ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.C_2010.207.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

53
30 Iúil 2010


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Parlaimint na hEorpa

2010/C /01

Tuairimí an XLIII COSAC

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 207 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Parlaimint na hEorpa

30.7.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Tuairimí an XLIII COSAC

2010/C 207/01

1.   Oibríocht mhíleata Iosrael i gcoinne an chabhlacháin a bhí ag triall ar Gaza

1.1.

Is mórthrua le COSAC na daoine a fuair bás le linn oibríocht mhíleata Iosrael i gcoinne an chabhlacháin a bhí ag triall ar Gaza agus déanaimid comhbhrón le teaghlaigh na n-íospartach.

1.2.

Cáineann COSAC úsáid an fhoréigin.

1.3.

Tacaíonn COSAC le héilimh an Ard-Ionadaí Catherine Ashton, thar ceann an AE, fiosrúchán cuimsitheach neamhchlaonta láithreach a dhéanamh ar na himeachtaí agus ar na cúinsí a ghabh leo.

1.4.

Tacaíonn COSAC le hiarraidh an AE go n-osclófaí go láithreach, leanúnach neamhchoinníollach, trasbhealaí chun cuidiú le hiompar cabhrach daonnachtúla, earraí tráchtála agus daoine chuig Gaza agus ó Gaza.

2.   Tragóid thubaiste aeir na Polainne

2.1.

Tá an-bhrón ar COSAC faoi bhás tragóideach Uachtarán Phoblacht na Polainne agus chomhaltaí uile a thoscaireachta i dtimpiste aeir an 10 Aibreán 2010. Tharla an tragóid seo lá comórtha 70ú bliain Shléacht Kaytn agus leis sin tá treisithe le tábhacht shiombalach na tragóide– tragóid a raibh lorg a láimhe le feiceáil go soiléir ar ghlúin iomlán le linn ceann de na heachtraí ba bhrónaí i stair na hEorpa.

3.   An ghéarchéim eacnamaíoch

3.1.

Cuireann COSAC a himní in iúl maidir leis an ngéarchéim thromchúiseach eacnamaíoch a bhfuil a lorg le feiceáil ar gach geilleagar agus sochaí Eorpach, agus ar cúis í leis an bhfás marbhánta agus na hardleibhéil dífhostaíochta agus fiach, géarchéim a chuir faoi deara do rialtais gníomhú chun na córais bhaincéireachta agus airgeadais a chothabháil, gníomhaíocht eacnamaíoch a chothú agus an córas leasa shóisialaigh a áirithiú.

3.2.

Tacaíonn COSAC le tiomantas an Aontais Eorpaigh do straitéis athnuaite fáis agus fostaíochta inbhuanaithe, mar atá leagtha amach i Straitéis Eorpach 2020 a chuir an Coimisiún Eorpach chun cinn agus ar thacaigh an Chomhairle Eorpach léi. Moltar do na parlaimintí náisiúnta leanúint leis an AE 2020.

3.3.

Is cúis imní do COSAC nach gcomhlíonann Ballstát ar bith i nGrúpa an Euro inniu na critéir atá leagtha amach sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis maidir le heasnamh poiblí, fiach agus ceanglais chobhsaíochta praghsanna, cé go bhfuil difríochtaí ó Bhallstát go chéile.

3.4.

Creideann COSAC nach raibh aon neart air ach glacadh leis na bearta a comhaontaíodh idir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus comhaltaí limistéar an Euro chun airgeadas na Gréige a chobhsú. Creideann comhaltaí limistéar an Euro go bhfuil call leis an Euro agus go mbeadh éifeachtaí na géarchéime idirnáisiúnta airgeadais agus eacnamaíche níos measa gan an t-airgeadra coiteann.

3.5.

Tacaíonn COSAC le sásraí éifeachtacha a bhunú chun margaí airgeadais a rialáil agus a rialú d'fhonn géarchéim dá samhail a sheachaint amach anseo.

4.   An dúshlán aeráide – ag ullmhú i gcomhair Cancún

4.1.

Tugann COSAC dá haire tuairimí Chruinniú Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 25-26 Márta 2010, agus athdhearbhaíonn sí conclúidí chruinniú XLII a tionóladh i Stócólm an 5-6 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an dúshlán Aeráide – an bóthar go Cóbanhávan.

4.2.

Dá bhrí sin, molann COSAC do na hinstitiúidí AE páirt ghníomhach a ghlacadh in ullmhú na chéad Chomhdhála aeráide eile de chuid na Náisiún Aontaithe - COP16 - i gCancún, Meicsiceo, an 29 Samhain 2010 - 10 Nollaig 2010. Is é an príomhchuspóir comhaontú dlíthiúil domhanda cuimsitheach a bhaint amach agus é mar chuspóir aige an méadú ar an teocht a choinneáil faoi 2 °C i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíocha.

5.   An creat institiúideach

5.1.

Ag an gcéad ghnáthchruinniú aici a tionóladh i ndiaidh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, déanann COSAC comhghairdeas leis an Uasal Herman Van Rompuy, as a cheapadh mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach, agus leis an mBanbharún Catherine Ashton as a ceapadhsa mar Ard-Ionadaí na Comhairle Eorpaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach.

5.2.

Tá dóchas ag COSAC go mbeidh toradh céadach ar Chonradh Liospóin agus go dtiocfaidh comhbheartas éifeachtach eachtrach agus slándála as ceapadh an Bhanbharúin Ashton, le tacaíocht na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Eachtraí, agus go mbeidh sé ag oibriú chomh luath agus is féidir.

5.3.

Mar gheall ar nádúr speisialta an réimse beartais seo, cuireann COSAC béim ar ról bunúsach na bparlaimintí náisiúnta i ngrinnscrúdú parlaiminteach an chomhbheartais eachtraigh agus slándála chomh maith leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.

5.4.

Tacaíonn COSAC le haontachas an AE leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna bhunú in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus iarrann sí go gcríochnófar an idirbheartaíocht a bhaineann lena aontachas go luath. Ba cheart go gcinnteodh an idirbheartaíocht sin go bhféadfadh an tAontas Eorpach tuairimí i scríbhinn a thabhairt agus páirt a ghlacadh in éisteachtaí nuair a dhéantar iarratais i leith Ghníomhartha Dlíthiúla an Aontais. Ba cheart go mbeadh an deis ag na Parlaimintí náisiúnta a dtuairimí a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir lena shainordú idirbheartaíochta.

5.5.

Tugann COSAC dá haire an togra maidir le leasú ar na Conarthaí i ndáil leis na bearta idirthréimhseacha a bhaineann le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, a fhorálann do 18 suíochán breise i bParlaimint na hEorpa, arna aontú ag an gComhairle Eorpach ag a cruinniú an 18 agus an 19 Meitheamh 2009.

6.   An chothromaíocht institiúideach AE

6.1.

Fáiltíonn COSAC roimh na féidearthachtaí feabhsaithe do ghrinnscrúdú parlaiminteach ar ghnóthaí AE a tháinig as daingniú na gné parlaimintí de ghníomhaíochtaí AE atá i gConradh Liospóin; tugann sí dá haire sa chomhthéacs seo acmhainn mhéadaithe na bparlaimintí náisiúnta agus Pharlaimint na hEorpa araon tionchar a imirt ar bheartais Eorpacha agus an deis atá ann anois ar chomhar níos fearr chun grinnscrúdú daonlathach ar bheartais Eorpacha a áirithiú.

6.2.

Treisíonn COSAC nár chóir go gcuirfeadh comhaontuithe idirinstitiúideacha isteach ar chothromaíocht idirinstitiúideach an Aontais ná ar bhrí agus anam Chonradh an Aontais Eorpaigh.

6.3.

Meabhraíonn COSAC nár chóir go gceisteofaí neamhspleáchas an Choimisiúin Eorpaigh agus go bhfuil tábhacht ar leith le gníomhartha na Comhairle do na parlaimintí náisiúnta a rialaíonn an comhlacht seo trína Rialtais faoi seach. Tá COSAC ag súil leis go gcoinneofar sainchumais institiúidí uile an AE, mar atá sainmhínithe sna Conarthaí, nach bhfógraíonn athrú ar bith ar stádas na Comhairle, agus a chuidíonn mar thoradh air sin le cumas na bparlaimintí náisiúnta agus Pharlaimint na hEorpa tionchar a imirt ar bheartais Eorpacha.

7.   Straitéisí réigiúnacha

7.1.

Ba mhian le COSAC go leanfadh comhaltaí Aontas na Meánmhara ag tógáil ar na luachanna agus na spriocanna a bunaíodh 15 bliana ó shin i nDearbhú Barcelona agus a daingníodh le linn Chruinniú Mullaigh Pháras i mí Iúil 2008, d'fhonn réigiún na Meánmhara a chur chun cinn mar limistéar síochána, forbartha, agus plé faoi chúrsaí daonna agus cultúrtha agus dá bhrí sin fáiltíonn sí roimh Chruinniú Mullaigh Aontas na Meánmhara a bheidh ar siúl in 2010.

7.2.

Athdhearbhaíonn COSAC a tacaíocht le comhdhlúthú an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach. Fáiltíonn COSAC roimh thorthaí an 6ú Cruinniú Mullaigh AE-Meiriceá Laidineach agus an Charaib a tionóladh i Maidrid an 18 agus an 19 Bealtaine.

7.3.

Fáiltíonn COSAC roimh sheoladh Straitéis Réigiún Mhuir Bhailt ag AE, ar straitéis thábhachtach mhacrairéigiunach í ós rud é gur fusaide an comhar feabhsaithe réigiúnach ach í a chur chun feidhme go rathúil agus í a athbhreithniú i lár téarma.

7.4.

Athdhearbhaíonn COSAC a thacaíocht fhadtéarmach le beartas Comharsanachta na hEorpa agus leis an gComhpháirtíocht Oirthearach, lena n-áirítear cruth a chur ar thoise parlaiminteach na Comhpháirtíochta Oirthearaí.

7.5.

Tugann COSAC dá haire na comhairliúcháin phoiblí a thionólfar faoi Straitéis na Danóibe arb é a n-aidhm an stráitéis a ghlacadh agus a sheoladh le linn 2011.

8.   An méadú

8.1.

Fáiltíonn COSAC roimh na hiarratais reatha go léir ar chomhaltas san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, iarrann COSAC go leanfaí le hidirbheartaíochtaí sásúla leis na tíortha iarrthacha, chomh fada agus go gcomhlíonfar prionsabail bhunaithe sa réimse seo, go háirithe Critéir Chóbanhávan.

9.   Sainmhíniú ar dhréachtghníomhartha reachtacha

9.1.

Maidir le dearcadh an Choimisiúin agus na Comhairle faoi céard is “dréachtghníomh reachtach”, is ábhar imní é do COSAC mar nach ligfeadh sé do na parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú a dhéanamh faoi Phrótacal (Uimh. 2) ar ghníomhartha reachtacha áirithe atá reachtach ó thaobh substainte de. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go músclófaí saincheisteanna faoin gcoimhdeacht. Iarrann COSAC ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh.

10.   Ról COSAC amach anseo

10.1.

Ceadaíonn Conradh Liospóin ón 1 Nollaig 2009, grinnscrúdú a dhéanamh ar dhréachtghníomhartha reachtacha, mar atá sainmhínithe in Airteagal 289 (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh trí na nósanna imeachta agus leis na héifeachtaí atá bunaithe i bPrótacal (Uimh. 2) maidir le feidhmiú phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Is mian le COSAC comhghairdeas a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an gComhairle as a bhfreagrairt, a chuidigh go mór go dtí seo le dea-fheidhmiú an Phrótacail nua (Uimh. 2). Chomh maith leis sin, fáiltíonn COSAC roimh phróisis an phlé polaitíochta leis an gCoimisiún Eorpach. Beidh sé fós ina tosaíocht ag COSAC monatóireacht a dhéanamh ar ról na bparlaimintí náisiúnta mar atá sainmhínithe go háirithe in Airteagal 12 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a Phrótacail faoi seach.

10.2.

Ba chóir go mbeadh ról cuí ag an “Córas Réamhrabhaidh” mar a thugtar air agus a bhunaítear le Prótacal (Uimh. 2) agus an sásra comhordaithe idir parlaimintí náisiúnta i COSAC. Dá bhrí sin, measann COSAC gur cheart go mbeadh na gnáthchruinnithe ina n-ócáidí ar a roinnfeadh daoine a gcuid dearcthaí maidir le saincheisteanna polaitíochta íogaire leis na comhaltaí iomchuí den Choimisiún Eorpach agus den Chomhairle, le hUachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh, le hUachtarán an Choimisiúin chomh maith le hUachtarán na Comhairle, i gcomhthéacs ról reachtúil COSAC.

10.3.

D’fhéadfadh cur i láthair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Clár Oibre Bliantúil a institiúide a bheith san áireamh sa chéad seimeastar agus measúnú ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i rith na bliana a bheith san áireamh sa dara seimeastar.

10.4.

Ina theannta sin, iarrann COSAC ar an gCoimisiún Eorpach, ar Uachtaránacht na Comhairle, agus ar Pharlaimint na hEorpa freagra a thabhairt ar an tuairim seo.