ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.CA2009.098.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

52
29 Aibreán 2009


Clár

Leathanach

 

V   Fógraí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO

2009/C /01

Fógra Comórtais Oscailte — EPSO/AD/163/09 — Riarthóirí (AD 6/AD 9) — Sa réimse Cosanta Sonraí

1

2009/C /02

Fógra Comórtais Oscailte — EPSO/AST/90/09 — Cúntóirí (AST 3) — Sa Réimse Cosanta Sonraí

9

 

2009/C /03

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

s3

 


 

(1)   Faoin tagairt C 98 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais.

GA

 


V Fógraí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO

29.4.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/163/09

(2009/C 98 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú trialacha iontrála chomh maith le comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a chruthú óna n-earcófar

RIARTHÓIRÍ (1) (AD 6/AD 9)

SA RÉIMSE COSANTA SONRAÍ

Is é is aidhm don chomórtas seo dhá phainéal a chruthú chun folúntais i bpoist in Oifig an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a líonadh.

Ní mór do na hiarrthóirí a bheith ar an eolas faoi na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte. Tá na forálacha sin foilsithe san Iris Oifigiúil C 47 A an 26.2.2009 agus ar shuíomh gréasáin EPSO. Is cuid dhílis na forálacha ginearálta sin den fhógra comórtais seo agus tá rialacha iontu a bhaineann leis an nós imeachta comórtais agus na modhanna clárúcháin.

INNEACHAR AN DOICIMÉID

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉIL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo de réir gráid

Grád AD 6 = 12

Grád AD 9 = 5

2.

An dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne

2 Meitheamh 2009 ag 12 (meán lae), am na Bruiséile

3.

Nótaí

Tá EPSO ag foilsiú an chomórtais oscailte seo a leanas go comhuaineach:

EPSO/AST/90/09 — Cúntóirí (AST 3) sa réimse cosanta sonraí.

Ós rud é go bhféadfaí na trialacha a eagrú ag an am céanna, ní féidir leis na hiarrthóirí cur isteach ach ar cheann amháin den dá chomórtas seo ag grád amháin. Caithfear an rogha seo a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir athrú tar éis an spriocdháta le haghaidh clárúcháin.

II.   DUALGAIS

RIARTHÓIRÍ (AD 6) SA RÉIMSE COSANTA SONRAÍ

Iarrtar ar na hiarrthóirí na cúraimí sonracha i réimse an chomórtais seo a thabhairt faoi deara, go háirithe:

Brainse an dlí

Tuarascálacha, tuairimí agus cinntí a ullmhú, d'fhonn, ar láimh amháin, cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus cur i bhfeidhm gníomhartha ábhartha eile an Chomhphobail a áirithiú agus, d'fhonn, ar láimh eile, monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí polaitiúla agus reachtacha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta.

Maidir leis an gcuid sin a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, d'fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

comhairle agus faisnéis maidir le dea-chleachtais an réimse seo a thabhairt do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí ar láimh amháin agus comhairle agus faisnéis maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí a thabhairt do na daoine atá freagrach as sonraí a phróiseáil agus do na daoine lena mbaineann ar láimh eile;

gearáin agus iarrataí eile a thagann ó dhaoine lena mbaineann a éisteacht agus a scrúdú, agus imscrúduithe a dhéanamh bunaithe ar ghearán nó ar chonlán an riarthóra féin;

cuidiú le fógraí faoi phróiseáil sonraí don oifigeach cosanta sonraí a ullmhú agus cuidiú le réamhsheiceálacha a dhéanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na hoibríochtaí próiseála a d'fhéadfadh rioscaí ar leith a ardú, nó na réamhsheiceálacha seo a dhéanamh, agus comhairliúcháin a thionscnamh maidir leis an ngá atá leis na réamhsheiceálacha sin;

cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh.

Maidir leis an gcuid sin de na dualgais a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí polaitiúla agus reachtacha, is féidir ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

tuairimí agus gníomhartha reachtacha eile an Chomhphobail agus reachtaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse cosanta sonraí a cheapadh, a fhorbairt, a anailisiú, a léiriú, trácht a dhéanamh orthu agus a gcomhlíonadh a áirithiú, chomh maith le freagra a thabhairt ar mholtaí sa réimse seo nó moltaí a dhéanamh;

taighde a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí ar leibhéal an Chomhphobail agus ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta;

comhairle a thabhairt do na hinstitiúidí inniúla maidir leis na tograí reachtacha agus na bearta ginearálta riaracháin i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

comhoibriú leis na comhlachtaí atá freagrach as cosaint sonraí a fhaire faoi thríú colún an Aontais Eorpaigh, go háirithe d'fhonn comhchuibheas na rialachán agus comhchuibheas bheartas an Aontais maidir le cosaint sonraí a fheabhsú;

dualgais éagsúla a chomhlíonadh i gcás na dlíthíochta, seasaimh a fhorbairt agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na n-institiúidí i ndiospóidí, más gá, os comhair na Cúirte Breithiúnais, an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh nó na Cúirte Céadchéime.

D'fhéadfaí go mbeadh gá le taisteal lasmuigh den ghnáthionad oibre chun na cúraimí seo a chur i gcrích.

Brainse na teicneolaíochta

Tuarascálacha, tuairimí agus cinntí a ullmhú, d'fhonn, ar láimh amháin, cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus cur i bhfeidhm gníomhartha ábhartha eile an Chomhphobail a áirithiú agus, d'fhonn, ar láimh eile, monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí reachtacha agus teicneolaíocha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta.

Maidir leis an gcuid sin a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, d'fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

comhairle agus faisnéis maidir le dea-chleachtais an réimse seo a thabhairt do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí ar láimh amháin agus comhairle agus faisnéis maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí a thabhairt do na daoine atá freagrach as sonraí a phróiseáil agus do na daoine lena mbaineann ar láimh eile;

slándáil córas ríomhaireachta agus córas uathoibrithe a fhorbairt agus a mheasúnú;

cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh i dtimpeallacht chasta ríomhaireachta;

gearáin i dtaobh chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a éisteacht agus a scrúdú, chomh maith le hiarrataí eile a thagann ó dhaoine lena mbaineann a éisteacht agus a scrúdú, agus imscrúduithe a dhéanamh bunaithe ar ghearán nó ar chonlán an riarthóra féin.

Maidir leis an gcuid sin de na dualgais a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí reachtacha agus teicneolaíocha, is féidir ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí bheartas an Chomhphobail agus ar theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta;

comhairle a thabhairt do na hinstitiúidí inniúla maidir le tograí reachtacha agus bearta ginearálta riaracháin a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe i réimse na teicneolaíochtaí nua (aitheantas bithmhéadracht, Aitheantas Radaimhinicíochta (RFID — Radio Frequency Identification, etc.);

cuidiú leis an obair ag céimeanna tosaigh an chláir-réime taighde Eorpaigh agus le tionscadail aonair Eorpacha eile um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch (RTD);

páirt a ghlacadh i seiminéair agus i gcomhdhálacha a bhfuil sé mar aidhm acu na dushláin a bheidh ann sa todhchaí i dtaca leis an mbeartas Eorpach um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch (RTD) a aithint;

cuidiú le coistí comhairleacha maidir leis an gclár réime;

cuidiú leis na hinstitiúidí eorpacha i nós imeachta meastóireachta na dtograí, go háirithe i gcás ina n-ardaíonn na tograí sin ceisteanna maidir le cosaint sonraí;

cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘príobháideacht d'aon ghnó’ (na riachtanais a bhaineann le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir i saolré na bhforbairtí teicneolaíocha nua) a chur chun cinn agus a neartú.

RIARTHÓIRÍ (AD 9) SA RÉIMSE COSANTA SONRAÍ

Áirítear sa phríomhghníomhaíocht cúraimí bainistíochta nó comhordaithe ar fhoireann bheag, agus go háirithe:

páirt a ghlacadh i bhforbairt stratéisí, cuspóirí agus nósanna imeachta i dtaca le cosaint sonraí;

anailís a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus ar an sreabhadh oibre san fhoireann agus iad a bharrfheabhsú d'fhonn na cuspóirí a leagfar síos a bhaint amach;

obair na foirne a eagrú agus monatóireacht ar eagrú na hoibre a áirithiú agus dáileadh éifeachtach na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí i measc bhaill na foirne a chinntiú chun na torthaí lena mbeifear ag súil a fháil;

meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a bhaintear amach na cuspóirí trí mheán táscairí iomchuí agus trí thuarascálacha bainistíochta a scríobh ar na torthaí a fhaightear;

comhlíonadh na bhforálacha rialála agus na nósanna imeachta oifigiúla ag na cinntí agus na hoibríochtaí a chinntiú;

cuidiú leis an ardbhainistíocht meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíochtaí;

éifeachtacht agus cáilíocht obair na foirne a fhorbairt, trí inniúlachtaí aonair bhaill na foirne a chothú agus trí ról traenálaithe a ghlacadh.

Mar aon le príomhghníomhaíocht na bainistíochta nó na comhordaithe, iarrtar ar na hiarrthóirí na cúraimí sonracha i réimse an chomórtais seo a thabhairt faoi deara, go háirithe:

Brainse an dlí

Tuarascálacha, tuairimí agus cinntí a ullmhú, d'fhonn, ar láimh amháin, cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus cur i bhfeidhm gníomhartha ábhartha eile an Chomhphobail a áirithiú agus, d'fhonn, ar láimh eile, monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí polaitiúla agus reachtacha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta.

Maidir leis an gcuid sin a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, d'fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

comhairle agus faisnéis maidir le dea-chleachtais an réimse seo a thabhairt do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí ar láimh amháin agus comhairle agus faisnéis maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí a thabhairt do na daoine atá freagrach as sonraí a phróiseáil agus do na daoine lena mbaineann ar láimh eile;

gearáin agus iarrataí eile a thagann ó dhaoine lena mbaineann a éisteacht agus a scrúdú, agus imscrúduithe a dhéanamh bunaithe ar ghearán nó ar chonlán an riarthóra féin,;

cuidiú le fógraí faoi phróiseáil sonraí don oifigeach cosanta sonraí a ullmhú agus cuidiú le réamhsheiceálacha a dhéanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na hoibríochtaí próiseála a d'fhéadfadh rioscaí ar leith a ardú, nó na réamhsheiceálacha seo a dhéanamh, agus comhairliúcháin a thionscnamh maidir leis an ngá atá leis na réamhsheiceálacha sin;

cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh.

Maidir leis an gcuid sin de na dualgais a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí polaitiúla agus reachtacha, is féidir ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

tuairimí agus gníomhartha reachtacha eile an Chomhphobail agus reachtaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse cosanta sonraí a cheapadh, a fhorbairt, a anailisiú, a léiriú, trácht a dhéanamh orthu agus a gcomhlíonadh a áirithiú, chomh maith le freagra a thabhairt ar mholtaí sa réimse seo nó moltaí a dhéanamh;

taighde a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí ar leibhéal an Chomhphobail agus ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta;

comhairle a thabhairt do na hinstitiúidí inniúla maidir leis na tograí reachtacha agus na bearta ginearálta riaracháin i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

comhoibriú leis na comhlachtaí atá freagrach as cosaint sonraí a fhaire faoi thríú colún an Aontais Eorpaigh, go háirithe d'fhonn comhchuibheas na rialachán agus comhchuibheas bheartas an Aontais maidir le cosaint sonraí a fheabhsú;

dualgais éagsúla a chomhlíonadh i gcás na dlíthíochta, seasaimh a fhorbairt agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na n-institiúidí i ndiospóidí, más gá, os comhair na Cúirte Breithiúnais, an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh nó na Cúirte Céadchéime.

D'fhéadfaí go mbeadh gá le taisteal lasmuigh den ghnáthionad oibre chun na cúraimí seo a chur i gcrích.

Brainse na teicneolaíochta

Tuarascálacha, tuairimí agus cinntí a ullmhú, d'fhonn, ar láimh amháin, cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus cur i bhfeidhm gníomhartha ábhartha eile an Chomhphobail a áirithiú agus, d'fhonn, ar láimh eile, monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí reachtacha agus teicneolaíocha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta.

Maidir leis an gcuid sin a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, d'fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

comhairle agus faisnéis maidir le dea-chleachtais an réimse seo a thabhairt do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí ar láimh amháin agus comhairle agus faisnéis maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí a thabhairt do na daoine atá freagrach as sonraí a phróiseáil agus do na daoine lena mbaineann ar láimh eile;

slándáil córas ríomhaireachta agus córas uathoibrithe a fhorbairt agus a mheasúnú;

cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh i dtimpeallacht chasta ríomhaireachta;

gearáin i dtaobh chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a éisteacht agus a scrúdú, chomh maith le hiarrataí eile a thagann ó dhaoine lena mbaineann a éisteacht agus a scrúdú, agus imscrúduithe a dhéanamh bunaithe ar ghearán nó ar chonlán an riarthóra féin.

Maidir leis an gcuid sin de na dualgais a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí reachtacha agus teicneolaíocha, d'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí bheartas an Chomhphobail agus ar theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta;

comhairle a thabhairt do na hinstitiúidí inniúla maidir le tograí reachtacha agus bearta ginearálta riaracháin a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe i réimse na teicneolaíochtaí nua (aitheantas bithmhéadracht, Aitheantas Radaimhinicíochta (RFID — Radio Frequency Identification, etc.);

cuidiú leis an obair ag céimeanna tosaigh an chláir-réime taighde Eorpaigh agus le tionscadail aonair Eorpacha eile um thaighde agus forbairt theicneolaíoch;

páirt a ghlacadh i seiminéair agus i gcomhdhálacha a bhfuil sé mar aidhm acu na dushláin a bheidh ann sa todhchaí i dtaca leis an mbeartas Eorpach um thaighde agus forbairt theicneolaíoch a aithint;

cuidiú le coistí comhairleacha maidir leis an gclár réime;

cuidiú leis na hinstitiúidí eorpacha i nós imeachta meastóireachta na dtograí, go háirithe i gcás ina n-ardaíonn na tograí sin ceisteanna maidir le cosaint sonraí;

cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘príobháideacht d'aon ghnó’ (na riachtanais a bhaineann le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir i saolré na bhforbairtí teicneolaíocha nua) a chur chun cinn agus a neartú.

Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá á lorg ag na hinstitiúidí ar fáil in Alt 1.2 de na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, ní mór don iarrthóir na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhall:

1.   COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA

a)

É a bheith ina shaoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

b)

É a bheith i dteideal a láncheart mar shaoránach.

c)

Aon oibleagáid a cheanglaíonn an dlí air i dtaca le seirbhís mhíleata a chomhall.

d)

Na riachtanais charachtair a theastaíonn chun na dualgais i gceist a chomhall.

2.   COINNÍOLLACHA SONRACHA

2.1.

Céim/Cáilíocht

Grád AD 6

Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do thréimhse iomlán trí bliana ag staidéar san ollscoil agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh.

Grád AD 9

 

a)

Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do thréimhse iomlán ag staidéar san ollscoil agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh nuair is ceithre bliana nó níos mó gnáthachar na tréimhse staidéir sin.

nó b)

Leibhéal oideachais a fhreagraíonn do thréimhse iomlán ag staidéar san ollscoil agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh, mar aon le taithí ghairmiúil ábhartha bliana ina dhiaidh sin nuair is trí bliana nó níos lú gnáthachar na tréimhse staidéir sin. Ní féidir an taithí ghairmiúil bliana seo a chur san áireamh i mblianta na taithí gairmiúla atá riachtanach faoi 2.2 thíos.

2.2.

Taithí ghairmiúils

Grád AD 6

Tar éis na céime/cáilíochta, taithí ghairmiúil 4 bliana ar a laghad ag leibhéal ollscoile. Ba cheart 2 bhliain ar a laghad a bheith faighte i gceann amháin den dá bhrainse a bhaineann leis an réimse cosanta sonraí (brainse an dlí nó brainse na teicneolaíochta).

Grád AD 9

Taithí ghairmiúil 10 mbliana ar a laghad ag leibhéal ollscoile. Ba cheart 5 bliana ar a laghad den taithí sin a bheith faighte i gceann amháin den dá bhrainse a bhaineann leis an réimse cosanta sonraí (brainse an dlí nó brainse na teicneolaíochta). Caithfear an taithí seo a bheith faighte:

a)

tar éis na céime/cáilíochta atá riachtanach faoi 2.1.a)

nó b)

tar éis na céime/cáilíochta agus sabhreis ar an taithí ghairmiúil atá riachtanach faoi 2.1.b)

2.3.

Eolas ar theangacha

a)

Teanga 1

Príomhtheanga: eolas an-mhaith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: (BG) an Bhulgáiris, (CS) an tSeicis, (DA) an Danmhairgis, (DE) an Ghearmáinis, (EL) an Ghréigis, (EN) an Béarla, (ES) an Spáinnis, (ET) an Eastóinis, (FI) an Fhionlainnis, (FR) an Fhraincis, (GA) an Ghaeilge, (HU) an Ungáiris, (IT) an Iodáilis, (LT) an Liotuáinis, (LV) an Laitvis, (MT) an Mháltais, (NL) an Ollainnis, (PL) an Pholainnis, (PT) an Phortaingéilis, (RO) an Rómáinis, (SK) an tSlóvaicis, (SL) an tSlóivéinis nó (SV) an tSualainnis.

agus

 

b)

Teanga 2

Dara teanga (de riachtanas éagsúil ó theanga 1): eolas sásúil ar an mBéarla nó ar an bhFraincis.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Más rud é, ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, go bhfuil líon na hiarrthóirí os cionn:

Más rud é, ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, go bhfuil líon na hiarrthóirí cothrom le nó níos lú ná:

Grád AD 6 = 96

Grád AD 9 = 40

Grád AD 6 = 96

Grád AD 9 = 40

eagrófar trialacha iontrála.

ní eagrófar trialacha iontrála.

Is iad na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha iontrála dóibh na hiarrthóirí a dheimhnigh, le linn clárúcháin ar líne, gur chomhall siad coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

 

Triail a)

Sraith de cheisteanna ilroghnacha chun eolas ar an Aontas Eorpach, ar a chuid institiúidí agus ar a chuid beartas a mheasúnú.

Triail marcáilte as 10 (pas: 5)

Am ceadaithe: +/- 20 nóiméad

 

Triail b)

Sraith de cheisteanna ilroghnacha chun cumas ginearálta na n-iarrthóirí maidir lena scileanna réasúnaíochta briathartha agus uimhríochta a mheasúnú.

Triail marcáilte as 20 (pas: 10)

Am ceadaithe: +/- 50 nóiméad

 

Ní chaillfear marcanna as freagraí míchearta.

Reachtálfar na trialacha iontrála sa dara teanga.

 

V.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.

TRIALACHA SCRÍOFA

A.

Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh

LE TRIALACHA IONTRÁLA

GAN TRIALACHA IONTRÁLA

Na hiarrthóirí () a fuair na marcanna is fearr (féach thíos) sna trialacha iontrála mar aon le pasmharc i ngach ceann de na trialacha sin agus a chomhallann, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne siad le linn dóibh clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III:

Gach iarrthóir a chomhallann, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne siad le linn dóibh clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III:

Grád AD 6 = 60

Grád AD 9 = 25

 

B.

Trialacha

1.

Leagan amach, marcáil agus am ceadaithe

a)

Trialacha ar ábhar de rogha na n-iarrthóirí sa réimse ábhartha, chun na nithe seo a leanas a mheas:

eolas na n-iarrthóirí,

a gcumas tuisceana, anailíse agus achoimrithe agus

a gcumas scríbhneoireachta.

As 40 (pas: 20)

Am ceadaithe: 2 uair

b)

Nóta gearr a scríobh, i bpríomhtheanga an iarrthóra, ina gcuirfear in iúl argóintí agus conclúidí na trialach scríofa a). Is é is aidhm don triail seo máistreacht an iarrthóra ar a phríomhtheanga a scrúdú, i dtaobh cháilíocht na scríbhneoireachta mar aon lena cur i láthair.

As 10 (pas: 8)

Am ceadaithe: 30 nóiméad

2.

Teanga

Triail a): teanga 2

Triail b): teanga 1

2.

BÉALTRIAIL

A.

Iarrthóirí incháilithe

Na hiarrthóirí a fuair na marcanna is fearr () (féach thuas) sna trialacha scríofa mar aon le pasmharc i ngach ceann de na trialacha sin agus a chomhallann, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta a ghabhann lena n-iarratas, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III:

Grád AD 6 = 24

Grád AD 9 = 10

B.

Triail

1.

Leagan amach, marcáil agus am ceadaithe

Agallamh leis an mbord roghnúcháin ionas go mbeifear in ann na nithe seo a leanas a mheas:

inniúlacht an iarrthóra na dualgais atá sonraithe i Roinn II a chomhlíonadh;

saineolas an iarrthóra sa réimse ábhartha;

eolas an iarrthóra ar an Aontas Eorpach, ar a chuid Institiúidí agus ar a chuid beartas;

inspreagthacht an iarrthóra agus a chumas dul i dtaithí ar obair na seirbhíse sibhialta Eorpaí i dtimpeallacht ilchultúrtha.

As 50 (pas: 25)

Am ceadaithe: +/- 45 nóiméad

2.

Teanga

Reachtálfar an t-agallamh sa teanga atá sonraithe ag an iarrthóir san iarratas mar dhara teanga ach déanfar a eolas ar an bpríomhtheanga a mheas freisin.

3.

Láthair

Mura dtugtar a mhalairt le fios, is sa Bhruiséil a thionólfar an bhéaltriail.

VI.   PAINÉIL

1.

Ainmniúchán ar na painéil

Cuirfidh an bord roghnúcháin ainmneacha na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is fearr () sna trialacha scríofa agus sa bhéaltriail le chéile agus an pasmharc sa dá thriail sin (féach Roinn I.1) ar na painéil.

2.

Aicmiú

Déanfar liosta a tharraingt suas de réir gráid, de réir grúpaí fiúntais (4 ghrúpa ar a mhéid) agus in ord aibítire laistigh de gach grúpa fiúntais.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárúchán ar líne

Ní mór do na hiarrthóirí clárú go leictreonach tríd an nós imeachta a shonraítear ar shuíomh na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne a leanúint.

Spriocdháta: 2 Meitheamh 2009 ag 12 (meán lae), am na Bruiséile

2.

An t-iarratas a sheoladh

Iarrfar ar na hiarrthóirí dá dtagraítear faoi Roinn V.1.A, cóip amháin dá n-iarratais leictreonacha a phriontáil, a shíniú agus a sheoladh, trí mheán a gcuntas EPSO agus na doiciméid tacaíochta ábhartha ina dteannta, chuig an seoladh seo a leanas:

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

C 80

Comórtas oscailte EPSO/AD/163/09

1049 An Bhruiséil/Brussels

An Bheilg/Belgium

Modhanna: féach Alt 2.4 de na forálacha ginearálta agus sonracha is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl do na hiarrthóirí, trí mheán a gcuntas EPSO, sa litir ina dtabharfar cuireadh dóibh iarratas a chur isteach.


(1)  Is ionann gach tagairt don fhirinscne agus tagairt don dá inscne, fireann agus baineann.

(2)  IO L 8, 12.1.2001, lch 1.


29.4.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/9


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/90/09

(2009/C 98 A/02)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú trialacha iontrála chomh maith le comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a chruthú óna n-earcófar

CÚNTÓIRÍ (1) (AST 3)

SA RÉIMSE COSANTA SONRAÍ

Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a chruthú chun folúntais i bpoist in Oifig an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a líonadh.

Ní mór do na hiarrthóirí a bheith ar an eolas faoi na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte. Tá na forálacha sin foilsithe san Iris Oifigiúil C 47 A an 26.2.2009 agus ar shuíomh gréasáin EPSO. Is cuid dhílis na forálacha ginearálta sin den fhógra comórtais seo agus tá rialacha iontu a bhaineann leis an nós imeachta comórtais agus na modhanna clárúcháin.

INNEACHAR AN DOICIMÉID

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉAL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo

8

2.

An dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne

2 Meitheamh 2009 ag 12 (meán lae), am na Bruiséile

3.

Nótaí

Tá EPSO ag foilsiú an chomórtais oscailte seo a leanas go comhuaineach:

EPSO/AD/163/09 — Riarthóirí (AD 6/AD 9) sa réimse cosanta sonraí.

Ós rud é go bhféadfaí na trialacha a eagrú ag an am céanna, ní féidir leis na hiarrthóirí cur isteach ach ar cheann amháin den dá chomórtas seo. Caithfear an rogha seo a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir athrú tar éis an spriocdháta le haghaidh clárúcháin.

II.   DUALGAIS

Is iad na cúraimí sonracha i réimse an chomórtais reatha, cuidiú le tuarascálacha, tuairimí agus cinntí a ullmhú, d'fhonn, ar láimh amháin, cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus cur chun feidhme gníomhartha ábhartha eile an Chomhphobail a áirithiú agus, d'fhonn, ar láimh eile, monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí polaitiúla, dlí nó teicneolaíocha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta.

Is féidir na cúraimí seo a leanas, go háirithe, a bheith san áireamh sna dualgais atá le comhlíonadh:

cuidiú leis na gníomhaíochtaí chun comhairle agus faisnéis maidir le dea-chleachtais an réimse seo a thabhairt do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí ar láimh amháin agus comhairle agus faisnéis maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí a thabhairt do na daoine atá freagrach as sonraí a phróiseáil agus do na daoine lena mbaineann ar láimh eile;

cuidiú le gearáin agus le hiarrataí eile a thagann ó dhaoine lena mbaineann a éisteacht agus a scrúdú, agus imscrúduithe a dhéanamh, bunaithe ar ghearáin nó ar chonlán an riarthóra féin;

cuidiú le fógraí faoi phróiseáil sonraí don oifigeach cosanta sonraí a ullmhú agus cuidiú le réamhsheiceálacha a dhéanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na hoibríochtaí próiseála a d'fhéadfadh rioscaí ar leith a ardú, nó na réamhsheiceálacha seo a dhéanamh, agus comhairliúcháin a thionscnamh maidir leis an ngá atá leis na réamhsheiceálacha sin;

cuidiú le tuairimí agus gníomhartha reachtacha ábhartha eile an Chomhphobail agus reachtaíocht an Chomhphobail sa réimse cosanta sonraí a cheapadh, a fhorbairt agus a anailísiú;

cuidiú le taighde a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí nó teicneolaíocha ar leibhéal an Chomhphobail agus ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta;

cuidiú le gníomhaíochtaí cigireachta agus iniúchta;

taifid agus comhaid leictreonacha a choinneáil agus a áirithiú go ndéantar na doiciméid chuí a scaipeadh ar iarraidh sin ag baill eile na foirne.

D'fhéadfaí go mbeadh gá le taisteal lasmuigh den ghnáthionad oibre chun na cúraimí seo a chur i gcrích.

Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá á lorg ag na hinstitiúidí ar fáil in Alt 1.2 de na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, ní mór don iarrthóir na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhall:

1.   COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA

a)

É a bheith ina shaoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

b)

É a bheith i dteideal a láncheart mar shaoránach.

c)

Aon oibleagáid a cheanglaíonn an dlí air i dtaca le seirbhís mhíleata a chomhall.

d)

Na riachtanais charachtair a theastaíonn chun na dualgais i gceist a chomhall.

2.   COINNÍOLLACHA SONRACHA

2.1.

Céim/Cáilíocht

a)

Leibhéal oideachais tríú leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh.

nó b)

Leibhéal oideachais meánscoile, agus cáilíocht bainte amach ag an deireadh a thabharfadh rochtain ar oideachas tríú leibhéal, mar aon le taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin. Ní féidir an taithí ghairmiúil 3 bliana seo a chur san áireamh i mblianta na taithí gairmiúla atá riachtanach faoi 2.2 thíos.

2.2.

Taithí ghairmiúil

 

Taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad. Ba cheart 2 bhliain ar a laghad den taithí sin a bheith faighte sa réimse cosanta sonraí. Caithfear an taithí seo a bheith faighte:

a)

tar éis na céime/cáilíochta atá riachtanach faoi 2.1.a)

nó b)

tar éis na céime/cáilíochta agus sa bhreis ar an taithí ghairmiúil atá riachtanach faoi 2.1.b)

2.3.

Eolas ar theangacha

a)

Teanga 1

Príomhtheanga: eolas an-mhaith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: (BG) an Bhulgáiris, (CS) an tSeicis, (DA) an Danmhairgis, (DE) an Ghearmáinis, (EL) an Ghréigis, (EN) an Béarla, (ES) an Spáinnis, (ET) an Eastóinis, (FI) an Fhionlainnis, (FR) an Fhraincis, (GA) an Ghaeilge, (HU) an Ungáiris, (IT) an Iodáilis, (LT) an Liotuáinis, (LV) an Laitvis, (MT) an Mháltais, (NL) an Ollainnis, (PL) an Pholainnis, (PT) an Phortaingéilis, (RO) an Rómáinis, (SK) an tSlóvaicis, (SL) an tSlóivéinis nó (SV) an tSualainnis.

agus

 

b)

Teanga 2

Dara teanga (de riachtanas éagsúil ó theanga 1): eolas sásúil ar an mBéarla nó ar an bhFraincis.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Más rud é, ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, go bhfuil líon na hiarrthóirí os cionn:

Más rud é, ar an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin ar líne, go bhfuil líon na hiarrthóirí cothrom le nó níos lú ná:

Grád AST 3 = 64

Grád AST 3 = 64

eagrófar trialacha iontrála.

ní eagrófar trialacha iontrála.

Is iad na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha iontrála dóibh na hiarrthóirí a dheimhnigh, le linn clárúcháin ar líne, gur chomhall siad coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

 

Triail a)

Sraith de cheisteanna ilroghnacha chun eolas ar an Aontas Eorpach, ar a chuid institiúidí agus ar a chuid beartas a mheasúnú.

Triail marcáilte as 10 (pas: 5)

Am ceadaithe::: +/- 20 nóiméad

 

Triail b)

Sraith de cheisteanna ilroghnacha chun cumas ginearálta na n-iarrthóirí maidir lena scileanna réasúnaíochta briathartha agus uimhríochta a mheasúnú.

Triail marcáilte as 20 (pas: 10)

Am ceadaithe: +/- 50 nóiméad

 

Ní chaillfear marcanna as freagraí míchearta.

Reachtálfar na trialacha iontrála sa dara teanga.

 

V.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.   TRIALACHA SCRÍOFA

A.

Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh

LE TRIALACHA IONTRÁLA

GAN TRIALACHA IONTRÁLA

Na 40 iarrthóir () a fuair na marcanna is fearr sna trialacha iontrála mar aon le pasmharc i ngach ceann de na trialacha sin agus a chomhallann, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne siad le linn dóibh clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

Gach iarrthóir a chomhallann, i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne siad le linn dóibh clárú ar líne, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

B.

Trialacha

1.

Leagan amach, marcáil agus am ceadaithe

(a)

Trialacha ar ábhar de rogha na n-iarrthóirí sa réimse ábhartha, chun na nithe seo a leanas a mheas:

eolas na n-iarrthóirí,

a gcumas tuisceana, anailíse agus achoimrithe agus

a gcumas scríbhneoireachta.

As 40 (pas: 20)

Am ceadaithe: 2 uair

(b)

Nóta gearr a scríobh, i bpríomhtheanga an iarrthóra, ina gcuirfear in iúl argóintí agus conclúidí na trialach scríofa (a). Is é is aidhm don triail seo máistreacht an iarrthóra ar a phríomhtheanga a scrúdú, i dtaobh cháilíocht na scríbhneoireachta mar aon lena cur i láthair.

As 10 (pas: 8)

Am ceadaithe: 30 nóiméad

2.

Teanga

Triail a): teanga 2

Triail b): teanga 1

2   BÉALTRIAIL

A.

Iarrthóirí incháilithe

Na 16 iarrthóirí a fuair na marcanna is fearr () sna trialacha scríofa mar aon le pasmharc i ngach ceann de na trialacha sin agus a chomhallann, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta a ghabhann lena n-iarratas, coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

B.

Triail

1.

Leagan amach, marcáil agus am ceadaithe

Agallamh leis an mbord roghnúcháin ionas go mbeifear in ann na nithe seo a leanas a mheas:

inniúlacht an iarrthóra na dualgais atá sonraithe i Roinn II a chomhlíonadh;

saineolas an iarrthóra sa réimse ábhartha;

eolas an iarrthóra ar an Aontas Eorpach, ar a chuid Institiúidí agus ar a chuid beartas;

inspreagthacht an iarrthóra agus a chumas dul i dtaithí ar obair na seirbhíse sibhialta Eorpaí i dtimpeallacht ilchultúrtha.

As 50 (pas: 25)

Am ceadaithe: +/- 30 nóiméad

2.

Teanga

Reachtálfar an t-agallamh sa teanga atá sonraithe ag an iarrthóir san iarratas mar dhara teanga ach déanfar a eolas ar an bpríomhtheanga a mheas freisin.

3.

Láthair

Mura dtugtar a mhalairt le fios, is sa Bhruiséil a thionólfar an bhéaltriail.

VI.   PAINÉAL

1.

Ainmniúchán ar an bpainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin ainmneacha na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is fearr () sna trialacha scríofa agus sa bhéaltriail le chéile mar aon le pasmharc sa dá thriail sin (féach Roinn I.1) ar an bpainéal.

2.

Aicmiú

Déanfar an liosta a tharraingt suas de réir grúpa fiúntais (4 ghrúpa ar a mhéid) agus in ord aibítre laistigh de gach grúpa fiúntais.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárúchán ar líne

Ní mór do na hiarrthóirí clárú go leictreonach agus an nós imeachta a shonraítear ar shuíomh na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne a leanúint.

Spriocdháta: 2 Meitheamh 2009 ag 12 (meán lae), am na Bruiséile

2.

An t-iarratas a sheoladh

Iarrfar ar na hiarrthóirí dá dtagraítear faoi Roinn V.1.A, cóip amháin dá n-iarratais leictreonacha a phriontáil, a shíniú agus a sheoladh, trí mheán a gcuntas EPSO agus na doiciméid tacaíochta ábhartha ina dteannta, chuig an seoladh seo a leanas:

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

C 80

Comórtas oscailte EPSO/AST/90/09

1049 An Bhruiséil/Brussels

An Bheilg/Belgium

Modhanna: féach Alt 2.4 de na forálacha ginearálta agus sonracha is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl do na hiarrthóirí, trí mheán a gcuntas EPSO, sa litir ina dtabharfar cuireadh dóibh iarratas a chur isteach.


(1)  Is ionann gach tagairt don fhirinscne agus tagairt don dá inscne, fireann agus baineann.

(2)  IO L 8, 12.01.2001, lch 1.


29.4.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/s3


ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A ‘COMÓRTAS’

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

9

(DE/EN/FR)

10

(IT)

12

(DE/FR)

13

 

14

(DE/EN/FR)

16

(DE/EN/FR)

17

(BG/ET/LT/LV/MT/RO)

20

 

21

(DE/EN/FR)

23

 

24

(DE/FR/NL)

25

(BG/ET/LT/LV/MT/RO)

28

(DE/EN/FR)

34

(FR)

36

(GA/EN)

37

 

38

 

39

(SV)

41

(DE/EN/FR)

42

(EN)

45

 

46

(DE/EN/FR)

47

 

52

(DA/FI/MT)

58

(DE/EN/FR)

59

(DE/EN/ES/FR/PT/SV)

62

(BG/CS/LT/LV/MT/PL/RO/SK)

63

 

70

 

71

 

75

(DE/EN/FR)

80

(FR)

84

(BG/RO)

86

 

91

 

93

(BG/RO)

94

 

95

 

97

(DE/EN/FR)

98