|
ISSN 1725-2571 doi:10.3000/17252571.CA2009.105.gla |
||
|
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
52 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógraí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú |
|
|
2009/C /01 |
Fógra maidir le comórtas oscailte: Anailísí Ríomhchláraitheora — Tagairt: EF/TA/09/01 |
|
|
2009/C /02 |
||
|
|
||
|
2009/C /03 |
||
|
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 105 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais. |
|
GA |
|
V Fógraí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
|
7.5.2009 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA MAIDIR LE COMÓRTAS OSCAILTE: ANAILÍSÍ RÍOMHCHLÁRAITHEORA
TAGAIRT: EF/TA/09/01
(2009/C 105 A/01)
Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarraidh Anailísí Ríomhchláraitheora a earcú.
Tabharfaidh an té a cheapfar tuairisc do Cheann an Aonaid TFC agus beidh sé nó sí freagrach as gach ní nó as roinnt de na nithe ar an liosta seo a leanas:
|
— |
Microsoft Office SharePoint Server 2007 (MOSS) a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cumraíocht, comhtháthú le córais atá ann, saincheapadh agus ríomhchlárú; |
|
— |
An tInlíon a athdhearadh agus a fhorbairt: réiteach oiriúnach a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar Inlíon reatha Eurofound agus ar na feidhmchláir lena mbaineann; |
|
— |
Riachtanais a anailísiú agus feidhmchláir ghnó a shonrú agus a chur i bhfeidhm, ag oibriú go dlúth le foireann Eurofound ó aonaid ábhartha ghnó; |
|
— |
Feidhmchláir bunaithe ar an Inlíon a chur i bhfeidhm, a dhoiciméadú agus a thacú, ag oibriú go dlúth le conraitheoirí ríomhchlárúcháin seachtracha Eurofound; |
|
— |
Obair dhlúth a dhéanamh le baill eile na foirne TFC chun tacaíocht ghinearálta TFC agus fabhtcheartú a chur ar fáil trí mheán na deisce cabhrach TFC; |
|
— |
Dualgais agus freagrachtaí eile a fhéadfar a shannadh dó nó di; |
Tá an comórtas seo oscailte d'iarrthóirí:
|
— |
a bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu; |
|
— |
atá i dteideal cearta iomlána mar shaoránach; |
|
— |
a chomhlíon aon oibleagáidí curtha i bhfeidhm ag na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata; |
|
— |
atá in ann teistiméireachtaí carachtair a sholáthar maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh; |
|
— |
a bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin den Aontas Eorpach agus a bhfuil eolas sásúil acu ar theanga eile den Aontas, chomh maith le heolas sármhaith ar an mBéarla ós é sin príomhtheanga an Fhorais; |
|
— |
a chríochnaigh ardleibhéal d'oideachas dara leibhéal, arna dheimhniú ag dioplóma a chuireann rochtain ar staidéir ollscoile ar fáil; |
|
— |
a bhfuil trí bliana taithí ar a laghad acu i ndiaidh dóibh an dioplóma a chríochnú, lena n-áirítear dhá bhliain taithí i bpost comhchosúil. |
Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AST, Grád 3, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.
Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódáil ón leathanach folúntas ar láithreán gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána.
Ní mór gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 7 Meitheamh 2009.
|
7.5.2009 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/2 |
FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: BAINISTEOIR TAIGHDE (BAINISTÍOCHT ACMHAINNÍ DAONNA)
TAGAIRT: EF/TA/09/07
(2009/C 105 A/02)
Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarraidh Bainisteoir Taighde (F/B) — Bainistíocht Acmhainní Daonna a earcú.
Beidh an post de Bhainisteoir Taighde — Bainistíocht Acmhainní Daonna bunaithe san Aonad um Chaidreamh Tionsclaíoch agus um Fhorbairtí san Ionad Oibre a fhéachann ar nithe a spreagann athruithe — domhandú, athrú teicneolaíoch agus aosú déimeagrafach — agus a scrúdaíonn tionchar na nithe sin ar an domhan oibre. Tá sé de rún ag an aonad feabhas a chur ar a chumas féachaint ar na saincheisteanna bainteacha d'eagrú oibre, cothromaíocht oibre-saoil, táirgiúlacht, cumas nuálaíocht a dhéanamh, inspreagadh agus forbairt caipitil dhaonna ó dhearcadh cuideachta de.
Beidh saineolas agus cuntas teiste de ghnóthachtáil i mbainistíocht acmhainní daonna idirnáisiúnta ag an té a cheapfar agus d'fhéadfadh sé/sí a t(h)aithí phraiticiúil a úsáid chun cabhrú le dearadh agus cur i bhfeidhm tionscadal taighde sna réimsí thuasluaite. Ag tuairisciú do Cheannaire an Aonaid um Chaidreamh Tionsclaíoch agus um Fhorbairtí san Ionad Oibre, beidh ról príomhúil aige/aici i bhforbairt an treoshuímh nua seo, a bheidh dírithe ar leibhéal na cuideachta.
Tá an comórtas seo oscailte d'iarrthóirí:
|
— |
a bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu; |
|
— |
atá i dteideal cearta iomlána mar shaoránach; |
|
— |
a chomhlíon aon oibleagáidí curtha i bhfeidhm ag na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata; |
|
— |
atá in ann teistiméireachtaí carachtair a sholáthar maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh; |
|
— |
a bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin den Aontas Eorpach agus a bhfuil eolas sásúil acu ar theanga eile den Aontas, chomh maith le heolas sármhaith ar an mBéarla ós é sin príomhtheanga an Fhorais; |
|
— |
a bhfuil oideachas ollscoile de 4 bliana ar a laghad acu, a raibh céim i mBainistíocht Acmhainní Daonna nó i Riarachán Gnó mar thoradh air; |
|
— |
a bhfuil sé bliana ar a laghad de thaithí ábhartha phroifisiúnta acu i ndiaidh bhronnadh na céime ollscoile; |
Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AD, Grád 7, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.
Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódáil ón leathanach folúntas ar láithreán gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána.
Ní mór gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: an 7 Meitheamh 2009.
|
7.5.2009 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/s3 |
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A ‘COMÓRTAS’
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
|
9 |
(DE/EN/FR) |
|
10 |
(IT) |
|
12 |
(DE/FR) |
|
13 |
|
|
14 |
(DE/EN/FR) |
|
16 |
(DE/EN/FR) |
|
17 |
(BG/ET/LT/LV/MT/RO) |
|
20 |
|
|
21 |
(DE/EN/FR) |
|
23 |
|
|
24 |
(DE/FR/NL) |
|
25 |
(BG/ET/LT/LV/MT/RO) |
|
28 |
(DE/EN/FR) |
|
34 |
(FR) |
|
36 |
(GA/EN) |
|
37 |
|
|
38 |
|
|
39 |
(SV) |
|
41 |
(DE/EN/FR) |
|
42 |
(EN) |
|
45 |
|
|
46 |
(DE/EN/FR) |
|
47 |
|
|
52 |
(DA/FI/MT) |
|
58 |
(DE/EN/FR) |
|
59 |
(DE/EN/ES/FR/PT/SV) |
|
62 |
(BG/CS/LT/LV/MT/PL/RO/SK) |
|
63 |
|
|
70 |
|
|
71 |
|
|
75 |
(DE/EN/FR) |
|
80 |
(FR) |
|
84 |
(BG/RO) |
|
86 |
|
|
91 |
|
|
93 |
(BG/RO) |
|
94 |
|
|
95 |
|
|
97 |
(DE/EN/FR) |
|
98 |
|
|
99 |
(GA/EN) |
|
103 |
|
|
104 |
(CS/PL) |
|
105 |
|