ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.C_2011.202.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

54
8 Iúil 2011


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2011/C /01

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine: torthaí agus gníomhaíochtaí amach anseo

1

2011/C /02

Conclúidí ón gComhairle maidir le leanaí a imdhíonadh: rath agus dúshláin a bhaineann le leanaí a imdhíonadh san Eoraip agus an bealach chun cinn

4

2011/C /03

Conclúidí ón gComhairle maidir le nuáil san earnáil feistí leighis

7

2011/C /04

Conclúidí ón gComhairle: córais sláinte atá nua-aimseartha, freagrúil agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh

10

2011/C /05

Comhaontú idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh

13

 


 

(1)   Faoin tagairt C 202 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine: torthaí agus gníomhaíochtaí amach anseo

2011/C 202/01

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

1.

MEABHRAÍONN SÍ gur faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach mór do ghníomhaíocht an Aontais beartais náisiúnta a chomhlánú agus a bheith dírithe ar shláinte phoiblí a fheabhsú, ar thinnis choirp agus ar ghalair choirp agus ar thinnis mheabhracha agus ar ghalair mheabhracha a chosc, agus foinsí contúirte do shláinte an choirp agus don mheabhairshláinte a sheachaint; ní mór dó chomh maith comhoibriú idir na Ballstáit sna réimsí sin ina ndéanann na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhordú eatarthu féin ar a gcuid beartas agus ar a gcuid clár, agus féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-theagmháil leis na Ballstáit, aon tionscnamh úsáideach a sheoladh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh a mbeidh sé de chuspóir acu treoirlínte agus táscairí a bhunú, malartú dea-chleachtas a eagrú, agus na heilimintí atá riachtanach d’fhaireachán agus do mheasúnú tráthrialta;

2.

MEABHRAÍONN SÍ Páipéar Glas an Choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2005 maidir le “Meabhairshláinte an daonra a fheabhsú — I dtreo straitéis um meabhairshláinte don Aontas Eorpach”;

3.

MEABHRAÍONN SÍ dearbhú Chomhdháil Aireachta Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) an 15 Eanáir 2005 maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an meabhairshláinte san Eoraip agus maidir le réitigh a chumadh;

4.

MEABHRAÍONN SÍ an chomhdháil ardleibhéil “Le Chéile don Mheabhairshláinte agus don Fholláine” a tionóladh sa Bhruiséil an 13 Meitheamh 2008, a bhunaigh an Comhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine;

5.

MEABHRAÍONN SÍ tuarascáil 2010 an EDS ar Mheabhairshláinte agus ar Fhorbairt: “Ag díriú ar dhaoine le riochtaí meabhairshláinte mar ghrúpa leochaileach” ar cuireadh fáilte roimpi i Rún 65/95 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 1 Nollaig 2010 maidir le sláinte dhomhanda agus beartas eachtrach;

6.

MEABHRAÍONN SÍ Tionscnamh Suaitheanta na Straitéise Eoraip 2020 “An tArdán Eorpach in aghaidh na Bochtaineachta”, ina ndearbhaítear gurb iad na daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu na daoine atá i measc na ngrúpaí is mó a dhéantar a eisiamh sa tsochaí, i ngach cás beagnach, agus sainaithníonn siad go seasta an t-aithisiú, an t-idirdhealú agus an t-eisiamh mar bhacainní móra don tsláinte, do leas an duine agus do cháilíocht na beatha;

7.

MEABHRAÍONN SÍ Tionscnamh Suaitheanta na Straitéise Eoraip 2020 “Clár oibre do scileanna nua agus do phoist nua” agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rannchuidiú Eorpach i dtreo na lánfhostaíochta (1) ina ndearbhaítear gur gá, chun na rátaí fostaíochta a ardú go suntasach, sláinte choirp agus meabhairshláinte na n-oibrithe a chur san áireamh freisin chun aghaidh a thabhairt ar na héilimh a bhaineann le gairmréimeanna oibre an lae inniu, arb iad a gcomharthaí sóirt foirmeacha nua eagraithe oibre agus athruithe idir poist atá níos déine agus a n-éilítear níos mó ar an duine leo;

8.

MEABHRAÍONN SÍ an Chomhdháil “Taighde fionnachtanach sa néar-shíciatracht: ag díriú ar an dúlagar, ar an mbuairt agus ar an scitsifréine” a tionóladh i mBúdaipeist an 18-19 Márta 2011;

9.

AITHNÍONN SÍ gur cuid riachtanach den tsláinte agus de cháilíocht na beatha an fholláine mheabhrach, agus gur réamhriachtanas í chun bheith in ann foghlaim a dhéanamh, obair a dhéanamh agus rannchuidiú leis an saol sóisialta;

10.

AITHNÍONN SÍ go dtéann sé chun tairbhe an gheilleagair, de réir fianaise a tháinig as taighde a rinneadh le déanaí, má tá leibhéal ard meabhairshláinte agus folláine ann sa phobal agus go mbíonn neamhoird mheabhracha ina gcúis le caillteanas eacnamaíoch, mar shampla trí tháirgiúlacht gnó níos ísle, rannpháirtíocht níos ísle san fhostaíocht, agus trí chostais a chur ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail a bhíonn ag déileáil le neamhoird mheabhracha;

11.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil na neamhoird mheabhracha dochrach ó thaobh cumais de agus gurb ionann iad agus an scair is mó sna blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais de san AE, arb iad an dúlagar agus an bhuairt an dá chúis is mó atá leis an ualach sin;

12.

AITHNÍONN SÍ gur de réir mheastacháin an ESD, buaileann neamhoird mheabhracha gach ceathrú saoránach ar a laghad uair amháin ina shaol agus gur féidir teacht orthu in níos mó ná 10 % de dhaonra an AE le linn aon bhliana ar leith;

13.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50 000 básanna gach bliain san AE, agus go dtagann neamhoird mheabhracha chun tosaigh roimh ré i naoi gcás as deich;

14.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil neamhionannas suntasach maidir le stádas na meabhairshláinte idir na Ballstáit agus laistigh de na Ballstáit agus fosta idir grúpaí sóisialta arb iad na grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch na grúpaí is leochailí ina measc siúd;

15.

AITHNÍONN SÍ gur iomaí rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine, amhail an t-eisiamh sóisialta, an bhochtaineacht, drochthithíocht agus droch-dhálaí oibre, fadhbanna a bhaineann le cúrsaí oideachais, mí-úsáid leanaí, neamart agus drochíde, neamhionannas inscne chomh maith le fachtóirí riosca amhail mí-úsáid alcóil agus drugaí agus gur minic gurb ann do na rudaí sin lasmuigh de na córais sláinte, agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le comhpháirtíochtaí nuálaíocha idir earnáil na sláinte agus earnálacha eile, amhail gnóthaí sóisialta, tithíocht, fostaíocht agus oideachas, chun an mheabhairshláinte agus an fholláine a fheabhsú i measc an phobail;

16.

AITHNÍONN SÍ tábhacht na n-institiúidí oideachais agus an ionaid oibre mar shuíomhanna do ghníomhaíochtaí i réimse na meabhairshláinte agus na folláine, chomh maith leis na sochair a fhéadfaidh siad a fháil de bharr na ngníomhaíochtaí sin dá gcuspóirí féin;

17.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil ról tábhachtach ag údaráis agus ag gníomhaithe eile ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil sa ghníomhaíocht ar son na meabhairshláinte agus na folláine, mar ghníomhaithe chun an fholláine mheabhrach a fheabhsú astu féin, agus mar thionscnóirí i leith rannpháirtíocht earnálacha eile agus pobal eile;

18.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil saineolas luachmhar ar leith ag úsáideoirí na seirbhísí meabhairshláinte agus ag a mbaill teaghlaigh, ag cúramóirí agus ag a gcuid eagraíochtaí agus gur cheart iad a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht bheartais maidir leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine;

19.

AITHNÍONN SÍ an gá atá le taighde a dhéanamh ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine agus ar na neamhoird mheabhracha agus FÁILTÍONN SÍ roimh an méid atá déanta ag Cláir Réime Taighde an AE chuige sin;

20.

FEARANN SÍ FÁILTE roimh thorthaí na gcúig chomhdháil théamacha a eagraíodh faoin gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine mar a leanas (2):

an Chomhdháil maidir le “Meabhairshláinte agus Folláine Leanaí agus Daoine Óga a Chur Chun Cinn — Á Thabhairt i gCrích” a tionóladh i Stócólm an 29-30 Meán Fómhair 2009,

an Chomhdháil maidir leis “An Dúlagar agus an Féinmharú a Chosc — Á Thabhairt i gCrích” a tionóladh i mBúdaipeist an 10-11 Nollaig 2009,

an Chomhdháil maidir le “Meabhairshláinte agus Folláine i nDaoine Breacaosta — Á Thabhairt i gCrích” a tionóladh i Maidrid an 28-29 Meitheamh 2010,

an Chomhdháil maidir le “Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn agus Stiogma a Chomhrac ar mhaithe le Meabhairshláinte agus Folláine níos fearr” a tionóladh i Liospóin an 8-9 Samhain 2010,

an Chomhdháil maidir le “Meabhairshláinte agus Folláine a Chur Chun Cinn san Ionad Oibre” a tionóladh i mBeirlín an 3-4 Márta 2011;

21.

IARRANN SÍ ar an Ballstáit:

tosaíocht a thabhairt don mheabhairshláinte agus don fholláine ina gcuid beartas sláinte agus straitéisí agus/nó pleananna gníomhaíochta a fhorbairt maidir leis an meabhairshláinte lena n-áirítear an dúlagar agus an féinmharú a chosc,

an cosc ar neamhoird mheabhracha agus cur chun cinn na meabhairshláinte agus na folláine a áireamh mar dhlúthchuid de na straitéisí agus/nó de na pleananna gníomhaíochta sin, a bheidh le déanamh i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí ábhartha agus i gcomhphairtíocht le hearnálacha beartais eile,

feabhas a chur ar dheitéarmanaint shóisialta agus ar bhonneagar lena dtabharfar tacaíocht don fholláine mheabhrach agus feabhas a chur ar an rochtain ar an mbonneagar sin a bheidh ag daoine a bhfuil neamhoird mheabhracha ag cur as dóibh,

samhlacha cóireála agus cúraim a bheidh pobal-bhunaithe agus a bheidh cuimsitheach go sóisialta a chur chun cinn i gcás inarb indéanta agus inarb ábhartha,

bearta a ghlacadh in aghaidh daoine a aithisiú agus a eisiamh agus in aghaidh idirdhealú a dhéanamh ina gcoinne, ar daoine iad a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag cur as dóibh agus chun a gcuimsiú sóisialta agus an rochtain a bheidh acu ar oideachas, ar oiliúint, ar thithíocht agus ar an obair a chur chun cinn,

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna atá ann mar thoradh ar na Cistí Struchtúracha i réimse na meabhairshláinte go háirithe chun athchóiriú a dhéanamh ar a gcórais mheabhairshláinte agus chun na córais sin a fheabhsú tuilleadh gan dochar don chreat airgeadais a bheidh ann amach anseo,

úsáid a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le feidhmchláir theicneolaíochta, lena n-áirítear r-Shláinte, chun feabhas a chur ar chórais agus ar sheirbhísí mheabhairshláinte agus ar sheirbhísí, chun neamhoird mheabhracha a chosc agus chun an fholláine a chur chun cinn,

céimeanna a thabhairt chun go mbeidh rannpháirtíocht níos mó ag na hearnálacha sláinte agus sóisialta agus ag comhpháirtithe sóisialta i réimse na meabhairshláinte agus na folláine san ionad oibre, chun tacú le cláir a chuireann fostóirí ar fáil agus chun na cláir sin a chomhlánú nuair is iomchuí,

tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí (mar shampla cláir oiliúna) lena gcuirtear ar chumas proifisiúnach agus bainisteoirí go háirithe sa chúram sláinte, sa chúram sóisialta agus san ionad oibre, déileáil le hábhair a bhaineann leis an bhfolláine mheabhrach agus le neamhoird mheabhracha,

cur chun cinn mheabhairshláinte na leanaí agus daoine óga a láidriú trí thacaíocht a thabhairt do scileanna tuismitheoireachta dearfacha, do chur chuige iomlánaíoch i scoileanna chun an bhulaíocht a laghdú agus chun cur le cumais shóisialta agus mhothúchánacha chomh maith le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh i gcás ina mbeidh neamhord meabhrach ag cur as do thuismitheoir;

22.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún:

leanúint leis an gcomhoibriú mar bheart leantach ar an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine,

Gníomhaíocht Chomhpháirteach um Meabhairshláinte agus um Fholláine a bhunú faoi Chlár Sláinte Poiblí an AE 2008-2013 lena gcuirfear ardán ar fáil don mhalartú tuairimí, don chomhoibriú agus don chomhordú idir na Ballstáit, chun cineálacha cur chuige agus cleachtais a shainaithint maidir leis an mbeartas is fearr, ar cineálacha cur chuige iad a bheidh bunaithe ar fhianaise, agus chun gníomhaíochtaí a anailísiú go háirithe sna réimsí seo a leanas:

dul i ngleic le neamhoird mheabhracha trí chórais sláinte agus shóisialta,

bearta a bheidh bunaithe ar fhianaise a ghlacadh in aghaidh an dúlagair,

comhpháirtíochtaí nuálaíocha a thógáil idir earnáil na sláinte agus na hearnálacha ábhartha eile (mar shampla: an earnáil shóisialta, earnáil an oideachais, earnáil na fostaíochta) chun an tionchar atá ag beartais ar an meabhairshláinte a anailísiú, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna meabhairshláinte de chuid grúpaí leochaileacha agus ar na naisc idir an bhochtaineacht agus fadhbanna meabhairshláinte, chun aghaidh a thabhairt ar an bhféinmharú a chosc, chun an mheabhairshláinte agus an fholláine a chur chun cinn agus chun neamhoird mheabhracha a chosc i suíomhanna éagsúla, amhail san ionad oibre agus i suíomhanna oideachais,

bainistiú a dhéanamh ar éabhlóid cineálacha cur chuige um an meabhairshláinte atá pobal-bhunaithe agus cuimsitheach go sóisialta,

feabhas a chur ar shonraí agus ar fhianaise maidir le stádas na meabhairshláinte i ndaonraí,

tacaíocht a thabhairt don taighde idirdhisciplíneach ar mheabhairshláinte,

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as Lá Domhanda na Meabhairshláinte ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnda trí ghníomhaíochtaí iomchuí chun cur leis an bhfeasacht;

23.

IARANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

leanúint de bheith ag tabhairt aghaidh ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine i gcomhpháirtíocht le beartas sláinte an AE agus le réimsí eile beartais,

tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gCompás Eorpach do Ghníomhaíocht maidir le Meabhairshláinte agus le Folláine,

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, trí shonraí a chur ar fáil ar stádas na meabhairshláinte sa daonra, agus taighde a dhéanamh ar réimsí na meabhairshláinte agus ar na deitéarmanaint a bhaineann léi, lena n-áirítear na costais sláinte, eacnamaíocha agus shóisialta a eascraíonn ó fhadhbanna meabhairshláinte, agus an obair arna ndéanamh ag an EDS agus ag an ECFE á cur san áireamh,

tuarascáil a thíolacadh ar thorthaí na Gníomhaíochta Comhpháirtí, ina mbeidh liosta de ghníomhaíochtaí a bheidh déanta sa chúram sláinte, sa chuimsiú sóisialta, sa chosc agus sa chur chun cinn, chomh maith le léiriú machnaimh ar ghníomhaíochtaí beartais a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo mar bheart leantach ar an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine.


(1)  COM(2010) 682 leagan deireanach.

(2)  Tá doiciméid na gcomhdhálacha téamacha ar fáil anseo: http://ec.europa.eu/health/mental_health/policy/conferences/index_en.htm


8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/4


Conclúidí ón gComhairle maidir le leanaí a imdhíonadh: rath agus dúshláin a bhaineann le leanaí a imdhíonadh san Eoraip agus an bealach chun cinn

2011/C 202/02

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

1.

MEABHRAÍONN SÍ go gcomhlánófar, faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beartais náisiúnta le gníomhaíocht an Aontais a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar shláinte phoiblí tríd an gcomhrac i gcoinne na móraicídí go háirithe a chumhdach; spreagfar leis an ngníomhaíocht sin freisin comhar idir na Ballstáit i réimse na sláinte poiblí agus, más gá, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí na mBallstát, agus urramófar a bhfreagrachtaí maidir le seirbhísí sláinte agus cúram míochaine a eagrú agus a sheachadadh;

2.

MEABHRAÍONN SÍ go ndéanfaidh na Ballstáit, faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhordú ar a mbeartas agus ar a gclár eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún;

3.

MEABHRAÍONN SÍ Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear líonra le haghaidh faireachais agus rialaithe eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal (1), lena n-éilítear anailís eolaíoch thráthúil le go gcuirfí gníomhaíocht Chomhphobail éifeachtúil i gcrích;

4.

MEABHRAÍONN SÍ Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (2), a thacaíonn le gníomhaíochtaí atá ann cheana féin amhail cláir ábhartha ghníomhaíochta Chomhphobail in earnáil na sláinte poiblí, maidir le galair theagmhálacha a chosc agus a rialú, faireachas eipidéimeolaíoch, cláir oiliúna agus sásraí réamhrabhaidh agus freagartha, agus ba cheart go gcothófar malartú dea-chleachtais agus taithí i ndáil le cláir vacsaínithe leis;

5.

AITHNÍONN SÍ gur in ainneoin go bhfuil na Ballstáit aonair freagrach as leanaí a imdhíonadh agus go bhfuil scéimeanna vacsaínithe éagsúla san AE, maidir leis an ábhar gairmiúil a bhaineann leo, leis an nádúr éigeantach nó saorálach atá acu nó le cúrsaí maoinithe ina dtaobh, go gcuideofar tuilleadh leo trí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar an leibhéal Eorpach;

6.

AITHNÍONN SÍ go bhféadfaidh sineirgí níos fearr le réimsí beartais eile an AE dul chun sochair na n-iarrachtaí comhpháirteacha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar vacsaíniú leanaí, agus aird faoi leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, mar shampla na Romaigh i mBallstáit áirithe;

7.

FEARANN SÍ FÁILTE ROIMH na torthaí ó chomhdháil saineolaithe dar teideal “Chun go mbeidh Todhchaí Sláintiúil ag ár Leanaí — Leanaí a Imdhíonadh”, a tionóladh i mBúdaipeist an 3-4 Márta 2011, inar scrúdaigh na rannpháirtithe an méid atá bainte amach san Aontas Eorpach i ndáil le leanaí a imdhíonadh agus na dúshláin atá os a chomhair amach, agus inar cuireadh béim ar an ngá atá ann a lán leanaí a imdhíonadh go tráthúil i bpobail ghinearálta agus i bpobail tearc-vacsaínithe araon agus cothabháil a dhéanamh ar an méid sin; i ndáil le sonraí ardchaighdeáin a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar chuimsiú galar atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus ar fhaireachas ar na galair sin ar an leibhéal fo-náisiúnta, an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE; agus i ndáil le straitéisí cumarsáide á gcomhordú agus á mbeachtú chun díriú ar ghrúpaí ó phobail thearc-vacsaínithe nó orthu siúd atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú;

8.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil an-chuid dúshlán fós ann in ainneoin go raibh cláir chun leanaí a imdhíonadh ríthábhachtach i ndáil le galair thógálacha a rialú san Eoraip;

9.

MEABHRAÍONN SÍ DI gurb é vacsaíniú an bealach is éifeachtúla agus is tíosaí le galair thógálacha a chosc, i gcás ina bhfuil vacsaíniú ar fáil;

10.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar shoghluaisteacht agus ar imirce go bhfuil roinnt ceisteanna i dtaca le cúrsaí sláinte ag teacht chun cinn, ar ceisteanna iad a bhfuil baint acu le leanaí a imdhíonadh freisin;

11.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil galair san Eoraip á rialú le vaicsíní, go bhfuil laghdú tagtha ar ráta tarlaithe na ngalar leo agus fiú go bhfuil deireadh curtha le galair áirithe a bhíodh ina chúis bháis agus mhíchumais san am a chuaigh thart mar gheall orthu, agus go bhféadfar breathnú ar dhíothú na bolgaí ar fud na cruinne agus ar dhíothú polaimiailítís i dtromlach na dtíortha mar shamplaí iontacha de chláir vacsaínithe rathúla;

12.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go dtarlaíonn eipidéimí bruitíní agus rubella i dtíortha áirithe de chuid na hEorpa agus CUIREANN SÍ IN IÚL GO LÁIDIR nár éirigh leis an Eoraip an sprioc a bhaint amach i leith deireadh a chur leis an mbruitíneach agus le rubella faoi 2010, toisc nár cuimsíodh an oiread sin vacsaínithe agus a bhí riachtanach ar an leibhéal fo-náisiúnta, agus mar sin MEABHRAÍONN SÍ DI rún an 16 Meán Fómhair 2010 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) maidir le tiomantas athnuaite chun deireadh a chur leis an mbruitíneach agus le rubella agus do shiondróm rubella ó bhroinn a chosc faoi 2015 agus do thacaíocht leanúnach do stádas saor ó pholaimiailíteas i Réigiún Eorpach WHO;

13.

CUIREANN SÍ BÉIM ar an tábhacht a bhaineann le grúpaí sa phobal a shainaithint, ar grúpaí iad atá go mór i mbaol ó ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus ar an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na grúpaí sin, agus ag an am céanna TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur díol suntais é go bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir pobail sho-ghabhálacha de réir tíre agus de réir réigiúin;

14.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

measúnú a dhéanamh ar na bacainní agus ar na dúshláin lena ndéantar difear do rochtain ar sheirbhísí um vacsaíniú agus do réim na seirbhísí sin, agus na bacainní agus na dúshláin sin a mhapáil, agus/nó a gcuid straitéisí ar an leibhéal náisiúnta nó fo-náisiúnta a bheachtú dá réir sin,

iarrachtaí a dhéanamh a bpróisis agus nósanna imeachta a choimeád agus a neartú maidir le vacsaíní a thairiscint do leanaí nach bhfuiltear ar an eolas faoina gcúlra i ndáil le vacsaíniú nó a bhfuil a gcúlra i ndáil le vacsaíniú neamhchinnte,

iarrachtaí a dhéanamh muinín an phobail a choimeád agus a neartú i ndáil le cláir chun leanaí a imdhíonadh agus i ndáil leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú,

iarrachtaí a dhéanamh feasacht na bproifisiúnach sláinte a mhéadú i ndáil leis an tairbhe a bhaineann le vacsaíní agus an tacaíocht a thugann siad do chláir imdhíonta a neartú,

an t-oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar na proifisiúnaigh sláinte agus ar shaineolaithe ábhartha eile a threisiú i ndáil le leanaí a imdhíonadh,

oibriú i ndlúthchomhar le comhphobail áitiúla, agus gach gníomhaí agus gach líonra ábhartha rannpháirteach sa chomhar sin,

grúpaí tearc-vacsaínithe a shainaithint agus rochtain chothrom ar vacsaíniú do leanaí a áirithiú dóibh,

dlúthchomhar idir sheirbhísí ábhartha sláinte poiblí, péidiatraiceach agus cúraim phríomhúil a áirithiú le taifid ar vacsaínithe aonair a athleanúint agus a mheas go leantach, lena n-áirítear tráthúlacht na vacsaíní arna dtabhairt idir breith agus go haois duine fásta,

iarrachtaí a dhéanamh an cumas saotharlainne a fheabhsú i réimse na diagnóisice agus i réimse an fhaireachais ar na galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú,

machnamh a dhéanamh ar vaicsaíní nuálacha a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte phoiblí nach bhfuil freastal déanta orthu, ar vaicsaíní iad a bhfuil fianaise ann go bhfuil siad éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de,

machnamh a dhéanamh ar chórais um fhaisnéis i leith imdhíonta a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear clárú feabhsaithe, nuair is infheidhme, agus córais faireachais cógais;

15.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

an comhar i measc seirbhísí náisiúnta agus fo-náisiúnta imdíonta a fhorbairt tuilleadh, faireachán ar chuimsiú vaicsaínithe a bheachtú agus a chomhordú tuilleadh chomh maith le córais um thuairisciú,

iarrachtaí a dhéanamh an faireachas ar na galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú a threisiú; córais faisnéise a bheachtú chomh maith le clárleabhair um imdhíonadh a bheachtú, i gcás inarb iomchuí,

machnamh a dhéanamh ar an mhodheolaíocht a mhúnlú chun táscairí comónta a úsáid i ndáil le vacsaíniú chun tacú le cruinniú sonraí ar fud an AE i ndlúthchomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO),

machnamh a dhéanamh ar na córais agus nósanna imeachta a bheadh ina gcabhair chun leanúnachas ceart imdhíonta a áirithiú do dhaoine aonair sa chás go n-athraíonn siad a n-áiteanna cónaithe ó Bhallstát go Ballstát,

feabhsú clár imdhíonta a chaomhnú,

oibriú i gcomhar chun cur chuige agus straitéisí cumarsáide a chur in oiriúint agus na húdair imní a bhíonn ag daoine atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú á bplé acu,

taithí agus dea-chleachtas a chomhroinnt chun líon na bpáistí a dhéantar a vaicsaíniú in aghaidh galar inchoiscthe a ardú i gcoiteann, chomh maith leis an méid sin a dhéanamh i measc grúpaí ó phobail thearc-vacsaínithe,

chun malartú faisnéise idir na soláthróirí seirbhísí vacsaíne a éascú agus chun liosta neamh-uileghabhálach na ngnéithe a mholtar a áireamh i gcártaí imdhíonta nó leabhráin sláinte náisiúnta agus fo-náisiúnta a shainaithint le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpaí (EMA). Ní foláir seo a dhéanamh agus beartais sláinte poiblí na mBallstát féin á n-urramú, ag cur san áireamh na gnéithe le haghaidh deimhnithe faoi vacsaín atá ar an liosta in Iarscríbhinn 6 de Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta WHO. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo sothuigthe laistigh den AE;

16.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

sineirge idir cur chun cinn vacsaíniú leanaí agus cur chun feidhme reachtaíocht agus beartais ábhartha AE a áirithiú, agus urramú iomlán á thabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta,

na roghanna seo a leanas a scrúdú i ndlúthchomhar le ECDC agus EMA agus WHO agus an obair atá déanta ag WHO go dtí seo á cur san áireamh:

modheolaíochtaí agus treoir atá comhaontaithe i gcoiteann a shainaithint, arbh fhéidir pobail níos leithne a aimsiú leo, lena n-áirítear naisc, bunaithe ar fhianaise, idir vaicsíniú agus galair,

modheolaíochtaí atá comhaontaithe i gcoiteann a shainaithint le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar líon na leanaí a ndéantar a vaicsaíniú agus ar fhíor-leibhéal cosanta sa phobal,

modheolaíochtaí a shainaithint le faireachán a dhéanamh ar thacaíocht an phobail i ndáil le cláir um vacsaíniú,

forbairt agus cur chun feidhme straitéisí cumarsáide a éascú lena ndírítear ar idirghabháil a dhéanamh le daoine atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú, ag soláthar faisnéise atá soiléir agus fíorasach i ndáil leis na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú,

treoirlínte agus uirlisí a sholáthar chun cabhrú leis na Ballstáit teachtaireachtaí éifeachtúla a dhearadh,

acmhainní um vacsaíniú ilteangacha AE a fhorbairt do na proifisiúnaigh chúraim sláinte agus don phobal agus é d’aidhm leo faisnéis oibiachtúil, so-rochtana (ar an ngréasán nó ar pháipéar) ar vacsaíní agus ar sceidil imdhíonta a sholáthar, lena n-áirítear vacsaíní a úsáidtear sna Ballstáit, ar fhaisnéis í a bheidh bunaithe ar fhianaise,

tionscadail réigiúnacha agus tionscadail ar fud an AE a éascú chun rochtain ar vacsaíniú a mhéadú do ghrúpaí tearc-vacsaínithe trasnáisiúnta.


(1)  IO L 268, 3.10.1998, lch. 1.

(2)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.


8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/7


Conclúidí ón gComhairle maidir le nuáil san earnáil feistí leighis

2011/C 202/03

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

1.

AG MEABHRÚ DI na Conclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2002 (1) agus an 2 Nollaig 2003 (2) agus na leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin ar an gcreat reachtach d’fheistí leighis (3);

2.

AGUS AIRD Á TARRAINGT AICI AR Chonclúidí (4) na Comhdhála Sláinte Ardleibhéil maidir le nuáil i dteicneolaíocht leighis, ar Comhdháil í a reáchtáladh sa Bhruiséil an 22 Márta 2011;

3.

AGUS É Á THABHAIRT CHUN CUIMHNE DI:

na mórdhúshláin sa tsochaí atá roimh an Eoraip go fad-téarmach, amhail daonra atá ag dul anonn in aois, rud a fhágfaidh go mbeidh gá le córais nuálaíocha cúraim sláinte,

an tábhacht atá le feistí leighis i gcúram sláinte agus sóisialta, an méid a chuidíonn siad le feabhas a chur ar leibhéal na cosanta sláinte agus gurb ar fheistí leighis a chaitear cuid mhór den chaiteachas ar shláinte an phobail inniu,

go bhféadfadh sé, le forbairt feistí leighis, go dtiocfaí ar réitigh nuálaíocha maidir le fáthmheas, cosc, cóir leighis agus athshlánú, a d’fhéadfadh feabhas a chur ar shláinte agus ar mhianach saoil othar, daoine faoi mhíchumas, agus a muintire, a d’fhéadfadh an ganntanas gairmithe cúraim sláinte a laghdú agus a d’fhéadfadh cuidiú le haghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht na gcóras cúraim sláinte,

leis an nuáil i bhfeistí leighis, ba cheart feabhas a chur ar shábháilteacht na n-othar agus na n-úsáideoirí,

an Comhpháirtíocht Eorpach um Nuáil maidir leis an Aoisiú Gníomhach agus Folláin a sheol an Coimisiún Eorpach agus é mar aidhm leis an gComhpháirtíocht sin dul i ngleic leis na dúshláin sa tsochaí trí nuáil,

go bhfuil tuairim is 18 000 fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san earnáil feistí leighis san Eoraip agus gur cóir é sin a chur san áireamh agus bearta reachtacha agus riaracháin á nglacadh amach anseo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta,

gur gá reachtaíocht an AE maidir le feistí leighis a chur in oiriúint do na riachtanais a bheidh ann amach anseo ionas go gcuirfear creat rialála ar bun a bheadh oiriúnach, láidir, trédhearcach agus inbhuanaithe, rud atá fíorthábhachtach chun feistí leighis atá sábháilte, éifeachtach agus nuálaíoch a fhorbairt ar mhaithe le hothair agus le gairmithe cúraim sláinte na hEorpa,

an tábhacht atá leis go mbeadh an AE mar cheann feadhna ar chóineasú rialála idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtas rialála i gcás feistí leighis, tríd an Tascfhórsa um Chomhchuibhiú Domhanda mar shampla, agus go mbeadh sé páirteach i dtionscnaimh dhomhanda amhail faireachas domhanda agus ionstraimí domhanda chun feabhas a chur ar shainaithint agus ar inrianaitheacht feistí leighis;

4.

AG CUR IN IÚL gur gá na nithe seo a leanas a dhéanamh ionas go rachaidh an nuáil chun sochair d’othair, do ghairmithe cúraim sláinte, don tionscail agus don tsochaí:

ba cheart go mbeadh an nuáil dírithe níos mó ar an othar agus ar an úsáideoir agus gur mó a bheadh sé faoi thionchair an éilimh e.g. go mbeadh baint níos mó ag othair, ag a muintire agus ag úsáideoirí leis an bpróiseas taighde, leis an bpróiseas nuálaíochta agus leis an bpróiseas forbartha ionas go gcuirfí feabhas ar shláinte agus ar mhianach saoil an duine aonair,

ba cheart gur phróiseas níos comhtháite a bheadh sa nuáil, agus go gcuirfeadh sé leis an taithí agus leis an eolas a gnóthaíodh in earnálacha eile, amhail teicneolaíocht faisnéise agus forbairt ábhar nua,

ba cheart gurb ar chur chuige iomlánaíoch a bheadh an nuáil bunaithe (i.e. gur cheart di an próiseas iomlán cúraim sláinte a chur san áireamh chomh maith leis na riachtanais go léir atá ag othair — riachtanais fhisiciúla, shóisialta, shíceolaíocha srl.),

ba cheart díriú, leis an nuáil, ar na tosaíochtaí atá ann maidir le sláinte an phobail agus maidir le riachtanais chúraim sláinte inter alia chun an éifeachtacht ó thaobh costais de a fheabhsú,

tá gá le breis taighde a dhéanamh chun na riachtanais agus na tosaíochtaí atá ann maidir le sláinte an phobail agus a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu go fóill a shainaithint agus chun na riachtanais leighis atá ag othair a shainiú ar bhealach níos fearr,

agus an creat rialála Eorpach á chur in oiriúint, ní mór, leis na bearta reachtacha a dhéanfar amach anseo sa réimse sin, díriú go sonrach ar chur le sábháilteacht na n-othar agus ag an am céanna ní mór creat reachtach inbhuanaithe a chruthú a bheadh fabhrach don nuáil i gcás feistí leighis ionas go bhféadfadh daoine maireachtáil go folláin, go gníomhach agus go neamhspleách;

5.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR NA BALLSTÁIT:

bearta a chur chun cinn lena mbainfear leas as réitigh nuálaíocha fhóinteacha a mbeadh sochar cruthaithe a gabháil leo, agus feabhas a chur ar fhaisnéis agus ar oiliúint do ghairmithe cúraim sláinte, d’othair agus do mhuintir na n-othar maidir lena n-úsáid,

dea-chleachtais náisiúnta agus Eorpacha i ndáil leis an nuáil a leagan amach agus a roinnt tuilleadh agus cur leis an leas a bhaintear as taighde ionas go bhféadfar, i gcás inarb ábhartha, an taithí a fuarthas i staidéir náisiúnta nó réigiúnacha agus i dtreoirthionscadail a thabhairt chuig an leibhéal ilnáisiúnta, ilréigiúnach nó chuig an leibhéal Eorpach,

a áirithiú gur fearr an chomharaíocht agus an t-idirphlé a bheadh idir na gníomhaithe éagsúla a bhíonn páirteach sa phróiseas nuálaíochta (e.g. trí líonraí agus trí bhraislí),

nuáil fhóinteach a chur chun cinn trí bheartais um sholáthar poiblí agus na gnéithe sábháilteachta á gcur san áireamh,

na bearta atá ann cheana a chur san áireamh agus, nuair is gá, féachaint ar bhearta breise lena gcuirfear leis an gcumas chun nuála, mar shampla leas a bhaint as córais nuálaíocha maoinithe a bheadh dírithe, go háirithe, ar FBManna agus a bheadh leagtha amach sa tslí is go mbainfí an leas is fearr is féidir as na hacmhainní atá ar fáil san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí,

aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le hidir-inoibritheacht agus le sábháilteacht i ndáil le feistí leighis a lánpháirtiú i gcórais ríomhsheirbhísí sláinte (e-Health), go háirithe i gCórais Sláinte Pearsanta agus i gcórais sláinte soghluaiste (m-Health) agus ag cuimhneamh dóibh go bhfuil sé go hiomlán ina inniúlacht náisiúnta leas a bhaint nó gan a bhaint as córais sláinte TFC,

spreagadh a thabhairt maidir le riachtanais othar agus gairmithe cúraim sláinte a chur san áireamh agus feistí leighis á ndearadh,

féachaint leis go mbeadh ról níos mó ag othair agus ag gairmithe cúraim sláinte i ndáil le faireachas ionas go bhfeabhsófar an córas lena dtugtar fógra maidir le teagmhais dhíobhálacha agus feistí leighis á n-úsáid,

idirphlé luath a chur chun cinn idir monaróirí, saineolaithe eolaíochta agus cliniciúla, údaráis inniúla agus, i gcás inarb ábhartha, comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le “táirgí nua” go háirithe, agus an t-aicmiú a bhaineann leo,

feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis na n-earnálacha ábhartha, i gcás inarb iomchuí,

scrúdú a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ina bhféadfar cur chun cinn feistí leighis a rialú agus ar an leibhéal ar a bhféadfar sin a dhéanamh;

6.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN an méid seo a leanas a chur san áireamh agus obair reachtach á déanamh aige amach anseo:

tá gá le sásraí chun feabhas a chur ar iontaofacht, ar intuarthacht, ar luas agus ar thrédhearcacht i gcinnteoireacht, agus lena chinntiú go mbeidh an chinnteoireacht sin bunaithe ar shonraí atá bailíochtaithe ó thaobh na heolaíochta de,

ba cheart feabhas a chur ar an gcóras aicmithe rioscabhunaithe (go háirithe maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus maidir le “táirgí nua” de réir mar is iomchuí),

ní mór sonraí cliniciúla ó staidéir réamh-mhargaithe agus ó thaithí iarmhargaithe (tuarascálacha faireachais, measúnú leantach cliniciúil iarmhargaithe, cláir Eorpacha) a bhailiú ar bhealach trédhearcacht agus thar mar atá á dhéanamh faoi láthair chun go gcuirfear fianaise chliniciúil ar fáil lena gcomhlíonfar cuspóirí rialála agus lena bhféadfar, i gcás inarb iomchuí, cabhrú le measúnú ar theicneolaíocht sláinte, agus inniúlachtaí náisiúnta maidir leis an gceann deiridh á n-aithint agus á n-urramú ina n-iomláine. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar mhodhanna lena áirithiú go mbeidh an saineolas iomchuí ag na comhlachtaí dá dtugtar fógra chun anailís a dhéanamh ar shonraí mar sin ar bhealach suntasach,

tá gá le rialacha níos soiléire agus níos simplí lena sainmhínítear na hoibleagáidí agus na freagrachtaí atá ar na hoibreoirí eacnamaíocha go léir agus lena sainmhínítear an ról atá ag geallsealbhóirí eile (go háirithe na húdaráis inniúla náisiúnta agus na comhlachtaí dá dtugtar fógra),

ní mór forbairt bonneagar Teicneolaíochta Faisnéise (TF) nua-aimseartha do bhunachar sonraí lárnach a bheidh ar fáil go poiblí a shaothrú tuilleadh d’fhonn faisnéis lárnach a chur ar fáil maidir le feistí leighis, le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, le teastais, le himscrúduithe cliniciúla agus le gníomhartha ceartaitheacha um shábháilteacht allamuigh. Sa chomhthéacs sin, ní mór féachaint an bhféadfar córas a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar inrianaitheacht feistí, ag cur le sábháilteacht ar an gcaoi sin,

nuair is gá, ba cheart soiléiriú a dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar fheistí leighis agus ar na critéir maidir lena n-aicmiú,

chomh maith leis sin, ní mór sásra simplí agus mear a bhunú chun go nglacfar go gasta le cinntí ceangailteacha agus comhsheasmhacha agus chun go ndéanfar iad a chur chun feidhme agus táirgí á gcinneadh mar fheistí leighis agus á n-aicmiú mar feistí leighis chun aghaidh a thabhairt ar líon na gcásanna “idir eatarthu”, atá ag dul i méid, idir feistí leighis agus táirgí eile faoi réir creataí rialála éagsúla (an creat do chógaisíocht go háirithe, ach na cinn do chosmaidí, do tháirgí aeistéitiúla, do bhia nó do bhithicídí freisin),

maidir le maoirseachta a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, ní mór leanúint d’fheabhas a chur ar liosta comhchuibhithe na gcritéar nach mór a chomhlíonadh sula ndéanfar iad a ainmniú. Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis an bpróiseas ainmniúcháin go bhfuil na comhlachtaí dá dtugtar fógra ceaptha le measúnú a dhéanamh ar fheistí nó ar theicneolaíochtaí a thagann lena saineolas agus lena n-inniúlachtaí cruthaithe agus orthu sin amháin. Ba cheart go dtabharfar aghaidh leis an bpróiseas ar an ngá atá ann feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéanann údaráis náisiúnta ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra chun feidhmíocht ardleibhéil inchomparáideach na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a áirithiú ar fud an AE, ba cheart comhordú Eorpach níos fearr a mheas idir na húdaráis inniúla sa chomhthéacs sin, mar aon le comhordú Eorpach níos fearr idir comhlachtaí dá dtugtar fógra,

ní mór an córas faireachais d’fheistí leighis a fhorbairt tuilleadh chun go bhféadfar anailís comhordaithe a dhéanamh agus freagairt mhear agus comhsheasmhach a thabhairt ar shaincheisteanna sábháilteachta ar fud an AE, más gá sin,

is inmhianta machnamh a dhéanamh ar shásra Eorpach um chomhordúchán a bheidh bunaithe ar bhunús dlí soiléir agus ar shainordú chun comhordú éifeachtach agus éifeachtúil idir údaráis náisiúnta a áirithiú agus páirc imeartha chothrom á cruthú. Ba cheart féachaint ar shineirgí le comhlachtaí a bhfuil an saineolas ábhartha acu atá ann cheana agus na sásraí do chomhordúchán mar sin á gcinneadh. Ba cheart aird a thabhairt chomh maith ar na gníomhaíochtaí a chomhlíontar ar bhealach níos fearr agus iad déanta i gcomhar idir na Ballstáit,

siocair gur earnáil dhomhanda í earnáil na bhfeistí leighis, tá comhordú níos láidre le comhpháirtithe idirnáisiúnta inmhianta chun a áirithiú go ndéanfar feistí leighis a mhonarú de réir na gceanglas ard sábháilteachta ar fud an domhain,

tá gá le creat reachtach inbhuanaithe d’fheistí leighis lena n-áiritheofar sábháilteacht agus lena gcuirfear nuálaíocht chun cinn,

ba cheart machnamh a dhéanamh ar an mbealach ina bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí rialála sa chóras, cur i gcás maidir le feistí leighis a mhonaraítear agus úsáid á baint as cealla daonna agus as fíocháin dhaonna neamh-inmharthana,

ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an ngá atá le forálacha níos comhchuibhithe a thabhairt isteach a bhaineann le hábhar, le cur i láthair agus le sothuigtheacht na dtreoracha maidir le húsáid a bhaint as feistí leighis.


(1)  10060/02.

(2)  14747/03.

(3)  Treoir 2007/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leasaítear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hionchlannáin mhíochaine ghníomhacha, Treoir 93/42/CEE ón gComhairle maidir le feistí míochaine agus Treoir 98/8/CE maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 247, 21.9.2007, lch. 21).

(4)  http://ec.europa.eu/consumers/sectors/medical-devices/files/exploratory_process/hlc_en.pdf


8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/10


Conclúidí ón gComhairle: córais sláinte atá nua-aimseartha, freagrúil agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh

2011/C 202/04

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

1.

MEABHRAÍONN SÍ DI go ndéanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; chomh maith le beartais náisiúnta a chomhlánú agus le bheith dírithe ar shláinte phoiblí a fheabhsú tá sé i gceist le gníomhaíocht Aontais an comhar idir na Ballstáit i réimse na sláinte poiblí a spreagadh agus, i gcás inar gá, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát agus urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá orthu i ndáil le seirbhísí sláinte agus cúram míochaine a eagrú agus a sheachadadh;

2.

MEABHRAÍONN SÍ DI na Conclúidí ón gComhairle maidir le Páipéar Bán an Choimisiúin “Ag obair i gcomhar a chéile ar mhaithe le Sláinte: Cur Chuige Straitéiseach don AE, 2008-2013” a glacadh an 6 Nollaig 2007;

3.

MEABHRAÍONN SÍ DI na Conclúidí ón gComhairle maidir le comhluachanna agus comhphrionsabail i gcórais sláinte AE, ar conclúidí iad a glacadh an 2 Meitheamh 2006 (1), agus go háirithe na luachanna uileghabhálacha d’uilíocht, de rochtain ar chúram ar ardchaighdeán, de chothromas agus de dhlúthpháirtíocht;

4.

MEABHRAÍONN SÍ DI Cairt Thaillinn maidir le Córais Sláinte um Shláinte agus Rachmas, a síníodh an 27 Meitheamh 2008 faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO);

5.

MEABHRAÍONN SÍ DI an Comhthuarascáil maidir le Córais Sláinte a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach (CE) agus an Coiste um Beartas Geilleagair (EPC) a cuireadh i gcrích an 23 Samhain 2010, chomh maith leis na Conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an gComhthuarascáil CE-ECP maidir le Córais Sláinte, a glacadh an 7 Nollaig 2010;

6.

AITHNÍONN SÍ an obair atá déanta ag an gCoiste um Chosaint Shóisialta (SPC) agus MEABHRAÍONN SÍ DI na cuspóirí a comhaontaíodh, i ndáil le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta laistigh de chreat an Mhodha Oscailte Comhordaithe, ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta 2006, d’fhonn rochtain ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach atá ar ardchaighdeán agus atá inbhuanaithe a áirithiú;

7.

MEABHRAÍONN SÍ DI an plé a rinneadh maidir le “Bealaí d’Othair agus do Proifisiúnaigh san Eoraip — Infheistiú a dhéanamh sna córais sláinte a bheidh ann sa todhchaí” ag an gCruinniú Neamhfhoirmiúil a bhí ag na hAirí Sláinte in Gödöllő an 4-5 Aibreán 2011;

8.

MEABHRAÍONN SÍ DI an Straitéis Eoraip 2020 agus FEARANN SÍ FÁILTE ROIMH thionscnamh an Choimisiúin lenar tugadh ar aghaidh an Comhpháirtíocht phíolótach Eorpach um Nuáil maidir leis “an tAoisiú Gníomhach agus Folláin” agus roimh an obair leanúnach atá ar siúl aici;

9.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil dúshláin chomónta os comhair na mBallstát mar gheall ar dhaonra atá ag dul in aois, leis an athrú i riachtanais daonra, leis an méadú in ionchas othar, le scaipeadh pras na teicneolaíochta agus le méadú na gcostas i gcúram sláinte chomh maith leis an dúshlán atá ann mar gheall ar na cúinsí eacnamaíocha neamhchinnte agus leochaileacha atá ann faoi láthair, atá mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch domhanda agus ar an ngéarchéim airgeadais a tharla le déanaí, arb iad is cúis le teorainn a chur ar bhonn leanúnach leis na hacmhainní atá ar fáil do chórais sláinte na mBallstát. Tá an méadú sna galair ainsealacha, ar méadú é atá ag fás, ar cheann de na dúshláin mhóra atá os comhair na gcóras sláinte;

10.

AITHNÍONN SÍ gur cheist lárnach a bhí i gceist i gcónaí le rochtain chothrom ar sheirbhísí cúram sláinte ar ardchaighdeán a áirithiú i gcúinsí ina mbíonn acmhainní eacnamaíocha agus acmhainní eile gann, is iad scála agus práinne an staid atá ann atá ag athrú faoi láthair, agus mura dtugtar aghaidh orthu siúd d’fhéadfaidís a bheith ina dtosca ríthábhachtach i ndáil le tírdhreach eacnamaíoch agus sóisialta an AE amach anseo;

11.

AITHNÍONN SÍ an gá atá le nuáil atá cliste agus freagrach, lena n-áirítear nuáil shóisialta agus eagraíochtúil, chun na héilimh a bheidh ann amach anseo a chomhardú le hacmhainní inacmhainne agus inbhuanaithe d’fhonn go mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo ar fad;

12.

IARRANN SÍ go mbeidh ról imleor ag an earnáil sláinte i ndáil leis an Straitéis Eoraip 2020 a chur chun feidhme. Ba cheart a aithint go gcuirtear leis an bhfás eacnamaíoch le hinfheistíochtaí sa tsláinte. Cé gur fiúntach an tsláinte féin, is réamhchoinníoll í i ndáil le fás eacnamaíoch a bhaint amach;

13.

CUIREANN SÍ BÉIM ar an gcumas atá ann acmhainní Chistí Struchtúracha na hEorpa a úsáid, gan dochar don idirbheartaíocht maidir leis an gcreat airgeadais a bheidh ann amach anseo, i gcomhlánú an mhaoinithe d’fhorbairt na hearnála sláinte sna réigiún incháilithe i mBallstáit, lena n-áirítear, inter alia infheistíochtaí caipitil, d’fhonn córais sláinte nua-aimseartha, fhreagrúla, éifeachtacha, éifeachtúla agus inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de a chruthú lena soláthraítear rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte do chách, go háirithe mar gheall ar an méid seo a leanas:

tá sé an-tábhachtach go mbainfear amach comhtháthú sóisialta lena laghdófar difríochtaí móra agus lena ndúnfar na bearnaí tromchúiseacha atá idir na Ballstáit agus laistigh díobh,

chun cur chuige “glúin nua” i leith cúram sláinte a fhorbairt beidh gá le maoiniú iomchuí chun córais sláinte a thrasfhoirmiú agus chun infheistíocht i múnlaí cúraim agus áiseanna atá nua agus inbhuanaithe a athchomhardú;

14.

LEAGANN SÍ BÉIM ar an tábhacht bhunúsach a bhaineann le héifeachtacht infheistíochtaí i gcórais sláinte na todhchaí, ar cheart go ndéanfadh na Ballstáit tomhas agus faireachán faoi seach orthu;

15.

AITHNÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann le próisis um beartais agus um chinneadh a dhéanamh, ar beartais iad a bheidh bunaithe ar fhianaise agus a mbeidh córais imleor faisnéise sláinte ann chun tacú leo;

16.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil gá san Aontas Eorpach le fianaise maidir le nuachóiriú na gcóras sláinte a chomhroinnt agus le cur chuige nua i leith cúram sláinte;

17.

AITHNÍONN SÍ gur príomhfhachtóirí iad an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc le haghaidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach córas sláinte;

18.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur príomh-réamhchoinníoll é go mbeadh fáil ar go leor gairmithe sláinte atá oilte mar is cuí i ngach Ballstát d’fhonn córais sláinte nua-aimseartha dinimiciúla a oibriú agus ba cheart do gach Ballstát a riachtanais a chomhlíonadh agus cloí le Cód Cleachtais Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) i dtaca le hearcaíocht idirnáisiúnta;

19.

CUIREANN SÍ BÉIM ar an ngá atá ann obair in éineacht lena chéile agus le comhar níos comhordaithe ar leibhéal an AE chun tacú leis na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, maidir lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh a gcórais sláinte in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amach anseo, agus an comhar sin ag cur le torthaí a baineadh amach trí thionscnaimh náisiúnta agus trí thionscnaimh an AE, mar aon le gníomhaíochtaí a rinne eagraíochtaí idir-rialtasacha amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an EDS a chur i gcrích;

20.

LEAGANN SÍ BÉIM ar an ról ceannaireachta atá ag Airí Sláinte i ndáil le tabhairt faoi chur chuige sláinte éifeachtach atá bunaithe ar bheartais agus le forbairt a dhéanamh ar an gcur chuige sin chun dul i ngleic go leordhóthanach le dúshláin mhaicreacnamaíocha, sláinte agus shochaíocha, lena n-áirítear na dúshláin sin a bhaineann le daonra atá ag dul in aois, agus chun straitéisí fadtéarmacha na hearnála sláinte san am atá romhainn a áirithiú, ag díriú go háirithe ar infheistíocht san earnáil sláinte agus ar straitéisí acmhainní daonna;

21.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

a dtiomantas a threisiú i leith ról gníomhach a ghlacadh maidir le cur chuige sláinte éifeachtach atá bunaithe ar bheartais a fhorbairt chun dul i ngleic go leordhóthanach le dúshláin mhaicreacnamaíocha, sláinte agus shochaíocha,

a áirithiú go ndíreofar ar an tsláinte go leordhóthanach sna Cláir Athchóirithe Náisiúnta a chuireann na Ballstáit isteach laistigh de chreat na Straitéise “An Eoraip 2020”,

an tuiscint atá ar bheartas sláinte a athrú, é a dhéanamh níos feiceálaí nuair a bheidh saincheisteanna maicreacnamaíocha sa treis agus gan breathnú air mar phost caiteachais amháin a thuilleadh ach a aithint gur féidir leis cuidiú leis an bhfás eacnamaíoch,

féachaint ar chur chuige nuálach agus ar shamhlacha cúraim sláinte nuálacha chun freagairt do dhúshláin, agus straitéisí fadtéarmacha na hearnála sláinte san am atá romhainn a fhorbairt, ag díriú go háirithe ar infheistíocht éifeachtach san earnáil sláinte agus in acmhainní daonna, agus é d’aidhm acu druidim ó chórais arb é an t-ospidéal an lár atá acu i dtreo córas cúraim chomhtháite, lena ndéanfar rochtain chothrom ar chúram ardchaighdeáin a fheabhsú agus lena laghdófar éagothroime,

cur chun cinn na sláinte agus cosc galair a threisiú tuilleadh ar bhealach comhtháite i spiorad an chur chuige Sláinte sna Beartais Uile,

measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte a chothú agus a áirithiú go n-úsáidfear réitigh shláinte ar líne ar bhealach níos cliste chun luach an airgid a fháil agus sochair don tsláinte agus do chórais sláinte a áirithiú,

úsáid níos cliste a bhaint as cláir airgeadais an AE, lena n-áirítear inter alia Cistí Struchtúracha, ar féidir leo cur le nuálaíocht i gcórais sláinte agus le héagothroime sláinte a laghdú, agus ar féidir leo fás eacnamaíoch breise a spreagadh;

22.

IARANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

tús a chur le próiseas machnaimh faoi choimirce na Meithle um Shláinte Phoiblí ar an Leibhéal Sinsearach, arb é is aidhm dó bealaí éifeachtacha a aimsiú chun infheistiú sa tsláinte d’fhonn iarracht a dhéanamh córais sláinte nua-aimseartha, fhreagrúla agus inbhuanaithe a chruthú,

d’fhonn an próiseas machnaimh a sheoladh agus chun na cuspóirí atá leis a bhaint amach:

iarraidh ar an Meitheal um Shláinte Phoiblí ar an Leibhéal Sinsearach an próiseas machnaimh a stiúrú, clár oibre a chur ar bun dó agus módúlachtaí a fhorbairt dó,

iarraidh ar an Meitheal um Shláinte Phoiblí ar an Leibhéal Sinsearach idirphlé rialta a dhéanamh leis an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch (EPC) agus leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta (SPC),

rochtain a éascú do na Ballstáit ar chomhairle neamhfhoirmiúil, neamhspleách ó shaineolaithe i réimsí beartais atá ábhartha don phróiseas machnaimh sin,

na cuspóirí seo a leanas go háirithe a áireamh sa phróiseas machnaimh sin:

féachaint chuige go dtabharfar aird níos fearr ar an tsláinte i gcreat na Straitéise “An Eoraip 2020” agus i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh,

taithí agus dea-chleachtas a roinnt agus anailís a dhéanamh orthu chun cur le fachtóirí an ratha d’fhonn úsáid éifeachtach a bhaint as Cistí Struchtúracha le haghaidh infheistíochtaí sláinte,

taithí, dea-chleachtas agus saineolas a roinnt i dtaca le riachtanais sláinte na sochaí a thuiscint agus le freagairt go leordhóthanach dóibh, ar riachtanais iad atá ag dul i méid agus ag athrú go háirithe mar thoradh ar dhaonra atá ag dul in aois, agus infheistíochtaí san earnáil sláinte a dhearadh go héifeachtach agus go héifeachtúil,

comhar maidir le héifeachtacht infheistíochtaí sláinte a thomhas agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu,

cláir, sonraí, eolas, fianaise agus saineolas atá cheana féin san AE, in eagraíochtaí idir-rialtasacha, go háirithe an EDS agus an ECFE, agus sna Ballstáit a chur san áireamh agus dúbláil iarrachtaí á seachaint sa chaoi sin;

23.

IARANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

tacú leis na Ballstáit maidir le tús a chur leis an bpróiseas machnaimh agus lena chur chun feidhme,

tacú leis an bpróiseas machnaimh trí bhearta iomchuí, lena n-áirítear bearta chun an rochtain a éascú ar shainchomhairle ilearnálach, neamhfhoirmiúil agus neamhspleách, ar comhairle í a chuirfear ar fáil do na Ballstáit agus/nó don Mheitheal um Shláinte Phoiblí ar an Leibhéal Sinsearach arna iarraidh sin dóibh nó di,

ról leordhóthanach a chur chun cinn don earnáil sláinte i ndáil leis an Straitéis “An Eoraip 2020” a chur chun feidhme, agus tacaíocht a thabhairt do phlé tráthrialta ina dhiaidh sin leis na Ballstáit maidir leis an gcás mar atá,

béim a chur ar an ról eacnamaíoch atá ag an earnáil sláinte, gan breathnú air mar phost caiteachais amháin a thuilleadh ach a aithint gur féidir leis cuidiú leis an bhfás eacnamaíoch,

uirlisí agus modheolaíochtaí éifeachtacha a chur ar fáil do na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht córas sláinte,

bealaí nua a chur chun cinn chun tacú leis na Ballstáit agus aghaidh á tabhairt acu ar a riachtanais infheistíochta sláinte amach anseo,

tuarascálacha a chur faoi bhráid na Comhairle go tráthrialta chun cuidiú leis an bpróiseas machnaimh, agus an chéad tuarascáil le cur isteach faoi dheireadh na bliana 2012.


(1)  IO C 146, 22.6.2006, lch. 1.


8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/13


COMHAONTÚ

idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh

2011/C 202/05

TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Aithníonn Ballstáit an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “na Páirtithe” anseo feasta) go bhféadfadh sé, ar mhaithe le comhairliúchán agus comhar a bheadh iomlán agus éifeachtach a bhunú, go mbeadh orthu faisnéis rúnaicmithe a mhalartú eatarthu féin ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, agus eatarthu féin agus institiúidí an Aontais Eorpaigh nó eatarthu féin agus gníomhaireachtaí, comhlachtaí nó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh.

(2)

Is é an mhian is comhchoiteann do na Páirtithe rannchuidiú le creat ginearálta comhtháite, cuimsitheach a bhunú um chosaint faisnéise rúnaicmithe a thagann ó na Páirtithe ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, nó ó ghníomhaireachtaí, ó chomhlachtaí nó ó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a gheofar ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa chomhthéacs sin.

(3)

Is eol do na Páirtithe gur gá bearta iomchuí cosanta a bhunú don fhaisnéis rúnaicmithe sin le go mbeifear in ann rochtain a fháil uirthi agus í a mhalartú,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Is é is cuspóir don Chomhaontú seo a áirithiú go gcosnóidh na Páirtithe faisnéis rúnaicmithe:

(a)

a thagann ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, nó ó ghníomhaireachtaí, ó chomhlachtaí nó ó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a chuirtear ar fáil do na Páirtithe nó a mhalartaítear leo;

(b)

a thagann ó na Páirtithe agus a chuirtear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a mhalartaítear leo, nó a chuirtear ar fáil do ghníomhaireachtaí, do chomhlachtaí nó d’oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a mhalartaítear leo;

(c)

a thagann ó na Páirtithe d’fhonn go gcuirfear ar fáil í nó go malartófar eatarthu í ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh agus atá marcáilte lena chur in iúl go bhfuil sí faoi réir an Chomhaontaithe seo;

(d)

a gheobhaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh nó gníomhaireachtaí, comhlachtaí nó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thríú Stáit nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a dhéanfar a chur ar fáil do na Páirtithe nó a mhalartú leo.

Airteagal 2

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallóidh “faisnéis rúnaicmithe” aon fhaisnéis nó aon ábhar, i bhfoirm ar bith, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe céimeanna éagsúla dochair a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh nó do leasanna Ballstáit amháin nó níos mó, agus ar a mbeidh ceann amháin de na marcanna aicmiúcháin seo a leanas nó marc comhfhreagrach aicmiúcháin mar a leagtar amach san Iarscríbhinn:

“TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe dochar an-tromchúiseach a dhéanamh do leasa sár-riachtanacha an Aontais Eorpaigh nó do leasa sár-riachtanacha Ballstáit amháin nó níos mó,

“SECRET UE/EU SECRET”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasa sár-riachtanacha an Aontais Eorpaigh nó do leasa sár-riachtanacha Ballstáit amháin nó níos mó,

“CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe dochar a dhéanamh do leasa sár-riachtanacha an Aontais Eorpaigh nó do leasa sár-riachtanacha Ballstáit amháin nó níos mó,

“RESTREINT UE/EU RESTRICTED”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe míbhuntáistí a chruthú do leasa an Aontais Eorpaigh nó do leasa Ballstáit amháin nó níos mó.

Airteagal 3

1.   Glacfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus lena rialacháin náisiúnta féin chun a áirithiú go mbeidh leibhéal na cosanta a thugtar d’fhaisnéis rúnaicmithe atá faoi réir an Chomhaontaithe seo coibhéiseach leis an leibhéal cosanta a thugtar le rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an AE a bhfuil marc comhfhreagrach aicmiúcháin uirthi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é.

2.   Ní dochar aon ní sa Chomhaontú seo do na dlíthe náisiúnta ná do rialacháin na bPáirtithe maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, maidir le cosaint na sonraí pearsanta ná le cosaint na faisnéise rúnaicmithe.

3.   Tabharfaidh na Páirtithe fógra do thaiscí an Chomhaontaithe seo maidir le haon athruithe do na haicmiúcháin slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 maidir le fógraí dá samhail.

Airteagal 4

1.   Maidir le faisnéis rúnaicmithe a chuirfear ar fáil nó a mhalartófar faoin gComhaontú seo, áiritheoidh gach Páirtí:

(a)

nach ndéanfar í a íosghrádú ná a scaoileadh ó rúnaicmiú gan cead i scríbhinn a fháil ón tionscnóir;

(b)

nach n-úsáidfear í chun críoch eile seachas na críocha a shocróidh an tionscnóir;

(c)

nach ndéanfar í a nochtadh d’aon tríú Stát ná d’aon eagraíocht idirnáisiúnta gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón tionscnóir agus comhaontú nó socrú iomchuí a bheith déanta, leis an tríú Stát nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe.

2.   I gcomhréir lena cheangaltais bhunreachtúla, lena dhlíthe náisiúnta agus lena rialacháin féin, déanfaidh gach Páirtí an prionsabal um chead ón tionscnóir a urramú.

Airteagal 5

1.   Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ar bhonn phrionsabal riachtanas na rochtana sin.

2.   Áiritheoidh na Páirtithe nach dtabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe a mbeidh an marc aicmiúcháin “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” uirthi nó marc aicmiúcháin níos airde ná sin nó marc aicmiúcháin coibhéiseach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é ach do dhaoine aonair a mbeidh an t-imréiteach slándála iomchuí acu nó a dhéanfar a chuí-údarú ar shlí eile de bhua a bhfeidhmeanna i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus le rialacháin náisiúnta.

3.   Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na daoine go léir a dtabharfar rochtain dóibh ar fhaisnéis rúnaicmithe a chur ar an eolas maidir lena bhfreagracht an fhaisnéis sin a chosaint i gcomhréir leis na rialacháin slándála iomchuí.

4.   Arna iarraidh sin, soláthróidh na Páirtithe cúnamh frithpháirteach, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta féin, agus imscrúduithe slándála á gcur i gcrích acu maidir le himréitigh slándála.

5.   I gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh imréiteach slándála iomchuí faighte ag aon eintiteas a bheidh faoina dhlínse agus a gheobhaidh nó a ghinfidh faisnéis rúnaicmithe agus go mbeidh an t-eintiteas sin in ann cosaint oiriúnach a chur ar fáil, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1), ar an leibhéal slándála iomchuí.

6.   Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, féadfaidh gach Páirtí na himréitigh slándála pearsanra agus saoráidí arna n-eisiúint ag Páirtí eile a aithint.

Airteagal 6

Áiritheoidh na Páirtithe go gcosnófar go cuí gach faisnéis rúnaicmithe a bheidh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo agus a tharchuirfear, a mhalartófar nó a aistreofar iontu nó eatarthu, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1).

Airteagal 7

Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1), áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear na bearta iomchuí chun feidhme chun go gcosnófar faisnéis rúnaicmithe a phróiseálfar, a stórálfar nó a tharchuirfear i gcórais chumarsáide agus faisnéise. Leis na bearta sin, áiritheofar rúndacht, sláine, infhaighteacht agus, más infheidhme, neamhshéanadh agus barántúlacht na faisnéise rúnaicmithe, mar aon le leibhéal iomchuí cuntasachta agus inrianaitheachta don ghníomhú a dhéantar i ndáil leis an bhfaisnéis sin.

Airteagal 8

Arna iarraidh sin, cuirfidh na Páirtithe ar fáil dá chéile faisnéis ábhartha maidir lena rialacha slándála agus lena rialacháin slándála féin.

Airteagal 9

1.   Glacfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus lena rialacháin náisiúnta féin, chun cásanna a imscrúdú inarb eol gur cuireadh as d’fhaisnéis rúnaicmithe atá faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo nó gur cailleadh í nó ina mbeidh forais réasúnacha amhrais ann gur cuireadh as di nó gur cailleadh í.

2.   Aon pháirtí a fhaigheann amach gur cuireadh as d’fhaisnéis nó gur cailleadh í, cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas faoi sin láithreach agus cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas ina dhiaidh sin faoi thoradh deiridh an imscrúdaithe agus faoi na bearta ceartaitheacha a glacadh le cinntiú nach dtarlódh sé an athuair. Arna iarraidh sin, féadfaidh aon Pháirtí ábhartha eile cúnamh imscrúdaitheach a sholáthar.

Airteagal 10

1.   Ní dhéanfaidh an Comhaontú seo aon difear do chomhaontuithe nó do shocruithe atá ann, ar comhaontuithe nó socruithe iad a ghlac aon Pháirtí air féin maidir le cosaint nó malartú faisnéise rúnaicmithe.

2.   Ní choiscfidh an Comhaontú seo ar na Páirtithe comhaontuithe nó socruithe eile a ghlacadh orthu féin maidir le faisnéis rúnaicmithe dá tionscnamh féin a chosaint nó a mhalartú, ar choinníoll nach mbeidh na comhaontuithe nó na socruithe sin ag teacht salach ar an gComhaontú seo.

Airteagal 11

Féadfar an Comhaontú seo a leasú trí chomhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe. Aon leasú a dhéanfar, tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a gheofar fógra de bhun Airteagal 13(2).

Airteagal 12

Aon díospóid a bheidh ann idir dhá Pháirtí nó níos mó maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, is trí chomhairliúchán idir na Páirtithe lena mbaineann a dhéanfar í a réiteach.

Airteagal 13

1.   Cuirfidh na Páirtithe in iúl d’Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm curtha i gcrích acu.

2.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis fógra a bheith tugtha d’Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích ag an bPáirtí is déanaí a chuirfidh i gcrích iad.

3.   Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Chomhaontaithe seo, ar comhaontú í a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Dréachtaíodh an Comhaontú seo i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na trí théacs is fiche sin.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir Ionadaithe Rialtais na mBallstát thíos-sínithe a lámh leis an gComhaontú seo, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an ceathrú lá de Bhealtaine sa bhliain dhá mhíle a haon déag.

Voor de regering van het Koninkrijk België

Pour le gouvernement du Royaume de Belgique

Für die Regierung des Königreichs Belgien

Image

За правителството на Република България

Image

Za vládu České republiky

Image

For Kongeriget Danmarks regering

Image

Für die Regierung der Bundesrepublik Deutschland

Image

Eesti Vabariigi valitsuse nimel

Image

Thar ceann Rialtas na hÉireann

For the Government of Ireland

Image

Για την Κυβέρνηση της Ελληνικής Δημοκρατίας

Image

Por el Gobierno del Reino de España

Image

Pour le gouvernement de la République française

Image

Per il Governo della Repubblica italiana

Image

Για την Κυβέρνηση της Κυπριακής Δημοκρατίας

Image

Latvijas Republikas valdības vārdā

Image

Lietuvos Respublikos Vyriausybės vardu

Image

Pour le gouvernement du Grand-Duché de Luxembourg

Image

A Magyar Köztársaság kormánya részéről

Image

Għall-Gvern ta’ Malta

Image

Voor de Regering van het Koninkrijk der Nederlanden

Image

Für die Regierung der Republik Österreich

Image

W imieniu Rządu Rzeczypospolitej Polskiej

Image

Pelo Governo da República Portuguesa

Image

Pentru Guvernul României

Image

Za vlado Republike Slovenije

Image

Za vládu Slovenskej republiky

Image

Suomen tasavallan hallituksen puolesta

För Republiken Finlands regering

Image

För Konungariket Sveriges regering

Image

For the Government of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland

Image


IARSCRÍBHINN

Comhionannas na n-aicmiúchán slándála

AE

TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET

SECRET UE/EU SECRET

CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL

RESTREINT UE/EU RESTRICTED

An Bheilg

Très Secret (Loi 11.12.1998)

Zeer Geheim (Wet 11.12.1998)

Secret (Loi 11.12.1998)

Geheim (Wet 11.12.1998)

Confidentiel (Loi 11.12.1998)

Vertrouwelijk (Wet 11.12.1998)

За служебно ползване  (1)

An Bhulgáir

Cтpoгo ceкретно

Ceкретно

Поверително

За служебно ползване

Poblacht na Seice

Přísně tajné

Tajné

Důvěrné

Vyhrazené

An Danmhairg

Yderst hemmeligt

Hemmeligt

Fortroligt

Til tjenestebrug

An Ghearmáin

STRENG GEHEIM

GEHEIM

VS (2) — VERTRAULICH

VS — NUR FÜR DEN DIENSTGEBRAUCH

An Eastóin

Täiesti salajane

Salajane

Konfidentsiaalne

Piiratud

Éire

Top Secret

Secret

Confidential

Restricted

An Ghréig

Άκρως Απόρρητο

Abr: ΑΑΠ

Απόρρητο

Abr: (ΑΠ)

Εμπιστευτικό

Αbr: (ΕΜ)

Περιορισμένης Χρήσης

Abr: (ΠΧ)

An Spáinn

SECRETO

RESERVADO

CONFIDENCIAL

DIFUSIÓN LIMITADA

An Fhrainc

Très Secret Défense

Secret Défense

Confidentiel Défense

nóta thíos  (3)

An Iodáil

Segretissimo

Segreto

Riservatissimo

Riservato

An Chipir

Άκρως Απόρρητο

Αbr: (AΑΠ)

Απόρρητο

Αbr: (ΑΠ)

Εμπιστευτικό

Αbr: (ΕΜ)

Περιορισμένης Χρήσης

Αbr: (ΠΧ)

An Laitvia

Sevišķi slepeni

Slepeni

Konfidenciāli

Dienesta vajadzībām

An Liotuáin

Visiškai slaptai

Slaptai

Konfidencialiai

Riboto naudojimo

Lucsamburg

Très Secret Lux

Secret Lux

Confidentiel Lux

Restreint Lux

An Ungáir

Szigorúan titkos!

Titkos!

Bizalmas!

Korlátozott terjesztésű!

Málta

L-Ogħla Segretezza

Sigriet

Kunfidenzjali

Ristrett

An Ísiltír

Stg. ZEER GEHEIM

Stg. GEHEIM

Stg. CONFIDENTIEEL

Dep. VERTROUWELIJK

An Ostair

Streng Geheim

Geheim

Vertraulich

Eingeschränkt

An Pholainn

Ściśle tajne

Tajne

Poufne

Zastrzeżone

An Phortaingéil

Muito Secreto

Secreto

Confidencial

Reservado

An Rómáin

Strict secret de importanță deosebită

Strict secret

Secret

Secret de serviciu

An tSlóivéin

Strogo tajno

Tajno

Zaupno

Interno

An tSlóvaic

Prísne tajné

Tajné

Dôverné

Vyhradené

An Fhionlainn

ERITTÄIN SALAINEN

YTTERST HEMLIG

SALAINEN

HEMLIG

LUOTTAMUKSELLINEN

KONFIDENTIELL

KÄYTTÖ RAJOITETTU

BEGRÄNSAD TILLGÅNG

An tSualainn (4)

HEMLIG/TOP SECRET

HEMLIG AV SYNNERLIG BETYDELSE FÖR RIKETS SÄKERHET

HEMLIG/SECRET

HEMLIG

HEMLIG/CONFIDENTIAL

HEMLIG

HEMLIG/RESTRICTED

HEMLIG

An Ríocht Aontaithe

Top Secret

Secret

Confidential

Restricted


(1)  Ní aicmiúchán slándála é “Diffusion Restreinte/Beperkte Verspreiding” sa Bheilg. Bíonn faisnéis “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” á láimhseáil agus á cosaint ag an mBeilg ar dhóigh atá chomh docht céanna leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta a thuairiscítear i rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(2)  An Ghearmáin: VS = “Verschlusssache”.

(3)  Ní úsáideann an Fhrainc an t-aicmiúchán “RESTREINT” ina córas náisiúnta. Bíonn faisnéis “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” á láimhseáil agus á cosaint ag an bhFrainc ar dhóigh atá chomh docht céanna leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta a thuairiscítear i rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(4)  An tSualainn: úsáideann na húdaráis um chosaint na marcanna aicmiúcháin slándála sa tsraith uachtair agus úsáideann údaráis eile na marcanna sa tsraith íochtair.