ISSN 1725-2458 doi:10.3000/17252458.C_2010.145.gle |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
53 |
Clár |
Leathanach |
|
|
III Gníomhartha Ullmhúcháin |
|
|
An Chúirt Iniúchóirí |
|
2010/C /01 |
||
2010/C /02 |
||
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 145 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
III Gníomhartha Ullmhúcháin
An Chúirt Iniúchóirí
3.6.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
TUAIRIM Uimh. 3/2010
(de bhun Airteagal 322, CFAE)
maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach
2010/C 145/01
TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don dréachtrialachán (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (2) (an Rialachán Airgeadais anseo feasta),
Ag féachaint don iarraidh ón bParlaimint ar thuairim i leith an dréachta thuasluaite agus a fuarthas ag an gCúirt an 29 Márta 2010 agus ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar thuairim i leith an dréachta thuasluaite agus a fuarthas ag an gCúirt an 15 Márta 2010,
TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:
1. |
Is éard is aidhm leis an dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bhfuil tuairim ón gCúirt Iniúchóirí á iarraidh ina leith, ná an Rialachán Airgeadais reatha a thabhairt cothrom le dáta agus aird á thabhairt ar na hathruithe a eascraíonn as Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. |
2. |
Measann an Chúirt, i bhformhór na gcásanna, go ndéanann na leasuithe atá beartaithe na hathruithe i dtaca leis na saincheisteanna buiséadacha agus airgeadais a tugadh isteach le Conradh Liospóin a thrasuíomh go paiteanta sa Rialachán Airgeadais. Is ábhar imní don Chúirt, áfach, ceann de na forálacha leasaithe agus molann sí foráil amháin nua a chur isteach. Tá na modhnuithe a mholtar ar an téacs ar fáil sa tábla atá i gceangal leis an Tuairim seo. |
Aistriú leithreasaí
3. |
Ní foláir Airteagal 24 den Rialachán Airgeadais a athrú ós rud é nach ndéantar aon dealú a thuilleadh idir caiteachas éigeantach agus caiteachas neamhéigeantach. Molann an Coimisiún téacs nua a chur in ionad Airteagal 24. Tá dhá bharúil le tabhairt ag an gCúirt ina leith sin. |
4. |
Tagraíonn míreanna 1, 3, 4 agus 6 araon go sonrach don Choimisiún. Luaitear, áfach, in Airteagal 22(2) agus in Airteagal 22(3) den Rialachán Airgeadais go bhfuil feidhm ag an nós imeachta a dtugtar tuairisc air in Airteagal 24 freisin leis na hinstitiúidí eile sa chás go n-ardaíonn ceann nó eile de na brainsí cúiseanna réasúnaithe chun agóid a dhéanamh in aghaidh an togra le haghaidh aistriú nó sa chás gur ó theideal amháin go teideal eile an t-aistriú atá beartaithe agus gur mó é ná teorainn shonraithe. Ní foláir dá réir sin an focal “institiúidí” a chur in ionad an fhocail “Coimisiún” sna ceithre mhír sin. |
5. |
Molann an Coimisiún i mír 5(i) gan ach trí seachtaine a thabhairt don údarás buiséadach chun tograí le haghaidh aistriú atá laistigh de theorainneacha áirithe (is lú ná 10 % de leithreasaí na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus nach mó ná EUR 5 mhilliún) a mheas. Tugann an Chúirt ar aird, faoi láthair, gurb é an Coiste um Buiséid a dhéanann tograí le haghaidh aistriú a mheas laistigh de Pharlaimint na hEorpa, agus gur mórán ar bhonn míosúil a bhíonn cruinnithe ag an gcoiste sin. Gan aon dearcadh ar leith a thabhairt faoi fhiúntais nó eile an togra seo, tugann an Chúirt ar aird go gcothódh a chur chun feidhme fadhbanna ó thaobh riar ama de. |
An nós imeachta buiséadach: oibriú an Choiste Idir-Réitigh
6. |
Tá an Coiste Idir-Réitigh, arna bhunú le hAirteagal 314(5) de CFAE, comhdhéanta de chomhaltaí na Comhairle agus de chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus tá de chúram air teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach ar bhuiséad bliantúil an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún páirt ina chuid imeachtaí agus tá de chúram air gach tionscnamh is gá a ghlacadh d'fhonn seasamh an dá bhrainse den údarás buiséadach a thabhairt le chéile. I gcomhlíonadh an chúraim sin dó, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún tionscnaimh a ghlacadh i ndáil le dréachtbhuiséid na n-institiúidí nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste. Ar chúiseanna trédhearcachta, is iomchuí go léireofaí conclúidí thríalóg bhuiséadach an 25 Márta 2010 sa Rialachán Airgeadais. Molann an Chúirt, dá bhrí sin, foráil nua a chur isteach a bheadh anois ina Airteagal 34a. |
Airteagal 34a Nua
Féadfaidh na hinstitiúidí sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Idir-Réitigh a ráitis maidir le tionchar an tseasaimh ón gComhairle agus leasuithe Pharlaimint na hEorpa a dhíriú díreach i scríbhinn chuig an gCoiste. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na ráitis sin le linn dó a bheith ag cur aon togra laistigh den Choiste Idir-Réitigh a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do dhréachtbhuiséid na n-institiúidí sin i dtoll a chéile.
7. |
Déantar Airteagal 34b den Airteagal 34a atá i dtogra an Choimisiúin. |
Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 29 Aibreán 2010.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA
An tUachtarán
(1) COIM(2010) 71 leagan deireanach an 3 Márta 2010.
(2) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
Togra an Choimisiúin |
Moladh na Cúirte |
||||||||||||||||||||
Airteagal 24 1. Cuirfidh an Coimisiún a thogra faoi bhráid dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh ar comhuain. 2. Glacfaidh an t-údarás buiséadach cinntí maidir le haistriú leithreasaí dá bhforáiltear i míreanna 3 go 6, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Dó. 3. Cé is moite d'imthosca práinne, tiocfaidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, agus Parlaimint na hEorpa ar chinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de sé seachtaine ón dáta a bhfuair an dá institiúid an togra le haghaidh gach aistriú a chuirfear faoina mbráid. 4. Déanfar an togra le haghaidh aistriú a fhormheas, más rud é laistigh den tréimhse sé seachtaine:
5. Laghdófar an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear faoi mhír 4 go trí seachtaine, mura rud é go n-iarrann brainse amháin den údarás buiséadach a mhalairt, sna cásanna seo a leanas:
6. Más rud é go leasaíonn ceann amháin de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh an t-aistriú agus go bhformheasann an ceann eile é nó go staonann an ceann eile ó ghníomhú, nó más rud é go leasaíonn an dá bhrainse an t-aistriú, measfar an méid níos lú a cheadaigh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a bheith formheasta, mura rud é go dtarraingíonn an Coimisiún siar a thogra. |
Airteagal 24 1. Cuirfidh na hInstitiúidí a dtograí faoi bhráid dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh ar comhuain. 2. Glacfaidh an t-údarás buiséadach cinntí maidir le haistriú leithreasaí dá bhforáiltear i míreanna 3 go 6, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt i dTeideal I de Chuid a Dó. 3. Cé is moite d'imthosca práinne, tiocfaidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, agus Parlaimint na hEorpa ar chinneadh maidir le togra ó institiúid laistigh de sé seachtaine ón dáta a bhfuair siad an togra le haghaidh gach aistriú a chuirfear faoina mbráid. 4. Déanfar an togra le haghaidh aistriú a fhormheas, más rud é laistigh den tréimhse sé seachtaine:
5. Laghdófar an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear faoi mhír 4 go trí seachtaine, mura rud é go n-iarrann brainse amháin den údarás buiséadach a mhalairt, sna cásanna seo a leanas:
6. Más rud é go leasaíonn ceann amháin de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh an t-aistriú agus go bhformheasann an ceann eile é nó go staonann an ceann eile ó ghníomhú, nó más rud é go leasaíonn an dá bhrainse an t-aistriú, measfar an méid níos lú a cheadaigh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a bheith formheasta, mura rud é go dtarraingíonn an institiúid siar a thogra. |
||||||||||||||||||||
|
Airteagal 34a Féadfaidh na hinstitiúidí sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Idir-Réitigh a ráitis maidir le tionchar an tseasaimh ón gComhairle agus leasuithe Pharlaimint na hEorpa a dhíriú díreach i scríbhinn chuig an gCoiste. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na ráitis sin le linn dó a bheith ag cur aon togra laistigh den Choiste Idir-Réitigh a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do dhréachtbhuiséid na n-institiúidí sin i dtoll a chéile. |
3.6.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/4 |
TUAIRIM Uimh. 4/2010
(de bhun Airteagal 322, CFAE)
maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
2010/C 145/02
TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe d'Airteagal 106a de,
Ag féachaint don dréachtrialachán (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (2) (an Rialachán Airgeadais anseo feasta), i dtaca leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,
Ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar thuairim i leith an dréachta thuasluaite a fuarthas ag an gCúirt an 8 Aibreán 2010,
TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:
Struchtúr na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí
1. |
Is éard is aidhm leis an dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bhfuil tuairim ón gCúirt Iniúchóirí á hiarraidh ina leith, ná an Rialachán Airgeadais reatha a leasú chun a rialacha a oiriúnú do nádúr sainiúil na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS anseo feasta) a bhfuil coinne leis in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar atá modhnaithe ag Conradh Liospóin a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Beidh an SEGS ina comhlacht uathrialach de chuid an Aontais faoi údarás an Ardionadaithe a thabharfaidh tacaíocht di i gcomhlíonadh a sainorduithe. Bunófar eagar agus feidhmiú an SEGS le cinneadh ón gComhairle. Tugtar an 25 Márta 2010 mar dháta den togra le haghaidh an chinnidh sin. |
2. |
D’fhonn leanúnachas oibríochtúil na dtoscaireachtaí reatha a chinntiú, measfar go mbeidh caiteachas oibríochtúil a dhéanann Cinn na dtoscaireachtaí ag teacht le cur chun feidhme an bhuiséid ag an gCoimisiún ar bhainistiú láraithe díreach, cé gur institiúid ar leith í an SEGS. |
3. |
Beidh an SEGS comhdhéanta de riarachán lárnach agus de thoscaireachtaí Aontais chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí náisiúnta. Beidh Ceann Toscaireachta, a bheidh i gceannas ar fhoireann uile na toscaireachta, i bhfeighil gach toscaireachta Aontais. |
4. |
Beidh oifigigh ó Ardrúnaíocht na Comhairle, oifigigh ón gCoimisiún agus pearsanra a thógfar ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát san fhoireann SEGS. Ceapfar iad mar ghníomhairí sealadacha faoi na Rialacháin Foirne. I gcás cúrsaí foirne déileálfar leis an SEGS mar institiúid laistigh de bhrí na Rialachán Foirne. |
Barúlacha ginearálta
Nádúr na SEGS chun críche an Rialacháin Airgeadais
5. |
Tugann an Chúirt faoi deara, mar a iarrtar sa tuarascáil ó Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí maidir leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an 23 Deireadh Fómhair 2009 (3), go mbeidh an SEGS ina seirbhís de nádúr sui generis a ndéileálfar leis mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais, agus tairbheoidh sí de roinn dá cuid féin den Bhuiséad agus cuirfear faoi bhráid urscaoileadh Pharlaimint na hEorpa sa cháil sin í ach, ag an am céanna, eadhon ag leibhéal Toscaireachta, fanfaidh an SEGS mar an tseirbhís ábhartha ag an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme leithreasuithe oibríochtúla a thiocfaidh ón roinn “Coimisiún” sa Bhuiséad. |
Struchtúr nua a bhainistiú
6. |
Beidh an fhoireann sna Toscaireachtaí comhdhéanta d'fhoireann SEGS agus foireann ón gCoimisiún. Gheobhaidh Cinn na dToscaireachtaí toscaireacht ón gCoimisiún, an institiúid a fheidhmíonn an buiséad agus a bhainistíonn na cláir i gcomhréir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le hAirteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d'fhonn leithreasuithe oibríochtúla a chur chun feidhme ar a shon. Ciallaíonn struchtúr nua na SEGS agus dualgais Cheann na Toscaireachta Aonaid go dtuairisceoidh sé chuig dhá chomhlacht dhifriúla. Dealraíonn sé go bhfuil réiteach á lorg san Airteagal 60a (2) agus (3) nua a moladh. Tugann an Chúirt faoi deara nach mór a bheith cúramach i mbainistiú an struchtúir nua inter alia chun malartú tosaíochtaí a sheachaint. |
Sásraí seachadta
7. |
I dTuarascáil Speisialta Uimh. 10/2004 ón gCúirt, rinne an Chúirt tagairt don dul chun cinn suntasach a rinneadh i mbainistiú cúnaimh eachtraigh i gcreat an phróisis “déabhlóide”, lena n-áirítear treisiú ar aonaid oibríochtúla agus airgeadais na dToscaireachtaí, agus nósanna imeachta níos láidre agus iontaofa, a chuidigh le feabhas a chur ar rialtacht, tráthúlacht agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Measann an Chúirt go bhfuil sé sárthábhachtach cuntasacht, freagracht agus caighdeán bainistithe airgeadais ar leibhéal na Toscaireachta a chaomhnú agus a fheabhsú. Níor chóir go gcuirfí struchtúir eagraíochtúla na dToscaireachtaí Aontais amach anseo éifeachtúlacht a bhfeidhmeanna oibríochtúla agus airgeadais agus leithscaradh a ndualgas i mbaol. |
8. |
Sa chomhthéacs seo, d’fhéadfaí féachaint ar an togra mar iarracht ar nósanna imeachta inmheánacha an Choimisiúin agus caighdeáin cur chun feidhme a leithreasuithe a chosaint chomh fada agus is féidir, i gcreat institiúideach atá nua agus níos casta. |
9. |
Is cúis imní don Chúirt í, áfach, go ndéantar iarracht an cuspóir seo a bhaint amach (a) trí mhaoluithe suntasacha ón Rialachán Airgeadais, ós rud é go dtabharfar fotharmligin de chumhachtaí cur chun feidhme buiséid an Choimisiúin d'oifigigh údaruithe (Cinn na dToscaireachtaí) nach mbeidh mar chuid de ranna an Choimisiúin a thuilleadh; (b) trí chastacht mhéadaithe i mbainistíocht airgeadais agus tuairisciú misean agus oibríochtaí na dToscaireachtaí; agus (c) trí neamhchinnteacht shuntasach maidir leis an leithdháileadh buiséadach agus bainistíocht caiteachas riaracháin agus tacaíochta na dToscaireachtaí Aontais, ar saincheist é nach ndéantar soiléiriú air sa togra. |
Barúlacha sonracha
10. |
Is cúis shonrach imní don Chúirt iad ceithre de na forálacha leasuithe agus molann sí modhnuithe ar an téacs ar féidir teacht orthu sa tábla atá i gceangal leis an Tuairim seo. |
Beidh impleachtaí ag na leasuithe a mholtar do chur chun feidhme “indíreach láraithe” uile an bhuiséid agus ní hamháin don SEGS
11. |
Airteagal 30. Molann an Coimisiún téacs nua a chur in áit na chéad fhomhír d’Airteagal 30(3), a dhearbhóidh go gcuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil, ar mhodh iomchuí, faoi na tairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad a bheidh aige agus an buiséad sin á chur chun feidhme ar bhonn láraithe de bhun Airteagal 53a. Forálann Airteagal 53a nua gur féidir le cur chun feidhme an bhuiséid ag an gCoimisiún ar bhonn láraithe a bheith díreach – ag a ranna nó ag an Toscaireacht Aontais – nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 57. |
12. |
De bharr chomhléamh na nAirteagal nua, Airteagal 30(3), an chéad fhomhír, agus Airteagal 53a, tá feidhm ag oibleagáid an Choimisiúin chun faisnéis a choimeád faoi thairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad nuair a dhéantar an buiséad a chur chun feidhme ar bhonn láraithe, go díreach agus go hindíreach. Ach, i leagan reatha d’Airteagal 30(3), an chéad fhomhír, déantar oibleagáid an Choimisiúin chun faisnéis a choimeád faoi thairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad infheidhme a theorannú go cásanna ina ndéantar an buiséad a chur chun feidhme ar bhonn láraithe agus go díreach amháin. |
13. |
Níl baint ag síneadh na hoibleagáide chun faisnéis a choimeád i leith tairbhithe cistí a eascraíonn ón mbuiséad i gcás bainistíochta atá indíreach agus láraithe le staid shonrach na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS). Dá bhrí sin, téann síneadh den sórt sin thar ábhar an togra agus bheadh sé infheidhme i gcás gach bainistíochta a bheidh indíreach agus láraithe. D’fhonn a bheith ar aon dul leis an gcleachtas reatha, ba cheart Airteagal 30(3), an chéad fhomhír, a leasú mar seo a leanas: “Cuirfidh an Coimisiún ar fáil, ar mhodh iomchuí, faisnéis faoi thairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad a bheidh á theachtadh aige agus an buiséad á chur chun feidhme ar bhonn láraithe agus go díreach ag a ranna nó ag Toscaireachtaí an Aontais i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 51, agus faisnéis faoi thairbhithe cistí arna soláthar ag na heintitis a ndéanfar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chucu faoi mhodhanna eile bainistíochta.” |
Cuntasacht Chinn Thoscaireachtaí an Aontais treisithe ach d’fhéadfadh an leasú ar choinbhleacht leasa gan a bheith comhsheasmhach le FR
14. |
Airteagal 60a. Is dealraitheach gurb é cuspóir Airteagail 60a ná treisiú a dhéanamh ar an bprionsabal go bhfuil Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, agus iad ag gníomhú faoi fhotharmligean, faoi réir na rialacha cuntasachta céanna agus atá ag aon oifigigh údaraithe eile trí fhotharmligean (de bhun Airteagal 60 den Rialachán Airgeadais). Measann an Chúirt go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí dualgais Chinn Thoscaireachtaí an Aontais a áitiú sa mhéid sin. |
15. |
De bhun an dara fomhír, áfach, tá Cinn Thoscaireachtaí an Aontais inter alia freagrach as coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach. Ba cheart an tagairt don choincheap “coinbhleacht leasa” sa chomhthéacs seo a sheachaint, ós rud é go ndealraíonn sé go gclúdaíonn sé seo cineál eile de “choinbhleacht leasa” a ndéanann Airteagal 52 den Rialachán Airgeadais sainmhíniú air. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht, ba cheart go gcoimeádfaí an sainmhíniú céanna ar choincheap i ngach foráil den Rialachán Airgeadais. Molann an Chúirt Airteagal 60a(1) a leasú bunaithe dá dhála sin. |
Tá gá le soiléiriú ar chumhachtaí an Iniúchóra inmheánaigh.
16. |
Airteagal 85. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht, leis an éifeachtúlacht agus leis an éifeachtacht, glacann an Chúirt le rogha Iniúchóir inmheánach an Choimisiúin mar Iniúchóir inmheánach na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS). Mar sin féin, tugann dréachtú an iarthéacs mholta d'Airteagal 85 den Rialachán Airgeadais le fios nach bhfuil na cumhachtaí céanna ag Iniúchóir inmheánach an Choimisiúin i leith na SEGS mar a bheadh aige/aici i leith ranna an Choimisiúin agus go bhféadfadh na cumhachtaí sin athrú ag brath ar cé acu de rannóga ábhartha an bhuiséid – an SEGS nó an Coimisiún – atá á gcur chun feidhme. Chun aon mhíthuiscint i leith cumhachtaí an Iniúchóra inmheánaigh a sheachaint, molann an Chúirt an téacs seo a leanas a chur in áit an iarthéacs mholta. “Beidh na freagrachtaí céanna ag Iniúchóir inmheánach an Choimisiúin i leith na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, dá dtagraítear in Airteagal 1, agus mar atá aige/aici i leith ranna an Choimisiúin”. |
Dealraíonn sé gur beag cuspóir atá ag roinnt de na leasuithe atá molta.
17. |
Airteagal 165. Tá ciall an leasaithe atá molta d'Airteagal 165 míshoiléir. Ní cheapann an Chúirt go bhfuil gá le hAirteagal 165 a leasú, tar éis d’Airteagal 53a a bheith leasaithe. |
18. |
Airteagal 185. Níl aon chuspóir ag an leasú atá molta d’Airteagal 185. Feidhmeoidh an chomparáid maidir le raon feidhme chumhachtaí Iniúchóir inmheánach an Choimisiúin de bhun tagairt do ranna an Choimisiúin amháin. Dá bhrí sin, molann an Chúirt gan Airteagal 185 a leasú. |
Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 29 Aibreán 2010.
Thar Ceann na Cúirte Iniúchóirí
Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA
An tUachtarán
(1) COIM(2010) 85 leagan críochnaitheach an 24 Márta 2010.
(2) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
(3) Tuarascáil ón Uachtaránacht chuig an gComhairle Eorpach maidir leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, doiciméad 14930/09 ón gComhairle.
IARSCRÍBHINN
Togra an Choimisiúin |
Moladh na Cúirte |
||||
Airteagal 1
|
Airteagal 1
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|