ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.CE2010.282.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí


19 Deireadh Fómhair 2010


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

An Chomhairle

2010/C /01

Seasamh (AE) Uimh. 15/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010
 ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 282 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

An Chomhairle

19.10.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 15/2010 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 282 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le rialacha na mBallstát go ndearfaí agus go gcuirfí i gcrích oibreacha foirgníochta ar bhealach nach gcuirfidh sábháilteacht daoine, ainmhithe clóis ná maoin i mbaol.

(2)

Tá tionchar díreach ag na rialacha sin ar na ceanglais maidir le táirgí foirgníochta. Dá bhíthin sin, léirítear na ceanglais sin le caighdeáin náisiúnta do tháirgí, le doiciméid náisiúnta um cheaduithe teicniúla agus le sonraíochtaí náisiúnta teicniúla eile agus forálacha i ndáil le táirgí foirgníochta. De dhroim a n-éagothroim, cuireann na ceanglais sin treampán ar thrádáil laistigh den Aontas.

(3)

Níor cheart go mbeadh tionchar ag an Rialachán seo ar cheart na mBallstát na ceanglais a shonrú a mheasfaidh siad a bheidh riachtanach chun cosaint ar shláinte, ar an gcomhshaol agus ar oibrithe a áirithiú, tráth a bheidh na táirgí foirgníochta á n-úsáid.

(4)

Tá forálacha tugtha isteach ag na Ballstáit, lena n-áirítear ceanglais, a bhaineann ní hamháin le sábháilteacht foirgneamh agus oibríochta foirgníochta eile ach le sláinte, le marthanacht, le héifeachtacht ó thaobh fuinnimh de, le cosaint an chomhshaoil, le gnéithe eacnamaíocha agus le gnéithe eile ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfadh tionchar ar cheanglais na dtáirgí foirgníochta a bheith ag dlíthe, rialacháin, bearta riaracháin nó cásdlí a bhaineann le hoibreacha foirgníochta agus a bunaíodh ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát. Ó tharla gur dócha gur comhchosúil a dtionchar ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí a mheas gur ‘forálacha’ iad, chun críocha an Rialacháin seo, na dlíthe sin, na rialacháin sin, na bearta riaracháin sin nó an cásdlí sin.

(5)

Nuair is infheidhme, cinnfear na tréithe fíor-riachtanacha ar gá a bhfeidhmíocht a dhearbhú le forálacha d’úsáid bheartaithe táirge foirgníochta i mBallstát a bhfuil sé d’aidhm aici buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh.

(6)

Le Treoir 89/106/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát i ndáil le táirgí foirgníochta (3), díríodh ar chonstaicí teicniúla maidir le trádáil i réimse na dtáirgí foirgníochta a scriosadh chun saorghluaiseacht na dtáirgí sin sa mhargadh inmheánach a fheabhsú.

(7)

Chun an cuspóir sin a bhaint amach, foráladh le Treoir 89/106/CEE go mbunófaí caighdeáin chomhchuibhithe do tháirgí foirgníochta agus foráladh leis go ndeonófaí doiciméid um cheadú teicniúil Eorpacha.

(8)

Ba cheart ionstraim nua a chur in ionad Threoir 89/106/CEE chun an creat atá ann faoi láthair a shimpliú agus a shoiléiriú, agus chun cur le trédhearcacht agus éifeachtacht na mbeart atá ann faoi láthair.

(9)

Maidir leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí san áireamh ann an creat cothrománach dlí le haghaidh margú táirgí sa mhargadh inmheánach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008, lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (4), agus, chomh maith leis sin, le Cinneadh Uimh 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí (5).

(10)

Ní fhéadfar constaicí teicniúla i réimse na foirgníochta a scriosadh ach amháin trí bhíthin sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhunú chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú.

(11)

Ba cheart go bhfolódh na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin tástáil, ríomh agus modhanna eile, arna sainiú de réir caighdeán comhchuibhithe agus Doiciméad um Measúnú Eorpach, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta a mheasúnú.

(12)

Ba cheart go mbeadh na modhanna a úsáideann na Ballstáit ina gceanglais i leith oibreacha foirgníochta, mar aon le rialacha náisiúnta eile i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta, i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

(13)

Nuair is iomchuí, maidir le haicmí feidhmíochta i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta, ba cheart go spreagfaí a n-úsáid i gcaighdeáin chomhchuibhithe chun go gcuirfí san áireamh leibhéil éagsúla buncheanglas i gcás oibreacha ar leith, chomh maith leis na difríochtaí maidir le haeráid, geolaíocht agus tíreolaíocht agus gnáthdhálaí eile atá éagsúil sna Ballstáit. Ba cheart go mbeadh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i dteideal aicmí den sórt sin a bhunú ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe, i gcás nach mbeidh siad bunaithe ag an gCoimisiún cheana féin.

(14)

Más rud é, maidir le húsáid atá beartaithe, go n-éilítear leibhéil tairseacha léi i ndáil le haon tréith fhíor-riachtanach a bheidh le comhlíonadh ag táirgí foirgníochta i mBallstáit, ba cheart go mbunófaí na leibhéil sin sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

(15)

Ba cheart gur luachanna a aithnítear go ginearálta iad, i ndáil leis na forálacha sna Ballstáit, na leibhéil tairseacha a chinnfidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo don táirge foirgníochta atá i gceist.

(16)

D’fhéadfadh sé gur de chineál teicniúil nó de chineál rialúcháin a bheadh leibhéil tairseacha, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm acu maidir le tréith amháin nó maidir le tacar de thréithe.

(17)

Aithnítear an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (CENELEC) mar na heagraíochtaí inniúla chun caighdeáin chomhchuibhithe a ghlacadh i gcomhréir leis na treoirlínte ginearálta do chomhar idir an Coimisiún agus an dá eagraíocht sin a síníodh an 28 Márta 2003. Ba cheart do mhonaróirí na caighdeáin chomhchuibhithe sin a úsáid i gcás ina mbeifear tar éis na tagairtí dóibh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a úsáid i gcomhréir leis na critéir arna mbunú de bhun Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil, agus i réimse na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise.

(18)

Maidir leis na nósanna imeachta faoi Threoir 89/106/CEE lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta nach gcumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe, ba cheart go simpleofaí iad ionas go mbeidís ní ba thrédhearcaí agus d’fhonn na costais atá ar mhonaróirí táirgí foirgníochta a laghdú.

(19)

Chun go gceadófaí do mhonaróir táirge foirgníochta dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas do tháirge foirgníochta nach bhfuil cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe nó nach bhfuil cumhdaithe go hiomlán aige, is gá go bhforálfar do Mheasúnú Teicniúil Eorpach.

(20)

Ba cheart go gceadófaí do mhonaróirí táirgí foirgníochta a iarraidh go n-eiseofaí Measúnuithe Teicniúla Eorpacha ar a dtáirgí ar bhonn na dtreoirlínte um cheadú teicniúil Eorpach a bunaíodh faoi Threoir 89/106/CEE. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart na treoirlínte sin a úsáid mar Doiciméid um Measúnú Eorpach a áirithiú.

(21)

Ba cheart bunú dréacht-Doiciméid um Measúnú Eorpach agus eisiúint Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a chur de chúram ar na Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil (dá ngairfear ‘CMTanna’ anseo feasta) arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Chun a áirithiú go bhfuil an inniúlacht riachtanach ag CMTanna chun na cúraimí sin a chur i gcrích, ba cheart na ceanglais maidir lena n-ainmniú a leagan amach ar leibhéal an Aontais.

(22)

Ba cheart go mbunódh na CMTanna eagraíocht (dá ngairfear ‘eagraíocht CMTanna’ anseo feasta) ar eagraíocht í a a gheobhaidh tacaíocht trí mhaoiniú ón Aontas, más féidir) chun na nósanna imeachta a chomhordú maidir le dréacht-Doiciméid um Measúnú Eorpach a bhunú agus maidir leis na Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint.

(23)

Seachas sna cásanna a leagtar síos sa Rialachán seo, agus táirge foirgníochta, atá cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe nó ar eisíodh Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith, á chur ar an margadh, ba cheart go ngabhfadh dearbhú feidhmíochta leis i ndáil le tréithe fíor-riachanacha an táirge foirgníochta i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha.

(24)

D’fhéadfadh faisnéis maidir le hinneachar na substaintí guaiseacha a bheith ar áireamh go fóinteach sa dearbhú feidhmíochta d’fhonn na féidearthachtaí a bhaineann le foirgníocht inbhuanaithe a fheabhsú agus d’fhonn forbairt táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a éascú. Ní dochar an Rialachán seo do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát de bhun ionstraimí eile dhlí an Aontais a bhféadfaidh feidhm a bheith acu maidir le substaintí guaiseacha, go háirithe Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le tairgí bithchídeacha a chur ar an margadh (6), Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (7), Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (8), Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl (9), agus Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (10).

(25)

Is gá foráil a dhéanamh do nósanna imeachta simplithe le haghaidh tarraingt suas dearbhuithe feidhmíochta chun an t-ualach airgeadais ar fhiontair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a laghdú.

(26)

Lena áirithiú go bhfuil an dearbhú feidhmíochta cruinn agus iontaofa, ba cheart feidhmíocht an táirge foirgníochta a mheasúnú agus an táirgeadh sa mhonarcha a rialáil i gcomhréir le córas cuí chun measúnú agus fiorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta. D’fhéadfaí roinnt córas a roghnú lena gcur i bhfeidhm maidir le táirge foirgníochta ar leith, chun go gcuirfí san áireamh an sainchaidreamh idir roinnt dá thréithe fíor-riachtanacha agus na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta.

(27)

I bhfianaise shainiúlacht na dtáirgí foirgníochta agus aidhm shonrach an chórais lena ndéantar measúnú orthu, níl na nósanna imeachta don mheasúnú comhréireachta dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, ná na modúil a leagtar amach sa Chinneadh sin, iomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbunófaí modhanna sonracha chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta.

(28)

De bharr na difríochta maidir leis an mbrí atá ag an marc CE do tháirgí foirgníochta, i gcomparáid leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ba cheart forálacha sonracha a thabhairt isteach chun soiléireacht na hoibleagáide a áirithiú maidir le marc an CE a ghreamú de tháirgí foirgníochta agus chun na hiarmhairtí a bhaineann leis an ngreamú sin a áirithiú.

(29)

Trí bhíthin an marc CE a ghreamú de tháirge foirgníochta nó trí bhíthin an marc sin a chur á ghreamú de tháirge, ba cheart don mhonaróir a léiriú go nglacann sé freagracht as an táirge sin a bheith i gcomhréir lena fheidhmíocht dhearbhaithe.

(30)

Ba cheart an marc CE de réir an Rialacháin seo a ghreamú de gach táirge foirgníochta a bhfuil dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas ina leith ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mura mbeidh dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas, níor cheart an marc CE de réir an Rialacháin seo a ghreamú de na táirgí.

(31)

Ba cheart gurbh é an marc CE an t-aon mharc amháin lena léireofaí comhréireacht an táirge foirgníochta leis an fheidhmíocht dhearbhaithe agus lena léireofaí comhlíonadh na gceanglas infheidhme i ndáil le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Ar a shon sin, féadfar marcanna eile a úsáid, ar choinníoll go gcuirfidh siad le cosaint níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí na dtáirgí foirgníochta agus nach gcumhdaítear iad le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

(32)

Le go seachnófar tástáil nach gá ar tháirgí foirgníochta, ar ina leith a léiríodh an fheidhmíocht go leordhóthanach cheana le torthaí cobhsaí ó thástáil roimh ré nó le sonraí eile a bhí ann cheana, ba cheart go gceadófaí don mhonaróir, de réir coinníollacha arna socrú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó i gcinneadh ón gCoimisiún, leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta a dhearbhú gan tástáil nó gan tuilleadh tástála.

(33)

Le go seachnófar dúbláil ar thástálacha a rinneadh cheana, ba cheart go gceadófaí do mhonaróir táirge foirgníochta úsáid a bhaint as na torthaí a fuair tríú páirtí.

(34)

Féadfaidh monaróirí nósanna imeachta simplithe a úsáid trí bhíthin doiciméadúchán i bhformáid dá rogha féin agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe ábhartha.

(35)

Chun an costas a laghdú tuilleadh maidir le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh, i gcomhair micreafhiontar a dhéanann iad a mhonarú, is gá go bhforálfar do nósanna imeachta simplithe chun feidhmíocht a mheasúnú, nuair nach mbaineann imní shuntasach i leith sábháilteachta leis na táirgí atá i gceist agus na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag an am céanna, is cuma cad é tionscnamh na gceanglas sin. Ba cheart d’fhiontair a mbeidh na nósanna imeachta sin á gcur i bhfeidhm acu a léiriú chomh maith go bhfuil siad cáilithe mar mhicreafhiontair. Ina theannta sin, ba cheart dóibh na nósanna imeachta is infheidhme a leanúint maidir le fíorú ar sheasmhacht na feidhmíochta dá bhforáiltear sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe dá dtáirgí.

(36)

I gcás táirge foirgníochta a dhearfar agus a mhonarófar go leithleach, ba cheart go gceadófaí don mhonaróir úsáid a bhaint as nósanna imeachta simplithe chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht, i gcás ina bhféadfar a léiriú maidir leis an táirge atá á chur ar an margadh go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh aige.

(37)

Ba cheart go ndéanfadh na hoibritheoirí eacnamaíochta uile a ghlacann páirt sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar an margadh nó nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach amháin táirgí foirgníochta lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo, ar ceanglais iad arb í is aidhm dóibh feidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a áirithiú agus na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh. Ba cheart, go háirithe, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí na dtáirgí foirgníochta bheith ar an eolas faoi na tréithe fíor-riachtanacha a bhfuil forálacha ina leith ar mhargadh an Aontais, agus faoi na ceanglais shonracha sna Ballstáit i ndáil leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta, agus ba cheart dóibh an t-eolas sin a úsáid ina n-idirbhearta tráchtála.

(38)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil fáil ar rialacha teicniúla náisiúnta ionas go bhféadfaidh fiontair, agus go háirithe FBManna, faisnéis iontaofa, chruinn a bhailiú faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe acu a dtáirgí a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit, mar sin, Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a ainmniú chun na críche sin. De bhreis ar na cúraimí a shainmhínítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, ba cheart do Phointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht, freisin, faisnéis a sholáthar i leith na rialacha is infheidhme maidir le corprú, le cóimeáil nó le suiteáil cineáil táirge foirgníochta ar leith.

(39)

D’fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart go ndéanfadh na Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta faisnéis a chur ar fáil, saor in aisce, maidir le forálacha arb é is aidhm dóibh buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh a bhfuil feidhm acu maidir leis an úsáid a bheartaítear do gach táirge foirgníochta i gcríoch gach Ballstáit. Féadfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí faisnéis bhreise nó barúlacha a sholáthar d’oibritheoirí eacnamaíocha freisin. Ba cheart go gceadófaí do na Pointí Teagmhála do Tháirgí táillí a ghearradh a bheidh i gcomhréir leis na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó leis na barúlacha sin a sholáthar.

(40)

Ó tharla nár cheart, le bunú na bPointí Teagmhála do Tháirgí, go gcuirfí isteach ar an tslí a leithdháiltear feidhmeanna ar údaráis inniúla laistigh de chórais rialála na mBallstát, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta a bhunú i gcomhréir le hinniúlachtaí réigiúnacha nó áitiúla. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann ról na bPointí Teagmhála do Tháirgí a chur de chúram ar phointí teagmhála atá ann cheana i gcomhréir le hionstraimí eile an Aontais, chun nach mbunófaí an iomarca pointí teagmhála neamhriachtanacha agus chun nósanna imeachta riaracháin a shimpliú. Ba cheart freisin go mbeadh na Ballstáit in ann ról Phointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht a chur de chúram, ní hamháin ar sheirbhísí atá ann cheana sa chóras riaracháin phoiblí, ach ar lárionaid náisiúnta SOLVIT, ar chumainn tráchtála, ar eagraíochtaí gairmiúla agus ar chomhlachtaí príobháideacha.

(41)

Chun a áirithiú go ndéantar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fhorfheidhmiú go coibhéiseach agus go comhsheasmhach, ba cheart do na Ballstáit faireachas éifeachtúil a dhéanamh ar an margadh. Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, soláthraítear na bundálaí maidir le feidhmiú an fhaireachais margaidh sin, go háirithe do chláir, do mhaoiniú agus do phionóis.

(42)

Ba cheart freagracht na mBallstát i leith sábháilteachta, sláinte agus ábhar eile a fholaítear faoi na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta ina gcríocha, a aithint i gclásal coimirce lena bhforáiltear do bhearta cuí cosanta.

(43)

Ó tharla gur gá a áirithiú go bhfuil leibhéal comhionann feidhmíochta ar fud an Aontais ag comhlachtaí a dhéanann measunú agus fiorú ar sheasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta, agus ó tharla gur cheart go bhfeidhmeodh gach comhlacht den sórt sin a chuid feidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta, ba cheart ceanglais a leagan síos do na comhlachtaí sin atá ag iarraidh fógra a fháil chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart go bhforálfaí, freisin, go mbeadh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi na comhlachtaí sin agus go ndéanfaí faireachán orthu.

(44)

Chun leibhéal comhleanúnach cáilíochta a áirithiú maidir le measúnú agus fíorú a dhéanmh ar sheasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta, is gá freisin ceanglais a bhunú a bheidh infheidhme maidir leis na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na comhlachtaí a dhéanann na cúraimí sin.

(45)

De réir Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá rialacha agus prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin le leagan síos roimh ré le rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar an rialachán nua sin, leanann Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999, lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11) d’fheidhm a bheith aige, cés moite den nós imeachta rialacháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar nós imeachta é nach bhfuil infheidhme a thuilleadh.

(46)

D’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe áirithe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá sé ríthábhachtach go ndeánfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i rith na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ag leibhéal na saineolaithe.

(47)

Ó tharla gur gá tréimhse ama lena áirithiú go bhfuil an creat le haghaidh feidhmiú ceart an Rialacháin seo réidh, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar cé is moite de na forálacha a bhaineann le hainmniú CMTanna, leis na húdaráis a thugann fógra agus leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra, le bunú eagraíocht CMTanna agus le bunú an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht.

(48)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí, feachtais eolais a sheoladh d’fhonn earnáil na foirgníochta, agus oibreoirí eacnamaíocha agus úsáideoirí táirgí foirgníochta go háirithe, a chur ar an eolas maidir le teanga choiteann theicniúil a bhunú, le freagrachtaí a dháileadh ar oibreoirí aonair eacnamaíocha agus ar úsáideoirí aonair; leis an marc CE a ghreamú de tháirgí foirgníochta; leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta agus leis na córais chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht na feidhmíochta a athbhreithniú.

(49)

Leis an mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta maidir le húsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádurtha, ba cheart go gcuirfí i gcuntas go háirithe in-athchúrsáilteacht oibreacha foirgníochta, a n-ábhar agus a gcomhpháirteanna tar éis a scartála, marthanacht na n-oibreacha, agus úsáid amhábhar agus ábhar tánaisteach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de.

(50)

Chun measúnú a dhéanamh ar úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus ar thionchar oibreacha foirgníochta ar an gcomhshaol, ba cheart Dearbhuithe Comhshaoil do Tháirgí (EPD) a úsáid, nuair atá siad ar fáil.

(51)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí foirgníochta trí bhíthin sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe chun go sloinnfí feidhmíocht táirgí foirgníochta, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, mar gheall ar a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos coinníollacha maidir le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh trí rialacha comhchuibhithe a bhunú maidir le conas feidhmíocht táirgí foirgníochta a shloinneadh i ndáil lena dtréithe fíor-riachtanacha agus maidir leis an úsáid a bhaintear as an marc CE ar na táirgí sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘táirge foirgníochta’ aon táirge nó aon fheisteán a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh lena chorprú ar dhóigh bhuan in oibreacha foirgníochta nó i gcodanna díobh sa tslí go n-athrófar, trí dhíchóimeáil an táirge, feidhmíocht na n-oibreacha foirgníochta maidir leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta;

2.

ciallaíonn ‘feisteán’ táirge foirgníochta arna chur ar an margadh ag monaróir aonair mar thacar de dhá chomhpháirt leithleacha ar a laghad, ar gá iad a chur le chéile chun go n-ionchorprófaí sna hoibreacha iad;

3.

ciallaíonn ‘oibreacha foirgníochta’ foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta;

4.

ciallaíonn ‘tréithe fíor-riachtanacha’ na tréithe sin den táirge foirgníochta a bhaineann leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta;

5.

ciallaíonn ‘feidhmíocht táirge foirgníochta’ an fheidhmíocht maidir leis na tréithe fíor-riachtanacha ábhartha, arna sloinneadh de réir leibhéil nó aicme, nó i dtuairisc;

6.

ciallaíonn ‘leibhéal’ toradh an mheasúnaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta i ndáil lena thréithe fíor-riachtanacha, arna shloinneadh mar luach uimhriúil;

7.

ciallaíonn ‘aicme’ raon leibhéal maidir le feidhmíocht táirge foirgníochta ar raon leibhéal é a bhfuil a theorainneacha socraithe ag íosluach agus uasluach;

8.

ciallaíonn ‘leibhéal tairsí’ íosleibhéal nó uasleibhéal feidhmíochta táirge foirgníochta;

9.

ciallaíonn ‘cineál táirge’ an tacar de leibhéil nó d’aicmí ionadaíocha feidhmíochta maidir le táirge foirgníochta, i ndáil lena thréithe fíor-riachtanacha, ar táirge é a tháirgtear le meascán áirithe amhábhar nó eilimintí eile i bpróiseas táirgeachta ar leith;

10.

ciallaíonn ‘sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe’ caighdeáin chomhchuibhithe agus Doiciméid um Measúnú Eorpach;

11.

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán arna ghlacadh ag ceann de na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE, ar bhonn iarrata arna heisiúint ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;

12.

ciallaíonn ‘Doiciméad um Measúnú Eorpach’ doiciméad atá glactha ag eagraíocht CMTanna; chun críocha Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint.

13.

ciallaíonn ‘Measúnú Teicniúil Eorpach’ an measúnú doiciméadaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta, i ndáil lena thréithe fíor-riachtanacha, i gcomhréir leis an Doiciméad um Measúnú Eorpach lena mbaineann;

14.

ciallaíonn ‘an úsáid arna beartú’ an úsáid a bheidh beartaithe don táirge foirgníochta mar a shainmhínítear sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme;

15.

ciallaíonn ‘Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach’ doiciméadúchán lena dtaispeántar gur cuireadh modhanna eile in áit na modhanna sa chóras is infheidhme maidir le measúnú agus fíorú ar sheasmhacht na feidhmíochta, ar choinníoll gurb ionann na torthaí a fhaightear trí bhíthin na modhanna eile sin agus na torthaí a fhaightear trí bhíthin mhodhanna tástála an chaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagraigh;

16.

ciallaíonn ‘a chur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge foirgníochta lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;

17.

ciallaíonn ‘a chur ar an margadh’ táirge foirgníochta a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

18.

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó an t-ionadaí údaraithe;

19.

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge foirgníochta nó a chuireann faoi deara táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus ar monaróir é a dhéanann an táirge sin a mhonarú, nó a chuireann é ar fáil ar an margadh, faoina ainm nó faoina thrádmharc;

20.

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach i slabhra an tsoláthair, seachas an monaróir nó an dáileoir, agus a chuireann táirge foirgníochta ar fáil ar an margadh;

21.

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus ar allmhaireoir é a chuireann táirge foirgníochta ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

22.

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

23.

ciallaíonn ‘tarraingt siar’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur le táirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

24.

ciallaíonn ‘aisghlaoch’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge foirgníochta a cuireadh ar fáil cheana féin don úsáideoir deiridh a fháil ar ais;

25.

tá le ‘creidiúnú’ an bhrí a shanntar dó le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

26.

ciallaíonn ‘rialú táirgeachta sa mhonarcha’ an rialú doiciméadaithe, buan agus inmheánach ar tháirgeacht i monarcha, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha;

27.

ciallaíonn ‘micreafhiontar’ micreafhiontar mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an míniú ar mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (12);

28.

ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leantacha agus nasctha i saol táirge foirgníochta, ó amhábhar a fháil nó ó ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt dheireanach;

Airteagal 3

Buncheanglais i leith oibreacha forigníochta agus tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta

1.   Beidh na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta arna leagan amach in Iarscríbhinn I ina mbonn d’ullmhú na sainorduithe um chaighdeánú agus sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

2.   Leagfar síos i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta i ndáil leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta.

3.   Maidir le haicmí sonracha táirgí foirgníochta atá cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, na tréithe fíor-riachtanacha sin ar ina leith a dhearbhóidh an monaróir feidhmíocht an táirge nuair a bheidh sé á chur ar an margadh, i gcás inar iomchuí sin agus i ndáil leis na húsáidí a bheartaítear dóibh mar a shainmhínítear i gcaighdeáin chomhchuibhithe iad.

I gcás inarb iomchuí, cinnfidh an Coimisiún freisin, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirgeagal 60, na leibhéil tairsí don fheidhmíocht i ndáil leis na tréithe fíor-riachtanacha a bheidh le dearbhú.

CAIBIDIL II

DEARBHÚ FEIDHMÍOCHTA AGUS MARC CE

Airteagal 4

Dearbhú feidhmíochta

1.   Nuair a chumhdaítear táirge foirgníochta le caighdeán comhchuibhithe nó nuair a eisítear Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith, déanfaidh an monaróir dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas dó nuair a chuirfear táirge den sórt sin ar an margadh.

2.   Nuair a chumhdaítear táirge foirgníochta le caighdeán comhchuibhithe nó nuair a eisítear Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith, maidir le haon fhaisnéis in aon fhoirm maidir lena fheidhmíocht i ndáil leis na tréithe fíor-riachtanacha, mar a shainmhínítear sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe iad, ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ach amháin más rud é go n-áirítear agus go sonraítear í sa dearbhú feidhmíochta.

3.   Tríd an dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as an táirge foirgníochta a bheith i gcomréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe. In éagmais comharthaí oibiachtúla dá mhalairt, toimhdeoidh na Ballstáit go bhfuil an dearbhú feidhmíochta arna tharraingt suas ag an monaróir beacht agus iontaofa.

Airteagal 5

Maoluithe ó dhearbhú feidhmíochta a tharraingt suas

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus cheal forálacha Aontais nó náisiúnta lena n-éilítear dearbhú tréithe fíor-riachtanacha i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag monaróir táirge a chur ar an margadh, féadfaidh monaróir gan dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas:

(a)

i gcás ina ndéanann monaróir, ar monaróir é atá freagrach as an táirge a chorprú go sábháilte sna hoibreacha foirgníochta, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme agus faoi fhreagracht na ndaoine sin atá freagrach as cur i gcrích sábháilte na n-oibreacha arna n-ainmniú ag na rialacha náisiúnta is infheidhme, an táirge foirgníochta a mhonarú go leithleach nó ina saincheapann sé an táirge foirgníochta, i bpróiseas neamhshrathach mar fhreagairt ar ordú sonrach, agus ina suiteálann sé i saothar foirgníochta sainaitheanta amháin é;

(b)

i gcás ina ndéantar an táirge foirgníochta a mhonarú ar an láithreán foirgníochta lena chorprú sna hoibreacha foirgníochta lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme agus faoi fhreagracht na ndaoine sin atá freagrach as cur i gcrích sábháilte na n-oibreacha arna n-ainmniú faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme; nó

(c)

i gcás ina ndéantar an táirge foirgníochta a mhonarú ar bhealach traidisiúnta agus i bpróiseas neamhthionsclaíoch lena ndéantar athchóiriú leordhóthanach ar oibreacha foirgníochta atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó ar fhoirgnimh atá cosanta go hoifigiúil toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó staire acu, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 6

Inneachar an dearbhaithe feidhmíochta

1.   Déanfaidh an dearbhú feidhmíochta feidhmíocht táirgí foirgníochta a shloinneadh i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha na dtáirgí sin, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas, go háirithe, sa dearbhú feidhmíochta:

(a)

tagairt an chineáil táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta ina leith;

(b)

an córas nó na córais le haghaidh measúnú agus fiorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

uimhir thagartha agus dáta eisithe an chaighdeáin chomhchuibhithe nó an Mheasúnaithe Eorpaigh Theicniúil a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar gach aon tréith fhíor-riachtanach;

(d)

i gcás inarb infheidhme, uimhir thagartha an Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh a úsáideadh agus na ceanglais a mhaíonn an monaróir atá á gcomhlíonadh maidir leis an táirge.

3.   De bhreis air sin, beidh an méid seo a leanas sa dearbhú feidhmíochta:

(a)

an úsáid nó na húsáidí atá beartaithe don táirge foirgníochta, i gcomhréir leis an sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe is infheidhme;

(b)

liosta na dtréithe fíor-riachtanacha mar a chinnfear iad sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó leis na húsáidí dearbhaithe atá beartaithe;

(c)

feidhmíocht aon cheann amháin ar a laghad de thréithe fíor-riachtanacha an táirge foirgníochta atá ábhartha maidir leis an úsáid dhearbhaithe nó leis na húsáidí dearbhaithe atá beartaithe;

(d)

i gcás inarb infheidhme, feidhmíocht an tairge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, maidir lena thréithe fíor-riachtanacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(3);

(e)

i gcás inarb infheidhme, feidhmíocht an táirge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, maidir le gach tréith fíor-riachtanach arb ann d’fhorálacha ina leith maidir leis an úsáid nó na húsáidí atá beartaithe, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an monaróir an táirge foirgníochta a chur ar an margadh;

(f)

do na tréithe fíor-riachtanacha atá ar an liosta, nach bhfuil aon fheidhmíocht á dearbhú ina leith, na litreacha NPD ( No Performance Determined/ Níor Cinneadh aon Fheidhmíocht);

(g)

nuair a bheidh Measúnú Teicniúil Eorpach eisithe don táirge sin, feidhmíocht an táirge foirgníochta, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, maidir leis na tréithe fíor-riachtanacha go léir a áireofar sa Mheasúnú Teicniúil Eorpach comhfhreagrach.

4.   Tarraingeofar suas an dearbhú feidhmíochta agus an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn III á úsáid.

Airteagal 7

An dearbhú feidhmíochta a sholáthar

1.   Soláthrófar cóip den dearbhú feidhmíochta in éineacht le gach táirge a chuirfear ar fáil ar an margadh.

Ar a shon sin, i gcás ina soláthrófar baisc den táirge céanna d’úsáideoir aonair, féadfar cóip shingil amháin den dearbhú feidhmíochta a chur in éineacht leis an mbeart sin.

2.   Ní fhéadfar an chóip den dearbhú feidhmíochta a sholáthar ar bhealach leictreonach ach amháin le haontú sainráiteach an fhaighteora.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfar inneachar an dearbhaithe feidhmíochta a chur ar fáil ar láithreán gréasáin i gcomhréir le coinníollacha a bheidh le bunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60.

4.   Soláthrófar an dearbhú feidhmíochta sa teanga nó sna teangacha a éileoidh an Ballstát ar ina chríoch a gcuirfear an táirge ar fáil.

Airteagal 8

Prionsabail ghinearálta agus an marc CE a úsáid

1.   Beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis an marc CE.

2.   Greamófar an marc CE de na táirgí foirgníochta sin ar ina leith a bheidh dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7.

Ní fhéadfar an marc CE a a ghreamú de tháirgí foirgníochta mura mbeidh dearbhú feidhmíochta tarraingthe suas ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7.

Tríd an marc CE a ghreamú nó tríd an marc CE a chur á ghreamú, léiríonn an monaróir go nglacann sé freagracht as an táirge foirgníochta a bheith i gcomhréir leis an bhfheidhmíocht dhearbhaithe agus glacfaidh sé an fhreagracht maidir leis an táirge do chomhlíonadh gach ceanglas is infheidhme a leagtar síos sa rialachán seo agus a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile chomhchuibhiúcháin an Aontais lena ndéantar foráil dá ghreamú.

Beidh feidhm ag na rialacha maidir leis an marc CE a ghreamú, dá bhforáiltear i reachtaíocht chomhchuibhithe eile an Aontais, gan dochar d’fhorálacha na míre seo.

3.   Maidir le haon táirge foirgníochta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe, is é an marc CE an t-aon mharc lena ndearbhófar go bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe maidir leis na tréithe fíor-riachtanacha, a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin nó leis an Measúnú Teicniúil Eorpach.

Chuige sin, ní chuirfidh na Ballstáit aon tagairtí isteach i mbeartais náisiúnta do mharc lena bhfianófar comhréireacht leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe maidir leis na tréithe fíor-riachtanacha a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe eile seachas an marc CE, nó tarraingeoidh siad siar aon tagairtí den sórt sin.

4.   Ní chuirfidh Ballstát toirmeasc ná cosc, laistigh dá chríoch nó faoina fhreagracht, ar chur ar fáil ar an margadh ná ar úsáid táirgí foirgníochta ar a bhfuil an marc CE, nuair a fhreagraíonn na feidhmíochtaí dearbhaithe do na ceanglais maidir le húsáid den sórt sin sa Bhallstát sin.

5.   Áiritheoidh Ballstát nach gcuirfear cosc ar úsáid táirgí foirgníochta ar a bhfuil an marc CE le rialacha ná le coinníollacha arna bhforchur ag comhlachtaí poiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh mar ghnóthas poiblí, nó ag gníomhú mar chomhlacht poiblí ar bhonn staide monaplachta nó faoi shainordú poiblí, nuair a fhreagraíonn na feidhmíochtaí dearbhaithe do na ceanglais maidir le húsáid den sórt sin sa Bhallstát sin.

6.   Beidh na modhanna a úsáideann na Ballstáit sna ceanglais atá acu i leith oibreacha foirgníochta, chomh maith le rialacha náisiúnta eile i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta, i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

Airteagal 9

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marc CE a ghreamú

1.   Déanfar an marc CE a ghreamú den táirge foirgníochta go feiceálach, go soléite agus go doscriosta nó déanfar é a ghreamú de lipéad a bheidh greamaithe den táirge. I gcás nach bhfuil sé seo indéanta nó mura ndlítear é mar gheall ar chineál an táirge, déanfar é a ghreamú den phacáistíocht nó de na doiciméid a ghabhann leis an táirge.

2.   Cuirfear isteach dhá dhigit dheireanacha na bliana inar greamaíodh é den chéad uair i ndiaidh an mharc CE, mar aon le hainm nó comhartha aitheantais agus seoladh cláraithe an mhonaróra, cód uathúil aitheantais an chineáil táirge, uimhir thagartha an dearbhaithe feidhmíochta agus an fheidhmíocht dhearbhaithe, leibhéal nó aicme na feidhmíochta a dearbhaíodh, an tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm, uimhir aitheantais an chomhlachta dár tugadh fógra, más infheidhme, agus an úsaid arna beartú de réir mar a leagtar síos sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm é.

3.   Greamófar an marc CE sula gcuirfear an táirge foirgníochta ar an margadh. Féadfar picteagram nó marc ar bith eile a chur leis, lena dtaispeánfar, go háirithe, go bhfuil riosca ar leith nó úsáid ar leith ann maidir leis an táirge.

Airteagal 10

Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht

1.   Ainmneoidh na Ballstáit Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 10 agus ag Airteagal 11 den Rialachán sin maidir le Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht.

3.   I dtaca leis na cúraimí a shainmhínitear in Airteagal 10(1) de Rialachán 764/2008, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na Pointí Teagmhála Táirgí don Fhoirgníocht faisnéis a sholáthar faoi fhorálacha laistigh dá gcríoch a bhfuil sé d’aidhm acu buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a chomhlíonadh, ar buncheanglais iad atá infheidhme maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as gach táirge foirgníochta, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 6 (3)(e) den Rialachán seo.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 11

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Tarraingeoidh na monaróirí suas an dearbhú foirgníochta i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7, agus greamóidh siad an marc CE i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9.

Mar bhunús don dearbhú feidhmíochta, tarraingeoidh na monaróirí suas doiciméadúchán teicniúil lena ndéanfar cur síos ar na gnéithe ábhartha uile a bhaineann leis an gcóras riachtanach lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht na feidhmíochta.

2.   Coimeádfaidh na monaróirí an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge foirgníochta a chur ar an margadh.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, an tréimhse sin a leasú maidir le haicmí táirge foirgníochta ar bhonn na marthanacht ionchasaí nó an pháirt a d’fhéadfadh a bheith ag an táirge foirgníochta sna hoibreacha foirgníochta.

3.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann chun a áirithiú go leanfaidh táirgeadh sraithe den fheidhmíocht dhearbhaithe a choimeád ar bun. Na hathruithe ar an gcineál táirge agus na hathruithe ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme, cuirfear san áireamh go leordhóthanach iad.

I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir le beachtas, iontaofacht agus seasmhacht feidhmíocht dhearbhaithe táirge foirgníochta a áirithiú, déanfaidh monaróirí táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh a thástáil go samplach, gearáin a a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le táirgí neamhchomhréireacha agus maidir le haisghlaoch táirgí a choinneáil agus dáileoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, nó uimhir sraithe nó aon eilimint eile lena bhféadfar iad a shainaithint ar a dtáirgí foirgníochta, nó, i gcás nach féidir sin de bharr thoirt nó nádúr an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad atá ag gabháil leis an táirge foirgníochta.

5.   Cuirfidh monaróirí in iúl ar an táirge foirgníochta, nó, i gcás nach bhféadfaí é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an táirge foirgníochta, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála. Déanfar pointe singil ag a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a lua sa seoladh.

6.   Tráth a mbeidh táirge foirgníochta á chur ar fáil ar an margadh ag monaróirí, áiritheoidh siad go mbeidh treoracha agus faisnéis maidir le slándáil i dteanga is féidir le husáideoirí a úsáid gan stró i dteannta an táirge.

7.   Maidir le monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge foirgníochta atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge foirgníochta sin comhlíontach nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar nó é a aisghlaoch. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh monaróiri údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

8.   De thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta a léiriú maidir leis an dearbhú feidhmíochta agus maidir le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo agus beidh an fhaisnéis agus an doiciméadúchán i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomh ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 12

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní bheidh dréachtú doiciméadúcháin theicniúil ina chuid de shainordú an ionadaithe údaraithe.

2.   Déanfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a chomhlíonadh. Leis an sainordú, ligfear don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a)

an dearbhú feidhmíochta agus an doiciméadúchán teicniúil a choinneáil ar fáil d’údaráis náisiúnta faireacháin ar feadh na tréimhse dá tagraítear in Airteagal 11(2);

(b)

de thoradh iarraidh reasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis uile agus an doiciméadúchán uile a bhfuil gá leo a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíonadh ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge a léiriú;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta agus ar táirgí iad atá cumhdaithe ag sainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 13

Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1.   Is táirgí foirgníochta atá i gcomhréir le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus na táirgí sin amháin, a chuirfidh allmhaireoirí ar mhargadh an Aontais.

2.   Sula gcuirfidh siad táirge foirgníochta ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh measúnú agus fíorú ar sheasmhacht na feidhmíochta déanta ag an monaróir. Áiritheoidh siad go mbeidh an monaróir tar éis an doiciméadúchán teicniúil dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 11(1) chomh maith leis an dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7. Áiritheoidh siad freisin, i gcás inar gá, go bhfuil an marc CE ar an táirge, go bhfuil na doiciméid is gá i dteannta an táirge agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(4) agus in Airteagal 11(5) comhlíonta ag an monaróir.

I gcás ina measfaidh allmhaireoir, nó i gcás ina mbeidh cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh sé an táirge foirgníochta ar an margadh go dtí go mbeidh an tairge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis an táirge agus go dtí go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais infheidhme eile sa Rialachán seo, nó go dtí go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ceartaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála a léiriú ar an táirge foirgníochta, nó, i gcás nach bhféadfar sin a dhéanamh, cuirfidh siad na sonraí sin ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an táirge.

4.   Tráth a mbeidh táirge foirgníochta á chur ar fáil ar an margadh ag allmhaireoirí, áiritheoidh siad go mbeidh treoracha agus faisnéis maidir le slándáil, i dteanga is féidir le husáideoirí a thuiscint gan stró, i dteannta an táirge.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh siad freagrach as táirge foirgníochta, nach gcuirfidh cúinsí stórála ná cúinsí iompair as do chomhréireacht an táirge sin leis an dearbhú feidhmíochta, ná as comhlíonadh cheanglais eile an Rialacháin seo ag an táirge sin.

6   I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir le beachtas, iontaofacht agus seasmhacht feidhmíocht dhearbhaithe táirge foirgníochta a áirithiú, déanfaidh monaróirí táirgí foirgníochta a chuirtear an an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh a thástáil go samplach, gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le táirgí foirgníochta agus maidir le haisghlaoch táirgí a choinneáil agus dáileoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

7.   Déanfaidh allmhaireoirí, a mheasann, nó a bhfuil cúis acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge foirgníochta atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge sin comhréireach nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghlaoch. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, maidir le húdaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge foirgníochta ar fáil, cuirfidh na hallmhaireoirí ar an eolas gan mhoill iad ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

8.   Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2), cóip den dearbhú feidhmíochta a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad go ndéanfar an doiciméadúchán teicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

9.   De thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíontacht an táirge le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a léiriú, agus beidh an fhaisnéis agus an doiciméadúchán uile sin i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 14

Oibleagáidí na ndaileoirí

1.   Agus táirge foirgníochta á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirtear táirge foirgníochta ar fáil ar an margadh, áiritheoidh dáileoirí, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh, go bhfuil an marc CE ar an táirge agus go bhfuil na doiciméid a éilítear faoin Rialachán seo ag gabháil leis an táirge agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga ar a gcinnfidh an Ballstát sin, is teanga atá sothuigthe ag úsáideoirí. Áiritheoidh na dáileoirí gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(4) agus (5) agus in Airteagal 13(3), faoi seach.

I gcás ina measfaidh dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil an táirge foirgníochta i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta, nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh sé an táirge foirgníochta ar an margadh go dtí go mbeidh an tairge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis an táirge agus go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais infheidhme eile atá sa Rialachán seo nó go dtí go mbeidh an dearbhú feidhmíochta ceartaithe. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir mar aon leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

3.   Áiritheoidh dáileoir, fad a bheidh sé freagrach as táirge foirgníochta, nach gcuirfidh cúinsí stórála ná cúinsí iompair as do chomhréireacht na feidhmíochta dearbhaithe nó do chomhlíonadh ceanglas eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge sin.

4.   I gcás ina measfaidh dáileoirí nó ina mbeidh cúis acu chun a chreidiúint, maidir le táirge foirgníochta a bheidh curtha ar fáil ar an margadh acu, nach bhfuil sé i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge sin comhlíontach nó chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, de réir mar iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an táirge, cuirfidh dáileoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

5.   De thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge foirgníochta leis an dearbhú feidhmíochta agus comhlíonadh ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo ag an táirge foirgníochta a léiriú agus beidh an fhaisnéis agus an doiciméadúchán sin uile i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 15

Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus le dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 11 i gcás ina gcuireann sé táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé táirge foirgníochta arna chur ar an margadh cheana sa tslí go bhféadfar difear a dhéanamh don chomhréireacht leis an dearbhú feidhmíochta.

Airteagal 16

Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

Ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a chur in iúl d’údaráis um fhaireachas an mhargaidh:

(a)

oibreoir eacnamaíoch ar bith a sholáthair táirge dóibh;

(b)

oibreoir eacnamaíoch ar bith ar sholáthair siad táirge dó.

CAIBIDIL IV

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA COMHCHUIBHITHE

Airteagal 17

Caighdeáin chomhchuibhithe

1.   Is iad na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE a bhunóidh caighdeáin chomhchuibhithe ar bhonn iarraidh (dá ngairfear ‘sainorduithe’ anseo feasta), ar sainorduithe iad a eiseoidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht dá dtagraítear in Airteagal 64 den Rialachán seo (dá ngairfear ‘an Buanchoiste um Fhoirgníocht’ anseo feasta).

2.   Le caighdeáin chomhchuibhithe, soláthrófar na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena dtréithe fíor-riachtanacha.

Nuair a fhoráiltear dó sa sainordú ábhartha, tagróidh caighdeán comhchuibhithe d’úsáid arna beartú maidir le táirgí a bheidh cumhdaithe leis.

Le caighdeáin chomhchuibhithe, i gcás inarb iomchuí, agus gan beachtas, iontaofacht ná seasmhacht na dtorthaí a chur i mbaol, soláthrófar modhanna nach mbaineann ualach chomh trom leo agus a bhaineann le tástáil chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena dtréithe fíor-riachtanacha.

3.   Cinnfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú, le caighdeáin chomhchuibhithe, an rialú táirgeachta is infheidhme sa mhonarcha, ar rialú é a chuirfidh san áireamh na coinníollacha sainiúla a bhaineann le próiseas monaríochta an táirge foirgníochta atá i gceist.

Áireofar sa chaighdeán comhchuibhithe na sonraí teicniúla a bheidh riachtanach chun an córas chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta a chur chun feidhme.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a mhéid atá na caighdeáin chomhchuibhithe arna mbunú ag na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir leis na sainorduithe ábhartha.

Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta na dtagairtí le haghaidh caighdeán comhchuibhithe atá i gcomhréir leis na sainorduithe ábhartha.

Cuirfear in iúl maidir le gach caighdeán comhchuibhithe sa liosta na nithe seo a leanas:

(a)

tagairtí sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe cealaithe, más ann dóibh;

(b)

an dáta a gcuirfear tús leis an tréimhse cómhaireachtála;

(c)

an dáta a gcuirfear deireadh leis an tréimhse cómhaireachtála.

Foilseoidh an Coimisiún aon nuashonruithe a bhaineann leis an liosta sin.

Ón dáta a gcuirfear tús leis an tréimhse cómhaireachtála, féadfar caighdeán comhchuibhithe a úsáid chun dearbhú feidhmíochta a dhéanamh do tháirge foirgníochta atá á chumhdach ag an gcaighdeán sin. Tá sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na caighdeáin chomhchuibhithe a thrasuí i gcomhréir le Treoir 98/34/CE.

Gan dochar d’Airteagal 36 go hAirteagal 38, is é an caighdeán comhchuibhithe an t-aon mheán amháin a úsáidfear le haghaidh dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas maidir le táirge foirgníochta atá á chumhdach leis an gcaighdeán sin, amhail ón dáta a gcuirfear deireadh leis an tréimhse cómhaireachtála.

Ag deireadh na tréimhse cómhaireachtála déanfar caighdeáin contrártha náisiúnta a tharraingt siar agus cuirfidh na Ballstáit deireadh le bailíocht na bhforálacha contrártha náisiúnta uile.

Airteagal 18

Agóid fhoirmiúil i gcoinne caighdeán comhchuibhithe

1.   Nuair a mheasann Ballstát nó an Coimisiún nach sásaíonn caighdeán comhchuibhithe na ceanglais arna leagan amach sa sainordú ábhartha go hiomlán, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann nó an Coimisiún an t-ábhar faoi bhráid an Choiste arna chur ar bun faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE, agus déanfaidh sé a argóint. Tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú lena mbaineann agus leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, tabharfaidh an Coiste a thuairim uaidh gan mhoill.

2.   I bhfianaise thuairim an Choiste arna chur ar bun faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú, gan iad a fhoilsiú, iad a fhoilsiú faoi shrianta, iad a choimeád nó a choimeád faoi shrianta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó iad a tharraingt siar.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an comhlacht Eorpach um caighdeánú lena mbaineann ar an eolas maidir leina chinneadh agus, más gá, iarrfaidh sé go n-athbhreithneofar an caighdeán comhchuibhithe lena mbaineann.

Airteagal 19

Doiciméad um Measúnú Eorpach

1.   Ar iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach ó mhonaróir, déanfaidh eagraíocht CMT Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas agus a ghlacadh maidir le haon táirge foirgníochta nach bhfuil cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe nó nach bhfuil cumhdaithe go hiomlán leis, ar táirge é nach bhféadfaí an fheidhmíocht maidir lena thréithe fíor-riachtanacha a mheas go hiomlán i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe atá ann cheana féin, toisc, inter alia:

(a)

nach dtagann an táirge faoi raon feidhme aon chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana féin;

(b)

nach bhfuil an modh measúnaithe dá bhforáiltear sa chaighdeán comhchuibhithe iomchuí maidir le ceann amháin ar a laghad de thréithe fíor-riachtanacha an táirge sin; nó

(c)

nach ndéantar foráil maidir le haon mhodh measúnaithe sa chaighdeán comhchuibhithe maidir le tréith fíor-riachtanach amháin ar a laghad den táirge sin.

2.   Leis an nós imeachta um an Doiciméad um Measúnú Eorpach a ghlacadh,urramófar na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 20 agus comhlíonfar na rialacha a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 d’fhonn Iarscríbhinn II a leasú agus d’fhonn rialacha nós imeachta breise a bhunú maidir le Doiciméad um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh.

Airteagal 20

Na prionsabail a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh

1.   Maidir leis an nós imeachta um fhorbairt agus glacadh na nDoiciméad um Measúnú Eorpach:

(a)

beidh sé trédhearcach ó thaobh an mhonaróra lena mbainfidh;

(b)

saineofar leis na teorainneacha ama éigeantacha is iomchuí d’fhonn moill gan údar maith a sheachaint;

(c)

cuirfear san áireamh go hiomchuí leis discréid tráchtála agus rúndacht thráchtála a chosaint;

(d)

ceadófar leis go mbeidh rannpháirtíocht leordhóthanach ag an gCoimisiún;

(e)

beidh sé costéifeachtach ó thaobh an mhonaróra de; agus

(f)

áireofar leis go mbeidh coláisteacht agus comhordú leordhóthanach i measc na CMTanna a ainmneofar don táirge atá i gceist.

2.   Is iad na CMTanna, in éineacht le heagraíocht na CMTanna, a iompróidh na costais iomlána a bhaineann leis na Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh.

Airteagal 21

Na hoibleagáidí a bheidh ar an CMT atá freagrach tráth a bhfaighidh sé iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach

1.   Tráth a bhfaighidh sé iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach, déanfaidh CMT (dá ngairfear ‘an CMT atá freagrach’ anseo feasta) an monaróir a chur ar an eolas faoi cibé acu a bhfuil an táirge foirgníochta á chumhdach, go hiomlán nó go páirteach, le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe mar a leanas:

(a)

I gcás ina bhfuil an táirge á chumhdach go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe, cuirfidh an CMT atá freagrach in iúl don mhonaróir nach féidir, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint.

(b)

I gcás ina bhfuil an táirge á chumhdach go hiomlán le Doiciméad um Measúnú Eorpach, cuirfidh an CMT atá freagrach in iúl don mhonaróir go n–sáidfear an doiciméad sin mar bhonn don Mheasúnú Teicniúil Eorpach a bheidh á eisiúint.

(c)

I gcás nach bhfuil an táirge á chumhdach, nó nach bhfuil sé á chumhdach go hiomlán, le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ar bith, déanfaidh an CMT atá freagrach na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) a chur i bhfeidhm.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(b) agus (c), déanfaidh an CMT atá freagrach eagraíocht na CMTanna agus an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le hinneachar na hiarrata agus leis an tagairt do chinneadh ábhartha ón gCoimisiún i ndáil le measúnú agus le fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta, ar cinneadh é a bheartaíonn an CMT atá freagrach a chur i bhfeidhm i gcás an táirge sin, nó déanfaidh an CMT atá freagrach é a chur ar an eolas á rá nach ann do chinneadh den sórt sin ón gCoimisiún.

3.   Má mheasann an Coimisiún nach ann do chinneadh iomchuí i ndáil le measúnú agus le fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta don táirge foirgníochta, beidh feidhm ag Airteagal 28.

Airteagal 22

Foilsiú

Déanfar na Doiciméid um Measúnú Eorpach a ghlacfaidh eagraíocht na CMTannaa chur chuig an gCoimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún liosta tagairtí na nDoiciméad um Measúnú Eorpach atá arna nglacadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilseoidh an Coimisiún aon nuashonruithe a bhaineann leis an liosta sin.

Airteagal 23

Aighneas a réiteach i gcás easaontais idir CMTanna

Mura n-aontóidh na CMTanna maidir leis an Doiciméad um Measúnú Eorpach laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, déanfaidh eagraíocht na CMTanna an t-ábhar seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go réiteofar mar is iomchuí é.

Airteagal 24

Inneachar an Doiciméid um Measúnú Eorpach

1.   Maidir le Doiciméad um Measúnú Eorpach, beidh tuairisc ghinearálta ann, ar a laghad, ar an táirge foirgníochta, ar na tréithe fíor-riachtanacha agus ar na modhanna agus na critéir chun an fheidhmíocht a mheasúnú i ndáil leis na tréithe fíor-riachtanacha atá aige agus a bhaineann lena úsáid, de réir mar a shamhlaíonn an monaróir. Go háirithe, beidh liosta ann de na tréithe fíor-riachtanacha atá ábhartha i dtaca le húsáid bheartaithe an táirge agus a bheidh comhaontaithe idir an monaróir agus eagraíocht na CMTanna.

2.   Na prionsabail don rialú táirgeachta is infheidhme sa mhonarcha a bheidh le cur i bhfeidhm, leagfar amach iad sa Doiciméad um Measúnú Eorpach, ag cur choinníollacha phróiseas monaraíochta an táirge foirgníochta san áireamh.

3.   I gcás ina bhféadfar measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht roinnt de thréithe fior-riachtanacha an táirge le modhanna agus le critéir atá bunaithe cheana féin i sonraíochtaí eile teicniúla atá comhchuibhithe nó sna Treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 66(3), nó a úsáidfear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 89/106/CEE roimh an 1 Iúil 2013 i gcomhthéacs doiciméid um cheadú teicniúil Eorpacha a eisiúint, déanfar na modhanna agus na critéir sin atá ann faoi láthair a ionchorprú mar chodanna den Doiciméad um Measúnú Eorpach.

Airteagal 25

Agóid fhoirmiúil i gcoinne DEManna

1.   I gcás ina measann Ballstát nó an Coimisiún nach gcomhlíonann Doiciméad um Measúnú Eorpach na héilimh atá le freastal orthu ina n-iomláine maidir leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann nó an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair an Bhuanchoiste, agus tabharfaidh sé a argóintí le fios. Tar éis dó dul i gcomhairle le heagraíocht na CMTanna, tabharfaidh an Buanchoiste um Fhoirgníocht a thuairim uaidh gan mhoill.

2.   I bhfianaise thuairim an Bhuanchoiste um Fhoirgniú, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí do na Doiciméid um Measúnú Eorpach lena mbaineann a fhoilsiú, gan iad a fhoilsiú, iad a fhoilsiú le srian, iad a choimeád, iad a choimeád le srian nó iad a tharraingt siar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún eagraíocht na CMTanna ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sé go n-athbhreithneofaí an Measúnú Teicniúil Eorpach lena mbaineann, más gá sin.

Airteagal 26

Measúnú Eorpach Teicniúil

1.   Eiseoidh CMT an Measúnú Teicniúil Eorpach, arna iarraidh sin do mhonaróir ar bhonn Dhoiciméid um Measúnú Eorpach a bhunaítear i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II.

Ar an gcoinníoll go bhfuil Doiciméad um Measúnú Eorpach ann, féadfar Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint fiú sa chás inar eisíodh sainordú le haghaidh caighdeáin chomhchuibhithe. Féadfar eisiúnú den sórt sin a dhéanamh go dtí tús na tréimhse cómhaireachtála arna cinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(4).

2.   Áireofar leis an Measúnú Teicniúil Eorpach feidhmíocht a bheidh le dearbhú, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, is feidhmíocht na dtréithe fíor-riachtanacha sin arna gcomhaontú idir an monaróir agus an CMT a gheobhaidh an iarraidh ar an Measúnú Teicniúil Eorpach, agus na mionsonraí teicniúla a bheidh riachtanach chun an córas chun measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta a chur chun feidhme.

3.   Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme go haonfhoirmeach, glacfaidh an Coiste gníomhartha cur chun feidhme chun formáid an Mheasúnaithe Theicniúil Eorpaigh a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 64(2).

Airteagal 27

Leibhéil nó aicmí feidhmíochta

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta.

2.   I gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le treithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta, bainfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú úsáid as na haicmí sin i gcaighdeáin chomhchuibhithe. Úsáidfidh eagraíocht na CMTanna dá dtagraítear in Airteagal 25(1) na haicmí sin i nDoiciméid um Measúnú Eorpach, i gcás ina mbeidh sé sin ábhartha.

I gcás nach bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ag an gCoimisiún i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha táirgí foirgníochta, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe.

3.   I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna sainorduithe ábhartha, bunóidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú leibhéil tairseacha i gcaighdeáin chomhchuibhithe i ndáil leis na tréithe fíor-riachtanacha agus, nuair is iomchuí, le haghaidh úsáidí arna mbeartú, ar leibhéil iad a bheidh le comhlíonadh ag táirgí foirgníochta i mBallstáit.

4.   I gcás ina mbeidh aicmí feidhmíochta bunaithe ag comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcaighdeán comhchuibhithe, úsáidfidh eagraíocht na CMTanna na haicmí sin sna Doicimeid um Measúnú Eorpach más ábhartha iad don táirge foirgníochta.

Nuair a mheasfar go mbeidh sé iomchuí, féadfaidh eagraíocht na CMTanna le comhaontú ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht, aicmí feidhmíochta agus leibhéil tairseacha a bhunú i nDoiciméad um Measúnú Eorpach i ndáil leis na tréithe fíor-riachtanacha atá ag táirge foirgníochta laistigh den úsáid atá beartaithe agus mar atá á de réir mar a shamhlaíonn an monaróir.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun coinníollacha a bhunú faoina measfar go gcomhlíonann táirge foirgníochta leibhéal áirithe feidhmíochta nó aicme áirithe feidhmíochta gan tástáil nó gan tástáil bhreise.

I gcás nach mbeidh na coinníollacha sin bunaithe ag an gCoimisiún, féadfaidh comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordaithe athbhreithnithe.

6.   Nuair a bheidh córais aicmithe bunaithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, ní fhéadfaidh na Ballstáit na leibhéil feidhmíochta nó na haicmí feidhmíochta a bheidh le hurramú ag táirgí foirgníochta a chinneadh ach amháin maidir leis na tréithe fíor-riachtanacha i gcomhréir leis na córais aicmithe sin.

7.   Déanfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú agus eagraíocht na CMTanna dá dtagraítear in Airteagal 25(1), raichtanais rialála na mBallstát a urramú, nuair a bheidh leibhéil tairseacha nó aicmí feidhmíochta á gcinneadh.

Airteagal 28

Measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta

1.   Déanfar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta i ndáil lena dtréithe fíor-riachtanacha i gcomhréir le ceann de na córais a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

2.   Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 60, maidir le cibé acu córas nó córais is infheidhme maidir le táirge foirgníochta ar leith nó aicme táirgí foirgníochta ar leith nó tréith fíor-riachtanach ar leith, agus ag cur san áireamh an tionchar ar shláinte agus ar shábháilteacht shláinte daoine agus ar an gcomhshaol go háirithe, déanfaidh an Coimisiún an córas nó na córais sin a bhunú agus féadfaidh sé iad a athbhreithniú. Agus é seo á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún an taithí arna dhoiciméadú a bheidh curtha ar aghaidh ag údaráis náisiúnta i ndáil le faireachas margaidh a chur san áireamh freisin.

Roghnóidh an Coimisiún an córas nó na córais lena mbaineann an t-ualach is éadroime a bheidh i gcomhréir le comhlíonadh na mbuncheanglas uile i leith oibreacha foirgníochta.

3.   Léireofar an córas nó na córais arna gcinneadh amhlaidh sna sainorduithe le haghaidh caighdeán comhchuibhithe agus sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

CAIBIDIL V

COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ TEICNIÚIL

Airteagal 29

Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil a ainmniú, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu

1.   Féadfaidh na Ballstáit CMTanna a ainmniú laistigh dá gcríocha, go háirithe i gcás ceann amháin nó níos mó de na réimsí táirgí atá liostaithe i dTábla 1 d’Iarscríbhinn IV.

Na Ballstáit sin a bhfuil CMT ainmnithe acu, déanfaidh siad a ainm, a sheoladh agus na réimsí táirgí ar ainmníodh an CMT sin dóibh a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na CMTanna a chur ar fáil don phobal go leictreonach, agus léireoidh sé na réimsí táirgí agus/nó na táirgí foirgníochta ar ainmníodh na CMTanna dóibh.

Déanfaidh an Coimisiún aon nuashonruithe ar an liosta sin a chur ar fáil don phobal.

3.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar ghníomhaíochtaí agus ar inniúlacht na CMTanna a bheidh ainmnithe acu, agus déanfaidh siad meastóireacht orthu i ndáil leis na critéir lena mbaineann agus a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV.

Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta chun CMTanna a ainmniú, maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar ar a ngníomhaíocht agus ar a n-inniúlacht, agus maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis sin.

4.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le meastóireacht a dhéanamh ar CMTanna, tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Fhoirgníocht.

Airteagal 30

Ceanglais ar na CMTanna

1.   Déanfaidh CMT an measúnú agus eiseoidh sé an Measúnú Teicniúil Eorpach i réimse táirgí ar ainmníodh dó é.

Comhlíonfaidh an CMT na ceanglais a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV faoi chuimsiú a ainmnithe.

2.   I gcás nach gcomhlíonann CMT na ceanglais a thuilleadh dá dtagraítear i mír 1, tarraingeoidh an Ballstát ainmniú an CMT sin siar don réimse táirgí a bheidh i gceist agus cuirfidh sé an tarraingt siar sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Airteagal 31

Comhordú na CMTanna

1.   Bunóidh na CMTanna eagraíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh.

2.   Maidir le heagraíocht na CMTanna, measfar gur comhlacht é a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige de réir bhrí Airteagal 162 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (13).

3.   Féadfar na comhchuspóirí comhoibrithe agus na coinníollacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le deontais a thugtar d’eagraíocht na CMTanna a shainmhíniú i gcomhaontú comhpháirtíochta réime arna shíniú ag an gCoimisiún agus an eagraíocht sin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeagais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (14) (an Rialachán Airgeadais) agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon chomhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích.

4.   Déanfaidh eagraíocht na CMTanna na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a chomhlíonadh:

(a)

comhordú na CMTanna a eagrú agus comhar le geallsealbhóirí eile a áirithiú;

(b)

cur i bhfeidhm na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II a chomhordú agus an tacaíocht is gá chuige sin a chur ar fáil;

(c)

Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon cheist a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus maidir le haon ghnéithe a bhaineann le léiriú na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II agus feabhsuithe a mholadh don Choimisiún atá bunaithe ar an taithí atá faighte;

(e)

aon bharúlacha maidir le CMT nach bhfuil a gcúraimí á gcomhlíonadh aige i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Iarscríbhinn II a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát a d’ainmnigh an CMT;

(f)

a áirithiú go ndéanfar Doiciméid um Measúnú Eorpach atá glactha agus tagairtí do Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha a choimeád ar fáil go poiblí.

Beidh Rúnaíocht ag eagraíocht na CMTanna chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go rannchuideoidh na CMTanna le hacmhainní daonna agus airgeadais d’eagraíocht na CMTanna.

Airteagal 32

Maoiniú ón Aontas

1.   Féadfar maoiniú ón Aontas a dheonú d’eagraíocht na CMTanna le haghaidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 31(4) a chur chun feidhme.

2.   Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí arna gcionroinnt ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 31(4) a chinneadh gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais a bheidh i bhfeidhm.

Airteagal 33

Socruithe um maoiniú

1.   Cuirfear maoiniú ón Aontas ar fáil gan ghlao ar thograí a dhéanamh d’eagraíocht na CMTanna chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 31(4) a chur chun feidhme agus ar féidir deontais a dhámhachtain ina leith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh Rúnaíocht eagraíocht na CMTanna, dá dtagraítear in Airteagal 31(4), a mhaoiniú ar bhonn deontas oibriúcháin. I gcás athnuachana, ní laghdófar na deontais oibriúcháin go huathoibríoch.

3.   Féadfar le comhaontuithe deontais cumhdach bhunráta d’fhorchostais an tairbhí a údarú go dtí uasmhéid 10 % de chostais dhíreacha incháilithe iomlána le haghaidh gníomhaiochtaí, ach amháin i gcás ina mbeidh costais indíreacha an tairbhí cumhdaithe trí dheontas oibriúcháin arna mhaoiniú as buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 34

Bainistíocht agus faireachán

1.   Féadfar leis na leithreasaí a chinnfidh an t-údarás buiséadach chun cúraimí a mhaoiniú a leagtar amach in Airteagal 31(4) caiteachais riaracháin a chumhdach freisin, ar caiteachais iad a bhaineann le hullmhúchán, le faireachán, le cigireacht, le hiniúchadh agus le meastóireacht a bhfuil gá go díreach leo chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilseacháin, caiteachais a bhaineann le líonraí faisnéisíochta chun faisnéis a mhalartú agus aon chaiteachas eile maidir le cúnamh riaracháin agus teicniúil a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le Doiciméid um Measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh agus le Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ábharthacht na gcuraimí a leagtar amach in Airteagal 31(4), ar gníomhaíochtaí iad a fhaigheann maoiniú ón Aontas i bhfianaise cheanglais na mbeartas agus na reachtaíochta Aontais agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Eanáir 2017 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 35

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Agus na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, i gcoinne an éillithe agus i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis a bheadh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (15), le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (16) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a sheolfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (17).

2.   I gcás gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, ciallóidh coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de reachtaíocht an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach a tharlóidh de dheasca gnímh nó neamhghnímh de chuid oibreora eacnamaíoch a bhfuil d’éifeacht aige, nó a mbeadh d’éifeacht aige, go ndéanfaí le mír chaiteachais nach mbeadh údar maith leis dochar do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid a bheidh á mbainistiú ag an Aontas Eorpach.

3.   Forálfar in aon chomhaontuithe agus in aon chonarthaí a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, faireachán agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, ar iniúchtaí iad a fhéadfar a dhéanamh ar an láthair, más gá.

CAIBIDIL VI

NÓSANNA IMEACHTA SIMPLITHE

Airteagal 36

Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a Úsáid

1.   Agus cineál táirge á chinneadh aige, féadfaidh monaróir Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a chur in áit na cineál-tástála nó in áit an chineál-áirimh, ar doiciméadúchan é ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás tréith fíor-riachtanach amháin nó níos mó de chuid an táirge foirgníochta, arna chur ar an margadh ag an monaróir, go meastar go bhfuil leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag an táirge gan tástáil ná áireamh, nó gan a thuilleadh tástála ná áirimh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó i gcinneadh ón gCoimisiún;

(b)

maidir leis an táirge foirgníochta, atá á chumhdach ag caighdeán comhchuibhithe, agus a chuireann an monaróir ar an margadh, go bhfreagraíonn sé do chineál táirge táirge foirgníochta eile, arna dhéanamh ag monaróir eile, ar táirge é a ndearnadh tástáil air cheana i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo, beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an táirge eile seo nó do chuid de na torthaí tástála sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála a úsáid a gheobhaidh monaróir eile ach tar éis údarú an mhonaróra sin a fháil roimh ré, agus arb é an monaróir sin a leanfaidh i gcónaí de bheith freagrach as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht thorthaí na dtástálacha sin; nó

(c)

maidir leis an táirge foirgníochta, atá á chumhdach le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, agus a chuireann an monaróir ar an margadh gur córas déanta de chomhpháirteanna é an táirge foirgníochta agus go gcuireann an monaróir le chéile an táirge sin go cuí de réir treoracha beachta arna gcur ar fáil ag soláthróir córais den sórt sin, nó ag soláthróir comhpháirte a ghabhann le córas den chineál sin, ar soláthróir é a thástáil an córas nó an chomhpháirt sin cheana féin le haghaidh tréith fíor-riachtanach amháin nó le haghaidh roinnt tréithe fíor-riachtanacha dá thréithe i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí uile na dtástálacha uile ar an gcóras nó ar an gcomhpháirt a soláthraíodh dó, nó do chuid de thorthaí na dtástálacha sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála a fhaigheann monaróir eile nó solathraí córais eile a úsáid ach tar éis údarú an mhonaróra sin nó an tsoláthraí córais sin a bheith faighte aige roimh ré agus beidh an monaróir a rinne an tástáil freagrach i gcónaí as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht na dtástálacha sin.

2.   Má bhaineann an táirge foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1+ nó 1 mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V an córas is infheidhme ina leith do mheasúnú agus d’fhíorú ar sheasmhacht feidhmíochta, déanfaidh comhlacht deimhnithe táirge a dtabharfar fógra dó, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, an Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a fhíorú.

Airteagal 37

Nósanna imeachta simplithe ag micreafhiontair

Maidir le micreafhiontar lena ndéantar táirgí foirgníochta atá á gcumhdach ag caighdeán comhchuibhithe, féadfaidh siad maidir leis an gcineál táirge a chinneadh go n-athrófaí é sin ar bhonn cineál-tástála do na córais 3 agus 4 is infheidhme mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V trí mhodhanna a úsáid a bheadh éagsúil leo sin atá sa chaighdeán comhchuibhithe is infheidhme. Féadfaidh na monaróirí sin déileáil le táirgí foirgníochta lena mbaineann córas 3 i gcomhréir leis na forálacha le haghaidh chóras 4. Nuair a úsáidfidh monaróir na nósanna imeachta simplithe sin, léireoidh sé go mbeidh na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag an táirge foirgníochta trí bhíthin Dhoiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh.

Airteagal 38

Nósanna imeachta simplithe eile

1.   Maidir le táirgí foirgníochta atá á gcumhdach ag caighdeán comhchuibhithe agus a mhonaraítear nó a shaincheaptar go leithleach i bpróiseas neamhshrathach mar fhreagairt ar ordú sonrach, agus a chuirtear isteach i saothar aitheanta foirgníochta amháin, féadfaidh an monaróir Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a chur in áit na comhpháirte den chóras is infheidhme a dhéanann measúnú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar doiciméadúchán é lena leirítear, ar an dóigh sin, go gcomhlíonann an táirge sin na ceanglais is infheidhme.

2.   Más rud é go mbaineann an táirge foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1+ nó 1, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, an córas is infheidhme air do mheasúnú agus d’fhíorú seasmhacht feidhmíochta, déanfaidh comhlacht deimhniúcháin táirge a dtabharfar fógra dó, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, an Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a fhíorú.

CAIBIDIL VII

NA hÚDARÁIS A THUGANN FÓGRA AGUS NA COMHLACHTAÍ DÁ dTUGTAR FÓGRA

Airteagal 39

Fógra

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaca leis na comhlachtaí a n-údaraítear dóibh cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta faoin Rialachán seo (dá ngairfear ‘comhlachtaí dá dtugtar fógra’ anseo feasta).

Airteagal 40

Na húdaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as bunú agus cur i gcrích na nósanna imeachta is gá d’fhonn measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh le húdarú le cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta chun críocha an Rialacháin seo, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n-áirítear comhlíonadh fhorálacha Airteagal 43 acu.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh a gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe féin, de réir bhrí Rialachán (CE) 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chun comhlachta nach eintiteas rialtais é, is eintiteas dlíthiúil a bheidh sa chomhlacht sin agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 41. Lena chois sin, déanfar socruithe ionas go gclúdóidh an comhlacht sin dliteanais a bheidh ann de thoradh a ghníomhaíochtaí.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí arna gcur i gcrích ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 41

Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar an t-údarás a thugann fógra sa chaoi nach dtarlóidh aon easaontachtaí leasa leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra.

2.   Déanfar an t-údarás a thugann fógra a eagrú agus a oibriú sa chaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.

3.   Eagrófar an t-údarás a thugann fógra maidir le gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht atá le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a chur i gcrích sa phróiseas chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta, ionas go ndéanfaidh daoine inniúla na cinntí sin, ar daoine iad nach ionann agus na daoine a rinne an measúnú.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí dá dtugtar fógra, ná aon seirbhísí sainchomhairle ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.

5.   Coimirceoidh an t-údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheofar.

6.   Beidh fáil ag an údarás a thugann fógra ar leordhóthain de phearsanra inniúil d’fhonn a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Airteagal 42

Oibleagaíd faisnéise maidir leis na Ballstáit

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir lena nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann air sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 43

Ceanglais ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Chun críche fógra a thabhairt, cloífidh comhlacht dá dtugtar fógra leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 11.

2.   Maidir le comhlacht sin dá dtugtar fógra, bunófar é faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3.   Is comhlacht tríú páirtí a bheidh i gcomhlacht dá dtugtar fógra agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge foirgníochta a ndéanann sé measúnú air.

Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht thar ceann gnólachtaí a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí foirgníochta a ndéanann sé measúnú orthu, féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon easaontacht leasa ann.

4.   Ní fhéadfar gurb ionann comhlacht dá dtugtar fógra, a lucht bainistíochta ardleibhéal ná an pearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí sa phróiseas chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta, agus dearthóir, monaróir, soláthróir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná lucht cothabhála na dtáirgí foirgníochta a ndéanann sé measúnú orthu, ná ionadaí údaraithe aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sin úsáid a bhaint as táirgí measúnaithe atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta dá dtugtar fógra ná úsáid táirgí chun críoch pearsanta.

Maidir le comhlacht dá dtugtar fógra, lena lucht bainistíochta ardleibhéal agus leis an bpearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, le monarú ná le déantús na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní bheidh baint dhíreach acu le margú, le suiteáil, le húsáid ná le cothabháil na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a bhíonn i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith contrártha dá neamhspleáchas, dá mbreithiúnas, ná dá n-ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dóibh fúthu. Beidh feidhm ag an gceanglas seo go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh comhlacht dá dtugtar fógra nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht, ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus/nó fíorú.

5.   Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, agus a phearsanra, na cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse i dtrácht, agus ní mór go mbeidh siad saor ó gach cineál brú agus meallta, de chineál airgeadais go speisialta, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus fíorú, go háirithe ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé ar chumas comhlachta dá dtugtar fógra na cúraimí tríú páirtí uile a dhéanamh sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta, ar cúraimí iad a shanntar dó i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus ar tugadh fógra dó ina leith, cibé acu a dhéanfaidh an comhlacht féin dá dtugtar fógra na cúraimí sin nó cibé acu a dhéanfar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I dtaca le gach aon chóras lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta, agus i dtaca le gach cineál nó gach catagóir táirge foirgníochta, i dtaca leis na tréithe fíor-riachtanacha agus leis na cúraimí ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil i gcónaí ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra ar an méid seo a leanas:

(a)

an pearsanra is ga agus a bhfuil eolas teicniúil acu agus a bhfuil leordhóthain de thaithí iomchuí acu d’fhonn cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta;

(b)

an tuairisc is gá ar na nósanna imeachta a ndéanfar an measúnú feidhmíochta dá réir, lena n-áirithítear trédhearcacht agus cumas atáirgthe na nósanna imeachta seo. Beidh beartas agus nósanna imeachta cuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéantar mar chomhlacht a dtugtar fógra dó agus gníomhaíochtaí eile;

(c)

na nósanna imeachta is gá chun a chuid gníomhaíochtaí agus lena dtugtar aird chuí ar mhéid an fhiontair, ar an earnáil ina mbíonn sé ag feidhmiú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge a bheidh i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, cibé acu an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.

Beidh ag comhlacht dá dtugtar fógra na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dó ina dtaobh a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh teacht aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

7.   Beidh na tréithe seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad ar tugadh fógra don chomhlacht ina leith:

(a)

oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chlúdóidh na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht fheidhmíochta laistigh den raon feidhme cuí ar tugadh fógra don chomhlacht ina thaobh;

(b)

eolas sásúil ar na ceanglais maidir leis na measúnuithe agus na fíoruithe a dhéanann siad agus údarás a dhóthain chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin;

(d)

an cumas is gá chun na deimhnithe, na taifid agus na tuarascálacha a tharraingt suas ionas go léireofar go ndearnadh na measúnuithe agus na fíoruithe.

8.   Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta dá dtugtar fógra, a luchta ardbhainistíochta agus a phearsanra measúnaithe.

Ní bhraithfidh luach saothair lucht bainistíochta ardleibhéal an chomhlachta dá dtugtar fógra ná pearsanra measúnaithe an chomhlachta sin ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Beidh polasaí árachais dliteanais ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra seachas i gcás ina nglacfaidh an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina mbeidh an Ballstát féin freagrach go díreach as an measnú agus/nó as an bhfíorú a dhéanfar.

10.   Beidh de cheangal ar phearsanra an chomhlachta dá dtugtar fógra rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar agus a chuid cúraimí faoi Airteagal V á ndéanamh aige, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla riaracháin an Bhallstáit ina ndéanfar a chuid gníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.

11.   Beidh an comhlacht dá dtugtar fógra páirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha caighdeánaithe agus i ngíomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a bhunaítear leis an Rialachán seo, nó áiritheoidh sé go mbeidh a phearsanra measúnaithe ar an eolas fúthu, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí riaracháin agus na doiciméid a bheidh mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

Airteagal 44

Toimhde na comhréireachta

Más féidir le comhlacht dá dtugtar fógra agus a dtabharfar údarú dó cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fioru ar sheasmhacht feidhmíochta a thaispeáint go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, ar nithe iad a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 43 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais seo leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 45

Fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta a ligean ar fochonradh, nó i gcás ina mbainfidh sé leas as fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an fochonraitheoir nó an fochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 43, agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir.

2.   Beidh an comhlacht dá dtugtar fógra lánfhreagrach as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit ina mbeidh siad bunaithe.

3.   Ní fhéadfaidh fochuideachta gníomhaíochtaí a dhéanamh, ná iad a ligean ar fochonradh, gan toiliú an chliaint.

4.   Maidir leis na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí aon fhochonraitheora nó an fhochuideachta agus na doiciméid a bhaineann leis na cúraimí a dhéanfaidh aon fhochonraitheoir nó an fochuideachta faoi Iarscríbhinn V, cinnteoidh an comhlacht dá dtugtar fógra go mbeidh siad ar fáil i gcónaí don údarás a thugann fógra.

Airteagal 46

Saoráidí a úsáid lasmuigh de shaotharlann tástála an chomhlachta dá dtugtar fógra

1.   Ar iarraidh ón monaróir agus i gcás in mbeidh údar maith ann ar chúiseanna teicniúla, eacnmaíocha nó lóistíochúla, féadfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a chinneadh go ndéanfaidh siad na tástálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, maidir leis na córais lena ndéantar measúnú agus fioru ar sheasmhacht feidhmíochta 1+, 1 agus 3, nó go gcuirfidh siad iad á ndéanamh faoina maoirseacht, sna gléasraí monaraíochta ag úsáid trealamh tástála shaotharlann inmheánach an mhonaróra nó, le toiliú roimh ré an mhonaróra, i saotharlann sheachtrach ag úsáid trealamh tástála na saotharlainne sin.

Ba cheart go mbeadh comhlachtaí dá dtugtar fógra agus a mbeidh na tástálacha sin á ndéanamh acu ainmnithe go sonrach mar chomlachtaí atá inniúil le dul i mbun oibre in ionad eile lasmuigh dá saoráidí tástála creidiúnaithe féin.

2.   Sula ndéanfaidh sé na tástálacha sin, fíoróidh an comhlacht dá dtugtar fógra cé acu a bheidh na ceanglais maidir leis an modh tástála á gcomhlíonadh agus déanfaidh sé meastóireacht ar na nithe seo a leanas:

(a)

an bhfuil córas iomchuí calabrúcháin ag an trealamh tástála agus an bhféadfar inrianaitheacht na dtoisí a ráthú.

(b)

an bhfuil cáilíocht thorthaí na tástála á háirithiú.

Airteagal 47

Iarraidh ar fhógra

1.   Maidir le comhlacht a bheidh le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnaithe agus fíoraithe ar sheasmhacht feidhmíochta, cuirfidh sé isteach iarraidh ar fhógra chuig údarás an Bhallstáit a thugann fógra ina bhfuil an comhlacht sin bunaithe.

2.   In éineacht leis an iarraidh beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, na nósanna imeachta um measúnú agus/nó um fhíorú a maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil ina leith, mar aon le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena bhfianófar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 43 á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht.

3.   Más rud é nach féidir leis an gcomhlacht i dtrácht deimhniú creidiúnaithe a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá d’fhonn comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 43 a fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air.

Airteagal 48

Nós imeachta chun fógra a thabhairt

1.   Ní thabharfaidh údaráis a thugann fógra aon fhógra do chomhlachtaí nach mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 43 á gcomhlíonadh acu.

2.   Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go háirithe trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna forbairt agus arna riar ag an gCoimisiún.

Go heisceachtúil, sna cásanna sin a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V agus nach mbeidh an uirlis iomchuí leictreonach ar fáil dóibh, glacfar le cóip chrua den fhógra.

3.   Beidh san fhógra na sonraí uile faoi na feidhmeanna a bheidh le déanamh, tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha agus, chun críocha an chórais a leagtar amach in Iarscríbhinn V, na tréithe fíor-riachtanacha a bhfuil an comhlacht inniúil ina leith.

Ní gá tagairt a dhéanamh, áfach, don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha sna cásanna a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V.

4.   I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 47(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile: an fhianaise dhoiciméadach uile lena bhfianófar inniúlacht an chomhlachta agus lena bhfianófar na socruithe a bheidh déanta sa chruth go n-áiritheofar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé air ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 43.

5.   I gcás ina n-úsáidfear deimhniú creidiúnaithe, ní fhéadfaidh an comhlacht i dtrácht na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht dá dtugtar fógra a chur i gcrích ach amhain mura ndéanfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit eile agóid laistigh de choicís ón uair a thabharfar fógra, nó, i gcás nach n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra.

Chun críche an Rialacháin seo ní mheasfar gur comhlacht a thugann fógra aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é.

6.   Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir le haon athruithe ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 49

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht dá dtugtar fógra.

Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí, agus beidh ar áireamh sa liosta na huimhreacha aitheantais a leithdháileadh orthu agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina leith, agus, go háirithe is trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra a chuirfear ar fáil an liosta sin, ar uirlis í arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta seo cothrom le dáta.

Airteagal 50

Athruithe ar an bhfógra

1.   I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó go i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 43 a thuilleadh, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhall, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra srian a chur ar an bhfógra, é a chur ar fionraí, nó é a tharraingt siar mar is iomchuí, é sin de réir a thromchúisí a bheidh an chaoi ina mbeidh ag teip ar an gcomhlacht na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach dá réir, go háirithe trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar an fógra a tharraingt siar, a shrianadh nó a chur ar fionraí nó i gcás ina scoirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a thugann fógra na bearta is iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálfar comhaid an chomhlachta sin ag comhlacht eile dá dtugtar fógra nó go mbeidh teacht orthu, arna iarraidh sin dóibh, ag na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus as faireachas margaidh a dhéanamh.

Airteagal 51

Agóidí in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás ina mbeidh sé in amhras, nó ina dtabharfar le fios dó go bhfuiltear in amhras, faoi inniúlacht comhlacht dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh.

2.   Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, soláthróidh sé don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhainfidh leis an mbonn a bheidh le fógra a thabhairt nó le hinniúlacht an chomhlachta i dtrácht a choimeád ar bun.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéileálfar faoi rún leis an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

4.   I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.

Airteagal 52

Oibleagáidí oibriúcháin do na comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais chun measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V.

2.   Déanfar measúnuithe agus fíoruithe ar sheasmacht feidhmíochta ar bhealach comhréireach sa chruth nach gcuirfear ualaigh nach bhfuil call leo ar oibreoirí eacnamaíocha. Comhlíonfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid fiontair, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge a bheidh i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, cibé acu an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.

Le linn dóibh déanamh amhlaidh, áfach, urramóidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an déine a cheanglaítear ar an táirge leis an Rialachán seo agus an pháirt atá ag an táirge i ndáil le comhlíonadh na mbuncheanglas uile i leith oibreacha foirgníochta.

3.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, agus an t-iniúchadh tosaigh á dhéanamh ar an ngléasra monaraíochta agus ar rialú táirgeachta sa mhonarcha, nach ndearna an monaróir seasmhacht feidhmíochta an táirge mhonaraithe a áirithiú, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta iomchuí ceartaitheacha a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú.

4.   I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, le linn na gníomhaíochta faireacháin arb é is aidhm dó seasmhacht feidhmíochta an táirge mhonaraithe a fhíorú, nach bhfuil an leibhéal céanna feidhmíochta ag táirge foirgníochta a thuilleadh i gcomparáid le leibhéal feidhmíochta an chineáil táirge, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta iomchuí ceartaitheacha a dhéanamh agus cuirfidh sé a dheimhniú ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é, más gá sin.

5.   Sa chás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó sa chás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon deimhnithe a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, mar is iomchuí.

Airteagal 53

Oibleagáidí faisnéise do na comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon deimhnithe ar diúltaíodh dóibh, ar cuireadh srian orthu, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar;

(b)

aon tosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra agus/nó do na coinníollacha faoina dtugtar é;

(c)

aon iarraidh a gheobhaidh siad ó údárais um fhaireachas margaidh ar fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí a dhéanfar maidir le measúnú agus/nó fíorú seasmhachta feidhmíochta;

(d)

arna iarraidh sin orthu, cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais le haghaidh measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta a dhéanfar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéanfar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra, déanfaidh siad faisnéis ábhartha faoi shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin orthu, torthaí dearfacha na measúnuithe agus/nó na bhfíoruithe a sholáthar do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann cúraimí tríú páirtí comhchosúla agus le haghaidh táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe chéanna i gcomhréir leis na córais le haghaidh measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta.

Airteagal 54

Malartú taithí

Forálfaidh an Coimisiún go n-eagrófar malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógraí a thabhairt.

Airteagal 55

Na comhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhordú

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú iomchuí agus comhar iomchuí ar bun idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Airteagal 39 agus go n-oibreofar mar is ceart é, eadhon, go mbeidh sé i bhfoirm grúpa comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra páirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe nó go n-áiritheoidh siad go gcoimeádfar ionadaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar an eolas maidir leis an obair sin.

CAIBIDIL VIII

FAIREACHAS MARGAIDH AGUS NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE

Airteagal 56

Nós imeachta chun déileáil ar an leibhéal náisiúnta le táirgí foirgníochta a bhfuil riosca ag baint leo

1.   I gcás ina bhfuil údaráis um fhaireachas margaidh Bhallstáit amháin tar éis beart a dhéanamh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó i gcás ina mbíonn cúis mhaith acu lena chreidiúint, maidir le táirge foirgníochta a chumhdaítear go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe nó le táirge foirgníochta ar eisíodh Doiciméad um Measúnú Eorpach ina leith, nach mbaineann sé an fheidhmíochí dhearbhaithe amach agus go mbaineann riosca leis do chomhlíonadh na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann ag féachaint do na ceanglais faoi seach a leagtar síos leis an Rialachán seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, de réir mar is gá.

I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge foirgníochta na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta ceartaitheacha uile is gá a dhéanamh chun a chur faoi deara go mbeidh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin, go háirithe an fheidhmíocht dhearbhaithe nó ceanglóidh siad air é a tharraingt siar ón margadh, nó é a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar tréimhse í a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca a bheidh ann, de réir mar a fhorordóidh siad.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin, má tá baint ag comhlacht dá dtugtar fógra leis.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

2.   I gcás ina bhfeicfear do na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhartha a bhfuiltear tar éis a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch iad a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar na bearta ceartaitheacha iomchuí uile maidir leis na táirgí foirgníochta uile lena mbaineann arna gcur ar fáil ar fud mhargadh an Aontais aige.

4.   I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta ceartaitheacha leordhóthanacha laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile is gá chun cosc nó srian a chur ar an bhfáil a bheidh ar an táirge foirgníochta ar an margadh náisiúnta nó chun an táirge foirgníochta a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghlaoch.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.

5.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá ionas go n-aithneofar an táirge neamhchomhlíontach agus a ionad tionscnaimh, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh, mar aon leis na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl an iad ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a)

gur mhainnigh an táirge an fheidhmíocht dhearbhaithe a bhaint amach agus/nó na ceanglais a bhaineann le comhlíonadh na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b)

easnaimh ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó ar an Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuireann tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann, agus, i gcás easaontais leis an mbeart náisiúnta faoinar tugadh fógra, maidir lena gcuid agóidí.

7.   Más rud é, laistigh de chúig lá oibre déag tar éis an t-eolas dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach mbeidh aon Bhallstát ná an Coimisiún tar éis aon agóid faoi bheart sealadach arna dhéanamh ag Ballstát i dtaca leis an táirge foirgníochta lena mbaineann, measfar údar maith a bheith leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta sriantacha iomchuí i dtaca leis an táirge foirgníochta lena mbaineann, amhail an táirge a tharraingt siar ón margadh, gan mhoill.

Airteagal 57

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 56(3) agus (4) a bheith críochnaithe, go ndéanfar agóidí i gcoinne birt náisiúnta atá déanta ag Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu a bhfuil údar maith leis an mbeart nó nach bhfuil.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch/do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

2.   I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá ionas go n-áiritheofar go dtarraingeofar an táirge foirgníochta neamhchomhlíontach siar óna gcuid margaí agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3.   I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnamh atá ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 56(5)(b), déanfaidh an Coimisiún an comhlacht ábhartha Eorpach um chaighdeánú nó na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú a chur ar an eolas agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid an Choiste a cuireadh ar bun faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE. Rachaidh an Coiste sin i gcomhairle leis an gcomhlacht ábhartha Eorpach um chaighdeánú nó leis na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú agus tabharfaidh sé a thuairim uaidh gan mhoill.

I gcás ina measfar údar maith a bheith leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnamh atá ar an Doiciméad um Measúnú Eorpach nó ar an Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach dá dtagraítear in Airteagal 56(5)(b), cuirfidh an Coimisiún an t-ábhar faoi bhráid an Bhuanchoiste um Fhoirgníocht agus glacfaidh sé na bearta iomchuí dá éis sin.

Airteagal 58

Táirgí foirgníochta atá comhlíontach ach a bhfuil riosca ag baint leo don tsláinte agus don sábháilteacht, mar sin féin

1.   I gcás ina bhfionnfaidh Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 56(1), agus bíosh is go gcomhlíonann táirge fioirgníochta an Rialachan seo, go mbaineann riosca leis do chomhlíonadh na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta nó do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile a bhaineann le cosaint leas an phobail in ainneoin go gcomhlíonann sé an Rialachán seo, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta iomchuí uile is gá a dhéanamh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an táirge foirgníochta lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é, an táirge foirgníochta a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar tréimhse í a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh sé.

2.   Áiritheoidh oibreoir eacnamaíoch go gcuirfear aon bheart ceartaitheach a fhéadfaidh séa fhorordú i bhfeidhm maidir leis na táirgí foirgníochta uile lena mbaineann arna gcur ar fáil ar fud mhargadh an Aontais aige.

3.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá ionas go n-aithneofar an táirge foirgníochta lena mbaineann, ionad tionscnaimh agus slabhra soláthair an táirge, an cineál riosca a bhaineann leis, agus cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cibé acu a bhfuil údar maith leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

5.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch/do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

Airteagal 59

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 56, i gcás ina bhfionnfaidh Ballstát ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibritheoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

gur greamaíodh an marc CE de shárú ar Airteagal 8 nó ar Airteagal 9;

(b)

nár greamaíodh an marc CE, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh;

(c)

gan dochar d’Airteagal 5, nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta, i gcomhréir le hAirteagal 4, nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh;

(d)

nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 4, le Airteagal 6 agus le hAirteagal 7, nuair a cheanglaítear déanamh amhlaidh ;

(e)

nach bhfuil an doiciméadúchán teicniúil ar fáil nó go bhfuil sé neamhiomlán.

2.   I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát na bearta iomchuí uile is gá chun srian nó cosc a chur ar an bhfáil atá ar an táirge foirgníochta sa mhargadh nó áiritheoidh sé go dtarraingeofar siar ón margadh é nó go n-aisghlaofar é.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 60

Gníomhartha tarmligthe

D’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go háirithe srianta maidir le táirgí foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh a bhaint agus a sheachaint, déanfar na nithe seo a leanas a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 61 agus faoi réir na gcoinníollacha arna leagan síos in Airteagal 62 agus in Airteagal 63;

(a)

i gcás inar iomchuí, cinneadh na dtréithe fíor-riachtanacha nó na leibhéal tairsí laistigh d’aicmí sonracha táirgí foirgníochta, ar ina leith a dhearbhóidh an monaróir, i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 6 agus maidir leis an úsáid a bheartaítear dóibh, feidhmíocht tháirge an mhonaróra de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, nuair a chuirfear ar an margadh é;

(b)

na coinníollacha faoina bhféadfar an dearbhú feidhmíochta a phróiseáil go leictreonach, chun go gcuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin é i gcomhréir le hAirteagal 7;

(c)

leasú ar an tréimhse ar ina leith a choinneoidh an monaróir an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta tar éis an táirge foirgníochta a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 11, is leasú a bheidh bunaithe ar mharthanacht ionchasach nó ar an bpáirt atá ag an táirge foirgníochta sna hoibreacha foirgníochta;

(d)

Iarscríbhinn II a leasú agus, más gá, rialacha forlíontacha nós imeachta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) chun a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail atá in Airteagal 20, nó na rialacha nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a chur i bhfeidhm iarbhír;

(e)

Iarscríbhinní III, tábla 1 d’Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a oiriúnú mar fhreagairt ar dhul chun cinn teicniúil;

(f)

aicmí feidhmíochta a bhunú agus a oiriúnú mar fhreagairt ar dhul chun cinn teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 27(1);

(g)

na coinníollacha faoina measfar go mbeidh leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta á shásamh nó á sásamh ag táirge foirgníochta, gan tástáil nó gan tuilleadh tástála, i gcomhréir le hAirteagal 27(5), ar choinníoll nach gcuirfear as, dá bharr sin, do chomhall na mbuncheanglas i leith oibreacha;

(h)

na córais lena ndéantar measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 28, i ndáil le táirge ar leith, le haicme táirge ar leith nó le tréith fíor-riachtanach ar leith, a oiriúnú, a bhunú agus a athbhreithniú agus i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i)

tábhacht an pháirt atá ag an táirge nó na tréithe fíor-riachtanacha sin maidir leis na buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta;

(ii)

cineál an táirge;

(iii)

an iarmhairt atá ag inathraitheacht thréithe fíor-riachtanacha an táirge foirgníochta i rith shaol ionchasach an táirge; agus

(iv)

an claonadh chun lochtanna i monarú an táirge.

Airteagal 61

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 60 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse cúig bliana ón… (18). Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe a thabhairt sé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 62.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 62 agus in Airteagal 63 a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 62

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tairmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 60 a chúlghairm tráth ar bith.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfiadh éifeacht leis an gcinneadh láithreach, nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 63

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú go ceann dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimshe sin, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil sé beartaithe acu gan agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 64

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Fhoirgníocht cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 65

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoir 89/106/CEE.

2.   Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 66

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Measfar an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag táirgí foirgníochta a chuirfear ar an margadh i gcomhréir le Treoir 89/106/CEE roimh an 1 Iúil 2013.

2.   Féadfaidh monaróirí dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas ar bhonn deimhnithe comhréireachta nó dearbhaithe comhréireachta a eiseofar roimh an 1 Iúil 2013 i gcomhréir le Treoir 89/106/CEE.

3.   Féadfar treoirlínte um cheadú teicniúil Eorpach a fhoilseofar roimh an 1 Iúil 2013 i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 89/106/CEE a úsáid mar Dhoiciméid um Measúnú Eorpach.

4.   Féadfaidh monaróirí agus allmhaireoirí doiciméid um cheadú teicniúil Eorpacha a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 89/106/CEE roimh an 1 Iúil 2013 a úsáid mar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha le linn thréimhse bailíochta na ndoiciméad sin.

Airteagal 67

Tuairisciú ag an gCoimisiún

Faoin … (19) cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le hAirteagal 19, le hAirteagal 20, le hAirteagal 21, le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 24 ar bhonn tuarascálacha a chuireann Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile ar fáil, agus beidh tograí oiriúnacha ina dteannta i gcás ina mbeidh siad ábhartha.

Airteagal 68

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm amhail ón 1 Iúil 2013, áfach, ag Airteagail 3 go hAirteagal 28, ag Airteagal 36, Airteagal 37 agus Airteagal 38, ag Airteagal 56 go hAirteagal 63, ag Airteagal 65 agus ag Airteagal 66 chomh maith le hIarscríbhinn I, le hIarscríbhinn II, le hIarscríbhinn III agus le hIarscríbhinn V.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa ….

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 218, 11.9.2009, lch. 15.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 441), seasamh ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010 agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 40, 11.2.1989, lch. 12.

(4)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

(5)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 82.

(6)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(7)  IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

(8)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(9)  IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

(10)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(12)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

(13)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1

(14)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1

(15)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(16)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(17)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(18)  dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(19)  cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN 1

Buncheanglais i leith oibreacha foirgníochta

Ní mór d'oibreacha foirgníochta ina n-iomláine agus ina gcodanna éagsúla a bheith feiliúnach don úsáid a bheidh beartaithe dóibh. Faoi réir gnáthchothabhála, ní mór do na hoibreacha foirgníochta sin na buncheanglais sin i leith oibreacha foirgníochta sin a chomhlíonadh le linn saolré réasúnta eacnamaíche.

1.   Frithsheasmhacht mheicniúil agus cobhsaíocht mheicniúil

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh nach n-eascróidh aon cheann de na nithe seo a leanas as na hualaí ar dóigh go ngníomhóidh siad orthu agus iad á bhfoirgniú:

(a)

titim na hoibre ina hiomláine nó titim cuid de;

(b)

dífhoirmiú suntasach neamh-inghlactha;

(c)

damáiste do chodanna eile de na hoibreacha foirgníochta nó d'fheistis nó do threalamh suiteáilte i ngeall ar dhífhoirmiú suntasach ar an bhfoirgneamh ualachiompartha;

(d)

damáiste, i ngeall ar tharlú, atá as cuimse i dtaca leis an gcúis bhunaidh.

2.   Sábháilteacht i gcás tine

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ionas, i gcás tine:

(a)

gur féidir glacadh leis go mbeidh cumas ualachiompartha an fhoirgnimh slán le linn tréimhse áirithe ama,

(b)

go gcuirfear srian ar ghiniúint agus ar leathadh na tine agus an deataigh laistigh de na hoibreacha,

(c)

go gcuirfear srian ar leathadh na tine chuig oibreacha foirgníochta in aice leis,

(d)

go bhféadfaidh na háititheoirí na hoibreacha a fhágáil nó go bhféadfar teacht i dtarrtháil orthu ar bhealach eile,

(e)

go gcuirfear sábháilteacht na bhfoirne tarrthála san áireamh.

3.   An sláinteachas, an tsláinte agus an comhshaol

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh baol ag baint leo do shláinteachas ná sláinte a n-áititheoirí ná do shláinteachas ná sláinte na gcomharsan, agus nach mbeidh tionchar as cuimse ar fad acu, le linn a saolré ar fad, ar chaighdeán an chomhshaoil ná ar an aeráid agus iad á dtógáil, á n-úsáid agus á scartáil, i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

sceitheadh gás tocsaineach;

(b)

astú substaintí contúirteacha, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO), gáis cheaptha teasa nó cáithníní contúirteacha san aer laistigh nó lasmuigh;

(c)

astú radaíochta contúirtí;

(d)

sceitheadh substaintí contúirteacha isteach i screamhuisce, in uiscí mara nó in ithir;

(e)

sceitheadh substaintí contúirteacha nó substaintí a bhfuil tionchar diúltach acu ar uisce óil;

(f)

sceitheadh lochtach uisce fuíll, astú gás múcháin, nó diúscairt lochtach fuíoll soladach nó fuíoll leachtach;

(g)

taise a bheith i gcodanna de na hoibreacha foirgníochta nó ar dhromchlaí laistigh de na hoibreacha foirgníochta.

4.   Sábháilteacht agus inrochtaineacht le linn úsáide

Nímór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh riosca do -ghlactha timpiste nó damáiste ag baint leo agus iad in úsáid nó i ngníomh, timpistí amhail sciorradh, titim, iombhualadh, dó, leictreamharú, gortú i ngeall ar phléascadh agus ar bhurgléireachtaí. Ní mór go háirithe, oibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a thabharfaidh aird ar inrochtaineacht agus ar úsáid ag daoine atá faoi mhíchumas.

5.   Cosaint i gcoinne torainn

Nímór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil sa chruth nach sáróidh an torann a bhraithfidh na háititheoirí nó na daoine in aice láimhe leibhéal a dhéanfaidh dochar dá sláinte agus ar leibhéal é a ligfidh dóibh codladh, a scíth ag ligean, agus obair a dhéanamh i ndálaí a bheidh sásúil.

6.   Éifeachúltacht fuinnimh agus coinneáil teasa

Nímór na hoibreacha foirgníochta agus na fearais téite, fuarúcháin, soilsithe agus aerúcháin iontu a dhearadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh ach beagán fuinnimh ag teastáil agus na fearais in úsáid ag féachaint do riachtanas na n-áititheoirí agus do dhálaí aeráide an tsuímh.

7.   Úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha

Nímór na hoibreacha foirgníochta a dhearadh, a thógáil agus a scartáil sa chruth go mbainfear úsáid inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus go n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh na hoibreacha foirgníochta, an t-ábhar agus na comhpháirteanna iontu in-athchúrsáilte, tar éis a scartála;

(b)

go mbeidh na hoibreacha foirgníochta marthanach;

(c)

go n-úsáidfear amhábhar agus ábhar tánaisteach sna hoibreacha foirgníochta nach bhfuil diobhálach don chomhshaol.


IARSCRIBHINN II

An Nós imeachta chun Doiciméad um Measúnú Eorpach a ghlacadh

1.   Iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach

Nuair a dhéanfaidh monaróir iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach do tháirge foirgníochta chuig aon CMT, agus nuair a bheidh comhaontú sínithe ag an monaróir agus ag an CMT maidir le discréid tráchtála agus rúndacht, cuirfidh sé faoi bhráid an CMT sin (dá ngairfear an CMT freagrach anseo feasta) comhad teicniúil ina gcuirfear síos ar an táirge, ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as agus ar na mionsonraí maidir leis an rialú táirgeachta a bheartaíonn sé a chur i bhfeidhm sa mhonarcha.

2.   Conradh

Maidir leis na táirgí foirgníochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(c), laistigh de mhí amháin tar éis dó an comhad teicniúil a fháil, tabharfar conradh i gcrích idir an monaróir agus an CMT a bheidh freagrach as an Measúnú Teicniúil Eorpacha dhéanamh, ina sainmhíneofar an clár oibre chun an Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas, lena n-áireofar

riar na hoibre laistigh d'eagraíocht na CMTanna;

comhdhéanamh na meithle a bhunófar laistigh d'eagraíocht na CMTanna, ar meitheal í a bheidh ceaptha don réimse táirgí a bheidh i gceist;

comhordú na CMTanna.

3.   Clár oibre

Tar éis an conradh leis an monaróir a thabhairt i gcrích, cuirfidh eagraíocht na CMTanna an Coimisiún ar an eolas faoin bplean oibre chun an Doiciméad um Measúnú Eorpach a tharraingt suas, faoin sceideal maidir leis an bplean oibre sin a chur i bhfeidhm agus maidir le léiriú a thabhairt ar an gclár measúnaithe. Cuirfear an méid sin in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a bfhaighfear an iarraidh ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach.

4.   An dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach

Tabharfaidh eagraíocht na CMTanna dréacht-Doiciméad um Measúnú Eorpach chun críche trí mheitheal a bheidh comhordaithe ag an CMT atá freagrach agus cuirfidh sí an dréacht sin in iúl do na páirtithe lena mbaineann laistigh de shé mhí ón dáta a gcuirfear an Coimisiún ar an eolas faoin gclár oibre.

5.   Rannpháirtíocht an Choimisiúin

Féadfaidh ionadaí ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnóir, i ngach cuid de chur i bhfeidhm an chláir oibre.

6.   Fadú agus moill

Tuairisceoidh an mheitheal aon mhoill maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach i roinn 1 go roinn 4 den Iarscríbhinn seo chuig eagraíocht na CMTanna agus chuig an gCoimisiún.

Más rud é go mbeidh údar maith le fad a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann leis an nDoiciméad um Measúnú Eorpach a fhorbairt, go háirithe mar nach mbeidh cinneadh ón gCoimisiún ann maidir leis an gcóras infheidhme chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta don táirge foirgníochta, nó gur gá modh tástála nua a fhorbairt, leagfaidh an Coimisiún amach teorainn ama níos faide.

7.   Doiciméad um Measúnú Eorpach a leasú agus a ghlacadh

Cuirfidh an CMT atá freagrach an dréacht- Doiciméad um Measúnú Eorpach chuig an monaróir, ag a mbeidh cúig lá oibre déag chun a fhreagairt a thabhairt air. Déanfaidh eagraíocht na CMTanna na nithe seo a leanas dá éis sin:

a)

más infheidhme, cuirfidh sí an monaróir ar an eolas faoin mbealach ar cuireadh a thuairimí san áireamh;

b)

glacfaidh sí an dréacht- Doiciméad um Measúnú Eorpach; agus

c)

seolfaidh sí cóip chuig an gCoimisiún

Más rud é, laistigh de chúig lá oibre déag tar éis dó é sin a fháil, go gcuireann an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an dréacht- Doiciméad um Measúnú Eorpach chuig eagraíocht na CMTanna, leasóidh eagraíocht na CMTanna an dréacht dá réir sin, agus cuirfidh sí cóip den Doiciméad um Measúnú Eorpach a bheidh glactha aici chuig an monaróir agus chuig an gCoimisiún.

8.   An Doiciméad um Measúnú Eorpach deiridh a fhoilseofar

Chomh luath agus a bheidh an chéad Doiciméad um Measúnú Eorpach eisithe ag an CMT freagrach ar bhonn an Doiciméad um Measúnú Eorpach a bheidh glactha, déanfar an Doiciméad um Measúnú Eorpach sin a choigeartú, más iomchuí, bunaithe ar an taithí a bheidh faighte. Glacfaidh eagraíocht na CMTanna an Doiciméad um Measúnú Eorpach deiridh agus seolfar cóip chuig an gCoimisiún, mar aon le haistriúchán ar theideal an Doiciméid um Measúnú Eorpach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chun go bhfoilseofar an tagairt a ghabhann leis. Áiritheoidh eagraíocht na CMTanna go mbeidh fáil ar an Doiciméad um Measúnú Eorpach go leictreonach chomh luath agus a chuirfear an marc CE ar an táirge.


IARSCRÍBHINN III

Image

Image

Image


IARSCRIBHINN IV

Réimsí táirgí agus ceanglais ar CMTanna

Tábla 1 –   Réimsí táirgí

CÓD AN RÉIMSE

RÉIMSE TÁIRGÍ

1

GNÁTH-THÁIRGÍ COINCRÉITE RÉAMHTHEILGTHE/TÁIRGÍ COINCRÉITE ÉADROMA/TÁIRGÍ COINCRÉITE UATHCHLÁBTHA AERAITHE

2

DOIRSE, FUINNEOGA, COMHLAÍ, GEATAÍ AGUS CRUA-EARRAÍ GAOLMHARA.

3

SCANNÁIN, LENA nÁIRÍTEAR LEACHT ARNA CHUR AGUS TREALAMH FEISTIÚCHÁIN (d’UISCE AGUS/NÓ RIALÚ GALUISCE)

4

TÁIRGÍ INSLITHE THEIRMIGH.

TREALAMH FEISTIÚCHÁIN/CÓRAIS UM INSLIÚ COMHCHODACH.

5

IMTHACAÍ STRUCHTÚRACHA.

PIONNAÍ DO SHIÚNTAÍ STRUCHTÚRACHA.

6

SIMLÉIR, MÚCHÁIN AGUS TÁIRGÍ SONRACHA.

7

TÁIRGÍ GIPSIM

8

GEOITEICSTÍLÍ, GEOSCANNÁIN, AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA.

9

IMBHALLA/CUMHDACH/GLOINIÚ SÉALAITHE STRUCHTÚRACH

10

TREALAMH COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE (TÁIRGÍ ALÁRAIM DHÓITEÁIN/BRAITE DÓITEÁIN, COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE, RIALAITHE DÓITEÁIN AGUS DEATAIGH, AGUS TÁIRGÍ PLÚCHTA PLÉISCE.)

11

FEARAIS SLÁINTÍOCHTA.

12

DAINGNEÁIN CHÚRSAÍOCHTA:TREALAMH BÓITHRE.

13

TÁIRGÍ ADHMAID STRUCHTÚRACHA/EILIMINTÍ AGUS GABHÁLAIS STRUCHTÚRACHA.

14

PAINÉIL AGUS EILIMINTÍ ADHMADBHUNAITHE.

15

STROIGHIN, AOLTA TÓGÁLA AGUS GREAMAITHEOIRÍ HIODRÁLACHA EILE.

16

CRUACH THREISIÚCHÁIN AGUS RÉAMHSTRUSÁLA DO CHOINCRÉIT (AGUS GABHÁLAIS),

TREALAMH TEANNTA CUAILLÍ

17

SAOIRSEACHT AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA.

AONAID SAOIRSEACHTA, MOIRTÉIL, GABHÁLAIS

18

TÁIRGÍ INNEALTÓIREACHTA FUÍOLLUISCE

19

URLÁRLAIGH.

20

TÁIRGÍ MIOTALACHA STRUCHTÚRACHA AGUS A nGABHÁLAIS

21

BAILCHRÍOCHA DO BHALLAÍ INMHEÁNACHA AGUS SEACHTRACHA AGUS DO SHÍLEÁLACHA.TREALAMH FEISTEÁIN SPIARA INMHEÁNAIGH

22

CLÚDAIGH DÍN, SOILSE DÍN, FUINNEOGA DÍN, AGUS TÁIRGÍ COIMHDEACHA,

FEISTEÁIN DO DHÍONTA.

23

TÁIRGÍ TÓGÁLA BÓITHRE.

24

COMHIOMLÁIN.

25

GREAMACHÁIN FOIRGNÍOCHTA.

26

TÁIRGÍ A BHAINEANN LE COINCRÉIT, LE MOIRTÉAL AGUS LE LEACHTMHOIRTÉAL.

27

FEARAIS UM SPÁS A THÉAMH.

28

PÍOPAÍ-UMAIR AGUS A nGABHÁLAIS NACH BHFUIL I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ CEAPTHA MAR UISCE LENA CHAITHEAMH AG AN DUINE.

29

TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA ATÁ I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ CEAPTHA MAR UISCE ÓIL.

30

GLOINE CHOTHROM, GLOINE PHRÓIFILITHE, TÁIRGÍ BLOIC GHLOINE.

31

CÁBLAÍ CUMHACHTA, RIALAITHE AGUS CUMARSÁIDE.

32

SÉALTÁIN DO SHIÚNTAÍ.

33

SUITIGH.

34

FEISTEÁIN FOIRGNÍOCHTA, AONAID FOIRGNÍOCHTA, GNÉITHE FOIRGNÍOCHTA RÉAMHDHÉANTA.

35

TÁIRGÍ COISCTHE, DÚNTA AGUS COSANTA DÓITEÁIN, TÁIRGÍ TINEMHOILLITHEACHA.


Tábla 2 –   Ceanglais ar CMTanna

Inniúlacht

Tuairisc ar an inniúlacht

Ceanglas

1

Na rioscaí a anailísiú

Sainaithint na rioscaí agus na mbuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí foirgníochta nuálacha a úsáid cheal faisnéise teicniúla bunaithe/comhdhlúthaithe faoi fheidhmíocht na dtáirgí agus iad suiteáilte in oibreacha foirgníochta.

Bunófar CMT faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. Beidh sé neamhspleách ar na geallsealbhóirí agus ar aon leas príobháideach.

Sa bhreis air sin, beidh na tréithe seo a leanas ag foireann CMT:

(a)

oibiachtúlacht agus breithiúnas teicniúil iontaofa;

(b)

eolas mionsonraithe ar na forálacha rialála agus ar na ceanglais eile atá i bhfeidhm sna Ballstáit ina n-ainmnítear an CMT, i dtaca leis na réimsí táirgí a bhfuil an CMT le hainmniú dó;

(c)

eolas ginearálta ar phróisis foirgníochta agus eolas teicniúil mionsonraithe ar réimsí táirgí a mbeidh an CMT le hainmniú dóibh;

(d)

eolas mionraithe ar na rioscaí sonracha a bheidh i gceist agus ar ghnéithe teicniúla den phróiseas foirgníochta;

(e)

eolas mionsonraithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar na modhanna tástála atá ann cheana, laistigh de na réimsí táirgí a mbeidh an CMT le hainmniú dóibh;

(f)

na scileanna iomchuí teanga.

Ní bhraithfidh luach saothair pearsanra TAB ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnaithe sin.

2

Critéir theicniúla a leagan síos

Critéir theicniúla a dhéanamh den toradh ar an anailís riosca d’fhonn meastóireacht a dhéanmh ar iompraíocht agus ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta i dtaobh chomhlíonadh na gceanglas náisiúnta is infheidhme;

an fhaisnéis theicniúil a sholáthar atá de dhíth orthu siúd a bhíonn páirteach sa phróiseas tógála mar úsáideoirí féideartha na dtáirgí foirgníochta (monaróirí, dearthóirí, conraitheoirí agus suiteálaithe).

3

Na modhanna measúnaithe a leagan síos

Modhanna cuí (tástálacha nó áirimh) a dhearadh agus a bhailíochtú d’fhonn feidhmíocht a mheasúnú i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha na dtáirgí foirgníochta, ag cur san áireamh an staid reatha ina bhfuil an teicníc.

4

Rialú sonrach táirgeachta sa mhonarcha a chinneadh

Próiseas monaraíochta an táirge shonraigh a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air d’fhonn na bearta cuí a shainaithint ionas go n-áiritheofar seasmhacht an táirge le linn an phróisis mhonaraíochta áirithe.

Beidh an t-eolas iomchuí ag foireann CMT ar an gcaidreamh atá idir an na próisis monaraíochta agus tréithe an táirge a bhaineann le rialú táirgeachta sa mhonarcha.

5

An táirge a mheasúnú

An fheidhmíocht i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha an táirge foirgníochta a mheasúnú ar bhonn modhanna comhchuibhithe agus i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe.

Sa bhreis ar na ceanglais a liostaítear i bpointí 1, 2, agus 3, beidh teacht ag CMT ar na hacmhainní agus ar an trealamh is gá d’fhonn an fheidhmíocht i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha na dtáirgí foirgníochta a mheasúnú, laistigh de na réimsí táirgí a bhfuil sé le hainmniú dóibh.

6

Bainistíocht ghinearálta

Comhsheasmhacht, iontaofacht, oibiachtúlacht agus inrianaitheacht a áirithiú trí bhíthin modhanna oiriúnacha bainistíochta a chur i bhfeidhm de shíor.

Beidh an méid seo a leanas ag CMT:

(a)

dea-theist i dtaca le dea-chleachtas riaracháin;

(b)

beartas agus nósanna imeachta cúnta lena n-áiritheofar rúndacht fhaisnéise íogaire laistigh de CMT agus dá chomhpháirtithe uile;

(c)

córas rialála doiciméad lena n-áiritheofar clárú, inrianaitheacht, cothabháil, agus cartlannú na ndoiciméad ábhartha uile;

(d)

sásra i gcomhair iniúchóireachta inmheánaí agus athbhreithnithe bainistíochta sa chruth go n-áiritheofar go ndéanfar faireachán rialta ar chomhlíonadh na modhanna iomchuí bainistíochta;

(e)

nós imeachta chun déileáil go hoibiachtúil le hachomhairc agus le gearáin.


IARSCRÍBHINN V

Measúnú agus fíorú ar sheasmhacht feidhmíochta

1.   CÓRAIS LENA nDÉANTAR MEASÚNÚ AGUS FÍORÚ AR SHEASMHACHT FEIDHMÍOCHTA

1.1.

Córas 1+ – Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(ii)

a thuilleadh tástála ar shamplaí a glacadh sa mhonarcha, i gcomhréir leis an bplean tástála forordaithe;

(b)

eiseoidh an comhlacht deimhnithe táirge dá dtugtar fógra deimhniú maidir le seasmhacht feidhmíochta an táirge i bhfianaise an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), agus cineál-áirimh, luach táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge;

(ii)

iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar an rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(iii)

faireachas leanúnach, measúnú leanúnach agus meastóireacht leanúnach ar an rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(iv)

tástáil iniúchóireachta ar shamplaí a thógfar sula gcuirfear an táirge ar an margadh.

1.2.

Córas 1 – An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(ii)

a thuilleadh tástála ar shamplaí a thóg an monaróir sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe;

(b)

eiseoidh an comhlacht deimhnithe táirge dá dtugtar fógra deimhniú maidir le seasmhacht feidhmíochta an táirge ar bhonn an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh, luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge;

(ii)

iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar an rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(iii)

faireachas leanúnach, measúnú leanúnach agus meastóireacht leanúnach ar an rialú táirgeachta sa mhonarcha.

1.3.

Córas 2+ – An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh, luach táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge a chinneadh;

(ii)

rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(iii)

tástálacha ar shamplaí a tógadh sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe;

(b)

eiseoidh an comhlacht deimhnithe um rialú táirgeachta dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta an rialaithe táirgeachta sa mhonarcha i bhfianaise an méid seo a leanas:

(i)

iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar an rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(ii)

faireachas leanúnach, measúnú leanúnach agus meastóireacht leanúnach ar an rialú táirgeachta sa mhonarcha.

1.4.

Córas 3 – An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(b)

déanfaidh an comhlacht saotharlainne tástála dá dtugtar fógra an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (bunaithe ar an tsampláil a dhéanfaidh an monaróir), cineál-áirimh, luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge;

1.5.

Córas 4 – An monaróir do dhearbhú feidhmíochta i ndáil le tréithe fíor-riachtanacha an táirge ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála, cineál-áirimh, luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúil an táirge;

(ii)

rialú táirgeachta sa mhonarcha;

(b)

níl aon chúraimí ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra.

2.   COMHLACHTAÍ A bhFUIL BAINT ACU LE MEASÚNÚ AGUS FÍORÚ AR SHEASMHACHT FEIDHMÍOCHTA

I ndáil le feidhm chomhlachtaí dá dtugtar fógra a mbeidh baint acu le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta, déanfar idirdhealú idir:

(1)

comhlacht deimhnithe táirge: comhlacht rialtasach nó neamhrialtasach dá dtugtar fógra, a mbeidh an inniúlacht agus an fhreagracht is gá aige chun deimhniúchán táirge a dhéanamh i gcomhréir le rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha áirithe bainistíochta;

(2)

omhlacht deimhnithe um rialú táirgeachta sa mhonarcha: comhlacht dá dtugtar fógra, bíodh sé rialtasach nó neamhrialtasach, a mbeidh an inniúlacht agus an fhreagracht is gá aige chun deimhnithe rialaithe táirgeachta sa mhonarcha a dhéanamh i gcomhréir le rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha áirithe bainistíochta;

(3)

saotharlann tástála: saotharlann dá dtugtar fógra agus a dhéanann na tréithe nó an fheidhmíocht atá ag ábhair nó ag táirgí foirgníochta a thomhas, a scrúdú, a thástáil, a chalabrú nó a chinneadh ar aon slí eile.

3.   CÁSANNA MAIDIR LE TRÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA NACH gCEANGLAÍTEAR TAGAIRT DO SHONRAÍOCHT THEICNIÚIL CHOMHCHUIBHITHE ÁBHARTHA INA LEITH

(1)

Imoibriú le tine.

(2)

Frithsheasmhacht in aghaidh tine.

(3)

Feidhmíocht i gcás teagmhála le tine sheachtrach.

(4)

Ionsú torainn

(5)

Astaíochtaí substaintí contúirteacha.


DRÉACHTRÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 23 Bealtaine 2008, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe faoi tháirgí foirgníochta a mhargú (1). Bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh a bhí an togra sin (2). Bhí Measúnú Iarmharta ag gabháil leis.

Thug Parlaimint na hEorpa a tuairim uaithi ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2009 (3).

Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim uaidh an 25 Feabhra 2009 (4).

Thíolaic an Coimisiún togra leasaithe an 20 Deireadh Fómhair 2009 (5).

An 25 Bealtaine 2010, dheimhnigh an Chomhairle (Iomaíochais) comhaontú polaitiúil d'fhonn Seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh níos déanaí i gcomhréir le hAirteagal 294 den Chonradh.

An 13 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle a Seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an togra sin, seasamh atá leagtha amach in 10753/10.

II.   CUSPÓIR

Ba é cuspóir an togra thuasluaite ionstraim ní b'éifeachtaí a chur in áit na Treorach um Tháirgí Foirgníochta (89/106/CEE) (6), ionstraim lena gcuirfí san áireamh forbairtí nua i réimse na reachtaíochta Comhphobail um chomhchuibhiú (an Creat Nua Dlíthiúil) (7) agus i bhfianaise nach rabhthas i gcónaí in ann forálacha Threoir 89/106/CEE a chur chun feidhme ná a fhorchur ar bhealach a bhí iomlán éifeachtach. Cloíodh le forálacha an Chreata Nua Dhlíthiúil sa togra i réimsí ar nós na critéar chun fógra a thabhairt do chomhlachtaí a chuireann tascanna tríú páirtithe i gcrích agus sna forálacha um fhaireachán ar an margadh.

I gcás saincheisteanna eile, áfach, imíonn an Rialachán um Tháirgí Foirgníochta ó ghnáthchleachtas reachtaíochta an Chuir Chuige Nua ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag roinnt táirgí foirgníochta sa mhéid go seachadtar go príomha chuig úsáideoirí gairmiúla iad agus go gceaptar iad lena n-ionchorprú i bhfoirgneamh, áit a mbaineann ceanglais sábháilteachta le toradh iomlán na foirgníochta seachas leis an táirge aonair ann féin. Murab ionann agus monaróirí na dtáirgí comhchuibhithe eile, ní dearbhú um chomhlíonadh a dhréachtaíonn monaróir táirgí foirgníochta seachas dearbhú feidhmíochta (DoP), ós rud é go gcaithfidh táirgí foirgníochta a bheith oiriúnach do riachtanais dhifriúla, de réir mar a úsáidtear agus mar a shuiteáiltear iad. Mar sin, is gnéithe eile atá á léiriú leis an gcomhartha CE a úsáidtear ar tháirgí foirgníochta ná na gnéithe a léirítear leis an gcomhartha CE ar tháirgí tomhaltais.

Thairis sin, de bharr cúinsí réigiúnacha éagsúla i bhfoirgnimh dhifriúla agus i suímh dhifriúla, a chuirtear in iúl inter alia i bhfoirm ‘buncheanglais i leith oibreacha’, tá sé de cheart ag údaráis náisiúnta nó réigiúnacha saincheanglais a leagan síos le haghaidh táirgí foirgníochta ina gcríocha. De bharr na ndifríochtaí móra sin, is ceart nach leanfadh an Rialachán um tháirgí foirgníochta forálacha tagartha an Chreata Nua Dhlíthiúil i gcomhair táirgí eile atá faoi réir reachtaíocht an Chomhphobail i leith an chomhchuibhithe.

Ar leibhéal na mionsonraí de, tá sé d'aidhm ag an Rialachán rialacha sainiúla a leagan síos i leith táirgí foirgníochta a mhargú, go háirithe maidir leis an gcomhartha CE, oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha, na comhlachtaí dá dtugtar fógra, na comhlachtaí um measúnú teicniúil agus an faireachán margaidh a dhéanann na húdaráis inniúla. De réir an togra, i bprionsabal beidh dhá rogha ag an monaróir; beidh sé in ann a dhearbhú go bhfuil an fheidhmíocht i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe (agus é sin bunaithe ar choincheap na feidhmíochta) nó féadfaidh sé dul faoi Mheasúnú Teicniúil Eorpach (MTE), a mbeadh Doiciméad Eorpach um Measúnú mar thoradh air. I gcás mionghnóthas agus táirgí a mhonaraítear ina n-aonair, tá sé d'aidhm ag an togra an rochtain ar mhargaí áitiúla agus réigiúnacha a éascú trí Dhoiciméadúcháin Theicniúla Shonracha (DTSanna) a úsáid, lena bhféadfaí costais tástála a dtáirgí a laghdú.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH  (8)

1.    Gnéithe Ginearálta

Leis an téacs comhréitigh a comhaontaíodh sa Chomhairle, coinnítear cuspóirí an togra ón gCoimisiún. Ag an am céanna, cuireadh isteach ann roinnt de na leasuithe is tábhachtaí a ghlac Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. I measc na ngnéithe nua a tugadh isteach i rith na caibidlíochta i Meitheal Oibre na Comhairle, tá an soiléiriú nár cheart MTE a eisiúint ach i gcásanna nach gclúdaítear táirge nó nach gclúdaítear go hiomlán é le caighdeán comhchuibhithe, agus tá cur síos níos iomláine ar na tascanna agus ar na féidearthachtaí a bhaineann le Pointí Teagmhála do Tháirgí. Is é an príomhleasú ar an téacs an soiléiriú ar éigeantas an Dearbhaithe Feidhmíochta; mar sin féin, leis na maoluithe a leagtar amach in Airteagal ar leith eile, tugtar isteach foirm bhreise solúbthachta i dtaca leis sin.

Gné nua eile a thug an Chomhairle isteach is ea an tsraith d'fhorálacha lena n-aistrítear an Nós Imeachta Rialúcháin lena ngabhann Grinnscrúdú (PRAC) isteach sa nós imeachta nua le haghaidh ‘gníomhartha arna dtarmligean’ i gcomhréir le Conradh Liospóin (CFAE).

2.    Leasuithe PE

Ar an gcéad léamh, ghlac Parlaimint na hEorpa 102 leasú ar an téacs (9), agus ina measc sin is féidir plé leis na leasuithe 32, 33, 36 agus 39 le chéile; leasú 11 agus leasú 96 le chéile; leasú 12, leasú 26 agus leasú 44 le chéile; 19 agus 57 le chéile; 20 agus 23 le chéile; 49 agus 101 le chéile; 50 agus 51 le chéile; 7 agus 52 le chéile; 108 agus 55 le chéile; 70 agus 94 le chéile; leasú 77, leasú 122 agus leasú 111 le chéile; mar aon le leasú 95 agus leasú 114; mar leasuithe comhcheangailte, toisc gur torthaí loighciúla a chéile iad. Le linn na caibidlíochta sa Mheitheal Oibre, rinne an Chomhairle grinnscrúdú ar na leasuithe PE ar roinnt ócáid. Sa deireadh, ghlac an Chomhairle le formhór na leasuithe PE ar a laghad go páirteach (54), glacadh le cuid acu go substaintiúil, agus cuid eile acu glacadh leo go díreach ina bhfriotal mar a bhí. Dhiúltaigh an Chomhairle do 48 leasú PE sa deireadh.

2.1.    Leasuithe PE ar ghlac an Chomhairle leo agus a rinneadh a lánpháirtiú i dtéacs an tSeasaimh ar an gcéad léamh

Rinneadh leasuithe 4, 8, 9, 13, 14, 17, 21, 24, 43, 47, 68, 79, 99, 100, 102, 103, 104, 105, 106 agus 125 a ionchorprú i dtéacs na Comhairle agus iad ina bhfriotal mar a bhí geall leis, i bhfianaise gur thacaigh an Chomhairle a bheag nó a mhór leis na cúiseanna a chuir Parlaimint na hEorpa ar aghaidh.

2.2.    Leasuithe PE ar glacadh leo i bprionsabal nó go páirteach, ach a cuireadh isteach sa téacs le hathruithe áirithe déanta orthu

Leasú 7 agus leasú 52 - Aithris 14b nua agus Airteagal 6, anois: Airteagal 7 (Teanga oifigiúil Ballstáit)

D'aithin an Chomhairle úsáideacht an leasaithe ó thaobh faisnéis na n-úsáideoirí. Mar sin féin, tá friotal na Comhairle d'Airteagal 5(5), anois: Airteagal 7 (4) soiléir go leor agus chomh maith leis sin tá sé ar aon dul leis an gCreat Nua Dlíthiúil. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit teangacha seachas a dteangacha oifigiúla féin a úsáid don DoP. Is fíorbheag an difríocht a bheidh ann áfach, sa chur i bhfeidhm praiticiúil, idir téacs na Comhairle agus éirim leasú PE. Bheadh raon feidhme níos leithne ag téacs na Comhairle tríd an tagairt chun é a chur ar fáil.

Leasú 12 (Aithris 20a), leasú 26 (Airteagal 2) agus leasú 44 Airteagal 5(1), anois: Airteagal 6(1) (Buntréithe is éigeantach a dhearbhú, mar a shocraítear le cinneadh ón gCoimisiún)

Thacaigh an Chomhairle le leasú tábhachtach nua a d'iarr Parlaimint na hEorpa agus trína neartófaí comhchuibhiú an Chomhphobail. Nuair a bheidh sé socraithe ag an gCoimisiún gurb éigeantach buntréith a dhearbhú, ní mór don mhonaróir DoP a dhréachtú agus feidhmíocht na buntréithe sin a dhearbhú, fiú amháin mura mbeidh aon fhorálacha sonracha dó sin ag leibhéal an mhargaidh náisiúnta.

Tá difríocht, áfach, idir an struchtúr agus an friotal a úsáideann an Chomhairle in aithris (11a), aithris (12a) agus in Airteagal 3(3) agus an struchtúr agus an friotal sna leasuithe PE.

Leasú 124 - Aithris 7a nua (Táirgí a mhonaraítear ar an láithreán a eisiamh) (tá an leasú nasctha le roinn na sainmhínithe, leasuithe 32, 33, 36 agus 39)

Tar éis di dul i gcomhairle lena saineolaithe dlí, thogair an Chomhairle gan táirgí a mhonaraítear ar an láithreán foirgníochta a eisiamh a priori ó choincheap táirgí a chur ar an margadh. Ina ionad sin, ba cheart go mbeadh an rogha ag an monaróir sa chás sin dearbhú feidhmíochta a dhéanamh agus na hoibleagáidí ábhartha a ghlacadh air féin, nó gan é a dhéanamh. Dá bharr sin, chuir an Chomhairle na táirgí foirgníochta ar an láithreán san áireamh sna maoluithe d'Airteagal 4a (anois: Airteagal 5).

Leasú 16 - Aithris 29, anois: aithris 30 (Éigeantas an Dearbhú Feidhmíochta)

Leis an leasú PE déantar iarracht béim a leagan ar éigeantas an DoP agus an chomhartha CE a thagann dá bharr. De réir an leagain i dtéacs na Comhairle, thabharfadh maolú Airteagal 4a, anois: Airteagal 5, an deis gan DoP a dhéanamh agus dá bharr sin gan comhartha CE a ghreamú i gcásanna a bheadh sainithe go maith. Go héifeachtúil, tá an dá théacs ar comhréir lena gcéile sa mhéid go gcoimeádtar slán le téacs na Comhairle an prionsabal nach féidir an comhartha CE a ghreamú ach amháin má tá DoP ann (Airteagal 8).

Leasú 115 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘tháirgí nach gclúdaítear nó nach gclúdaítear go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe’)

Rinne an Chomhairle substaint an leasaithe sin a lánpháirtiú in Airteagal 19 maidir leis an ‘Doiciméad Eorpach um Measúnú’, gan ach athrú beag a dhéanamh ar na coinníollacha a cuireadh in iúl ansin.

Leasú 27 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘fheidhmíocht táirge foirgníochta’)

Ghlac an Chomhairle leis an gcuid is mó den sainmhíniú a bhí molta, ach d'fhág sí an téarma ‘luach’ lasmuigh den soiléiriú sin.

Leasú 116 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘leibhéal tairsí’)

Thogair an Chomhairle glacadh le leagan níos giorra den sainmhíniú sin le leasú áirithe déanta air agus chuir sí míniú ar an téarma ‘leibhéal tairsí’ in aithris nua 15 agus in aithris nua 16.

Leasú 117 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘aicme’)

Thogair an Chomhairle glacadh le leagan níos giorra den sainmhíniú sin agus leasú áirithe déanta air.

Leasú 30 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘Mheasúnú Teicniúil Eorpach’)

Thogair an Chomhairle glacadh le leagan níos giorra den sainmhíniú sin le leasú áirithe déanta air, agus é níos cosúla le struchtúr Airteagail 18-18e agus Airteagail 19-21, anois: Airteagail 19-27.

Leasuithe 32, 33, 36 agus 39 - Airteagal 2 (Sainmhínithe áirithe a atheagrú)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú go páirteach, ach níor chloígh sí le hatheagrú iomlán na sainmhínithe.

Leasú 40 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar rialú táirgeachta sa mhonarcha)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú go páirteach agus oiriúnú beag déanta ar an bhfriotal.

Leasú 41 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘fheisteán’)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú go páirteach agus oiriúnú beag déanta ar an bhfriotal.

Leasú 42 - Airteagal 4 (Dearbhú feidhmíochta)

Ghlac an Chomhairle le héirim an leasaithe, gurb é an dearbhú éigeantach ar fheidhmíocht a bheadh ina chás ‘caighdeánach’. Ní mór an leasú a fheiceáil i gcomhthéacs réiteach iomlán na faidhbe larnaí sin, ar fhadhb í lena n-áirítear na gnéithe a leanas: i) oibleagáid ghinearálta chun Dearbhú Feidhmíochta a eisiúint má chlúdaítear an táirge foirgníochta faoi chaighdeán comhchuibhithe nó más rud é gur eisíodh MTE uime. ii) in éagmais forálacha náisiúnta nó cinneadh ón gCoimisiún (Airt. 3 (3)), tugtar maoluithe (ón DoP) ansin, a bhfuil raon feidhme teoranta acu, le hAirteagal 5 (m.sh. táirgeadh neamhshrathach ar scála íseal nó táirgí chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh thraidisiúnta); iii) faoi dheireadh, is é is aidhm d'Airteagal 6 Dearbhú Feidhmíochta ‘folamh’ a sheachaint sna cásanna sin nach dtagann an monaróir faoi na maoluithe agus nach mór dó DoP a dhéanamh, ach nach gceanglaítear le haon forálacha Eorpacha nó náisiúnta go ndearbhófaí buntréith shainiúil (nó sa chás ina ndéanfaidh an monaróir DoP dá dheoin féin, é ag roghnú dá réir sin gan na maoluithe a úsáid).

Leasú 107 - Airteagal 5, anois: Airteagal 6 (A mbeidh sa DoP)

Ghlac an Chomhairle leis an leasú go páirteach. Mar sin féin, de réir théacs na Comhairle níl sé éigeantach na buntréithe sin a dhearbhú ach amháin sa chás inarb ann d'fhorálacha náisiúnta nó Eorpacha. D'ainneoin é sin, ní mór buntréith amháin ar a laghad a dhearbhú i gcónaí. Is féidir téacs na Comhairle a thuiscint mar sin mar leagan beagán níos boige den leasú PE.

Leasú 53 - Airteagal 7(1), anois: Airteagal 8(1) (Comhartha CE a ghreamú agus ról ‘anallmhaireora’)

Chuir an Chomhairle an chéad chuid den leasú isteach agus oiriúnú áirithe déanta ar an bhfriotal. Ní raibh an dara cuid inghlactha, áfach, mar má theastaíonn ón allmhaireoir an comhartha CE a ghreamú ní mór dó na freagrachtaí uile agus ról an mhonaróra a ghlacadh mar chúram air féin ar aon nós.

Leasú 118 - Airteagal 16, anois: Airteagal 17 (Caighdeáin chomhchuibhithe)

Ghlac an Chomhairle leis an gcéad chuid den leasú i bprionsabal, ach níor glacadh leis an bhfriotal mar a bhí. Ba lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin a bhí dara cuid an leasaithe agus níorbh fholáir diúltú di.

Leasú 61 - Airteagal 16, anois: Airteagal 17 (Marthanacht agus úsáid a bheartaítear)

Dhiúltaigh an Chomhairle don chéad chuid maidir le ‘marthanacht’ a d'fhéadfaí a mheas mar ghné amháin den fheidhmíocht. Glacadh leis an dara cuid den leasú mar shoiléiriú úsáideach, ach cuireadh i bhfriotal i bhfad níos giorra í.

Leasú 119 - Airteagal 18(2), (3) agus (4) anois: Airteagal 27 (Nós imeachta lena mbunaítear leibhéil nó aicmí feidhmíochta)

Ghlac an Chomhairle le beagnach leasú iomlán PE i bprionsabal agus go substaintiúil. Mar sin féin, measann an Chomhairle gur comhsheasmhaí a friotal féin.

Leasú 66 - Airteagal 19, anois: Airteagal 28 (Córais chun seasmhacht na feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú)

Chuaigh an Chomhairle níos faide ná an leasú PE ó thaobh na substainte de, agus é á lua aici go gcaithfear córas a roghnú a bheidh i gcomhréir le comhlíonadh na mbuncheanglas uile i leith oibreacha agus ní hamháin na ceanglais sábháilteachta.

Leasú 70 agus leasú 94 - Airteagal 21(1), anois: Airteagal 26 agus Iarscríbhinn II (Raon feidhme maidir le MTEanna a eisiúint)

Ba ar chúiseanna eagarthóireachta amháin nár cuireadh na leasuithe sin isteach. Le hAirteagal 19 (Airteagal 18 mar a bhí) léirítear go soiléir cheana féin go bhfuil DEM ábhartha le haghaidh ‘táirge nach gclúdaítear nó nach gclúdaítear go hiomlán le caighdeán comhchuibhithe’ agus is mar thoradh díreach air sin a eisítear MTEanna.

Leasú 73 - Airteagal 25(2), anois: Airteagal 31 (Comhordú CMTanna agus tascanna OTAB)

Déantar an tasc a bhfuil cur síos air sa leasú seo a chlúdach go leordhóthanach i bhfleasc eile sa mhír chéanna leis an bhfriotal ‘comhar le geallsealbhóirí’.

Leasú 77, leasú 122 agus leasú 111, Airteagal 26, anois: Airteagal 36 (An úsáid de dhoiciméadúchán teicniúil sonrach)

Ghlac an Chomhairle le substaint agus le réasúnaíocht an leasaithe sin cuid mhór. Níor diúltaíodh ach do roinnt codanna de na leasuithe ar an ábhar gur suite san áit mhícheart atá siad nó nach gá iad.

Leasú 78, Airteagal 27, anois: Airteagal 37, (Teideal an airteagail)

Tá an leasú ceart ina shubstaint, ach tá sé clúdaithe cheana féin ag leasú 79 ar glacadh leis.

Leasú 112, Airteagal 27, mír 2b (nua); anois: Airteagal 37, (Tuarascáil ar chur chun feidhme an Airteagail sin)

Glacann an Chomhairle leis an leasú sin i bprionsabal, ach measann sí cuid mhór nach bhfuil gá le tuarascáil ar leith ón gCoimisiún ar an Airteagal sin agus go bhféadfaí an tsubstaint a chlúdach go héasca leis an tuarascáil ghinearálta a cheanglaítear le hAirteagal 53a (anois: Airteagal 67).

Leasú 92, Iarscríbhinn I, cuid 6 (Soilsiú agus tíosacht ar fhuinneamh)

Ghlac an Chomhairle leis an gcéad chuid den leasú. Measadh go gclúdaítear an dara cuid le codanna eile de reachtaíocht an Aontais i leith an chomhchuibhithe; anuas air sin, níl an friotal a úsáidtear iomchuí chun cur síos a dhéanamh ar bhuncheanglais i leith oibreacha.

2.3.    Leasuithe dá ndiúltaítear agus nach ndéantar a lánpháirtiú dá réir sin i dtéacs na Comhairle

Leasú 1 - Aithris 1 (Dochar don chomhshaol de dhéantús an duine)

Ní dhearnadh an leasú a lánpháirtiú mar mheas an Chomhairle go raibh na Buncheanglais atá ann i leith Oibreacha (Iarscríbhinn I) sách sonrach maidir leis an bpointe sin.

Leasú 2 - Aithris 8a nua (Feidhmíocht ó thaobh na sláinte agus na sábháilteachta de)

I gcás ina mbeidh feidhm ag an ábhar a ndéantar cur síos air sa leasú sin, leagfar amach na torthaí ábhartha sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe lena mbaineann, agus déanfaidh an monaróir an fheidhmíocht a dhearbhú i gcomhréir leis sin. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh táirgí an-simplí foirgníochta ann nach dteastófaí go luafaí gnéithe na sláinte agus na sábháilteachta go sonrach ina dtaobh sa DoP. Ar na cúiseanna sin, níor mheas an Chomhairle go raibh gá le haithris dá samhail.

Leasú 3 - Aithris 10, anois: aithris 12

Measadh gur níos iomchuí d'aithris é friotal an Choimisiúin ina n-úsáidtear an teicníc dréachtaithe atá bunaithe.

Leasú 5 - Aithris 14, anois: aithris 17 (Raon na dtáirgí a chlúdaítear le caighdeáin chomhchuibhithe)

Ní gá an leasú sin, ós rud é go ndéantar cur síos an-mhaith ar ról an Choimisiúin i dtaca leis an réimse sin in Airteagal 17 agus sna hAirteagail ina dhiaidh.

Leasú 6 - Aithris 14a nua (Ballraíocht na gcomhlachtaí teicniúla)

Mheas an Chomhairle go bhfuil sé soiléir go bhfuil an leasú lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin, toisc nach féidir an rannpháirtíocht i gcomhlachtaí teicniúla a ordú tríd an ngníomh dlíthiúil atá á bheartú.

Leasú 10 - Aithris 19, anois: aithris 21 (Dréacht-DEManna)

Toisc go bhfuil coincheap an ‘dréacht-DEM’ fós in úsáid ag an gComhairle, go háirithe in Iarscríbhinn II, níorbh fhéidir glacadh leis an leasú sin.

Leasú 11 agus leasú 96 - Aithris 20, anois: aithris 22 agus Iarscríbhinn II pointe 2.5. (Saineolaí Eolaíochta Neamhspleách)

Roghnaigh an Chomhairle cloí le struchtúr oibre na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil mar a mhol an Coimisiún é.

Leasú 15 - Aithris 28, anois: aithris 29 (Comhartha CE a bheith á ghreamú ag allmhaireoir)

Mheas an Chomhairle nach raibh aon soiléiriú breise le fáil leis an leasú sin. Aon allmhaireoir a ghlacfadh ról an mhonaróra mar chúram air féin, bheadh air oibleagáidí uile an mhonaróra a chomhlíonadh ar aon nós. Mar sin ní bheadh sé inmholta imeacht ó éirim an Chreata Nua Dhlíthiúil agus idirdhealú a dhéanamh maidir le cás áirithe amháin ina nglacfadh an t–allmhaireoir dualgais an mhonaróra mar chúram air féin.

Leasú 18 - Aithris 33a nua (Gan tástáil nó gan tástáil bhreise)

Staon an Chomhairle ón aithris bhreise sin a thabhairt isteach mar measann sí go bhfuil Airteagal 26 (anois: Airteagal 36) sách soiléir maidir le leibhéal nó aicme a bhaint amach gan tástáil nó gan tástáil bhreise. Chomh maith leis sin, cuirtear mionsonraí a bhaineann leis an ábhar sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún trí na Gníomhartha arna dTarmligean (Airt. 50 agus a leanann é, anois: Airt. 60 agus a leanann é).

Leasú 19 agus leasú 57 - Aithris 35, anois: aithris 38 agus Airteagal 9, anois: Airteagal 10 (Faisnéis maidir le nósanna imeachta um achomhairc)

Dar leis an gComhairle, ar a laghad ní príomh-thasc na bPointí Teagmhála do Tháirgí atá bunaithe cheana féin é an fhaisnéis maidir le nós imeachta um achomhairc.

Leasú 20 agus leasú 23 - Aithris 42a (nua), aithris 43c (nua) - Úsáid inbhuanaithe na n–acmhainní nádúrtha

Níor mheas an Chomhairle go raibh lánpháirtiú na n-aithrisí sin - ar aithrisí iad lena ndéantar cur síos go páirteach ar fhorbairtí sa todhchaí - fíor-riachtanach.

Leasú 22 - Aithris 43b nua (Athbhreithniú ar an gcóras um chaighdeánú)

Níor mheas an Chomhairle gurbh iomchuí go n-iarrfaí, in aithris, togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú an chórais um chaighdeánú. Tá athbhreithniú iomlán ar an gcóras um chaighdeánú á dhéanamh faoi láthair. Ba bheag an bonn a bheadh faoi athbhreithniú a iarraidh, in aithris, ar an gcóras reatha ach an oiread i bhfianaise cheart tionscnaimh an Choimsiúin agus i bhfianaise rialála níos fearr.

Leasú 34 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘úsáideoir’)

Mheáigh an Chomhairle na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhainfeadh le sainmhíniú ar leith a chur isteach maidir le húsáideoirí táirgí foirgníochta. Faoi dheireadh, roghnaigh sé réiteach inarb é an coincheap céanna d'úsáideoir a bheadh ann agus a shainmhínítear sa Chreat Nua Dlíthiúil agus in áiteanna eile den reachtaíocht Eorpach nó náisiúnta.

Leasú 35 - Airteagal 2 (Sainmhíniú ar ‘Chomhlacht um Measúnú Teicniúil’)

Toisc go bhfuil caibidil iomlán sa Rialachán a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil agus na forálacha mionsonraithe nach foláir dóibh a chomhlíonadh, mheas an Chomhairle nach raibh aon ghá le sainmhíniú ar leith.

Leasú 46 - Airteagal 5, anois: Airteagal 6 (Teideal an chaighdeáin chomhchuibhithe)

Níor shíl an Chomhairle go raibh sé fíor-riachtanach go luafaí teideal an chaighdeáin chomhchuibhithe sa DoP.

Leasú 48 - Airteagal 5, anois: Airteagal 6 (Mionsonraí an chórais chun seasmhacht na feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú)

Ba é barúil na Comhairle go mbeadh ceanglas róthrom ann maidir lena bhfuil sa DoP, dá nglacfaí leis an leasú sin.

Leasú 49 agus leasú 101 - Airteagal 5, anois: Airteagal 6 agus Iarscríbhinn IIIa (nua) (A bhfuil sna substaintí guaiseacha i dtáirge foirgníochta)

Níor ghlac an Chomhairle leis an oibleagáid go ndéanfaí tuairisc sa Dearbhú Feidhmíochta ar na substaintí guaiseacha atá sna táirgí foirgníochta. Mar sin féin, de réir na haithrise nua 21a (anois: aithris 24) is féidir leis an monaróir faisnéis ar shubstaintí guaiseacha a chur ar fáil dá dheoin féin d'úsáideoirí na dtáirgí foirgníochta.

Leasú 50 agus leasú 51 - Airteagal 6, anois: Airteagal 7 (Dearbhú leictreonach na feidhmíochta)

Mheas an Chomhairle go raibh sé go hiomlán míchuí cás caighdeánach a shainmhíniú i gcaoi go ndéanfaí an DoP a sheachadadh go leictreonach agus ar leithligh chuig ceannaitheoirí agus úsáideoirí táirgí foirgníochta agus nach bhfaighidís sin an fhaisnéis éigeantach ar an táirge aonair é féin nó ar bhaisc de na táirgí céanna. Chomh maith leis sin, is féidir cásanna speisialta, mar shampla ina seachadfaí i gcomhthéacs gairmiúil DoP go huathoibríoch ar bhealach leictreonach chuig cliant, a shainmhíniú níos déanaí trí ‘ghníomhartha arna dtarmligean’ mar chuid d'inniúlacht an Choimisiúin.

Leasú 108 agus leasú 55 - Airteagal 8(2) agus (3), anois: Airteagal 9 (Mionsonraí praiticiúla maidir leis an gcomhartha CE)

Níor chreid an Chomhairle go bhfónfadh simpliú an téacs de réir mar a moladh sna leasuithe sin do riachtanais phraiticiúla na monaróirí, na n-úsáideoirí nó údaráis faireacháin an mhargaidh.

Leasú 56 - Airteagal 8, anois: Airteagal 9; mír 4a (nua) (Úsáid mhíchuí an chomhartha CE)

Mheas an Chomhairle go raibh na forálacha i leith fhaireachán an mhargaidh (Airt. 46-49, anois: Airt. 56-59) leordhóthanach d'fhonn úsáid mhíchuí an chomhartha CE a sheachaint.

Leasú 58 - Airteagal 9, anois: Airteagal 10; mír 1a (nua) (Neamhspleáchas na bPointí Teagmhála do Tháirgí)

Roghnaigh an Chomhairle gan ceanglas mar sin a chur isteach, a bhfuil iarracht den ródhéine agus den ródhoichte ag roinnt leis, go háirithe i gcomhair na mBallstát beag.

Leasú 109 - Airteagal 10, anois: Airteagal 11 (Oibleagáidí do mhonaróirí)

Níor thuig an Chomhairle cuspóir deiridh na n-athruithe sin a moladh. Tá ciall le monaróirí a bheith ag tástáil samplaí agus tá ciall, i roinnt cásanna, le faisnéis a bheith ar an bpacáistíocht mar a foráladh dóibh i dtogra an Choimisiúin.

Leasú 63 - Airteagal 17, anois: Airteagal 18, mír 3a (nua) (Fíorú a bheith á dhéanamh ag an gCoiste)

Bhí amhras ar an gComhairle faoi chruinneas an chuir síos a rinneadh sa leasú sin ar chúraimí an Choiste.

Leasú 67 - Airteagal 19; mír 3; anois: Airteagal 28 (Úsáid an chórais chun seasmhacht na feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú)

Mheas an Chomhairle nach raibh an tagairt don úsáid chineálach a measadh a bheadh ann iomchuí sa mhír sin faoin ‘gcóras’.

Leasú 120 - Airteagal 20, anois: Airteagal 19, (Nós imeachta chun DEM a forbairt ina chaighdeán comhchuibhithe)

Níor chuir an Chomhairle an leasú sin isteach mar shíl sí nárbh é an tAirteagal sin an áit iomchuí chun cur síos a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe a bheith á bhforbairt as DEM.

Leasú 71 - Airteagal 24 (Meastóireacht ar na CMTanna)

Scrios an Chomhairle an tAirteagal iomlán mar gur measadh é a bheidh neamhriachtanach i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Dá bharr sin, níorbh fhéidir na feabhsuithe ar an téacs a chur isteach.

Leasú 121 - Airteagal 25 mír 2, anois: Airteagal 31, mír 4 (Comhordú CMTanna agus tascanna OTAB)

Shíl an Chomhairle go raibh friotal an leasaithe sin go míthreorach i gcás Rialacháin agus gur dheacair é a fheidhmiú sa chleachtas.

Leasú 123, Airteagal 27, mír 2a (nua); anois: Airteagal 37 (Úsáid an doiciméadúcháin theicniúil sonraigh)

Cé nach ndírítear i gcéad chuid an leasaithe sin ar raon feidhme agus cuspóir DTS, tá an dara cuid de ceart ó thaobh substainte de, ach agus í suite san áit ina bhfuil sí, tá sí iomarcach nó míthreorach fiú. Dá bhrí sin bhí ar an gComhairle diúltú don leasú.

Leasú 83, Airteagal 27, mír 2c (nua); anois: Airteagal 37, (Gan a chur i bhfeidhm maidir le hallmhaireoirí)

D'admhaigh an Chomhairle go bhféadfadh go ndéanfaí an t-ábhar a shoiléiriú leis an téacs a mhol PE. Ar an láimh eile, tá an chosúlacht ar an bhfriotal go bhfuil sé níos iomchuí i gcomhair aithrise, agus tá substaint an leasaithe clúdaithe cheana féin le struchtúr iomlán Airteagal 26, Airteagal 27 agus Airteagal 28. (anois: Airteagal 36, Airteagal 37 agus Airteagal 38).

Leasú 84 - Airteagal 28; anois: Airteagal 38 (Úsáid bhreise a bhaint as nósanna imeachta simplithe)

Ba é tuairim na Comhairle nach ndéanann an leasú cur síos ceart ar an raon feidhme ná ar an réasúnaíocht maidir le DTS a úsáid.

Leasú 85 - Airteagal 30 mír 4a, anois: Airteagal 40 (Ualaigh neamhriachtanacha a sheachaint)

Chreid an Chomhairle go raibh an leasú sin as ionad. Cuirtear leis friotal ón gCreat Nua Dlíthiúil in úsáid taobh le measúnú comhréireachta atá bunaithe ar mhodúil (in iarscríbhinní chinneadh 768/2008). Tá Táirgí Foirgníochta nasctha, áfach, le córais chun feidhmíocht a mheasúnú agus a fhíorú seachas le measúnú comhréireachta.

Leasú 86 - Airteagal 33 (5); anois: Airteagal 43 (Trédhearcacht i leith an mhonaróra)

Ní fhaca an Chomhairle go raibh aon ghá ann scaradh ó thogra an Choimisiúin sa mhír sin.

Leasú 87 - Airteagal 33 (11a; nua); anois: Airteagal 43 (Comhairle ó na comhlachtaí dá dtugtar fógra)

Bhí amhras ar an gComhairle maidir leis an leasú sin nach bhfuil soiléir agus a d'fhéadfadh míthuiscintí a chruthú.

Leasú 88 - Airteagal 51 (mír 2a, nua); anois: Airteagal 64 (Neamhspleáchas bhaill an Choiste)

Dhiúltaigh an Chomhairle don leasú sin ar an mbonn nach bhféadfaí é a fheidhmiú rómhaith. Ní léir cé hiad na saineolaithe foirgníochta ná na heagraíochtaí lena mbainfidís, nach foláir dóibh staonadh ó mheasúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht, ná an tréimhse ar ghá staonadh. Níl an friotal atá ann faoi láthair cruinn ach an oiread.

Leasú 89 - Airteagal 53 (mír 3); anois: Airteagal 66 (NICManna, mar a thugtar orthu, a úsáid agus nós imeachta chun DEManna a fhorbairt ina gcaighdeáin chomhchuibhithe)

Cé go bhféadfadh an Chomhairle a bheith báúil le héirim chéad chuid an leasaithe, bhí an friotal ródhocht don sprioc sin. Eascraíonn an diúltú don dara cuid den leasú sin as an diúltú do leasú 120.

Leasú 90 - Iarscríbhinn I, réamhrá (Buncheanglais i leith oibreacha)

Níor shíl an Chomhairle go raibh an leasú sin fíor-riachtanach i gcomhthéacs iomlán na mbuncheanglas mionsonraithe i leith oibreacha.

Leasú 91 - Iarscríbhinn I, cuid 3 (Cur chuige na saolré)

Meon dearfach a bhí ag an gComhairle i leith an leasaithe sin, ach ag an deireadh cinneadh go bhfuil bunús na gcuspóirí a bheartaítear leis clúdaithe cheana féin le friotal bunaidh an Choimisiúin.

Leasú 93 - Iarscríbhinn I, cuid 7 (Ceanglas maidir leis an úsáid inbhuanaithe d'acmhainní nádúrtha)

Tá an chosúlacht air seo nach bhfuil á rá leis an leasú ach a bhfuil soiléir cheana féin agus ní thiocfadh aon fheabhas ó thaobh na soiléireachta dlíthiúla dá bharr thar na buncheanglais uile eile i leith oibreacha.

Leasú 95 agus leasú 114 - Iarscríbhinn II, pointe 2.1. agus pointe 2.1a (nua) (Measúnú a bheith á dhéanamh ag an CMT ábhartha agus ról OTAB)

Cé go bhfuil éirim na leasuithe sin inghlactha, níl an cur síos a dhéantar iontu, leis an bhfoclaíocht sin, ar an nós imeachta ceart a thuilleadh i bhfianaise go ndearna an Chomhairle Iarscríbhinn II a athshaothrú ina hiomláine.

Leasú 97 - Iarscríbhinn II, pointe 2.7. (Éisteacht na saineolaithe)

Mheas an Chomhairle nach bhféadfaí an leasú sin a fheidhmiú agus go bhféadfadh moilleanna neamh-inmhianaithe tarlú dá bharr.

Leasú 98 - Iarscríbhinn III (Uimhir an DoP a scriosadh)

Níor bhraith an Chomhairle aon bhuntáiste a bheith leis an leasú sin.

3.    Príomhghnéithe nuálacha an téacs a chuir an Chomhairle isteach

Airteagal 4 (Dearbhú feidhmíochta)

Mar a luadh thuas, cuireadh in iúl ar bhealach ní ba threise leis an bhfriotal nua gurb é an cás caighdéanach é go ndréachtfadh an monaróir dearbhú feidhmíochta (DoP). Beidh sé sin éigeantach nuair nach mbeidh feidhm ag maoluithe Airteagal 4a (a bhaineann go bunúsach le líon teoranta de chásanna dea-shonraithe). Chomh maith leis sin, na buntréithe a bheidh le dearbhú socrófar trí chinneadh ón gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirt. 3 (3) nó trí fhorálacha náisiúnta atá i bhfeidhm san áit a mbeidh sé beartaithe ag an monaróir an táirge a chur ar an margadh. Mura mbeidh feidhm ag ceachtar den dá rud thuasluaite i gcás aon úsáide sainiúla beartaithe, féadfaidh an monaróir féin a shocrú cé na buntréithe (ceann amháin ar a laghad) is mian leis a dhearbhú. Maidir leis na buntréithe sin i gcás nárbh ann d'aon fhorálacha Eorpacha nó náisiúnta agus ina dtogróidh an monaróir gan iad a dhearbhú, déarfaidh sé ‘níor cinneadh an fheidhmíocht’ (NCF). Ós rud é go luafaidh an monaróir úsáid bheartaithe an táirge freisin, beidh méadú ar an méid faisnéise a gheobhaidh úsáideoirí de bharr an chórais ina iomláine, agus ní bhrisfear an margadh Eorpach rómhion ina mhargaí náisiúnta nó ina mhargaí réigiúnacha.

Airteagal 9 (anois: Airteagal: 10) Pointí Teagmhála do Tháirgí

Agus an tAirteagal thuas á athscríobh aici, shoiléirigh an Chomhairle gur féidir Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreata Nua Dhlíthiúil. Ach soiléirítear freisin san Airteagal sin go gcaithfear faisnéis a chur ar fáil sna Pointí Teagmhála do Tháirgí maidir leis na forálacha do Bhuncheanglais i leith Oibreacha.

In aithris 35a agus aithris 35b (anois: aithris 39 agus aithris 40), tá soiléiriú úsáideach freisin agus leagtar amach leo go bhféadfaidh Pointí Teagmhála do Tháirgí táillí a ghearradh d'fhaisnéis bhreise agus gur féidir iad a lánpháirtiú sna struchtúir shonracha eagraíochtúla atá sa Bhallstát (nó sna Ballstáit) ábhartha cheana féin.

Airteagal 18-18e (anois: Airteagail 19-24) Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil/Doiciméad Eorpach um Measúnú

Chinn an Chomhairle na forálacha maidir le forbairt an Doiciméid Eorpaigh um Measúnú agus ról na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil a athshaothrú go hiomlán, sa chomhthéacs sin.

Airteagal 21 (anois: Airteagal 27) Leibhéil nó aicmí feidhmíochta

D'athraigh an Chomhairle foclaíocht an Airteagail d'fhonn freagrachtaí an Choimisiúin agus freagrachtaí na gcomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a shoiléiriú agus aicmí feidhmíochta agus íosleibhéil feidhmíochta á mbunú acu, mar aon leis an toimhdiú go bhfuil leibhéal sásúil feidhmíochta nó aicmí sásúla feidhmíochta ann gan gá le tástáil nó le tuilleadh tástála. Tá feidhm an tsainordaithe nó an tsainordaithe athbhreithnithe do na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú agus ról na mBallstát sa phróiseas níos soiléire sa fhriotal anois.

Airteagal 27 (anois: Airteagal 37) An úsáid de dhoiciméadúchán teicniúil sonrach

Áirítear le téacs comhréitigh na Comhairle athbhreithniú ar Airteagal 37 atá ceaptha anois i bpeirspictíocht dhifriúil ionas go mbeadh feidhm aige i leith chóras 3 agus chóras 4 agus é ag tagairt go díreach d'Iarscríbhinn V. Tá gné níos sainiúla ag baint leis an bhforáil freisin trí thagairt a dhéanamh do ‘chineál an táirge a aimsiú ar bhonn cineál-tástála’. Tá na hathruithe sin i gcomhréir go páirteach leis an togra leasaithe ón gCoimisiún.

Airteagal 50 agus a leanann é (anois: Airteagal 60 agus a leanann é) Gníomhartha arna dtarmligean

I ndiaidh theacht i bhfeidhm an CFAE, rinneadh forálacha áirithe a beartaíodh i dtosach go dtiocfaidís faoin PRAC, a lánpháirtiú in Airteagail nua lena leagtar amach an nós imeachta do ghníomhartha arna dtarmligean (i gcomhréir le hAirt. 290 CFAE).

Iarscríbhinn III- Múnla an Dearbhaithe feidhmíochta

Chinn an Chomhairle aithris phaiteanta a dhéanamh ar oibleagáidí na monaróirí ó na hAirteagail agus mar sin thug sí athruithe móra isteach ar fhormáid an Dearbhaithe feidhmíochta. Chuige sin, rinneadh an múnla in Iarscríbhinn III a shoiléiriú i mbealaí áirithe (m.sh. an oibleagáid chun an úsáid atá beartaithe don táirge a leagan amach).

IV.   CONCLÚID

Leis an Seasamh ar an gcéad léamh a ghlac an Chomhairle, leagtar béim ar phríomhchuspóir thogra an Choimisiúin. Meastar go bhfuil creat dlíthiúil aontaithe chun táirgí foirgníochta a mhargú fíor-riachtanach i gcomhair fheidhmiú an mhargaidh, go bhfuil sé riachtanach de bharr na tábhachta móire a bhaineann leis an earnáil agus meastar go bhfuil sé iomchuí de bharr an chreata dhlíthiúil chothrománaigh, lena leagtar amach forálacha bunúsacha maidir le fógra agus maidir le faireachán an mhargaidh. Agus an cur chuige comhchuibhithe seo á leanúint, beidh táirgí foirgníochta in ann gluaiseacht gan srian sa mhargadh inmheánach, gan aon ghéilleadh maidir le sábháilteacht ná ceanglais eile ar mhaithe le húsáideoirí agus an pobal ginearálta.

Ar leibhéal praiticiúil is é is aidhm do théacs na Comhairle a thuilleadh comhtháthaithe fós a dhéanamh sa mhargadh, trína chinneadh go ndéanfaí an Dearbhú feidhmíochta a threisiú mar chás ‘caighdeánach’, mura bhfuil feidhm ag maoluithe. Rinneadh ualach an riaracháin agus ualach na gceanglas tástála aonair do mhonaróirí a laghdú mar phríomhghné trí bhíthin fhorálacha Airt. 26 agus a leanann. Is soiléire anois leis an bhfoclaíocht nua gur féidir le caighdeáin chomhchuibhithe agus Measúnuithe Teicniúla Eorpacha araon a bheith ann ag an am céanna (i gcás nach bhfuil táirge clúdaithe fós le caighdeán comhchuibhithe nó nach bhfuil sé clúdaithe go hiomlán leo). Tríd an úsáid de ghníomhartha tarmligthe, tugtar de chumhacht don Choimisiún iarscríbhinní áirithe a ghabhann leis an Rialachán sin a oiriúnú aon uair a chloífear leis na coinníollacha ina thaobh sin, mar a leagtar síos iad ag na comhreachtóirí sa Rialachán sin.


(1)  IO C 10, 15.1.2009; lch. 12.

(2)  Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, athraíodh an bunús dlí go hAirt. 114 CFAE.

(3)  8906/09 + COR 1, COR 2 (IO C 184E an 8.7.2010, lch. 441).

(4)  CES 1860-2008 -INT/434; níor foilsíodh go fóill san IO.

(5)  14989/09

(6)  IO L 40, 11.2.1989; lch. 12 mar a leasaíodh le Treoir 93/68/CEE ón gComhairle (IO L 220, 30.8.1993, lch 1).

(7)  Féach go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (IO L 218, 13.8.2008; lch. 30).

(8)  Tabhair faoi deara: Le huimhriú na nAirteagal, féadtar tagairt a dhéanamh do thoradh an chéad léimh sa Pharlaimint (8906/09 MI 164 ENT 95 COMPET 219 CODEC 588) nó, i gcás ina léirítear go sainiúil é (‘anois: …’) don doiciméad lena léirítear Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh (10753/10).

(9)  (Níor vótáladh: 25, 28, 29, 31, 37, 38, 45, 54, 59, 60, 62, 64, 65, 69, 72, 74, 75, 76, 80, 81, 82, 110, 113.)