ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

52
17 Feabhra 2009


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2009/C /01

Comhsheasamh (CE) Uimh. 3/2009 an 20 Samhain 2008 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i dtaca le táirgí cosanta plandaí ( 2 )

1

2009/C /02

Comhsheasamh (CE) Uimh. 4/2009 an 17 Nollaig 2008 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta a chur chun feidhme ( 3 )

26

 

2009/C /03

Nóta don léitheoir(Féach ar leathanach 3 den chlúdach)

s3

 


 

(1)   Faoin tagairt C 38 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

 

(3)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus leis an Eilvéis

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

17.2.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 3/2009

a ghlac an Chomhairle an 20 Samhain 2008

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le staidreamh i dtaca le táirgí cosanta plandaí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2009/C 38 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos Séú Clár Gníomhaíochta an Chomhphobail (3) aithníodh nach mór tionchar lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáidtear sa talmhaíocht, a laghdú a thuilleadh. Dearbhaíodh an gá atá le húsáid níos inbhuanaithe a bhaint as lotnaidicídí agus iarradh go ndéanfaí rioscaí agus úsáid iomlán lotnaidicídí a laghdú go suntasach i gcomhréir leis an gcosaint barr is gá.

(2)

Ina Theachtaireacht chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, dar teideal ‘I dTreo Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí’, d'aithin an Coimisiún an gá a bhí le staidreamh mionsonraithe, comhchuibhithe agus cothrom le dáta maidir le díolacháin agus úsáid lotnaidicídí ar leibhéal an Chomhphobail. Tá gá le staidreamh den sórt sin chun go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le forbairt inbhuanaithe agus chun táscairí iomchuí a ríomh i leith rioscaí don tsláinte agus don chomhshaol a bhaineann le húsáid lotnaidicídí.

(3)

Tá staidreamh Comhphobail comhchuibhithe agus inchomparáide i ndáil le díolacháin agus le húsáid lotnaidicídí riachtanach chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais an Chomhphobail i gcomhthéacs na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí.

(4)

Ós rud é nach mbeidh éifeachtaí Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithchídeacha a chur ar an margadh (4) le feiceáil go dtí i bhfad tar éis 2006, nuair a bheidh an chéad mheastóireacht críochnaithe ar shubstaintí gníomhacha atá le húsáid i dtáirgí bithchídeacha, níl dóthain eolais nó taithí ag an gCoimisiún ná ag formhór na mBallstát chun tuilleadh beart maidir le bithchídí a mholadh. Dá bhrí sin, ba cheart do raon feidhme an Rialacháin seo a bheith teoranta do tháirgí cosanta plandaí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (5), a bhfuarthas taithí leathan ina leith ó thaobh sonraí a bhailiú.

(5)

Léirigh taithí an Choimisiúin i mbailiú sonraí maidir le díolacháin agus úsáid táirgí cosanta plandaí le blianta fada anuas go bhfuil gá ann do mhodheolaíocht chomhchuibhithe chun staidreamh a bhailiú ar leibhéal an Chomhphobail, ón gcéim ina gcuirtear ar an margadh iad agus ó na húsáideoirí araon. Lena chois sin, i ngeall ar an aidhm atá ann táscairí riosca cruinne a ríomh de réir chuspóirí na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, caithfidh an staidreamh a bheith mionsonraithe go dtí leibhéal na substaintí gníomhacha.

(6)

I measc na roghanna éagsúla i ndáil le bailiú sonraí a ndearnadh meastóireacht orthu i measúnú iarmharta na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, moladh gurb é bailiú sainordaitheach sonraí an rogha ab fhearr ionas go bhféadfaí sonraí cruinne agus iontaofa a fhorbairt go tapa agus go cost-éifeachtúil maidir le margú agus úsáid na dtáirgí cosanta plandaí.

(7)

Is é Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (6) an creat tagartha d'fhorálacha an Rialacháin seo. Go háirithe, ceanglaítear leis nach mór cloí le caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, ábharthachta, cost-éifeachtachta, rúndachta staidrimh agus trédhearcachta.

(8)

Tá tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh á rialú ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (7). Le bearta a ghlactar de réir na Rialachán sin, áirithítear cosaint fhisiceach agus loighciúil ar shonraí rúnda agus cinntítear nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach nó úsáid nach mbaineann le staidreamh nuair a dhéanfar staidreamh Comhphobail a sholáthar agus a scaipeadh.

(9)

Ba cheart go n-áiritheofaí an chosaint rúndachta sonraí is gá maidir le sonraí a bhfuil luach tráchtála acu, trí comhiomlánú cuí a dhéanamh nuair a bheidh staidreamh á fhoilsiú, agus ar bhealaí eile.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh na torthaí inchomparáide, ba cheart staidreamh maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar fáil i gcomhréir le miondealú sonraithe, i bhfoirm chuí agus laistigh de thréimhse shocraithe ó dheireadh na bliana tagartha mar a shainmhínítear in Iarscríbhinní an Rialacháin seo.

(11)

Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8).

(12)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an limistéar atá faoi chóireáil a shainiú agus Iarscríbhinn III a chur in oiriúint. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(13)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid agus a chur ar an margadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (9) ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus cuspóirí

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus a úsáid.

2.   Beidh feidhm ag an staidreamh seo maidir leis na nithe seo a leanas:

méideanna bliantúla na dtáirgí cosanta plandaí a chuirfear ar an margadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I,

méideanna bliantúla na dtáirgí cosanta plandaí a úsáidtear sa talmhaíocht i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

3.   Mar aon le sonraí ábhartha eile, fónfaidh an staidreamh seo, go háirithe, chun críocha Airteagal 14 de Threoir 2009/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe de lotnaidicídí a chur i gcrích (5).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘táirgí cosanta plandaí’ táirgí cosanta plandaí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009;

(b)

ciallaíonn ‘substaintí’ substaintí mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009, lena n-áirítear substaintí gníomhacha, sábháilteoirí agus sineirgígh;

(c)

ciallaíonn ‘substaintí gníomhacha’ substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009;

(d)

ciallaíonn ‘sábháilteoirí’ sábháilteoirí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009;

(e)

ciallaíonn ‘sineirgígh’ sineirgígh dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009;

(f)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ cur ar an margadh mar a shainmhínítear é i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009;

(g)

ciallaíonn ‘sealbhóir údaraithe’ sealbhóir údaraithe mar a shainmhínítear é i bpointe (20) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009;

(h)

ciallaíonn ‘úsáid sa talmhaíocht’ aon chur in úsáid de tháirge cosanta plandaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirgeadh na dtáirgí plandaí i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíoch de chuid gabháltais talmhaíochta;

(i)

ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ úsáideoir gairmiúil mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d'Airteagal 3 de Threoir 2009/…/CE;

(j)

ciallaíonn ‘gabháltas talmhaíochta’ gabháltas talmhaíochta mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus maidir leis an suirbhé ar mhodhanna na táirgeachta talmhaíochta (5).

Airteagal 3

Bailiú, tarchur agus próiseáil na sonraí

1.   Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá chun na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a shonrú ar na bealaí seo a leanas:

suirbhéanna,

oibleagáidí a bhaineann le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh; go háirithe, oibleagáidí de bhun Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009,

na hoibleagáidí is infheidhme ar úsáideoirí gairmiúla, a bheidh bunaithe ar thaifid a choimeádfar maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí; go háirithe, oibleagáidí de bhun Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh,

foinsí riaracháin, nó

teaglaim de na bealaí sin, lena n-áirítear nósanna imeachta do mheastachán staidrimh ar bhonn breithiúnas saineolaithe nó ar bhonn samhlacha.

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) torthaí an staidrimh, lena n-áirítear sonraí rúnda, i gcomhréir leis na sceidil agus de réir na tréimhsiúlachta a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II. Tíolacfar na sonraí de réir an aicmithe a thugtar in Iarscríbhinn III.

3.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí i bhfoirm leictreonach, a bheidh ag teacht le formáid theicniúil iomchuí a ghlacfaidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

4.   Ar chúiseanna rúndachta, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) comhiomlánú ar na sonraí sula bhfoilseofar iad de réir na n-aicmí ceimiceacha nó de réir chatagóirí na dtáirgí atá léirithe in Iarscríbhinn III, agus cosaint sonraí rúnda ar leibhéal na mBallstát aonair á chur san áireamh mar is cuí. I gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97, ní úsáidfidh údaráis náisiúnta nó an Coimisiún (Eurostat) sonraí rúnda ach amháin chun críocha staidrimh.

Airteagal 4

Measúnú cáilíochta

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh na gnéithe seo a leanas den mheasúnú cáilíochta infheidhme maidir leis na sonraí a bheidh le tarchur:

tagraíonn ‘ábharthacht’ don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha na n-úsáideoirí agus na riachtanais a d'fhéadfadh a bheith acu;

tagraíonn ‘cruinneas’ do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

tagraíonn ‘tráthúlacht’ don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an teagmhas nó an feiniméan a ndéantar cur síos orthu san fhaisnéis;

tagraíonn ‘poncúlacht’ don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta faoinar cheart iad a bheith seachadta;

tagraíonn ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléire’ do na coinníollacha agus do na modhanna trínar féidir leis na húsáideoirí na sonraí a fháil, a úsáid agus a léiriú;

tagraíonn ‘inchomparáideacht’ do thomhas a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa an staidrimh fheidhmigh, in uirlisí tomhais agus i nósanna imeachta tomhais nuair a dhéantar staidreamh a chur i gcomparáid idir limistéir gheografacha, idir fearainn earnálacha nó thar am;

tagraíonn ‘comhleanúnachas’ dá leordhóthanaí is atá na sonraí chun a gcomhcheangailte go hiontaofa, i slite éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

2.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirfear agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a mheasúnú.

Airteagal 5

Bearta cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún an fhormáid theicniúil iomchuí maidir le sonraí a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

2.   Glacfaidh an Coimisiún an sainmhíniú ar an ‘limistéar atá faoi chóireáil’ dá dtagraítear in Roinn 2 d'Iarscríbhinn II. An beart sin, ar beart é a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

3.   Féadfaidh an Coimisiún aicmiú comhchuibhithe na substaintí, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn III, a leasú chun críocha a oiriúnaithe d'athruithe i liosta na substaintí gníomhacha a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009. Na bearta sin, ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

Airteagal 6

An nós imeachta coiste

1.   Cuideoidh an Coiste um an gClár Staidrimh leis an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás go ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 7

Tuarascáil

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach cúig bliana. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, go háirithe, ar cháilíocht na sonraí a tarchuireadh, dá dtagraítear in Airteagal 4, an t-ualach ar ghnólachtaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na córais náisiúnta riaracháin agus a úsáidí agus atá an staidreamh sin i gcomhthéacs na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, go háirithe maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1. Beidh tograí sa tuarascáil, más iomchuí, a cheaptar chun feabhas breise a chur ar cháilíocht na sonraí agus chun an t-ualach a laghdú ar ghnólachtaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar an riarachán náisiúnta.

Tíolacfar an chéad tuarascáil faoin 1 Eanair … (10).

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh, …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 256, 27.10.2007, lch. 86.

(2)  Tuairim ó Phairlimint na hEorpa an 12 Márta 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Comhsheasamh ón gComhairle an 20 Samhain 2008 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(4)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(5)  IO L …

(6)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.

(7)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

(8)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(9)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(10)  An bhliain atá ocht mbliana ón mbliain ar glacadh leis an Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN I

STAIDREAMH MAIDIR LE TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ A CHUR AR AN MARGADH

ROINN 1

Cuimsiú

Cuimseoidh an staidreamh substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i dtáirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh i ngach Ballstát. Déanfar iarracht ar leith áireamh dúbailte a sheachaint i gcás go ndéanfar an táirge a athriochtú nó i gcás go ndéanfar an t-údarú a thraschur idir sealbhóirí údaraithe.

ROINN 2

Athróga

Gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn III, tiomsófar an chainníocht di atá i dtáirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh.

ROINN 3

Miosúr don tuairisciú

Is mar chileagraim de shubstaintí a thuairisceofar na sonraí.

ROINN 4

Tréimhse thagartha

Is í an bhliain féilire an tréimhse thagartha.

ROINN 5

An chéad tréimhse thagartha, tréimhsiúlacht agus tarchur na dtorthaí

1.

Is í an chéad tréimhse thagartha an dara bliain féilire tar éis … (1).

2.

Soláthróidh na Ballstáit sonraí maidir le gach bliain féilire i ndiaidh na chéad tréimhse tagartha.

3.

Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

ROINN 6

Tuarascáil cháilíochta

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta ar fáil don Choimisiún (Eurostat), dá dtagraítear in Airteagal 4, ina sonrófar:

an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

gnéithe ábhartha na cáilíochta de réir na modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

tuairisc ar na meastacháin, na comhiomláin agus na modhanna eisiatachta a úsáideadh.

Tarchuirfear an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.


(1)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN II

STAIDREAMH I DTACA LE HÚSÁID TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ SA TALMHAÍOCHT

ROINN 1

Cuimsiú

1.

Cuimseoidh an staidreamh na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i dtáirgí cosanta plandaí atá in úsáid sa talmhaíocht ar gach barr roghnaithe i ngach Ballstát.

2.

Cinnfidh gach Ballstát na barra a chuimseofar i rith na tréimhse cúig bliana a shainítear i Roinn 5. Déanfar an rogha sin chun sampla ionadaíoch a thabhairt de na barra a shaothraítear sa Bhallstát agus de na substaintí atá in úsáid.

Agus na barra á roghnú, cuirfear san áireamh na barra is mó ábharthacht do na pleananna náisiúnta gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/…/CE.

ROINN 2

Athróga

Tiomsófar na hathróga seo a leanas maidir le gach barr a roghnaítear:

(a)

cainníocht gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i dtáirgí cosanta plandaí a úsáidtear ar an mbarr sin, agus

(b)

an limistéar atá á chóireáil le gach substaint.

ROINN 3

Miosúir don tuairisciú

1.

Is mar chileagraim a thuairisceofar cainníochtaí na substaintí.

2.

Is mar heicteáir a thuairisceofar na limistéir atá faoi chóireáil.

ROINN 4

Tréimhse thagartha

1.

Is éard a bheidh sa tréimhse thagartha, i bprionsabal, uastréimhse de 12 mhí a chuimseoidh na cóireálacha cosanta plandaí uile a bhaineann leis an mbarr.

2.

Is í an bhliain inar thosaigh an fómhar a thuairisceofar mar an tréimhse thagartha.

ROINN 5

An chéad tréimhse thagartha, tréimhsiúlacht agus tarchur na dtorthaí

1.

Do gach tréimhse cúig bliana, tiomsóidh na Ballstáit staidreamh i dtaca le húsáid na dtáirgí cosanta plandaí maidir le gach barr arna roghnú laistigh de thréimhse thagartha mar a shainítear i Roinn 4.

2.

Féadfaidh na Ballstáit tréimhse thagartha a roghnú tráth ar bith laistigh den tréimhse cúig bliana. Féadfar rogha neamhspleách a dhéanamh do gach barr roghnaithe.

3.

Tosóidh an chéad tréimhse cúig bliana leis an gcéad bhliain féilire tar éis … (1).

4.

Soláthróidh na Ballstáit sonraí i gcomhair gach tréimhse cúig bliana.

5.

Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí ó dheireadh gach tréimhse cúig bliana.

ROINN 6

Tuarascáil cháilíochta

Agus na torthaí á dtarchur acu, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta, dá dtagraítear in Airteagal 4, ar fáil don Choimisiún (Eurostat), ina sonrófar:

dearadh na modheolaíochta samplála;

an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

meastachán maidir le tábhacht choibhneasta na mbarr arna gcumhdach le hais méid iomlán na dtáirgí cosanta plandaí atá in úsáid;

gnéithe ábhartha na cáilíochta de réir na modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

comparáid idir sonraí na dtáirgí cosanta plandaí a úsáideadh i rith na tréimhse cúig bliana agus na táirgí cosanta plandaí a cuireadh ar an margadh i rith na gcúig bliana a chomhfhreagraíonn di.


(1)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN III

AICMIÚ COMHCHUIBHITHE NA SUBSTAINTÍ

Príomhghrúpaí

Cód

Aicme Cheimiceach

Ainmneacha coitianta na substaintí

CAS RN (1)

CIPAC (2)

Catagóirí na dtáirgí

 

 

Ainmníocht Choitianta

 

 

Fungaicídí agus Baictéiricídí

F0

 

 

 

 

Fungaicídí neamhorgánacha

F1

 

 

 

 

 

F1.1

COMHDHÚILE COPAIR

COMHDHÚILE UILE COPAIR

 

44

 

F1.1

 

MEASCÁN BHORDEAUX

8011-63-0

44

 

F1.1

 

HIODROCSAÍD CHOPAIR

20427-59-2

44

 

F1.1

 

OCSACLÓIRÍD CHOPAIR

1332-40-7

44

 

F1.1

 

SULFÁIT CHOPAIR TRÍBHUNATA

1333-22-8

44

 

F1.1

 

OCSAÍD (I) CHOPAIR

1319-39-1

44

 

F1.1

 

SALAINN EILE CHOPAIR

 

44

 

F1.2

SULFAIR NEAMHORGÁNACH

SULFAIR

7704-34-9

18

 

F1.3

FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE

FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE

 

 

Fungaicídí ar carbamáití agus déthiacarbamáití is bonn dóibh

F2

 

 

 

 

 

F2.1

FUNGAICÍDÍ CARBANALÁITE

DIETHOFENCARB

87130-20-9

513

 

F2.2

FUNGAICÍDÍ CARBAMÁITE

BENTHIAVALICARB

413615-35-7

744

 

F2.2

 

IPROVALICARB

140923-17-7

620

 

F2.2

 

PROPAMOCARB

24579-73-5

399

 

F2.3

FUNGAICÍDÍ DÉTHIACARBAMÁITÍ

MANCOZEB

8018-01-7

34

 

F2.3

 

MANEB

12427-38-2

61

 

F2.3

 

METIRAM

9006-42-2

478

 

F2.3

 

PROPINEB

12071-83-9

177

 

F2.3

 

THIRAM

137-26-8

24

 

F2.3

 

ZIRAM

137-30-4

31

Fungaicídí ar beinsimíodasóilí is bonn dóibh

F3

 

 

 

 

 

F3.1

FUNGAICÍDÍ BEINSIMÍODASÓILÍ

CARBENDAZIM

10605-21-7

263

 

F3.1

 

FUBERIDAZOLE

3878-19-1

525

 

F3.1

 

THIABENDAZOLE

148-79-8

323

 

F3.1

 

THIOPHANATE-METHYL

23564-05-8

262

Fungaicídí ar imíodasóilí agus trí-asóilí is bonn dóibh

F4

 

 

 

 

 

F4.1

FUNGAICÍDÍ CONASÓILE

BITERTANOL

55179-31-2

386

 

F4.1

 

BROMUCONAZOLE

116255-48-2

680

 

F4.1

 

CYPROCONAZOLE

94361-06-5

600

 

F4.1

 

DIFENOCONAZOLE

119446-68-3

687

 

F4.1

 

DINICONAZOLE

83657-24-3

690

 

F4.1

 

EPOXICONAZOLE

106325-08-0

609

 

F4.1

 

ETRIDIAZOLE

2593-15-9

518

 

F4.1

 

FENBUCONAZOLE

114369-43-6

694

 

F4.1

 

FLUQUINCONAZOLE

136426-54-5

474

 

F4.1

 

FLUSILAZOLE

85509-19-9

435

 

F4.1

 

FLUTRIAFOL

76674-21-0

436

 

F4.1

 

HEXACONAZOLE

79983-71-4

465

 

F4.1

 

IMAZALIL (ENILCONAZOLE)

58594-72-2

335

 

F4.1

 

METCONAZOLE

125116-23-6

706

 

F4.1

 

MYCLOBUTANIL

88671-89-0

442

 

F4.1

 

PENCONAZOLE

66246-88-6

446

 

F4.1

 

PROPICONAZOLE

60207-90-1

408

 

F4.1

 

PROTHIOCONAZOLE

178928-70-6

745

 

F4.1

 

TEBUCONAZOLE

107534-96-3

494

 

F4.1

 

TETRACONAZOLE

112281-77-3

726

 

F4.1

 

TRIADIMENOL

55219-65-3

398

 

F4.1

 

TRICYCLAZOLE

41814-78-2

547

 

F4.1

 

TRIFLUMIZOLE

99387-89-0

730

 

F4.1

 

TRITICONAZOLE

131983-72-7

652

 

F4.2

FUNGAICÍDÍ IMÍODASÓIL

CYAZOFAMIDE

120116-88-3

653

 

F4.2

 

FENAMIDONE

161326-34-7

650

 

F4.2

 

TRIAZOXIDE

72459-58-6

729

Fungaicídí ar morfóilíní is bonn dóibh

F5

 

 

 

 

 

F5.1

FUNGAICÍDÍ MORFÓILÍN

DIMETHOMORPH

110488-70-5

483

 

F5.1

 

DODEMORPH

1593-77-7

300

 

F5.1

 

FENPROPIMORPH

67564-91-4

427

Fungaicídí eile

F6

 

 

 

 

 

F6.1

FUNGAICÍDÍ NITRIGINE ALFATAIGH

CYMOXANIL

57966-95-7

419

 

F6.1

 

DODINE

2439-10-3

101

 

F6.1

 

GUAZATINE

108173-90-6

361

 

F6.2

FUNGAICÍDÍ AIMÍDE

BENALAXYL

71626-11-4

416

 

F6.2

 

BOSCALID

188425-85-6

673

 

F6.2

 

FLUTOLANIL

66332-96-5

524

 

F6.2

 

MEPRONIL

55814-41-0

533

 

F6.2

 

METALAXYL

57837-19-1

365

 

F6.2

 

METALAXYL-M

70630-17-0

580

 

F6.2

 

PROCHLORAZ

67747-09-5

407

 

F6.2

 

SILTHIOFAM

175217-20-6

635

 

F6.2

 

TOLYLFLUANID

731-27-1

275

 

F6.2

 

ZOXAMIDE

156052-68-5

640

 

F6.3

FUNGAICÍDÍ AINILÍDE

CARBOXIN

5234-68-4

273

 

F6.3

 

FENHEXAMID

126833-17-8

603

 

F6.4

FUNGAICÍDÍ-BAICTÉIRICÍDÍ ANTAIBHEATHACHA

KASUGAMYCIN

6980-18-3

703

 

F6.4

 

POLYOXINS

11113-80-7

710

 

F6.4

 

STREPTOMYCIN

57-92-1

312

 

F6.5

FUNGAICÍDÍ ARAMATACHA

CHLOROTHALONIL

1897-45-6

288

 

F6.5

 

DICLORAN

99-30-9

150

 

F6.6

FUNGAICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE

IPRODIONE

36734-19-7

278

 

F6.6

 

PROCYMIDONE

32809-16-8

383

 

F6.7

FUNGAICÍDÍ DÉNÍOTRANAILÍN

FLUAZINAM

79622-59-6

521

 

F6.8

FUNGAICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL

DINOCAP

39300-45-3

98

 

F6.9

FUNGAICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

FOSETYL

15845-66-6

384

 

F6.9

 

TOLCLOFOS-METHYL

57018-04-9

479

 

F6.10

FUNGAICÍDÍ OCSASÓIL

HYMEXAZOL

10004-44-1

528

 

F6.10

 

FAMOXADONE

131807-57-3

594

 

F6.10

 

VINCLOZOLIN

50471-44-8

280

 

F6.11

FUNGAICÍDÍ FEINILPIORÓIL

FLUDIOXONIL

131341-86-1

522

 

F6.12

FUNGAICÍDÍ TAILIMÍDE

CAPTAN

133-06-2

40

 

F6.12

 

FOLPET

133-07-3

75

 

F6.13

FUNGAICÍDÍ PIRIMIDÍN

BUPIRIMATE

41483-43-6

261

 

F6.13

 

CYPRODINIL

121552-61-2

511

 

F6.13

 

FENARIMOL

60168-88-9

380

 

F6.13

 

MEPANIPYRIM

110235-47-7

611

 

F6.13

 

PYRIMETHANIL

53112-28-0

714

 

F6.14

FUNGAICÍDÍ CUINEOILÍN

QUINOXYFEN

124495-18-7

566

 

F6.14

 

8-HYDROXYQUINOLINE SULFATE

134-31-6

677

 

F6.15

FUNGAICÍDÍ CUINEOIN

DITHIANON

3347-22-6

153

 

F6.16

FUNGAICÍDÍ STRÓBALÚRACHA

AZOXYSTROBIN

131860-33-8

571

 

F6.16

 

DIMOXYSTROBIN

149961-52-4

739

 

F6.16

 

FLUOXASTROBIN

361377-29-9

746

 

F6.16

 

KRESOXIM-METHYL

143390-89-0

568

 

F6.16

 

PICOXYSTROBINE

117428-22-5

628

 

F6.16

 

PYRACLOSTROBINE

175013-18-0

657

 

F6.16

 

TRIFLOXYSTROBINE

141517-21-7

617

 

F6.17

FUNGAICÍDÍ ÚIRÉ

PENCYCURON

66063-05-6

402

 

F6.18

FUNGAICÍDÍ NEAMHAICMITHE

ACIBENZOLAR

126448-41-7

597

 

F6.18

 

BENZOIC ACID

65-85-0

622

 

F6.18

 

DICHLOROPHEN

97-23-4

325

 

F6.18

 

FENPROPIDIN

67306-00-7

520

 

F6.18

 

METRAFENONE

220899-03-6

752

 

F6.18

 

2-PHENYPHENOL

90-43-7

246

 

F6.18

 

SPIROXAMINE

118134-30-8

572

 

F6. 19

FUNGAICÍDÍ EILE

FUNGAICÍDÍ EILE

 

 

Luibhicídí, Gas-scriostóirí agus Scriostóirí caonaigh

H0

 

 

 

 

Luibhicídí ar feanocs-fíteahormóin is bonn dóibh

H1

 

 

 

 

 

H1.1

LUIBHICÍDÍ FEANOCSACHA

2,4-D

94-75-7

1

 

H1.1

 

2,4-DB

94-82-6

83

 

H1.1

 

DICHLORPROP-P

15165-67-0

476

 

H1.1

 

MCPA

94-74-6

2

 

H1.1

 

MCPB

94-81-5

50

 

H1.1

 

MECOPROP

7085-19-0

51

 

H1.1

 

MECOPROP-P

16484-77-8

475

Luibhicídí ar trí-aisín agus trí-aisíonóin is bonn dóibh

H2

 

 

 

 

 

H2.1

LUIBHICÍDÍ MEITILTIAITHRÍ-AISÍN

METHOPROTRYNE

841-06-5

94

 

H2.2

LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍN

SIMETRYN

1014-70-6

179

 

H2.2

 

TERBUTHYLAZINE

5915-41-3

234

 

H2.3

LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍONÓIN

METAMITRON

41394-05-2

381

 

H2.3

 

METRIBUZIN

21087-64-9

283

Luibhicídí ar aimídí agus ainilíde is bonn dóibh

H3

 

 

 

 

 

H3.1

LUIBHICÍDÍ AIMÍDE

BEFLUBUTAMID

113614-08-7

662

 

H3.1

 

DIMETHENAMID

87674-68-8

638

 

H3.1

 

FLUPOXAM

119126-15-7

8158

 

H3.1

 

ISOXABEN

82558-50-7

701

 

H3.1

 

NAPROPAMIDE

15299-99-7

271

 

H3.1

 

PETHOXAMIDE

106700-29-2

665

 

H3.1

 

PROPYZAMIDE

23950-58-5

315

 

H3.2

LUIBHICÍDÍ AINILÍDE

DIFLUFENICAN

83164-33-4

462

 

H3.2

 

FLORASULAM

145701-23-1

616

 

H3.2

 

FLUFENACET

142459-58-3

588

 

H3.2

 

METOSULAM

139528-85-1

707

 

H3.2

 

METAZACHLOR

67129-08-2

411

 

H3.2

 

PROPANIL

709-98-8

205

 

H3.3

LUIBHICÍDÍ CLÓRAICÉATAINILÍDE

ACETOCHLOR

34256-82-1

496

 

H3.3

 

ALACHLOR

15972-60-8

204

 

H3.3

 

DIMETHACHLOR

50563-36-5

688

 

H3.3

 

PRETILACHLOR

51218-49-6

711

 

H3.3

 

PROPACHLOR

1918-16-7

176

 

H3.3

 

S-METOLACHLOR

87392-12-9

607

Luibhicídí ar carbamáití agus bios-carbamáití is bonn dóibh

H4

 

 

 

 

 

H4.1

LUIBHICÍDÍ BIOS-CARBAMÁITE

CHLORPROPHAM

101-21-3

43

 

H4.1

 

DESMEDIPHAM

13684-56-5

477

 

H4.1

 

PHENMEDIPHAM

13684-63-4

77

 

H4.2

LUIBHICÍDÍ CARBAMÁITE

ASULAM

3337-71-1

240

 

H4.2

 

CARBETAMIDE

16118-49-3

95

Luibhicídí ar déníotranailín agus díorthaigh is bonn dóibh

H5

 

 

 

 

 

H5.1

LUIBHICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL

BENFLURALIN

1861-40-1

285

 

H5.1

 

BUTRALIN

33629-47-9

504

 

H5.1

 

ETHALFLURALIN

55283-68-6

516

 

H5.1

 

ORYZALIN

19044-88-3

537

 

H5.1

 

PENDIMETHALIN

40487-42-1

357

 

H5.1

 

TRIFLURALIN

2582-09-8

183

Luibhicídí ar díorthaigh úiré, úraicile nó sulfóiniolúiré is bonn dóibh

H6

 

 

 

 

 

H6.1

LUIBHICÍDÍ SULFÓINIOLÚIRE

AMIDOSULFURON

120923-37-7

515

 

H6.1

 

AZIMSULFURON

120162-55-2

584

 

H6.1

 

BENSULFURON

99283-01-9

502

 

H6.1

 

CHLORSULFURON

64902-72-3

391

 

H6.1

 

CINOSULFURON

94593-91-6

507

 

H6.1

 

ETHOXYSULFURON

126801-58-9

591

 

H6.1

 

FLAZASULFURON

104040-78-0

595

 

H6.1

 

FLUPYRSULFURON

150315-10-9

577

 

H6.1

 

FORAMSULFURON

173159-57-4

659

 

H6.1

 

IMAZOSULFURON

122548-33-8

590

 

H6.1

 

IODOSULFURON

185119-76-0

634

 

H6.1

 

MESOSULFURON

400852-66-6

663

 

H6.1

 

METSULFURON

74223-64-6

441

 

H6.1

 

NICOSULFURON

111991-09-4

709

 

H6.1

 

OXASULFURON

144651-06-9

626

 

H6.1

 

PRIMISULFURON

113036-87-6

712

 

H6.1

 

PROSULFURON

94125-34-5

579

 

H6.1

 

RIMSULFURON

122931-48-0

716

 

H6.1

 

SULFOSULFURON

141776-32-1

601

 

H6.1

 

THIFENSULFURON

79277-67-1

452

 

H6.1

 

TRIASULFURON

82097-50-5

480

 

H6.1

 

TRIBENURON

106040-48-6

546

 

H6.1

 

TRIFLUSULFURON

135990-29-3

731

 

H6.1

 

TRITOSULFURON

142469-14-5

735

 

H6.2

LUIBHICÍDÍ ÚRAICILE

LENACIL

2164-08-1

163

 

H6.3

LUIBHICÍDÍ ÚIRÉ

CHLORTOLURON

15545-48-9

217

 

H6.3

 

DIURON

330-54-1

100

 

H6.3

 

FLUOMETURON

2164-17-2

159

 

H6.3

 

ISOPROTURON

34123-59-6

336

 

H6.3

 

LINURON

330-55-2

76

 

H6.3

 

METHABENZTHIAZURON

18691-97-9

201

 

H6.3

 

METOBROMURON

3060-89-7

168

 

H6.3

 

METOXURON

19937-59-8

219

Luibhicídí eile

H7

 

 

 

 

 

H7.1

LUIBHICÍDÍ AIRIOLOCSAIFEANOCSAPRÓIPIANACHA

CLODINAFOP

114420-56-3

683

 

H7.1

 

CYHALOFOP

122008-85-9

596

 

H7.1

 

DICLOFOP

40843-25-2

358

 

H7.1

 

FENOXAPROP-P

113158-40-0

484

 

H7.1

 

FLUAZIFOP-P-BUTYL

79241-46-6

395

 

H7.1

 

HALOXYFOP

69806-34-4

438

 

H7.1

 

HALOXYFOP-R

72619-32-0

526

 

H7.1

 

PROPAQUIZAFOP

111479-05-1

713

 

H7.1

 

QUIZALOFOP

76578-12-6

429

 

H7.1

 

QUIZALOFOP-P

94051-08-8

641

 

H7.2

LUIBHICÍDÍ BEINSEAFÚRÁIN

ETHOFUMESATE

26225-79-6

233

 

H7.3

LUIBHICÍDÍ AIGÉID BHEANSÓIGH

CHLORTHAL

2136-79-0

328

 

H7.3

 

DICAMBA

1918-00-9

85

 

H7.4

LUIBHICÍDÍ DÉPHIRIDILIAM

DIQUAT

85-00-7

55

 

H7.4

 

PARAQUAT

4685-14-7

56

 

H7.5

LUIBHICÍDÍ CIOGLAIHEACSÁINDÉ-ÓIN

CLETHODIM

99129-21-2

508

 

H7.5

 

CYCLOXYDIM

101205-02-1

510

 

H7.5

 

TEPRALOXYDIM

149979-41-9

608

 

H7.5

 

TRALKOXYDIM

87820-88-0

544

 

H7.6

LUIBHICÍDÍ DÉ-AISÍN

PYRIDATE

55512-33-9

447

 

H7.7

LUIBHICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE

CINIDON-ETHYL

142891-20-1

598

 

H7.7

 

FLUMIOXAZIN

103361-09-7

578

 

H7.8

LUIBHICÍDÍ ÉITEAR DÉFHEINILE

ACLONIFEN

74070-46-5

498

 

H7.8

 

BIFENOX

42576-02-3

413

 

H7.8

 

NITROFEN

1836-75-5

170

 

H7.8

 

OXYFLUORFEN

42874-03-3

538

 

H7.9

LUIBHICÍDÍ IMÍODASÓILÍONÓIN

IMAZAMETHABENZ

100728-84-5

529

 

H7.9

 

IMAZAMOX

114311-32-9

619

 

H7.9

 

IMAZETHAPYR

81335-77-5

700

 

H7.10

LUIBHICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA

AMMONIUM SULFAMATE

7773-06-0

679

 

H7.10

 

CHLORATES

7775-09-9

7

 

H7.11

LUIBHICÍDÍ ISEACSASÓIL

ISOXAFLUTOLE

141112-29-0

575

 

H7.12

LUIBHICÍDÍ MORFAICTINE

FLURENOL

467-69-6

304

 

H7.13

LUIBHICÍDÍ NITRÍLE

BROMOXYNIL

1689-84-5

87

 

H7.13

 

DICHLOBENIL

1194-65-6

73

 

H7.13

 

IOXYNIL

1689-83-4

86

 

H7.14

LUIBHICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

GLUFOSINATE

51276-47-2

437

 

H7.14

 

GLYPHOSATE

1071-83-6

284

 

H7.15

LUIBHICÍDÍ FEINILPIORASÓIL

PYRAFLUFEN

129630-19-9

605

 

H7.16

LUIBHICÍDÍ PIRIDAISÍONÓIN

CHLORIDAZON

1698-60-8

111

 

H7.16

 

FLURTAMONE

96525-23-4

569

 

H7.17

LUIBHICÍDÍ PIRIDÍNCARBOCSAIMÍDE

PICOLINAFEN

137641-05-5

639

 

H7.18

LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDÍNCARBOCSAILIGH

CLOPYRALID

1702-17-6

455

 

H7.18

 

PICLORAM

1918-02-1

174

 

H7.19

LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDILOCSAICÉITIGH

FLUROXYPYR

69377-81-7

431

 

H7.19

 

TRICLOPYR

55335-06-3

376

 

H7.20

LUIBHICÍDÍ CUINEOILÍN

QUINCLORAC

84087-01-4

493

 

H7.20

 

QUINMERAC

90717-03-6

563

 

H7.21

LUIBHICÍDÍ TIAIDÉ-AISÍN

BENTAZONE

25057-89-0

366

 

H7.22

LUIBHICÍDÍ TIACARBAMÁITE

EPTC

759-94-4

155

 

H7.22

 

MOLINATE

2212-67-1

235

 

H7.22

 

PROSULFOCARB

52888-80-9

539

 

H7.22

 

THIOBENCARB

28249-77-6

388

 

H7.22

 

TRI-ALLATE

2303-17-5

97

 

H7.23

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓIL

AMITROL

61-82-5

90

 

H7.24

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓILÍONÓIN

CARFENTRAZONE

128639-02-1

587

 

H7.25

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓLÓIN

PROPOXYCARBAZONE

145026-81-9

655

 

H7.26

LUIBHICÍDÍ TRÍCHÉATÓIN

MESOTRIONE

104206-82-8

625

 

H7.26

 

SULCOTRIONE

99105-77-8

723

 

H7.27

LUIBHICÍDÍ NEAMHAICMITHE

CLOMAZONE

81777-89-1

509

 

H7.27

 

FLUROCHLORIDONE

61213-25-0

430

 

H7.27

 

QUINOCLAMINE

2797-51-5

648

 

H7.27

 

METHAZOLE

20354-26-1

369

 

H7.27

 

OXADIARGYL

39807-15-3

604

 

H7.27

 

OXADIAZON

19666-30-9

213

 

H7.27

LUIBHICÍDÍ EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH

LUIBHICÍDÍ EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH

 

 

Feithidicídí agus Acairicídí

I0

 

 

 

 

Feithidicídí ar pireatróideacha is bonn dóibh

I1

 

 

 

 

 

I1.1

FEITHIDICÍDÍ PIREATRÓIDEACHA

ACRINATHRIN

101007-06-1

678

 

I1.1

 

ALPHA-CYPERMETHRIN

67375-30-8

454

 

I1.1

 

BETA-CYFLUTHRIN

68359-37-5

482

 

I1.1

 

BETA-CYPERMETHRIN

65731-84-2

632

 

I1.1

 

BIFENTHRIN

82657-04-3

415

 

I1.1

 

CYFLUTHRIN

68359-37-5

385

 

I1.1

 

CYPERMETHRIN

52315-07-8

332

 

I1.1

 

DELTAMETHRIN

52918-63-5

333

 

I1.1

 

ESFENVALERATE

66230-04-4

481

 

I1.1

 

ETOFENPROX

80844-07-1

471

 

I1.1

 

GAMMA-CYHALOTHRIN

76703-62-3

768

 

I1.1

 

LAMBDA-CYHALOTHRIN

91465-08-6

463

 

I1.1

 

TAU-FLUVALINATE

102851-06-9

432

 

I1.1

 

TEFLUTHRIN

79538-32-2

451

 

I1.1

 

ZETA-CYPERMETHRIN

52315-07-8

733

Feithidicídí ar hidreacarbóin chlóirínithe is bonn dóibh

I2

 

 

 

 

 

I2.1

FEITHIDICÍDÍ ORGÁNACLÓIRÍN

DICOFOL

115-32-2

123

 

I2.1

 

TETRASUL

2227-13-6

114

Feithidicídí ar carbamáití agus ocsaím-charbamáití is bonn dóibh

I3

 

 

 

 

 

I3.1

FEITHIDICÍDÍ OCSAÍM-CHARBAMÁITE

METHOMYL

16752-77-5

264

 

I3.1

 

OXAMYL

23135-22-0

342

 

I3.2

FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE

BENFURACARB

82560-54-1

501

 

I3.2

 

CARBARYL

63-25-2

26

 

I3.2

 

CARBOFURAN

1563-66-2

276

 

I3.2

 

CARBOSULFAN

55285-14-8

417

 

I3.2

 

FENOXYCARB

79127-80-3

425

 

I3.2

 

FORMETANATE

22259-30-9

697

 

I3.2

 

METHIOCARB

2032-65-7

165

 

I3.2

 

PIRIMICARB

23103-98-2

231

Feithidicídí ar orgánafosfáit is bonn dóibh

I4

 

 

 

 

 

I4.1

FEITHIDICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

AZINPHOS-METHYL

86-50-0

37

 

I4.1

 

CADUSAFOS

95465-99-9

682

 

I4.1

 

CHLORPYRIFOS

2921-88-2

221

 

I4.1

 

CHLORPYRIFOS-METHYL

5589-13-0

486

 

I4.1

 

COUMAPHOS

56-72-4

121

 

I4.1

 

DIAZINON

333-41-5

15

 

I4.1

 

DICHLORVOS

62-73-7

11

 

I4.1

 

DIMETHOATE

60-51-5

59

 

I4.1

 

ETHOPROPHOS

13194-48-4

218

 

I4.1

 

FENAMIPHOS

22224-92-6

692

 

I4.1

 

FENITROTHION

122-14-5

35

 

I4.1

 

FOSTHIAZATE

98886-44-3

585

 

I4.1

 

ISOFENPHOS

25311-71-1

412

 

I4.1

 

MALATHION

121-75-5

12

 

I4.1

 

METHAMIDOPHOS

10265-92-6

355

 

I4.1

 

NALED

300-76-5

195

 

I4.1

 

OXYDEMETON-METHYL

301-12-2

171

 

I4.1

 

PHOSALONE

2310-17-0

109

 

I4.1

 

PHOSMET

732-11-6

318

 

I4.1

 

PHOXIM

14816-18-3

364

 

I4.1

 

PIRIMIPHOS-METHYL

29232-93-7

239

 

I4.1

 

TRICHLORFON

52-68-6

68

Feithidicídí ar táirgí bitheolaíocha agus luibheolaíocha is bonn dóibh

I5

 

 

 

 

 

I5.1

FEITHIDICÍDÍ BITHEOLAÍOCHA

AZADIRACHTIN

11141-17-6

627

 

I5.1

 

NICOTINE

54-11-5

8

 

I5.1

 

PYRETHRINS

8003-34-7

32

 

I5.1

 

ROTENONE

83-79-4

671

Feithidicídí eile

I6

 

 

 

 

 

I6.1

FEITHIDICÍDI ATHÁIRGTEAR TRÍ CHOIPEADH

ABAMECTIN

71751-41-2

495

 

I6.1

 

MILBEMECTIN

51596-10-2

51596-11-3

660

 

I6.1

 

SPINOSAD

168316-95-8

636

 

I6.3

FEITHIDICÍDÍ BEANSÓILÚIRÉ

DIFLUBENZURON

35367-38-5

339

 

I6.3

 

FLUFENOXURON

101463-69-8

470

 

I6.3

 

HEXAFLUMURON

86479-06-3

698

 

I6.3

 

LUFENURON

103055-07-8

704

 

I6.3

 

NOVALURON

116714-46-6

672

 

I6.3

 

TEFLUBENZURON

83121-18-0

450

 

I6.3

 

TRIFLUMURON

64628-44-0

548

 

I6.4

FEITHIDICÍDÍ CARBASÁITE

BIFENAZATE

149877-41-8

736

 

I6.5

FEITHIDICÍDÍ DIAISILHIODRAISÍN

METHOXYFENOZIDE

161050-58-4

656

 

I6.5

 

TEBUFENOZIDE

112410-23-8

724

 

I6.6

RIALAITHEOIRÍ FÁIS FEITHIDÍ

BUPROFEZIN

69327-76-0

681

 

I6.6

 

CYROMAZINE

66215-27-8

420

 

I6.6

 

HEXYTHIAZOX

78587-05-0

439

 

I6.7

FERAMÓIN FEITHIDE

(E,Z)-9-DODECENYL ACETATE

35148-19-7

422

 

I6.8

FEITHIDICÍDÍ NÍTREAGUAINIDÍNE

CLOTHIANIDIN

210880-92-5

738

 

I6.8

 

THIAMETHOXAM

153719-23-4

637

 

I6.9

FEITHIDICÍDÍ ORGANÁSTÁIN

AZOCYCLOTIN

41083-11-8

404

 

I6.9

 

CYHEXATIN

13121-70-5

289

 

I6.9

 

FENBUTATIN OXIDE

13356-08-6

359

 

I6.10

FEITHIDICÍDÍ OCSAIDÉ-AISÍN

INDOXACARB

173584-44-6

612

 

I6.11

FEITHIDICÍDÍ ÉITEAR FEINILE

PYRIPROXYFEN

95737-68-1

715

 

I6.12

FEITHIDICÍDÍ PIORASÓIL (FEINILE)

FENPYROXIMATE

134098-61-6

695

 

I6.12

 

FIPRONIL

120068-37-3

581

 

I6.12

 

TEBUFENPYRAD

119168-77-3

725

 

I6.13

FEITHIDICÍDÍ PIRIDÍN

PYMETROZINE

123312-89-0

593

 

I6.14

FEITHIDICÍDÍ PIRIDILMEITIOLAIMÍN

ACETAMIPRID

135410-20-7

649

 

I6.14

 

IMIDACLOPRID

138261-41-3

582

 

I6.14

 

THIACLOPRID

111988-49-9

631

 

I6.15

FEITHIDICÍDÍ EISTEAR SUILFÍTE

PROPARGITE

2312-35-8

216

 

I6.16

FEITHIDICÍDÍ TEATRAISÍN

CLOFENTEZINE

74115-24-5

418

 

I6.17

FEITHIDICÍDÍ AIGÉID THEATRÓNAIGH

SPIRODICLOFEN

148477-71-8

737

 

I6.18

FEITHIDICÍDÍ (CARBAMÓIL-) TRÍ-ASÓIL

TRIAZAMATE

112143-82-5

728

 

I6.19

FEITHIDICÍDÍ ÚIRÉ

DIAFENTHIURON

80060-09-9

8097

 

I6.20

FEITHIDICÍDÍ NEAMHAICMITHE

ETOXAZOLE

153233-91-1

623

 

I6.20

 

FENAZAQUIN

120928-09-8

693

 

I6.20

 

PYRIDABEN

96489-71-3

583

 

I6.21

FEITHIDICÍDÍ EILE-ACAIRICÍDÍ

FEITHIDICÍDÍ EILE-ACAIRICÍDÍ

 

 

Moiliscicídí, iomlán:

M0

 

 

 

 

Moiliscicídí

M1

 

 

 

 

 

M1.1

FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE

THIODICARB

59669-26-0

543

 

M1.2

MOILISCICÍDÍ EILE

FERRIC PHOSPHATE

10045-86-0

629

 

M1.2

 

METALDEHYDE

108-62-3

62

 

M1.2

 

MOILISCICÍDÍ EILE

 

 

Rialaitheoirí Fáis Phlandaí, iomlán:

PGR0

 

 

 

 

Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis phlandaí

PGR1

 

 

 

 

 

PGR1.1

RIALAITHEOIRÍ FISEOLAÍOCHA FÁIS PHLANDAÍ

CHLORMEQUAT

999-81-5

143

 

PGR1.1

 

CYCLANILIDE

113136-77-9

586

 

PGR1.1

 

DAMINOZIDE

1596-84-5

330

 

PGR1.1

 

DIMETHIPIN

55290-64-7

689

 

PGR1.1

 

DIPHENYLAMINE

122-39-4

460

 

PGR1.1

 

ETHEPHON

16672-87-0

373

 

PGR1.1

 

ETHOXYQUIN

91-53-2

517

 

PGR1.1

 

FLORCHLORFENURON

68157-60-8

633

 

PGR1.1

 

FLURPRIMIDOL

56425-91-3

696

 

PGR1.1

 

IMAZAQUIN

81335-37-7

699

 

PGR1.1

 

MALEIC HYDRAZIDE

51542-52-0

310

 

PGR1.1

 

MEPIQUAT

24307-26-4

440

 

PGR1.1

 

1-METHYLCYCLOPROPENE

3100-04-7

767

 

PGR1.1

 

PACLOBUTRAZOL

76738-62-0

445

 

PGR1.1

 

PROHEXADIONE-CALCIUM

127277-53-6

567

 

PGR1.1

 

SODIUM 5-NITROGUAIACOLATE

67233-85-6

718

 

PGR1.1

 

SODIUM O-NITROPHENOLATE

824-39-5

720

 

PGR1.1

 

TRINEXAPAC-ETHYL

95266-40-3

8349

Táirgí frithphéactha

PGR2

 

 

 

 

 

PGR2.2

TÁIRGÍ FRITHPHÉACTHA

CARVONE

99-49-0

602

 

PGR2.2

 

CHLORPROPHAM

101-21-3

43

Rialaitheoirí eile fáis phlandaí

PGR3

 

 

 

 

 

PGR3.1

RIALAITHEOIRÍ EILE FÁIS PHLANDAÍ

RIALAITHEOIRÍ EILE FÁIS PLANDAÍ

 

 

Táirgí eile Cosanta Plandaí, iomlán:

ZR0

 

 

 

 

Olaí mianracha

ZR1

 

 

 

 

 

ZR1.1

OLA MIANRACH

OLAÍ PEITRILIAM

64742-55-8

29

Olaí cothaitheacha

ZR2

 

 

 

 

 

ZR2.1

OLA COTHAITHEACH

OLAÍ TARRA

 

30

Steirileáin ithreach (Neamaicídí ina measc)

ZR3

 

 

 

 

 

ZR3.1

BRÓIMÍD MHEITILE

BRÓIMÍD MHEITILE

74-83-9

128

 

ZR3.2

STEIRILEÁIN EILE ITHREACH

CHLOROPICRIN

76-06-2

298

 

ZR3.2

 

DAZOMET

533-74-4

146

 

ZR3.2

 

1,3-DICHLOROPROPENE

542-75-6

675

 

ZR3.2

 

METAM-SODIUM

137-42-8

20

 

ZR3.2

 

STEIRILEÁIN EILE ITHREACH

 

 

Creimiricídí

ZR4

 

 

 

 

 

ZR4.1

CREIMIRICÍDÍ

BRODIFACOUM

56073-10-0

370

 

ZR4.1

 

BROMADIOLONE

28772-56-7

371

 

ZR4.1

 

CHLORALOSE

15879-93-3

249

 

ZR4.1

 

CHLOROPHACINONE

3691-35-8

208

 

ZR4.1

 

COUMATETRALYL

5836-29-3

189

 

ZR4.1

 

DIFENACOUM

56073-07-5

514

 

ZR4.1

 

DIFETHIALONE

104653-34-1

549

 

ZR4.1

 

FLOCOUMAFEN

90035-08-8

453

 

ZR4.1

 

WARFARIN

81-81-2

70

 

ZR4.1

 

CREIMIRICÍDÍ EILE

 

 

Táirgí uile eile cosanta plandaí

ZR5

 

 

 

 

 

ZR5.1

DÍFHABHTÁIN

DÍFHABHTÁIN EILE

 

 

 

ZR5.2

TÁIRGÍ EILE COSANTA PLANDAÍ

TÁIRGÍ EILE COSANTA PLANDAÍ

 

 


(1)  Uimhreacha Clárlainne CAS (Chemical Abstract Service Registery Numbers).

(2)  Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach Lotnaidicídí (Collaborative International Pesticides Analytical Council).


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 12 Nollaig 2006 chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle, ar bhonn Airteagal 285(1) de Chonradh CE, togra (1) le haghaidh Rialacháin maidir le staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh i mí an Mhárta 2008 (féach 7412/08).

Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a Tuairim i mí Iúil 2007 (2). Chinn Coiste na Réigiún i mí an Mheithimh 2007 nach nglacfadh sé Tuairim.

An 20 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251 de Chonradh CE.

II.   CUSPÓIRÍ

Féachann an togra seo lena áirithiú go ndéantar sonraí staidrimh inchomparáide a bhailiú sna Ballstáit uile, ar chaoi agus go bhféadfar táscairí comhchuibhithe riosca a ríomh i dteannta sonraí ábhartha eile.

Foráiltear leis an togra seo, go háirithe, le haghaidh rialacha comhchuibhithe do bhailiú agus do scaipeadh sonraí maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus maidir lena n-úsáid. Leis an togra seo, tugtar treoir do na Ballstáit sonraí a bhailiú go rialta agus tugtar treoir dóibh maidir leis an gcaoi ba cheart sonraí a bhailiú agus a tharchur chuig an gCoimisiún.

III   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

1.   Barúlacha ginearálta

Ar an gcéad léamh di an 12 Márta 2008, ghlac Parlaimint na hEorpa 26 leasú. Chuir an Chomhairle 5 leasú san áireamh ina comhsheasamh. De na leasuithe sin, rinneadh leasú 5 a ionchorprú go huile agus go hiomlán agus maidir le leasuithe 10, 13, 18 agus 32, glacadh lena n-éirim; sin nó ionchorpraíodh a bheag nó a mhór iad.

Tá athruithe eile curtha san áireamh sa chomhsheasamh, nach raibh coinne ag Parlaimint na hEorpa leo, agus a thugann aghaidh ar roinnt údar imní a chuir na Ballstáit in iúl i rith an phlé.

Tugadh isteach roinnt leasuithe teicniúla agus roinnt leasuithe eagarthóireachta freisin le raon feidhme cuid de na forálacha a shainmhíniú, le friotal níos soiléirí a chur ar an Rialachán agus leis an gcinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, nó le gur fearr a bheadh an Rialachán ag teacht le hionstraimí eile Comhphobail.

2.   Tráchtanna faoi leith

—   Raon feidhme an Rialacháin a leathnú

Níor ghlac an Chomhairle le leasú 1, 6, 7, 8, 12, 15, 21 ná 26 ó tharla gur mheas sí go mbeadh ualach rómhór á chur ar fhreagróirí agus ar riarthóirí dá leathnófaí a raon feidhme go mbeadh níos mó ná díolachán agus úsáid i gceist leis.

—   Bithicídí a chur san áireamh

Níor ghlac an Chomhairle le leasuithe 11, 12, 22, 33 ná 34 ó tharla go bhfuil teorainn leis an eolas atá ann faoi bhithicídí agus faoin taithí atá ann leo agus gur beag atá a fhios faoin tionchar a bhíonn acu, agus an earnáil seo fós i mbéal a forbartha.

—   Foinsí na sonraí a roghnú

Leasú 14

Bheadh nós imeachta costasach liopasta i gceist dá gceanglófaí go mbeadh ar an gCoimisiún na modhanna a fhormheas. Is faoi inniúlacht na mBallstát a thagann roghnú na modhanna bailithe sonraí nó foinsiú na sonraí, rud a thagann le prionsabal na coimhdeachta.

—   Meastóireacht a bheith á déanamh ag grúpa cáilithe saineolaithe ar na sonraí a bhailítear

Leasú 31

Ní fhéadfaidh an Chomhairle glacadh le meastóireacht den sórt sin mar go dtéann sí thar chuspóir an Rialacháin.

—   Oiriúnú a dhéanamh go tráthrialta ar liosta na substaintí, agus oiriúnú a dhéanamh orthu i bhfianaise an bhreithniúcháin leanúnaigh ar shubstaintí gníomhacha

Leasú 19

D'fhéadfadh méadú nár ghá teacht ar an ualach riaracháin leis an moladh sin.

—   Rúndacht

Leasú 16, 25, 30

Tá sé d'oibleagáid ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a ghlacadh lena áirithiú go gcosnófar na sonraí rúnda arna dtarchur ag na Ballstáit, mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 322/97. Dá bhrí sin, ní gá forálacha nua ná tagairtí nua a thabhairt isteach sa mhéid sin.

—   Oibleagáid maidir le tuarascáil bliana a dhéanamh ar chainníochtaí TCPanna

Leasú 15 agus leasú 23

Leis an Rialachán seo, foráiltear go mbeidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit an staidreamh is gá a tharchur chuig an gCoimisiún. Roghnóidh na Ballstáit na modhanna bailithe sonraí nó na foinsí sonraí a mheasann siad féin is iomchuí. Ní mór an oibleagáid maidir le tuarascáil a dhéanamh ar chainníochtaí na dtáirgí cosanta plandaí a tháirgtear, a allmhairítear nó a onnmhairítear a mheas laistigh de chreat an Rialacháin a bhaineann le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh.

—   Sonraí a fhoilsiú

Leasú 25 agus leasú 28

Ní fhéadfaidh an Chomhairle glacadh leis go dtabharfaí isteach mar chuid den Rialachán seo go mbeadh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit an staidreamh a fhoilsiú. Leis an Rialachán seo, foráiltear go mbeidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit na sonraí is gá a bhailiú agus na torthaí staidrimh a tharchur chuig an gCoimisiún.

—   Sainmhínithe

Leasaíodh na sainmhínithe le go gcuirfí san áireamh na sainmhínithe a úsáideadh sa Rialachán maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus le go mbeidís ag teacht leis na sainmhínithe a úsáideadh ann.

—   Prionsabail rialaithe

Ní luaitear an cruinneas i measc na bprionsabal lena rialaítear an staidreamh Comhphobail, de réir Rialachán (CE) Uimh. 322/97 dá dtagraítear in aithris 8. Ní fhéadfaidh an Chomhairle, dá bhrí sin, glacadh le leasú 3. Mar sin féin, choinnigh an Chomhairle an prionsabal seo mar cheann de na critéir cháilíochta atá in Airteagal 4.

—   Tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus do Rialachán (CE) Uimh. 1588/90

Tugadh isteach aithris nua 8 le soiléiriú a dhéanamh ar an gcreat ar laistigh de a chaithfear an tarchur sonraí a dhéanamh agus leis an gcaoi a n-áirítear rúndacht na sonraí a mheabhrú.

—   Cuspóirí

Tá an Chomhairle toilteanach tagairt a chur in Airteagal 1 go hAirteagal 14 den Treoir maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí. Ní fhéadfaidh an Chomhairle glacadh leis, áfach, gurbh é an cuspóir ba cheart a bheith ag an Rialachán an Straitéis Théarmach maidir le húsáid inbhuanaithe Lotnaidicídí a chur chun feidhme, agus measúnú a dhéanamh uirthi, mar a mhol PE i leasú 10 uaithi.

—   Measúnú cáilíochta

Thug an Chomhairle isteach Airteagal faoin measúnú cáilíochta (Airteagal 4). Tá na gnéithe sin a bhaineann le measúnú cáilíochta curtha isteach cheana féin i gcomhaid eile a bhaineann le staidreamh, amhail na Rialacháin sin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta, nó a bhaineann le staidreamh feola agus beostoic, le staidrimh fuinnimh agus le folúntais sa Chomhphobal.

—   Bearta cur chun feidhme

Ó tharla go bhfuil an tAirteagal a thug an Chomhairle isteach faoi mheasúnú cáilíochta sonrach go leor mar airteagal, scriosadh an tagairt do na nósanna imeachta rialúcháin do na tuarascálacha cáilíochta agus do na bearta maidir le tuairisciú. Thairis sin, cuireadh ó Iarscríbhinn II go dtí Airteagal 5 an sainmhíniú ar an ‘limistéar atá faoi chóireáil’ agus cuireadh ó Iarscríbhinn III go dtí Airteagal 5 an fhéidearthacht go ndéanfadh an Coimisiún leasú ar an aicmiú comhchuibhithe.

—   Iarscríbhinn II, Roinn I, cumhdach

Thogair an Chomhairle go bhfágfaí faoi na Ballstáit, a bheag nó a mhór, na barra a bheadh le cumhdach a roghnú. Cuirfidh an tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin de réir Airteagal 7 deis ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh an gá an rogha barr a mhodhnú.

IV.   CONCLÚID

Measann an Chomhairle gur réiteach cothrom, réalaíoch atá ina comhsheasamh i leith roinnt údar imní a bhí ann, agus iarracht á déanamh den chéad uair sonraí inchomparáide a bhailiú faoi tháirgí cosanta plandaí. Tá sí ag tnúth le plé cuiditheach a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa le súil agus go bhféadfar teacht ar chomhaontú maidir leis an Rialachán seo, comhaontú a bhféadfar oibriú ar a bhonn.


(1)  IO C 126 an 7.6.2007, lch. 5.

(2)  IO C 256 an 27.10.2007, lch. 86.


17.2.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/26


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 4/2009

a ghlac an Chomhairle an 17 Nollaig 2008

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lean leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

(2009/C 38 E/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 308 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 89 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, déantar na rialacha maidir le comhordú chórais slándála sóisialta na mBallstát a nuachóiriú, sonraítear na bearta agus na nósanna imeachta maidir lena gcur chun feidhme agus simplítear iad do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart rialacha cur chun feidhme a leagan síos.

(2)

Is eochair-thoisc é comhar níos dlúithe agus níos éifeachtaí a bheith ann idir institiúidí slándála sóisialta chun rochtain ar a gcearta a thabhairt do na daoine a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a luaithe is féidir agus faoi na coinníollacha is fearr.

(3)

Is oiriúnach an modh í an chumarsáid leictreonach chun sonraí a mhalartú ar dhóigh mhear iontaofa idir institiúidí na mBallstát. Ba chóir go gcuideodh próiseáil leictreonach sonraí le dlús a chur leis na nósanna imeachta do gach éinne lena mbaineann. Ba cheart freisin go mbainfeadh na daoine lena mbaineann tairbhe as na ráthaíochtaí go léir dá bhforáiltear sna forálacha Comhphobail maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

(4)

Ba chóir go n-éascófaí malairtí idir institiúidí na mBallstát ach sonraí na gcomhlachtaí náisiúnta sin ar dóigh dóibh a bheith páirteach i gcur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (lena n-áirítear sonraí leictreonacha) a bheith ar fáil i bhfoirm inar féidir iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfíor-am. Maidir leis an gcur chuige seo a dhíríonn ar ábharthacht faisnéise glanfhíorasaí agus ar inrochtaineacht láithreach na saoránach uirthi, is luachmhar an simpliú é ar cheart go dtabharfaí isteach leis an Rialachán seo é.

(5)

D'fhonn an t-oibriú is rianúla is féidir a bhaint amach, agus ionas go ndéanfaí na nósanna imeachta casta lena gcuirtear chun feidhme na rialacha maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a bhainistiú go héifeachtúil, caithfidh córas a bheith ann chun nuashonrú a dhéanamh láithreach ar Iarscríbhinn IV. Le haghaidh ullmhú agus cur i bhfeidhm forálacha chuige sin, teastaítear dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus ba cheart iad a chur chun feidhme go beo, ag féachaint do na hiarmhairtí a bhíonn ag moill ar shaoránaigh agus ar údaráis riaracháin araon. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú, agus ba cheart a áirithiú go mbeadh an bunachar sonraí sin oibríochtúil, ar a laghad ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ba cheart go háirithe go nglacfadh an Coimisiún na céimeanna uile is gá chun an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chomhtháthú leis an mbunachar sonraí sin.

(6)

Le neartú nósanna imeachta áirithe, tiocfaidh feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar thrédhearcacht dóibh siúd a bhaineann leas as Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Mar shampla, ba chóir go gcuideofaí le soiléiriú agus struchtúrú an chaidrimh idir daoine árachaithe agus institiúidí ach teorainneacha ama comhchoiteanna a shocrú chun oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh nó cúraimí áirithe riaracháin a chríochnú.

(7)

Ba cheart go mbeadh de rogha ag na Ballstáit, ag a n-údaráis inniúla agus ag na hinstitiúidí slándála sóisialta comhaontú eatarthu féin maidir le nósanna imeachta simplithe agus socruithe riaracháin a mheasann siad a bheith níos éifeachtaí agus níos oiriúnaí d'imthosca a gcóras slándála sóisialta faoi seach. Ach níor cheart go mbeadh tionchar ag na socraíochtaí sin ar chearta na ndaoine a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

(8)

Leis an gcastacht atá go smior i réimse na slándála sóisialta, ceanglaítear ar institiúidí uile na mBallstát iarracht ar leith a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine árachaithe ionas nach ndéanfar daoine a phionósú nach mbeidh a n-éileamh nó faisnéis áirithe curtha acu faoi bhráid na hinstitiúide atá freagrach as an iarratas sin a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus sa Rialachán seo.

(9)

Chun an institiúid inniúil a chinneadh, eadhon an institiúid a bhfuil feidhm ag a reachtaíocht nó a dhlíonn sochair áirithe a íoc, ní foláir d'institiúidí de bhreis agus Ballstát amháin imthosca an duine árachaithe agus imthosca bhaill an teaghlaigh a scrúdú. Chun a áirithiú go mbeidh cosaint ag an duine lena mbaineann ar feadh ré na cumarsáide is gá idir institiúidí, ba cheart foráil a dhéanamh do bhallraíocht shealadach i gcóras slándála sóisialta.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar lena chéile le go gcinnfidh siad áit chónaithe na ndaoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo agus ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leo agus, i gcás go mbeadh díospóid ann, ba cheart dóibh na critéir ábhartha uile a chur san áireamh leis an gceist a réiteach. Féadfar critéir dá dtagraítear san Airteagal iomchuí den Rialachán seo a áireamh orthu seo.

(11)

Is iomaí ceann de na bearta agus de na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo atá ceaptha chun trédhearcacht mhéadaithe a áirithiú i ndáil leis na critéir a chaithfidh institiúidí na mBallstát a chur i bhfeidhm faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Is toradh iad na bearta agus na nósanna imeachta sin ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, ar chinntí an Choimisiúin Riaracháin agus ar thaithí breis agus 30 bliain de bheith ag cur comhordú na gcóras slándála sóisialta i bhfeidhm i gcomhthéacs na saoirsí bunúsacha atá cumhdaithe sa Chonradh.

(12)

Leis an Rialachán seo, foráiltear do bhearta agus do nósanna imeachta chun soghluaisteacht fostaithe agus daoine dífhostaithe a chur chun cinn. Oibrithe imeallchríche atá dífhostaithe go hiomlán, féadfaidh siad iad féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta sa tír ina bhfuil cónaí orthu agus sa Bhallstát deiridh a raibh siad fostaithe ann. Níor cheart go mbeidís i dteideal sochar, áfach, ach ón mBallstát ina bhfuil cónaí orthu.

(13)

Is gá rialacha sonracha áirithe agus nósanna imeachta sonracha áirithe a bheith ann d'fhonn an reachtaíocht is infheidhme a shainiú chun go gcuirfí san áireamh tréimhsí inar chaith duine árachaithe am sna Ballstáit éagsúla ag tógáil clainne.

(14)

Ba cheart an gá atá le roinnt chomhardaithe costas idir Bhallstáit a chur san áireamh i nósanna imeachta áirithe. I réimse na breoiteachta, go háirithe, ní foláir do na nósanna imeachta sin aird a thabhairt ar sheasamh na mBallstát a iompraíonn na costais a bhaineann le cead a thabhairt do dhaoine árachaithe rochtain a bheith acu ar a gcóras cúraim sláinte agus ar sheasamh na mBallstát a n-iompraíonn a n-institiúidí costais na sochar comhchineáil a fhaigheann daoine árachaithe dá gcuid i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu.

(15)

I gcomhthéacs sonrach Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha chun costais na sochar breoiteachta comhchineáil a sheasamh mar chuid de chóireálacha sceidealta, eadhon cóireálacha ar lena n-aghaidh a théann duine árachaithe chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé árachaithe nó ina bhfuil cónaí air. Ba cheart go sonrófaí oibleagáidí an duine árachaithe i dtaca le hiarratas a dhéanamh ar réamhúdarú agus go sonrófaí oibleagáidí na hinstitiúide i leith an othair i dtaca le coinníollacha an údaraithe. Ní foláir soiléiriú a dhéanamh freisin ar na hiarmhairtí maidir le hinmhuirearacht chostais an chúraim a fhaightear i mBallstát eile ar bhonn údaraithe.

(16)

An Rialachán seo, agus go háirithe na forálacha a bhaineann leis an bhfanacht lasmuigh den Bhallstát inniúil agus na forálacha a bhaineann le cóireáil sceidealta, níor cheart go gcoiscfí leo cur i bhfeidhm forálacha náisiúnta ar fabhraí iad, go háirithe a mhéid a bhaineann le costais a tabhaíodh i mBallstát eile a aisíoc.

(17)

D'fhonn muinín sna malairtí a chaomhnú agus an riachtanas a chomhlíonadh i dtaca le córais slándála sóisialta na mBallstát a bhainistiú go fóinteach, tá fíorghá le nósanna imeachta níos ceangailtí chun laghdú ar an am is gá chun na héilimh sin a íoc idir institiúidí de chuid Ballstát. Ba cheart, dá bhrí sin, na nósanna imeachta a neartú maidir le héilimh a phróiseáil a bhaineann le sochair breoiteachta agus le sochair dífhostaíochta.

(18)

Ba cheart na nósanna imeachta idir institiúidí a neartú don chúnamh frithpháirteach i ngnóthú éileamh slándála sóisialta d'fhonn go n-áiritheofaí gurbh éifeachtaí a dhéanfaí an gnóthú agus gur go rianúil a d'fheidhmeofaí na rialacha um chomhordú. Is bealach é an gnóthú éifeachtach freisin le mí-úsáidí agus calaois a chosc agus le dul i ngleic leo, agus bealach le hinbhuanaitheacht na scéimeanna slándála sóisialta a áirithiú. Mar chuid de seo, caithfear nósanna imeachta nua a ghlacadh, agus roinnt forálacha á dtógáil mar bhonn atá cheana féin i dTreoir 2008/55/CE ón gComhairle an 26 Bealtaine 2008 maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le tobhaigh, dleachtanna agus cánacha áirithe agus le bearta eile (4). Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta nua seo, i bhfianaise na taithí atá faighte tar éis cúig bliana de chur chun feidhme, agus ba cheart, go háirithe, coigeartú a dhéanamh orthu, más gá, lena chinntiú go mbeidh siad inoibrithe go hiomlán.

(19)

Chun críocha gnóthú sochar a íocadh ach nach raibh dlite, gnóthú ar íocaíochtaí sealadacha agus ranníocaíochtaí sealadacha, frithchúiteamh agus cúnamh sa ghnóthú, teorannaítear dlínse an Bhallstáit iarrtha do chaingne maidir le bearta um fhorghníomhú. Aon chaingean eile, tagann sé faoi dhlínse an Bhallstáit iarrthaigh.

(20)

Ní leanann sé de ghlacadh na bearta um fhorghníomhú sa Bhallstát iarrtha, go n-aithníonn an Ballstát sin an tsubstaint nó an bonn atá leis an éileamh.

(21)

Daoine árachaithe a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí, is cuid thar a bheith tábhachtach é de ghaol muiníne leis na húdaráis inniúla agus le hinstitiúidí na mBallstát.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta comhordaithe a ghlacadh chun feidhmiú éifeachtach saorghluaiseacht daoine a ráthú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr a fhéadfar an cuspóir a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23)

Ba cheart go ngabhfadh an Rialachán seo ionad Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972 lena socraítear an nós imeachta chun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a chur chun feidhme a bhaineann le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm maidir le daoine fostaithe agus lena dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh sa Chomhphobal (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Sainmhínithe

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn ‘an bun-Rialachán’ Rialachán (CE) Uimh. 883/2004;

(b)

ciallaíonn ‘an Rialachán cur chun feidhme’ an Rialachán seo; agus

(c)

beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sa bhun-Rialachán.

2.   De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1,

(a)

ciallaíonn ‘pointe rochtana’ eintiteas:

(i)

a sholáthraíonn pointe teagmhála leictreonach;

(ii)

a sholáthraíonn ródú uathoibríoch a bheidh bunaithe ar an seoladh; agus

(iii)

a sholáthraíonn ródú cliste a bheidh bunaithe ar bhogearraí lena gcumasaítear seiceáil agus ródú uathoibríoch (mar shampla feidhm intleachta saorga) agus/nó idirghabháil an duine.

(b)

ciallaíonn ‘comhlacht idirchaidrimh’ aon chomhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil Ballstáit, le haghaidh ceann amháin nó níos mó de bhrainsí na slándála sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 3 den bhun-Rialachán d'fhonn freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar chúnamh chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm agus a chaithfidh na cúraimí a shanntar dó faoi Theideal IV den Rialachán cur chun feidhme a chomhlíonadh;

(c)

ciallaíonn ‘doiciméad’ tacar sonraí, is cuma cén meán a úsáidtear, atá struchtúraithe ar bhealach gurbh fhéidir é a mhalartú go leictreonach agus nach foláir a chur i bhfios chun go bhféadfaidh an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme feidhmiú;

(d)

ciallaíonn ‘Doiciméad Leictreonach Caighdeánaithe’ aon doiciméad struchtúraithe i bhformáid arna sainiú do mhalartú leictreonach faisnéise idir Bhallstáit;

(e)

ciallóidh ‘tarchur trí mheán leictreonach’ tarchur sonraí dá mbaintear úsáid as trealamh leictreonach próiseála sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach) agus as sreanga, tarchur raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mheán leictreamaighnéadach eile;

(f)

ciallóidh ‘an Bord Iniúchta’ an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 74 den bhun-Rialachán.

CAIBIDIL II

Forálacha maidir le comhar agus malartuithe sonraí

Airteagal 2

Raon feidhme na malairtí idir institiúidí agus rialacha do na malairtí sin

1.   Chun críocha an Rialacháin cur chun feidhme, beidh malairtí idir údaráis agus institiúidí na mBallstát agus daoine a fholaítear leis an mbun-Rialachán bunaithe ar phrionsabail na seirbhíse poiblí, na héifeachtúlachta, an chúnaimh ghníomhaigh, an tsoláthair thapa agus na rochtana tapa, lena n-áirítear rochtain leictreonach, go háirithe do dhaoine le míchumas agus do dhaoine aosta.

2.   Soláthróidh nó malartóidh na hinstitiúidí, gan mhoill, na sonraí uile is gá chun cearta agus oibleagáidí na ndaoine a bhfuil feidhm ag an mbun–Rialachán maidir leo a bhunú agus a chinneadh. Déanfaidh na hinstitiúidí na sonraí a aistriú idir Bhallstáit, go díreach iad féin nó go hindíreach trí na comhlachtaí idirchaidrimh.

3.   I gcás ina ndéanfaidh duine, trí dhearmad, faisnéis, doiciméid nó éilimh a chur faoi bhráid institiúide i gcríoch Ballstáit, seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo lonnaithe, déanfaidh an chéad institiúid, láithreach, an fhaisnéis, na doiciméid nó na héilimh a chur an athuair faoi bhráid na hinstitiúide arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme, ag sonrú di an dáta ar cuireadh faoina bráid i dtosach iad. Beidh an dáta sin ceangailteach ar an institiúid dheireanach. Ní féidir dliteanas a chur ar institiúidí Ballstáit ná ní mheasfar go ndearna siad cinneadh trí mhainneachtain gníomhú, de bhua moill a bhí ar insititiúidí Ballstát eile faisnéis, doiciméid nó éilimh a tharchur.

4.   I gcás ina ndéanfar na sonraí a aistriú go hindíreach trí chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit cinn scríbe, is ón dáta a fuair an comhlacht idirchaidrimh an t-éileamh a thosóidh na teorainneacha ama maidir le freagairt a thabhairt ar éilimh, amhail is dá mba rud é gurbh í an institiúid sa Bhallstát sin a fuair é.

Airteagal 3

Raon feidhme na malairtí idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí

1.   Na daoine a mbeidh feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leo, ceanglófar orthu an fhaisnéis, na doiciméid nó an fhianaise thacaíochta is gá a chur faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha lena staid féin nó staid a dteaghlaigh a léiriú, lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a léiriú nó a choimeád ar bun agus leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na hoibleagáidí atá orthu fúthu a chinneadh.

2.   Le linn do na Ballstáit sonraí pearsanta a bhailiú, a tharchur nó a phróiseáil de bhun a reachtaíochta chun críocha an bun-Rialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh siad go mbeidh na daoine lena mbaineann ábalta a gcearta maidir le cosaint sonraí pearsanta a lánfheidhmiú, i gcomhréir le forálacha Comhphobail maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

3.   A mhéid is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, cuirfidh na hinstitúidí ábhartha an fhianaise faoi bhráid na n-institiúidí ábhartha gan mhoill agus eiseoidh siad na doiciméid chuig na daoine lena mbaineann.

Tabharfaidh an institiúid ábhartha fógra faoina cinneadh don éilitheoir a bhfuil cónaí air nó atá ag fanacht i mBallstát eile, go díreach nó trí chomhlacht idirchaidrimh Ballstát an chónaithe nó an fhanachta. Nuair a bheidh na sochair á ndiúltú, léireoidh sí freisin na cúiseanna a bhí leis an diúltú, na réitigh agus na tréimhsí a cheadaítear le haghaidh achomhairc. Seolfar cóip den chinneadh sin chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Airteagal 4

Formáid agus modh malartaithe na sonraí

1.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos struchtúr, inneachar agus formáid na ndoiciméad agus na ndoiciméad leictreonacha caighdeánaithe agus na rialacha mionsonraithe maidir lena malartú.

2.   Déanfar an tarchur sonraí idir na hinstitiúidí nó idir na comhlachtaí idirchaidrimh trí mheán leictreonach go direach nó go hindíreach trí na pointí rochtana faoi chreat slán comhchoiteann a fhéadfaidh rúndacht na sonraí agus cosaint malartuithe sonraí a ráthú.

3.   Ina gcumarsáid leis na daoine lena mbaineann, úsáidfidh na hinstitiúidí ábhartha na socruithe is iomchuí do gach cás agus tabharfaidh siad tús áite, a oiread agus is féidir, d'úsáid meán leictreonach. Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin amach na socruithe praiticiúla le haghaidh faisnéis, doiciméad nó cinntí a sheoladh trí mheán leictreonach chuig an duine lena mbaineann.

Airteagal 5

Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile

1.   Doiciméid a eisíonn institiúid Ballstáit agus ina dtaispeántar staid an duine chun críocha chur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin agus an Rialacháin cur chun feidhme, agus fianaise thacaíochta ar ar a bonn a eisíodh na doiciméid, glacfaidh institiúidí na mBallstát eile leo fad is nach ndearna an Ballstát inar eisíodh iad iad a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí.

2.   I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, iarrfaidh institiúid an Bhallstáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisitheach agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar an doiciméad. Déanfaidh an institiúid eisitheach athbhreithniú ar na forais chun an doiciméad a eisiúint agus, más gá, é a tharraingt siar.

3.   De bhun mhír 2, i gcás ina mbeidh amhras faoin bhfaisnéis a sholáthair na daoine lena mbaineann, faoi bhailíocht doiciméid nó faoin bhfianaise thacaíochta, nó faoi chruinneas na bhfíricí a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, déanfaidh insitiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe, a mhéid is féidir, arna iarraidh sin don insitiúid inniúil, an fíorú is gá ar an bhfaisnéis sin nó ar an doiciméad sin.

4.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann, féadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin trí na húdaráis inniúla tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta ar chuir an institiúid a fuair an doiciméad a hiarraidh isteach. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair.

Airteagal 6

Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis dhá Bhallstát nó níos mó maidir le cinneadh ar an reachtaíocht is infheidhme, déanfar an duine lena mbaineann a chur go sealadach faoi réir reachtaíochta ceann de na Ballstáit seo a leanas, agus an t-ord tosaíochta á chinneadh mar a leanas:

(a)

reachtaíocht an Bhallstáit ina mbíonn an duine ag gabháil dá chuid fostaíochta nó dá chuid féinfhostaíochta, go hiarbhír, más i mBallstát amháin a bhítear ag gabháil don fhostaíocht nó don fhéinfhostaíocht;

(b)

reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe i gcás ina ndéanfaidh an duine lena mbaineann cuid dá ghníomhaíocht nó dá ghníomhaíochtaí ann nó i gcás nach mbeidh an duine sin fostaithe nó féinfhostaithe;

(c)

i gcás ina mbeidh duine ag gabháil do ghníomhaíocht nó do ghníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó, reachtaíocht an Bhallstáit inar iarradh cur i bhfeidhm a reachtaíochta den chéad uair.

2.   I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis inniúla dhá Ballstát nó níos mó maidir le cibé institiúid ba chóir na sochair comhchineáil nó na sochair airgid a sholáthar, beidh an duine lena mbaineann a d'fhéadfadh sochair a éileamh mura raibh aon díospóid ann, ar bhonn sealadach, i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann institiúid a áite cónaithe i bhfeidhm nó, mura bhfuil cónaí ar an duine sin ar chríoch ceann de na Ballstáit lena mbaineann, beidh sé i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann an institiúid i bhfeidhm ar cuireadh an iarraidh faoina bráid i dtosach.

3.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí nó idir na húdaráis lena mbaineann, féadfar an cheist a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin trí na húdaráis inniúla tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta inar tharla an éagsúlacht dearcaí dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair.

4.   I gcás ina suífear nach í reachtaíocht Bhallstát na ballraíochta sealadaí an reachtaíocht is infheidhme nó nárbh í an institiúid a dheonaigh na sochair ar bhonn sealadach an institiúid inniúil, measfar go mbeidh an institiúid a aithníodh mar institiúid inniúil amhlaidh go haisghníomhach amhail is nach raibh an éagsúlacht dearcaí seo ann, ar a dheireanaí, ó dháta na ballraíochta sealadaí nó ó dháta chéad dheonú sealadach na sochar lena mbaineann.

5.   Más gá, déanfaidh an institiúid a sainaithníodh mar institiúid inniúil agus an institiúid a d'íoc na sochair airgid go sealadach nó a fuair ranníocaíochtaí go sealadach staid airgeadais an duine lena mbaineann a réiteach a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus le sochair airgid tirim a íocadh go sealadach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil III den Rialachán cur chun feidhme.

Na sochair chomhchineáil a dheonaigh institiúid go sealadach i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid inniúil iad a aisíoc i gcomhréir le Teideal IV den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 7

Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina mbeidh duine i dteideal sochar nó i gcás ina ndlífidh duine ranníocaíochtaí a íoc i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin, agus nach bhfuil an fhaisnéis go léir is gá ag an institiúid inniúil maidir leis an staid i mBallstát eile chun méid an tsochair sin nó na ranníocaíochta sin a ríomh go críochnaitheach, dámhfaidh an institiúid an sochar sin arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó ríomhfaidh sí an ranníocaíocht sin ar bhonn sealadach más féidir an ríomh sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ag an institiúid sin.

2.   Déanfar an sochar nó an ranníocaíocht lena mbaineann a athríomh a luaithe a dhéanfar an fhianaise thacaíochta nó na doiciméid tacaíochta uile is gá a sholáthar don institiúid lena mbaineann.

CAIBIDIL III

Forálacha ginearálta eile do chur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin

Airteagal 8

Socruithe riaracháin idir dhá Bhallstát nó níos mó

1.   Gabhfaidh forálacha an Rialacháin seo ionad na bhforálacha sin a leagtar síos sna socruithe do chur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den bhun-Rialachán, seachas na forálacha sin a bhaineann le socruithe maidir leis na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Iarscríbhinn II den bhun-Rialachán, ar chuntar go n-áireofar forálacha na socruithe sin in Iarscríbhinn I den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Más gá, féadfaidh Ballstáit socruithe a thabhairt i gcrích eatarthu féin a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán ar chuntar nach rachaidh socruithe den sórt sin chun dochar do chearta ná d'oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann agus ar choinníoll go n-áireofar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme iad.

Airteagal 9

Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí

1.   Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, nó a n-údaráis inniúla, comhaontú ar nósanna imeachta eile seachas na nósanna imeachta a bhforáiltear dóibh leis an Rialachán cur chun feidhme, ar chuntar nach rachaidh na nósanna imeachta sin chun dochair do chearta ná d'oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann.

2.   Tabharfar fógra don Choimisiún Riaracháin faoi aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích chun na críche sin agus liostófar in Iarscríbhinn I den Rialachán cur chun feidhme iad.

3.   Forálacha atá i gcomhaontuithe cur chun feidhme a tugadh i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó a raibh an cuspóir céanna acu, nó ar comhchosúil iad, leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, agus a bheidh i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, agus a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 574/72, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu, chun críocha an chaidrimh idir na Ballstáit sin, ar chuntar go n-áirítear iad freisin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 10

Forluí sochar a chosc

D'ainneoin forálacha eile sa bhun-Rialachán, nuair a dhéanfar sochair atá dlite faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó a laghdú, a fhionraí nó a tharraingt siar go frithpháirteach, aon suimeanna nach n-íocfaí i gcás chur i bhfeidhm dian na rialacha a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar arna leagan síos le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann, déanfar iad a roinnt ar líon na sochar a chuirtear faoi réir laghdú, fionraí nó tarraingt siar.

Airteagal 11

Eilimintí chun cónaí a chinneadh

1.   I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí dhá Ballstát nó níos mó maidir le háit chónaithe duine a chinneadh a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leis, suífidh na hinstitiúidí sin de thoil a chéile lárionad leasa an duine lena mbaineann, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar fáil a bhfuil baint aici le fíorais ábhartha, a fhéadfaidh na nithe seo a leanas a áireamh, de réir mar is iomchuí:

(a)

ré agus leanúnachas na láithreachta ar chríoch na mBallstát lena mbaineann;

(b)

staid an duine, lena n-áirítear:

(i)

nádúr agus coinníollacha aon ghníomhaíochta a shaothraítear, go háirithe an áit ina saothraítear an ghníomhaíocht go hiondúil, cobhsaíocht na gníomhaíochta nó ré aon chonartha oibre;

(ii)

stádas a theaghlaigh/a teaghlaigh agus naisc teaghlaigh;

(iii)

cleachtadh aon ghníomhaíochta nach bhfaigheann an duine íocaíocht aisti;

(iv)

i gcás mac léinn, foinse a n-ioncaim;

(v)

a staid tithíochta, go háirithe cé chomh buan is atá sí;

(vi)

an Ballstát a meastar gurb ann atá cónaí ar an duine chun críocha cánach.

2.   I gcás nach dtiocfaidh comhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann as breithniú na gcritéar éagsúil bunaithe ar na fíricí ábhartha a leagtar amach i mír 1, an méid a chuir an duine in iúl a bheith ar intinn aige, trí fhíricí agus imthosca den sórt sin, measfar go mbeidh sé cinntitheach chun áit chónaithe iarbhír an duine sin a shuíomh.

Airteagal 12

Comhshuimiú tréimhsí

1.   Chun críocha Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil teagmháil le hinstitiúidí na mBallstát a raibh an duine árachaithe faoi réir a reachtaíochta freisin d'fhonn na tréimhsí uile a críochnaíodh faoin reachtaíocht sin a chinneadh.

2.   Déanfar na tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe faoi seach a críochnaíodh faoi reachtaíocht Ballstáit a shuimiú leis na tréimhsí a críochnaíodh faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile a mhéid is gá chun Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, ar chuntar nach bhforluífidh na tréimhsí sin.

3.   I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó cónaithe a críochnaíodh i gcomhréir le hárachas éigeantach faoi reachtaíocht Ballstáit le tréimhse árachais a críochnaíodh ar bhonn árachais shaorálaigh nó árachais leanúnaigh roghnaigh, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse a críochnaíodh ar bhonn árachais éigeantaigh.

4.   I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó chónaithe seachas tréimhse choibhéiseach a críochnaíodh faoi reachtaíocht Ballstáit agus tréimhse choibhéiseach ar bhonn reachtaíochta Ballstáit eile, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse nach tréimhse choibhéiseach í.

5.   Aon tréimhse a mheastar a bheith coibhéiseach faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, is í institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta go héigeantach roimh an tréimhse sin, agus an institiúid sin amháin, a chuirfidh san áireamh í. I gcás nach raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíochta Ballstáit go héigeantach roimh an tréimhse sin, déanfaidh institiúid an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoina réir go héigeantach den chéad uair tar éis na tréimhse sin an tréimhse sin a chur san áireamh.

6.   I gcás nach bhféadfar tráth tréimhsí áirithe árachais nó cónaithe a chríochnú faoi reachtaíocht Ballstáit a chinneadh go beacht, toimhdeofar nach bhforluíonn na tréimhsí sin le tréimhsí árachais nó cónaithe a críochnaíodh faoi reachtaíocht Ballstáit eile, agus cuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir aird a thabhairt orthu go réasúnta i gcás ina mbeidh buntáiste le breith as sin don duine lena mbaineann.

Airteagal 13

Rialacha maidir le comhshó tréimhsí

1.   I gcás ina ndéanfar tréimhsí a críochnaíodh faoi reachtaíocht Ballstáit a shloinneadh in aonaid nach ionann iad agus na haonaid dá bhforáiltear le reachtaíocht Ballstát eile, is de réir na rialacha seo a leanas a dhéanfar an comhshó is gá chun críocha an chomhshuimithe faoi Airteagal 6 den bhun-Rialachán:

(a)

is í an tréimhse a bheidh le húsáid mar bhonn don chomhshó, an tréimhse arna cur i bhfios ag institiúid an Bhallstáit sin ar faoina reachtaíocht a críochnaíodh an tréimhse;

(b)

i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí i laethanta, is i gcomhréir leis an tábla seo a leanas a ríomhfar comhshó ó laethanta go haonaid eile agus vice versa, chomh maith le hathrú idir scéimeanna éagsúla bunaithe ar laethanta:

Scéim bunaithe ar

Is ionann 1 lá agus

Is ionann 1 seachtain agus

Is ionann 1 mhí agus

Is ionann 1 ráithe agus

Uasmhéid laethanta in aon bhliain féilire amháin

5 lá

9 huaire an chloig

5 lá

22 lá

66 lá

264 lá

6 lá

8 huaire an chloig

6 lá

26 lá

78 lá

312 lá

7 lá

6 huaire an chloig

7 lá

30 lá

90 lá

360 lá

(c)

i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí ina n-aonaid eile seachas ina laethanta,

(i)

beidh trí mhí nó trí seachtaine déag coibhéiseach le ráithe amháin, agus vice versa;

(ii)

beidh bliain coibhéiseach le ceithre ráithe, 12 mhí nó 52 seachtain, agus vice versa;

(iii)

chun seachtainí a chomhshó go míonna agus vice versa, déanfar seachtainí agus míonna a chomhshó go laethanta i gcomhréir leis na rialacha maidir le comhshó na scéimeanna atá bunaithe ar sé lá sa tábla i bpointe (b).

(d)

i gcás tréimhsí a shloinntear ina gcodáin, déanfar na figiúirí sin a chomhshó go dtí an chéad slánuimhir eile is lú, agus na rialacha a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (c) á gcur i bhfeidhm. Maidir le codáin de bhlianta, déanfar iad a chomhshó ina míonna, mura scéim atá bunaithe ar ráithí í an scéim lena mbaineann;

(e)

Más codán d'aonad an toradh a bhíonn ar an gcomhshó faoin mír seo, glacfar an chéad slánuimhir eile is airde mar thoradh ar an gcomhshó faoin mír seo.

2.   Ní bheidh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 go mbeidh líon iomlán, do mhéid iomlán na dtréimhsí a críochnaíodh in imeacht aon bhliana féilire amháin, is mó ná líon na laethanta a léirítear sa cholún deireanach atá sa tábla atá i mír 1(b), 52 seachtain, 12 mhí nó ceithre ráithe.

Más ionann na tréimhsí a bheidh le comhshó agus uaslíon iomlán bliantúil na dtréimhsí faoi reachtaíocht an Bhallstáit inar críochnaíodh iad, ní bheidh tréimhsí, laistigh d'aon bhliain féilire amháin, ar giorra iad ná uaslíon féideartha bliantúil na dtréimhsí a bhforáiltear dóibh faoin reachtaíocht lena mbaineann, de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1.

3.   Déanfar an comhshó mar oibriú aonair amháin lena gcumhdófar na tréimhsí uile sin a cuireadh i bhfios mar chomhiomlán, nó déanfar le haghaidh gach bliana é, más ar bhonn bliain-ar-bhliain a cuireadh na tréimhsí i bhfios.

4.   I gcás ina gcuireann institiúid tréimhsí in iúl agus iad á sloinneadh i laethanta, léireoidh sí an tráth céanna más bunaithe ar chúig lá, ar shé lá nó ar sheacht lá atá an scéim atá á riar aici.

TEIDEAL II

AN REACHTAÍOCHT IS INFHEIDHME A CHINNEADH

Airteagal 14

Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar ceann fostóra a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin, agus a ndéanann an fostóir sin é a phostú chuig Ballstát eile’, d'fhéadfadh sé gur duine é a earcaítear d'fhonn é a phostú, ar chuntar go bhfuil an duine lena mbaineann, díreach roimh thosach a chuid fostaíochta, faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit chéanna ina bhfuil a fhostóir bunaithe.

2.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gurb ann is iondúil a dhéanann sé a ghníomhaíochtaí’, d'fhostóir ar gnách dó nó di gabháil do ghníomhaíochtaí substaintiúla, seachas do ghníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí inmheánacha bainistíochta, i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe, ag cur san áireamh na critéir go léir arb iad saintréithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas lena mbaineann sé. Caithfidh na critéir ábhartha a bheith oiriúnach do shaintréithe sonracha gach fostóra agus do fhíorchineálna ngníomhaíochtaí a dhéantar.

3.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gur mar dhuine féinfhostaithe is iondúil a dhéanann sé gníomhaíocht’, do dhuine ar gnách dó gníomhaíochtaí substaintiúla a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. Go háirithe, caithfidh an duine sin a bheith ag gabháil don ghníomhaíocht sin ar feadh tréimhse roimh an dáta ar mian leis/léi buntáiste a bhaint as forálacha an Airteagail sin, agus le linn aon tréimhse gníomhaíochta sealadaí i mBallstát eile, ní mór dó leanúint de na ceanglais maidir le saothrú a ghníomhaíochtaa chomhlíonadh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeidh séin ann í a shaothrú ar fhilleadh dó.

4.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, is é cineál iarbhír na gníomhaíochta an critéar lena gcinnfear an bhfuil an ghníomhaíocht a dtéann an duine féinfhostaithe á saothrú i mBallstát eile ‘de shamhail’ na gníomhaíochta fostaíochta a shaothraítear de ghnáth, seachas an tuairisc mar ghníomhaíochta fostaíochta nó féinfhostaíochta a fhéadfaidh an Ballstát eile a thabhairt ar an ngníomhaíocht sin.

5.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, tagraíonn ‘duine arb iondúil go saothraíonn sé gníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó’ go háirithe, do dhuine:

(a)

a raibh gníomhaíocht á coimeád ar bun i mBallstát amháin aige agus, a raibh gníomhaíocht leithleach á cleachtadh aige go comhuaineach i mBallstát eile amháin nó níos mó, beag beann ar ré agus ar chineál na gníomhaíochta leithlí sin;

(b)

a shaothraíonn gníomhaíochtaí malartacha, cé is moite de ghníomhaíochtaí imeallacha, in dhá Bhallstát nó níos mó, beag beann ar mhinicíocht nó ar rialtacht nó mírialtacht an mhalartaithe.

6.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó’ go háirithe, do dhuine a shaothraíonn gníomhaíocht leithleach féinfhostaíochta amháin nó níos mó, go comhuaineach nó go malartach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, in dhá Bhallstát nó níos mó.

7.   Chun idirdhealú a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí faoi mhír 5 agus faoi mhír 6 agus na staideanna a shainítear in Airteagal 12(1) agus (2) den bhun-Rialachán, gné chinntitheach a bheidh i ré na gníomhaíochta (más de chineál buan, ad hoc nó sealadach í) i mBallstát eile amháin nó níos mó. Chun na gcríoch seo, déanfar measúnú foriomlán ar na fíorais ábhartha uile, lena n-áirítear go háirithe, i ndáil le duine fostaithe, an t-ionad oibre mar a shainmhínítear sa chonradh oibre é.

8.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) agus (2) den bhun-Rialachán, ciallóidh ‘cuid shubstaintiúil de ghníomhaíocht fostaíochta nó fhéinfhostaíochta’ arna saothrú i mBallstát gurb ann a dhéantar cuid shubstaintiúil ó thaobh cainníochta de ghníomhaíochtaí uile an duine fhostaithe nó fhéinfhostaithe a shaothrú, cé nach gá go mbeadh sé seo mar phríomhchuid de na gníomhaíochtaí sin.

Chun go gcinnfear an i mBallstát atá cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí á saothrú, cuirfear na critéir tháscacha seo a leanas san áireamh:

(a)

i gcás gníomhaíochta fostaíochta, an t-am oibre agus/nó an luach saothair; agus

(b)

i gcás gníomhaíochta féin-fhostaíochta, an láimhdeachas, an t-am oibre, líon na seirbhísí a rinneadh agus/nó an luach saothair.

I réim measúnaithe foriomláin, léireoidh cion níos lú ná 25 % de na critéir a luaitear thuas go bhfuil cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí nach bhfuil á saothrú sa Bhallstát ábhartha.

9.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, déanfar ‘lárionad leasa’ ghníomhaíochtaí duine fhéinfhostaithe a chinneadh trí gach gné de ghníomhaíochtaí ceirde an duine sin a chur san áireamh, ach go háirithe an áit a bhfuil áit sheasta bhuan ghnó an duine lonnaithe, cineál gnáthach nó ré na ngníomhaíochtaí arna saothrú, líon na seirbhísí a rinneadh, agus a bhfuil ar intinn ag an duine, mar is follas ó na himthosca go léir.

10.   Chun an reachtaíocht is infheidhme faoi mhír 8 agus faoi mhír 9 a chinneadh, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann san áireamh an staid a thoimhdeofar a bheith ann sna 12 mhí féilire ina dhiaidh sin.

11.   Má shaothraíonn duine a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó thar ceann fostóra atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais, agus má tá cónaí ar an duine seo i mBallstát gan gníomhaíocht shubstaintiúil a shaothrú ann, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe.

Airteagal 15

Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11(3)(b) agus (d), Airteagal 11(4) agus Airteagal 12 den bhun-Rialachán

(maidir le faisnéis a chur ar fáil do na hinstitiúidí lena mbaineann)

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt le hAirteagal 17 den Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina saothraíonn duine a ghníomhaíocht i mBallstát seachas sa Bhallstát atá inniúil faoi Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh an fostóir, nó i gcás duine nach saothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, an duine lena mbaineann, ar an eolas institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme, roimh ré, aon uair is féidir é. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an ghníomhaíocht á saothrú, i dtaca leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, de bhun Airteagal 11(3)(b) nó Airteagal 12 den bhun-Rialachán.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le daoine a chumhdaítear le hAirteagal 11(3)(d) den bhun-Rialachán.

3.   Fostóir, de réir bhrí Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán, a bhfuil fostaí ar bord soithigh a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain aige, cuirfidh sé ar an eolas institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme, roimh ré, aon uair is féidir é. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit arb é a bhratach atá ar foluain ar an soitheach ar a gcleachtfaidh an fostaí an ghníomhaíocht, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann de bhun Airteagal 11(4)(b) den bhun-Rialachán.

Airteagal 16

Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.   Duine a shaothraíonn gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfidh sé nó sí institiúid ainmnithe an Bhallstáit cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin.

2.   Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe, gan mhoill, an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d'Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme. Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh tosaigh sin. Cuirfidh an institiúid a cinneadh sealadach in iúl d'institiúidí gach Ballstáit ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú.

3.   Cinneadh sealadach na reachtaíochta is infheidhme, mar a fhoráiltear dó i mír 2, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfear na hinstitiúidí arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis, i gcomhréir le mír 2, mura rud é gur cinneadh an reachtaíocht go críochnaitheach roimhe sin ar bhonn mhír 4, nó mura dtabharfaidh ar a laghad ceann amháin de na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don institiúid arna hainmniú ag institiúid inniúil an Bhallstáit chónaithe faoi dheireadh na tréimhse dhá mhí seo nach féidir léi glacadh fós leis an gcinneadh, nó nach é an tuairim chéanna atá aici ina thaobh.

4.   I gcás inar gá teagmháil idir institiúidí nó údaráis dhá Bhallstát nó níos mó mar gheall ar neamhchinnteacht faoi chinneadh na reachtaíochta is infheidhme, cinnfear de thoil a chéile an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, arna iarraidh sin d'institiúid amháin nó níos mó arna hainmniú nó arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nó na n-údarás inniúil iad féin, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus d'fhorálacha ábhartha Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme.

I gcás ina mbeidh dearcaíéagsúla ag na hinstitiúidí nó na húdaráis lena mbaineann, féachfaidh na comhlachtaí seo le teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach thuas agus beidh feidhm ag forálacha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme.

5.   Institiúid inniúil an Bhallstáit a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go críochnaitheach, cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.

6.   Má mhainníonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar thionscnamh na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit cónaithe ar an duine sin, a luaithe a chuirfear staid an duine sin in iúl di, rud a d'fhéadfadh institiúid eile lena mbaineann a dhéanamh.

Airteagal 17

Nós imeachta maidir le hAirteagal 15 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Feidhmeoidh foireann conarthach na gComhphobal Eorpach an ceart chun rogha dá bhforáiltear in Airteagal 15 den bhun-Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 tráth a dtabharfar an conradh fostaíochta i gcrích. An t-údarás a chumhachtófar chun an conradh sin a thabhairt i gcrích, cuirfidh sé ar an eolas institiúid ainmnithe an Bhallstáit a mbeidh ball foireann conarthach na gComhphobal Eorpach tar éis a reachtaíocht a roghnú.

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Iarraidh ón bhfostóir nó ón duine lena mbaineann ar eisceachtaí ó Airteagail 11 go 15 den bhun-Rialachán, déanfar, roimh ré aon uair is féidir, í a chur faoi bhráid an údaráis inniúil nó an chomhlachta arna ainmniú ag údarás sin an Bhallstáit arb í a reachtaíocht a iarrann an fostaí nó an duine lena mbaineann a cur i bhfeidhm.

Airteagal 19

Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d'fhostóirí

1.   Institiúid inniúil an Bhallstáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh sí an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, a fhostóir nó a fhostóirí, ar an eolas faoi na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht sin. Cuirfidh sí ar fáil dóibh an chabhair is gá chun na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh.

2.   Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó don fhostóir, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de bhun forála de chuid Theideal II den bhun-Rialachán fianú a chur ar fáil á rá go bhfuil an reachtaíocht sin infheidhme agus sonróidh sí, i gcás inarb iomchuí, dáta deireanach agus coinníollacha na hinfheidhmeachta.

Airteagal 20

Comhar idir institiúidí

1.   Cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha i bhfios d'institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, an fhaisnéis is gá chun an dáta a shuíomh a dtagann an reachtaíocht sin chun bheith infheidhme agus chun na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine sin agus a fhostóir nó a fhostóirí a íoc faoin reachtaíocht sin a chinneadh.

2.   Institiúid inniúil an Bhallstáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme maidir le duine, de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh sí an fhaisnéis lena sonraítear an dáta a ngabhann éifeacht le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin ar fáil don institiúid arna ainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine sin faoi réir a reachtaíochta.

Airteagal 21

Oibleagáidí an fhostóra

1.   Déanfaidh fostóir ar lasmuigh den Bhallstát inniúil atá a oifig chláraithe nó a áit ghnó aige na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme maidir lena fhostaithe, go háirithe an oibleagáid na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin a íoc, amhail is dá mba i mBallstát a bhí a oifig chláraithe nó a áit ghnó nó a hoifig chláraithe nó a háit ghnó aige nó aici.

2.   Féadfaidh fostóir, nach bhfuil áit ghnó i mBallstát aige a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, agus an fostaí, comhaontú go gcomhlíonfaidh an fostaí oibleagáidí an fhostóra thar a cheann a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí a íoc, gan dochar do bhunoibleagáidí an fhostaí. Cuirfidh an bhfostóir fógra faoin socrú sin chuig institiúid inniúil an Bhallstáit sin.

TEIDEAL III

FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS NA HAICMÍ ÉAGSÚLA SOCHAR

CAIBIDIL I

Sochair bhreoiteachta, sochair máithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta

Airteagal 22

Forálacha ginearálta cur chun feidhme

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla nó na hinstitiúidí inniúla go ndéanfar aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil do dhaoine árachaithe faoi na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha maidir le deonú sochar comhchineáil i gcás ina bhfaightear na sochair sin ar chríoch Ballstáit seachas críoch na hinstitiúide inniúla.

2.   D'ainneoin Airteagal 5(a) den bhun-Rialachán, ní fhéadfaidh Ballstát teacht chun bheith freagrach as costais sochar i gcomhréir le hAirteagal 22 den bhun-Rialachán ach amháin má rinne an duine árachaithe éileamh ar phinsean faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nó, i gcomhréir le hAirteagail 23 go 30 den bhun-Rialachán, má tá pinsean á fháil aige faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin.

Airteagal 23

Socruithe a bheidh i gcás níos mó ná socrú amháin a bheith ann sa Bhallstát cónaithe nó fanachta

Má chuimsíonn reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe nó fanachta níos mó ná an t-aon scéim árachais bhreoiteachta, máithreachais agus atharachta amháin, le haghaidh níos mó ná catagóir amháin de dhaoine árachaithe, is iad na forálacha is infheidhme faoi Airteagail 17, 19(1), 20, 22, 24, agus 26 den bhun-Rialachán forálacha na reachtaíochta maidir leis an scéim ghinearálta le haghaidh daoine fostaithe.

Airteagal 24

Cónaí i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 17 den bhun-Rialachán, beidh sé d'oibleagáid ar an duine árachaithe agus/nó ar bhaill a theaghlaigh nó a teaghlaigh clárú le hinstitiúid na háite cónaithe. Deihmneofar a gceart chun sochar comhchineáil sa Bhallstát cónaithe le doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil, arna iarraidh sin don duine árachaithe nó arna iarraidh sin d'institiúid na háite cónaithe.

2.   Leanfaidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 de bheith bailí go dtí go dtabharfaidh an institiúid inniúil fógra d'insitiúid na háite cónaithe maidir lena chur ar ceal.

Cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas maidir le haon chlárú faoi mhír 1 agus maidir le haon athrú ar an gclárú sin nó maidir lena chur ar ceal.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagail 22, 24, 25 agus 26 den bhun-Rialachán.

Airteagal 25

Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 19 den bhun-Rialachán, tíolacfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil lena léireofaí don soláthróir cúraim sláinte i mBallstát an fhanachta a theidlíocht chun sochar comhchineáil. Mura mbeidh doiciméad den sórt sin ag an duine árachaithe, rachaidh institiúid na háite fanachta, ar iarraidh nó más gá ar shlí eile, i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun doiciméad den sórt sin a fháil.

2.   Léireoidh an doiciméad sin go bhfuil an duine árachaithe i dteideal sochar comhchineáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19 den bhun-Rialachán ar na téarma céanna leis na téarmaí is infheidhme maidir le daoine atá árachaithe faoi reachtaíocht Bhallstát an fhanachta.

3.   Tagróidh na sochair chomhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 19(1) den bhun-Rialachán do na sochair chomhchineáil a sholáthraítear i mBallstát an fhanachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus a thagann chun bheith riachtanach ar fhorais leighis d'fhonn nach gceanglófaí ar an duine árachaithe filleadh ar an mBallstát inniúil, roimh dheireadh na ré pleanáilte fanachta, chun an chóireáil atá riachtanach a fháil.

4.   Má d'iompair an duine árachaithe costais na sochar comhchineáil uile a soláthraíodh faoi chuimsiú Airteagal 19 den bhun-Rialachán nó costais coda díobh, agus má chumasaítear le reachtaíocht a chuireann institiúid na háite fanachta i bhfeidhm costais seo a aisíoc leis an duine árachaithe, féadfaidh sé iarratas ar aisíoc a chur chuig institiúid na háite fanachta. Sa chás sin, aisíocfaidh an institiúid sin go díreach leis an duine sin suim na gcostas a fhreagróidh do na sochair sin laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht.

5.   Mura ndearnadh aisíocaíocht na gcostas sin a iarraidh go díreach ar institiúid na háite fanachta, déanfaidh an institiúid inniúil na costais a tabhaíodh a aisíoc leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na rátaí aisíocaíochta arna riar ag institiúid na háite fanachta, nó leis na méideanna a bheadh faoi réir a n-aisíoca le hinstitiúid na háite fanachta, dá mbeadh feidhm ag Airteagal 62 den Rialachán cur chun feidhme sa chás lena mbaineann.

Cuirfidh institiúid na háite fanachta an fhaisnéis uile is gá faoi na rátaí sin nó faoi na méideanna sin ar fáil don institiúid inniúil arna iarraidh sin di.

6.   De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an institiúid inniúil aisíoc na gcostas a tabhaíodh, laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí aisíoca a leagtar síos ina reachtaíocht, a ghabháil uirthi féin, ar chuntar go mbeidh an duine árachaithe tar éis a aontú go gcuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm maidir leis.

7.   Mura bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit fhanachta d'aisíoc de bhun mhír 4 agus mhír 5 sa chás lena mbaineann, féadfaidh an institiúid inniúil na costais a aisíoc a laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht, gan aontú an duine árachaithe.

8.   Ní rachaidh an aisíocaíocht leis an duine árachaithe, ar aon chor, thar mhéid na gcostas a thabhaigh sé nó sí iarbhír.

9.   I gcás chaiteachais shuntasaigh, féadfaidh an institiúid inniúil réamhíocaíocht iomchuí a íoc leis an duine árachaithe a luaithe a dhéanfaidh an duine sin ant-iarratas ar aisíocaíocht a chur faoina bráid.

10.   Beidh feidhm ag forálacha mhíreanna 1 go 9 mutatis mutandis maidir le baill de theaghlach an duine árachaithe.

Airteagal 26

Cóireáil sceidealta

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 20(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil a thíolacadh le hinstitiúid na háite fanachta. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh an institiúid inniúil an institiúid a iompróidh costas na cóireála sceidealta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus in Airteagal 27(5) den bhun-Rialachán agus ina ndéanfar na sochair chomhchineáil arna soláthar i mBallstát an chónaithe a aisíoc ar bhonn méideanna socraithe, ciallóidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe.

2.   Mura bhfuil cónaí ar an duine árachaithe sa Bhallstát inniúil, iarrfaidh sé údarú ar institiúid na háite cónaithe a sheolfaidh ar aghaidh chuig an institiúid inniúil gan mhoill é.

Sa chás seo, deimhneoidh institiúid na háite cónaithe i ndearbhú cibé acu an bhfuil coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d'Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát an chónaithe.

Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú arna iarraidh a dheonú, ach amháin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d'Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát cónaithe an duine árachaithe, i gcomhréir le measúnú institiúid na háite cónaithe, nó i gcás ina bhféadfar an chóireáil chéanna a sholáthar sa Bhallstát inniúil féin, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh an leighis de, ag cur san áireamh staid sláinte reatha an duine lena mbaineann chomh maith leis an gcúrsa is dóigh a bheadh ag an tinneas atá ar an duine lena mbaineann.

Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir lena cinneadh.

Mura mbeidh freagra faighte laistigh de na spriocdhátaí a leagtar amach lena reachtaíocht náisiúnta, measfar go mbeidh an t-údarú deonaithe ag an institiúid inniúil.

3.   Má tá gá ag duine árachaithe, nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát inniúil, le cóireáil phráinneach shár-riachtanach agus nach féidir an t-údarú a dhiúltú i gcomhréir leis an dara habairt d'Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán, deonóidh institiúid na háite cónaithe an t-údarú thar ceann na hinstitiúide inniúla, agus cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas láithreach.

Glacfaidh an institiúid inniúil leis na cinntí agus leis na roghanna cóireála ó na dochtúirí arna bhformheas ag institiúid na háite cónaithe a eisíonn an t-údarú maidir leis an ngá atá le cóireáil phráinneach, shár-riachtanach.

4.   Aon tráth i rith an nós imeachta lena ndeonaítear an t-údarú, forchoimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir a roghnóidh sí sa Bhallstát fanachta nó cónaithe.

5.   Cuirfidh institiúid na háite fanachta, gan dochar d'aon chinneadh maidir le húdarú, an institiúid inniúil ar an eolas, más cosúil go bhfuil sé iomchuí ó thaobh an leighis de, an chóireáil a chumhdaítear leis an údarú atá ann cheana a fhorlíonadh.

6.   Gan dochar do mhír 5, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25(5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme.

7.   Má d'iompair an duine árachaithe féin costais uile nó cuid de chostais na cóireála leighis arna húdarú, agus más ísle méid na gcostais a bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid inniúil iad a aisíoc le hinstitiúid na háite fanachta nó leis an duine árachaithe i gcomhréir le mír 6 (costas iarbhír) ná méid na gcostas a bheadh uirthi a ghabháil uirthi féin as an gcóireáil chéanna sa Bhallstát inniúil (costas barúlach), aisíocfaidh an institiúid inniúil leis nó léi, arna iarraidh sin dó nó di, costas na cóireála a thabhaigh an duine árachaithe go dtí méid na difríochta atá idir an costas barúlach agus an costas iarbhír. Ní fhéadfaidh méid na haisíocaíochta, áfach, dul thar mhéid na gcostas a thabhaigh an duine árachaithe iarbhír agus féadfaidh siad a chur san áireamh an méid a bheadh le híoc ag an duine árachaithe dá mba rud é gur sa Bhallstát inniúil a seachadadh an chóireáil.

8.   I gcás ina bhforálfar le reachtaíocht náisiúnta na hinstitiúide inniúla d'aisíoc costas taistil agus costas fanachta atá doscartha ó chóireáil an duine árachaithe, gabhfaidh an institiúid seo uirthi féin na costais don duine lena mbaineann agus, más gá, do dhuine a chaithfidh é thionlacan, nuair a dheonófar údarú i gcás cóireála i mBallstát eile.

9.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 8 mutatis mutandis maidir le baill de theaghlach an duine árachaithe.

Airteagal 27

Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Má cheanglaítear le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil go dtíolacfaidh an duine árachaithe deimhniú chun bheith i dteideal na sochar airgid a bhaineann le héagumas chun oibre de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, iarrfaidh an duine árachaithe ar dhochtúir sin an Bhallstáit chónaithe a shuigh riocht a shláinte a éagumas chun oibre agus an fad is dóigh a mhairfidh sé a dheimhniú.

2.   Seolfaidh an duine árachaithe an deimhniú chuig an institiúid inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil.

3.   I gcás nach n-eisíonn na dochtúirí a sholáthraíonn an chóireáil i mBallstát an chónaithe deimhnithe ar éagumas chun oibre, agus i gcás ina gceanglaítear na deimhnithe sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, déanfaidh an duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh go díreach chuig institiúid na háite cónaithe. Socróidh an institiúid sin láithreach go ndéanfar measúnú leighis ar éagumas an duine sin chun oibre agus go ndéanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Déanfar an deimhniú sin a chur ar aghaidh láithreach chuig an institiúid inniúil.

4.   Ní dhíolmhóidh cur ar aghaidh an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 an duine árachaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann lena fhostóir. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an fostóir agus/nó an institiúid inniúil a iarraidh ar an bhfostaí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá ceaptha spreagadh agus cabhair a thabhairt dó chun filleadh ar an bhfostaíocht.

5.   Ar an institiúid inniúil á iarraidh, déanfaidh insitiúid na háite cónaithe aon seiceálacha riaracháin is gá nó aon scrúduithe leighis is gá maidir leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an insitiúid sin is déanaí sin a luaitear i bhfeidhm. Tuarascáil an dochtúra a rinne an scrúdú a bhaineann go háirithe le ré dhóchúil an éagumais chun oibre, cuirfidh institiúid na háite cónaithe ar aghaidh gan mhoill í chuig an institiúid inniúil.

6.   Coimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin.

7.   Gan dochar don dara habairt d'Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, íocfaidh an institiúid inniúil na sochair airgid go díreach leis an duine lena mbaineann agus, más gá, cuirfidh sí institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin.

8.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, beidh an luach dlí céanna ag sonraí deimhnithe um éagumas duine árachaithe chun oibre arna tharraingt suas i mBallstát eile ar bhonn chinntí liachta an dochtúra nó an institiúid a rinne an scrúdú, agus atá ag an deimhniú arna tharraingt suas sa Bhallstát inniúil.

9.   Má dhiúltaíonn an institiúid inniúil na sochar airgid, tabharfaidh sí fógra don duine árachaithe maidir lena cinneadh agus ag an am céanna tabharfaidh sí fógra d'institiúid na háite cónaithe.

10.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 9, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil.

Airteagal 28

Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Le go mbeidh an duine árachaithe i dteideal sochar cúraim fadtéarmach in airgid tirim de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe iarratas chuig an institiúid inniúil. Déanfaidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe a chur ar an eolas, i gcás inar gá.

2.   Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, scrúdóidh institiúid na háite cónaithe staid an duine árachaithe i ndáil leis an ngá atá aige le cúram fadtéarmach. Tabharfaidh an institiúid inniúil an fhaisnéis uile is gá don scrúdú sin d'institiúid na háite cónaithe.

3.   D'fhonn go gcinnfidh sí an méid a bhfuil gá le cúram fadtéarmach, beidh sé de cheart ag an institiúid inniúil an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir nó ag aon saineolaí eile arna roghnú aici féin.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 27(7) den Rialachán cur chun feidhme.

5.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil.

6.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 mutatis mutandis maidir le baill de theaghlach an duine árachaithe.

Airteagal 29

Airteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Más rud é nach é an Ballstát arb ann is deireanaí a shaothraigh an t-iaroibrí teorann a ghníomhaíocht an Ballstát inniúil a thuilleadh, agus go dtaistealaíonn an t-iaroibrí teorann nó ball dá theaghlach ann chun sochair chomhchineáil a fháil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán, cuirfidh sé doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil faoi bhráid institiúid na háite fanachta.

Airteagal 30

Ranníocaí ó phinsinéirí

Má fhaigheann duine pinsin ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, ní rachaidh méid na ranníocaíochtaí a aisbhaintear ó na pinsin uile a íocfar, in imthosca ar bith, thar an méid a aisbhaintear de dhuine a bhfuil an méid céanna pinsin á fháil aige ón mBallstát inniúil.

Airteagal 31

Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.   Cuirfidh an institiúid inniúil an duine lena mbaineann ar an eolas maidir leis an bhforáil atá in Airteagal 34 den bhun-Rialachán maidir le forluí sochar a chosc. Áiritheofar le cur i bhfeidhm na rialacha sin go mbeidh an duine nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil i dteideal an méid iomláin chéanna nó an luacha chéanna ar a laghad a mbeadh sé ina theideal dá mbeadh cónaí air sa Bhallstát sin.

2.   Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta ar an eolas freisin faoi íoc sochar airgid cúraim fhadtéarmaigh i gcás ina bhforáiltear, leis an reachtaíocht a chuireann an institiúid is déanaí a luaitear i bhfeidhm, do na sochair chomhchineáil cúraim fhadtéarmaigh, a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den bhun-Rialachán.

3.   Agus an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 faighte aici, cuirfidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon sochar cúraim fhadtéarmaigh comhchineáil atá beartaithe chun na críche céanna agus a dheonaítear faoina reachtaíocht don duine lena mbaineann agus faoin ráta aisíoca is infheidhme ina leith.

4.   Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin bearta chur chun feidhme a leagan síos don Airteagal seo i gcás inar gá sin.

Airteagal 32

Bearta speisialta cur chun feidhme

1.   Nuair a dhíolmhaítear duine nó grúpa daoine, arna iarraidh sin, ó árachas éigeantach breoiteachta agus nach bhfuil na daoine sin cumhdaithe dá bhrí sin ag scéim árachais bhreoiteachta a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir léi, ní thiocfaidh institiúid Ballstáit, de bharr an díolmhaithe seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar comhchineáil nó na sochar airgid a iompar a sholáthraítear do na daoine sin nó do bhall dá dteaghlach faoi Theideal III, Caibidil I, den bhun-Rialachán.

2.   I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil I den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, ach a mhéid a shonraítear sna forálacha sin.

Ní thiocfaidh institiúid Ballstáit eile, ar na forais seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar chomhchineáil nó na sochar airgid a sholáthraítear do na daoine sin nó do bhaill dá dteaghlaigh.

3.   Nuair a bheidh cónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus ar bhaill a dteaghlaigh i mBallstát nach bhfuil an ceart chun sochair chomhchineáil faoi réir coinníollacha árachais ann ná faoi réir gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, dlífidh siad costais iomlána na sochar comhchineáil a sholáthraítear ina dtír chónaithe a íoc.

CAIBIDIL II

Sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde

Airteagal 33

Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid i gcás cónaithe nó fanachta i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Chun críocha Airteagal 36 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 24 go 27 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Nuair a bheidh sochair speisialta chomhchineáil a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus le galair cheirde faoi reachtaíocht náisiúnta Bhallstát an fhanachta nó an chónaithe á soláthar ag institiúid an Bhallstáit sin, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 34

Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Más i mBallstát seachas an Ballstát inniúil a tharlaíonn tionóisc cheirde nó a dhéantar galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, déanfar an dearbhú nó an fógra faoin tionóisc cheirde nó faoin ngalar ceirde, i gcás inarb ann don dearbhú nó fógra faoin reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, gan dochar, i gcás inarb iomchuí, d'aon fhorálacha dlíthiúla eile is infheidhme agus atá i bhfeidhm sa Bhallstát inar tharla an tionóisc cheirde nó ina ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, a fhanann de bheith infheidhme sna cásanna sin. Díreofar an dearbhú nó an fógra chuig an institiúid inniúil.

2.   Tabharfaidh institiúid an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an tionóisc ag an obair nó a rinneadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, fógra don institiúid inniúil faoi dheimhnithe dochtúra arna dtarraingt suas ar chríoch an Bhallstáit sin.

3.   I gcás, de bharr tionóisce a tharlaíonn agus duine ag taisteal chun na hoibre nó ón obair, ar chríoch Ballstáit seachas ar chríoch an Bhallstát inniúil, inar gá imscrúdú ar chríoch an chéad Bhallstáit, chun aon teidlíocht ar shochair ábhartha a chinneadh, féadfaidh an institiúid inniúil duine a cheapadh chun na críche sin agus cuirfidh sí údaráis an Bhallstáit sin ar an eolas. Comhoibreoidh na hinstitiúidí le chéile chun an fhaisnéis ábhartha uile a mheas agus chun na tuarascálacha agus aon doiciméid eile a bhaineann leis an tionóisc a cheadú.

4.   Tar éis na cóireála, déanfar tuarascáil mhionsonraithe lena ngabhfaidh deimhnithe dochtúra maidir le buaniarmhairtí na tionóisce nó na breoiteachta, go háirithe maidir le riocht reatha an íospartaigh agus le téarnamh nó cobhsú díobhálacha a sheoladh, arna iarraidh sin don institiúid inniúil. Íocfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, i gcás inar iomchuí, na táillí ábhartha de réir an ráta a chuirfidh an institiúid sin i bhfeidhm, táillí a bheidh inmhuirearaithe ar an institiúid inniúil.

5.   Arna iarraidh sin d'institiúid na háite cónaithe nó fanachta, de réir mar is iomchuí, tabharfaidh an institiúid inniúil fógra di faoin gcinneadh lena socraítear an dáta téarnaimh nó dáta cobhsaithe na ndíobhálacha agus, más iomchuí, faoin gcinneadh maidir le pinsean a dheonú.

Airteagal 35

Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair

1.   I gcás ina ndíospóidfidh an institiúid inniúil cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le tionóiscí ag an obair nó galair cheirde faoi Airteagal 36(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh sí institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil a chur ar an eolas gan mhoill, agus measfar ansin gur sochair árachais sláinte iad na sochair sin.

2.   Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta faoin gceist sin, cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil ar an eolas gan mhoill.

I gcás nach suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde a bhí i gceist, leanfar de bheith ag soláthar sochair chomhchineáil mar shochair bhreoiteachta má tá an duine lena mbaineann ina dteideal.

I gcás go suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde atá i gceist, measfar gur sochair tionóisce ag an obair nó sochair galair cheirde iad na sochair bhreoiteachta chomhchineáil arna soláthar don duine lena mbaineann ón dáta ar tharla an tionóisc ag an obair nó ón dáta a ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d'Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 36

i mBallstát amháin ar a laghad

1.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 38 den bhun-Rialachán, seolfar an dearbhú nó an fógra faoin ngalar ceirde chuig an institiúid atá inniúil do ghalair cheirde sa Bhallstát is deireanaí ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar atá i dtreis.

Nuair a shuífidh an institiúid ar chuici a seoladh an dearbhú nó an fógra gur faoi reachtaíocht Bhallstáit eile is deireanaí a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i dtreis, seolfaidh sí an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis chuig an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát sin.

2.   I gcás ina suífidh institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist nach gcomhallann an duine lena mbaineann ná a mharthanóirí ceanglais na reachtaíochta sin, inter alia mar nach raibh an duine lena mbaineann riamh ag gabháil, sa Bhallstát sin, do ghníomhaíocht ba chúis leis an ngalar ceirde, nó toisc nach n-aithníonn an Ballstát sin cineál ceirde an ghalair sin, cuirfidh an institiúid sin an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis, lena n-áirítear cinntí agus tuarascálacha na scrúduithe dochtúra a rinne an chéad institiúid, ar aghaidh gan mhoill chuig institiúid an Bhallstáit roimhe sin ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist.

3.   I gcás inarb iomchuí, rachaidh na hinstitiúidí siar,ar an nós imeachta céanna a leagtar amach i mír 2, chomh fada leis an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil den chéad uair do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist.

Airteagal 37

Malartú faisnéise idir institiúidí agus réamhíocaíochtaí i gcás achomhairc i gcoinne diúltaithe

1.   I gcás achomhairc i gcoinne cinnidh sochair a dhiúltú arna dhéanamh ag institiúid de chuid ceann de na Ballstáit ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i dtreis, cuirfidh an institiúid sin an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) den Rialachán cur chun feidhme, agus cuirfidh sí ar an eolas ina dhiaidh sin í, nuair a ghlacfar cinneadh críochnaitheach.

2.   I gcás ina mbeidh an duine i dteideal sochar faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid ar seoladh an dearbhú chuici, déanfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí, a gcinnfear a méid, más iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an institiúid ar taisceadh an t-achomharc ina coinne, agus ar chaoi agus go seachnaítear ró-íocaíochtaí. Aisíocfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí a rinneadh más é toradh an achomhairc go bhfuil uirthi na sochair sin a sholáthar. Déanfar an méid sin a asbhaint ansin ó na sochair a bheidh dlite don duine lena mbaineann, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 71 agus in Airteagal 72 den Rialachán cur chun feidhme.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d'Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 38

Forthromú galair cheirde

Sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 39 den bhun-Rialachán, caithfidh an t-éilitheoir na sonraí uile maidir leis na sochair a deonaíodh cheana i leith an ghalair cheirde atá i gceist a sholáthar d'institiúid an Bhallstáit a bhfuil teideal chun sochar á éileamh aige nó aici uirthi. Féadfaidh an institiúid sin dul i dteagmháil le gach institiúid a bhí inniúil roimhe sin chun an fhaisnéis a mheasann sí is gá a fháil.

Airteagal 39

Measúnú an ghráid éagumais i gcás tionóiscí ceirde nó galar ceirde a tharla roimh ré nó ina dhiaidh sin

I gcás inarbh é ba chúis le héagumas chun oibre roimhe sin nó ina dhiaidh sin, tionóisc a tharla nuair a bhí an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Bhallstáit nach ndéanann idirdhealú de réir thionscnamh an éagumais chun oibre, déanfaidh an institiúid inniúil nó an comhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit atá i gceist an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin d'institiúid inniúil Bhallstáit eile, maidir le méid an éagumais chun oibre a bhí ann roimhe sin nó ina dhiaidh sin, agus i gcás inar féidir é, faisnéis lena bhféadfar a chinneadh an mar thoradh ar thionóisc ag an obair de réir bhrí na reachtaíochta a chuireann an institiúid sa Bhallstát eile i bhfeidhm a tharla an t-éagumas;

(b)

méid an éagumais a chúisigh na cásanna sin roimhe sin nó ina dhiaidh a chur san áireamh nuair a bheidh an teideal chun sochar agus an méid á chinneadh aici, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

Airteagal 40

Taisceadh agus imscrúdú éileamh ar phinsin nó ar liúntais fhorlíontacha

D'fhonn pinsean nó liúntas forlíontach a fháil faoi reachtaíocht Ballstáit, taiscfidh an duine lena mbaineann nó a mharthanóirí nó a marthanóirí a chónaíonn ar chríoch Ballstáit eile, i gcás inarb iomchuí, éileamh leis an institiúid inniúil, nó le hinstitiúid na háite cónaithe a sheolfaidh chuig an institiúid inniúil é.

Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.

Airteagal 41

Bearta speisialta cur chun feidhme

1.   I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil 2 den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, agus a mhéid a shonraítear sna forálacha sin amháin.

2.   Beidh feidhnm mutatis mutandis ag an dara habairt d'Airteagal 32(2) agus ag Airteagal 31(3) den Rialachán cur chun feidhme.

CAIBIDIL III

Deontais bháis

Airteagal 42

Éileamh ar dheontais bháis

Chun críocha Airteagal 42 agus Airteagal 43 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, seolfar an t-éileamh ar dheontais bháis chuig an institiúid inniúil nó chuig institiúid áit chónaithe an éilitheora, a sheolfaidh chuig an institiúid inniúil é.

Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.

CAIBIDIL IV

Sochair easláine, pinsin seanaoise agus pinsin mharthanóirí

Airteagal 43

Forálacha breise chun sochar a ríomh

1.   Chun críocha méid teoiriciúil agus méid iarbhír an tsochair a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(3), (4) agus (5) den Rialachán cur chun feidhme.

2.   I gcás nach ndearnadh tréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh a chur san áireamh faoi Airteagal 12(3) den Rialachán cur chun feidhme, déanfaidh institiúid an Bhallstáit ar comhlánaíodh na tréimhsí sin faoina reachtaíocht an méid atá ar comhréir leis na tréimhsí sin a ríomh faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Déanfar méid iarbhír an tsochair, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, a mhéadú an méid a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh.

3.   Déanfaidh institiúid gach Ballstáit, faoin reachtaíocht a fheidhmíonn sí, an méid atá dlite a ríomh a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh agus, i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(c) den bhun-Rialachán (CE), nach mbeidh faoi réir rialacha Ballstáit eile maidir le tarraingt siar, laghdú nó fionraí.

I gcás nach gceadaítear leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil an méid seo a chinneadh go díreach, ar na forais go leithdháiltear leis an reachtaíocht luachanna difriúla i leith tréimhsí árachais, féadfar méid barúlacha a shuíomh. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháinsocruithe mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid barúlach sin a chinneadh.

Airteagal 44

Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn ‘tréimhse tógála leanaí’ d'aon tréimhse a dtugtar creidiúint ina leith faoi reachtaíocht pinsin Ballstáit nó lena bhforlíontar pinsean go sainráiteach mar go bhfuil leanbh tógtha ag duine, beag beann ar an modh a úsáideadh chun na tréimhsí sin a ríomh agus más nuair a bhí an leanbh á thógáil a d'fhabhraigh siad nó má tugadh aitheantas go haisghníomhach dóibh.

2.   I gcás, faoi reachtaíocht an Bhallstáit atá inniúil faoi Theideal II den bhun-Rialachán, nach gcuirtear tréimhse tógála leanaí ar bith san áireamh, institiúid an Bhallstáit arbh í a reachtaíocht a bhí infheidhme, i gcomhréir le Teideal II den bhun-Rialachán, maidir leis an duine lena mbaineann ar na forais go raibh sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ar an dáta nuair a tosaíodh ar an tréimhse tógála leanaí a chur san áireamh, faoin reachtaíocht sin, maidir leis an leanbh lena mbaineann, leanfaidh sí de bheith freagrach as an tréimhse sin a chur san áireamh mar thréimhse tógála leanaí faoina reachtaíocht féin, amhail is gurbh ar a chríoch féin a rinneadh an tógáil leanaí sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 má tá an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ballstáit eile, nó má thagann sé nó sí chun bheith amhlaidh, de bharr é nó í a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta.

Airteagal 45

Éileamh ar shochair

1.   D'fhonn sochair a fháil faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44(2) den bhun-Rialachán, taiscfidh an t-éilitheoir éileamh le hinstitiúid an Bhallstáit a raibh a reachtaíocht infheidhme tráth ar tharla an t-éagumas chun oibre ar lean easláine nó forthromú na heasláine sin é, nó le hinstitiúid na háite cónaithe, a sheolfaidh an t-éileamh chuig an gcéad institiúid.

2.   Má deonaíodh sochair bhreoiteachta in airgead, measfar, más iomchuí, gurb é dáta dhul in éag na tréimhse chun na sochair sin a dheonú dáta taiscthe an éilimh ar phinsean.

3.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann árachaithe léi méid na sochar faoin reachtaíocht is infheidhme agus an dáta ar thosaigh siad in iúl don institiúid a d'íoc na sochair i dtosach. Amhail ón dáta sin, déanfar na sochair a bhí dlite roimh fhothromú na heasláine a tharraingt siar nó a laghdú don fhorlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den bhun-Rialachán.

4.   I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-éilitheoir éileamh chuig institiúid a áite cónaithenó chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. Mura raibh an duine lena mbaineann tráth ar bith faoi réir na reachtaíochta a chuireann institiúid na háite cónaithe i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid sin an t-éileamh a chur ar aghaidh chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme.

5.   Beidh feidhm ag dáta taiscthe an éilimh i ngach institiúid lena mbaineann.

6.   De mhaolú ar mhír 5, mura dtabharfaidh an t-éilitheoir fógra go raibh sé fostaithe i mBallstáit eile nó go raibh cónaí air i mBallstáit eile, ainneoin gur iarradh air nó uirthi é sin a dhéanamh, measfar gurb é an dáta a gcomhlánaíonn an t-éilitheoir a éileamh tosaigh, nó a gcuireann sé isteach éileamh nua do na tréimhsí atá in easnamh ina leith, dáta taiscthe an éilimh leis an institiúid a fheidhmíonn an reachtaíocht atá i gceist, faoi réir forálacha níos fabhraí sa reachtaíocht sin.

Airteagal 46

Deimhnithe agus faisnéis a bheidh le taisceadh ag an éilitheoir leis an éileamh

1.   Taiscfidh an t-éilitheoir an t-éileamh i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta arna cur i bhfeidhm ag an institiúid dá dtagraítear in Airteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme agus beidh na doiciméid tacaíochta ag gabháil leis a cheanglaítear leis an reachtaíocht sin a chur ar fáil. Soláthróidh an t-iarrthóir go háirithe an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil agus doiciméid thacaíochta a bhaineann le tréimhsí árachais (institiúidí, uimhreacha aitheantais), fostaíocht (fostóirí) nó féinfhostaíocht (cineál na gníomhaíochta agus an áit ghníomhaíochta) agus cónaí (seoltaí) a d'fhéadfaí a chríochnú faoi reachtaíocht eile, chomh maith le fad na dtréimhsí sin.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh an t-éilitheoir, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) den bhun-Rialachán, deonú sochar seanaoise a gheofaí faoi reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó a chur siar, sonróidh sé é sin ina éileamh agus sonróidh sé an reachtaíocht faoina n-iarrtar an cur siar. Chun a chur ar chumas an éilitheora an ceart sin a fheidhmiú, tabharfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, faoin bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh ionas go bhféadfaidh sé iarmhairtí dheonú comhreathach nó dheonú comhleanúnach sochar a d'fhéadfadh sé a éileamh a mheas.

3.   Má dhéanann an t-éilitheoir éileamh ar shochair a tharraingt siar, i gcás ina bhforálfar dó sin faoi reachtaíocht Ballstáit ar leith, ní mheasfar go bhfuil na héilimh ar shochair faoi reachtaíocht na mBallstát eile á dtarraingt siar go comhreathach.

Airteagal 47

Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann

1.   ‘An institiúid theagmhála’ a ghairfear ina dhiaidh seo den institiúid ar chuici a seolfar an t-éileamh ar shochair nó ar chuici a chuirfear ar aghaidh é, i gcomhréir le forálacha Airteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme. Ní ghairfear an institiúid theagmhála d'institiúid na háite cónaithe más rud é nach raibh an duine, tráth ar bith, faoi réir na reachtaíochta a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.

Chomh maith le himscrúdú ar an éileamh ar shochair faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, ina cáil mar institiúid theagmhála, cuirfidh an institiúid sin chun cinn malartú sonraí, cur in iúl cinntí agus oibríochtaí is gá chun go ndéanfadh na hinstitiúidí lena mbaineann imscrúdú ar an éileamh, agus soláthróidh sé don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis atá ábhartha maidir leis na gnéithe Comhphobail den imscrúdú agus coimeádfaidh sí ar an eolas é nó í faoin dul chun cinn san imscrúdú.

2.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 44(3) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála na doiciméid uile a bhfuil baint acu leis an duine lena mbaineann chuig an institiúid lena raibh sé nó sí árachaithe roimhe sin agus scrúdóidh an institiúid sin an cás ar a huain.

3.   Ní bheidh Airteagail 48 go 52 infheidhme maidir le himscrúdú éileamh dá dtagraítear in Airteagal 44 den bhun-Rialachán.

4.   I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 2, seolfaidh an institiúid theagmhála gan mhoill na héilimh ar shochair agus na doiciméid uile atá ar fáil aici, agus i gcás inarb iomchuí, na doiciméid ábhartha a sholáthair an t-éilitheoir do na hinstitiúidí uile lena mbaineann le go bhféadfaidh siad imscrúdú an éilimh a thosú go comhreathach. Tabharfaidh an institiúid theagmhála fógra do na hinstitiúidí eile faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. Sonróidh sí freisin cé na doiciméid a thíolacfar ar dháta is faide anonn agus forlíonfaidh sí an t-éileamh a luaithe is féidir.

5.   Tabharfaidh gach ceann de na hinstitiúidí a bheidh i gceist fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile a bheidh i gceist, faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta.

6.   Déanfaidh gach ceann de na hinstitiúidí lena mbaineann méid na sochar a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52 den bhun-Rialachán agus tabharfaidh sí fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile lena mbaineann faoina cinneadh, faoi mhéid na sochar a bheidh dlite agus faoi aon fhaisnéis eile is gá chun críocha Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55 den bhun-Rialachán.

7.   Má shuíonn institiúid, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo, go bhfuil Airteagal 46(2) nó Airteagal 57(2) nó (3) den bhun-Rialachán infheidhme, cuirfidh sí ar an eolas an institiúid theagmhála agus na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Airteagal 48

Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí

1.   Tabharfaidh gach institiúid fógra don éilitheoir faoin gcinneadh a bheidh glactha aici i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Sonróidh gach cinneadh na leighis agus na tréimhsí le haghaidh achomharc. Nuair a bheidh fógra tugtha don institiúid teagmhála faoi na cinntí uile arna nglacadh ag gach institiúid, cuirfidh sí achoimre ar na cinntí sin chuig an éilitheoir agus chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin múnla na hachoimre. Cuirfear an achoimre chuig an éilitheoir i dteanga na hinstitiúide nó, arna iarraidh sin don éilitheoir, ina rogha teanga, ar teanga í a aithnítear mar theanga oifigiúil de chuid na n-institiúidí Comhphobail, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh.

2.   I gcás ina bhfeicfear don éilitheoir, tar éis dó nó di an achoimre a fháil, go ndearna idirghníomhú idir chinntí a rinne dhá institiúid nó níos mó, dochar dá chearta, beidh ceart aige chun athbhreithniú ar chinntí na n-institiúidí lena mbaineann laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta faoi seach. Is ar an dáta a bhfaighfear an achoimre a thosóidh na teorainneacha ama. Tabharfar fógra i scríbhinn don éilitheoir faoi thoradh na hathbhreithnithe.

Airteagal 49

An grád easláine a chinneadh

1.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46(3) den bhun-Rialachán, is í an institiúid theagmhála an t-aon institiúid an t-aon institiúid a bheidh údaraithe chun cinneadh a ghlacadh maidir le grád easláine an éilitheora, má tá an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid sin san áireamh in Iarscríbhinn VII, nó mura bhfuil, is í an institiúid a bhfuil a reachtaíocht san áireamh in Iarscríbhinn VII, agus ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an t-éilitheoir faoi réir, a bheidh údaraithe chuige sin. Glacfaidh sí an cinneadh sin a luaithe is féidir léi a chinneadh ar comhalladh na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme, ag cur san áireamh, más iomchuí, Airteagal 6 agus Airteagal 51 den bhun-Rialachán. Tabharfaidh sí fógra faoin gcinneadh sin gan mhoill do na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

I gcás nach gcomhalltar na coinníollacha incháilitheachta, seachas na cinn a bhaineann leis an ngrád easláine, a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme, ag cur san áireamh forálacha Airteagal 6 agus Airteagal 51 den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála institiúid inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh an t-éilitheoir faoi réir a reachtaíochta ar an eolas gan mhoill. Údarófar don institiúid sin an cinneadh a ghlacadh maidir le grád easláine an éilitheora má chomhalltar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme; Tabharfaidh sí fógra faoin gcinneadh sin gan mhoill do na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Nuair atá incháilitheacht á cinneadh, 'féadfaidh sé, más gá, go gcaithfear an cheist a tharchur an athuair, faoi na coinníollacha céanna, chuig an institiúid atá inniúil don easláine sa chéad Bhallstát a raibh an t-éilitheoir faoi réir a reachtaíochta.

2.   I gcás nach mbeidh Airteagal 46(3) den bhun-Rialachán infheidhme, féadfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena reachtaíocht, an t-éilitheoir a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici chun an grád easláine a chinneadh. Ach cuirfidh institiúid Ballstáit san áireamh na doiciméid, na tuarascálacha leighis agus an fhaisnéis riaracháin arna mbailiú ag institiúid gach Ballstáit eile amhail is dá mba ina Ballstát féin a tarraingíodh suas iad.

Airteagal 50

Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar

1.   D'ainneoin Airteagal 7 den Rialachán cur chun feidhme, aon institiúid a shuífidh, tráth éileamh ar shochair a imscrúdú, go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal sochair neamhspleách faoin reachtaíocht infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(a) den bhun-Rialachán, íocfaidh sí an sochar sin gan mhoill. Measfar gur íocaíocht shealadach í an íocaíocht sin más rud é go bhféadfadh toradh an nós imeachta imscrúdaithe difear a dhéanamh don mhéid.

2.   I gcás inar léir ón bhfaisnéis a bhfuil teacht uirthi go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal íocaíochta ó institiúid faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid sin réamhíocaíocht, a mbeidh a méid chomh gar agus is féidir don mhéid is dóigh a íocfar faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán.

3.   Gach institiúid a bhfuil sé d'oibleagáid uirthi na sochair shealadacha nó an réamhíocaíocht faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 a íoc, cuirfidh sí an t-éilitheoir ar an eolas gan mhoill, agus a aird á díriú go sonrach aici ar chineál sealadach an bhirt agus ar aon chearta achomhairc atá ann i gcomhréir lena reachtaíocht.

Airteagal 51

Athríomh na sochar

1.   I gcás ina ndéanfar athríomh ar shochair i gcomhréir le hAirteagal 48(3) agus (4) agus le hAirteagal 50(4) agus le hAirteagal 59(1) den bhun-Rialachán, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   I gcás ina ndéanfar an sochar a athríomh, a tharraingt siar nó a fhionraí, cuirfidh an institiúid a ghlac an cinneadh an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill agus cuirfidh sí gach ceann de na hinstitiúidí ar an eolas a bhfuil teideal ag an duine lena mbaineann ina leith.

Airteagal 52

Bearta a cheaptar chun dlús a chur le ríomh na sochar

1.   Chun cabhrú agus chun dlús a chur le hiniúchadh éileamh agus le híoc sochar, déanfaidh na hinstitiúidí a bhfuil an duine faoi réir a gcuid reachtaíochta, mar a leanas:

(a)

malartóidh siad le hinstitiúidí de chuid Ballstát eile na heilimintí a theastaíonn chun daoine a athraíonn ó reachtaíocht infheidhme náisiúnta amháin go ceann eile a chéannú, nó cuirfidh siad ar fáil do na hinstitiúidí sin iad agus áiritheoidh siad, in éineacht leis na hinstitiúidí sin, go gcoinneofar na heilimintí céannachta sin agus go mbeidh siad comhfhreagrach, nó murarbh fhéidir sin, cuirfidh siad na modhanna ar fáil do na daoine sin le go mbeidh teacht díreach acu ar a n-eilimintí céannachta;

(b)

malartóidh siad leis an duine lena mbaineann agus le hinstitiúidí de chuid Ballstát eile, sách fada roimh aois íosta na gceart pinsin nó roimh aois a chinnfear leis an reachtaíocht náisiúnta, faisnéis (tréimhsí a cuireadh i gcrích nó eilimintí tábhachtacha eile) maidir le teidlíochtaí pinsin daoine a d'athraigh ó reachtaíocht infheidhme amháin go ceann eile nó, murarbh fhéidir sin, cuirfidh siad na daoine sin ar an eolas maidir leis na modhanna trínar féidir leo a fháil amach faoina dteidlíocht ionchasach sochair, nó cuirfidh siad na modhanna sin ar fáil dóibh.

2.   Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, cinnfidh an Coimisiún Riaracháin na heilimintí faisnéise a mhalartófar nó a chuirfear ar fáil, agus leagfaidh sé síos na nósanna imeachta cuí agus na meicníochtaí cuí, ag cur san áireamh na saintréithe, an t-eagrúchán riaracháin agus teicniúil agus na modhanna teicneolaíocha atá ar fáil ag scéimeanna pinsin náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin cur chun feidhme na scéimeanna pinsean sin a áirithiú trí obair leantach a eagrú ar na bearta a glacadh agus ar a gcur i bhfeidhm.

3.   Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, ba chóir go dtabharfaí an fhaisnéis thuasluaite don institiúid sa chéad Bhallstát inar tugadh Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) do dhuine chun críocha riaracháin slándála sóisialta.

Airteagal 53

Bearta um chomhordú sna Ballstáit

1.   Gan dochar d'Airteagal 51 den bhun-Rialachán, ina n-áirítear sa reachtaíocht náisiúnta rialacha lena gcinntear an institiúid atá freagrach nó an scéim is infheidhme nó lena sanntar tréimhsí árachais do scéim shonrach, cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm gan a chur san áireamh ach na tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   I gcás ina n-áireofar, leis an reachtaíocht náisiúnta, rialacha do chomhordú scéimeanna speisialta do stáitseirbhísigh agus an scéim ghinearálta do dhaoine fostaithe, ní bheidh tionchar ag forálacha an bhun-Rialacháin ná ag forálacha an Rialacháin chur chun feidhme ar na rialacha sin.

CAIBIDIL V

Sochair dífhostaíochta

Airteagal 54

Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12(1) den Rialachán cur chun feidhme maidir le hAirteagal 61 den bhun-Rialachán. Gan dochar do bhunoibleagáidí na n-institiúidí lena mbaineann, féadfaidh an duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, arna eisiúint ag institiúid an Bhallstáit a raibh sé nó sí faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige nó aici mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe agus ina sonraítear na tréimhsí a cuireadh i gcrích faoin reachtaíocht sin.

2.   Chun críocha Airteagal 62(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, cuirfidh institiúid inniúil an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, gach faisnéis ar fáil gan mhoill d'institiúid na háite cónaithe arna iarraidh sin di, atá riachtanach chun sochar dífhostaíochta a fhéadfar a fháil sa Bhallstát cónaithe a ríomh, go háirithe an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas.

3.   Chun críocha Airteagal 62 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus d'ainneoin Airteagal 63 den Rialachán sin, institiúid inniúil de chuid Ballstáit a bhforáiltear lena reachtaíocht go n-athraíonn ríomh na sochar de réir líon an teaghlaigh, cuirfidh sí san áireamh baill teaghlaigh an duine lena mbaineann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile amhail is dá mba ina gcónaí iad sa Bhallstát inniúil. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina mbeidh duine eile i dteideal sochar dífhostaíochta, arna ríomh ar bhonn líon na mball teaghlaigh, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar bhaill den teaghlach.

Airteagal 55

Coinníollacha agus srianta maidir le teidlíocht chun sochar a choinneáil i gcás daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile

1.   Chun go gcumhdófar é le forálacha Airteagal 64 de bhun-Rialachán, cuirfidh duine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile an institiúid inniúil ar an eolas roimh imeacht dó agus iarrfaidh sé doiciméad lena ndeimhnítear go gcoinníonn sé an teidlíocht chun sochar faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán.

Cuirfidh an institiúid sin a oibleagáidí in iúl don duine lena mbaineann agus tabharfaidh sí dó an doiciméad thuasluaite ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an dáta ar scoir an duine dífhostaithe de bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Stáit inniúil;

(b)

an tréimhse a deonaíodh don duine dífhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán chun clárú mar dhuine atá ag lorg oibre sa Bhallstát a ndeachaigh sé nó sí ann;

(c)

an tréimhse uasta a fhéadfar an teidlíocht chun sochair a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 64(1)(c) den bhun-Rialachán;

(d)

na himthosca ar dóigh dóibh tionchar a bheith acu ar an teidlíocht sochar.

2.   I gcomhréir le forálacha Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán, cláróidh an duine dífhostaithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a ndeachaigh sé ann, mar dhuine atá ag lorg oibre agus cuirfidh sé an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 chuig institiúid an Bhallstáit sin. Má chuireann sé an institiúid inniúil ar an eolas i gcomhréir le mír 1 ach má mhainníonn sé an doiciméad sin a chur ar fáil, rachaidh institiúid na háite a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun an fhaisnéis is gá sin a fháil.

3.   Cuirfidh seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann ag lorg oibre ar an eolas é faoina oibleagáidí.

4.   Seolfaidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann doiciméad chuig an institiúid inniúil gan mhoill lena luafar an dáta ar chláraigh an duine dífhostaithe leis na seirbhísí fostaíochta agus a sheoladh nua.

Má tharlaíonn, le linn na tréimhse a gcoinneoidh an duine dífhostaithe an teidlíocht chun sochair, aon teagmhas ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar theidlíocht sochar, seolfaidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann, gan mhoill, doiciméad chuig an institiúid inniúil agus chuig an duine lena mbaineann, ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha.

Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, soláthróidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann faisnéis ábhartha, gach mí, maidir le staid leanúnach an duine dhífhostaithe agus go háirithe cibé an bhfuil sé nó sí fós cláraithe leis na seirbhísí fostaíochta agus an bhfuil na nósanna imeachta seiceála atá eagraithe á gcomhlíonadh aige nó aici.

5.   Déanfaidh institiúid na háite a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann seiceálacha nó cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar seiceálacha amhail is dá mba dhuine dífhostaithe a bhí ag fáil sochar faoina reachtaíocht féin é an duine lena mbaineann. Nuair is gá, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas láithreach má tharlaíonn aon imthosca dá dtagraítear i mír 1(d).

6.   Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó nósanna imeachta sonracha agus teorainneacha ama sonracha a aontú eatarthu féin maidir le staid leanúnach an duine dífhostaithe chomh maith le bearta eile a d'éascódh gníomhaíochtaí cuardaithe poist na ndaoine dífhostaithe a théann chuig ceann de na Ballstáit sin faoi Airteagal 64 den bhun-Rialachán.

Airteagal 56

Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   I gcás ina mbeartóidh duine dífhostaithe, i gcomhréir le hAirteagal 65(2) den bhun-Rialachán, é féin a chur ar fáil freisin do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát is deireanaí a raibh sé ag saothrú mar dhuine fhostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ann, trína chlárú ann mar dhuine atá ag lorg oibre, cuirfidh sé institiúid agus seirbhísí fostaíochta a Bhallstáitchónaithe ar an eolas faoi.

Arna iarraidh sin do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann ag saothrú mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, seolfaidh seirbhísí fostaíochta san áit chónaithe chucu an fhaisnéis ábhartha maidir le clárú an duine dhífhostaithe agus maidir lena chuardach fostaíochta.

2.   I gcás ina gceanglófar, leis an reachtaíocht is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann, go gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe oibleagáidí agus/nó gníomhaíochtaí cuardaithe poist ar leith, beidh tús áite ag na hoibleagáidí agus na gníomhaíochtaí cuardaithe poist a dhéanfaidh an duine dífhostaithe sa Bhallstát cónaithe.

Mura gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe na hoibleagáidí agus/nó na gníomhaíochtaí cuardaithe poist uile sa Bhallstát inar shaothraigh sé nó sí a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht is deireanaí, ní bheidh aon tionchar aige seo ar na sochair a dhámhfar air nó uirthi sa Bhallstát cónaithe.

3.   Chun críocha Airteagal 65(5)(b) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, cuirfidh institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta institiúid na háite cónaithe ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoi cibé acu an bhfuil an t-oibrí i dteideal sochar faoi Airteagal 64 den bhun-Rialachán.

Airteagal 57

Forálacha maidir le hAirteagail 61, 62, 64 agus 65 den Bhunrialachan a chur i bhfeidm maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh

1.   Beidh feidhm de réir mutatis mutandis ag Airteagal 54 agus Airteagal 55 den Rialachán cur chun feidhme maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 56 den Rialachán cur chun feidhme maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh. Duine dífhostaithe a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh, atá dífhostaithe go páirteach nó go hiomlán, agus a raibh cónaí air, le linn a fhostaíochta deiridh, ar chríoch Ballstáit seachas an Stát inniúil, gheobhaidh sé na sochair faoin scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh i gcomhréir le forálacha reachtaíocht an Bhallstáit inniúil amhail is dá mbeadh cónaí air ar chríoch an Bhallstáit sin. Soláthróidh an institiúid inniúil na sochair sin ar a costas féin.

CAIBIDIL VI

Sochair teaghlaigh

Airteagal 58

Rialacha tosaíochta i gcás forluí

Chun críocha Airteagal 68(1)(b)(i) agus (ii) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, i gcás nach bhféadfar an t-ord tosaíochta a bhunú ar bhonn áit chónaithe na leanaí, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann méid na sochar a ríomh, ag cur san áireamh na leanaí nach bhfuil cónaí orthu laistigh dá chríoch féin. I gcás ina gcuirfear Airteagal 68(1)(b)(i) i bhfeidhm, is í institiúid inniúil an Bhallstáit a ndéanann a reachtaíocht foráil don leibhéal is airde sochar a íocfaidh méid iomlán na sochar sin, agus is í institiúid inniúil an Bhallstáit eile a dhéanfaidh leath na suime seo, nach rachaidh thar theorainn an méid dá bhforáiltear i reachtaíocht an Bhallstáit dheireanaigh sin, a aisíoc léi.

Airteagal 59

Na rialacha is infheidhme i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht is infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú

1.   I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú idir Ballstáit i gcaitheamh míosa féilire, beag beann ar dhátaí íoctha na sochar teaghlaigh faoi reachtaíocht na mBallstát sin, an institiúid a d'íoc na sochair teaghlaigh ag tús na míosa sin de bhua na reachtaíochta faoinar deonaíodh na sochair, leanfaidh sí ag déanamh amhlaidh go dtí deireadh na míosa reatha.

2.   Cuirfidh sí institiúid an Bhallstáit eile nó na mBallstát eile ar an eolas maidir leis an dáta a scoirfidh sí de bheith ag íoc na sochar teaghlaigh sin. Tosóidh íoc na sochar ón mBallstát eile nó ó na Ballstáit eile lena mbaineann ón dáta sin.

Airteagal 60

Nós imeachta chun Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.   Seolfar an t-iarratas ar shochair teaghlaigh chuig an institiúid inniúil. Chun críocha Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfar staid an teaghlaigh ar fad a chur san áireamh amhail is dá mba faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann a bhí na daoine ar fad atá i gceist agus amhail is dá mba ina gcónaí ann a bhí siad, go háirithe maidir le teidlíocht duine chun na sochair sin a éileamh. I gcás duine atá i dteideal na sochar a éileamh ach nach bhfeidhmíonn an ceart sin, cuirfidh institiúid inniúil Ballstáit, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, san áireamh iarratas ar shochair teaghlaigh a thíolacfaidh an tuismitheoir eile isteach nó duine a chaitear leis nó léi mar thuismitheoir nó duine nó institiúid atá ag gníomhú mar chaomhnóir an linbh nó na leanaí.

2.   Déanfaidh an institiúid a ndéanfar iarratas chuici i gcomhréir le mír 1 scrúdú ar an iarratas ar bhonn na faisnéise mionsonraithe a sholáthróidh an t-iarratasóir, agus staid fhoriomlán dáiríre agus staid dhlithiúil theaghlach an iarratasóra á gcur san áireamh aici.

Má chinneann an institiúid sin go bhfuil a reachtaíocht infheidhme trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 68(1) agus (2) den bhun-Rialachán, soláthróidh sí na sochair teaghlaigh de réir na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm.

Más léir, i dtuairim na hinstitiúide sin, gurbh fhéidir gurbh ann do theidlíocht chun forlíonaidh dhifreálaigh de bhua reachtaíochta Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 68(2) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid sin an t-iarratas ar aghaidh chuig institiúid inniúil an Bhallstáit eile gan mhoill agus cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas; ina theannta sin, cuirfidh sí institiúid an Bhallstáit eile ar an eolas maidir lena cinneadh i leith an iarratais agus méid na sochar teaghlaigh a íocfar.

3.   I gcás ina gcinnfidh an institiúid a ndéanfar iarratas chuici go bhfuil a reachtaíocht infheidhme ach nach trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 68(1) nó (2) den bhun-Rialachán é, glacfaidh sí cinneadh sealadach gan mhoill maidir leis na rialacha tosaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm agus cuirfidh sí an t-iarratas ar aghaidh de réir Airteagal 68(3) den bhun-Rialachán chuig institiúid an Bhallstáit eile agus cuirfidh sí an t-iarratasóir ar an eolas faoi sin freisin. Glacfaidhan institiúid seasamh maidir leis an gcinneadh sealadach sin laistigh de dhá mhí.

Mura nglacfaidh an institiúid a gcuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuici seasamh laistigh den tréimhse thuasluaite, beidh feidhm ag an gcinneadh sealadach dá dtagraítear thuas agus íocfaidh an institiúid sin na sochair dá bhforáiltear faoina reachtaíocht agus cuirfidh sí an institiúid a ndearnadh an t-iarratas chuici ar an eolas faoi mhéid na sochar a íocfar.

4.   I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag na hinstitiúidí lena mbaineann maidir leis an reachtaíocht is infheidhme de réir cheart na tosaíochta, beidh feidhm ag Airteagal 6(2) go (5) den Rialachán cur chun feidhme. Chun na críche sin, is éard a bheidh in institiúid na háite cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán cur chun feidhme institiúid áit chónaithe an linbh nó na leanaí.

5.   Má d'íoc an institiúid a sholáthair na sochair ar bhonn sealadach níos mó ná an méid a bhfuil sí freagrach as faoi dheoidh, féadfaidh sí aisíoc an fharasbairr a éileamh ón institiúid ar uirthi atá an phríomhfhreagracht i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 61

Nós imeachta chun Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Chun críocha Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin liosta de na sochair teaghlaigh bhreise nó na sochair teaghlaigh speisialta do dhílleachtaí a chumhdaítear leis an Airteagal sin. Mura bhforáiltear go ndeonóidh an institiúid atá inniúil, trí cheart na tosaíochta, sochair teaghlaigh breise nó sochair teaghlaigh speisialta den sórt sin do dhílleachtaí, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, cuirfidh sí aon iarratas ar shochair teaghlaigh ar aghaidh gan mhoill, mar aon leis na doiciméid ábhartha uile agus gach faisnéis ábhartha, chuig institiúid an Bhallstáit is faide a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta agus a sholáthraíonn sochair teaghlaigh bhreise nó speisialta do dhílleachtaí. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé sin a chiallú go ndéanfaí tarchur ar ais, faoi na coinníollacha céanna, chuig institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht a chomhlíon an duine lena mbaineann na tréimhsí árachais nó cónaithe ba ghiorra.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Aisíoc chostas na sochar i gcur i bhfeidhm Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán

Roinn 1

Aisíoc ar bhonn caiteachais iarbhír

Airteagal 62

Na prionsabail

1.   Chun críocha Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil méid iarbhír chostais na sochar comhchineáil, mar a léirítear i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, a aisíoc leis an institiúid sin, ach amháin i gcás ina mbeidh Airteagal 63 den Rialachán cur chun feidhme infheidhme.

2.   Má tá aon mhéid de chostas iarbhír na sochar nó cuid de mhéid chostas iarbhír na sochar dá dtagraítear i mír 1 gan taispeáint i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, cinnfear an méid atá le haisíoc ar bhonn íocaíochta cnapshuime a ríomhfar ó na tagairtí iomchuí go léir a gheofar ó na sonraí atá ar fáil. Measúnóidh an Coimisiún Riaracháin na boinn a úsáidfear chun an íocaíocht chnapshuime a ríomh agus cinnfidh sé méid na híocaíochta sin.

3.   Ní fhéadfar rátaí a chur san áireamh san aisíoc a bheidh níos airde ná na rátaí is infheidhme do na sochair chomhchineáil a chuirtear ar fáil do dhaoine árachaithe faoi réir na reachtaíochta atá á cur i bhfeidhm ag an institiúid a bhfuil na sochair dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar fáil aici.

Roinn 2

Aisíoc ar bhonn méideanna socraithe

Airteagal 63

NaBallstáit lena mbaineann a shainaithint

1.   Liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den bhun-Rialachán, ar de chineál a struchtúir dhlíthiúla nó riaracháin nach iomchuí aisíoc ar bhonn caiteachais iarbhír a úsáid.

2.   I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme, méid na sochar comhchineáil a sholáthraítear:

(a)

do bhaill teaghlaigh nach bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna ina bhfuil cónaí ar an duine árachaithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 17 den bhun-Rialachán,

(b)

phinsinéirí agus baill dá dteaghlach, mar a fhoráiltear in Airteagal 24(1), Airteagal 25 agus Airteagal 26 den bhun-Rialachán,

déanfaidh na hinstitiúidí inniúla na sochair sin a aisíoc leis na hinstitúidí a chuir ar fáil iad, ar bhonn méid shocraithe a bhunófar do gach bliain féilire. Beidh an méid socraithe seo chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír.

Airteagal 64

Modh ríofa na méideanna socraithe míosúla agus an méid shocraithe iomláin

1.   Do gach Ballstát creidmheasach, cinnfear an méid socraithe míosúil in aghaidh an duine (Fi) don bhliain féilire tríd an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi), agus é á mhiondealú de réir aoisghrúpa, a roinnt ar 12 agus trí laghdú (X) a chur i bhfeidhm ar an toradh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Fi = Yi*1/12*(1-X)

Inarb é:

an t-innéacs (i = 1, 2 agus 3) na trí aoisghrúpa a úsáidtear chun na méideanna socraithe a ríomh:

i = 1

:

daoine faoi bhun 20 bliain d'aois

i = 2

:

daoine idir 20 bliain agus 64 bliana d'aois

i = 3

:

daoine in aois 65 bliana agus os a cionn

Yi an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine san aoisghrúpa i, mar a shainmhínítear i mír 2 é;

an chomhéifeacht X (0,20 nó 0,15) an laghdú mar a shainmhínítear i mír 3 é;

2   Gheofar an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi) in aoisghrúpa i tríd an gcaiteachas bliantúil ar na sochair chomhchineáil uile a sholáthraíonn institiúidí an Bhallstáit chreidmheasaigh do na daoine go léir atá san aoisghrúpa lena mbaineann, atá faoi réir a reachtaíochta agus atá ina gcónaí laistigh dá chríoch, a roinnt ar mheánlíon na ndaoine san aoisghrúpa sin. Bunófar an ríomh ar an gcaiteachas faoi na scéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán cur chun feidhme.

3.   Is ionann, i bprionsabal, an laghdú atá le cur i bhfeidhm ar an méid iomlán socraithe agus 20 % (X = 0,20). Is ionann agus 15 % a bheidh sé (X = 0,15) do phinsinéirí agus do bhaill dá dteaghlach i gcás nach mbeidh an Ballstát inniúil liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbun-Rialachán.

4.   Do gach Ballstát creidmheasach, is éard a bheidh sa mhéid iomlán socraithe don bhliain féilire suim na n-iolrach a gheofar tríd an méid míosúil socraithe a cinneadh a iolrú i ngach aoisghrúpa faoi líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann i gcrích sa Bhallstát creidmheasach san aoisghrúpa sin.

Is éard a bheidh i líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann i gcrích sa Bhallstát creidmheasach suim na míonna féilire i mbliain féilire ina raibh na daoine lena mbaineann i dteideal sochair chomhchineáil a fháil ar chostas an Bhallstáit fhiachaigh, de bharr go raibh cónaí orthu i gcríoch an Bhallstáit chreidmheasaigh. Déanfar na míonna sin a chinneadh ó fhardal a choinneoidh institiúid na háite cónaithe chuige sin, a bheidh bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach a sholáthróidh an institiúid inniúil maidir le teidlíocht na dtairbhithe.

5.   Tráth nach déanaí ná … (6), tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil shonrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo agus go háirithe maidir leis na laghdaithe dá dtagraítear in mír 3. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún Riaracháin togra a thíolacadh ina mbeidh aon leasuithe a mbeidh gá leo d'fhonn a áirithiú go mbeidh ríomh na méideanna socraithe chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír a tabhaíodh agus nach mbeidh de thoradh ar na laghduithe dá dtagraítear in mír 3 go mbeadh íocaíochtaí neamhchothroma nó íocaíochtaí dúbailte ann do na Ballstáit.

6.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na modhanna lena gcinnfear na heilimintí lena ndéanfar na méideanna socraithe dá dtagraítear sna míreanna thuas a ríomh.

7.   D'ainneoin mhíreanna 1go 4, féadfaidh na Ballstáit leanúint d'Airteagal 94 agus Airteagal 95 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a chur i bhfeidhm chun an méid socraithe a ríomh go dtí … (6), ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an laghdú dá dtagraítear in mír 3.

Airteagal 65

Fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla

1.   Tabharfar fógra faoin meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain shonrach don Bhord Iniúchóireachta tráth nach déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana a bheidh i gceist. Mura dtabharfar fógra faoin spriocdháta seo, tógfar an meánchostas bliantúil is deireanaí in aghaidh an duine a chinn an Coimisiún Riaracháin do bhliain roimhe sin.

2.   Na meánchostais bhliantúla sin a chinnfear i gcomhréir le mír 1, foilseofar gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Roinn 3

Forálacha coiteanna

Airteagal 66

Nós imeachta um aisíoc idir institiúidí

1.   Déanfar na haisíocaíochtaí idir na Ballstáit lena mbaineann a chur i gcrích a luaithe agus is féidir. Beidh sé d'oibleagáid ar gach institiúid lena mbaineann na héilimh a aisíoc roimh na spriocdhátaí a luaitear sa Roinn seo, a luaithe agus a bheidh sí in ann é sin a dhéanamh. Díospóid a bhaineann le héileamh ar leith, ní bheidh sí ina bac d'aisíoc éilimh eile nó d'aisíoc éileamh eile.

2.   Na haisíocaíochtaí idir institiúidí na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 41 den bhun-Rialachán, déanfar tríd an gcomhlacht idirchaidrimh iad. D'fhéadfaí go mbeadh comhlacht idirchaidrimh ar leithligh ann d'aisíocaíochtaí faoi Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán.

Airteagal 67

Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú

1.   Éilimh atá bunaithe ar chaiteachas iarbhír, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh de 12 mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire ina taifeadadh na héilimh sin i gcuntais na hinstitiúide creidmheasaí.

2.   Éilimh ar mhéideanna socraithe do bhliain féilire, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis na míosa ar foilsíodh meánchostais na bliana lena mbaineann in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfear na fardail dá dtagraítear in Airteagal 64(4) den Rialachán cur chun feidhme isteach faoi dheireadh na bliana tar éis na bliana tagartha.

3.   Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme, ní chuirfear tús leis an spriocdháta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo go dtí go ndéanfar an institiúid inniúil a aithint.

4.   Éilimh a dhéanfar tar éis na spriocdhátaí atá sonraithe i mír 1 agus mír 2, ní chuirfear san áireamh iad.

5.   Íocfaidh an institiúid fhiachach na héilimh le comhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit creidmheasaigh dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán cur chun feidhme laistigh de 18 mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad. Ní bhainfidh sé seo leis na héilimh ar dhiúltaigh an institiúid fhiachach dóibh ar chúis ábhartha le linn na tréimhse sin.

6.   Aon díospóidí a bhaineann le héileamh, socrófar iad, ar a dhéanaí, laistigh de 36 mhí tar éis na míosa ar cuireadh isteach an t-éileamh.

7.   I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Bord Iniúchóireachta socrú críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an t-ábhar dó.

Airteagal 68

Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí

1.   Tar éis dheireadh na tréimhse 18 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc, ach amháin má d'íoc an institiúid fhiachach, laistigh de shé mhí de dheireadh na míosa ar cuireadh an t-éileamh isteach, éarlais arb ionann í agus 90 % ar a laghad den éileamh iomlán a cuireadh isteach de bhua Airteagal 67(1) nó (2) den Rialachán cur chun feidhme. Maidir leis na codanna sin den éileamh nach gclúdaítear leis an éarlais, ní fhéadfar ús a ghearradh ach amháin tar éis dheireadh na tréimhse 36 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(6) den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Déanfar an t-ús a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe. Is é an ráta tagartha is infheidhme an ráta atá i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a bhfuil an íocaíocht dlite.

3.   Ní bheidh oibleagáid ar aon chomhlacht idirchaidrimh glacadh le héarlais dá bhforáiltear i mír 1. Má thograíonn comhlacht idirchaidrimh, áfach, gan glacadh le tairiscint den sórt sin, ní bheidh an institiúid chreidmheasach i dteideal ús a ghearradh a thuilleadh ar íocaíochtaí déanacha i leith na n-éileamh lena mbaineann ach amháin faoin dara habairt de mhír 1.

Airteagal 69

Ráiteas cuntas bliantúil

1.   Socróidh an Coimisiún Riaracháin staid na n-éileamh do gach bliain féilire i gcomhréir le hAirteagal 72(g) den bhun-Rialachán, ar bhonn thuarascáil an Bhoird Iniúchóireachta. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an Bord Iniúchóireachta síos, fógra a thabhairt don Bhord sin faoi mhéid na n-éileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chomhrac (seasamh creidmheasach) agus faoi mhéid na n-éileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh fiachach).

2.   Féadfaidh an Coimisiún Riaracháin aon seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh agus cuntasaíochta a úsáidtear mar bhonn chun ráiteas bliantúil na n-éileamh dá bhforáiltear i mír 1 a dhréachtú, d'fhonn, go háirithe, a áirithiú go bhfuil siad de réir na rialacha a leagtar síos faoin Teideal seo.

CAIBIDIL II

Sochair dífhostaíochta a aisíoc de bhun Airteagal 65 den bhun-Rialachán

Airteagal 70

Sochair dífhostaíochta a aisíoc

Mura mbeidh comhaontú ann i gcomhréir le hAirteagal 65(8) den bhun-Rialachán, iarrfaidh institiúid na háite cónaithe ar institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an tairbhí faoi réir a reachtaíochta, go n-aisíocfar sochair dífhostaíochta de bhun Airteagal 65(6) agus (7) den bhun-Rialachán. Déanfar an iarraidh laistigh de shé mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire ina ndearnadh an íocaíocht is deireanaí den sochar dífhostaíochta a bhfuil aisíocaíocht á hiarraidh ina leith. Sonrófar leis an iarraidh méid an tsochair a íocadh i rith na tréimhse trí mhí nó cúig mhí dá dtagraítear in Airteagal 65(6) agus (7) den bhun-Rialachán, an tréimhse ar íocadh na sochair ina leith agus sonraí aitheantais an duine dhífhostaithe. Is trí chomhlachtaí idirchaidrimh na mBallstát lena mbaineann a chuirfear isteach agus a íocfar na héilimh.

Ní bheidh aon cheanglas ann iarrataí a chuirtear isteach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad mhír a bhreithniú.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 66(1) agus Airteagal 67(5) go (7) den Rialachán cur chun feidhme.

Ó dheireadh na tréimhse 18 mhí dá dtagraítear in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc. Ríomhfar an t-ús i gcomhréir le hAirteagal 68(2) den Rialachán cur chun feidhme.

Is é uasmhéid na haisíocaíochta dá dtagraítear sa tríú habairt d'Airteagal 65(6) den bhun-Rialachán, i ngach cás ar leithligh, méid an tsochair a bheadh duine lena mbaineann i dteideal a fháil de réir reachtaíocht an Bhallstáit is deireanaí a raibh sé nó sí faoina réir, dá mbeadh sé cláraithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin.Sa chaidreamh idir na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme, áfach, is iad institiúidí inniúla ceann de na Ballstáit sin ar faoi réir a reachtaíochta is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann a chinnfidh an t-uasmhéid i ngach cás ar leithligh, ar bhonn mheánmhéid na sochar dífhostaíochta a cuireadh ar fáil faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin an bhliain féilire roimhe sin.

CAIBIDIL III

Gnóthú sochar a íocadh ach nach raibh dlite, gnóthú ar íocaíochtaí sealadacha agus ranníocaíochtaí sealadacha, frithchúiteamh agus cúnamh sa ghnóthú

Roinn 1

Na prionsabail

Airteagal 71

Forálacha coiteanna

Chun críocha Airteagal 84 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus laistigh den chreat a shainítear ann, aon uair is féidir, is mar fhrithchúiteamh idir institiúidí na mBallstát lena mbaineann, nó i leith an duine nádúrtha nó dlítheanach i gcomhréir le hAirteagail 72 go 74 den Rialachán cur chun feidhme, a ghnóthófar éilimh. Mura bhfuiltear in ann gach cuid den éileamh nó cuid ar bith de a ghnóthú tríd an nós imeachta um chúiteamh seo, gnóthófar a bhfuil fágtha den mhéid atá dlite i gcomhréir le forálacha Airteagail 75 go 85 den Rialachán cur chun feidhme.

Roinn 2

Frithchúiteamh

Airteagal 72

Sochair a fuarthas go míchuí

1.   Má d'íoc institiúid Ballstáit sochair le duine nach raibh dlite dó, féadfaidh an institiúid sin, laistigh de na téarmaí agus de na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine lena mbaineann, an méid neamhdhlite a bhaint as riaráistí nó as íocaíochtaí leanúnacha a dhlitear don duine lena mbaineann, beag beann ar an mbrainse slándála shóisialta faoina n-íoctar an sochar. Bainfidh an institiúid sin an méid atá i gceist faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le córas frithchúitimh den sórt seo i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mba í féin a rinne an ró-íocaíocht, agus aistreoidh sí an méid a bhaintear chuig an institiúid a d'íoc na sochair neamhdhlite.

2.   De mhaolú ar mhír 1, má d'íoc institiúid Ballstáit suim sochair neamhdhlite le duine nuair a bhí sochair á ndámhachtain nó á n-athbhreithniú acu maidir le sochair easláine, pinsin seanaoise nó pinsin marthanóirí de bhua Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den bhun-Rialachán, féadfaidh sí iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as na sochair chomhfhreagracha a íoc leis an duine lena mbaineann go mbainfidh sí an méid a ró-íocadh as na riaráistí atá iníoctha leis an duine sin. Tar éis don institiúid sin an institiúid an institiúid a d'íoc an tsuim neamhdhlite a chur ar an eolas maidir leis riaráistí sin, fógróidh an institiúid a d'íoc an méid neamhdhlite méid an mhéid neamhdhlite, laistigh de dhá mhí. Má fhaigheann an institiúid atá chun na riaráistí a íoc an t-eolas faoin spriocdháta, aistreoidh sí an méid a baineadh chuig an institiúid a d'íoc na méideanna neamhdhlite. Má théann an spriocdháta in éag, íocfaidh an institiúid sin na riaráistí, gan mhoill, leis an duine lena mbaineann.

3.   Má fuair duine cúnamh leasa shóisialaigh i mBallstát amháin i rith tréimhse a raibh sé i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh an comhlacht a sholáthair an cúnamh, má tá teideal dlí aige na sochair atá dlite don duine sin a éileamh ar ais, a iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine sin, an méid cúnaimh a íocadh a bhaint as na méideanna a íocfaidh an Ballstát sin leis an duine sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le haon bhall de theaghlach duine lena mbaineann a fuair cúnamh i gcríoch Ballstáit i rith tréimhse a raibh an duine árachaithe i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an bhaill teaghlaigh sin.

Institiúid Ballstáit a d'íoc méid neamhdhlite cúnaimh, seolfaidh sí ráiteas faoin méid atá dlite d'institiúid an Bhallstáit eile, a bhainfidh an méid sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos don nós imeachta frithchúitimh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí an méid sin gan mhoill chuig an institiúid a d'íoc an méid neamhdhlite.

Airteagal 73

Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí

1.   Chun críocha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm,trí mhí ar a dheireanaí tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte nó an institiúid atá freagrach as na sochair a íoc a bheith sainaitheanta, dréachtóidh an institiúid a d'íoc na sochair airgid thirim go sealadach ráiteas maidir leis an méid a íocadh go sealadach agus seolfaidh sí é chuig an institiúid a aithnítear mar an institiúid inniúil.

An institiúid atá aitheanta mar an institiúid atá inniúil as na sochair a íoc, bainfidh sí an méid atá dlite i ndáil leis an íocaíocht shealadach as riaráistí na sochar comhfhreagrach a dhlíonn sí leis an duine lena mbaineann agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d'íoc na sochair airgid thirim go sealadach.

Más mó méid na sochar a íocadh go sealadach ná méid na riaráistí, nó murab ann do riaráistí, bainfidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil an méid sin as íocaíochtaí leanúnacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta frithchúitimh den sórt sin faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d'íoc na sochair airgid thirim go sealadach.

2.   An institiúid a fuair ranníocaíochtaí go sealadach ó dhuine nádúrtha/dlítheanach, ní aisíocfaidh sí na méideanna atá i gceist leis an duine a d'íoc iad go dtí go bhfionnfaidh sí ón institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil na suimeanna atá dlite di faoi Airteagal 6(4) den bhun-Rialachán.

Arna iarraidh sin don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, a dhéanfar trí mhí, ar a dhéanaí, tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte, aistreoidh an institiúid a fuair ranníocaíochtaí sealadacha na ranníocaíochtaí chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid a bhí inniúil don tréimhse sin chun críche an staid a shocrú maidir leis na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine nádúrtha/dlítheanach di. Na ranníocaíochtaí a aistreofar, meastar go haisghníomhach gur leis an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil a íocadh iad.

Más mó méid na ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach ná an méid a dhlíonn an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, aisíocfaidh an institiúid a fuair na ranníocaíochtaí sealadacha an méid a ró-íocadh leis an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha lena mbaineann.

Airteagal 74

Na costais a bhaineann le frithchúiteamh

Ní íocfar aon chostais i gcás ina ngnóthófar an fiach tríd an nós imeachta frithchúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

Roinn 3

Gnóthú

Airteagal 75

Sainmhínithe agus forálacha coiteanna

1.   Chun críocha na Roinne seo:

ciallaíonn ‘éileamh’ na héilimh uile a bhaineann le ranníocaíochtaí nó le sochair a íocadh nó a soláthraíodh gan a bheith dlite, lena n-áirítear ús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais eile ar fad a bhaineann leis an éileamh de réir reachtaíocht an Bhallstáit a dhéanann an t-éileamh;

ciallaíonn ‘páirtí iarrthach’ aon institiúid a dhéanann iarraidh ar fhaisnéis, ar fhógra nó ar ghnóthú maidir le héileamh, mar a shainmhínítear thuas;

ciallaíonn ‘páirtí iarrtha’ aon institiúid a ndéantar iarraidh ar fhaisnéis, ar fhógra nó ar ghnóthú chuici maidir le héileamh, mar a shainmhínítear thuas é.

2.   Aon iarrataí a dhéantar idir na Ballstáit, agus aon teachtaireachtaí a bhaineann leo, díreofar iad, go hiondúil, trí institiúidí a ainmneofar.

3.   Bearta praiticiúla cur chun feidhme, lena n-áirítear, chomh maith le cinn eile, iad siúd a bhaineann le hAirteagal 4 den Rialachán cur chun feidhme agus le tairseach íosta a leagan síos do na méideanna ar féidir iarraidh ar ghnóthú a dhéanamh ina leith, glacfaidh an Coimisiún Riaracháin iad.

Airteagal 76

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Arna iarraidh sin don pháirtí iarrthach, cuirfidh an páirtí iarrtha aon fhaisnéis ar fáil a bheadh úsáideach don pháirtí iarrthach chun a éileamh a ghnóthú.

D'fhonn an fhaisnéis sin a fháil, bainfidh an páirtí iarrtha úsáid as na cumhachtaí a bhforáiltear dóibh faoi na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le héilimh den sórt sin a eascraíonn ina Bhallstát féin.

2.   Sonrófar leis an iarraidh ar fhaisnéis ainm, an seoladh is deireanaí atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le haitheantas an duine dlítheanaigh nó nádúrtha a mbaineann an fhaisnéis a chuirfear ar fáil leis, agus cineál agus méid an éilimh ar ina leith atá an iarraidh á déanamh.

3.   Ní bheidh sé d'oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha faisnéis a chur ar fáil:

(a)

nach mbeadh sé ábalta rochtain a fháil uirthi chun éilimh den sórt sin a d'eascródh ina Bhallstát féin a ghnóthú;

(b)

trína sceithfí aon rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil; nó

(c)

ar dóigh go ndéanfadh a nochtadh dochar do shlándáil an Bhallstáit nó ar dóigh go rachadh a nochtadh i gcoinne bheartais phoiblí an Bhallstáit.

4.   Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon diúltú d'iarraidh ar fhaisnéis.

Airteagal 77

Fógra

1.   Ar na iarraidh sin don pháirtí iarrthach, tabharfaidh an páirtí iarrtha fógra don seolaí, i gcomhréir leis na rialacha dlí atá i bhfeidhm maidir le fógraí faoi ionstraimí nó cinntí den sórt sin ina Bhallstát féin, faoi na hionstraimí uile agus faoi na cinntí uile, lena n-áirítear ionstraimí agus cinntí de chineál breithiúnach a thagann ó Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus a bhaineann le héileamh nó lena ghnóthú.

2.   Sonrófar leis an iarraidh ar fhógra ainm agus seoladh an tseolaí lena mbaineann agus aon fhaisnéis eile a bhaineann le haitheantas an tseolaí a mbeadh rochtain ag an bpáirtí iarrthach uirthi de ghnáth, cineál agus ábhar na hionstraime nó an chinnidh a bhfuil fógra le tabhairt faoi agus, más gá, ainm agus seoladh an fhiachóra agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an fhiachóra agus leis an éileamh lena mbaineann an ionstraim nó an cinneadh, agus aon fhaisnéis fhóinteach eile.

3.   Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas gan mhoill faoin mbeart a rinneadh mar thoradh ar a iarraidh ar fhógra agus, go háirithe, faoin dáta ar cuireadh an cinneadh nó an ionstraim ar aghaidh chuig an seolaí.

Airteagal 78

Iarraidh ar ghnóthú

1.   Iarraidh chun éileamh a ghnóthú a sheolann an páirtí iarrthach chuig an páirtí iarrtha, tionlacfar í le cóip oifigiúil nó le cóip dheimhnithe den ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh agus, más iomchuí, le bunchóip nó cóip dheimhnithe de na doiciméid eile is gá don ghnóthú.

2.   Ní fhéadfaidh an páirtí iarrthach iarraidh a dhéanamh ar ghnóthú ach amháin:

(a)

i gcás nach bhfuil an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú á gconspóid ina Bhallstát féin, seachas i gcásanna ina bhfuil an dara fomhír d'Airteagal 81(2) á chur i bhfeidhm;

(b)

má tá nósanna imeachta iomchuí um ghnóthú atá ar fáil dó ar bhonn na hionstraime dá dtagraítear i mír 1 curtha i bhfeidhm ina Bhallstát féin aige, agus nach mbeidh íocaíocht an éilimh ina iomláine i gceist mar thoradh ar na bearta a rinneadh;

(c)

mura bhfuil tréimhse na dteorainneacha, i gcomhréir lena reachtaíocht féin, tar éis dul in éag.

3.   Sonrófar san iarraidh ar ghnóthú an méid seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh lena mbaineann agus/nó leis an tríú páirtí a bhfuil a shócmhainní nó a sócmhainní ina seilbh aige;

(b)

ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an pháirtí iarrthaigh;

(c)

tagairt don ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;

(d)

nádúr agus méid an éilimh, lena n-áirítear an phríomhshuim, an t-ús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais ar fad eile atá dlite agus iad á sonrú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha;

(e)

an dáta ar thug an páirtí iarrthach agus/nó an páirtí iarrtha fógra faoin ionstraim don seolaí;

(f)

an dáta ónar féidir agus an tréimhse inar féidir forghníomhú a dhéanamh faoi na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;

(g)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

4.   Beidh dearbhú ón bpáirtí iarrthach san iarraidh ar ghnóthú freisin, lena ndaingnítear gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2.

5.   Cuirfidh an páirtí iarrthach aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar ghnóthú ar aghaidh chuig an páirtí iarrtha, a luaithe a thiocfaidh an fhaisnéis sin ar a iúl.

Airteagal 79

Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 84(2) den bhun-Rialachán, aithneofar go díreach an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a ghnóthú agus déileálfar léi go huathoibríoch mar ionstraim lena gceadaítear éileamh de chuid Bhallstát an pháirtí iarrthaigh a fhorghníomhú.

2.   D'ainneoin mhír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, féadfar glacadh leis an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a fhorghníomhú mar ionstraim lena n-údaraítear forghníomhú ar chríoch an Bhallstáit sin, nó is féidir í a aithint mar ionstraim den sórt sin, nó a fhorlíonadh nó a ionadú le hionstraim den sórt sin.

Laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar ghnóthú, féachfaidh na húdaráis inniúla leis an nglacadh, an aithint, an bhforlíonadh nó an ionadú sin a chur i gcrích, ach amháin i gcásanna ina mbeidh feidhm ag an tríú fomhír den mhír seo. Ní fhéadfar na gníomhartha seo a dhiúltú más dréachtaithe mar is cuí atá an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon sárú ar an tréimhse trí mhí.

I gcás ina n-eascróidh díospóid as aon cheann de na gníomhartha seo, i ndáil leis an éileamh agus/nó i ndáil leis an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú arna heisiúint ag an bpáirtí iarrthach, beidh feidhm ag Airteagal 81 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 80

Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí

1.   Déanfar éilimh a ghnóthú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha. Tarchuirfidh an páirtí iarrtha méid iomlán an éilimh a ghnóthaíonn an páirtí iarrtha chuig an bpáirtí iarrthach.

2.   I gcás ina gceadóidh na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin amhlaidh, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an bpáirtí iarrthach, féadfaidh an páirtí iarrtha am breise a thabhairt don fhiachóir chun an t-éileamh a íoc nó féadfaidh sé íocaíocht i dtráthchodanna a údarú. Aon ús a ghearrfaidh an páirtí iarrtha i leith an ama bhreise sin don íocaíocht, tarchuirfear chuig an bpáirtí iarrthach é freisin.

Ón dáta a n-aithneofar, go díreach, an ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 79(1) den Rialachán cur chun feidhme, nó ón dáta a nglacfar léi, a n-aithneofar í, a bhforlíonfar í nó a n-ionadófar í i gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Rialachán cur chun feidhme, gearrfar ús as íocaíocht dhéanach faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha agus tarchuifear an t-ús sin freisin chuig an bpáirtí iarrthach.

Airteagal 81

Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú

1.   Más rud é, i gcúrsa an nós imeachta um ghnóthú, go gconspóideann páirtí leasmhar an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, déanfaidh an páirtí sin an chaingean a thabhairt os comhair údarás inniúil Bhallstát an pháirtí iarrthaigh, i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin. Tabharfaidh an páirtí iarrthach fógra don pháirtí iarrtha faoin mbeart seo gan mhoill. Féadfaidh an páirtí leasmhar an páirtí iarrtha a chur ar an eolas faoin mbeart seo freisin.

2.   A luaithe a gheobhaidh an páirtí iarrtha an fógra nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ón bpáirtí iarrthach nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorghníomhú ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás atá inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí iarrthach a mhalairt i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Má mheasann an páirtí iarrtha gur gá sin, agus gan dochar d'Airteagal 84, féadfaidh sé bearta réamhchúraim a ghlacadh chun gnóthú a áirithiú a mhéid a cheadaíonn na rialacha nó na rialacháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin na bearta sin i gcás éileamh den tsamhail chéanna.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin agus leis na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin, féadfaidh an páirtí iarrthach a iarraidh ar an bpáirtí iarrtha go ngnóthóidh sé éileamh atá á chonspóid, a mhéid a cheadaítear é sin leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha. Má shocraítear an conspóid i bhfabhar an fhiachóra, dlífear ar an bpáirtí iarrthach aon suimeanna a gnóthaíodh a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha.

3.   I gcás ina mbainfidh an chonspóid le bearta forghníomhaithe a rinneadh i mBallstát an pháirtí iarrtha, tabharfar an chaingean os comhair údarás iomchuí an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.

4.   I gcás inar binse breithiúnach nó riaracháin a bheidh san údarás iomchuí a dtugtar caingean os a chomhair i gcomhréir le mír 1, a mhéid atá cinneadh an bhinse sin fabhrach don pháirtí iarrthach agus má cheadaíonn sé gnóthú an éilimh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, is ionann an cinneadh sin agus an ‘ionstraim lena gceadaítear forghníomhú’ de réir bhrí Airteagal 78 agus de réir bhrí Airteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme agus rachaidh gnóthú an éilimh ar aghaidh ar bhonn an chinnidh sin.

Airteagal 82

Teorainneacha maidir le cúnamh

1.   Ní bheidh sé d'oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha:

(a)

an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 78 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú más rud é, de bharr staid an fhiachóra, go gcothódh gnóthú an éilimh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialacha i mBallstát an pháirtí iarrtha, a mhéid a cheadaíonn dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha beart den sórt sin i gcás éileamh náisiúnta den tsamhail chéanna;

(b)

an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 76 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú, má tá feidhm ag an iarraidh thosaigh faoi Airteagal 76 go hAirteagal 78 den Rialachán cur chun feidhme maidir le héilimh níos sine ná cúig bliana d'aois, ón nóiméad ar bunaíodh an ionstraim lena gceadaítear gnóthú i gcomhréir le dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh ar dháta na hiarrata. Ar a shon sin, má dhéantar an t-éileamh nó an ionstraim a chomhrac, tosaíonn an teorainn ama an nóiméad a shuíonn an Ballstát an pháirtí iarrthaigh nach féidir an t-éileamh nó an t-ordú forfeidhmiúcháin a cheadaíonn gnóthú a chonspóid a thuilleadh.

2.   Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin gcúis ar diúltaíodh iarraidh ar chúnamh.

Airteagal 83

Tréimhsí teorann

1.   Rialófar ceisteanna a bhaineann le tréimhsí teorann mar a leanas:

(a)

leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, a mhéid a bhaineann siad leis an éileamh agus/nó leis an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú; agus

(b)

leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, a mhéid a bhaineann siad leis na bearta forfheidhmiúcháin sa Bhallstát iarrtha.

Tosóidh tréimhsí teorann de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha ón dáta aitheantais dhírigh nó ón dáta glactha, aitheantais, forlíonta nó ionadaíochta i gcomhréir le hAirteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Bearta arna nglacadh ag an bpáirtí iarrtha chun éilimh a ghnóthú de bhun iarrata ar chúnamh, a mbeadh d'éifeacht acu, dá ndéanfadh an páirtí iarrthach iad, an tréimhse teorann a fhionraí nó a bhriseadh de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, measfar gur glacadh iad sa Stát is déanaí atá luaite, a mhéid a bhaineann sé leis an éifeacht sin.

Airteagal 84

Bearta réamhchúraim

Ar iarraidh réasúnaithe ón bpáirtí iarrthach, glacfaidh an páirtí iarrtha bearta réamhchúraim chun gnóthú an éilimh a áirithiú a mhéid a cheadóidh na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha amhlaidh.

Chun críocha chur i bhfeidhm na míre thuas, beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha agus ag na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagail 78, 79, 81 agus 82 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 85

Na costais a bhaineann le frithchúiteamh

1.   Gnóthóidh an páirtí iarrtha ón duine nadúrtha nó dlítheanach lena mbaineann agus coinneoidh sé aon chostais a bheidh ceangailte le gnóthú a thabhaítear, i gcomhréir le dlíthe agus le rialacháin Bhallstát an pháirtí iarrtha a bhfuil feidhm acu maidir le héilimh den tsamhail chéanna.

2.   De ghnáth, beidh cúnamh frithpháirteach a thugtar faoin Roinn seo saor in aisce. I gcás ina gcothóidh gnóthú fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, áfach, féadfaidh na páirtithe iarrthacha agus na páirtithe iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist.

3.   Leanfaidh Ballstát an pháirtí iarrthaigh de bheith faoi dhliteanas Bhallstát an pháirtí iarrtha as aon chostais agus as aon chaillteanais arna dtabhú mar thoradh ar bhearta a measadh a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime a d'eisigh an páirtí iarrthach.

Airteagal 86

Clásal i dtaca le hathbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná an ceathrú bliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán cur chun feidhme, tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 67(2), 67(5) agus 67(6) den Rialachán cur chun feidhme.

Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála seo, tograí a thíolacadh chun na teorainneacha ama sin a athbhreithniú, ar tograí iad a mbeidh sé mar aidhm acu na teorainneacha ama sin a ghiorrú ar bhealach suntasach.

2.   Tráth nach déanaí ná … (6), tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil lena ndéanfar measúnú go sonrach ar chur i bhfeidhm Chaibidil I agus Chaibidil III de Theideal IV den Rialachán cur chun feidhme, go háirithe maidir leis na nósanna imeachtaagus na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme agus maidir leis na nósanna imeachta um ghnóthú dá dtagraítear in Airteagail 75 go 85 den Rialachán cur chun feidhme.

I bhfianaise na tuarascála seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, más gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun na nósanna imeachta seo a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cothromúla.

TEIDEAL V

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 87

Scrúdaithe dochtúra agus seiceálacha riaracháin

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile, i gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach, is í institiúid áit chónaithe nó áit fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an scrúdú dochtúra, ar iarraidh ón institiúid sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.

Cuirfidh an institiúid fhiachach institiúid na háite fanachta nó cónaithe ar an eolas maidir le haon cheanglais speisialta a bheidh le leanúint, más ga, agus maidir le pointí a bheidh le folú sa seiceáil riaracháin.

2.   Cuirfidh institiúid na háite fanachta nó cónaithe tuarascáil chuig an institiúid fhiachach a d'iarr an tseiceáil. Beidh fionnachtana institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe ina gceangal ar an institiúid fhiachach sin.

Coimeádfaidh an institiúid fhiachach an ceart chun an tairbhí a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. Ar a shon sin, ní fhéadfar a iarraidh ar an tairbhí filleadh ar Bhallstát na hinstitiúide fiachaí ach amháin má bhíonn ar a chumas nó ar a cumas an turas a dhéanamh gach dochar dá shláinte agus go n-íocann an institiúid fhiachach as costas an taistil agus an lóistín.

3.   I gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach nó dá teaghlach, ag fanacht nó ina chónaí i gcríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach lonnaithe, is í institiúid áit chónaithe nó fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an tseiceáil riaracháin, ar iarraidh ón institiúid fhiachach.

Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo.

4.   Beidh feidhm freisin ag mír 2 agus mír 3 le linn a chinneadh nó a sheiceáil a spleáiche atá faighteoir nó éilitheoir sochar cúraim fhadtréimhsigh dá dtagraítear in Airteagal 34 den bhun-Rialachán.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó forálacha sonracha agus nósanna imeachta sonracha a chomhaontú chun feabhas iomlán nó páirteach a chur ar ullmhacht éilitheoirí agus faighteoirí don mhargadh saothair agus ar a gcuid rannpháirtíochta in aon scéimeanna a bheidh ar fáil sa Bhallstát fanachta nó cónaithe chun na críche sin.

6.   Mar eisceacht ó phrionsabal an chomhair riaracháin fhrithpháirtigh shaor in aisce atá in Airteagal 76(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid fhiachach, a d'iarr ar an institiúid na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 go 5 a dhéanamh, glanmhéid an chaiteachais a bhí i gceist leis na seiceálacha sin a aisíoc leis an institiúid ar iarradh uirthi iad a dhéanamh.

Airteagal 88

Fógraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le sonraí na gcomhlachtaí a shainítear in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den bhun-Rialachán agus in Airteagal 1(2)(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme, agus maidir le sonraí na n-institiúidí arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme.

2.   Tabharfar céannacht leictreonach i bhfoirm cóid chéannachta agus seolta leictreonaigh do na comhlachtaí a shonraítear i mír 1.

3   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos an struchtúr, an t-inneachar agus na socruithe mionsonraithe, lena n-áirítear an fhormáid choiteann agus an múnla coiteann, maidir le fógra a thabhairt faoi na sonraí a shonraítear i mír 1.

4.   Tugtar sonraí in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme maidir leis an mbunachar sonraí poiblí ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an bunachar sonraí a chur ar bun agus a bhainistiú. Is iad na Ballstáit, áfach, a bheidh freagrach as a gcuid faisnéise teagmhála náisiúnta féin a ionchur sa bhunachar sonraí seo. Thairis sin, áiritheoidh na Ballstáit cruinneas ionchur na faisnéise teagmhála náisiúnta a éilítear faoi mhír 1

5.   Beidh na Ballstáit freagrach as an bhfaisnéis atá sonraithe i mír 1 a choimeád cothrom le dáta.

Airteagal 89

Faisnéis

1.   Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin an fhaisnéis is gá chun a áirithiú gurb eol do na páirtithe lena mbaineann a gcearta agus na foirmiúlachtaí riaracháin is gá d'fhonn iad a dhearbhú. Déanfar an fhaisnéis sin, i gcás inar féidir, a scaipeadh go leictreonach trína foilsiú ar líne ar láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus déanfaidh sé monatóireacht ar cháilíocht na seirbhísí a chuirfear ar fáil do na custaiméirí.

2.   Féadfaidh an Coiste Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75 den bhun-Rialachán tuairimí agus moltaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar scaipeadh na faisnéise.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na daoine a chumhdaítear leis an mbun-Rialachán d'fhonn iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe a tugadh isteach leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme chun a chur ar a gcumas a gcearta a dhearbhú. Forálfaidh siad freisin do sheirbhísí soláimhsithe.

4.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla gurb eol dá n-institiúidí na forálacha Comhphobail uile, idir reachtacha agus eile, lena n-áirítear cinntí an Choimisiúin Riaracháin, sna réimsí a chumhdaítear leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme agus de réir théarmaí an bhun-Rialacháin agus de réir théarmaí an Rialacháin cur chun feidhme, agus go gcuireann siad i bhfeidhm iad.

Airteagal 90

Comhshó airgeadra

Chun críocha an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, is é an ráta tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an ráta malairte idir dhá airgeadra. Socróidh an Coimisiún Riaracháin an dáta a chuirfear san áireamh le cinneadh a dhéanamh faoin ráta malairte.

Airteagal 91

Staidreamh

Déanfaidh na húdaráis inniúla staidreamh a thiomsú maidir leis an mbun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin é. Déanfar na sonraí sin a bhailiú agus a eagrú de réir an phlean agus de réir an mhodha arna sainmhíniú ag an gCoimisiún Riaracháin. Is é an Coimisiún Eorpach a bheidh freagrach as scaipeadh na faisnéise.

Airteagal 92

Leasú na nIarscríbhinní

Féadfar Iarscríbhinní I, II, III, IV agus V den Rialachán cur chun feidhme agus Iarscríbhinní VI, VII, VIII agus IX den bhun-Rialachán a leasú le Rialachán ón gCoimisiún, arna iarraidh sin don Choimisiún Riaracháin.

Airteagal 93

Forálacha idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag Airteagal 87 den bhun-Rialachán sna staideanna a chumhdaítear leis an Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 94

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin

1.   Má tharlaíonn teagmhas gan choinne roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus nár dámhadh an t-éileamh pinsin roimh an dáta sin, is dámhachtain dhúbailte a bheidh mar thoradh air sin, a mhéid a chaithfear sochair a dheonú de bhun teagmhais den sórt sin, ar feadh tréimhse roimh an dáta sin:

(a)

don tréimhse roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, nó i gcomhréir le comhaontuithe a bheidh i bhfeidhm idir na Ballstáit lena mbaineann,

(b)

don tréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán.

Más mó, áfach, an méid a ríomhfar de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi (a) ná an méid a ríomhfar de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi (b), fanfaidh an duine lena mbaineann de bheith i dteideal an méid a ríomhfar de bhun na gcoinníollacha dá dtagraítear faoi phointe (a).

2.   Éileamh maidir le sochair easláinte, seanaoise nó sochair marthanóirí arna chur faoi bhráid institiúid Bhallstáit ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, éileoidh sé, go huathoibríoch, go ndéanfaidh institiúid nó institiúidí Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin athbhreithniú ar na sochair a dámhadh don teagmhas céanna roimh an dáta sin, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán; ní fhéadfaidh aon laghdú ar mhéid an tsochair a dhámhfar teacht de thairbhe an athbhreithnithe sin.

Airteagal 95

Idirthréimhse maidir le malartuithe sonraí leictreonacha

1.   Féadfaidh gach Ballstát tairbhiú d'idirthréimhse le haghaidh sonraí a mhalartú trí mheán leictreonach mar a fhoráiltear le hAirteagal 4(2) den Rialachán cur chun feidhme.

Ní rachaidh na hidirthréimhsí sin thar 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme.

Má bhíonn moill shuntasach, áfach, ar sheachadadh an bhonneagair Chomhphobail is gá (Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún Riaracháin comhaontú maidir le haon síneadh iomchuí a chuirfí leis na tréimhsí sin.

2.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na socruithepraiticiúla le haghaidh aon idirthréimhsí d'fhonn go n-áiritheofar an malartú sonraí is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

Airteagal 96

Aisghairm

1.   Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a aisghairm le héifeacht ó … (7).

Fanfaidh Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 i bhfeidhm agus leanfaidh sé d'éifeacht dhlíthiúil a bheith aige, áfach, chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 lena leathnaítear forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta amháin (8), go dtí go ndéanfar an Rialachán sin a aisghairm nó a leasú;

(b)

Rialachán (CEE) Uimh. 1661/85 an 13 Meitheamh 1985 ón gComhairle lena leagtar síos na hoiriúnuithe teicniúla ar rialacha an Chomhphobail maidir le slándáil shóisialta d'oibrithe imirceacha maidir leis an nGraonlainn (9), go dtí go ndéanfar an Rialachán sin a aisghairm nó a leasú;

(c)

an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (10), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (11), agus comhaontuithe eile ina bhfuil tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 574/72, go dtí go ndéanfar na comhaontuithe sin a leasú ar bhonn an Rialacháin cur chun feidhme.

2.   I dTreoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (12), agus níos ginearálta i ngníomhartha eile uile an Chomhphobail, measfar gur tagairtí don Rialachán cur chun feidhme iad na tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

Airteagal 97

Foilsiú agus teacht i bhfeidhm

Déanfar an Rialachán seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an … (13).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, Leagan ceartaithe IO L 200, 7.6.2004, lch. 1.

(2)  IO C 324, 30.12.2006, lch. 6.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 17 Nollaig 2008 agus Cinneadh ón gComhairle an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 150, 10.6.2008, lch. 28.

(5)  IO L 74, 27.3.1972, lch. 1.

(6)  Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo cur chun feidhme.

(7)  An dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

(8)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 1.

(9)  IO L 160, 20.6.1985, lch. 7.

(10)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 1.

(11)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.

(12)  IO L 209, 25.7.1998, lch. 46.

(13)  Chéad lá den mhí a leanann an tréimhse 6 mhí ó dháta an fhoilsithe, ar dáta nach luaithe ar aon chaoi é ná an 1 Eanáir 2010.


IARSCRÍBHINN I

FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME DO CHOMHAONTUITHE DÉTHAOBHACHA A LEANANN DE BHEITH I BHFEIDHM AGUS COMHAONTUITHE DÉTHAOBHACHA NUA CUR CHUN FEIDHME

(dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus Airteagal 9(2)) den Rialachán cur chun feidhme)

AN BHEILG — AN DANMHAIRG

Malartú Litreacha an 8 Bealtaine 2006 agus an 21 Meitheamh 2006 maidir leis an gComhaontú um aisíoc mhéid iarbhír an tsochair a sholáthraítear do bhaill teaghlaigh duine fhostaithe nó duine fhéinfhostaithe atá árachaithe sa Bheilg, i gcás ina bhfuil cónaí ar an mball teaghlaigh sa Danmhairg agus do phinsinéirí agus/nó do bhaill dá dteaghlaigh atá árachaithe sa Bheilg ach a bhfuil cónaí orthu sa Danmhairg.

AN BHEILG — AN GHEARMÁIN

Comhaontú an 29 Eanáir 1969 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú.

AN BHEILG — ÉIRE

Malartú litreacha an 19 Bealtaine agus an 28 Iúil 1981 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (tarscaoileadh cómhalartach aisíoc chostais na sochar comhchineáil agus na sochar dífhostaíochta faoi Chaibidil 1 agus Chaibidil 6 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh cómhalartach aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN BHEILG — AN SPÁINN

Comhaontú an 25 Bealtaine 1999 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil i gcomhréir le forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN BHEILG — AN FHRAINC

(a)

Comhaontú an 4 Iuil 1984 maidir le scrúduithe dochtúra ar oibrithe imeallchríche a bhfuil cónaí orthu i dtír amháin agus atá ag obair i dtír eile.

(b)

Comhaontú an 14 Bealtaine 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra arna ghlacadh de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(c)

Comhaontú an 3 Deireadh Fómhair 1977 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 92 den Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (gnóthú ranníocaíochtaí slándála sóisialta).

(d)

Comhaontú an 29 Bealtaine 1979 maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoca dá bhforáiltear in Airteagal 70(3) de Rialachan (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar dífhostaíochta).

(e)

Chomhshocraíocht Riaracháin an 6 Márta 1979 maidir leis na nósanna imeachta lena gcuirtear chun feidhme Choinbhinsiún Breise an 12 Deireadh Fómhair 1978 maidir le slándáil shóisialta idir an Bheilg agus an Fhrainc i leith a fhorálacha a bhaineann le daoine féinfhostaithe.

(f)

Malartú Litreacha an 21 Samhain 1994 agus 8 Feabhra 1995 maidir leis na nósanna imeachta i dtaca le socrú éileamh cómhalartach de bhun Airteagail 93, 94, 95 agus 96. de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN BHEILG — AN IODÁIL

(a)

Comhaontú an 12 Eanáir 1974 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Comhaontú an 31 Deireadh Fómhair 1979 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 18(9) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(c)

Malartú litreacha an 10 Nollaig 1991 agus an 10 Feabhra 1992 maidir le haisíoc éileamh cómhalartach faoi Airteagal 93 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(d)

Comhaontú an 21.11.2003 maidir leis na téarmaí chun éilimh chómhalartacha a shocrú faoi Airteagal 94 agus Airteagal 95 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle.

AN BHEILG — LUCSAMBURG

(a)

Comhaontú an 28 Eanáir 1961 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a ghnóthú.

(b)

Comhaontú an 16 Aibreán 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra, dá bhforáiltear in Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN BHEILG — AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Malartú litreacha an 4 Bealtaine agus an 14 Meitheamh 1976 maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra).

(b)

Malartú litreacha an 18 Eanáir agus an 14 Márta 1977 maidir le hAirteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (comhshocraíocht le haghaidh aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi théarmaí fhorálacha Chaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) arna leasú le malartú litreacha an 4 Bealtaine agus an 23 Iúil 1982 (comhaontú maidir le haisíoc costas a thabhaítear faoi Airteagal 22(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71).

AN BHULGÁIR — POBLACHT NA SEICE

Airteagal 29(1) agus (3) de Chomhaontú an 25 Samhain 1998 agus Airteagal 5(4) de Chomhshocraíocht Riaracháin an 30 Samhain 1999 maidir le tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe leighis.

AN BHULGÁIR — AN GHEARMÁIN

Airteagail 8 go 9 den Chomhaontú Riaracháin maidir le Coinbhinsiún an 17 Nollaig 1997 a chur chun feidhme maidir le slándáil shóisialta i réimse an phinsin.

POBLACHT NA SEICE — AN tSLÓVAIC

Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 8 Eanáir 1993 maidir le suíomh fostóra agus an áit chónaithe a shonrú i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 20 de Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 1992 maidir le slándáil shóisialta.

AN DANMHAIRG — ÉIRE

Malartú litreacha an 22 Nollaig 1980 agus an 11 Feabhra 1981 maidir le tarscaoileadh cómhalartach chostais na sochar comhchineáil a deonaíodh faoi árachas le haghaidh breoiteachta, le haghaidh máithreachais, le haghaidh tionóiscí ag an obair agus le haghaidh galar cheirde, agus maidir le tarscaoileadh cómhalartach sochar dífhostaíochta agus costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra (Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

AN DANMHAIRG — AN GHRÉIG

Comhaontú an 8 Bealtaine 1986 maidir le tarscaoileadh cómhalartach páirteach aisíoc i leith sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus maidir le tarscaoileadh aisíoc i leith seiceálacha riaracháin agus scrúduithe leighis.

AN DANMHAIRG — AN SPÁINN

Comhaontú an 11 Nollaig 2006 maidir le réamhíocaíocht, teorainneacha ama agus aisíoc mhéid iarbhír an tsochair arna chur ar fáil do bhaill theaghlach duine fostaithe nó duine féinfhostaithe atá árachaithe sa Spáinn, i gcás ina bhfuil cónaí ar an mball teaghlaigh sa Danmhairg agus maidir le pinsinéirí agus/nó baill dá gcuid teaghlach atá árachaithe sa Spáinn ach a bhfuil cónaí orthu sa Danmhairg.

AN DANMHAIRG — AN FHRAINC

Comhshocraíocht an 29 Meitheamh 1979 agus Comhshocraíocht bhreise an 2 Meitheamh 1993 maidir le tarscaoileadh páirteach aisíoca de bhun Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus tarscaoileadh cómhalartach aisíoca de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh páirteach aisíoc chostais na sochar comhchineáil i leith breoiteachta, i leith máithreachais, i leith tionóiscí ag an obair agus i leith galar ceirde, agus tarscaoileadh costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN DANMHAIRG — AN IODÁIL

Comhaontú an 18 Samhain 1998 maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil faoi árachas i leith breoiteachta, máithreachais, tionóiscí ag an obair agus galar ceirde, agus maidir le haisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra.

AN DANMHAIRG — LUCSAMBURG

Malartú litreacha an 19 Meitheamh 1978 maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoca dá bhforáiltear in Airteagal 36(3), in Airteagal 63(3) agus in Airteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus in Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (costais sochar comhchineáil le haghaidh breoiteachta, le haghaidh máithreachais, le haghaidh tionóiscí ag an obair agus le haghaidh galar cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta agus costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN DANMHAIRG — AN ÍSILTÍR

Malartú litreacha an 30 Márta agus an 25 Aibreán 1979 arna leasú le comhaontú an 12 Nollaig 2006 maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde.

AN DANMHAIRG — AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 17 Aibreán 1998 maidir le tarscaoileadh páirteach aisíoc costas sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe leighis.

AN DANMHAIRG — AN FHIONLAINN

Airteagal 15 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le Slándáil Shóisialta. Comhaontú maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoc de bhun Airteagal 36, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil maidir le breoiteacht agus máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta) agus de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN DANMHAIRG — AN tSUALAINN

Airteagal 15 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le Slándáil Shóisialta. Comhaontú maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoc de bhun Airteagal 36, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil maidir le breoiteacht agus máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta) agus de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN DANMHAIRG — AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 30 Márta agus an 19 Aibreán 1977 arna mhodhnú le malartú litreacha an 8 Samhain 1989 agus an 10 Eanáir 1990 ar chomhaontú maidir le tarscaoileadh aisíoc costas sochar comhchineáil agus seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra.

AN GHEARMÁIN — LUCSAMBURG

(a)

Comhaontú an 14 Deireadh Fómhair 1975 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra arna ghlacadh de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Comhaontú an 14 Deireadh Fómhair 1975 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú.

(c)

Comhaontú an 25 Eanáir 1990 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 20 agus Airteagal 22(1)(b) agus (c) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71.

AN EASTÓIN — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 29 Márta 2006 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hEastóine agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán seo le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004.

ÉIRE — AN FHRAINC

Malartú litreacha an 30 Iuil 1980 agus an 26 Méan Fómhair 1980 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (tarscaoileadh cómhalartach aisíoc chostais na sochar comhchineáil) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh.574/72 (tarscaoileadh cómhalartach chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra).

ÉIRE — LUCSAMBURG

Malartú litreacha an 26 Meán Fómhair 1975 agus an 5 Lúnasa 1976 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil arna soláthar de bhun Chaibidil 1 nó Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, agus tarscaoileadh chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

ÉIRE — AN ÍSILTÍR

Malartú litreacha an 22 Aibreán agus an 27 Iúil 1987 maidir le hAirteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (tarscaoileadh costas aisíoc i leith sochar arna ndámhachtain i gcur i bhfeidhm Airteagal 69 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

ÉIRE — AN tSUALAINN

Comhaontú an 8 Samhain 2000 maidir le tarscaoileadh sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, timpistí ag an obair agus galair cheirde, agus maidir le costais scrúduithe riaracháin agus scrúduithe dochtúra.

ÉIRE — AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 9 Iúil 1975 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (comhshocraíocht le haghaidh aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi théarmaí Chaibidil 1 nó Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN GHRÉIG — AN ÍSILTÍR

Malartú litreacha an 8 Meán Fómhair 1992 agus an 30 Meitheamh 1993 maidir leis na modhanna aisíocaíochta idir institiúidí.

AN SPÁINN — AN PHORTAINGÉIL

(a)

Airteagal 42, Airteagal 43 agus Airteagal 44 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 22 Bealtaine 1970 (onnmhairiú sochar dífhostaíochta). Leanfaidh an iontráil seo de bheith bailí go ceann dhá bhliain ón dáta a gcuirfear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i bhfeidhm.

(b)

Comhaontú an 2 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le socrú éileamh cómhalartach le haghaidh cúraim shláinte d'fhonn socrú na n-éileamh sin a éascú agus a luathú.

AN SPÁINN — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhaontú an 18 Meitheamh 1999 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil a deonaíodh de bhun fhorálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC — AN GHEARMÁIN

Comhaontú an 26 Bealtaine 1981 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 92 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (bailiú agus gnóthú ranníocaíochtaí slándála sóisialta).

AN FHRAINC — AN SPÁINN

Comhaontú an 17 Bealtaine 2005 lena mbunaítear na socruithe sonracha maidir le riaradh agus socrú éileamh cómhalartach i leith sochar cúraim sláinte de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC — AN IODÁIL

(a)

Malartú litreacha an 14 Bealtaine agus an 2 Lúnasa 1991 maidir le haisíoc éileamh cómhalartach faoi Airteagal 93 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Malartú Litreacha an 22 Márta agus 15 Aibreán 1994 maidir leis na nósanna imeachta i dtaca le socrú éileamh cómhalartach faoi théarmaí Airteagal 93, Airteagal 94, Airteagal 95 agus Airteagal 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(c)

Malartú Litreacha an 2 Aibreán 1997 agus an 20 Deireadh Fómhair 1998 lena leasaítear an Malartú Litreacha a luaitear faoi phointe (a) agus (b) maidir leis na nósanna imeachta i dtaca le socrú éileamh cómhalartach faoi théarmaí Airteagal 93, Airteagal 94, Airteagal 95 agus Airteagal 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(d)

Comhaontú an 28 Meitheamh 2000 maidir le tarscaoileadh aisíoc na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 105(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a bhaineann le seiceálacha riaracháin agus le scrúduithe leighis a iarrtar faoi Airteagal 51 den Rialachán thuasluaite.

AN FHRAINC — LUCSAMBURG

(a)

Comhaontú an 2 Iúil 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoca, dá bhforáiltear in Airteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971, i leith costas comhchineáil sochar árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a sholáthraítear do bhaill teaghlaigh oibrí nach bhfuil cónaí orthu sa tír chéanna leis an oibrí.

(b)

Comhaontú an 2 Iúil 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoca, dá bhforáiltear in Airteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971, i leith costas comhchineáil sochar árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a sholáthraítear do bhaill teaghlaigh oibrí nach bhfuil cónaí orthu sa tír chéanna leis an oibrí.

(c)

Comhaontú an 2 Iúil 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra, dá bhforáiltear in Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972.

(d)

Malartú litreacha an 17 Iúil agus an 20 Meán Fómhair 1995 maidir leis na téarmaí chun éilimh chómhalartacha a shocrú faoi Airteagal 93, Airteagal 95 agus Airteagal 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC — AN ÍSILTÍR

(a)

Comhaontú an 28 Aibreán 1997 maidir le tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Comhaontú an 29 Meán Fómhair 1998 lena leagtar síos na coinníollacha speisialta faoin ndéanfar na méideanna a bheidh le haisíoc le haghaidh sochar comhchineáil faoi théarmaí Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a chinneadh 574/72.

(c)

Comhaontú an 3 Feabhra 1999 lena leagtar síos na coinníollacha speisialta le haghaidh riar agus socrú a dhéanamh fiach cómhalartach le haghaidh sochar breoiteachta faoi théarmaí Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC — AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 28 Aibreán 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe speisialta lena rialaítear riaradh agus socrú éileamh cómhalartach ar chóir leighis de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC — AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Malartú litreacha an 25 Márta agus an 28 Aibreán 1997 maidir le hAirteagal 105(2) den Rialachán (tarscaoileadh aisíoc na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra).

(b)

Comhaontú an 8 Nollaig 1998 maidir leis na modhanna sonracha chun na méideanna a chinneadh a bheidh le haisíoc i leith sochar comhchineáil de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN IODÁIL — AN GHEARMÁIN

Comhaontú an 3 Aibreán 2000 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú.

AN IODÁIL — AN SPÁINN

Comhaontú an 21 Samhain 1997 ar nós imeachta nua chun aisíocaíochtaí costas cúraim sláinte a fheabhsú agus a shimpliú agus a bhaineann le hAirteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (maidir le haisíoc sochar breoiteachta agus máithreachais comhchineáil) agus a bhaineann le hAirteagal 93, le hAirteagal 94, le hAirteagal 95, le hAirteagal 100 agus le hAirteagal 102(5) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (nósanna imeachta maidir le sochair árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a aisíoc agu maidir le héilimh dhéanacha).

AN IODÁIL — AN ÍSILTÍR

Comhaontú an 24 Nollaig 1996/27 Feabhra 1997 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71.

AN IODÁIL — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 15 Nollaig 2005 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2005.

LUCSAMBURG — AN IODÁIL

Airteagal 4(5) agus (6) de Chomhshocraíocht Riaracháin an 19 Eanáir 1955 maidir le forálacha cur chun feidhme an Choinbhinsiúin Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta (árachas breoiteachta d'oibrithe talmhaíochta).

LUCSAMBURG — AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 18 Nollaig 1975 agus an 20 Eanáir 1976 maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc na gcostas a bhaineann le seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

AN UNGÁIR — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 1 Samhain 2005 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hUngáire agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 35(3) agus Airteagal 41(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 883/2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán sin le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004.

MÁLTA — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 17 Eanáir 2007 idir Údaráis Inniúla Mhálta agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 35(3) agus Airteagal 41(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 883/2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán sin le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004.

AN ÍSILTÍR — AN BHEILG

(a)

Comhaontú an 21 Márta 1968 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthu, mar aon le Comhshocraíocht an 25 Samhain 1970 lena gcuirtear an Comhaontú sin chun feidhme.

(b)

Comhaontú an 13 Márta 2006 maidir le hárachas cúraim sláinte.

(c)

Comhaontú an 12 Lúnasa 1982 maidir le hárachas breoiteachta, máithreachais agus easláinte.

AN ÍSILTÍR — AN GHEARMÁIN

(a)

Airteagal 9 de Chomhshocraíochtaí an 18 Aibreán 2001 maidir le Coinbhinsiún an 18 Aibreán 2001 (pinsin a íoc).

(b)

Comhaontú an 21 Eanáir 1969 maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a ghnóthú.

AN ÍSILTÍR — AN SPÁINN

Comhaontú an 21 Feabhra 2000 idir an Ísiltír agus an Spáinn lena ndéantar socrú na n-éileamh cómhalartach a bhaineann le sochair árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a éascú agus forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 á gcur chun feidhme.

AN ÍSILTÍR — LUCSAMBURG

Comhaontú an 1 Samhain 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra arna ghlacadh de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN ÍSÍLTÍR — AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 11 Nollaig 1987 maidir le haisíoc sochar comhchineáil i gcás breoiteachta agus máithreachais.

AN ÍSILTÍR — AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

An dara habairt d'Airteagal 3 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 12 Meitheamh 1956 maidir le Coinbhinsiún an 11 Lúnasa 1954 a chur chun feidhme.

(b)

Malartú litreacha an 25 Aibreán agus an 26 Bealtaine 1986 maidir le hAirteagal 36(3) de — Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc caiteachais le haghaidh sochar comhchineáil), arna leasú.

AN OSTAIR — AN GHEARMÁIN

Roinn II, Uimhir 1, agus roinn III de Chomhaontú an 2 Lúnasa 1979 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún an 19 Iúil 1978 maidir le hárachas dífhostaíochta, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu maidir le daoine a chleacht gníomhaíocht mar oibrí imeallchríche an 1 Eanáir 2005 nó roimhe sin a thiocfaidh chun bheith dífhostaithe roimh an 1 Eanáir 2011.

AN PHOLAINN — AN GHEARMÁIN

Comhaontú an 11 Eanáir 1977 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún an 9 Deireadh Fómhair 1975 maidir le pinsin seanaoise agus sochair le haghaidh timpistí ag an obair.

AN PHORTAINGÉIL — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dá thír le héifeacht ón 1 Eanáir 2003.

AN FHIONLAINN — AN tSUALAINN

Airteagal 15 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le Slándáil Shóisialta. Comhaontú maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoc de bhun Airteagal 36, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil maidir le breoiteacht agus máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta) agus de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN FHIONLAINN — AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 1 agus an 20 Meitheamh 1995 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil a aisíoc nó aisíoc na gcostas sin a tharscaoileadh) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe leighis).

AN tSUALAINN — AN SPÁINN

Comhaontú an 1 Nollaig 2004 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil arna soláthar faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus faoi Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN tSUALAINN — LUCSAMBURG

Comhshocraíocht an 27 Samhain 1996 maidir le haisíoc caiteachais i réimse na slándála sóisialta.

AN tSUALAINN — AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht an 15 Aibreán 1997 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc costas sochar comhchineáil) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).


IARSCRÍBHINN II

SCÉIMEANNA SPEISIALTA DO STÁTSEIRBHÍSIGH

(dá dtagraítear in Airteagal 31 agus Airteagal 41 den Rialachán cur chun feidhme)

A.   Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh nach gcumhdaítear le Teideal III, Caibidil 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le sochair chomhchineáil.

An Ghearmáin

Scéim speisialta breoiteachta do státseirbhísigh

B.   Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh nach gcumhdaítear le Teideal III, Caibidil 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, cé is moite d'Airteagal 19(1) d'Airteagal 27 agus d'Airteagal 35, maidir le sochair chomhchineáil.

An Spáinn

Scéim speisialta slándála sóisialta do státseirbhísigh.

Scéim speisialta slándála sóisialta do na fórsaí armtha.

Scéim speisialta slándála sóisialta d'oifigigh chúirte agus d'fhoireann riaracháin.

C.   Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh nach gcumhdaítear le Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le sochair chomhchineáil.

An Ghearmáin

Scéim speisialta tionóisce do státseirbhísigh.


IARSCRÍBHINN III

BALLSTÁIT A ÉILÍONN AISÍOCAÍOCHT AR CHOSTAS NA SOCHAR COMHCHINEÁIL AR BHONN MÉIDEANNA SOCRAITHE

(dá dtagraítear in Airteagal 63(1) den Rialachán cur chun feidhme)

ÉIRE

AN SPÁINN

AN IODÁIL

MÁLTA

AN ÍSILTÍR

AN PHORTAINGÉIL

AN FHIONLAINN

AN tSUALAINN

AN RÍOCHT AONTAITHE


IARSCRÍBHINN IV

SONRAÍ MAIDIR LEIS AN MBUNACHAR SONRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88(4) DEN RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME

1.   Ábhar an bhunachair sonraí

Eolaire leictreonach (URL) de na comhlachtaí lena mbaineann, sonróidh sé na nithe seo a leanas:

(a)

ainmneacha na gcomhlachtaí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla

(b)

an cód céannachta agus seolachán leictreonach EESSI

(c)

feidhm na gcomhlachtaí maidir leis na sainmhínithe in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den Rialachán (agus Airteagal 1(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme

(d)

inniúlacht na gcomhlachtaí maidir leis na rioscaí éagsúla, na cineálacha éagsúla sochar, na scéimeanna éagsúla agus an cumhdach geografach

(e)

an chuid den Rialachán atá á cur i bhfeidhm ag na comhlachtaí

(f)

na sonraí teagmhála seo a leanas: seoladh poist, teileafón, facs, seoladh ríomhphoist agus seoladh ábhartha URL

(g)

aon fhaisnéis eile is gá chun an Rialachán nó an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

2.   Riaradh an bhunachair sonraí

(a)

Tá an t-eolaire lecitreonach a sheoladh ag EESSI ar leibhéal an Choimisiúin Eorpaigh.

(b)

Tá na Ballstáit freagrach as faisnéis na gcomhlachtaí a bhailiú agus a sheiceáil agus as aon iontráil nó aon athrú ar na hiontrálacha a thagann faoina bhfreagracht a chur faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh ar bhealach tráthúil.

3.   Rochtain

Ní bheidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis a úsáidtear chun críocha oibríochtúla agus riaracháin.

4.   Slándáil

Déanfar na modhnuithe go léir ar an mbunachar sonraí (cur isteach, tabhair suas chun dáta, scriosadh) a logáil. Déanfar na húsáideoirí a aithint agus a fhíordheimhniú sula mbeidh siad ábalta rochtain a fháil ar an Eolaire chun iontrálacha a mhodhnú. Seiceálfar údarú an úsáideora iontráil a mhodhnú sula ndéanfaidh sé nó sí iarracht an gníomh seo a dhéanamh. Déanfar aon ghníomh neamhúdaraithe a dhiúltú agus a logáil.

5.   Córas Teanga

Is i mBéarla a bheidh córas ginearálta teanga an bhunachair sonraí. Chomh maith leis sin, ba chóir go gcuirfí isteach ann ainmneacha na gcomhlachtaí, mar aon lena sonraí teagmhála, i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit.


IARSCRÍBHINN V

NA BALLSTÁIT A CHINNFIDH, AR BHONN CÓMHALARTACH, AN UASMHÉID AISÍOCAÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR SA TRÍÚ HABAIRT D'AIRTEAGAL 65(6) DEN BHUN-RIALACHÁN, AR BHONN MHEÁNMHÉID NA SOCHAR DÍFHOSTAÍOCHTA A SOLÁTHRAÍODH FAOINA REACHTAÍOCHT AN BHLIAIN FÉILIRE ROIMHE SIN (dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán cur chun feidhme)

AN BHEILG

POBLACHT NA SEICE

AN GHEARMÁIN

AN OSTAIR

AN tSLÓVAIC

AN FHIONLAINN


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 29 Aibreán 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1) maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (dá ngairtear an ‘bun-Rialachán’ feasta), rialachán a bheartaítear a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (2).

Ceanglaítear le hAirteagal 89 den bhun-Rialachán go nglacfaí Rialachán lena leagfar síos na nósanna imeachta maidir lena chur chun feidhme. Chuige sin, an 31 Eanáir 2006 chuir an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin faoi bhráid na Comhairle. Tá an togra sin bunaithe ar Airteagal 42 agus Airteagal 308 den Chonradh.

Agus í ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, thug Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh di an 9 Iúil 2008 (3). Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairim an 26 Deireadh fómhair 2006 (4).

An 15 Deireadh fómhair 2008, thíolaic an Coimisiún a thogra leasaithe inar ghlac sé le 159 de na 162 leasú a ghlac Parlaimint na hEorpa.

I gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh CE, ghlac an Chomhairle a Comhsheasamh d'aontoil an 17 Nollaig 2008.

II.   CUSPÓIR

Tá d'aidhm ag an togra próiseas an nuachóirithe maidir leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair do chomhordú na seirbhísí slándála sóisialta a thabhairt chun críche trí na nósanna imeachta cur chun feidhme a bhunú do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, le go dtógfaidh sé, dá réir sin, ionad an Rialacháin cur chun feidhme reatha (Rialachán (CEE) Uimh. 574/72). Tá d'aidhm aige, go háirithe, a shainmhíniú do na páirtithe uile a mbeidh baint acu leis (daoine árachaithe, a gcuid fostóirí de réir mar a bheidh, institiúidí slándála sóisialta agus údaráis inniúla na mBallstát) na nósanna imeachta chun na rialacha atá leagtha síos sa bhun-Rialachán a chur chun feidhme sa chleachtas. Féachann an togra seo freisin leis na nósanna imeachta reatha a fheabhsú trína simpliú agus trí chearta agus trí oibleagáidí na ngeallsealbhóirí éagsúla a shoiléiriú. Tá d'aidhm aige freisin comhoibriú níos fearr a cheadú idir institiúidí, go háirithe trí mhalartú sonraí leictreonacha idir na Ballstáit.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

1.   Barúlacha ginearálta:

(a)   Togra leasaithe an Choimisiúin

Ghlac Parlaimint na hEorpa 162 leasú ar an togra ón gCoimisiún. Ionchorpraíodh 160 de na leasuithe sin sa togra leasaithe ón gCoimisiún go hiomlán, go páirteach, nó tar éis friotal eile a chur orthu (leasuithe Uimh. 1-25, 27-54 agus 56-162). Bhí 2 leasú eile ann áfach nach raibh inghlactha don Choimisiún (leasuithe Uimh. 26 agus 55).

(b)   Comhsheasamh na Comhairle:

D'fhéadfadh an Chomhairle glacadh le 146 de na 162 leasú a bheith ionchorpraithe go hiomlán nó go páirteach sa togra leasaithe ón gCoimisiún, mar atá Uimh. 2, 4, 5, 7, 8, 12-14, 17-25, 27-34, 36-47, 49-54, 56-71, 74-78, 80-88, 90-107, 109-132, 134-146, 147 (an chéad chuid), 148 (an chéad chuid), 149, agus 152-162.

Ghlac an Chomhairle freisin, faoi réir a n-athdhréachtaithe, leis na prionsabail atá mar bhonn ag na leasuithe:

Uimh. 3 (aithris nua 8a): cé go n-aontaíonn an Chomhairle go hiomlán le substaint an leasaithe, mheas sí gur cheart friotal ní ba ghinearálta a chur ar an abairt dheireanach ann, ar aon dul le habairt dheireanach aithris Uimh. 10 den Chomhsheasamh;

Uimh. 6 agus 9, a bhaineann le sainmhíniú na dtéarmaí ‘pointe rochtana’ agus ‘teachtaireacht leictreonach chaighdeánaithe’ in Airteagal 1(2)(a) agus (d): mheas an Chomhairle gur cheart na sainmhínithe sin a athbhreithniú ar bhonn thoradh obair an Choimisiúin Riaracháin um Shlándáil Shóisialta d'Oibrithe Imirceacha i gcomhthéacs thionscadal EESSI (Malartú leictreonach ar fhaisnéis maidir le slándáil shóisialta) (Airteagal 1(2)(a) sa Chomhsheasamh);

Uimh. 10 (Airteagal 2 mír nua (-1)): Ba é tuairim na Comhairle gur cheart go ndéanfaí roinnt athdhréachtú ar an leasú agus gur cheart go gcuirfí isteach tagairt do dhaoine scothaosta le hais na tagairte do dhaoine faoi mhíchumas (Airteagal 2(1) den Chomhsheasamh);

Uimh. 11 (Airteagal 2(1)): mheas an Chomhairle go raibh sé riachtanach an téarma ‘gan mhoill’ a úsáid in ionad ‘na spriocdhátaí a leagtar síos le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann’ ós rud é go bhféadfadh na spriocdhátaí sin a bheith fada go leor, i gcásanna áirithe, nó, os a choinne sin, go bhféadfadh nach mbeidís ann faoin reachtaíocht náisiúnta. Is saincheist chothrománach é sin a bhaineann leis na leasuithe ar fad maidir le spriocdhátaí (Airteagal 2(2) sa Chomhsheasamh);

Uimh. 15 (Airteagal 3(2)): Ní fhéadfadh an Chomhairle glacadh ach amháin leis an gcéad mhír den leasú seo toisc gur mheas sí go bhféadfadh na forálacha mionsonraithe a mhol an Pharlaimint sna páirteanna eile den leasú cur isteach ar eagrúchán inmheánach na mBallstát sa réimse sin, gné atá cumhdaithe cheana féin, ar aon nós, le Treoir 95/46/CE (Airteagal 3(2) sa Chomhsheasamh);

Uimh. 16 (Airteagal 3(3)): arís, dála leasú Uimh. 11, bhí an Chomhairle ar son an téarma ‘gan mhoill’ seachas tagairt a dhéanamh do na spriocdhátaí náisiúnta mar gheall ar na cúiseanna a tugadh le fios thuas (Airteagal 3(3) den Chomhsheasamh). Baineann sé sin le hAirteagal 27(5), le hAirteagal 49(1), agus le hAirteagal 51(2) agus (1) den togra ón gCoimisiún freisin (Airteagal 27(5), Airteagal 49(1) agus Airteagal 51(2) den Chomhsheasamh);

Uimh. 26 (Airteagal 6(4)): cé go n-aontaíonn an Chomhairle le substaint an Airteagail, ba é a tuairim gur cheart an téacs a shoiléiriú tuilleadh, mar a leagadh amach in Airteagal 6(5) den Chomhsheasamh;

Uimh. 48 (Airteagal 17(3)): cé go n-aontaíonn an Chomhairle le substaint an leasaithe, ba é a tuairim gur cheart go n-athdhréachtófaí an téacs agus go ndéanfaí tagairt ann don Bhallstát lena mbaineann, amhail Airteagal 16(3) den Chomhsheasamh;

Uimh. 72 (Airteagal 26(2) an mhír dheireanach): mheas an Chomhairle go mbeadh sé dodhéanta spriocdháta na gcúig lá féilire dhéag a chomhlíonadh agus freagra á thabhairt ar iarratas um údarú. Measann an Chomhairle gur cheart an spriocdháta a leagan síos le reachtaíocht náisiúnta (Airteagal 26(2) sa Chomhsheasamh);

Uimh. 73 (Airteagal 26(3)): Mheas an Chomhairle gurb é an t-aon aidhm a bhí leis an bhforáil seo nós imeachta a leagan síos lena gcinnfí an institiúid a dheonódh an t-údarú sa chás nach mbeadh an duine ina chónaí sa Bhallstát inniúil. Ní chumhdaítear leis an bhforáil seo na cásanna eile nach ceart go ndiúltófaí údarú dóibh, ós soiléir go gcumhdaítear na cásanna sin sa bhunRialachán (Airteagal 26(3) den Chomhsheasamh);

Uimh. 97 agus 98 (Airteagal 43(1) agus Airteagal 43(3) mír nua): cé gurb é tuairim na Comhairle go bhfuil na leasuithe seo inghlactha, mheas sí gur cheart teideal an Airteagail a athrú áfach le go léifí ‘Forálacha breise do ríomh na sochar’.

Níor mheas an Chomhairle, áfach, go raibh sé inmholta na leasuithe seo a leanas a ghlacadh:

Uimh. 1 (an tríú haithris, a bhaineann le daoine aonair a chosaint maidir lena gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le malartú na sonraí sin): mheas an Chomhairle nach raibh gá leis an leasú sin, a bhfuil dlúthghaol aige le leasú Uimh. 15 (féach thíos), ós rud é gurbh fhearr go dtabharfaí aghaidh ar an tsaincheist sin in Airteagal 3(2). Ba é tuairim na Comhairle, dá réir sin, gur cheart téacs an bhuntogra ón gCoimisiún a choimeád san aithris seo;

Uimh. 35 (Airteagal 12 (mír nua 6a): Chinn an Chomhairle an fhoráil seo a scriosadh ar bhonn thuarascáil an Choimisiúin Riaracháin inar measadh nach raibh sí riachtanach go teicniúil ós rud é nach bhféadfadh aon tionchar diúltach a bheith ann ar chearta na ndaoine;

Uimh. 55 (Airteagal 19(2)): foráiltear leis an leasú seo go sonrófar, ar an deimhniú lena gcinnfear an reachtaíocht is infheidhme, an pá a d'ioc an fostóir. Aontaíonn an Chomhairle leis an gCoimisiún gur mó an fhaisnéis atá i gceist leis an leasú seo ná an fhaisnéis a theastaítear chun críocha na slándála sóisialta agus, dá réir sin, go bhfuiltear ag dul thar raon chuspóirí an Rialacháin seo (Airteagal 19(2) den Chomhsheasamh);

Uimh. 79 (Airteagal 26(6)): ba é tuairim na Comhairle gur cheart don institiúid inniúil na costais taistil agus fanachta atá ina ndlúthchuid de chóireáil an duine árachaithe a ghabháil uirthi féin ar choinníoll go bhforáiltear amhlaidh leis an reachtaíocht náisiúnta agus gur deonaíodh an t-údarú. Thairis sin, níorbh fhéidir leis an gComhairle glacadh leis an gcuid dheireanach den leasú a bhaineann le haisíoc na gcostas taistil agus fanachta do dhuine a bhfuil duine faoi mhíchumas á thionlacan aige. Mheas an Chomhairle go rachadh sé sin thar raon feidhme chomhordú na gcóras slándála sóisialta, de bhrí go mbeadh d'oibleagáid ar Bhallstát dá bharr sochar nua a chur ar fáil i réimse an árachais bhreoiteachta (Airteagal 26(6) den Chomhsheasamh).

Caithfear a rá, áfach, go gcuirtear riachtanais shonracha na ndaoine faoi mhíchumas san áireamh ós rud é gur ghlac an Chomhairle le leasú Uimh. 10 (Airteagal 2 mír nua (-1), féach thuas), ach é a athdhréachtú roinnt;

Uimh. 164, 165, 166 agus 167 (Airteagal 66 — spriocdhátaí maidir le héilimh a chur isteach agus a shocrú): Mheas an Chomhairle go raibh sé riachtanach síneadh a chur leis na spriocdhátaí a mhol an Coimisiún maidir le socrú na n-éileamh chomh maith le socrú na ndíospóidí (12 mhí chun éilimh a chur isteach, 18 mí chun éilimh a shocrú agus 36 mhí chun díospóidí a shocrú). Níorbh fhéidir leis an gComhairle, mar sin, glacadh le leasuithe Uimh. 164 go 167 arb éard is aidhm dóibh na spriocdhátaí a mhol an Coimisiún a choimeád, de bhrí gurb é tuairim thromlach na mBallstát nach bhféadfaí spriocdhátaí mar sin a thabhairt isteach ach amháin i bhfianaise na taithí a gheofar agus i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch ar dhóigh dó dlús a chur leis an malartú idir institiúidí. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear leis an dréacht-Rialachán d'éarlaisí agus freisin go n-íocfar ús i leith íocaíochtaí déanacha mar dhreasachtaí chun dlús a chur le comhlíonadh na nósanna imeachta.

Agus tábhacht na saincheiste seo do Pharlaimint na hEorpa á cur san áireamh, áfach, d'aontaigh an Chomhairle go gcuirfí foráil shonrach um athbhreithniú in Airteagal 86(1) den Chomhsheasamh lena ndéanfar na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme a athbhreithniú ag tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin chur chun feidhme agus ar bhonn thuarascála a dhéanfaidh an Coimisiún Riaracháin. An aidhm a bheidh leis an athbhreithniú sin na teorainneacha ama a laghdú ar bhealach suntasach.

Tá glactha ag an gCoimisiún le Comhsheasamh na Comhairle.

2.   Pointí faoi leith

Maidir le hAirteagal 2(4): mheas an Chomhairle gur cheart go ndéanfaí soiléiriú breise ar théacs an togra ón gCoimisiún, arb áil leis an bParlaimint a choimeád, agus nach dtagrófaí ach amháin don chomhlacht idirchaidrimh, ós rud é nach bhfuil baint ag an mír seo ach amháin leis na comhlachtaí atá páirteach i malartú sonraí agus gan leis an gcaoi ina ndéantar na sonraí sin a mhalartú (Airteagal 2(4) den Chomhsheasamh). Den mheon céanna, mheas an Chomhairle go mbeadh leasú 108 inghlactha dá gcuirfí isteach an nath ‘ina cáilíocht mar institiúid teagmhála’ le go gcuirfí ar chumas na mBallstát na córais malartaithe faisnéise atá acu a eagrú (Airteagal 47(1) den Chomhsheasamh). Tá cásanna ann freisin, d'fhonn maorlathas neamhriachtanach a sheachaint, nár cheart go mbeadh an malartú faisnéise idir institiúidí uathoibríoch. Ba inghlactha, mar sin, leasú 89 freisin dá gcuirfí an nath ‘más gá’ leis (Airteagal 27(9) den Chomhsheasamh).

Ba é tuairim na Comhairle gur cheart an téarma ‘daoine lena mbaineann’ a chur in áit ‘tairbhithe’ i dteideal Airteagal 3, ionas go dtabharfaí le fios ar bhealach níos soiléire go mbaineann an fhoráil seo le daoine a chumhdaítear leis an mbun-Rialachán agus ní le tairbhithe i gcoitinne. Thairis sin, mheas an Chomhairle gur cheart míreanna 4-8 den Airteagal sin a scriosadh. Míreanna 4-7 den togra ón gCoimisiún, a bhaineann le hadmháil fála i gcásanna ina seoltar doiciméid thar teorainneacha, agus na héifeachtaí dlíthiúla agus na réitigh a bhainfeadh leis sin, measadh gur cur isteach ar inniúlacht náisiúnta a bheadh iontu. Maidir le mír 8, a bhaineann le cinntí a sheoltar go leictreonach chuig an duine lena mbaineann, measadh go raibh an tsaincheist seo níos baintí le hAirteagal 4. Mar sin, cuireadh an fhoráil sin isteach in Airteagal 4(3) den Chomhsheasamh.

Maidir le hAirteagal 4(2), cé go dteastaíonn ón bParlaimint téacs an bhunthogra ón gCoimisiún a choimeád, mheas an Chomhairle nach mbeadh sé comhoiriúnach leis an eagraíocht a bheadh le bunú ag na Ballstáit. Measann an Chomhairle gur cheart friotal eile a chur ar an bhforáil seo chun a chur in iúl gur trí mheán leictreonach agus gur trí na pointí rochtana, go díreach nó go hindíreach, a dhéanfar tarchuradóireacht na sonraí idir institiúidí nó comhlachtaí idirchaidrimh, ós rud é go bhfeidhmíonn na pointí rochtana mar phointí teagmhála (Airteagal 4(2) den Chomhsheasamh).

Ba é tuairim na Comhairle gur cheart an téarma ‘fianaise thacaíochta’ a úsáid i dteideal Airteagal 5, in ionad an téarma ‘doiciméid tacaíochta’, agus i dtéacs an Airteagail chomh maith. Baineann sé sin le fianaise tacaíochta atá mar bhonn chun doiciméad a eisiúint agus nach bhfuil ceangailteach do na hinstitiúidí i mBallstát eile mura mbíonn sí mar chuid de shraith sonraí a áirítear i ndoiciméad. De bhreis air sin, mheas an Chomhairle gur cheart an tagairt san Airteagal do chinntí na n-údarás cánachais a scriosadh, de bhrí nach ann d'inniúlacht Chomhphobail nó go bhfuiltear ag déileáil leis an tsaincheist sin faoi ionstraimí eile Comhphobail (Airteagal 5 den Chomhsheasamh).

Maidir le hAirteagal 5(3), cé go gcomhaontaíonn an Chomhairle le substaint an togra ón gCoimisiún a choimeád an Pharlaimint, mheas sí mar sin féin gur cheart friotal nua a chur ar an téacs chun a fhoráil go mbeidh ar na hinstitiúidí iarracht a dhéanamh aon díospóid a réiteach ar a laghad ar feadh míosa amháin sula mbeidh siad i dteideal an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin Riaracháin. Ba shoiléiriú riachtanach é sin, shílfí, d'fhonn na Ballstáit a spreagadh chun réitigh dhéthaobhacha a bhaint amach seachas na díospóidí a chur os comhair an Choimisiúin Riaracháin ar bhealach uathoibríoch. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaí na hiarratais sin tríd na húdaráis inniúla seachas tríd an institiúid ar leith í féin (Airteagal 5(4) den Chomhsheasamh).

Ba é tuairim na Comhairle gur cheart a shonrú in Airteagal 6(2) gur in airgead tirim nó i gcomhchineál atá na sochair. Ba cheart go leasófaí teideal Airteagal 6 dá réir sin ionas go n-úsáidfí an téarma ‘deonú’ seachas ‘íocaíocht’ (Airteagal 6 den Chomhsheasamh).

Ba é tuairim na Comhairle gur cheart friotal nua a chur ar Airteagal 7 lena shonrú go mbaineann an tAirteagal sin le ríomh sealadach na sochar agus na ranníocaíochtaí. Ba cheart an téarma ‘nó doiciméid’ a chur isteach sa dara mír den Airteagal seo ionas gur féidir an fhaisnéis atá riachtanach do ríomh críochnaitheach na ranníocaíochtaí nó na sochar a áireamh sna doiciméid chomh maith (Airteagal 7 den Chomhsheasamh).

Maidir le hAirteagal 8(1), d'fhéadfadh an Chomhairle glacadh le togra an Choimisiúin a choimeád ach an tagairt d'Airteagal 8 a cheartú, áit ar cheart Airteagal 8(1) a bheith ann (Airteagal 8(1) den Chomhsheasamh).

Ba cheart, in Airteagal 9, go dtagrófaí do ‘údaráis agus institiúidí’ ós rud é nach institiúidí amháin atá i gceist leis an Airteagal seo (Airteagal 9 den Chomhsheasamh).

Toisc forálacha speisialta a bheith in Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55 den bhun-Rialachán maidir le forluí sochar le sochair eile nó le hioncam nach bhféadfadh baint a bheith ag an bhforáil seo maidir le forluí leo, mheas an Chomhairle gur cheart ‘d'ainneoin forálacha eile sa bhun-Rialachán’ a chur isteach in Airteagal 10 (Airteagal 10 den Chomhsheasamh).

Ba é tuairim na Comhairle, in Airteagal 11, gur cheart pointí (c), (d) agus (e) a scriosadh de bharr gur ghá mír 1 a athdhréachtú (Airteagal 11 den Chomhsheasamh).

In Airteagal 12(5), ba é tuairim na Comhairle gur cheart an téarma ‘an duine lena mbaineann’ a chur in ionad ‘an duine árachaithe’ (d'fhonn a áirithiú go mbeadh sé comhleanúnach le hAirteagal 12(1)), ós rud é nach bhfuil Airteagal 6 den bhun-Rialachán teoranta do dhaoine árachaithe. Thairis sin, ní úsáidtear an téarma sin i gcaibidlí uile an bhun-Rialacháin (mar shampla sa chaibidil a bhaineann le pinsin, áit arb é an téarma ‘daoine’ a úsáidtear) (Airteagal 12(5) den Chomhsheasamh).

Baineann Airteagal 13 den togra (Airteagal 13 den Chomhsheasamh) le comhshó tréimhsí arna sloinneadh in aonaid éagsula chun críocha an chomhiomlánaithe. Bhí an togra ón gCoimisiún bunaithe ar an toimhde nach gá comhshó ach amháin do thréimhsí atá bunaithe ar sheachtain 5-lá. Thaispeáin an plé sa Chomhairle nár leor é sin toisc go ríomhann na Ballstáit go fóill (do scéimeanna áirithe ar a laghad) ar bhonn seachtain 6-nó 7-lá (e.g. i gcás daoine féinfhostaithe). Agus rudaí sa riocht sin, bhí de rogha ann an scéim reatha d'Airteagal 15(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle a ghlacadh nó foráil nua a chruthú. Agus é á chur san áireamh nach bhfuil an fhoráil reatha soiléir maidir le comhshó, cinneadh foráil nua a leagan síos a ndéileálfaí leis na fadhbanna a gcastar orthu faoin scéim reatha.

An cuspóir a bhí ann córas nua a bhunú chun tréimhsí a chomhshó a mbeadh feidhm aige go rianúil chun a áirithiú nach gcaillfí riamh aon tréimhsí árachais le comhshó na dtréimhsí.

Maidir le hAirteagal 14(2) den togra, a bhaineann leis an lárionad leasa lena gcinntear inniúlacht an Bhallstáit ábhartha i gcás na féinfhostaíochta faoi Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, mheas an Chomhairle gur ghá an líon seirbhísí a sholáthraítear (mar atá leagtha amach cheana in Airteagal 12a(5)(d) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle) a chur leis agus an tagairt don Bhallstát ina ndlífear ar an duine lena mbaineann cánacha a íoc a scriosadh as, toisc go measann sí go bhfuil saincheisteanna cánachais lasmuigh de raon feidhme chomhordú na gcóras slándála sóisialta (Airteagal 14(8) den Chomhsheasamh).

In Airteagal 14(10), ba é tuairim na Comhairle gur cheart an téarma ‘tríú tír’ a úsáid in ionad ‘críoch lasmuigh den Aontas’ le go gcuimseofaí tarlúintí a bhainfeadh leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus leis an Eilvéis (Airteagal 14(11) den Chomhsheasamh).

Baineann Airteagal 17 le daoine a bhíonn ag gabháil de ghnáth do ghníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin. De réir Airteagal 17(1) sa togra ón gCoimisiún, ba cheart go gcuirfí na Ballstáit go léir ar an eolas agus ba cheart go gcinnfí de thoil a chéile an reachtaíocht is infheidhme. Measann an Chomhairle gur gá nósanna imeachta níos tapúla agus gur cheart go nglacfadh institiúid an Bhallstáit chónaithe an cinneadh. Lena chois sin, dhéanfadh mír 1 i dtogra an Choimisiúin an dara mír a dhúbailt, mar a leagtar amach i Leasú 47. Maidir leis an leasú sin, bheadh sé inghlactha ag an gComhairle dá nglacfadh an Pharlaimint le hAirteagal 16(1) den Chomhsheasamh. Tá leasú 48 inghlactha freisin ach é a athdhréachtú roinnt (Airteagal 16(3) den Chomhsheasamh).

Maidir le hAirteagal 20(2) a bhaineann leis an soláthar faisnéise a dhéanann an institiúid inniúil maidir leis an reachtaíocht is infheidhme, chinn an Chomhairle go n-úsáidfeadh sí an coincheap céanna a úsáidtear faoi Airteagal 15 chun a shoiléiriú nach bhfuil oibleagáid uathoibríoch ann an fhaisnéis a sholáthar i ngach cás don institiúid a bhí inniúil roimhe sin agus nach gcaithfear ach an fhaisnéis a chur ar fáil (Airteagal 20(2) den Chomhsheasamh).

Maidir le hAirteagal 22, mheas an Chomhairle gur cheart an dara mír a scriosadh as agus aithris ghinearálta nua (aithris Uimh. 16 sa Chomhsheasamh) a chur ina hionad. Arís, mheas an Chomhairle nach raibh aon ghá leis an tríú mír ós rud é go bhforáiltear cheana le hAirteagal 9 go bhféadfaí teacht ar chomhaontú maidir le nósanna imeachta eile (Airteagal 22 den Chomhsheasamh).

Níor cheart, i dtuairim na Comhairle, go ndéanfaí aon tagairt d'Airteagal 27 in Airteagal 23 (Airteagal 23 den Chomhsheasamh).

Maidir le hAirteagal 24(1), ba é tuairim na Comhairle gur cheart a chur i bhfios go láidir gur cheart an doiciméad a eisíonn an institiúid inniúil a eisiúint ar a iarraidh sin don duine árachaithe nó d'institiúid na háite cónaithe, agus gur féidir an institiúid inniúil é a chealú freisin mura mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh a thuilleadh (Airteagal 24(1) den Chomhsheasamh).

Mheas an Chomhairle gur cheart mír nua 7a a chur le hAirteagal 25 lena soiléireofaí an fhoráil a mhol an Coimisiún faoi fhomhír 3 de mhír 6 (Airteagal 25(7) den Chomhsheasamh).

Ba é tuairim na Comhairle gur cheart roinnt athruithe a dhéanamh ar théacs an togra ón gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 27 (Airteagal 27 den Chomhsheasamh):

ba cheart friotal nua a chur ar an téacs in Airteagal 27(5) lena shoiléiriú nár cheart go ndéanfadh institiúid na háite cónaithe nó fanachta aon seiceálacha riaracháin is gá nó aon scrúduithe leighis is gá ach amháin ar a iarraidh sin don institiúid inniúil; Ba cheart na focail ‘gan mhoill’ a úsáid;

i mír 8, mheas an Chomhairle gur cheart téacs an togra ón gCoimisiún a shoiléiriú, go háirithe maidir leis na torthaí a fhaigheann an dochtúir nó an institiúid a dhéanann an scrúdú leighis agus trína shonrú go mbeidh an luach dlí céanna ag an deimhniú um éagumas chun oibre agus a bheadh ag deimhniú a dhéanfaí sa Bhallstát inniúil;

i mír 9, mheas an Chomhairle nár cheart gur ghá fógra a thabhairt d'institiúid na háite cónaithe i gcás ina ndiúltófaí do na sochair airgid. Ba cheart, mar sin, na focail ‘i gcás inar gá’ a chur isteach.

In Airteagal 28 de thogra an Choimisiúin, is éard a thuigeann an Chomhairle gurb é atá an Pharlaimint ag iarraidh a bhaint amach maidir le leasú 91, leasú a bhfuil an Chomhairle lánsásta glacadh leis, an tAirteagal sin a theorannú don chéad mhír agus don chéad mhír amháin, mar a dhéantar in Airteagal 29 den Chomhsheasamh.

Baineann Airteagal 31(1) agus (3) den Chomhsheasamh le forálacha sonracha maidir le díolúine árachais, atá riachtanach do roinnt Ballstát agus a bhfuil d'aidhm acu an chothromaíocht idir na Ballstáit a chosaint.

Is ó na forálacha ábhartha i Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle (go háirithe Airteagal 34 agus Airteagal 40) a thagann na forálacha a chomhaontaigh an Chomhairle in Airteagal 33 go dtí Airteagal 42 den Chomhsheasamh (Teideal III, Caibidil II, Sochair i leith tionóiscí ag an obair agus i leith galar ceirde agus deontais bháis), mar mheas an Chomhairle go raibh sé tábhachtach na forálacha sin a choimeád chun an t-oibrí a chosaint. Scriosadh Airteagal 33 den togra ón gCoimisiún (lena laghdófaí, méid áirithe, na coinníollacha faoina bhféadfaí an t-údarú a dheonú i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair ghairme agus ionchorpraíodh an t-ábhar a bhí ann in Airteagal 36 den bhun-Rialachán. Táthar tar éis soiléiriú a dhéanamh sa Chomhsheasamh ar Airteagal 35, Airteagal 36, Airteagal 37, Airteagal 38, Airteagal 39 agus ar Airteagal 42 den togra ón gCoimisiún (Airteagail 35, 36, 37, 38, 39 agus 42 den Chomhsheasamh).

In Airteagal 43, ba é tuairim na Comhairle gur cheart an teideal a shoiléiriú chun a léiriú go bhforáiltear, leis an Airteagal sin, d'fhorálacha breise chun sochair a ríomh (Airteagal 43 den Chomhsheasamh). Ba cheart go ndéanfaí soiléiriú ar Airteagal 47 freisin, áit ar chóir an téarma ‘lena mbaineann’ a chur isteach sa teideal (Airteagal 47 den Chomhsheasamh).

In Airteagal 45(3) den togra ón gCoimisiún, ba cheart an tagairt d'Airteagal 47(1)(b) den bhun-Rialachán a cheartú le go léifí Airteagal 47(1)(a) (Article 45(3) in the Common Position) agus ba cheart friotal nua a chur ar Airteagal 45(6) lena shoiléiriú gur cheart go measfaí gur éileamh nua é an t-éileamh i gcás ina mainneoidh an t-éilitheoir d'aonghnó faisnéis a sholáthar maidir lena fhostaíocht nó lena áit chónaithe nó maidir lena fostaíocht nó lena háit chónaithe i mBallstát agus ina dtíolacfaidh sé nó sí éileamh ar phinsean sa Bhallstát sin ina dhiaidh sin (Airteagal 45(6) den Chomhsheasamh).

In Airteagal 49(1), mheas an Chomhairle gur cheart friotal nua a chur ar an téacs chun go gcuirfí in iúl go soiléir cén institiúid ar cheart an cinneadh a ghlacadh i ngach cás. Chomh maith leis sin, ba cheart na focail ‘gan mhoill’ a úsáid in ionad ‘láithreach’ i dtogra an Choimisiúin (Airteagal 49(1) den Chomhsheasamh).

In Airteagal 50(2), ba é tuairim na Comhairle gur cheart an fhoráil maidir le híocaíocht shealadach an tsochair nó réamhíocaíocht an tsochair a shoiléiriú. Measfar gur íocaíocht shealadach í íocaíocht má bhíonn próiseas imscrúdaithe an éilimh ar siúl agus dá bhféadfadh tionchar a bheith ag toradh an phróisis sin ar mhéid an tsochair a dheonófaí. Is í institiúid an Bhallstáit, ar faoina reachtaíocht a bheidh ceart chun pinsin pro-rata ag an duine lena mbaineann, a íocfaidh réamhíocaíocht (Airteagal 50(2) den Chomhsheasamh).

Cé go n-aontaíonn an Chomhairle le substaint Airteagal 51(2) den togra ón gCoimisiún, mheas sí gur cheart roinnt leasuithe a dhéanamh agus gur cheart, go háirithe, an téarma ‘gan mhoill’ a chur in ionad an téarma ‘láithreach’ (Airteagal 51(2) den Chomhsheasamh). Baineann an méid sin le hAirteagal 54(1) freisin (Airteagal 54(2) den Chomhsheasamh).

Mheas an Chomhairle gur cheart an fhoclaíocht a shoiléiriú sa dara mír d'Airteagal 55 den togra ón gCoimisiún. Maidir leis an gcúigiú mír, ba é tuairim na Comhairle gur cheart na focail ‘i gcás inar gá’ a chur isteach ag tús an dara abairt. Sa séú mír, ba é tuairim na Comhairle gur cheart an téacs a dhéanamh níos solúbtha trína fhoráil go bhféadfaí comhaontuithe a dhéanamh, idir dhá Bhallstát nó níos mó, lena leagfaí síos bearta eile chun cuardú poist a éascú. Ina theannta sin, ba cheart go sonrófaí freisin go bhféadfadh údaráis inniúla nó institiúidí dhá Bhallstát nó níos mó comhaontú a dhéanamh eatarthu féin maidir le nósanna imeachta sonracha eile agus/nó maidir le teorainneacha ama, i gcás ina mbeadh gá acu leo (Airteagal 55 den Chomhsheasamh).

Cé go gcoinneofar substaint Airteagal 56(1) den togra, mheas an Chomhairle go raibh gá le roinnt leasuithe chun a fhoráil gurb í institiúid inniúil na háite cónaithe, ar í a dheonóidh na sochair, a bheadh ar thús cadhnaíochta. Dá bhrí sin, nuair a bheartóidh an duine dífhostaithe é féin a chur ar fáil freisin do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát inar ghabh sé dá ghníomhaíocht ghairmiúil ba dheireanaí, trína chlárú ann mar dhuine atá ag lorg oibre, ba cheart go gcuirfeadh sé institiúid an Bhallstáit chónaithe ar an eolas faoi (Airteagal 56(1) den Chomhsheasamh).

Mheas an Chomhairle gur den riachtanas Airteagal 57 nua a chur isteach sa Chomhsheasamh, lena leagfaí síos forálacha do chur i bhfeidhm Airteagail 61, 62, 64 agus 65 den bhunRialachán a bhaineann le daoine a chumhdaítear faoi scéim speisialta do státseirbhísigh.

Maidir le hAirteagal 59(5) den togra ón gCoimisiún, mheas an Chomhairle gur cheart an fhoráil seo a dhéanamh níos solúbtha tríd an focal ‘féadfaidh’ a chur in ionad an fhocail ‘déanfaidh’ (Airteagal 60(5) den Chomhsheasamh).

I dteideal Theideal IV, Chaibidil I, ba cheart tagairt a dhéanamh d'Airteagal 35 ina iomláine.

Ba é tuairim na Comhairle gur cheart an téacs a shoiléiriú in Airteagal 61(1) agus (3), agus in Airteagal 62(3) (Airteagal 62(1) agus (2), agus Airteagal 63(2) den Chomhsheasamh.

In Airteagal 64(2) den togra ón gCoimisiún, mheas an Chomhairle gur gá a shonrú gur cheart na meánchostais bhliantúla a chinneadh i gcomhréir leis an mír roimhe sin (Airteagal 65(2) den Chomhsheasamh).

Maidir le Teideal IV, Caibidil III, cé gur ghlac an Chomhairle le príomhphrionsabail thogra an Choimisiúin, chuir sí athruithe isteach (mar a leagtar síos in Airteagail 71 go dtí 86 den Chomhsheasamh) le go gcuirfí san áireamh, ar an gcéad dul síos, na forálacha atá ann cheana féin (go háirithe Airteagal 111 de Rialachán (CE) Uimh. 574/72) agus, ar an dara dul síos, na sainghnéithe sa réimse slándála sóisialta is cúis leis an ngá chun imeacht ón téacs a mhol an Coimisiún, atá bunaithe ar théacs Treoir a bhaineann le cánachas.

Mar chríoch, maidir le Teideal V den togra ón gCoimisiún (‘Forálacha ilghnéitheacha, idirthréimhseacha agus críochnaitheacha’), ba é aidhm na Comhairle an t-athrú ó reachtaíocht reatha an Chomhphobail go dtí an reachtaíocht nua a éascú agus an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ag an am céanna (mar shampla, maidir le comhaontuithe déthaobhacha a cuireadh i gcrích faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1408/71 nó, i gcás na sochar pinsin a deonaíodh faoin Rialachán atá ann faoi láthair, an t-athrú ón reachtaíocht sin go dtí an reachtaíocht nua a éascú), agus na srianta lóistíochta i ndáil le malartuithe leictreonacha á gcur san áireamh agus cearta na ndaoine á gcosaint.

Is iad seo a leanas na príomh-athruithe a rinneadh sa Chomhsheasamh ar an togra ón gCoimisiúin:

Maidir le hAirteagal 85 den togra ón gCoimisiún, mheas an Chomhairle gur mhaith an rud soiléiriú breise a chur le mír 1 agus mír 3 maidir le cáilíocht na faisnéise a sholáthraítear (Airteagal 89(1) agus (3) den Chomhsheasamh);

Maidir le hAirteagal 88 den togra ón gCoimisiún, mheas an Chomhairle gur ghá mír 3 nua a chur le hAirteagal 9 den bhun-Rialachán. An aidhm atá leis seo deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le comhaontuithe a chuir na Ballstáit i gcrích faoi chuimsiú Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle;

Chomh maith leis sin, cuireadh Airteagal 87(4) nua isteach ann maidir leis an spleáchas d'fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha chun leibhéal an spleáchais a chinneadh;

Maidir le hAirteagal 89 den togra ón gCoimisiún, mheas an Chomhairle gur cheart Airteagal 87(8) den bhunRialachán a leasú (doic. 14518/08 ADD 1 REV 1);

Tá roinnt sonraíochtaí in Airteagal 88(2), (3), (4) agus (5) den Chomhsheasamh maidir le hIarscríbhinn IV;

Maidir le hAirteagal 91 den togra ón gCoimisiún, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú d'aontoil maidir le foráil ina sonraítear gur cheart go dtiocfadh an Rialachán i bhfeidhm an chéad lá den mhí a leanann an tréimhse sé mhí ó dháta foilsithe an Rialacháin, ar dáta nach luaithe in aon chás é ná an 1 Eanáir 2010 (Airteagal 97 den Chomhsheasamh);

Ina theannta sin, thug an Chomhairle isteach Airteagal 95 nua sa Chomhsheasamh maidir le forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin agus atá bunaithe ar mhúnla Airteagal 118 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle, toisc go bhfuil na forálacha sin fíor-ábhartha do na Ballstáit nua;

Mheas an Chomhairle gur ghá Airteagal 95 nua a chur isteach sa Chomhsheasamh maidir leis an idirthréimhse do mhalartuithe sonraí leictreonacha, lena shonrú nár cheart go rachadh na hidirthréimhsí do mhalartú sonraí trí mheán leictreonach thar 24 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin.

Thairis sin, tá cúig Iarscríbhinn sa Chomhsheasamh a bhaineann le comhaontuithe déthaobhacha (Iarscríbhinn I), le scéimeanna speisialta do státseirbhísigh (Iarscríbhinn II), le liosta de na Ballstáit a éilíonn aisíocaíocht ar chostas na sochar comhchineáil ar bhonn méideanna socraithe (Iarscríbhinn III), le mionsonraí maidir leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 89(4) den Rialachán (Iarscríbhinn IV) agus leis an liosta de na Ballstáit a chinnfidh, ar bhonn cómhalartach, an t-uasmhéid aisíocaíochta dá dtagraítear sa tríú habairt d'Airteagal 65(6) den bhun-Rialachán (Iarscríbhinn V).

IV.   CONCLÚID

Fáiltíonn an Chomhairle roimh mheon an chomhair a bhí chun tosaígh idir í agus Parlaimint na hEorpa le linn an chéad léamh ar an dréacht-reachtaíocht shuntasach seo agus a chuir ar chumas an dá institiúid scóip aon easaontais a d'fhéadfadh a bheith ann a laghdú cuid mhór.

Measann sí go dtugann a Comhsheasamh aghaidh ar na hábhair imní a chuir an Pharlaimint in iúl, eadhon gur chóir go n-áiritheodh an t-athchóiriú ar chomhordú na gcóras slándála sóisialta go bhfeabhsófaí agus go simpleofaí, leis na rialacha nua, nósanna imeachta d'fhostóirí (go háirithe na GBManna), agus do dhaoine árachaithe (fostaithe agus oibrithe féinfhostaithe), agus do shaoránaigh an AE i gcoitinne, ar thaobh amháin, agus d'institiúidí slándála sóisialta ar an taobh eile.

Tá sí ag tnúth le leanúint ar aghaidh leis an bplé dearfach le Parlaimint na hEorpa d'fhonn teacht ar chomhaontú críochnaitheach a luaithe is féidir, i bhfianaise a thábhachtaí is atá sé go gcuirfí i bhfeidhm go luath na rialacha nua maidir le nuachóiriú agus simpliú a dhéanamh ar chomhordú na gcóras slándála sóisialta.


(1)  IO L 166, 30.4.2004, leagan leasaithe in IO L 200, 7.6.2004, lch.1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar dhaoine fostaithe, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar bhaill dá dteaghlaigh a bhíonn ag gluaiseacht sa Chomhphobal, IO L 149, 5.7.1971, lch. 2. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1992/2006 (IO L 392, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(4)  IO L 324, 30.12.2006, lch. 59.


17.2.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/s3


NÓTA DON LÉITHEOIR

Tá na hInstitiúidí tar éis a chinneadh gan an leasú deireanach ar na gníomhartha sin a luaitear ina dtéacsanna a lua a thuilleadh.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, na gníomhartha dá dtagraítear sna téacsanna a fhoilsítear leis seo, is do na gníomhartha atá i bhfeidhm faoi láthair a thagraíonn siad.