithe an córas comhtháite cuntasaíochta), tascanna lena n-áirítear, mar shampla:

cúnamh le córais chuntasaíochta agus airgeadais a chur chun feidhme,

a áirithiú go gcoimeádtar cuntais ghinearálta agus/nó bhuiséadacha,

rannchuidiú le ceapadh, le forbairt agus le feidhmiú na nósanna imeachta a ghabhann le rialú airgeadais,

páirt a ghlacadh in ullmhú réamhaisnéisí buiséadacha agus i dtarraingt suas na dtuarascálacha bliantúla agus na gcuntas bliantúil,

cúnamh a thabhairt maidir le dúnadh na gcuntas agus maidir le cur i láthair na ráiteas airgeadais,

nósanna imeachta soláthair phoiblí a phleanáil agus a bhainistiú,

bainistiú airgeadais agus oibriúcháin a dhéanamh maidir le conarthaí nó fóirdheontais,

páirt a ghlacadh i mbainistiú airgid agus/nó cuntas óinchiste, réiteach cuntas a dhéanamh,

faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta airgeadais agus buiséadacha (creidiúintí, ceangaltais, fíorú sonrasc agus íocaíochtaí) agus ar nósanna imeachta maidir le hinfháltais,

maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cuntasaíochta agus bainistiú airgeadais a dhéanamh ar fháltais.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas tríú leibhéal ar bhain tú cáilíocht amach ag a dheireadh i réimse an airgeadais nó i réimse na cuntasaíochta, mar aon le cruthúnas ar an gcáilíocht sin.

Oideachas leibhéil mheánscoile ar bhain tú cáilíocht amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar ardoideachas, mar aon le cruthúnas ar an gcáilíocht sin, agus taithí ghairmiúil nach lú ná trí bliana i réimse an airgeadais nó i réimse na cuntasaíochta.

NB: Ní áireofar na blianta sin agus áireamh á dhéanamh ar an líon blianta de thaithí ghairmiúil a éilítear faoi phointe 3 thíos.

3.   Taithí oibre

Ní mór duit trí bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith faighte agat i ndiaidh an cháilíocht riachtanach a bhaint amach, agus an taithí sin a bheith i réimse an airgeadais nó i réimse na cuntasaíochta.

2.   CUMARSÁID

1.   Dualgais

Beidh na cúntóirí i mbun a gcuid dualgas i gceann amháin, nó níos mó, de na hearnálacha atá bainteach le cumarsáid inmheánach agus/nó sheachtrach agus le faisnéis (caidreamh leis an bpreas, leis na meáin, leis an bpobal, réiteach agus dáileadh faisnéise, imeachtaí a eagrú a bhaineann le cur chun cinn íomhá an Aontais Eorpaigh, foilsiú doiciméad faisnéise, anailís ar na meáin agus ar a dtionchar).

Beidh orthu tascanna a chur i gcrích lena n-áirítear, mar shampla:

bheith i mbun teagmhálacha leis an bpreas, leis na meáin agus leis an bpobal,

doiciméid de chineálacha éagsúla a dhréachtú, a athbhreithniú agus a ullmhú le haghaidh a bhfoilsithe (burlaí preasa agus burlaí téamacha, preasráitis, seisiúin faisnéise don phreas),

cineálacha éagsúla imeachtaí a eagrú (preasagallaimh, agallaimh, feachtais faisnéise, mórthaispeántais),

doiciméid faisnéise, foilseacháin, bróisiúir ábhair chur chun cinn agus/nó táirgí closamhairc a ullmhú,

bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trí shuíomhanna gréasáin, trí na meáin shóisialta agus trí ardáin chomhoibríocha,

bheith rannpháirteach in anailís agus measúnú tionchair a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí cumarsáide,

idirchaidreamh agus comhordú leis na geallsealbhóirí a chuidíonn leis an institiúid ina cuid gníomhaíochtaí cumarsáide (Oifig na bhFoilseachán, conraitheoirí, etc.).

2.   Cáilíochtaí

Oideachas tríú leibhéal ar bhain tú cáilíocht amach ag a dheireadh, mar aon le cruthúnas ar an gcáilíocht sin, i gceann de na réimsí seo a leanas: cumarsáid, na meáin, iriseoireacht nó caidreamh poiblí.

Oideachas leibhéil mheánscoile ar bhain tú cáilíocht amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar ardoideachas, mar aon le cruthúnas ar an gcáilíocht sin, agus taithí ghairmiúil nach lú na trí bliana i gceann de na hearnálacha seo a leanas: gníomhaireacht phreasa, gníomhaireacht chaidrimh phoiblí, iriseoireacht, comhairleacht chumarsáide, cumarsáid ghréasáin agus/nó cumarsáid sheachtrach i gcomhlachtaí poiblí nó príobháideacha.

NB: Ní áireofar na blianta sin agus áireamh á dhéanamh ar an líon blianta de thaithí ghairmiúil a éilítear faoi phointe 3 thíos.

3.   Taithí oibre

Ní mór duit trí bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith faighte agat i ndiaidh an cháilíocht riachtanach a bhaint amach, agus an taithí sin a bheith ag baint leis na dualgais i gceist agus i gceann de na hearnálacha seo a leanas: gníomhaireacht phreasa, gníomhaireacht chaidrimh phoiblí, iriseoireacht, comhaireacht chumarsáide, cumarsáid ghréasáin agus/nó cumarsáid sheachtrach in eagrais phoiblí nó in eagrais phríobháideacha.

3.   BAINISTIÚ TIONSCADAL/CLÁR/CONARTHAÍ

1.   Dualgais

Beidh na cúntóirí i mbun a gcuid dualgas i gceann amháin, nó níos mó, de na hearnálacha atá bainteach le bainistiú tionscadal/clár/conarthaí (eolaíochta, teicniúla, riaracháin, comhoibriúcháin) san institiúid.

Beidh orthu tascanna tacaíochta agus lóistíochta chur i gcrích lena n-áirítear, mar shampla:

cuidiú le réiteach clár agus clár oibre,

cuidiú le téarmaí tagartha do chonarthaí, do shonraíochtaí, do ghlaonna ar thairiscintí agus do chomhaontuithe maoinithe a dhréachtú,

ullmhú/deimhniú a dhéanamh ar ghlaonna ar thograí nó ar ghlaonna ar thairiscintí, agus ar ghlaonna ar léiriú spéise, d'fhonn conarthaí agus comhaontuithe maidir le fóirdheontais a thabhairt i gcrích,

cruinnithe de choistí roghnúcháin a eagrú agus a bheith páirteach iontu chun maoirsiú a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le roghnúchán agus bronnadh sparánachtaí/fóirdheontas,

cuidiú le hullmhúchán i dtaca le cinntí airgeadais,

ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar nósanna imeachta soláthair, lena n-áirítear measúnú tairiscintí,

cuidiú leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla agus le rannpháirtithe chun cláir/tionscadail/conarthaí a chur chun feidhme,

cuidiú le maoirsiú agus/nó measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme clár/tionscadal/conarthaí,

ionramháil agus faireachán a dhéanamh ar bhainistiú tionscadal, ar bhainistiú conarthaí agus ar a leanúnachas: faireachán a dhéanamh ar shaolré an tionscadail (ceangaltais, íocaíochtaí, clabhsúir),

anailís a dhéanamh ar thuarascálacha eatramhacha agus deiridh a bhaineann le cur chun feidhme clár/tionscadal/conarthaí,

aire a thabhairt d'oibriúcháin deiridh clár/tionscadal/conarthaí.

2.   Cáilíochtaí

Leibhéal oideachais tríú leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh.

Leibhéal oideachais meánscoile, agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh a thabharfadh rochtain ar oideachas tríú leibhéal, mar aon le taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad ábhartha do dhualgais an phoist seo.

NB: Ní áireofar na blianta sin agus áireamh á dhéanamh ar an líon blianta de thaithí ghairmiúil a éilítear faoi phointe 3 thíos.

3.   Taithí oibre

Ní mór duit trí bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith faighte agat i ndiaidh an cháilíocht riachtanach a bhaint amach, agus an taithí sin a bheith ag baint leis na dualgais i gceist.