ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.C_2010.081.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

53
29 Márta 2010


Clár

Leathanach

 

Ceartúchán

2010/C /01

Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007(IO C 306, 17.12.2007)

1

2010/C /02

Miontuairisc cheartaitheach maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, arna shíniú in Maastricht an 7 Feabhra 1992(IO C 191 Eagrán Speisialta Gaeilge, 29.7.1992)

3

2010/C /03

Meabhrán ceartaitheach maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997(IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10.11.1997)

7

 


 

(1)   Faoin tagairt C 81 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA

 


Ceartúchán

29.3.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH

maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13 Nollaig 2007

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 23 Márta 2010 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

1.

Leasuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ag bunú an Chomhpobail Eorpaigh

(a)

Leathananch 28, Airteagal 1, pointe 33(a)

In ionad:

‘(a)

i mír 1, cuirtear “Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle …” a chur in ionad “Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle…” agus cuirtear “…tionscnaimh nó tograí mar is iomchuí a thíolacadh di.” in ionad “… tograí a thíolacadh di.”;’

Léitear:

‘(a)

i mír 1, cuirtear “Féadfaidh aon Bhallstát, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó an tArdionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle …” in ionad “Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle…” agus cuirtear “…féadfaidh aon Bhallstát nó an tArdionadaí tionscnaimh nó tograí, faoi seach, a thíolacadh di.” in ionad “… tograí a thíolacadh di.”;’

(b)

Leathanach 31, Airteagal 1, pointe 39, mír (c)

In ionad:

‘(c)

cuirtear an mhír nua seo a leanas leis an Airteagal:

“Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 17b(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 20 den Chonradh sin.” ’

Léitear:

‘(c)

cuirtear an mhír nua seo a leanas leis an Airteagal:

“Rannchuideoidh siad leis an gceart a chur chun feidhme atá ag saoránaigh an Aontais chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 17b(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 20 den Chonradh sin a chur chun feidhme.” ’

(c)

Leathanach 63, Airteagal 2, pointe 67

In ionad:

‘67)

Cuirtear Airteagal 61g in ionad Airteagal 66, mar a shonraítear thuas i bpointe 64 agus aisghairtear Airteagail 67 go 69. Cuirtear isteach an Chaibidil 4 agus na hAirteagail 69 go 69e seo a leanas. Cuirtear Airteagail 69a, 69b agus 69d in ionad Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, mar a shonraítear thuas i bpointe 51 d'Airteagal 1 den Chonradh seo.’

Léitear:

‘67)

Cuirtear Airteagal 61g in ionad Airteagal 66, mar a shonraítear thuas i bpointe 64 agus aisghairtear Airteagail 67 go 69. Cuirtear isteach an Chaibidil 4 agus na hAirteagail 69a go 69e seo a leanas. Cuirtear Airteagail 69a, 69b agus 69d in ionad Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, mar a shonraítear thuas i bpointe 51 d'Airteagal 1 den Chonradh seo.’

(d)

Leathanach 95, Airteagal 2, pointe 168, i dtéacs Airteagal 188j nua

In ionad:

‘4.   Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 10a den Chonradh ar an Aontas Eorpacha thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.’

Léitear:

‘4.   Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 10a den Chonradh ar an Aontas Eorpach a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.’

2.

Prótacail a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin

Prótacal Uimh. 1

Leathanach 180, Airteagal 1, pointe 14 (lena leasaítear an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach)

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (f):

‘(f a)

in Airteagal 20, a athuimhrítear mar Airteagal 19, cuirtear “le hUachtarán na Comhairle Eorpaí” in ionad “le comhaltaí an Choimisiúin”, agus cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“Bainfidh siad le comhaltaí an Choimisiúin freisin.”;’.

3.

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí

Leathanach 266, Sa Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

In ionad:

‘50.

Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlíthiúla lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlíthiúla a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.’

Léitear:

‘50.

Dearbhú maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Iarrann an Chomhdháil ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún féachaint, faoi chuimsiú a bhfeidhmeanna faoi seach, leis na gníomhartha dlí lena leasófar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha nó na gníomhartha dlí a ghabhfaidh a n-ionad a ghlacadh sna cásanna iomchuí a mhéad is féidir laistigh den tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Phrótacal sin.’


29.3.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/3


MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH

maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, arna shíniú in Maastricht an 7 Feabhra 1992

( IO C 191 Eagrán Speisialta Gaeilge, 29 Iúil 1992 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 23 Márta 2010 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

1.

LEASUITHE AR AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH

a)

Leathanach 1, sa bhrollach, ar an gcéad líne

In ionad:

‘A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,’

Léitear:

‘TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,’

b)

Leathanach 17, i dTeideal II, in Airteagal 109c, pointe 4

In ionad:

‘4.   De bhreis ar na cúraimí atá leagtha amach i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit go maolú dá dtagraítear in Airteagal 109k agus 109l ann, …’

Léitear:

‘4.   De bhreis ar na cúraimí atá leagtha amach i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit a bhfuil maolú acu agus dá dtagraítear in Airteagal 109k agus 109l ann, …’

c)

Leathanach 21, i dTeideal II, in Airteagal 109k, pointe 2, sa dara habairt

In ionad:

‘(…). Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle Eorpach, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cé hiad na Ballstáit go maolú a chomallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i in Airteagal 109j(1) agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.’

Léitear:

‘(…). Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle Eorpach, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cé hiad na Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a chomallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i in Airteagal 109j(1) agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.’

d)

Leathanach 21, i dTeideal II, in Airteagal 109l, i bpointe 1, sa dara fleasc

In ionad:

‘1.   Má tá Ballstáit go maolú ann, …’

Léitear:

‘1.   Má tá Ballstáit a bhfuil maolú acu ann, …’

e)

Leathanach 21, i dTeideal II, in Airteagal 109l, i bpointe 3

In ionad:

‘3.   Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, …’

Léitear:

‘3.   Má tá agus fad atá Ballstáit a bhfuil maolú acu ann, …’

f)

Leathanach 25, i dTeideal II, i dTeideal XII

In ionad:

‘Gréasáin thraseorpacha’

Léitear:

‘Gréasáin thras-Eorpacha’

g)

Leathanach 25, i dTeideal II, in Airteagal 129b, i bpointe 1

In ionad:

‘1.   rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, …’

Léitear:

‘1.   rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, …’

h)

Leathanach 25, i dTeideal II, in Airteagal 129c, i mír 1, sa chéad fhleasc

In ionad:

‘—

bunóidh an Comhphobal sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán traseorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn;’

Léitear:

‘—

bunóidh an Comhphobal sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán tras-Eorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn;’

i)

Leathanach 26, i dTeideal II, in Airteagal 130d, sa dara mír

In ionad:

‘Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomshaoil agus na ngréasán traseorpach i gcúrsaí bonneagair iompair.’

Léitear:

‘Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomshaoil agus na ngréasán trasEorpach i gcúrsaí bonneagair iompair.’

2.

PRÓTACAIL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH

a)

Leathanach 68, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BHAINC CHEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH, i dteideal an Phrótacail

In ionad:

‘REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BHAINC CHEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH’

Léitear:

‘REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH’

b)

Leathanach 68, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BHAINC CHEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH, sa bhrollach

In ionad:

‘ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus …’

Léitear:

‘ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus …’

c)

Leathanach 69, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BHAINC CHEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH, in Airteagal 1, i bpointe 1.1.

In ionad:

‘Bunófar an Córas Eorpach Bainc Cheannais’

Léitear:

‘Bunófar an Córas Eorpach Banc Ceannais’

d)

Leathanach 73, sna Prótacail, in Airteagal 23, i dteideal an Airteagail

In ionad:

‘Oibríochtaí eachtracha’

Léitear:

‘Oibríochtaí seachtracha’

e)

Leathanach 74, sna Prótacail, in Airteagal 27, i bpointe 27.2.

In ionad:

‘… Airteagal 188b …’

Léitear:

‘… Airteagal 188c …’

f)

Leathanach 77, sna Prótacail, in Airteagal 43, i bpointe 43.2.

In ionad:

‘43.2.

Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát go maolú mar atá sonraithe in Airteagal 109k(1) den Chonradh seo a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.’

Léitear:

‘43.2.

Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát a bhfuil maolú mar atá sonraithe in Airteagal 109k(1) den Chonradh seo acu a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.’

g)

Leathanach 77, sna Prótacail, in Airteagal 44, sa dara mír

In ionad:

‘… Airteagal 109l …’

Léitear:

‘… Airteagal 109k …’

h)

Leathanach 78, sna Prótacail, in Airteagal 47, i bpointe 47.3.

In ionad:

‘47.3.

Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát go maolú a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh an euro, …’

Léitear:

‘47.3.

Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát a bhfuil maolú acu a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh an euro, …’

i)

Leathanach 78, sna Prótacail, in Airteagal 48

In ionad:

‘De mhaolú ar Airteagal 28.3, ní íocfaidh bainc cheannais Bhallstát go maolú a gcaipiteal suibscríofa mura gcinneann an Chomhairle Ghinearálta, …’

Léitear:

‘De mhaolú ar Airteagal 28.3, ní íocfaidh bainc cheannais Bhallstát a bhfuil maolú acu a gcaipiteal suibscríofa mura gcinneann an Chomhairle Ghinearálta, …’

j)

Leathanach 79, sna Prótacail, in Airteagal 53

In ionad:

‘Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, beidh Airteagail 43 go 48 go huile infheidhme.’

Léitear:

‘Má tá agus fad atá Ballstáit a bhfuil maolú acu ann, beidh Airteagail 43 go 48 go huile infheidhme.’

k)

Leathanach 79, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE REACHT NA hINSTITIÚIDE EORPAÍ AIRGEADAÍOCHTA, in Airteagal 2, sa dara fleasc

In ionad:

‘—

trí na hullmhúcháin is gá chun Córas Eorpach Bainc Cheannais (CEBC) a bhunú, …’

Léitear:

‘—

trí na hullmhúcháin is gá chun Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a bhunú, …’

l)

Leathanach 83, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE REACHT NA hINSTITIÚIDE EORPAÍ AIRGEADAÍOCHTA, in Airteagal 17.4

In ionad:

‘Ní bheidh forálacha Airteagal 188b …’

Léitear:

‘Ní bheidh forálacha Airteagal 188c …’

m)

Leathanach 84, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE REACHT NA hINSTITIÚIDE EORPAÍ AIRGEADAÍOCHTA, in Airteagal 23.2

In ionad:

‘Tosóidh an mheicníocht …’

Léitear:

‘Aisghairfear an mheicníocht …’

n)

Leathanach 86, sa PHRÓTACAL MAIDIR LEIS AN DANMHAIRG, sa bhrollach, sa tríú mír

In ionad:

‘Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Chomhphobal iad a chomhlíonadh.’

Léitear:

‘Ní dhéanfaidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh difear do cheart Bhanc Ceannais na Danmhairge a chúraimí láithreacha a bhaineann leis na codanna sin de Ríocht na Danmhairge nach cuid den Chomhphobal iad a chomhlíonadh.’

o)

Leathanach 94, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA, sa chúigiú mír déag

In ionad:

‘… i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach …’

Léitear:

‘… i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach …’

p)

Leathanach 94, sa PHRÓTACAL MAIDIR LE COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA

Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad na míre deiridh:

‘COMHAONTAÍONN SIAD go gcuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh’

3.

AN IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH

Leathanach 99, san Ionstraim Chríochnaitheach, sa DEARBHÚ MAIDIR LE hAIRTEAGAL 73d

In ionad:

‘Ar a shon sin, ní bheidh an dearbhú seo infheidhme ar ghluaiseachtaí caipitil agus ar íocaíochtaí idir Ballstáit.’

Léitear:

‘Ar a shon sin, ní bheidh an dearbhú seo infheidhme ar ghluaiseachtaí caipitil agus ar íocaíochtaí idir na Ballstáit.’


29.3.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/7


MEABHRÁN CEARTAITHEACH

maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997

( IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10 Samhain 1997 )

Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 23 Márta 2010 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh

Leathanach 99, sa Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, in Airteagal 3(1), sa chéad abairt

In ionad:

‘1.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de bhun Theideal IIIa den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus leis sin, beidh an Stát sin i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh.’

Léitear:

‘1.   Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de bhun Theideal IIIa den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin, beidh an Stát sin i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh.’