ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

52
10 Feabhra 2009


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2009/C /01

Comhsheasamh (CE) Uimh. 1/2009 an 17 Nollaig 2008 a ghlac an Chomhairle ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní ( 2 )

1

2009/C /02

Comhsheasamh (CE) Uimh. 2/2009 an 18 Nollaig 2008 a ghlac an Chomhairle ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ( 3 )

30

 

2009/C /03

Nóta don léitheoir(Féach ar leathanach 3 den chlúdach)

s3

 


 

(1)   Faoin tagairt C 33 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus leis an Eilvéis

 

(3)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

10.2.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 1/2009

a ghlac an Chomhairle an 17 Nollaig 2008

chun go nglacfaí Rialachán …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slandála, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus leis an Eilvéis)

(2009/C 33 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 308 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (3) go gcinnfear inneachar Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin roimh an dáta a ndéanfar é a chur i bhfeidhm.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinní I, III, IV, VI, VII, VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a oiriúnú chun go gcuirfí san áireamh riachtanais na mBallstát a d'aontaigh don Aontas Eorpach ó glacadh an Rialachán sin agus chun go gcuirfí san áireamh na forbairtí is deireanaí a rinneadh i mBallstáit eile.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 56(1) agus le hAirteagal 83 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 go leagfar amach forálacha speisialta maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht Ballstát áirithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá Iarscríbhinn XI ceaptha sonraíochtaí chórais slándála sóisialta éagsúla na mBallstát a chur san áireamh d'fhonn éascú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha maidir le comhordú. D'iarr roinnt Ballstát go n-áireofaí san Iarscríbhinn sin iontrálacha maidir le cur i bhfeidhm a reachtaíochta slándála sóisialta agus sholáthair siad mínithe dlíthiúla praiticiúla ar a reachtaíocht agus ar a gcórais don Choimisiún.

(4)

I gcomhréir leis an ngá atá le cuíchóiriú agus le simpliú, tá gá le cur chuige comhchoiteann chun a áirithiú go ndéileálfar, i bprionsabal, ar an dóigh chéanna le hiontrálacha i leith Ballstát éagsúil ar den tsamhail chéanna iad nó a shaothraíonn an cuspóir céanna.

(5)

Ós rud é gurb é is aidhm do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 comhordú a dhéanamh ar an reachtaíocht slándála sóisialta, arb iad na Ballstáit go heisiach atá freagrach aisti, níor cheart go n-áireofaí sa Rialachán sin iontrálacha nach bhfuil ag luí lena chríoch ná lena chuspóirí, nó iontrálacha a fhéachann go heisiach le soiléiriú a dhéanamh ar léiriú na reachtaíochta náisiúnta.

(6)

Le roinnt iarrataí, tarraingíodh anuas ceisteanna a bhíonn ag déanamh scime do go leor Ballstát: is iomchuí, dá bhrí sin, déileáil leis na ceisteanna sin ar leibhéal níos ginearálta, trína soiléiriú i dtéacs Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 nó i gceann eile dá Iarscríbhinní, ar cheart leasú dá réir sin a dhéanamh uirthi, nó trí fhoráil sa Rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, seachas trí iontrálacha comhchosúla a chur isteach in Iarscríbhinn XI do Bhallstáit éagsúla.

(7)

Ba cheart Airteagal 28 de Rialachán (CE) 883/2004 a leasú d'fhonn a raon feidhme a shoiléiriú agus a leathnú agus d'fhonn a chinntiú go bhféadfadh baill teaghlaigh de chuid iar-oibrithe imeallchríche leas a bhaint as an seans leanúint de chóireáil liachta i dtír iarfhostaíochta an duine árachaithe tar éis scoir don duine sin, mura mbeidh an Ballstát is deireanaí a raibh an t-oibrí imeallchríche ag gabháil don ghníomhaíocht is deireanaí aige nó aici ann liostaithe in Iarscríbhinn III.

(8)

Is iomchuí freisin déileáil le ceisteanna sonracha áirithe in Iarscríbhinní eile a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, de réir a gcríche agus de réir a n-inneachair, seachas in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin, d'fhonn comhchuibheas a áirithiú sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin.

(9)

Cumhdaítear anois cuid d'iontrálacha na mBallstát in Iarscríbhinn VI de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 le forálacha ginearálta áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Dá bhrí sin, tá roinnt de na hiontrálacha in Iarscríbhinn VI de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 iomarcach anois.

(10)

D'fhonn úsáid Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ag saoránaigh a éascú nuair a bheidh faisnéis á lorg acu ó institiúidí na mBallstát nó éilimh á gcur faoina mbráid acu, ba cheart tagairtí do reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann a dhéanamh sa teanga bhunaidh freisin, in aon chás inar ghá, d'fhonn aon mhíthuiscint a sheachaint.

(11)

Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú dá réir sin.

(12)

Forálann Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 go mbeidh feidhm aige ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán cur chun feidhme i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 leis seo mar a leanas:

1)

Cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (17):

‘(17a)

A luaithe a thiocfaidh reachtaíocht Ballstáit chun bheith infheidhme maidir le duine faoi Theideal II den Rialachán seo, ba cheart na coinníollacha maidir le cleamhnú agus maidir le teideal chun sochar a shainiú le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, agus dlí an Chomhphobail á urramú.’;

2)

Cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (18):

‘(18a)

Tá an-tábhacht ag baint le prionsabal na haon reachtaíochta infheidhme agus ba cheart é a neartú. Níor cheart go gciallódh sé seo, áfach, gurb í reachtaíocht an Bhallstáit ar dheonaigh a institiúid an tairbhe an reachtaíocht a bheadh infheidhme maidir leis an duine sin, d'aon toisc de bharr gur deonaíodh tairbhe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus arb éard a bhí inti íocaíocht ranníocaíochtaí árachais nó cumhdach árachais don tairbhí.’;

3)

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (v) in Airteagal 1:

‘(va)

ciallaíonn “sochair chomhchineáil”:

(i)

chun críocha Theideal III, Caibidil 1 (sochair breoiteachta, sochair máithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta), na sochair chomhchineáil a sholáthraítear faoi reachtaíocht Ballstáit agus atá ceaptha costas cúraim liachta agus táirgí agus seirbhísí a ghabhann leis an gcúram sin a sholáthar, a chur ar fáil, a íoc go díreach nó a aisíoc. Folaíonn sé seo sochair chomhchineáil cúraim fhadtéarmaigh.

(ii)

chun críocha Theideal III, Caibidil 2 (tionóiscí ag an obair agus galair cheirde), na sochair chomhchineáil uile a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus a bhaineann le galair cheirde mar a shainítear iad i bpointe (i) thuas agus dá bhforáiltear faoi scéimeanna na mBallstát um thionóiscí ag an obair agus um ghalair cheirde.’;

4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(5):

‘5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh sóisialta agus liachta nó

(b)

sochair ar i ndáil leo a ngabhfaidh Ballstát dliteanas air féin do dhamáistí do dhaoine agus a bhforálfaidh sé do chúiteamh maidir leo, amhail cúiteamh d'íospartaigh cogaidh agus gníomhaíochtaí míleata nó a n-iarmhairtí; d'íospartaigh na coireachta, an fheallmharaithe nó gníomhartha sceimhlitheoireachta; d'íospartaigh i leith damáistí a dhéanfaidh gníomhairí an Bhallstáit i gcúrsa a ndualgas; nó d'íospartaigh ar bhain míbhuntáiste dóibh ar chúiseanna polaitiúla nó creidimh nó ar chúiseanna oidhreachta.’;

5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(4):

‘4.   I gcás ina gcuireann reachtaíocht Ballstáit de choinníoll ar rochtain ar árachas saorálach nó ar árachas leanúnach roghnach an duine a bheith ina chónaí sa Bhallstát sin nó an duine sin a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht roimhe sin mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(b) ach maidir le daoine a bhí faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin tráth níos luaithe, ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.’;

6)

In Airteagal 15, cuirtear ‘foireann chonarthach’ in ionad ‘foireann chúnta’.

7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír Airteagal 18(2):

‘2.   Beidh baill teaghlaigh de chuid oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil le linn a bhfanachta sa Bhallstát inniúil.

Sa chás go liostófar an Ballstát inniúil in Iarscríbhinn III, áfach, ní bheidh baill teaghlaigh de chuid oibrí imeallchríche a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna leis an oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil sa Bhallstát inniúil ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1).

Déanfar an liosta atá in Iarscríbhinn III a athbhreithniú tráth nach déanaí ná … (4) ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún Rialacháin. I bhfianaise na tuarascála seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, más gá, togra a thíolacadh go ndéanfar an liosta a athbhreithniú.’

8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28(1):

‘1.   Oibrí imeallchríche a bheidh imithe ar scor mar gheall ar sheanaois nó ar easláine, beidh sé nó sí i dteideal i gcás breoiteochta leanúint de shochair chomhchineáil a fháil sa Bhallstát arb ann is deireanaí a bhí sé nó sí ag gabháil dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, a mhéid gur leanúint a bheidh ann ar chóireáil a tosaíodh sa Bhallstát sin. Ciallaíonn “leanúint ar chóireáil” imscrúdú, fáthmheas agus cóireáil leanúnach ar bhreoiteacht ar feadh a ré iomláine.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le baill teaghlaigh an iar-oibrí imeallchríche mura mbeidh an Ballstát arb ann is deireanaí a bhí an t-oibrí imeallchríche ag gabháil dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht liostaithe in Iarscríbhinn III.

Déanfar an liosta atá in Iarscríbhinn III a athbhreithniú tráth nach déanaí ná … (4) ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún Rialacháin. I bhfianaise na tuarascála seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, más gá, togra a thíolacadh go ndéanfar an liosta a athbhreithniú.’

9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(1):

‘1.   Gan dochar d'aon fhorálacha níos fabhraí atá i mír 2 nó i mír 2a den Airteagal seo beidh feidhm freisin ag Airteagail 17, 18(1), 19(1) agus 20(1) maidir le sochair a bhaineann le tionóiscí ag an obair nó a bhaineann le galair cheirde.’;

10)

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 36:

‘2a.   Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) a dheonú do dhuine fostaithe nó do dhuine féinfhostaithe ar bhain tionóisc ag an obair dó nó di nó a tholg galar ceirde agus atá i dteideal sochar atá inmhuirearaithe ar an institiúid sin, i gcás nach bhféadfar an chóireáil atá iomchuí do riocht sláinte an duine sin a dhéanamh sa Bhallstát a bhfuil cónaí air nó uirthi ann, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh leighis de, agus riocht sláinte reatha an duine sin agus cúrsa dóchúil na breoiteachta á gcur san áireamh.’;

11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír Airteagal 51(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar le reachtaíocht Ballstáit nó le scéim shonrach Ballstáit coinníoll a chur ag gabháil le fáil, le coinneáil nó le hathghabháil ceart chun sochar, go mbeadh an duine lena mbaineann árachaithe ar theacht ann don riosca, measfar gur comhlíonadh an coinníoll sin má bhí an duine sin árachaithe roimhe sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nó faoi scéim shonrach an Bhallstáit sin, agus, ar theacht ann don riosca, má bhíonn sé nó sí árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an riosca chéanna nó, ina éagmais sin, i gcás sochar a bheith dlite faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an riosca chéanna. Measfar gur comhlíonadh an coinníoll deireanach sin, áfach, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 57.’;

12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52(4):

‘4.   I gcás ina mbeidh sé de thoradh, i gcónaí, ar an ríomh de bhun mhír 1(a) i mBallstát go mbeidh an sochar neamhspleách cothrom leis an sochar pro rata arna ríomh i gcomhréir le mír 1(b), nó go mbeidh sé níos mó ná é, tarscaoilfidh an institiúid inniúil an ríomh pro rata, ar choinníoll:

(i)

go leagtar amach staid den sórt sin i gCuid 1 d'Iarscríbhinn VIII;

(ii)

nach mbeidh aon reachtaíocht ina bhfuil rialacha i gcoinne forluí, dá dtagraítear in Airteagal 54 agus in Airteagal 55, infheidhme, mura gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 55(2); agus

(iii)

nach mbeidh Airteagal 57 infheidhme maidir le tréimhsí a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht Ballstáit eile in imthosca sonracha an cháis.’;

13)

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 52:

‘5.   D'ainneoin fhorálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh feidhm ag an ríomh pro rata maidir le scéimeanna lena soláthraítear sochair arb ina leith nach mbeidh baint ar bith ag tréimhsí ama leis an ríomh, faoi réir na scéimeanna sin a bheith liostaithe i gcuid 2 d'Iarscríbhinn VIII. Sna cásanna sin, beidh an duine i dteideal an tsochair a ríomhfar i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.’;

14)

In Airteagal 56(1)(c), cuirfear isteach ‘i gcás inar gá’ roimh ‘i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn XI’;

15)

Cuirtear isteach an pointe seo a leanas in Airteagal 56(1):

‘(d)

I gcás nach mbeidh pointe (c) infheidhme toisc go bhforáiltear i reachtaíocht Ballstáit go mbeidh an sochar le ríomh ar bhonn eilimintí eile, seachas tréimhsí árachais nó cónaithe, nach bhfuil nasctha le ham, cuirfidh an institiúid inniúil san áireamh, i leith gach tréimhse árachais nó cónaithe a chomhlánaítear faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile, méid an chaipitil a fhabhraítear, an caipiteal a mheastar a bheith fabhraithe nó aon eilimint eile maidir leis an ríomh faoin reachtaíocht a bheidh á feidhmiú aici, roinnte ar na haonaid chomhfhreagracha tréimhsí atá sa scéim pinsean lena mbaineann.’;

16)

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 57:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le scéimeanna a liostaítear i gcuid 2 d'Iarscríbhinn VIII.’;

17)

In Airteagal 62(3), cuirtear ‘daoine dífhostaithe’ in ionad an téarma ‘oibrithe imeallchríche’;

18)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 68a

Sochair a sholáthar

I gcás nach n-úsáidfidh an duine ar cheart sochair teaghlaigh a sholáthar dó nó di na sochair sin chun na baill teaghlaigh a chothabháil, comhlíonfaidh an institiúid inniúil a hoibleagáidí dlíthiúla trí na sochair sin a sholáthar don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach a mbeidh na baill teaghlaigh á gcothabháil aige nó aici dáiríre, arna iarraidh sin don institiúid ina áit/háit chónaithe, nó tríd an institiúid sin, nó arna iarraidh sin don institiúid ainmnithe, nó tríd an institiúid sin, nó arna iarraidh sin don chomhlacht, nó tríd an gcomhlacht a cheapfaidh údarás inniúil a Bhallstát/a Ballstát cónaithe chun na críche sin.’;

19)

Leasaítear Airteagal 87(8) mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Má bhíonn duine, mar thoradh ar an Rialachán seo, faoi réir reachtaíochta Ballstáit seachas an reachtaíocht a chinnfear i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CCE) Uimh. 1408/71, leanfaidh an reachtaíocht sin d'fheidhm a bheith aici ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar an staid ábhartha agus i ngach cás ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mura n-iarrfaidh an duine lena mbaineann a bheith faoi réir na reachtaíochta atá infheidhme faoin Rialachán seo. Laistigh de thrí mhí ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, cuirfear an iarraidh faoi bhráid institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht atá infheidhme faoin Rialachán seo má tá an duine lena mbaineann le bheith faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin amhail ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm. Más tar éis na teorann ama a shonraítear a dhéantar an t-iarratas, is ar an gcéad lá den mhí dár gcionn a dhéanfar an t-athrú sa reachtaíocht infheidhme.’

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘(10a)   Scoirfidh na hiontrálacha maidir leis an Eastóin, leis an Spáinn, leis an Iodáil, leis an Liotuáin, leis an Ungáir agus leis an Ísiltír d'éifeacht a bheith acu ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo’;

20)

Leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán cur chun feidhme i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa, …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 61.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 17 Nollaig 2008 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 200, 7.6.2004, lch. 1.

(4)  5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán(CE) Uimh. 883/2004

A.

Leasaítear Iarscríbhinn I mar seo a leanas:

1)

I gCuid I (airleacain i leith íocaíochtaí cothabhála):

(a)

Cuirtear ‘AN BHEILG’ in ionad an cheannteidil ‘A. AN BHEILG’

(b)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘AN BHEILG’:

‘AN BHULGÁIR

Íocaíochtaí cothabhála arna ndéanamh ag an stát faoi Airteagal 92 den Chód Teaghlaigh.’;

(c)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN DANMHAIRG’ agus an ceannteideal ‘AN GHEARMÁIN’ in ionad ‘B. AN DANMHAIRG’, agus ‘C. AN GHEARMÁIN’ faoi seach;

(d)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN GHEARMÁIN’ cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

‘AN EASTÓIN

Liúntais cothabhála faoi Ghníomh Liúntais Cothabhála an 21 Feabhra 2007;

AN SPÁINN

Airleacain íocaíochtaí cothabhála faoi Fhoraithne Ríoga Uimh. 1618/2007 an 7 Nollaig 2007.’;

(e)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHRAINC’ in ionad an cheannteidil ‘D. AN FHRAINC’;

(f)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’ cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

‘AN LIOTUÁIN

Íocaíochtaí ón gCiste Cothabhála Leanaí faoin Dlí maidir leis an gCiste Cothabhála Leanaí.

LUCSAMBURG

Airleacain agus aisghabháil íocaíochtaí cothabhála de réir bhrí Ghníomh an 26 Iúil 1980.’

(g)

Cuirtear an ceannteideal ‘. AN OSTAIR’ in ionad ‘E. AN OSTAIR’;

(h)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN OSTAIR’ cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

‘AN PHOLAINN

Sochair ón gCiste Ailiúnais faoin nGníomh um Chúnamh do Dhaoine atá i dTeideal Ailiúnais’;

(i)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN PHORTAINGÉIL’ in ionad ‘F. AN PHORTAINGÉIL’;

(j)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN PHORTAINGÉIL’ cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

‘AN tSLÓIVÉIN

Athsholáthar cothabhála i gcomhréir leis an nGníomh um Ráthaíocht Phoiblí agus um Chiste Cothabhála Phoblacht na Slóivéine an 25 Iúil 2006.

AN tSLÓVAIC

Sochar ionadach ailiúnais (íocaíocht ionadach chothabhála) de bhun Ghníomh Uimh. 452/2004 Coll. maidir le sochar ionadach ailiúnais, arna leasú le rialacháin níos déanaí.’;

(k)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHIONNLAINN’ agus an ceannteideal ‘AN tSUALAINN’ in ionad ‘G. AN FHIONLAINN’ agus ‘H. AN tSUALAINN’ faoi seach.

2)

I gCuid II (liúntais speisialta breithe agus uchtála):

(a)

Cuirtear ‘AN BHEILG’ in ionadan cheannteidil ‘A. AN BHEILG’

(b)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN BHEILG’ cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

‘AN BHULGÁIR

Liúntas cnapshuime máithreachais (an Dlí maidir le Liúntais Teaghlaigh do Leanaí).

POBLACHT NA SEICE

Liúntas breithe.

AN EASTÓIN

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Liúntas uchtála.’;

(c)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN SPÁINN’ agus an ceannteideal ‘AN FHRAINC’ in ionad ‘B. AN SPÁINN’ agus ‘C. AN FHRAINC’ faoi seach;

(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN SPÁINN’:

‘AN SPÁINN

Deontais aoníocaíochta breithe agus uchtála’;

(e)

Cuirtear na focail seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’:

‘, ach amháin nuair a íocfar iad le duine a fhanfaidh faoi réir reachtaíocht na Fraince de bhun Airteagal 12 nó Airteagal 16’;

(f)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’ cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

‘AN LAITVIA

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Liúntas uchtála.

AN LIOTUÁIN

Deontas cnapshuime linbh.’;

(g)

Cuirtear an ceannteideal ‘LUCSAMBURG’ in ionad ‘D. LUCSAMBURG’;

(f)

Tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘LUCSAMBURG’ cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

‘AN UNGÁIR

Deontas máithreachais.

AN PHOLAINN

Deontas aoníocaíochta breithe (An Gníomh Sochar Teaghlaigh).

AN RÓMÁIN

(a)

Liúntas breithe;

(b)

An céadfheisteas do leanaí nuabheirthe.

AN tSLÓIVÉIN

Deontas breithe.

AN tSLÓVAIC

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Forlíonadh ar liúntas breithe.’;

(i)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHIONLAINN’ in ionad ‘E. AN FHIONLAINN’.

B.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II:

‘IARSCRÍBHINN II

FORÁLACHA NA gCOINBHINSIÚN A LEANFAIDH DE BHEITH I bhFEIDHM AGUS A BHEIDH TEORANTA, I gCÁS GURB INFHEIDHME, DO NA DAOINE A CHUMHDAÍTEAR LEO (Airteagal 8(1))

Barúlacha ginearálta

Tugtar faoi deara nach liostaítear san Iarscríbhinn seo forálacha coinbhinsiún déthaobhach nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a fhanann i bhfeidhm idir na Ballstáit. Cumhdaíonn sé sin oibleagáidí idir na Ballstáit a thig ó choinbhinsiúin lena bhforáiltear, mar shampla, d'fhorálacha maidir le comhshuimiú tréimhsí árachais a chomhlánaítear i dtríú tír.

Forálacha coinbhinsiún slándála sóisialta a leanfaidh de bheith infheidhme:

AN BHEILG-AN GHEARMÁIN

Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Phrótacal Críochnaitheach an 7 Nollaig 1957 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta an dáta sin, mar a leagtar amach iad i bPrótacal Forlíontach an 10 Samhain 1960 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh i roinnt réigiún teorann roimh an Dara Cogadh Domhanda, lena linn agus dá éis).

AN BHEILG-LUCSAMBURG

Coinbhinsiún an 24 Márta 1994 maidir le slándáil shóisialta d'oibrithe imeallchríche (maidir leis an aisíoc caighdeánach comhlántach)

AN BHULGÁIR-AN GHEARMÁIN

Airteagal 28(1)(b) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 17 Nollaig 1997 (coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích idir an Bhulgáir agus Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine a choimeád ar bun maidir le daoine a fuair pinsean cheana roimh 1996).

AN BHULGÁIR-AN OSTAIR

Airteagal 38(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 14 Aibreán 2005 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar leis an gCoinbhinsiún sin.

AN BHULGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 32(2) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 18 Nollaig 1957 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh an 31 Nollaig 1957 nó roimhe sin).

POBLACHT NA SEICE-AN GHEARMÁIN

Airteagal 39(1)(b) agus (c) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 27 Iúil 2001 (an coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht na Seicslóvaice agus Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine a choimeád ar bun maidir le daoine a fuair pinsean cheana roimh 1996; ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh i gceann amháin de na stáit chonarthacha le haghaidh daoine a raibh pinsean faighte acu cheana féin do na tréimhsí sin an 1 Meán Fómhair 2002 ón stát conarthach eile, le linn cónaí dóibh ina chríoch).

POBLACHT NA SEICE-AN CHIPIR

Airteagal 32(4) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 19 Eanáir 1999 (lena gcinntear inniúlacht maidir le ríomh tréimhsí fostaíochta a comhlánaíodh faoi Choinbhinsiún ábhartha 1976); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

POBLACHT NA SEICE-LUCSAMBURG

Airteagal 52(8) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 17 Samhain 2000 (ríomh tréimhsí árachais le haghaidh dídeanaithe polaitiúla).

POBLACHT NA SEICE-AN OSTAIR

Airteagal 32(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 20 Iúil 1999 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

POBLACHT NA SEICE-AN tSLÓVAIC

Airteagal 12, Airteagal 20 agus Airteagal 33 de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 29 Deireadh Fómhair 1992 (cinntear le hAirteagal 12 inniúlacht chun sochair marthanóra a dheonú; Cinntear le hAirteagal 20 inniúlacht maidir le ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh go dtí lá díscaoilte Phoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice; Cinntear le hAirteagal 33 inniúlacht maidir le híoc pinsean a deonaíodh go dtí lá díscaoilte Phoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice).

AN DANMHAIRG-AN FHIONLAINN

Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003 (a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a mhéadaíonn costas taistil fillte chuig an tír chónaithe).

AN DANMHAIRG-AN tSUALAINN

Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003 (a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a mhéadaíonn costas taistil fillte chuig an tír chónaithe).

AN GHEARMÁIN-AN SPÁINN

Airteagal 45(2) de Choinbhinsiún Slándála Sóisialta an 4 Nollaig 1973 (ionadaíocht ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalachta).

AN GHEARMÁIN-AN FHRAINC

(a)

Comhaontú Comhlántach Uimh. 4 an 10 Iúil 1950 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta an dáta céanna, mar a leagtar amach é i gComhaontú Forlíontach Uimh. 2 an 18 Meitheamh 1955 (ríomh tréimhsí árachais arna gcomhlánú idir 1 Iúil 1940 agus 30 Meitheamh 1950);

(b)

Teideal I den Chomhaontú Forlíontach sin Uimh. 2 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 8 Bealtaine 1945);

(c)

pointí 6, 7 agus 8 de Phrótacal Ginearálta an 10 Iúil 1950 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta an dáta céanna (socruithe riaracháin);

(d)

Teideal II, Teideal III agus Teideal IV de Chomhaontú an 20 Nollaig 1963 (slándáil shóisialta sa Saar).

AN GHEARMÁIN-LUCSAMBURG

Airteagail 4, 5, 6 agus 7 de Choinbhinsiún an 11 Iúil 1959 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh idir Meán Fómhair 1940 agus Meitheamh 1946).

AN GHEARMÁIN-AN UNGÁIR

Airteagal 40(1)(b) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 2 Bealtaine 1998 (an coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Ungáir a choimeád ar bun le haghaidh daoine a fuair pinsean roimh 1996 cheana féin).

AN GHEARMÁIN-AN ÍSILTÍR

Airteagail 2 agus 3 de Chomhaontú Comhlántach Uimh. 4 an 21 Nollaig 1956 a ghabhann le Coinbhinsiún an 29 Márta 1951 (socrú ceart a fuair oibrithe Ollannacha faoi scéim árachais shóisialta na Gearmáine idir 13 Bealtaine 1940 agus 1 Meán Fómhair 1945).

AN GHEARMÁIN-AN OSTAIR

(a)

Leanfaidh Airteagal 1(5) agus Airteagal 8 de Choinbhinsiún maidir le hÁrachas Dífhostaíochta an 19 Iúil 1978 agus Airteagal 10 den Phrótacal Críochnaitheach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo (an Ballstát fostaíochta roimhe sin do dheonú liúntas dífhostaíochta d'oibrithe imeallchríche) d'fheidhm a bheith acu maidir le daoine a raibh gníomhaíocht mar oibrí imeallchríche feidhmithe acu an 1 Eanáir 2005, nó roimhe sin, agus a bheidh dífhostaithe roimh an 1 Eanáir 2011.

(b)

Airteagal 14(2)(g), (h), (i) agus (j) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 4 Deireadh Fómhair 1995 (inniúlachtaí a roinnt idir an dá thír i dtaca le cásanna árachais roimhe seo agus le tréimhsí árachais arna bhfáil); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN GHEARMÁIN-AN PHOLAINN

(a)

Coinbhinsiún an 9 Deireadh Fómhair 1975 maidir le forálacha seanaoise agus le forálacha a bhaineann le díobháil ag an obair, faoi na coinníollacha agus faoin raon feidhme a shainítear le hAirteagal 27(2) go (4) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 8 Nollaig 1990 (stádas dlíthiúil a choimeád ar bun, ar bhonn choinbhinsiún 1975, i gcás na ndaoine a shuigh a n-áit chónaithe i gcríoch na Gearmáine nó na Polainne roimh an 1 Eanáir 1991 agus a leanann de bheith ina gcónaí ann;

(b)

Airteagail 27(5) agus 28(2) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 8 Nollaig 1990 (teidlíocht a choimeád ar bun do phinsean a íoctar ar bhonn choinbhinsiún 1957 a tugadh i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Pholainn; ríomh na dtréimhsí árachais a chomhlánaigh fostaithe Polannacha faoi choinbhinsiún 1988 a tugadh i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Pholainn).

AN GHEARMÁIN-AN RÓMÁIN

Airteagal 28(1)(b) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 8 Aibreán 2005 (an coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Rómáin a choimeád ar bun le haghaidh daoine a fuair pinsean roimh 1996 cheana féin).

AN GHEARMÁIN — AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 42 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 24 Meán Fómhair 1997 (socrú na gceart a fuarthas roimh an 1 Eanáir 1956 faoi scéim slándála shóisialta an stáit chonarthaigh eile); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar leis an gComhaontú sin.

AN GHEARMÁIN-AN tSLÓVAIC

Airteagal 29(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír de Chomhaontú an 12 Meán Fómhair 2002 (an coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht na Seicslóvaice agus Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine a choimeád ar bun le haghaidh daoine a fuair pinsean cheana féin roimh 1996; ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh i gceann amháin de na stáit chonarthacha le haghaidh daoine a raibh pinsean faighte acu cheana féin do na tréimhsí sin an 1 Nollaig 2003 ón stát conarthach eile, le linn cónaí dóibh ina chríoch).

AN GHEARMÁIN-AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Airteagal 7(5) agus (6) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 20 Aibreán 1960 (an reachtaíocht atá infheidhme maidir le sibhialtaigh a bhíonn ag fónamh sna fórsaí míleata);

(b)

Airteagal 5(5) agus (6) de Choinbhinsiún maidir le hárachas dífhostaíochta an 20 Aibreán 1960 (an reachtaíocht atá infheidhme maidir le sibhialtaigh a bhíonn ag fónamh sna fórsaí míleata);

ÉIRE-AN RÍOCHT AONTAITHE

Airteagal 19(2) de Chomhaontú an 14 Deireadh Fómhair 2004 maidir le slándáil shóisialta (a bhaineann le creidmheasanna míchumais áirithe a aistriú agus a ríomh).

AN SPÁINN-AN PHORTAINGÉIL

Airteagal 22 de Choinbhinsiún Ginearálta an 11 Meitheamh 1969 (sochair dífhostaíochta a onnmhairiú). Leanfaidh an iontráil seo de bheith bailí go ceann dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

AN IODÁIL-AN tSLOIVÉIN

(a)

Comhaontú maidir le comhoibleagáidí i dtaca le hárachas sóisialta a rialú faoi threoir mhír 7 d'Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an gConradh Síochána, arna thabhairt i gcrích trí nótaí a mhalartú an 5 Feabhra 1959 (ríomh na dtréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 18 Nollaig 1954); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála seo de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar leis an gComhaontú sin.

(b)

Airteagal 45(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Iúil 1997 a bhaineann le hiar-Chrios B de Shaorchríoch Trieste (ríomh na dtréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh 5 Deireadh Fómhair 1956); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála seo de bheith teoranta do na daoine a chumhdófarleis an gCoinbhinsiún sin.

LUCSAMBURG-AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 10 Márta 1997 (maidir le haithint cinntí a dhéanfaidh institiúidí i bpáirtí conarthach amháin maidir le staid neamhbhailíochta iarrthóirí le haghaidh pinsean ó institiúidí sa pháirtí conarthach eile).

LUCSAMBURG-AN tSLÓVAIC

Airteagal 50(5) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 23 Bealtaine 2002 (ríomh tréimhsí árachais le haghaidh dídeanaithe polaitiúla).

AN UNGÁIR-AN OSTAIR

Airteagal 36(3) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 31 Márta 1999 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN UNGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 31 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Deireadh Fómhair 1957 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 29 Bealtaine 1956); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN UNGÁIR-AN tSLÓVAIC

Airteagal 34(1) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 30 Eanáir 1959 (foráiltear in Airteagal 34(1) den Choinbhinsiún gurb iad na tréimhsí árachais a deonaíodh roimh lá sínithe an Choinbhinsiúin tréimhsí árachais an Stáit chonarthaigh ina raibh áit chónaithe ag an duine atá ina dteideal; leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN OSTAIR-AN PHOLAINN

Airteagal 33(3) de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 7 Meán Fómhair 1998 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN OSTAIR-AN RÓMÁIN

Airteagal 37(3) de Choinbhinsiún maidir le Slándáil Shóisialta an 28 Deireadh Fómhair 2005 (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN OSTAIR-AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 37 de Choinbhinsiún maidir le slándáil shóisialta an 10 Márta 1997 (ríomh na dtréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 1 Eanáir 1956); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN OSTAIR-AN tSLÓVAIC

Airteagal 34(3) de Choinbhinsiún an 21 Nollaig 2001 maidir le Slándáil Shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a comhlánaíodh roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdófar léi.

AN FHIONLAINN-AN tSUALAINN

Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003 (a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a mhéadaíonn costas taistil fillte chuig an tír chónaithe).’

C.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn:

‘IARSCRÍBHINN III

SRIAN AR CHEARTA CHUN SOCHAR COMHCHINEÁIL (CÚRAM SLÁINTE) DO BHAILL DE THEAGHLACH OIBRÍ IMEALLCHRÍCHE (dá dtagraítear in Airteagal 18(2))

AN DANMHAIRG

AN EASTÓIN (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

ÉIRE

AN SPÁINN (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN IODÁIL (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN LIOTUÁIN (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN UNGÁIR (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN ÍSILTÍR (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN FHIONLAINN

AN tSUALAINN

AN RÍOCHT AONTAITHE’.

D.

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

1)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach tar éis na hiontrála ‘AN BHEILG’:

‘AN BHULGÁIR

POBLACHT NA SEICE’;

2)

Scriostar an iontráil ‘AN IODÁIL’.

3)

Cuirtear isteach ‘AN CHIPIR’ tar éis na hiontrála ‘AN FHRAINC’;

4)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach tar éis na hiontrála ‘LUCSAMBURG’:

‘AN UNGÁIR

AN ÍSILTÍR’;

5)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas isteach tar éis na hiontrála ‘AN OSTAIR’:

‘AN PHOLAINN

AN tSLÓIVÉIN’

E.

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

1)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach ag tús na hIarscríbhinne:

‘POBLACHT NA SEICE

Pinsean míchumais iomlán do dhaoine ar tháinig a míchumas iomlán orthu sula raibh ocht mbliana déag slánaithe acu agus nach raibh árachaithe in aghaidh na tréimhse a cheanglaítear (Roinn 42 de Ghníomh Uimh. 155/1995 Coll. um Árachas Pinsean).

AN EASTÓIN

(a)

Pinsin easláine a deonaíodh roimh an 1 Aibreán 2000 faoin nGníomh Liúntas Stáit agus a choinnítear faoin nGníomh um Árachas Pinsean Stáit.

(b)

Pinsin náisiúnta arna ndeonú ar bhonn easláine de réir an Ghnímh um Árachas Pinsean Stáit.

(c)

Pinsin easláine arna ndeonú de réir an Ghnímh um Sheirbhís Fórsaí Cosanta, an Ghnímh Seirbhíse Póilíneachta, Gníomh Oifig an Ionchúisitheora, Gníomh Stádas na mBreitheamh, an Ghnímh um Thuarastail Chomhaltaí Pharlaimint na hEastóine, Gníomh na bPinsean agus na Ráthaíochtaí Sóisialta Eile agus Gníomh Sochar Oifigiúil Uachtarán na Poblachta.’;

2)

Cuirtear an ceannteideal ‘. AN GHRÉIG’ agus an ceannteidieal ‘. ÉIRE’ in ionad ‘A. AN GHRÉIG’ agus ‘B. ÉIRE’ faoi seach;

3)

Baintear an iontráil faoin gceannteideal ‘ÉIRE’amach agus cuirtear an iontráil chéanna isteach roimh an iontráil faoin gceannteideal ‘AN GHRÉIG’ agus cuirtear an méid seo a leanas ina áit:

‘Cuid 2, Caibidil 17 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005’;

4)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN GHRÉIG’:

‘AN LAITVIA

Pinsin easláine (an tríú grúpa) faoi Airteagal 16(1)(2) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit.’;

5)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHIONLAINN’ in ionad ‘C. AN FHIONLAINN’ agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála comhréirí:

‘AN FHIONLAINN

Pinsin Náisiúnta do dhaoine a bheirtear faoi mhíchumas nó do dhaoine a thagann míchumas orthu ag aois luath (An Gníomh Pinsean Náisiúnta, 568/2007);

Pinsin easláine a cinneadh i gcomhréir leis na rialacha idirthréimhseacha agus a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 1994 (an Gníomh maidir le Forghníomhú an Ghnímh Náisiúnta Pinsean, 569/2007).’;

6)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN tSUALAINN’ agus an ceannteideal ‘AN RÍOCHT AONTAITHE’ in ionad ‘G. AN tSUALAINN’ agus ‘H. AN RÍOCHT AONTAITHE’.

F.

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar seo a leanas:

1)

Scriostar na sraitheanna a bhaineann le Lucsamburg sna táblaí dar teideal ‘AN BHEILG’ agus ‘AN FHRAINC’;

2)

Scriostar an tábla dar teideal ‘LUCSAMBURG’.

G.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VIII:

‘IARSCRÍBHINN VIII

CÁSANNA INA NDÉANFAR AN T-ÁIREAMH PRO RATA A THARSCAOILEADH NÓ NACH MBEIDH FEIDHM LEIS (Airteagal 52(4) agus Airteagal 52(5))

Cuid 1:

Cásanna ina ndéanfar an t-áireamh pro rata a tharscaoileadh de bhun Airteagal 52(4)

AN DANMHAIRG

Seachas na pinsin a luaitear in Iarscríbhinn IX, na hiarratais uile ar phinsin dá dtagraítear sa dlí maidir le pinsin shóisialta.

ÉIRE

Na hiarratais uile ar phinsean stáit (idirthréimhseach), ar phinsean stáit (ranníocach), ar phinsean baintrí (ranníocach) agus ar phinsean baintrí fir (ranníocach).

AN CHIPIR

Na hiarratais uile ar phinsin seanaoise, easláine, baintrí agus baintrí fir.

AN LAITVIA

(a)

Na hiarratais uile ar phinsin easláine (An Dlí maidir le Pinsin Stáit an 1 Eanáir 1996).

(b)

Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí (An Dlí maidir le Pinsin Stáit an 1 Eanáir 1996; An Dlí maidir le pinsin Stát-chistithe an 1 Iúil 2001).

AN LIOTUÁIN

Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí árachais shóisialta Stáit arna ríomh ar bhonn bhunmhéid an phinsin marthanóra (an Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit)

AN ÍSILTÍR

Na hiarratais uile ar phinsin seanaoise faoin dlí maidir le hárachas ginearálta seanaoise (AOW).

AN OSTAIR

(a)

Na hiarratais uile ar shochair faoi Ghníomh Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta — ASVG, Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hárachas sóisialta le haghaidh daoine féinfhostaithe atá i mbun trádála agus tráchtála — GSVG, Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hárachas sóisialta d'fheirmeoirí féinfhostaithe — BSVG agus an Gníomh Cónaidhme an 30 Samhain 1978 maidir leis na daoine féinfhostaithe sna gairmeacha liobrálacha (FSVG);

(b)

Na hiarratais uile ar phinsin easláine a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun an Ghnímh um Pinsin Ghinearálta (APG) an 18 Samhain 2004;

(c)

Na hiarratais uile ar phinsin mharthanóra a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun an Ghnímh um Pinsin Ghinearálta (APG) an 18 Samhain 2004, mura bhfuil aon ardú sochar le cur i bhfeidhm maidir leis na míonna breise árachais de bhun Airteagal 7(2) den Ghníomh um Pinsin Ghinearálta (APG);

(d)

Na hiarratais uile ar phinsin easláine agus ar phinsin mharthanóra de na Cumainn Lianna Cúigeacha Ostaracha (Landesärztekammer) a bheidh bunaithe ar bhunsoláthar (bunsochar agus aon sochar forlíontach, nó bunphinsean);

(e)

Na hiarratais ar thaca le heasláine cheirde bhuan agus ar thaca le marthanóirí ó chiste pinsean Chumann Ostarach na dTréidlianna;

(f)

Na hiarratais uile ar shochair ó phinsin easláine ceirde, ó phinsin baintreacha agus dílleachtaí i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Cuid A.

AN PHOLAINN

Na hiarratais uile ar phinsin mhíchumais, ar phinsin seanaoise faoin scéim shainithe sochar agus ar phinsin mharthanóirí.

AN PHORTAINGÉIL

Na hiarratais maidir le héilimh ar phinsin easláine, ar phinsin seanaoise agus ar phinsin marthanóirí, ach amháin sna cásanna arb ionann agus 21 bhliain féilire nó níos mó ná 21 bhliain féilire na tréimhsí tuarastail foriomlána arna gcomhlánú faoi reachtaíocht breis agus Ballstáit amháin, arb ionann na tréimhsí náisiúnta árachais agus 20 bliain nó níos lú ná 20 bliain, agus go ndéantar an ríomh faoi Airteagal 11 de Dhlí-Foraithne Uimh. 35/2002, an 19 Feabhra.

AN tSLÓVAIC

(a)

Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí (pinsean baintrí, pinsean baintrí fir agus pinsean dílleachta) á ríomh i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2004, a ndíorthaíonn a méid ó phinsean a íocadh roimhe sin leis an éagach;

(b)

Na hiarratais uile ar phinsin á ríomh de bhun Ghníomh Uimh. 461/2003 Teagl. maidir le slándáil shóisialta mar atá arna leasú.

AN tSUALAINN

Na hiarratais uile ar phinsean ráthaíochta i bhfoirm pinsin seanaoise (Gníomh 1998:702) agus ar phinsean seanaoise i bhfoirm pinsin fhorlíontaigh (Gníomh 1998:674).

AN RÍOCHT AONTAITHE

Na hiarratais uile ar phinsean scoir, ar shochair baintreacha agus ar shochair méala, seachas na sochair sin ar ina leith:

(a)

i rith bliana cánach dar tús an 6 Aibreán 1975 nó tar éis an dáta sin:

(i)

a chomhlánaigh an páirtí lena mbaineann tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe agus Ballstáit eile nár measadh ceann amháin (nó níos mó) de na blianta cánach mar bhliain cháiliúcháin de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe;

(ii)

a chuirfí san áireamh, chun críocha Airteagal 52(1)(b) den Rialachán, na tréimhsí árachais a comhlánaíodh faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe roimh an 5 Iúil 1948, trí na tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile a chur i bhfeidhm.

Na hiarratais uile ar phinsean breise de bhun roinn 44 den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, agus de bhun roinn 44 den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 (Tuaisceart Éireann).

Cuid 2:

Cásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 52(5)

AN BHULGÁIR

Pinsin seanaoise ón Árachas Pinsean Éigeantach Forlíontach, faoi Chuid II, Teideal II, den Chód Árachais Shóisialta.

AN EASTÓIN

Scéim pinsin seanaoise atá cistithe go sainordaitheach.

AN FHRAINC

Bunscéimeanna nó scéimeanna forlíontacha ina ríomhtar sochair seanaoise ar bhonn pointí scoir.

AN LAITVIA

Pinsin seanaoise (Dlí an 1 Eanáir 1996 maidir le pinsin Stáit; Dlí an §1 Iúil 2001 maidir le pinsin Stát-chistithe).

AN UNGÁIR

Sochair pinsin a bheidh bunaithe ar bhallraíocht cistí príobháideacha pinsean.

AN OSTAIR

(a)

Pinsin seanaoise a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun an Ghnímh um Pinsin Ghinearálta (APG) an 18 Samhain 2004;

(b)

Liúntais éigeantacha faoi Airteagal 41 de Dhlí Cónaidhmeach an 28 Nollaig 2001, BGBI I Uimh. 154 maidir le ciste tuarastail ghinearálta de chuid cógaiseoirí Ostaracha (Pharmazeutische Gehaltskasse für Österreich);

(c)

Pinsin scoir agus pinsin luathscoir de chuid na gCumann Lianna Cúigeacha Ostaracha bunaithe ar an mbunsoláthar (bunsochar agus sochar forlíontach, nó bunphinsean), agus na sochair pinsin uile de chuid na gCumann Lianna Cúigeacha Ostaracha bunaithe ar sholáthar breise (pinsean breise nó pinsean aonair);

(d)

Taca seanaoise ó chiste pinsean Chumann Ostarach na dTréidlianna;

(e)

Sochair i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Codanna A agus B, seachas na hiarratais ar shochair ó phinsin easláine, ó phinsin baintreacha agus dílleachtaí i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Cuid A;

(f)

Sochair ó institiúidí leasa shóisialta Chumann Cónaidhmeach na nAiltirí agus na nInnealtóirí Comhairleacha faoi Ghníomh Chumann na nInnealltóirí Sibhialta Ostaracha (Ziviltechnikerkammergesetz) 1993 agus reachtanna na n-institiúidí leasa shóisialta, seachas na sochair ar bhonn easláine ceirde agus sochair marthanóra a dhíorthaíonn ó na sochair is deireanaí a luadh;

(g)

Sochair de réir reacht institiúid leasa shóisialta Chumann Cónaidhmeach na gCuntasóirí Gairmiúla agus na gComhairleoirí Cánach faoi Ghníomh na gCuntasóirí Gairmiúla Ostaracha agus na gComhairleoirí Cánach (Wirtschaftstreuhandberufsgesetz).

AN PHOLAINN

Pinsin seanaoise faoin scéim ranníoca shainithe.

AN tSLÓIVÉIN

Pinsin ó árachas pinsean forlíontach éigeantach.

AN tSLÓVAIC

Coigilt shainordaitheach ar phinsean seanaoise.

AN tSUALAINN

Pinsean ar bhonn ioncaim agus pinsean préimhe (Ghníomh 1998:674).

AN RÍOCHT AONTAITHE

Sochair scoir chéimnithe arna n-íoc de bhun roinn 36 agus roinn 37 den Ghníomh um Árachas Náisiúnta 1965, agus de bhun roinn 35 agus roinn 36 den Ghníomh um Árachas Náisiúnta (Tuaisceart Éireann) 1966.’

H.

Leasaítear Iarscríbhinn IX mar seo a leanas:

1)

I gCuid I:

(a)

Cuirtear na ceannteidil ‘AN BHEILG’, ‘AN DANMHAIRG’, ‘AN GHRÉIG’, ‘AN SPÁINN’, ‘AN FHRAINC’, ‘ÉIRE’, ‘AN ÍSILTÍR’, ‘AN FHIONLAINN’, AGUS ‘AN TSUALAINN’ in ionad ‘A. AN BHEILG’, ‘B. AN DANMHAIRG’, ‘C. AN GHRÉIG’, ‘D. AN SPÁINN’, ‘E. AN FHRAINC’, ‘F. ÉIRE’, ‘G. AN ÍSILTÍR’, ‘H. AN FHIONLAINN’, AGUS ‘I. AN tSUALAINN’;

(b)

Cuirtear an iontráil faoin gceannteideal ‘ÉIRE’ i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN DANMHAIRG’ agus roimh an iontráil faoin gceannteideal ‘AN GHRÉIG’;

(c)

Cuirtear isteach an iontráil seo a leanas tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’:

‘AN LAITVIA

Pinsin easláine (tríú grúpa) faoi Airteagal 16(1)(2) den Dlí maidir le Pinsin Stáit an 1 Eanáir 1996.’;

(d)

Cuirtear isteach an téacs seo a leanas leis an iontráil faoin gceannteideal ‘AN ÍSILTÍR’:

‘Dlí an 10 Samhain 2005 maidir le saothar agus ioncam de réir cumais saothair (WIA).’;

(e)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHIONLAINN’:

‘Pinsin Náisiúnta do dhaoine a bheirtear faoi mhíchumas nó do dhaoine a thagann míchumas orthu ag aois luath (An Gníomh Pinsean Náisiúnta, 568/2007);

Pinsin náisiúnta agus pinsin na gcéilí arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha idirthréimhseacha agus arna ndeonú roimh an 1 Eanáir 1994 (an Gníomh maidir le Forghníomhú an Ghnímh Pinsean Náisiúnta, 569/2007);

Méid breise phinsean an linbh nuair a dhéantar sochar neamhspleách a ríomh i gcomhréir leis an nGníomh Pinsean Náisiúnta (an Gníomh Pinsean Náisiúnta, 568/2007).’;

(f)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN tSUALAINN’:

‘Cúiteamh breoiteachta ioncam-choibhneasa agus cúiteamh gníomhaíochta na Sualainne (Gníomh 1962:381).

Pinsean ráthaíochta agus cúiteamh ráthaithe na Sualainne a cuireadh in ionad státphinsin iomlána na Sualainne a soláthraíodh faoin reachtaíocht maidir leis an bpinsean stáit a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 1993, agus in ionad an státphinsin iomláin a deonaíodh faoi rialacha idirthréimhseacha na reachtaíochta a raibh feidhm aici ón dáta sin.’:

2)

I gCuid II:

(a)

Cuirtear ‘AN GHEARMÁIN’, ‘AN SPÁINN’, ‘AN IODÁIL’‘LUCSAMBURG’, AN FHIONLAINN AGUS AN tSUALAINN in ionad ‘A. AN GHEARMÁIN’, ‘B. AN SPÁINN’, ‘C. AN IODÁIL’‘D. LUCSAMBURG’, ‘E AN FHIONLAINN’ AGUS ‘F. AN tSUALAINN’

(b)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN IODÁIL’:

‘AN LAITVIA

Pinsean marthanóirí arna ríomh ar bhonn tréimhsí toimhdithe árachais (Airteagal 23(8) den Dlí maidir le Pinsin Stáit an 1 Eanáir 1996).

AN LIOTUÁIN

(a)

Pinsin árachais shóisialta stáit um éagumas chun oibre, arna n-íoc faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit.

(b)

Pinsin árachais shóisialta stáit do mharthanóirí agus do dhílleachtaí, arna ríomh ar bhonn pinsin um éagumas chun oibre an éagaigh faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit.’;

(c)

Cuirtear ‘F. LUCSAMBURG’ in ionad ‘D. LUCSAMBURG’;

(d)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis na hiontrála faoin gceannteideal ‘LUCSAMBURG’:

‘AN tSLÓVAIC

(a)

Pinsean easláine na Slóvaice agus an pinsean marthanóra a thig uaidh;

(b)

Pinsean easláine do dhuine a tháinig chun bheith ina easlán nuair a bhí sé ina leanbh cleithiúnach agus a mheastar i gcónaí a bheith tar éis an tréimhse árachais a cheanglaítear a chomhlíonadh (Airteagal 70(2), Airteagal 72(3) agus Airteagal 73(3) agus (4) de Ghníomh Uimh. 461/2003 maidir le hárachas sóisialta, arna leasú).’;

3)

I gCuid III:

I gCuid III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Coinbhinsiún Nordach an 15 Meitheamh 1992 maidir le slándáil shóisialta’: ‘Coinbhinsiún Nordach maidir le slándáil shóisialta an 18 Lúnasa 2003.’

I.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn X:

‘IARSCRÍBHINN X

SOCHAIR AIRGID SPEISIALTA NEAMHRANNÍOCACHA (Airteagal 70(2)(c))

AN BHEILG

(a)

Liúntas athsholáthair ioncaim (Dlí an 27 Feabhra 1987);

(b)

Ioncam ráthaithe do dhaoine scothaosta (Dlí an 22 Márta 2001).

AN BHULGÁIR

Pinsean sóisialta seanaoise (Airteagal 89 den Chód Árachais Shóisialta).

POBLACHT NA SEICE

Liúntas sóisialta (Gníomh Uimh. 117/1995 Sb. um Thaca Sóisialta Stáit).

AN DANMHAIRG

Caiteachais chóiríochta do phinsinéirí (an Dlí maidir le cúnamh cóiríochta do dhaoine aonair, arna chomhdhlúthú le Dlí Uimh. 204 an 29 Márta 1995).

AN GHEARMÁIN

(a)

Bunioncam cothaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine a bhfuil cumas laghdaithe tuillimh acu faoi Chaibidil 4 de Leabhar XII den Chód Sóisialta;

(b)

Sochair chun costais chothaithe a chlúdach faoin mbunfhoráil do lucht cuardaigh fostaíochta mura rud é, maidir leis na sochair seo, go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le cáilíocht le haghaidh forlíonadh sealadach tar éis sochar dífhostaíochta a fháil (Airteagal 24(1) de Leabhar II den Chód Sóisialta).

AN EASTÓIN

(a)

Liúntas aosaigh mhíchumasaithe (Gníomh um Shochair Shóisialta do Dhaoine Míchumasaithe an 27 Eanáir 1999);

(b)

Liúntas dífhostaíochta stáit (Gníomh um Sheirbhísí agus Thaca Mhargadh an tSaothair an 29 Meán Fómhair 2005).

ÉIRE

(a)

Liúntas Lucht Cuardaigh Fostaíochta (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 2);

(b)

Pinsean stáit (neamhranníocach) (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 4);

(c)

Pinsean (neamhranníocach) baintrí agus pinsean (neamhranníocach) baintrí fir (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 6);

(d)

Liúntas míchumais (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 10);

(e)

Liúntas soghluaiseachta (an tAcht Sláinte 1970, Alt 61);

(f)

Pinsean dall (an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, Cuid 3, Caibidil 5).

AN GHRÉIG

Sochair speisialta do dhaoine scothaosta (Dlí 1296/82).

AN SPÁINN

(a)

Ráthaíocht ioncaim íosta (Dlí Uimh. 13/82 an 7 Aibreán 1982);

(b)

Sochair airgid chun cabhrú le daoine scothaosta agus le heasláin nach bhfuil ar a gcumas obair a dhéanamh (Foraithne Ríoga Uimh. 2620/81 an 24 Iúil 1981);

(c)

(i)

Pinsin neamhranníocacha easláine agus scoir dá bhforáiltear in Airteagal 38(1) de Théacs Comhdhlúite an Dlí Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta, arna fhormheas le Foraithne Reachtach an Rí Uimh. 1/1994 an 20 Meitheamh 1994; agus

(ii)

na sochair lena bhforlíontar na pinsin thuas, mar a fhoráiltear i reachtaíochtaí na Comunidades Autonómas, i gcás ina ráthaítear le forlíonta den sórt sin ioncam cothaithe íosta ag féachaint don staid eacnamaíoch agus sóisialta sna Comunidades Autonómas lena mbaineann;

(d)

Liúntais chun soghluaiseacht a chur chun cinn agus costais iompair a chúiteamh (Dlí Uimh. 13/1982 an 7 Aibreán 1982).

AN FHRAINC

(a)

Liúntais fhorlíontacha:

(i)

ón gCiste Speisialta Easláine, agus

(ii)

ón gCiste Dlúthpháirtíochta Seanaoise i leith ceart a fuarthas

(Dlí an 30 Meitheamh 1956, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta);

(b)

Liúntas aosach míchumasaithe (Dlí an 30 Meitheamh 1975, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta);

(c)

Liúntas speisialta (Dlí an 10 Iúil 1952, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta) i leith ceart a fuarthas;

(d)

Liúntas dlúthpháirtíochta seanaoise (ordanás an 24 Meitheamh 2004, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta) amhail ón 1 Eanáir 2006.

AN IODÁIL

(a)

Pinsin shóisialta do dhaoine gan acmhainn (Dlí Uimh. 153 an 30 Aibreán 1969);

(b)

Pinsin agus liúntais do shibhialtaigh mhíchumasaithe nó d'easláin (Dlí Uimh. 118 an 30 Márta 1971, Dlí Uimh. 18 an 11 Feabhra 1980 agus Dlí Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

(c)

Pinsin agus liúntais do bhodhair agus do bhalbháin (Dlí Uimh. 381 an 26 Bealtaine 1970 agus Dlí Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

(d)

Pinsin agus liúntais do dhaill shibhialtacha (Dlí Uimh. 382 an 27 Bealtaine 1970 agus Dlí Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

(e)

Sochair lena bhforlíontar na pinsin íosta (Dlí Uimh. 218 an 4 Aibreán 1952, Dlí Uimh. 638 an 11 Samhain 1983 agus Dlí Uimh. 407 an 29 Nollaig 1990);

(f)

Sochair lena bhforlíontar liúntais míchumais (Dlí Uimh. 222 an 12 Meitheamh 1984);

(g)

Liúntas sóisialta (Dlí Uimh. 335 an 8 Lúnasa 1995);

(h)

Méadú sóisialta (Airteagal 1(1) agus (12) de Dhlí Uimh. 544 an 29 Nollaig 1988 agus leasuithe ina dhiaidh sin).

AN CHIPIR

(a)

Pinsean Sóisialta (Dlí Pinsin Shóisialta 1995 (Dlí 25(I)/95), arna leasú);

(b)

Liúntas um míchumas trom luaile (Cinneadh Uimh. 38210 ó Chomhairle na nAirí an 16 Deireadh Fómhair 1992, Cinneadh Uimh. 41370 ó Chomhairle na nAirí an 1 Lúnasa 1994, Cinneadh Uimh. 46183 an 11 Meitheamh 1997 agus Cinneadh Uimh. 53675 ó Chomhairle na nAirí an 16 Bealtaine 2001);

(c)

Deontas speisialta do dhaill (Dlí Deontas Speisialta 1996 (Dlí 77(I)/96), arna leasú).

AN LAITVIA

(a)

Sochar Slándála Sóisialta Stáit (Dlí maidir le Sochair Shóisialta an 1 Eanáir 2003);

(b)

Liúntas chun caiteachais iompair do dhaoine míchumasaithe atá faoi mhíchumas luaineachta a chúiteamh (Dlí maidir le Sochair Shóisialta Stáit an 1 Eanáir 2003).

AN LIOTUÁIN

(a)

Pinsean cúnaimh shóisialta (Dlí 2005 maidir le Sochair Cúnaimh Shóisialta Stáit, Airteagal 5);

(b)

Cúiteamh faoisimh (Dlí 2005 maidir le Sochair Cúnaimh Shóisialta Stáit, Airteagal 15);

(c)

Cúiteamh iompair do dhaoine míchumasaithe a bhfuil fadhbanna luaineachta acu (Dlí 2000 maidir le Cúiteamh Iompair, Airteagal 7).

LUCSAMBURG

Ioncam do dhaoine atá faoi mhíchumas trom (Airteagal 1(2), Dlí an 12 Meán Fómhair 2003), cé is moite de dhaoine a dtugtar aitheantas dóibh mar oibrithe míchumasaithe atá fostaithe i margadh príomhshrutha an tsaothair nó i dtimpeallacht dhídeanach.

AN UNGÁIR

(a)

Blianacht easláine (Foraithne Uimh. 83/1987 (XII 27) ó Chomhairle na nAirí maidir le Blianacht Easláine);

(b)

Liúntas seanaoise neamhranníocach (Gníomh III 1993 maidir le Seirbhísí Sóisialta agus Sochair Shóisialta);

(c)

Liúntas Iompair (Foraithne Rialtais Uimh. 164/1995 (XII 27) maidir le Liúntais Iompair do Dhaoine a bhfuil Éislinn Throm Choirp orthu).

MÁLTA

(a)

Liúntas forlíontach (Roinn 73 den Gníomh Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987);

(b)

Pinsean aois (Gníomh Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987).

AN ÍSILTÍR

(a)

An Gníomh um Chúnamh Míchumais do Dhaoine Óga Éislinneacha, an 24 Aibreán 1997 (Wajong);

(b)

Gníomh Sochar Forlíontach an 6 Samhain 1986 (TW).

AN OSTAIR

Forlíonadh cúiteach (Gníomh Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta — ASGV, Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta do dhaoine atá ag gabháil do thrádáil agus do thráchtáil — SVG agus Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta d'fheirmeoirí — BSVG).

AN PHOLAINN

Pinsean sóisialta (Gníomh an 27 Meitheamh 2003 maidir le pinsin shóisialta).

AN PHORTAINGÉIL

(a)

Pinsean seanaoise agus easláine neamhranníocach Stáit (Dlí-Fhoraithne Uimh. 464/80 an 13 Deireadh Fómhair 1980);

(b)

Pinsean neamhranníocach baintrí (Foraithne Rialúcháin Uimh. 52/81 an 11 Samhain 1981);

(c)

Forlíonadh dlúthpháirtíochta do dhaoine scothaosta (Dlí-Fhoraithne Uimh. 232/2005 an 29 Nollaig 2005, arna leasú ag Dlí-Fhoraithne Uimh. 236/2006 an 11 Nollaig 2006).

AN tSLÓIVÉIN

(a)

Pinsean stáit (Gníomh Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999);

(b)

Taca ioncaim do phinsinéirí (Gníomh Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999);

(c)

Liúntas cothabhála (Gníomh Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999).

AN tSLÓVAIC

(a)

Coigeartú a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004 ar phinsin arb iad an t-aon fhoinse ioncaim iad;

(b)

Pinsean sóisialta a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004.

AN FHIONLAINN

(a)

Liúntas tithíochta do phinsinéirí (Gníomh 571/2007 a bhaineann leis an Liúntas Tithíochta do phinsinéirí, 571/2007);

(b)

Taca mhargadh an tsaothair (Gníomh 1290/2002 maidir le Sochair Dífhostaíochta 1290/2002);

(c)

Cúnamh speisialta d'inimircigh (Gníomh 1192/2002 maidir le Cúnamh Speisialta d'Inimircigh, 1192/2002).

AN tSUALAINN

(a)

Forlíonta tithíochta do dhaoine a fhaigheann pinsean (Dlí 2001: 761);

(b)

Taca airgeadais do dhaoine scothaosta (Dlí 2001: 853).

AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Creidmheas Pinsin Stáit (An Gníomh Creidmheasa Pinsin Stáit 2002 agus Gníomh Creidmheasa Pinsin Stáit (Tuaisceart Éireann) 2002);

(b)

Liúntais ioncambhunaithe do chuardaitheoirí post (An Gníomh um Chuardaitheoirí Post 1995 agus an tOrdú um Chuardaitheoirí Post (Tuaisceart Éireann) 1995);

(c)

Taca ioncaim (Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992);

(d)

An chomhpháirt soghluaiseachta den Liúntas Maireachtála faoi Mhíchumas (Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992).’

J.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XI:

‘IARSCRÍBHINN XI

FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM REACHTAÍOCHT NA mBALLSTÁT (Airteagal 51(3), Airteagal 56(1) agus Airteagal 83)

AN BHEILG

Ní hann dóibh

AN BHULGÁIR

Beidh feidhm ag Airteagal 33 de Ghníomh Árachais Sláinte na Bulgáire maidir le gach duine arb í an Bhulgáir an Ballstát atá inniúil ina leith faoi Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán seo.

POBLACHT NA SEICE

Chun baill teaghlaigh a shainiú de réir Airteagal 1(i), folaíonn “céile” freisin páirtithe cláraithe mar a shainmhínítear iad i Gníomh Seiceach Uimh. 115/2006 Coll., maidir le páirtíocht chláraithe.

AN DANMHAIRG

1.

(a)

Chun an pinsean a ríomh faoin “lov om social pension” (an Gníomh Pinsin Shóisialta), measfar gur tréimhsí cónaithe a chuir an céile marthanach i gcrích sa Danmhairg iad tréimhsí gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe a rinne oibrí imeallchríche nó oibrí a chuaigh go dtí an Danmhairg chun obair de chineál séasúrach a dhéanamh a chur i gcrích faoi reachtaíocht na Danmhairg, sa mhéid go raibh nasc an phósta i rith na dtréimhsí sin idir an céile marthanach agus an oibrí thuasluaite, gan cur de leaba ná cur ó chothú, agus gan scaradh de facto ar fhorais neamh-chomhoiriúnachta, agus ar choinníoll go raibh cónaí ar an gcéile, i rith na dtréimhsí sin, i gcríoch Ballstáit eile. Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn “obair de chineál séasúrach” obair a atarlaíonn go huathoibríoch gach bliain toisc go bhfuil sí ag brath ar theacht agus ar imeacht na séasúr.

(b)

Chun críocha an pinsean a ríomh faoin “lov om social pension” (an Gníomh Pinsin Shóisialta), measfar gur tréimhsí cónaithe arna gcur i gcrích ag céile marthanach sa Danmhairg a bheidh i dtréimhsí gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht na Danmhairge roimh an 1 Eanáir 1984 ag duine nach bhfuil feidhm ag pointe 1(a) maidir leis nó léi, a mhéid a bhí nasc an phósta i rith na dtréimhsí sin, idir an céile marthanach agus an duine sin, gan idirscaradh breithiúnach ná scaradh de facto ar fhorais neamhchomhoiriúnachta, agus ar choinníoll go raibh cónaí ar an gcéile, i rith na dtréimhsí sin, i gcríoch Ballstáit eile.

(c)

Tréimhsí a bheidh le cur san áireamh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b), ní chuirfear san áireamh iad má bhíonn siad ar aon tráth leis na tréimhsí a cuireadh san áireamh leis an bpinsean a ríomh a bhí dlite don duine lena mbaineann faoi reachtaíocht árachais éigeantaigh Ballstáit eile nó má bhíonn siad ar aon tráth leis na tréimhsí a bhfuair an duine lena mbaineann pinsean faoin reachtaíocht sin lena linn. Déanfar na tréimhsí sin a chur san áireamh, áfach, más lú méid bliantúil an phinsin ná leath bhunmhéid an phinsin shóisialta.

2.

(a)

D'ainneoin fhorálacha Airteagal 6 den Rialachán seo, daoine nach raibh i bhfostaíocht shochrach i mBallstát amháin nó níos mó, níl siad i dteideal phinsin shóisialta na Danmhairge ach má bhí siad ina gcónaí go buan sa Danmhairg ar feadh trí bliana ar a laghad, faoi réir na dteorainneacha aoise a fhorchuirtear le reachtaíocht na Danmhairge. Faoi réir Airteagal 4 den Rialachán seo, níl feidhm ag Airteagal 7 maidir le pinsean sóisialta Danmhairgeach dá bhfuil teidlíocht faighte ag na daoine sin.

(b)

Níl feidhm ag na forálacha thuasluaite maidir le teidlíocht Danmhargach chun pinsin shóisialta do bhaill teaghlaigh daoine atá nó a bhí fostaithe go sochrach sa Danmhairg, nó do mhic léinn nó do bhaill dá dteaghlaigh.

3.

An sochar sealadach do dhaoine ar tugadh cead isteach dóibh sa scéim ledighedsydelse (scéim na “bpost solúbtha” (Dlí Uimh. 455 an 10 Meitheamh 1997), cumhdaítear é le Teideal III, Caibidil 6 den Rialachán seo. Maidir le daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile, beidh feidhm ag Airteagal 64 agus ag Airteagal 65 nuair a bheidh scéimeanna fostaíochta den tsamhail chéanna ag an mBallstát sin don chatagóir chéanna daoine.

4.

I gcás ina mbeidh duine a thairbhíonn de phinsean sóisialta Danmhairgeach i dteideal pinsin mharthanóra freisin ó Bhallstát eile, measfar chun reachtaíocht na Danmhairge a chur chun feidhme gur sochair den chineál céanna iad na pinsin sin de réir bhrí Airteagal 53(1) den Rialachán seo, faoi réir an choinníll, áfach, go raibh ceart chun pinsin shóisialta Danmhairgigh faighte freisin ag an duine arb iad a thréimhsí árachais nó cónaithe a fheidhmíonn mar bhonn do ríomh an phinsin mharthanóra.

AN GHEARMÁIN

1.

Gan dochar d'Airteagal 5(a) den Rialachán seo agus d'Airteagal 5(4), pointe 1 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), duine a fhaigheann lánphinsean seanaoise faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh sé nó sí a iarraidh go ndéanfaí é nó í a árachú go héigeantach faoi scéim árachais pinsin na Gearmáine.

2.

D'ainneoin Airteagal 5(a) den Rialachán seo agus Airteagal 7(1) agus (3) den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), duine atá árachaithe go héigeantach i mBallstát eile nó a fhaigheann pinsean seanaoise faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh sé nó sí dul isteach sa scéim árachais shaorálaigh sa Ghearmáin.

3.

Chun críche sochair airgid a dheonú faoi § 47(1) de SGB V, § 47(1) de SGB VII agus § 200(2) den Reichsversicherungsordnung do dhaoine árachaithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, i scéimeanna árachais na Gearmáine, ríomhtar an glanphá, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar shochair, amhail is dá mbeadh an duine árachaithe ina chónaí sa Ghearmáin, mura n-iarrfaidh an duine árachaithe measúnú ar bhonn an ghlanphá iarbhír a fhaigheann sé.

4.

Náisiúnaigh de chuid Ballstát eile ar lasmuigh den Ghearmáin a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe agus a chomhlíonann coinníollacha ginearálta scéim árachais pinsin na Gearmáine, ní fhéadfaidh siad ranníocaíochtaí saorálacha a íoc ach má bhí siad árachaithe go saorálach nó go héigeantach i scéim árachais pinsin na Gearmáine tráth éigin roimhe sin; beidh feidhme aige seo freisin maidir le daoine gan stát agus maidir le dídeanaithe arb i mBallstát eile a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe.

5.

Is ag tagairt do thréimhsí na Gearmáine amháin a chinnfear an pauschale Anrechnungszeit (tréimhse shocraithe creidmheasa) de bhun Airteagal 253 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta).

6.

I gcásanna ina mbeidh reachtaíocht pinsin na Gearmáine, a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 1991, infheidhme chun pinsin a atháireamh, ní bheidh feidhm ach ag reachtaíocht na Gearmáine chun tréimhsí ionadacha Gearmánacha (Ersatzzeiten) a chreidiúnú.

7

Reachtaíocht na Gearmáine maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde a bhfuil cúiteamh le déanamh orthu faoin dlí lena rialaítear pinsin eachtracha agus reachtaíocht na Gearmáine maidir le sochair le haghaidh tréimhsí árachais a bhféadfar creidiúnú a dhéanamh orthu faoin dlí lena rialaítear pinsin eachtracha sna críocha a ainmnítear i mír 1(2)(3) den Ghníomh um ghnóthaí daoine díláithrithe agus dídeanaithe (Bundesvertriebenengesetz), leanfaidh sí d'fheidhm a bheith aici faoi raon feidhme an Rialacháin seo, d'ainneoin fhorálacha mhír 2 den Ghníomh um phinsin eachtracha (Fremdrentengesetz).

8.

Chun an méid teoiriciúil dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo a ríomh, i scéimeanna pinsean do ghairmeacha liobrálacha, tógfaidh an institiúid inniúil mar bhonn, i ndáil le gach bliain de na blianta árachais a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile, an mheánteidlíocht bhliantúil phinsin a fuarthas i rith thréimhse ballraíochta na hinstitiúide inniúla trí ranníocaíochtaí a íoc.

AN EASTÓIN

Chun na sochair do thuismitheoirí a ríomh, measfar maidir le tréimhsí fostaíochta i mBallstáit seachas an Eastóin, go mbeidh siad bunaithe ar an meánmhéid céanna Cánach Sóisialta a íocadh i rith na dtréimhsí fostaíochta sin san Eastóin a gcomhshuimítear leo iad. Más rud é, i rith na bliana tagartha, nach raibh an duine fostaithe ach i mBallstáit eile, measfar go mbeidh ríomh an tsochair bunaithe ar mheán na Cánach Sóisialta a íocadh san Eastóin idir an bhliain thagartha agus an tsaoire máithreachais.

ÉIRE

1.

D'ainneoin Airteagal 21(2) agus Airteagal 62 den rialachán seo, chun tuilleamh seachtainiúil ináirithe forordaithe an duine árachaithe a ríomh chun sochar breoiteachta nó sochar dífhostaíochta a dheonú faoi reachtaíocht na hÉireann, creidiúnófar méid is ionann agus meánphá seachtaine daoine fostaithe an bhliain fhorordaithe ábhartha don duine árachaithe sin i leith gach seachtaine gníomhaíochta mar dhuine fostaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile i rith na bliana forordaithe sin.

2.

I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46 den Rialachán seo, má fhulaingíonn duine éagumas chun oibre arb í an easláine an deireadh a bhíonn air, agus é faoi réir reachtaíochta Ballstáit eile, cuirfidh Éire san áireamh, chun críocha Alt 118(1)(a) den Ghníomh Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, aon tréimhsí a mbreathnófaí ar an duine sin, i ndáil leis an easláine a lean an t-éagumas chun oibre, mar dhuine a bheadh éagumasach chun oibre faoi reachtaíocht na hÉireann.

AN GHRÉIG

1.

Tá feidhm ag Dlí Uimh. 1469/84 maidir le cleamhnú saorálach leis an scéim árachais pinsin do náisiúnaigh de chuid na Gréige agus do náisiúnaigh eachtracha de bhunadh na Gréige, maidir le náisiúnaigh Ballstát eile, daoine gan stát agus dídeanaithe, i gcás ina raibh na daoine lena mbaineann, tráth éigin san am a caitheadh, árachaithe go héigeantach nó go saorálach le scéim árachais pinsin na Gréige, beag beann ar a n-áit chónaithe nó fanachta.

2.

Ainneoin Airteagal 5(a) den Rialachán agus Airteagal 34 de Dhlí 1140/1981, duine a fhaigheann pinsean i ndáil le tionóiscí ag an obair nó galair cheirde faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh sé nó sí a iarraidh go ndéanfaí é nó í a árachú go héigeantach faoin reachtaíocht a chuireann OGA i bhfeidhm, a mhéid a bhíonn sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta sin.

AN SPÁINN

1.

Chun críocha Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán a chur chun feidhme, na blianta atá in easnamh ar an oibrí le haghaidh aois an phinsin a bhaint amach nó aois scoir éigeantaigh mar atá leagtha síos faoi Airteagal 31(4) den leagan comhdhlúite den Ley de Clases Pasivas del Estado (An Dlí maidir le Pinsinéirí Stáit), ní chuirfear san áireamh mar bhlianta seirbhíse iarbhír iad ach más rud é go raibh an tairbhí, tráth ar tharla an teagmhas a bhfuil pinsin éagumais nó pinsin bháis dlite ina leith, cumhdaithe ag scéim speisialta na Spáinne do státseirbhísigh nó go raibh gníomhaíocht á feidhmiú aige lena gceanglófaí go mbeadh an duine lena mbaineann áirithe faoi scéim speisialta an Stáit do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha nó don bhreithiúnacht, dá mba rud é gur sa Spáinn a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht.

2.

(a)

Faoi Airteagal 56(1)(c) den Rialachán, déanfar ríomh shochar teoriciúil na Spáinne ar bhonn ranníocaíochtaí iarbhír an duine i rith na mblianta díreach roimh íoc na ranníocaíochta deireanaí le slándáil shóisialta na Spáinne. I gcás, agus an bunmhéid don phinsean á ríomh, go gcaithfear tréimhsí árachais agus/nó cónaithe faoi reachtaíocht Ballstát eile a chur san áireamh, is é an bonn do ranníocaíochtaí sa Spáinn is gaire ó thaobh ama de do na tréimhsí tagartha a úsáidfear do na tréimhsí sin, agus forbairt an innéacs praghsanna do thomhaltóirí á cur san áireamh.

(b)

Méadófar méid an phinsin a fuarthas de réir méid na méaduithe agus na n-athluachálacha a ríomhfar do gach bliain ina dhiaidh sin do phinsin den chineál céanna.

3.

Tréimhsí a cuireadh i gcrích i mBallstáit eile a chaithfear a ríomh sa scéim speisialta do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha agus don riarachán breithiúnach, déileálfar leo, chun críocha Airteagal 56 den Rialachán seo, ar an gcaoi chéanna a dhéileálfar leis na tréimhsí is gaire ó thaobh ama de a raibh cumhdach ann mar státseirbhíseach sa Spáinn.

4.

Na méideanna breise bunaithe ar aois dá dtagraítear sa Dara Foráil Idirthréimhseach den Dlí Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta, beidh siad infheidhme maidir le tairbhithe uile an Rialacháin a raibh ranníocaíochtaí faoina n-ainmneacha acu faoi reachtaíocht na Spáinne roimh an 1 Eanáir 1967; ní fhéadfar, trí Airteagal 5 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, déileáil le tréimhsí árachais a creidiúnaíodh i mBallstát eile roimh an dáta réamhluaite amhail agus dá mba ionann iad agus ranníocaíochtaí a íocadh sa Spáinn, chun na gcríoch seo agus chun na gcríoch seo amháin. Is é an 1 Lúnasa 1970 an dáta a fhreagróidh don 1 Eanáir 1967 le haghaidh na Scéime Speisialta do Mharaithe agus an 1 Aibreán 1968 le haghaidh na Scéime Slándála Sóisialta Speisialta do Ghualmhianadóireacht.

AN FHRAINC

1.

Náisiúnaigh de chuid Ballstát eile ar lasmuigh den Fhrainc a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe agus a chomhlíonann coinníollacha ginearálta scéim árachais pinsin na Fraince, ní fhéadfaidh siad ranníocaíochtaí saorálacha a íoc léi ach amháin má bhí siad árachaithe go saorálach nó go héigeantach i scéim árachais pinsin na Fraince tráth éigin roimhe sin; beidh feidhme aige seo freisin maidir le daoine gan stát agus maidir le dídeanaithe arb i mBallstát eile a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe.

2.

Do dhaoine a bhfuil sochair chomhchineáil á bhfáil acu sa Fhrainc de bhun Airteagal 17, Airteagal 24 nó Airteagal 26 den Rialachán seo a bhfuil cónaí orthu i ranna Haut-Rhin, Bas-Rhin nó Moselle na Fraince, áirítear le sochair chomhchineáil atá á soláthar thar ceann na hinstitiúide de chuid Ballstáit eile a bhfuil freagracht air as a gcostas a iompar sochair a sholáthraítear tríd an scéim ghinearálta árachais breoiteachta agus tríd an scéim fhorlíontach áitiúil árachais sláinte de chuid Alsace-Moselle.

3.

Le reachtaíocht na Fraince atá infheidhme maidir le duine atá ag gabháil nó a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe chun Caibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, áirítear an bhunscéim nó na bunscéimeanna árachais seanaoise agus an scéim fhorlíontach scoir nó na scéimeanna forlíontacha scoir a raibh an duine lena mbaineann faoina réir.

AN IODÁIL

Gan leasú.

AN CHIPIR

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 51 agus Airteagal 61 den Rialachán seo, maidir le haon tréimhse dar tús an 6 Deireadh Fómhair 1980 nó dáta ina dhiaidh sin, cinnfear seachtain árachais faoi reachtaíocht Phoblacht na Cipire tríd an tuilleamh iomlán inárachaithe don tréimhse ábhartha a roinnt ar mhéid seachtainiúil an bhuntuillimh inárachaithe atá infheidhme sa bhliain ábhartha ranníocaíochta, ar choinníoll nach rachaidh líon na seachtainí a chinnfear amhlaidh thar líon na seachtainí féilire sa tréimhse ábhartha.

AN LAITVIA

Gan leasú.

AN LIOTUÁIN

Gan leasú.

LUCSAMBURG

Gan leasú.

AN UNGÁIR

Gan leasú.

MÁLTA

Forálacha speisialta do státseirbhísigh

(a)

Chun críocha Airteagal 49 agus Airteagal 60 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus chun na gcríoch sin amháin, déileálfar mar státseirbhísigh le daoine arna bhfostú faoi Ghníomh na bhFórsaí Armtha (Caibidil 220 de Dhlíthe Mhálta), faoi Ghníomh na bPóilíní (Caibidil 164 de Dhlíthe Mhálta) agus faoi Ghníomh na bPríosún (Caibidil 260 de Dhlíthe Mhálta).

(b)

Pinsin is iníoctha faoi na Gníomhartha thuasluaite agus faoi Reacht na bPinsean (Caibidil 93 de Dhlíthe Mhálta), measfar, chun críocha Airteagal 1(e) den Rialachán, agus chun na gcríoch sin amháin, gur “scéimeanna speisialta do státseirbhísigh iad”.

AN ÍSILTÍR

1.

Árachas cúraim sláinte

(a)

Maidir le teidlíocht do shochair chomhchineáil faoi reachtaíocht na hÍsiltíre, ciallóidh daoine atá i dteideal sochar comhchineáil chun críche chur i bhfeidhm Chaibidil 1 agus Chaibidil 2 de Theideal III den Rialachán seo:

(i)

daoine a bhfuil sé d'oibleagáid orthu faoi Aireagal 2 den Zorgverzekeringswet (An Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte) árachas a bhaint amach faoi árachóir cúraim sláinte, agus

(ii)

a mhéid is nach bhfuil siad san áireamh cheana faoi phointe (i), baill teaghlaigh pearsanra mhíleata ghníomhaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile agus daoine atá ina gcónaí i mBallstát eile agus atá i dteideal faoin Rialachán seo cúram sláinte a fháil ina stát cónaithe agus na costais á seasamh ag an Ísiltír.

(b)

Na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(i), caithfidh siad, i gcomhréir le forálacha an Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte), árachas a bhaint amach le hárachóir cúraim sláinte agus caithfidh na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii) clárú leis an College voor zorgverzekeringen (An Bord um Árachas Cúraim Sláinte).

(c)

Beidh feidhm ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte) agus ag forálacha an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (an Gníomh Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta) i ndáil le dliteanas do ranníocaíochtaí a íoc maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus maidir le baill dá dteaghlaigh. Maidir le baill teaghlaigh, déanfar na ranníocaíochtaí a thobhach ar an duine óna dtagann an ceart chun cúraim sláinte, seachas baill teaghlaigh pearsanra mhíleata atá ina gcónaí i mBallstát eile, a dhéanfar a thobhach go díreach.

(d)

Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte), maidir le hárachas deireanach i gcás clárú deireanach leis an College voor zorgverzekeringen (An Bord um Árachas Cúraim Sláinte) i ndáil leis na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii).

(e)

Daoine atá i dteideal sochar de bhun reachtaíochta Ballstáit seachas an Ísiltír agus a bhfuil cónaí orthu san Ísiltír nó a fhanann go sealadach san Ísiltír, beidh siad i dteideal sochar comhchineáil i gcomhréir leis an mbeartas a thairgeann institiúid na háite cónaithe nó na háite fanachta san Ísiltír do dhaoine árachaithe, agus Airteagal 11(1), (2) agus (3) agus Airteagal 19(1) den Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte) á gcur san áireamh chomh maith leis na sochair chomhchineáil a sholáthraítear leis an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (An Gníomh Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta).

(f)

Chun críocha Airteagal 23 go hAirteagal 30 den Rialachán seo, déileálfar leis na sochair seo a leanas (i dteannta na bpinsean a chumhdaítear le Teideal III, Caibidil 4 agus Caibidil 5 den Rialachán seo) mar phinsin atá dlite faoi reachtaíocht na hÍsiltíre:

pinsin arna ndámhachtain faoi Dhlí an 6 Eanáir 1966 maidir le pinsin do státseirbhísigh agus dá marthanóirí (Algemene burgerlijke pensioenwet) (Gníomh um Pinsin na Státseirbhíse san Ísiltír);

pinsin arna ndámhachtain faoi Dhlí an 6 Deireadh Fómhair 1966 maidir le pinsin do phearsanra mhíleata agus dá marthanóirí (Algemene burgerlijke pensioenwet) (Gníomh na bPinsean Míleata);

sochair le haghaidh éagumais chun oibre arna ndámhachtain faoi Dhlí an 7 Meitheamh 1972 maidir le sochair le haghaidh éagumas chun oibre do phearsanra mhíleata (Wetarbeidsongeschiktheidsvoorziening militairen) (An Gníomh um Éagumas Pearsanra Míleata);

pinsin arna ndámhachtain faoi Dhlí an 15 Feabhra 1967 maidir le pinsin d'fhostaithe an NV Nederlandse Spoorwegen (Cuideachta Iarnróid na hÍsiltíre) agus dá marthanóirí (Spoorwegpensioenwet) (An Gníomh um Pinsin Iarnróid);

pinsin arna ndámhachtain faoin Reglement Dienstvoorwaarden Nederlandse Spoorwegen (Rialachán lena rialaítear coinníollacha fostaíochta Chuideachta Iarnróid na hÍsiltíre);

sochair arna ndámhachtain do dhaoine scortha sular shroich siad aois inphinsin 65 bliain faoi phinsean a dearadh chun ioncam a sholáthar do dhaoine iarfhostaithe agus iad in earr a n-aoise, nó sochar arna soláthar i gcás imeacht anabaí ó mhargadh an tsaothair faoi scéim arna bhunú ag an stát nó le comhaontú tionsclaíoch do dhaoine atá 55 bliana d'aois nó os a chionn;

sochair arna ndámhachtain do phearsanra míleata agus do státseirbhísigh faoi scéim atá infheidhme i gcás iomarcaíochta, aoisliúntais agus luathscoir.

(g)

Chun críocha Chaibidil 1 agus Chaibidil 2 de Theideal III den Rialachán seo, measfar gur sochar breoiteachta airgid é an t-aisíoc cheal éilimh dá bhforáiltear san Ísiltír i gcás go mbaintear úsáid theoranta as áiseanna cúraim sláinte.

2.

Cur i bhfeidhm an Algemene Ouderdomswet (AOW) (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le hárachas ginearálta seanaoise)

(a)

An laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den Algemene Ouderdomswet (AOW) (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le hárachas ginearálta seanaoise), ní chuirfear i bhfeidhm é do mhíonna féilire roimh an 1 Eanáir 1957, le haghaidh faighteora nach gcomhlíonann na coinníollacha le go gcaithfí leis na blianta sin mar thréimhsí árachais, más rud é:

go raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír idir aois a 15 agus aois a 65 dó, nó

gur oibrigh sé nó sí, agus é nó í ina chónaí nó ina cónaí i mBallstát eile, san Ísiltír d'fhostóir a bhí bunaithe san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí i mBallstát eile i rith tréimhsí a mheastar a bheith ina dtréimhsí árachais faoi chóras slándála shóisialta na hÍsiltíre.

De mhaolú ar Airteagal 7 den AOW, aon duine nach raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír de réir na gcoinníollacha thuas ach roimh an 1 Eanáir 1957, measfar é nó í a bheith i dteideal pinsin freisin.

(b)

An laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den AOW, ní chuirfear i bhfeidhm é do bhlianta féilire roimh an 2 Lúnasa 1989 i gcás duine atá pósta nó a bhí pósta ach nach raibh árachaithe faoin reachtaíocht thuasluaithe sna blianta sin, idir aois a 15 nó aois a 65 dó nó di, nuair a bhí cónaí air nó uirthi i gcríoch Ballstáit seachas an Ísiltír, má bhíonn na blianta féilire sin ar aon tráth le tréimhsí a chuir céile an duine sin i gcrích faoin reachtaíocht sin nó le blianta féilire atá le cur san áireamh faoi phointe 2(a), ar chuntar go raibh an lánúin pósta i rith an ama sin.

De mhaolú ar Airteagal 7 den AOW, measfar duine den sórt sin a bheith i dteideal pinsin.

(c)

An laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den AOW, ní chuirfear i bhfeidhm é do mhíonna féilire roimh an 1 Eanáir 1957, do chéile faighteora nach gcomhlíonann na coinníollacha le go gcaithfí leis na blianta sin mar thréimhsí árachais, más rud é:

go raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír idir aois a 15 agus aois a 65 dó, nó

gur oibrigh sé nó sí, agus é nó í ina chónaí nó ina cónaí i mBallstát eile, san Ísiltír d'fhostóir a bhí bunaithe san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí i mBallstát eile i rith tréimhsí a mheastar a bheith ina dtréimhsí árachais faoi chóras slándála shóisialta na hÍsiltíre.

(d)

An laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den AOW, ní chuirfear i bhfeidhm é do bhlianta féilire roimh an 2 Lúnasa 1989 i gcás céile pinsinéara a raibh cónaí air nó uirthi i mBallstát eile seachas an Ísiltír agus nach raibh árachaithe faoin reachtaíocht thuasluaite sna blianta sin, idir aois a 15 nó aois a 65 dó nó di, má bhí na blianta féilire sin ar aon tráth le tréimhsí a chuir an pinsinéir i gcrích faoin reachtaíocht sin nó le blianta féilire atá le cur san áireamh faoi phointe 2(a), ar chuntar go raibh an lánúin pósta i rith an ama sin.

(e)

Ní bheidh feidhm ag pointí 2(a), 2(b), 2(c) ná 2(d) maidir le tréimhsí atá ar aon tráth:

le tréimhsí a fhéadfar a chur san áireamh d'fhonn cearta pinsin a ríomh faoi reachtaíocht um árachas seanaoise de chuid Ballstáit eile seachas an Ísiltír, nó

le tréimhsí ar tharraing an duine lena mbaineann pinsin seanaoise faoin reachtaíocht sin ina leith.

Tréimhsí árachais shaorálaigh faoi chóras Ballstáit eile, ní chuirfear san áireamh iad chun críocha na forála seo.

(f)

Ní bheidh feidhm ag pointí 2(a), 2(b), 2(c) agus 2(d) ach má bhí cónaí ar an duine lena mbaineann i mBallstát amháin nó níos mó ar feadh sé bliana tár éis aois a 59 agus don tréimhse ina bhfuil cónaí ar an duine sin i gceann de na Ballstáit sin agus don tréimhse sin amháin.

(g)

De mhaolú ar Chaibidil IV den AOW, aon duine a raibh cónaí air nó uirthi i mBallstát eile seachas an Ísiltír a bhfuil a chéile nó a céile clúdaithe faoi árachas éigeantach faoin reachtaíocht sin, beidh sé nó sí údaraithe árachas saorálach a fháil faoin reachtaíocht sin do thréimhsí a bhfuil árachas éigeantach ag an gcéile ina leith.

Ní thiocfaidh deireadh leis an údarú sin i gcás ina dtiocfaidh deireadh le hárachas éigeantach an chéile de bharr a bháis nó de bharr a báis agus i gcás nach bhfuil pinsean á fháil ag an marthanóir ach faoin Algemene nabestaandenwet (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir leis an dlí ginearálta i leith cleithiúnaithe marthanacha. (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir leis an dlí ginearálta i leith cleithiúnaithe marthanacha).

I gcás ar bith, tiocfaidh deireadh leis an údarú maidir le hárachas saorálach an dáta a slánóidh an duine 65 bliain.

An ranníocaíocht a bheidh le híoc ar an árachas saorálach, socrófar i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochta d'árachas saorálach faoin ANW. Más rud é áfach, go leanann an t-árachas saorálach as tréimhse árachais dá dtagraítear i bpointe 2(b), socrófar an ranníocaíocht i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d'árachas éigeantach faoin ANW, agus an t-ioncam atá le cur san áireamh á mheas mar ioncam a fuarthas san Ísiltír.

(h)

An t-údarú dá dtagraítear i bpointe 2(g), ní dheonófar é d'aon duine atá árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile maidir le pinsin nó maidir le sochair marthanóirí;

(i)

Aon duine ar mian leis nó léi árachas saorálach a bhaint amach faoi phointe 2(g), ceanglófar air nó uirthi iarratas a chur isteach chuig an mBanc Árachais Shóisialta (Sociale Verzekeringsbank) bliain ar a dhéanaí tar éis an dáta a gcomhlíonfar na coinníollacha rannpháirtíochta.

3.

Cur i bhfeidhm an Algemene nabestaandenwet (ANW) (dlí ginearálta na hÍsiltíre maidir le hárachas do chleithiúnaithe marthanacha)

(a)

I gcás ina mbeidh an céile marthanach i dteideal pinsin mharthanóra faoin Algemene Nabestaandenwet (ANW) (An Gníomh Ginearálta um Ghaolta Marthanacha) de bhun Airteagal 51(3) den Rialacháin, ríomhfar an pinsean sin i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den Rialachán seo.

D'fhonn na forálacha sin a chur i bhfeidhm, measfar gur tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht na hÍsiltíre freisin iad tréimhsí árachais roimh an 1 Deireadh Fómhair 1959, i gcás duine árachaithe, tar éis aois a 15, más rud é:

go raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí, agus é nó í ina chónaí i mBallstát eile, san Ísiltír d'fhostóir atá bunaithe san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí i mBallstát eile i rith tréimhsí a mheastar a bheith ina dtréimhsí árachais faoi chóras slándála shóisialta na hÍsiltíre.

(b)

Ní chuirfear san áireamh tréimhsí atá le cur san áireamh faoi phointe 3(a) agus atá ar aon tráth le tréimhsí árachais éigeantaigh a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith pinsean marthanóirí.

(c)

Chun críocha Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo, ní chuirfear san áireamh mar thréimhsí árachais ach tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht na hÍsiltíre tar éis aois a 15.

(d)

De mhaolú ar Airteagal 63a(1) den ANW, aon duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát eile seachas an Ísiltír agus a bhfuil a chéile nó a céile clúdaithe faoi árachas éigeantach faoin ANW, beidh sé nó sí údaraithe árachas saorálach a fháil faoin reachtaíocht sin, do thréimhsí a bhfuil árachas éigeantach ag an gcéile, ar chuntar go mbeidh an t-árachas tosaithe cheana féin faoidháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Tiocfaidh deireadh leis an údarú sin an dáta a gcríochnóidh árachas éigeantach an chéile faoin ANW, ach má thagann críoch le hárachas éigeantach an chéile de bharr a bháis nó de bharr a báis agus i gcás nach mbeidh pinsean á fháil ag an marthanóir ach faoin ANW.

I gcás ar bith, tiocfaidh deireadh leis an údarú maidir le hárachas saorálach an dáta a slánóidh an duine 65 bliain.

An ranníocaíocht a bheidh le híoc ar an árachas saorálach, socrófar í i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d'árachas saorálach faoin ANW. Más rud é áfach, go leanann an t-árachas saorálach as tréimhse árachais dá dtagraítear i bpointe 2(b), socrófar an ranníocaíocht i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d'árachas éigeantach faoin ANW, agus an t-ioncam atá le cur san áireamh á mheas mar ioncam a fuarthas san Ísiltír.

4.

Cur i bhfeidhm reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le héagumas chun oibre

(a)

I gcás ina mbeidh an duine lena mbaineann i dteideal sochair éagumais de chuid na hÍsiltíre, de bhun Airteagal 51(3) den Rialachán seo, an méid dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo chun an sochar sin a ríomh, cinnfear é:

(i)

i gcás gur chleacht an duine, sular tharla an t-éagumas chun oibre, gníomhaíocht mar dhuine fostaithe den uair dheireanach de réir bhrí Airteagal 1(a) den Rialachán seo:

i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Wet op arbeidsongeschiktheidsverzekering (WAO) (An Gníomh um Éagumas chun Oibre) má tharla an t-éagumas roimh an 1 Eanáir 2004, nó

i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Wet Werk en inkomen naar arbeidsvermogen (WIA) (an Gníomh Oibre agus Ioncaim de réir Cumais Saothair) má tharla an t-éagumas an 1 Eanáir 2004 nó tar éis an dáta sin.

(ii)

i gcás gur chleacht an duine, sular tharla an t-éagumas chun oibre, gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe den uair dheireanach de réir bhrí Airteagal 1(b) den Rialachán seo, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Wet arbeidsongeschiktheidsverzekering zelfstandigen (WAZ) (an Gníomh um Dhaoine Féinfhostaithe agus Éagumas chun Oibre) má tharla an t-éagumas roimh an 1 Lúnasa 2004.

(b)

Agus sochair faoin WAO, nó WIA nó WAZ á ríomh acu, cuirfidh institiúidí na hÍsiltíre a leanas san áireamh:

tréimhsí fostaíochta íoctha, agus tréimhsí a ndéileálfar leo amhlaidh agus a cuireadh i gcrích san Ísiltír roimh an 1 Iúil 1967;

tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoin WAO;

tréimhsí árachais a chuir an duine lena mbaineann i gcrích, tar éis dó nó di aois a 15 dó a shlánú, faoin Algemene Arbeidsongeschiktheidswet (AAW) (an Gníomh Ginearálta um Éagumas chun Oibre), a mhéid nach mbeidh siad ar aon tráth le tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoin WAO;

tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoin WAZ;

tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích faoin WIA;

AN OSTAIR

1.

Chun críocha tréimhsí a fháil san árachas pinsin, measfar go bhfuil freastal ar scoil nó ar bhunaíocht inchomparáide oideachais i mBallstát eile coibhéiseach le freastal ar scoil nó ar bhunaíocht oideachais de bhun Airteagal 227(1)(1) agus Airteagal 228(1)(3) den Allgemeines Sozialversicherungsgesetz (ASVG) (An Gníomh Ginearálta um Shlándáil Shóisialta), Airteagal 116(7) den Gewerbliches Sozialversicherungsgesetz (GSVG) (An Gníomh Cónaidhme um Árachas Sóisialta do Dhaoine atá ag Gabháil do Thrádáil agus do Thráchtáil) agus Airteagal 107(7) den Bauern-Sozialversicherungsgesetz (BSVG) (An Gníomh um Shlándáil Shóisialta d'Fheirmeoirí), nuair ba faoi réir reachtaíocht na hOstaire ag tráth éigin a bhí an duine lena mbaineann ar an bhforas gur chleacht sé nó sí gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, agus go bhfuil na ranníocaíochtaí speisialta íoctha dá bhforáiltear faoi Airteagal 227(3) den ASVG, Airteagal 116(9) den GSVG agus Airteagal 107(9) den BSGV chun tréimhsí oideachais den sórt sin a cheannach.

2.

D'fhonn an sochar pro rata dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo a ríomh, na hincrimintí speisialta do ranníocaíochtaí d'árachas forlíontach agus do shochar forlíontach na mianadóirí faoi reachtaíocht na hOstaire, ní chuirfear san áireamh iad. Sna cásanna sin, an sochar pro rata a ríomhfar d'uireasa na ranníocaíochtaí sin, déanfar é a mhéadú, más iomchuí, le hincrimintí speisialta neamhlaghdaithe do ranníocaíochtaí d'árachas forlíontach agus do shochar forlíontach na mianadóirí.

3.

I gcás, de bhun Airteagal 6 den Rialachán seo, inar cuireadh i gcrích tréimhsí ionadacha faoi scéim árachais phinsin ach nach féidir leo seo a bheith ina mbonn don ríomh de bhun Airteagal 238 agus de bhun Airteagal 239 den Allgemeines Sozialversicherungsgesetz (ASVG) (An Gníomh Ginearálta um Shlándáil Shóisialta), Airteagal 122 agus Airteagal 123 den Gewerbliches Sozialversicherungsgesetz (GSVG) (An Gníomh Cónaidhme um Árachas Sóisialta do Dhaoine atá ag Gabháil do Thrádáil agus do Thráchtáil) agus Airteagal 113 agus Airteagal 114 den Bauern-Sozialversicherungsgesetz (BSVG) (An Gníomh um Shlándáil Shóisialta d'Fheirmeoir), bainfear úsáid as bonn an ríofa do thréimhsí cúraim leanaí de bhua Airteagal 239 den ASVG, Airteagal 123 den GSVG agus Airteagal 114 den BSVG.

AN PHOLAINN

Gan leasú.

AN PHORTAINGÉIL

Gan leasú.

AN RÓMÁIN

Gan leasú.

AN tSLÓIVÉIN

Gan leasú.

AN tSLÓVAIC

Gan leasú.

AN FHIONLAINN

1.

Chun críocha an teidlíocht a chinneadh agus chun méid phinsin náisiúnta na Fionlainne a ríomh faoi Airteagail 52 go hAirteagal 54 den Rialachán seo, na pinsin a fuarthas faoi reachtaíocht Ballstáit eile, déileálfar leo mar a dhéileáiltear le pinsin a fuarthas faoi reachtaíocht na Fionlainne.

2.

Agus Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm chun críocha tuilleamh a ríomh don tréimhse a chreidiúnaítear faoi reachtaíocht na Fionlainne maidir le pinsin tuilleamh-bhainteacha, i gcás ina mbeidh tréimhsí árachais phinsin atá bunaithe ar ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i mBallstát eile ag duine do chuid den tréimhse thagartha faoi reachtaíocht na Fionlainne, measfar gur comhionann tuilleamh na tréimhse tagartha agus suim an tuillimh i rith na coda den tréimhse tagartha san Fhionlainn, arna roinnt ar líon na míonna a raibh tréimhsí árachais ina leith san Fhionlainn i rith na tréimhse tagartha.

AN tSUALAINN

1.

Agus an liúntas um shaoire tuismitheoirí á íoc faoi Airteagal 67 den Rialachán seo le ball teaghlaigh nach bhfuil fostaithe, íoctar an liúntas um shaoire tuismitheoirí ar leibhéal a chomhfhreagraíonn don bhunleibhéal nó don leibhéal is ísle.

2.

Chun críocha an liúntas um shaoire tuismitheoirí a ríomh i gcomhréir le Caibidil 4, mír 6 den Lag (1962:381) om allmän försäkring (An Gníomh um Árachas Náisiúnta) do dhaoine atá i dteideal liúntais um shaoire tuismitheoirí obair-bhunaithe, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

I gcás tuismitheora a fhaigheann sochar breoiteachta a ghineann ioncam agus a ríomhtar ar bhonn ioncaim ó fhostaíocht shochrach sa tSualainn, sásófar an ceanglas go mbeifear árachaithe do shochar breoiteachta thar an leibhéal íosta ar feadh 240 lá leanúnacha ar a laghad roimh bhreith an pháiste má bhí ioncaim ag an tuismitheoir, i rith na tréimhse thuasluaite, ó fhostaíocht shochrach i mBallstát eile a chomhfhreagraíonn le hárachas atá thar an leibhéal íosta.

3.

Forálacha an Rialacháin seo maidir le comhshuimiú tréimhsí árachais agus tréimhsí cónaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le forálacha idirthréimhseacha reachtaíocht na Sualainne maidir le teidlíocht don phinsean rathaíochta do dhaoine a saolaíodh i 1937 nó roimhe sin a raibh cónaí orthu sa tSualainn ar feadh tréimhse a shonraítear, roimh dóibh iarratas a dhéanamh ar phinsean (Gníomh 2000:798).

4.

Chun críocha ioncam a ríomh do chúiteamh breoiteachta barúlach agus ioncam-bhainteach agus do chúiteamh ar ghníomhaíochtaí ioncam-bhainteacha i gcomhréir le Caibidil 8, mír 6 den Lag (1962:381) om allmän försäkring (An Gníomh um Árachas Náisiúnta), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina raibh an duine árachaithe, i rith na tréimhse tagartha, faoi réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó Ballstát de bharr gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, measfar go bhfuil an t-ioncam sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann coibhéiseach le meán-ollioncam an duine árachaithe sa tSualainn i rith na coda den tréimhse thagartha sa tSualainn, agus é sin á ríomh trí thuilleamh sa tSualainn a roinnt ar líon na mblianta inar fabhraíodh an tuilleamh sin;

(b)

i gcás ina ríomhfar na sochair de bhun Airteagal 46 den Rialachán seo agus nach bhfuil na daoine árachaithe sa tSualainn, cinnfear an tréimhse thagartha i gcomhréir le Caibidil 8, mír 2 agus mír 8 den Ghníomh thuasluaite amhail agus dá mba dhuine árachaithe sa tSualainn an duine lena mbaineann. Mura mbeidh aon ioncam a ghineann pinsean ag an duine lena mbaineann i rith na tréimhse sin faoin nGníomh um Phinsin Seanaoise Ioncam-Bhunaithe (1998:674), ceadófar go rithfidh an tréimhse thagartha ón pointe ama is luaithe ná sin a raibh ioncam ó ghníomhaíocht shochrach ag an duine árachaithe sa tSualainn.

5.

(a)

Chun críocha sócmhainní barúlacha pinsin a ríomh don phinsean marthanóirí ioncam-bhunaithe (AnGníomh 2000:461), mura gcomhlíonfar ceanglas reachtaíocht na Sualainne i leith teidlíochta pinsin do thrí cinn ar a laghad de na cúig bliana féilire díreach roimh bhás an duine árachaithe (an tréimhse thagartha), cuirfear san áireamh tréimhsí árachais a cuireadh i gcrích i mBallstáit eile freisin, amhail agus dá mba sa tSualainn a cuireadh i gcrích iad. Breathnófar ar thréimhsí árachais i mBallstáit eile mar thréimhsí atá bunaithe ar mheán-bhonn pinsean na Sualainne. Mura bhfuil ach aon bhliain amháin le bonn pinsin sa tSualainn ag an duine lena mbaineann, measfar gurb é an méid céanna atá i ngach tréimhse árachais i mBallstát eile.

(b)

Chun críocha creidmheasanna barúlacha pinsin a ríomh don phinsin baintrí a bhaineann le báis a tharla an 1 Eanáir 2003 nó tar éis an dáta sin, mura gcomhlíontar an ceanglas atá i reachtaíocht na Sualainne i leith creidmheasanna pinsin i leith dhá bhliain ar a laghad as na ceithre bliana díreach roimh bhás an duine árachaithe (an tréimhse thagartha) agus gur cuireadh tréimhsí árachais i gcrích i mBallstát eile, breathnófar ar na blianta sin mar bhlianta atá bunaithe ar na creidmheasanna pinsin chéanna atá i gceist don bhliain Shualannach.

AN RÍOCHT AONTAITHE

1.

I gcás, i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, go bhféadfaidh duine a bheith i dteideal pinsin scoir:

(a)

má chuirtear ranníocaíochtaí iarchéile san áireamh amhail agus dá mba ranníocaíochtaí an duine féin iad; nó

(b)

má chomhlíonann céile nó iarchéile an duine sin na coinníollacha ábhartha um ranníocaíochtaí, ar chuntar, i ngach cás, go bhfuil nó go raibh an céile nó an t-iarchéile ag cleachtadh gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, agus go raibh sé nó sí faoi réir reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, beidh feidhm ag forálacha Caibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo d'fhonn an teidlíocht faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a chinneadh. Sa chás sin, déanfar na tagairtí sa Chaibidil 5 thuasluaite do “thréimhsí árachais” a fhorléirliú mar thagairtí do thréimhsí árachais a chuir na daoine seo a leanas i gcrích:

(i)

céile nó iarchéile i gcás ina bhfuil éileamh á dhéanamh ag:

bean phósta, nó

duine ar tháinig deireadh lena phósadh nó lena pósadh ar chúis eile seachas trí bhás a chéile nó trí bhás a céile, nó

(ii)

iarchéile, i gcás ina bhfuil éileamh á dhéanamh ag:

baintreach fir nach bhfuil i dteideal liúntais tuismitheora baintrí díreach roimh dó aois inphinsin a bhaint amach, nó

baintreach nach bhfuil i dteideal liúntais máthar baintrí, liúntais tuismitheora baintrí nó pinsin baintrí, díreach roimh di aois inphinsin a bhaint amach nó nach bhfuil teidlíocht aige nó aici ach ar phinsean aois-bhainteach baintrí arna ríomh de bhun Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo, agus chun na críche sin ciallaíonn “pinsean aois-bhainteach baintrí” pinsean baintrí atá iníoctha ar ráta laghdaithe i gcomhréir le hAlt 39(4) den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992.

2.

Chun críocha Airteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na forálacha lena rialaítear teidlíocht chun liúntais freastail, chun liúntais cúramóra agus chun liúntais maireachtála éagumais, cuirfear san áireamh tréimhse fostaíochta, féinfhostaíochta nó chónaithe a cuireadh i gcrích i gcríoch Ballstáit eile seachas an Ríocht Aontaithe, a mhéid is gá chun coinníollacha a chomhlíonadh maidir le tréimhsí láithreachta a cheanglaítear sa Ríocht Aontaithe roimh an lá a ardaítear den chéad uair ceist na teidlíochta don sochar lena mbaineann.

3.

Chun críocha Airteagal 7 den Rialachán seo, i gcás sochar airgid easláine, seanaoise nó marthanóirí, pinsean le haghaidh tionóiscí ag an obair nó galar ceirde agus deontas báis, aon tairbhí faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe atá ag fanacht i gcríoch Ballstáit eile, measfar é, i rith na tréimhse sin, amhail agus dá mba ina chónaí i gcríoch an Bhallstáit eile sin a bhí sé nó sí.

4.

I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46 den Rialachán seo, más duine é an duine lena mbaineann a bhfuil éagumas chun oibre air agus easláine mar thoradh air sin agus é faoi réir reachtaíocht Ballstáit eile, cuirfidh an Ríocht Aontaithe san áireamh, chun críocha Roinn 30A (5) den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, aon tréimhsí ina bhfuair an duine lena mbaineann, i ndáil leis an éagumas oibre sin:

(i)

sochair airgid breoiteachta nó pá nó tuarastal in áit na sochar sin, nó

(ii)

sochair de réir bhrí Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo a deonaíodh i ndáil leis an easláine a d'éirigh as an éagumas oibre sin, faoi reachtaíocht an Bhallstáit eile, amhail agus dá mba thréimhsí sochair éagumais ghearrthéarmaigh iad a íocadh i gcomhréir le hAlt 30A (1)-(4) den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992.

Agus an fhoráil sin á cur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh ach tréimhsí ina mbeadh an duine éagumasach chun oibre de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe.

5.

(1)

Chun críche fachtóir tuillimh a ríomh d'fhonn teidlíocht chun sochar faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a chinneadh, measfar, do gach seachtain den ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile agus a thosaigh i rith na bliana cánach ábhartha de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, gur íoc an duine lena mbaineann ranníocaíochtaí mar shaothraí fostaithe, nó go raibh tuilleamh aige nó aici ar íocadh ranníocaíochtaí ina leith, ar bhonn tuillimh ar coibhéiseach é le dhá thrian den uasteorainn tuillimh don bhliain sin.

(2)

Chun críocha Airteagal 52(1)(b)(ii) den Rialachán seo, i gcás:

(a)

in aon bhliain chánach ioncaim dar tosach an 6 Aibreán 1975 nó tar éis an dáta sin, inar chuir duine a ghníomhaíonn mar dhuine fostaithe tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe i gcrích go heisiach i mBallstát eile seachas an Ríocht Aontaithe, agus gurb é atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm phointe 5(1) thuas go n-áirítear an bhliain sin mar bhliain cháilitheach de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe chun críocha Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo, measfar go raibh sé árachaithe ar feadh 52 seachtaine sa bhliain sin sa Bhallstát eile sin;

(b)

nach n-áirítear bliain chánach ioncaim dar tosach an 6 Aibreán 1975 nó tar éis an dáta sin mar bhliain cháilitheach de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe chun críocha Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo, ní chuirfear san áireamh an bhliain sin.

(3)

Chun críocha fachtóir tuillimh a thiontú i dtréimhsí árachais, roinnfear an fachtóir tuillimh a baineadh amach sa bhliain ábhartha chánach ioncaim de réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ar íosteorainn tuillimh na bliana sin. Sloinnfear an toradh mar shlánuimhir, neamhaird á déanamh d'aon chodáin a bheadh ann. An figiúr a ríomhfar amhlaidh/mar sin, glacfar leis mar líon na seachtainí árachais a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe i rith na bliana sin, ar choinníoll nach sáróidh an figiúr sin líon na seachtainí ina raibh an duine sin faoi réir na reachtaíochta sin sa bhliain sin.’


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 29 Aibreán 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1) maidir le comhordú córas slándála sóisialta (dá ngairfear anseo feasta an ‘bun-Rialachán’) atá ceaptha ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (2) a ghabháil.

Tá Iarscríbhinní sa bhun-Rialachán ina bhfuil forálacha maidir le Ballstáit aonair. Ní raibh cinneadh déanta faoi inneachar cuid de na hiarscríbhinní seo tráth ar glacadh an Rialachán. Foráiltear, dá bhrí sin, leis an mbun-Rialachán, maidir le hinneachar Iarscríbhinn II (forálacha na gcoinbhinsiún a leanann de bheith i bhfeidhm), Iarscríbhinn X (sochair speisialta neamhranníocacha airgid) agus Iarscríbhinn XI (forálacha speisialta maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht na mBallstát), a fágadh folamh, gur cheart é seo a chinneadh roimh an dáta a ndéanfar an Rialachán a chur i bhfeidhm.

Ba ghá oiriúnú a dhéanamh ar chuid de na hIarscríbhinní chun go gcuirfí san áireamh riachtanais na mBallstát a d'aontaigh don Aontas Eorpach ó glacadh an Rialachán agus na forbairtí is deireanaí a rinneadh i mBallstáit eile.

Ba é seo an cuspóir a bhí ag an dá thogra le haghaidh Rialacháin a thíolaic an Coimisiún an 24 Eanáir 2006 agus an 3 Iúil 2007 faoi seach:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus lena gcinntear inneachar Iarscríbhinn XI;

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta.

Tá an dá thogra bunaithe ar Airteagal 42 agus ar Airteagal 308 den Chonradh.

Ag gníomhú di i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, ghlac Parlaimint na hEorpa, an 9 Iúil 2008, aon Tuairim aonair ar an gcéad léamh a raibh 77 leasú inti ar an togra le haghaidh Rialacháin lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar Iarscríbhinn XI (3). Mheas sí go raibh an nós imeachta maidir leis an dara togra imithe as feidhm de bharr gur ionchorpraíodh inneachar an togra sin sa nós imeachta maidir leis an gcéad togra.

Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairimí an 26 Deireadh Fómhair 2006 (4).

Thíolaic an Coimisiún a thograí leasaithe an 15 Deireadh Fómhair 2008. Aithnítear leis na tograí leasaithe gur cumascadh an dá thogra bhunaidh in aon téacs aonair amháin, agus leasú 1 ó Pharlaimint na hEorpa á chur san áireamh. Ghlac an Coimisiún leis na leasuithe uile a ghlac Parlaimint na hEorpa.

I gcomhréir le hAirteagal 251(2) de Chonradh CE, ghlac an Chomhairle a Comhsheasamh d'aon toil an 17 Nollaig 2008. Baineann an Comhsheasamh freisin leis an dá thogra bhunaidh a cumascadh ina dtéacs aonair amháin.

II.   CUSPÓIR

Cé go bhforáiltear leis an togra le haghaidh Rialacháin cur chun feidhme do rialacha cothrománacha, foráiltear leis an Rialachán lena gcinntear inneachar Iarscríbhinn XI, i dtaca leis féin de, d'fhorálacha forlíontacha maidir le gnéithe sonracha de reachtaíocht Bhallstát aonair, d'fhonn a chinntiú go ndéanfar an bun-Rialachán a chur i bhfeidhm i gceart sna Ballstáit lena mbaineann. I gcomhréir le cuspóir ginearálta an tsimplithe, is lú iontrálacha atá sa togra ná mar atá in Iarscríbhinn chomhfhreagrach VI a ghabhann le Rialachán reatha (CEE) Uimh. 1408/71.

Maidir le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán 883/2004, a fágadh folamh, tá forálacha coibhéiseacha acu in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán 1408/71. Maidir leis an gcuid eile de na hIarscríbhinní atá á leasú leis an togra seo, tá forálacha iontu cheana i leith roinnt mhaith Ballstát, ach theastódh iad a chomhlánú chun na Ballstáit a d'aontaigh don AE tar éis an 29 Aibreán 2004 a chur san áireamh. Tá forálacha coibhéiseacha ag roinnt de na hIarscríbhinní seo i Rialachán 1408/71 freisin. Níl feidhm ag Iarscríbhinn I Cuid 1 (airleacain i leith íocaíochtaí cothabhála) agus Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV (rialacha speisialta maidir le sochair chúraim sláinte), áfach, ach maidir le Rialachán Uimh. 883/2004.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

1.   Barúlacha ginearálta:

(a)   An togra leasaithe ón gCoimisiún

Ghlac Parlaimint na hEorpa 77 leasú ar an togra ón gCoimisiún. Ionchorpraíodh na leasuithe sin uile, ina n-iomláine, i bpáirt nó tar éis friotal nua a chur orthu, sna tograí leasaithe ón gCoimisiún (leasuithe Uimh. 1-5, 7-11, 13-24 agus 26-78 rev).

(b)   An Comhsheasamh ón gComhairle:

D'fhéadfadh an Chomhairle glacadh le 70 de na 77 leasú, arna n-ionchorpú go hiomlán nó go páirteach sa togra leasaithe ón gCoimisiún, eadhon leasuithe Uimh. 1-5, 7, 8, 10, 13-19, 21, 22 agus 25-77.

Níor mheas an Chomhairle, áfach, go raibh sé inmholta leasuithe Uimh. 6, 11, 12, 20, 23, 24 ná 78 rev. a thógáil ar láimh. Fairis sin, cé gur aontaigh an Chomhairle le substaint leasú 9 maidir leis an sainmhíniú ar ‘sochair chomhchineáil’, mheas sí gur cheart an sainmhíniú a shoiléiriú tuilleadh (Airteagal 1(3)(va) den Chomhsheasamh).

2.   Seasamh na Comhairle maidir le leasú 20 agus maidir le leasuithe eile a bhaineann leis:

Baineann an cheist seo leis an gceart atá ag baill de theaghlach oibrí teorann cúram sláinte a fháil sa Bhallstát a raibh an t-oibrí fostaithe ann faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha atá infheidhme maidir leis/maidir léi.

Foráiltear le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán go mbeidh ‘baill teaghlaigh de chuid oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil le linn a bhfanachta sa Bhallstát inniúil, mura liostaítear an Ballstát seo in Iarscríbhinn III’. In Iarscríbhinn III den bhun-Rialachán liostaítear na seacht mBallstát a chuireann srian ar na cearta chun sochar comhchineáil do bhaill de theaghlach oibrí teorann.

Luaitear i leasú 20 ó Pharlaimint na hEorpa (a bhfuil dlúthbhaint aige le leasú 6, le leasú 11 agus le leasú 12) gur cheart mír nua 10a a chur isteach in Airteagal 87 den bhun-Rialachán lena bhforálfaí go n-aisghairfí ‘Iarscríbhinn III 5 bliana tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán a chur i bhfeidhm’.

Chinn sé ar an gComhairle teacht ar chomhaontú d'aon toil maidir leis an leasú seo, toisc gur chuir cúig cinn de thoscaireachtaí ina aghaidh. Measann na toscaireachtaí sin, mar cheist prionsabail, nár cheart an fhoráil a leagtar amach in Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán a chur i mbaol, go háirithe i bhfianaise na heaspa taithí atá ann maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin nua. Déarfaidís go láidir nár cheart athrú a dhéanamh ar an gcomhréiteach íogair a glacadh i Rialachán Uimh. 883/2004 agus a raibh láimh mhór ag an bParlaimint ann. Sula ndéanfaidís aon bheart eile, b'fhearr leo gan méadú a chur ar na cearta atá ag baill de theaghlaigh oibrithe trasteorann maidir le cúram sláinte, thar an méid dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) 1408/71 mar, dar leosan, is cinneadh roimh an am a bheadh i gcinneadh a ghlacfaí, ag an bpointe seo, Iarscríbhinn III a aisghairm tar éis tréimhse 5 bliana.

Murab ionann agus iadsan, d'fhéadfadh na toscaireachtaí eile uile glacadh leis an leasú seo de ghrá an chomhréitigh. Thairis sin, bhí dearcadh níos solúbtha fós ag toscaireachtaí sé cinn de na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhsheasamh, agus d'fhéadfaidís glacadh le haisghairm Iarscríbhinn III tar éis tréimhse ceithre bliana. Sa chomhthéacs sin, rinne toscaireacht na hIodáile, nach raibh glacadh aici le leasú 24 toisc gur mheas sí gur ghá iontráil a bheith aici in Iarscríbhinn III, seasamh comhréitigh a ghlacadh maidir le leasú 20 toisc gur ghlac sí leis go ndéanfaí teorainn ceithre bliana a chur le tréimhse bailíochta a hiontrála.

Ó tharla gur mar sin a bhí, agus ag cuimhneamh gur ceist mhór í an cheist seo ag Parlaimint na hEorpa, thángthas, ar deireadh, ar chomhréiteach d'aon toil a ndéanfaí an méid seo a leanas dá réir:

Leasófaí Airteagal 18(2) agus Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán chun go bhforálfaí go ndéanfaí athbhreithniú ar Iarscríbhinn III 5 bliana tar éis an dáta a ndéanfaí é a chur i bhfeidhm, agus

Chuirfí mír nua (10a) le hAirteagal 87 den bhun-Rialachán chun go bhforálfaí go mbeadh teorainn 4 bliana le tréimhse bailíochta iontrálacha Ballstát áirithe in Iarscríbhinn III.

Measann an Chomhairle gur réalaíoch agus gur cothrom an réiteach é sin agus gur léir go bhfuil sé ar aon dul leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa. Tá súil aici go mbeidh an Pharlaimint in ann glacadh leis.

3.   Seasamh na Comhairle maidir le leasú 23

Baineann leasú 23 le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an mbun-Rialachán (Forálacha na gCoinbhinsiún a leanfaidh de bheidh i bhfeidhm agus a bheidh teoranta, i gcás inarb infheidhme, do na daoine a chumhdaítear leo). I bpointe 36 den Iarscríbhinn sin, faoin iontráil ‘An Phortaingéil-an Ríocht Aontaithe’, tá tagairt á cur isteach ag an bParlaimint d'Airteagal 2(1) do Phrótacal an 15 Samhain 1978 maidir le cóir leighis, a chumhdaítear cheana féin le hIarscríbhinn III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle.

Níl an Prótacal seo in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhsheasamh ón gComhairle ó tharla gur thug an dá Bhallstát lena mbaineann le fios gur chinn siad gan Airteagal 2(1) den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Meán Fómhair 2008.

4.   Seasamh na Comhairle maidir le leasú 78 rev

Is éard a chuireann leasú 78 rev roimhe, inter alia, an iontráil ‘an Iodáil’ atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbun-Rialachán lena bhforáiltear go ndéanfaidh na Ballstáit a liostaítear san Iarscríbhinn sin tuilleadh ceart a sholáthar do phinsinéirí a bheidh ag filleadh ar an mBallstát inniúil (Airteagal 27(2) den bhun-Rialachán). A mhéid a bhaineann leis an iontráil seo, ní raibh glacadh ag an gComhairle leis an leasú seo, agus í ag gníomhú ar bhonn na haontoilíochta.

Tar éis an bun-Rialachán a ghlacadh, rinne údaráis inniúla na hIodáile athbhreithniú ar a seasamh agus b'fhearr leo, i láthair na huaire, gan cearta breise a thabhairt do phinsinéirí. Mar gheall ar an gcor nua sin sa scéal, mhol an Coimisiún, sa bhuntogra uaidh lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 883/2004, gur cheart go scriosfaí an iontráil ‘an Iodáil’ as Iarscríbhinn IV. D'fhéadfadh toscaireacht na hIodáile teacht leis an togra ón gCoimisiún.

Tá glactha ag an gCoimisiún leis an gComhsheasamh a d'aontaigh an Chomhairle.

5.   Barúlacha sonracha

Mheas an Chomhairle gur ghá na hathruithe seo a leanas a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún:

Airteagal 15 den bhun-Rialachán: cuireadh ‘foireann chonarthach’ in ionad ‘foireann chúnta’ sa Chomhsheasamh i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne;

In Airteagal 36(1) den bhun-Rialachán: mheas an Chomhairle gur ghá a fhoráil go mbeadh feidhm freisin ag Airteagal 17, Airteagal 18(1), Airteagal 19(1) agus ag Airteagal 20(1) maidir le sochair a bhaineann le tionóiscí ag an obair nó a bhaineann le galair cheirde;

Ina theannta sin, ba é an tuairim a bhí ag an gComhairle gur cheart mír nua 2a a chur le hAirteagal 36 den bhun-Rialachán chun go gcuimseofaí an prionsabal a leagtar amach in Airteagal 33 den togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme;

In Airteagal 87(8) den bhun-Rialachán: mheas an Chomhairle gur ghá mír nua a chur in ionad mhír 8 mar atá chun an uastréimhse a shonrú ar lena linn a bheidh duine faoi réir reachtaíochta Ballstáit seachas an reachtaíocht a chinnfear i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CCE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle.

IV.   CONCLÚID

Is mór ag an gComhairle go ndearnadh an oiread sin cur le chéile i bParlaimint na hEorpa agus an chéad léamh á dhéanamh ar an ngné shuntasach seo den reachtaíocht choimhdeach, rud a chuir ar chumas an dá institiúid an-srian a chur ar scóip an easaontais a d'fhéadfadh a bheith ann.

Is mór ag an gComhairle, go háirithe, an tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar Iarscríbhinn XI, a chumasc leis an togra lena leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin.

Measann sí go bhfuil a Comhsheasamh ar aon dul, a bheag nó a mhór, leis na ceisteanna a tharraing an Pharlaimint anuas mar údair imní.

Tá sí ag tnúth go mór le tuilleadh den phlé cuiditheach seo a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, ionas go dtiocfar a thúisce is féidir ar chomhaontú deiridh maidir leis an reachtaíocht chomhlántach seo, ó tharla gurb é an leas sáraitheach go dtiocfadh an pacáiste iomlán de rialacha nua maidir le nuachóiriú agus maidir le simpliú ar chomhordú na gcóras slándála sóisialta i bhfeidhm go luath.


(1)  IO L 166, 30.4.2004, leagan ceartaithe in IO L 200, 7.6.2004, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar dhaoine fostaithe, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar bhaill dá dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh laistigh den Chomhphobal, IO L 149, 5.7.1971, lch. 2. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1992/2006 (IO L 392, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(4)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 61.


10.2.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/30


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 2/2009

a ghlac an Chomhairle an 18 Nollaig 2008

chun go nglacfaí Rialachán …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2009/C 33 E/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, is féidir iarmhair leigheasra de tháirgí iocshláinte tréidliachta a bhrath i mbia-ábhair ag leibhéil is ísle ná riamh.

(2)

Chun sláinte an duine a chosaint, ba cheart uasteorainneacha na n-iarmhar a bhunú i gcomhréir le prionsabail an mheasúnaithe sábháilteachta a bhfuil aitheantas ginearálta acu, agus rioscaí tocsaineolaíochta agus éilliú an chomhshaoil á gcur san áireamh, mar aon leis na héifeachtaí micribhitheolaíochta agus cógaseolaíochta a bhaineann le hiarmhair. Aon mheasúnaithe eolaíocha eile ar shábháilteacht na substaintí lena mbaineann, arna gcur i gcrích ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhlachtaí eolaíochta a bhunaítear laistigh den Chomhphobal, ba cheart iad a chur san áireamh freisin.

(3)

Baineann an Rialachán seo go díreach leis an tsláinte phoiblí agus tá sé ábhartha d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh. Is gá, dá bhrí sin, uasteorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair éagsúla de thionscnamh ainmhíoch, lena n-áirítear feoil, iasc, bainne, uibheacha agus mil.

(4)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (3), tugadh isteach nósanna imeachta Comhphobail chun sábháilteacht iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a mheas i gcomhréir le ceanglais sábháilteachta an bhia don duine. Ní fhéadfar substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a úsáid i mbia-ainmhithe ach má mheasúnaítear go fabhrach í. Bunaítear uasteorainneacha d'iarmhair ón substaint i gcás in a meastar é sin a bheith riachtanach chun sláinte an duine a chosaint.

(5)

Le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir le Cód an Choimisiúin i ndáil le táirgí íocshláinte tréidliachta (4), foráiltear nach bhféadfar táirgí íocshláinte tréidliachta a údarú nó a úsáid i mbia-ainmhithe ach i gcás inar measadh na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de iontu a bheith slán de réir Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90. Thairis sin, tá rialacha sa Treoir sin maidir le doiciméadú na húsáide, athainmniú (‘úsáid seachlipéid’), ordú agus dáileadh na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a bheartaítear a úsáid i mbia-ainmhithe.

(6)

I bhfianaise an Rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2001 (5) maidir le hinfhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta, agus i bhfianaise chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin a rinneadh in 2004 agus a mheasúnú ar an taithí a fuarthas, is léir gur gá na nósanna imeachta maidir le socrú uasteorainneacha na n-iarmhar a mhodhnú, ach gur gá an córas iomlán trína socraítear na teorainneacha sin a choinneáil ar bun.

(7)

Na huasteorainneacha i leith iarmhar, is pointí tagartha iad do bhunú, i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE, na dtréimhsí aistarraingthe d'údaruithe margaíochta i gcomhair táirgí íocshláinte tréidliachta atá le húsáid i mbia-ainmhithe agus is pointí tagartha iad freisin do rialú ar iarmhair i mbia de thionscnamh ainmhíoch sna Ballstáit agus ag poist cigireachta ar na teorainneacha chomh maith.

(8)

Le Treoir 96/22/CE an 29 Aibreáin 1996 ón gComhairle maidir leis an toirmeasc ar úsáid substaintí áirithe a bhfuil gníomhú hormónach nó tíorastatach acu agus ar úsáid béite-agónaithe, i dtógáil stoic (6), cuirtear toirmeasc ar úsáid substaintí áirithe chun críocha sonracha i mbia-ainmhithe. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon reachtaíocht Chomhphobail lena dtoirmisctear substaintí áirithe ina bhfuil gníomhaíocht hormónach a úsáid i mbia-ainmhithe.

(9)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail le haghaidh ábhar salaithe i mbia (7), leagtar síos rialacha sonracha le haghaidh substaintí nach ann dóibh de bharr a riartha d'aon ghnó. Níor cheart go mbeadh na substaintí sin faoi réir reachtaíochta maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar.

(10)

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanair 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (8), leagtar síos réim do reachtaíocht bia ar leibhéal an Chomhphobail agus foráiltear do shainmhínithe sa réimse sin. Is iomchuí go mbeidh feidhm ag na sainmhínithe sin chun críocha reachtaíochta maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar.

(11)

Le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe a áirithiú (9), leagtar síos rialacha ginearálta do rialú bia sa Chomhphobal agus foráiltear do shainmhínithe sa réimse sin. Is iomchuí go mbeidh feidhm ag na rialacha agus ag na sainmhínithe sin chun críocha reachtaíochta maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d'aimsiú úsáide neamhdhleathaí substaintí agus ba cheart cuid de na samplaí a roghnú de réir chur chuige riosca-bhunaithe.

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, (10) cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) comhairle a thabhairt maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar do tháirgí íocshláinte tréidliachta a bheidh inghlactha i mbia de thionscnamh ainmhíoch.

(13)

Ba cheart uasteorainneacha na n-iarmhar a shocrú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de nó a bheartaítear a úsáid i dtáirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar an margadh sa Chomhphobal.

(14)

De réir an chomhairliúcháin phoiblí, agus i bhfianaise nár údaraíodh ach líon beag táirgí íocshláinte tréidliachta do bhia-ainmhithe le blianta beaga anuas, dhealródh sé gurb é an toradh atá ar Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 nach bhfuil na táirgí íocshláinte sin ar fáil chomh réidh sin.

(15)

Chun sláinte agus leas na n-ainmhithe a áirithiú, tá sé riachtanach go mbeidh táirgí íocshláinte tréidliachta ar fáil chun riochtaí sonracha galar a chóireáil. Thairis sin, b'fhéidir gurbh é an toradh a bheadh ar thearc-infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta do chóireáil shonrach do speiceas sonrach go mbainfí mí-úsáid nó úsáid neamhdhleathach as substaintí.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, go modhnófaí an córas a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 d'fhonn infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta do bhia-ainmhithe a mhéadú. Chun an cuspóir sin a chur i gcrích, ba cheart go bhforálfaí go bhféadfadh an Ghníomhaireacht breithniú córasach a dhéanamh ar uasteorainn na n-iarmhar a bunaíodh do speiceas nó do bhia-ábhar amháin a úsáid do speiceas nó do bhia-ábhar eile. I dtaca leis seo, ba cheart go gcuirfí leordhóthanacht na bhfachtóirí sábháilteachta atá sa chóras cheana san áireamh chun a áirithiú nach ndéanfar dochar do shábháilteacht bia ná do leas na n-ainmhithe.

(17)

Aithnítear i gcásanna áirithe, nach féidir, le measúnuithe eolaíocha riosca amháin, an fhaisnéis go léir a sholáthar ar uirthi ba cheart cinntí i leith an bhainistithe riosca a bhunú agus gur dlisteanach fachtóirí eile atá ábhartha don ábhar atá á mheas a chur san áireamh, lena n-áirítear na gnéithe teicneolaíocha den táirgeadh bia agus indéantacht na rialuithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, tuairim a thabhairt ar mheasúnú eolaíoch riosca agus moltaí a thabhairt maidir le bainistiú riosca na n-iarmhar ó shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de.

(18)

Tá gá le rialacha mionsonraithe maidir le formáid na n-iarratas agus a mbeidh iontu chun uasteorainneacha na n-iarmhar a bhunú agus maidir le prionsabail mhodheolaíochta an mheasúnaithe riosca agus maidir le moltaí don bhainistiú riosca má tá réim iomlán uasteorainneacha na n-iarmhar le feidhmiú ar bhealach rianúil.

(19)

Chomh maith le táirgí íocshláinte tréidliachta, úsáidtear táirgí eile nach bhfuil faoi réir reachtaíochta áirithe maidir le hiarmhair, amhail táirgí bithaicídeacha, i bhfeirmeoireacht ainmhithe. Sainmhínítear na táirgí bithaicídeacha seo i dTreoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithaicídeacha a chur ar an margadh (11). Thairis sin, táirgí íocshláinte tréidliachta nach bhfuil údarú margaíochta acu sa Chomhphobal, d'fhéadfadh sé go mbeidís údaraithe i dtíortha lasmuigh den Chomhphobal. D'fhéadfadh sé go dtarlódh sé sin toisc galair nó speicis sprice dhifriúla a bheith níos forleithne sna réigiúin eile sin nó toisc gur roghnaíonn cuideachtaí gan táirge a chur ar an margadh sa Chomhphobal. Ní gá gur léiriú nach bhfuil táirge slán chun a úsáide é gan a bheith údaraithe sa Chomhphobal. I gcás na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de sna táirgí sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún uasteorainn na n-iarmhar a shocrú do bhia, tar éis tuairim a fháil ón nGníomhaireacht i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirgí íocshláinte tréidliachta. Is gá freisin Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a leasú i dtreo is go n-áireofar, mar cheann de thascanna na Gníomhaireachta, comhairliú ar uasteorainneacha na n-iarmhar do tháirgí bithaicídeacha.

(20)

Faoin gcóras a bunaíodh le Treoir 98/8/CE, oibreoirí a chuir táirgí bithaicídeacha ar an margadh nó atá ag iarraidh iad a chur ar an margadh, tá sé d'oibleagáid orthu muirir a íoc as meastóireachtaí a dhéantar de bhun nósanna imeachta difriúla a bhaineann leis an Treoir sin. Foráiltear leis an Rialachán seo gurb í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh meastóireachtaí a bhaineann le huasteorainn na n-iarmhar a shocrú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirgí bithaicídeacha. Ba cheart, dá bharr sin, go soiléireofaí leis an Rialachán seo an bealach ina dhéantar na meastóireachtaí seo a mhaoiniú, d'fhonn go gcuirfí san áireamh mar is cuí na muirir a gearradh cheana as na meastóireachtaí a rinneadh nó atá le déanamh faoin Treoir sin.

(21)

I gcomhthéacs an Codex Alimentarius, cuireann an Comhphobal le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar, agus áirithítear ag an am céanna nach n-ísleofar an t-ardleibhéal cosant sláinte an duine a dhéantar a chothabháil sa Chomhphobal. Ba cheart, dá bhrí sin, don Choimisiún na huasteorainneacha Codex Alimetarius sin d'iarmhair ar thacaigh sé leo sa chruinniú ábhartha den Choimisiúin maidir leis an Codex Alimentarius, a thógáil idir lámha gan aon mheasúnú riosca eile a dhéanamh orthu. An chomhsheasmhacht atá ann idir na caighdeáin idirnáisiúnta agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir le teorainneacha na n-iarmhar i mbia, déanfar í a neartú a thuilleadh ar an dóigh sin.

(22)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, tá bia-ábhair faoi réir rialuithe maidir le hiarmhair de shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de. Fiú mura ndéantar teorainneacha na n-iarmhar a shocrú do na substaintí sin de bhun an Rialacháin seo, d'fhéadfadh gurbh ann do na substaintí sin de bharr éilliú an chomhshaoil nó de bharr meitibilíte nádúrtha a bheith san ainmhí. Leis na modhanna saotharlainne atá ann, is féidir na hiarmhair sin a bhrath ar leibhéil atá ag ísliú de shíor. Tá cleachtais éagsúla rialála sna Ballstáit de bharr na n-iarmhar sin.

(23)

Le Treoir 97/78/CE an 18 Nollaig 1997 ón gComhairle ag leagan síos na bprionsabal a rialaíonn eagrúchán seiceálacha tréidliachta ar tháirgí ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tír (12) ceanglaítear go mbeidh gach coinsíneacht a allmhairíodh ó thríú tíortha faoi réir rialuithe tréidliachta agus le Cinneadh 2005/34/CE ón gCoimisiún an 11 Eanair 2005 (13), leagtar síos caighdeáin chomhchuibhithe tástála d'iarmhair áirithe i dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch a allmhairítear ó thríú tíortha. Is iomchuí forálacha Chinneadh 2005/34/CEa leathnú amach chun go gcumhdófar na táirgí uile de thionscnamh ainmhíoch a chuirtear ar mhargadh an Chomhphobail.

(24)

Roinnt substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de, tá siad faoi thoirmeasc faoi láthair nó níl siad údaraithe faoi láthair faoi Rialachán Uimh. 2377/90, faoi Threoir 96/22/CE nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a úsáidtear i gcothú ainmhithe (14). Na hiarmhair de shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch, agus arb ann dóibh, go háirithe, de bharr úsáide neamhdhleathaí nó de bharr éilliú an chomhshaoil, ba cheart rialú agus monatóireacht a dhéanamh go cúramach orthu i gcomhréir le Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmmhithe beo (15), beag beann ar thionscnamh an táirge.

(25)

Is iomchuí go bhforálfadh an Comhphobal do nósanna imeachta chun pointí tagartha a shocrú don ghníomhú ag leibhéil tiúchana d'iarmhair a bhfuil sé indéanta go teicniúil anailís saotharlainne a dhéanamh orthu, d'fhonn trádáil agus allmhairí laistigh den Chomhphobal a éascú, gan baint den ardleibhéal cosanta a dhéantar ar shláinte an duine sa Chomhphobal. Níor cheart, áfach, gurbh ionann pointí tagartha don ghníomhú a shocrú agus glacadh le húsáid mhídhleathach substaintí atá faoi thoirmeasc nó substaintí nach bhfuil údaraithe chun bia-ainmhithe a chóireáil. Ba cheart, dá bhrí sin, go measfaí go bhfuil sé neamh-inmhianaithe go mbeadh aon iarmhair de na substaintí sin i mbia de thionscnamh ainmhíoch.

(26)

Is iomchuí freisin go mbunódh an Comhphobal cur chuige comhchuibhithe do chásanna ina mbeadh fianaise ag na Ballstáit go bhfuil fadhb athfhillteach ann, ós rud é go bhféadfadh a leithéid d'fhianaise a bheith ina léiriú ar phatrúin mí-úsáide i leith substainte áirithe, nó ina léiriú nach bhfuil aird á tabhairt ar ráthaíochtaí a thug tríú tíortha maidir le táirgeadh bia a bheartaítear a allmhairiú isteach sa Chomhphobal. Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le fadhbanna athfhillteacha agus ba cheart na bearta leanúnacha iomchuí a ghlacadh.

(27)

Ba cheart an reachtaíocht reatha maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar a shimpliú trí na cinntí go léir lena n-aicmítear, i dtéarmaí na n-iarmhar, substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, a chur le chéile in aon rialachán amháin ón gCoimisiún.

(28)

Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (16).

(29)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún prionsabail mhodheolaíochta a ghlacadh le haghaidh na moltaí i leith an mheasúnuithe riosca agus i leith an bhainistithe riosca chun uasteorainneacha na n-iarmhar a bhunú, rialacha a ghlacadh maidir leis na coinníollacha don eachtarshuíomh, bearta a ghlacadh lena socrófar pointí tagartha don ghníomhú, lena n-áiríteaar bearta lena ndeantar athbhreithniú ar na bpointí tagartha sin, chomh maith le prionsabail mhodheolaíochta agus modhanna eolaíocha a ghlacadh chun pointí tagartha a bhunú don ghníomhú. Ó tharla go mbeidh raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(30)

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm, d'fhonn bearta a ghlacadh lena socrófar pointí tagartha agus bearta a ghlacadh lena ndéanfar athbhreithniú ar na bpointí tagartha sin.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta atá le déanamh, eadhon cosaint a thabhairt do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, agus infhaighteacht iomchuí táirgí íocshláinte tréidliachta a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(32)

Ar mhaithe le soiléire, is gá dá bhrí sin rialachán nua a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

(33)

Ba cheart foráil a dhéanamh do thréimhse eatramhach chun ligean don Choimisiún rialachán a ullmhú agus a ghlacadh lena n-ionchorpraítear na substaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú ó thaobh uasteorainneacha na n-iarmhar mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 chomh maith le forálacha áirithe cur chun feidhme don rialachán nua sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Chun an tsábháilteacht bia a áirithiú, leagtar síos leis an Rialachán seo, rialacha agus nósanna imeachta d'fhonn na nithe seo a leanas a shocrú:

(a)

uastiúchan an iarmhair ó shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a fhéadfar a cheadú i mbia de thionscnamh ainmhíoch (‘uasteorainn na n-iarmhar’);

(b)

leibhéal an iarmhair ó shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a shocraítear chun críocha rialaithe i gcás substaintí áirithe nár socraíodh uasteorainn na n-iarmhar dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo (‘pointe tagartha don ghníomhú’).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

prionsabail ghníomhacha de thionscnamh bitheolaíoch lena mbeartaítear imdhíonacht ghníomhach nó éighníomhach a sholáthar nó lena mbeartaítear riochtaí imdhíonachta a fháthmheas, atá in úsáid i dtáirgí íocshláinte tréidliachta imdhíonachta;

(b)

substaintí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 315/93.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht Chomhphobail lena dtoirmisctear substaintí áirithe a bhfuil gníomhú hormónach nó gníomhú tíorastatach acu agus béite-agónaithe a úsáid i mbia-ainmhithe, mar a fhoráiltear le Treoir Uimh. 96/22/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 2001/82/CE, in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 822/2004 agus in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn ‘iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de’ na substaintí go léir atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, arna sloinneadh in iúl i mg/cg nó μ/cg ar bhonn beomheáchain, cibé acu substaintí gníomhacha, támháin nó táirgí díghrádaithe agus a meitibilítí a fhanann i mbia a fhaightear ó ainmhithe;

(b)

ciallaíonn ‘bia-ainmhithe’ ainmhithe a phóraítear, a thógtar, a choimeádtar, a mharaítear nó a phróiseáiltear chun bia a tháirgeadh.

TEIDEAL II

UASTEORAINNEACHA NA nIARMHAR

CAIBIDIL I

Measúnú riosca agus bainistiú riosca

Roinn 1

Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirgí íocshláinte tréidliachta sa Chomhphobal

Airteagal 3

Iarratas ar thuairim ón nGníomhaireacht

Seachas i gcásanna ina mbeidh feidhm ag an nós imeachta Codex Alimentarius dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán seo, aon substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid sa Chomhphobal i dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena riar ar bhia-ainmhithe, beidh sí faoi réir tuairime ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) arna bhunú le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le huasteorainn na n-iarmhar, arna foirmliú ag an gCoiste um Tháirgí Íocshláinte le haghaidh Úsáide Tréidliachta (‘an Coiste’) arna bhunú le hAirteagal 30 den Rialachán sin.

Chun na críche sin, an t-iarratasóir ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte tréidliachta ina n-úsáidtear substaint den sórt sin, duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar údarú margaíochta den sórt sin nó, i gcás inarb iomchuí, sealbhóir údaruithe margaíochta den sórt sin, cuirfidh siad iarratas isteach chuig an nGníomhaireacht.

Airteagal 4

Tuairim ón nGníomhaireacht

1.   Is éard a bheidh sa tuairim ón nGníomhaireacht measúnú eolaíoch riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca.

2.   Beidh sé d'aidhm ag an measúnú eolaíoch riosca agus ag na moltaí i leith an bhainistithe riosca ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbeidh drochthionchar ag tearc-infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta iomchuí ar shláinte ainmhithe ná ar leas ainmhithe. Cuirfear san áireamh leis an tuairim torthaí eolaíocha ábhartha ón Údarás um Shábháilteacht Bia (‘EFSA’) arna bhunú le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

Airteagal 5

Eachtarshuíomh

D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe ar fáil le haghaidh riochtaí a mbíonn tionchar acu ar bhia-ainmhithe, féachfaidh an Coiste, agus ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine á áirithiú aige agus é i mbun measúnuithe eolaíocha riosca agus i mbun moltaí i leith an bhainistithe riosca a dhréachtú, an féidir uasteorainneacha na n-iarmhar a socraíodh le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de i mbia-ábhar amháin a úsáid i mbia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó uasteorainneacha iarmhar a socraíodh do shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó níos mó ná speiceas amháin i gcás speiceas eile.

Airteagal 6

Measúnú eolaíoch riosca

1.   Leis an measúnú eolaíoch riosca, measfar meitibileacht agus ídiú na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speicis ainmhíocha ábhartha, na cineálacha iarmhar, agus an méid díobh, a bhféadfadh daoine a ionghabháil ar feadh an tsaoil gan aon bhaol inmheasta don tsláinte, arna shloinneadh i dtéarmaí Ionghabhála Laethúla Inghlactha (‘ILI’). Is féidir cur chuige eile seachas ILI a úsáid, má tá sé leagtha síos ag an gCoimisiún mar a fhoráiltear in Airteagal 13(2).

2.   Bainfidh an measúnú eolaíoch riosca leis na rudaí seo a leanas:

(a)

cineál agus méid na n-iarmhar a meastar nach aon bhaol do shláinte an duine iad;

(b)

an riosca go mbeadh éifeachtaí tocsaineolaíochta, cógaseolaíochta nó micribhitheolaíochta ar dhaoine;

(c)

iarmhair arb ann dóibh i mbia de thionscnamh plandaí nó a thagann ón gcomhshaol.

3.   Mura féidir meitibileacht ná ídiú na substainte a mheasúnú, féadfaidh an measúnú eolaíoch riosca sonraí monatóireachta agus sonraí i leith an nochta a chur san áireamh.

Airteagal 7

Moltaí don bhainistiú riosca

Bunófar na moltaí don bhainistiú riosca ar an measúnú eolaíoch riosca a chuirfear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 agus is éard a bheidh ann measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)

infhaighteacht substaintí malartacha le haghaidh cóireáil a dhéanamh ar na speicis ábhartha nó ar riachtanas na substainte a ndéantar measúnú uirthi chun go seachnófar fulaingt nach gá d'ainmhithe nó chun go n-áireofar sábháilteacht na ndaoine atá á gcóireáil;

(b)

fachtóirí dlisteanacha eile amhail gnéithe teicniúla maidir le bia agus beatha a tháirgeadh, indéantacht na rialuithe, coinníollacha úsáide agus na substaintí a chur i dtáirgí íocshláinte tréidliachta, dea-chleachtas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta nó maidir le táirgí bithaicídeacha a úsáid agus an dóchúlacht go mbainfí mí-úsáid nó úsáid mhídhleathach astu;

(c)

cibé acu ar cheart nó nár cheart uasteorainn na n-iarmhar nó uasteorainn shealadach na n-iarmhar a bhunú le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i dtáirgí tréidliachta íocshláinte, leibhéal uasteorainn na n-iarmhar sin agus, i gcás inarb iomchuí, aon choinníollacha nó srianta maidir le húsáid na substainte lena mbaineann;

(d)

cibé acu nach leor na sonraí a sholáthrófar chun teorainn na sábháilteachta a aithint, nó cibé acu nach féidir teacht ar chonclúid chríochnaitheach maidir le sláinte an duine i dtaca le hiarmhair substainte i bhfianaise ghanntanas na faisnéise eolaíche. I gceachtar den dá chás, ní fhéadfar uasteorainn na n-iarmhar a mholadh.

Airteagal 8

Iarratais agus nósanna Imeachta

1.   Comhlíonfar leis an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 3 an fhormáid agus an t-inneachar arna leagan síos ag an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus beidh an táille is iníoctha leis an nGníomhaireacht ag gabháil leis.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go dtabharfar an tuairim ón gCoiste laistigh de 210 lá tar éis iarratas bailí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear an teorainn ama sin ar fionraí nuair a iarann an Ghníomhaireacht faisnéis fhorlíontach maidir leis an tsubstaint shonraithe laistigh de thréimhse áirithe, agus fanfaidh sí ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis fhorlíontach a iarradh ar fáil.

3.   Seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 4 ar aghaidh chuig an iarratasóir. Laistigh de 15 lá ón tuairim a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir fógra scríofa a chur chuig an nGníomhaireacht ag cur in iúl go dteastaíonn athscrúdú uaidh ar an tuairim. Sa chás sin, cuirfidh an t-iarratasóir forais mhionsonraithe a hiarrata isteach chuig an nGníomhaireacht laistigh de 60 lá ón tuairim a fháil.

Laistigh de 60 lá ó fhorais an iarratasóra d'iarraidh athscrúdaithe a fháil, déanfaidh an Coiste a mheas cibé acu ar cheart dó athbhreithniú a dhéanamh ar a thuairim. Déanfar na cúiseanna leis an gconclúid ar thángthas uirthi maidir leis an iarraidh a chur mar iarscríbhinn leis an tuairim chríochnaitheach.

4.   Laistigh de 15 lá ón tuairim chríochnaitheach a ghlacadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an iarratasóir, agus na forais lena cuid conclúidí á lua aici.

Roinn 2

Substaintí eile atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bhféadfar tuairim na Gníomhaireachta a iarraidh ina leith

Airteagal 9

Tuairim na Gníomhaireachta arna hiarraidh ag an gCoimisiún nó ag Ballstát

1.   Féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát iarratas ar thuairim a chur isteach chuig an nGníomhaireacht maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar i gceachtar de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh an tsubstaint lena mbaineann údaraithe chun a húsáide i dtáirge íocshláinte tréidliachta i dtríú tír agus nár cuireadh isteach aon iarratas ar uasteorainn na n-iarmhar a shocrú maidir leis an mbia-ábhar bia ná an speiceas lena mbaineann de bhun Airteagal 3,

(b)

i gcás ina mbeidh an tsubstaint sin ann i dtáirge íocshláinte a bheartaítear a úsáid de bhun Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE agus nár cuireadh isteach aon iarratas de bhun Airteagal 3 den Rialachán seo ar uasteorainn a shocrú maidir leis an tsubstaint sin i leith an bhia-ábhair nó i leith an speicis lena mbaineann.

In imthosca phointe (b) den chéad fhomhír, chomh fada agus a bhaineann le mionspeicis nó le mionúsáidí, féadfaidh páirtí leasmhar nó eagraíocht leasmhar an iarraidh a chur isteach chuig an nGníomhaireacht.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 go hAirteagal 7.

Beidh iarratas ar thuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis na ceanglais i leith formáide agus inneachair arna leagan síos ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 13(1).

2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go dtabharfar tuairim ón gCoiste laistigh de 210 lá tar éis don Choimisiún, don Bhallstát nó do pháirtí nó d'eagraíocht leasmhar iarraidh a fháil. Cuirfear an teorainn ama sin ar fionraí má iarann an Ghníomhaireacht faisnéis fhorlíontach faoin tsubstaint shonraithe laistigh de thréimhse áirithe, agus go dtí go gcuirfear an fhaisnéis fhorlíontach a iarradh ar fáil.

3.   Laistigh de 15 lá ón dáta a nglacfar an tuairim chríochnaitheach, déanfaidh an Ghníomhaireacht í a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus, de réir mar is infheidhme, chuig an mBallstát nó, chuig an bpáirtí leasmhar nó chuig an eagraíocht leasmhar a rinne an iarraidh, agus na forais lena cuid conclúidí á lua aici.

Airteagal 10

Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá i dtáirgí bithaicídeachaa úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe

1.   Chun críche Airteagal 10(2)(ii) de Threoir 98/8/CE, maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta a bheartaítear a úsáid i dtáirge bithaicídeach a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe, socrófar uasteorainn na n-iarmhar:

(a)

de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

substaintí gníomhacha/teaglaim de chineálacha táirge a áirítear sa chlár 10 mbliana oibre dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 98/8/CE;

(ii)

substaintí gníomhacha/teaglaim de chineálacha táirge atá le háireamh in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn IA nó in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Treoir 98/8/CE ar ghlac an t-údarás inniúil le sainchomhad ina leith dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(b) den Treoir sin roimh … (17);

(b)

de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar bhonn an iarratais a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 3 maidir leis na substaintí uile/teaglaim uile de chineálacha táirge a bheartaítear a áireamh in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn IA nó in Iarscríbhinn IB de Threoir 98/8/CE agus a measann na Ballstáit nó an Coimisiún gur gá uasteorainn na n-iarmhar a shocrú ina leith.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de dá dtagraítear i mír 1 a aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 14. Chun críche an aicmithe, déanfaidh an Coimisiún an rialachán dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a ghlacadh.

Aon fhorálacha sonracha, áfach, a bhaineann leis na coinníollacha maidir le húsáid substaintí a aicmítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a leagan síos de bhun Airteagal 10(2) de Threoir 98/8/CE.

3.   Cumhdófar le buiséad na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 costais na measúnuithe a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht mar thoradh ar iarratas a dhéanfar i gcomhréir le mír 1(a) den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm aige sin, áfach, maidir le costais measúnúcháin do rapóirtéir, a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 62(1) den Rialachán sin maidir le huasteorainn na n-iarmhar a shocrú nuair a atá an rapóirtéir sin ceaptha ag Ballstát áit a bhfuil táille faighte cheana aige don mheasúnú sin ar bhonn Airteagal 25 de Threoir 98/8/CE.

Méid na dtáillí do mheasúnuithe a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht agus an rapóirtéir mar thoradh ar iarratas a dhéantar i gcomhréir le mír 1(b) den Airteagal seo, déanfar é a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 297/95 an 10 Feabhra 1995 ón gComhairle maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach um Mheastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (18).

Roinn 3

Forálacha coiteanna

Airteagal 11

Athbhreithniú ar thuairim

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, an t-iarratasóir faoi Airteagal 3 nó Ballstát faoi Airteagal 9, de thoradh faisnéise nua, go bhfuil gá le hathbhreithniú ar thuairim chun sláinte an duine nó sláinte ainmhithe a chosaint, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairim nua a éisiúint maidir leis na substaintí a bheidh i gceist.

I gcás ina mbeidh uasteorainn na n-iarmhar bunaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le bia-ábhair shonracha nó maidir le speicis shonracha, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 9 maidir le huasteorainn na n-iarmhar a shocrú don tsubstaint sin do bhia-ábhair eile nó do speicis eile.

Beidh faisnéis ag míniú na saincheiste atá le réiteach ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Beidh feidhm ag Airteagal 8(2) go (4) nó ag Airteagal 9(2) agus (3), mar is iomchuí, maidir leis an tuairim nua.

Airteagal 12

Tuairimí a fhoilsiú

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 9 agus in Airteagal 11, a fhoilsiú tar éis di aon fhaisnéis atá rúnda ó thaobh tráchtála de a scriosadh.

Airteagal 13

Bearta cur chun feidhme

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), glacfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, bearta maidir le foirm agus le hinneachar na n-iarratas agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 9.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara bearta a ghlacadh i leith:

(a)

prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnaithe riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7, lena n-áirítear ceanglais theicniúla i gcomhréir le caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta;

(b)

rialacha maidir le huasteorainn na n-iarmhar a socraíodh do shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhair eile a eascraíonn ón speiceas céanna, nó a socraíodh do shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin do speiceas eile, dá dtagraítear in Airteagal 5. Sonrófar, leis na rialacha sin, conas is féidir agus cad iad na himthosca inar féidir sonraí eolaíocha maidir le hiarmhair i mbia-ábhar áirithe nó i speiceas amháin nó níos mó ná speiceas amháin a úsáid chun uasteorainn na n-iarmhar a shocrú i mbia-ábhair eile, nó i speicis eile.

Na bearta sin gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

CAIBIDIL II

Aicmiú

Airteagal 14

Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a aicmiú

1.   Aicmeoidh an Coimisiún na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de faoi réir tuairime ón nGníomhaireacht maidir le huasteorainn na n-iarmhar i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 9 nó le hAirteagal 10, mar is iomchuí.

2.   Áireofar, leis an aicmiú, liosta de shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus na haicmí teiripeacha lena mbaineann siad. Leis an aicmiú, leagfar síos freisin, i ndáil le gach substaint, agus i gcás inarb iomchuí, i ndáil le bia-ábhair nó speicis shonracha, ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

uasteorainn maidir leis an iarmhar;

(b)

uasteorainn shealadach maidir leis an iarmhar;

(c)

nach gá uasteorainn a bhunú don iarmhar;

(d)

go bhfuil toirmeasc ar riar na substainte.

3.   Leagfar síos uasteorainn an iarmhair i gcás ina ndealródh sé gur ghá sin chun sláinte an duine a chosaint:

(a)

de bhun tuairime ón nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 9 nó le hAirteagal 11, mar is iomchuí; nó

(b)

de bhun cinnidh ón gCoimisiún Codex Alimentarius, gan an Toscaireacht Chomhphobail a chur ina choinne, cinneadh ar son uasteorainn na n-iarmhar a shocrú do shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bheartaítear a úsáid i dtáirge íocshláinte tréidliachta, ar chuntar gur cuireadh na sonraí eolaíocha a cuireadh san áireamh ar fáil don Toscaireacht Chomhphobail roimh an cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún Codex Alimentarius. Sa chás sin ní gá go ndéanfadh an Ghníomhaireacht measúnú breise.

4.   I gcásanna ina mbeidh na sonraí eolaíocha neamhiomlán, féadfar uasteorainn shealadach na n-iarmhar a shocrú, ar chuntar nach mbeidh aon fhorais lena cheapadh go mbeidh baol do shláinte an duine ó iarmhair na substainte sin ag an leibhéal a mholtar.

Beidh feidhm ag an uasteorainn shealadach na n-iarmhar sin go ceann tréimhse áirithe ama, nach faide ná cúig bliana. Féadfar síneadh, nach faide ná dhá bhliain, a chur leis an tréimhse sin uair amháin i gcás ina dtaispeánfar go bhféadfaí na staidéir eolaíocha atá ar siúl a thabhairt chun críche leis an síneadh ama sin.

5.   Ní dhéanfar aon uasteorainn na n-iarmhar a shocrú i gcás, de bhun tuairime i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 9 nó le hAirteagal 11, mar is iomchuí, nach mbeidh gá léi chun sláinte an duine a chosaint.

6.   Toirmiscfear substaint a riar ar bhia-ainmhithe, de bhun tuairime i gcomhréir le hAirteagal 4, le hAirteagal 9 nó le hAirteagal 11, mar is iomchuí, i gceachtar den dá imthoisc seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhféadfadh guais do shláinte an duine a bheith mar thoradh ar aon rian bheith ann de shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de nó mar thoradh ar iarmhair den tsubstaint sin a bheith i mbianna de thionscnamh ainmhíoch;

(b)

i gcás nach féidir teacht ar aon chonclúid chríochnaitheach maidir le héifeacht iarmhair substainte ar shláinte an duine.

7.   I gcás ina measfar go mbeidh gá leis le haghaidh sláinte an duine a chosaint, áireoidh an t-aicmiú coinníollacha agus srianta maidir le húsáid nó riar substainte atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de agus a úsáidtear i dtáirgí íocshláinte tréidliachta agus atá faoi réir uasteorann i leith iarmhar, nó substainte nach bhfuil aon uasteorainn socraithe di i leith iarmhar.

Airteagal 15

Nós imeachta brostaithe maidir le tuairim ón nGníomhaireacht

1.   I gcásanna ar leith inar gá táirge íocshláinte tréidliachta a údarú ar bhonn práinne ar chúiseanna a bhaineann le cosaint ar an tsláinte phoiblí nó ar shláinte ainmhithe nó ar leas ainmhithe féadfaidh an Coimisiún, aon duine a mbeidh iarratas tíolactha aige ar thuairim de bhun Airteagal 3 nó Ballstát, iarraidh ar an nGníomhaireacht nós imeachta brostaithe a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar uasteorainn na n-iarmhar i dtaca le substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá i dtáirgí den sórt sin.

2.   Is é an Coimisiún a leagfaidh síos formáid na n-iarratas agus a mbeidh iontu dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, de bhun Airteagal 13(1).

3.   De mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 9(2) áiritheoidh an Ghníomhaireacht go dtabharfar tuairim na Gníomhaireachta laistigh de 120 lá ó iarraidh a fháil.

Airteagal 16

Substaintí a thabhairt do bhia-ainmhithe

1.   Ní fhéadfar ach substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a aicmítear i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a), (b) nó (c) a thabhairt do bhia-ainmhithe laistigh den Chomhphobal, ar chuntar go mbeidh an riar sin i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás trialacha cliniciúla a nglacfaidh na húdaráis inniúla leo tar éis fógra nó údarú a bheith tugtha ina leith i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, ar trialacha iad nach mbeidh de thoradh orthu go mbeidh iarmhair i mbia-ábhair, a fhaightear ó bheostoc a bhíonn páirteach sna trialacha sin, ina údar baoil do shláinte an duine.

Airteagal 17

Nós Imeachta

1.   Chun críche an aicmithe dá bhforáiltear in Airteagal 14, déanfaidh an Coimisiún dréacht-rialachán a ullmhú laistigh de 30 lá tar éis tuairim na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 9 agus in Airteagal 11, de réir mar is iomchuí a fháil. Déanfaidh an Coimisiún dréacht-rialachán a ullmhú laistigh de 30 lá ón gcinneadh a ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius a fháil, gan an Toscaireacht Chomhphobail a chur ina choinne, ar son uasteorainn na n-iarmhar, dá dtagraítear in Airteagal 14(3), a shocrú.

I gcás ina mbeidh gá le tuairim na Gníomhaireachta agus nach mbeidh an dréacht-Rialachán i gcomhréir leis an tuairim sin, soláthróidh an Coimisiún míniú mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis an éagsúlacht.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an ialachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), agus laistigh de 30 lá ó dheireadh an nós imeachta rialúcháin sin.

3.   I gcás nós imeachta bhrostaithe dá dtagraítear in Airteagal 15, glacfaidh an Coimisiún an rialachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), agus laistigh de 15 lá tar éis dheireadh an nós imeachta rialúcháin sin.

TEIDEAL III

POINTÍ TAGARTHA LE HAGHAIDH GNÍOMAÍOCHTA

Airteagal 18

Bunú agus athbhreithniú

Nuair a mheasfar gur gá chun feidhmiú na rialuithe a áirithiú do bhia de thionscnamh ainmhíoch, a allmhairíodh nó a cuireadh ar an margadh féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, pointí tagartha a bhunú le haghaidh gníomhaíochta d'iarmhair ó shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus nach bhfuil faoi réir aicmithe i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a), (b) nó (c).

Déanfar na pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta a athbhreithniú go rialta i bhfianaise sonraí eolaíocha nua a bhaineann le sábháilteacht bia, i bhfianaise thoradh na n-imscrúdaithe agus thoradh na dtástálacha ainilíse dá dtagraítear in Airteagal 24(b) agus i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch.

Na bearta sin, gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 26(4).

Airteagal 19

Modhanna chun pointí tagartha don ghníomhú a bhunú

1.   Beidh na pointí tagartha don ghníomhú a bhunófar de bhun Airteagal 18, bunaithe ar mhéid na hanailíte i sampla, is féidir le saotharlanna oifigiúla atá ainmnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, a bhrath agus a dhaingniú le modh anailíse atá bailíochtaithe i gcomhréir le ceanglais an Chomhphobail. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an bpointe tagartha don ghníomhú, an tiúchan is ísle d'iarmhar a fhéadfar a chainníochtú le modh anailíse atá bailíochtaithe i gcomhréir le ceanglais an Chomhphobail. Cuirfidh an tsaotharlann tagartha Chomhphobail ábhartha comhairle ar an gCoimisiún maidir le feidhmiú na modhanna anailíse.

2.   Gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cuirfidh an Coimisiún iarraidh isteach chuig EFSA ar mheasúnú riosca maidir le cibé acu an bhfuil na pointí tagartha don ghníomhú leordhóthanach chun sláinte an duine a chosaint. Sna cásanna sin, déanfaidh an EFSA a áirithiú go dtabharfar an tuairim don Choimisiún laistigh de 210 lá ón iarraidh a fháil.

3.   Cuirfear prionsabail an mheasúnaithe riosca i bhfeidhm chun ardleibhéal cosanta don tsláinte a ráthú. Bunófar an measúnú riosca ar phrionsabail mhodheolaíochta agus ar mhodhanna eolaíocha a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an EFSA.

Na bearta sin, gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(3).

Airteagal 20

Ranníocaíocht an Chomhphobail leis na bearta tacaíochta do na pointí tagartha don ghníomhú

Má cheanglaítear le cur i bhfeidhm an Teidil seo, go maoineoidh an Comhphobal bearta mar tacú le bunú agus feidhmiú pointí tagartha don ghníomhú, beidh feidhm ag Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA ILGNÉITHEACHA

Airteagal 21

Modhanna Anailíse

I dtaca le hanailís saotharlainne na n-iarmhar, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le saotharlanna tagartha Comhphobail arna n-ainmniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 822/2004 maidir le modhanna anailíse iomchuí chun iarmhair a bhrath ó shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bhfuil uasteorainneacha na n-iarmhar socraithe dóibh i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo. Chun críche rialuithe comhchuibhithe, soláthróidh an Ghníomhaireacht fáisnéis maidir le na modhanna sin do na saotharlanna tagartha Comhphobail agus do na saotharlanna tagartha náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

Airteagal 22

Cúrsaíocht na mbia-ábhar

Ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar bhia de thionscnamh ainmhíoch a allmhairiú nó a chur ar an margadh ar fhorais a bhaineann le huasteorainneacha na n-iarmhar nó le pointí tagartha don ghníomhú i gcás inar comhlíonadh an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme.

Airteagal 23

Cur ar an margadh

Bia de thionscnamh ainmhíoch ina bhfuil substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de:

(a)

a aicmítear i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a), (b) nó (c), ag leibhéal níos airde ná uasteorainn na n-iarmhar a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo; nó

(b)

a aicmítear i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a), (b) nó (c), ach i gcás ina mbeidh pointe tagartha do ghníomhaíocht socraithe don tsubstaint sin de bhun an Rialacháin seo agus nach mbeidh leibhéal na n-iarmhar comhionann leis an bpointe tagartha do ghníomhaíocht sin, ná níos mó ná an pointe tagartha do ghníomhaíocht sin

measfar nach gcomhlíonann sé reachtaíocht an Chomhphobail.

Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) den Rialachán seo, maidir le huasteorainn na n-iarmhar a chuirfear san áireamh chun críocha rialaithe, do bhia-ábhar a dhíorthaítear ó ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu faoi Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE.

Airteagal 24

Gníomhú i gcás ina ndeimhnítear gurb ann do shubstaint thoirmiscthe nó neamhúdaraithe sa bhia-ábhar

1.   I gcás ina mbeidh torthaí tástálacha anailíse faoi bhun na bpointí tagartha don ghníomhú, déanfaidh na húdaráis inniúla na himscrúduithe, dá bhforáiltear le Treoir 96/23/CE, chun a chinneadh ar riaradh, go neamhdhleathach, substaint toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus, i gcás inarb ábhartha, chun an pionós dá bhforáiltear a chur i bhfeidhm.

2.   I gcás ina léireoidh torthaí na n-imscrúduithe sin nó torthaí tástálacha anailíse ar tháirgí den tionscnamh céanna pátrún athfhillteach lena sonraítear go bhféadfadh fadhb a bheith ann, coimeádfaidh an t-údarás inniúil taifead de na conclúidí agus cuirfidh sé in iúl iad don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 26.

3.   I gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún tograí, agus i gcás táirge de thionscnaimh tríú tír, tarraingeoidh sé aird údarás inniúil na tíre nó na dtíortha lena mbaineann ar an gceist, agus iarrfar soiléiriú maidir le láithreacht athfhillteach d'iarmhair.

4.   Glacfar rialacha mionsonraithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Na bearta sin, gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den rialachán seo a leasú a trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(3).

TEIDEAL V

FÓRALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

An Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 26

An Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 27

Aicmiú substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90

1.   Faoin … (19), glacfaidh an Coimisiún Rialachán, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2), ina leagfar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú ó thaobh uasteorainneacha na n-iarmhar de, mar atá siad leagtha amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV de Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

2.   I gcás aon substainte dá dtagraítear i mír 1, ar bunaíodh uasteorainn iarmhar di faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90, féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát araon iarratas ar thuairim a chur isteach chuig an nGníomhaireacht maidir le heachtarshuíomh chuig speicis nó chuig fíocháin eile, i gcomhréir le hAirteagal 5.

Beidh feidhm ag Airteagal 17.

Airteagal 28

Tuarascáil

1.   Faoin … (20), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

2.   Athbhreithneofar leis an tuarascáil, go háirithe, an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an taithí ar shubstaintí a aicmítear faoin Rialachán seo agus a bhfuil ilúsáidí acu.

3.   Beidh tograí ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil más iomchuí.

Airteagal 29

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90.

Leanfaidh Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán aisghairthe d'fheidhm a bheith acu áfach, go dtí go dtiocfaidh an rialachán dá dtagraítear in Airteagal 27(1) den Rialachán seo, agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán aisghairthe d'fheidhm a bheith aici go dtí go dtiocfaidh an Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den Rialachán seo i bhfeidhm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo nó, de réir mar is iomchuí, don rialachán dá dtagraítear in Airteagal 27(1) den Rialachán seo.

Airteagal 30

Leasuithe ar Threoir 2001/82/CE

Leasaítear Treoir 2001/82/CE leis seo mar a leanas:

1)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 10(3):

‘3.   De mhaolú ar Airteagal 11, agus i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 89(2), bunóidh an Coimisiún liosta de shubstaintí:

atá riachtanach chun cóireáil a chur ar equidae, nó

a mbaineann tairbhe cliniciúil breise leo i gcomparáid le roghanna cóireála eile atá ar fáil do equidae

agus nach lú an tréimhse aistarraingthe ina leith ná sé mhí i gcomhréir leis na meicníochtaí rialála a leagtar síos i gCinneadh 93/623/CEE agus i gCinneadh 2000/68/CE.

Na bearta sin gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’;

2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fhomhír d'Airteagal 11(2):

‘Féadfaidh an Coimisiún na tréimhsí aistarraingthe seo a mhodhnú nó tréimhsí aistarraingthe eile a bhunú. Á dhéanamh sin dó, féadfaidh an Coimisiún idirdhealú a dhéanamh idir bia-ábhair, speicis, bealaí riartha agus Iarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90. Na bearta sin, gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú a cheapfar iad, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).’.

Airteagal 31

Leasú ar Rialacháin (CE) Uimh. 726/2004

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57(1)(g) de Rialacháin (CE) Uimh. 726/2004:

‘(g)

comhairle a thabhairt maidir le huasteorainneacha na n-iarmhar de chuid táirgí íocshláinte tréidliachta agus táirgí bithchidí a mbaintear úsáid astu i bhfeirmeoireacht ainmhithe, a bhféadfar glacadh leo i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail do bhunú teorainneacha iarmhar do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in earraí bia de thionscnamh ainmhíoch (21).

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa, …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 10, 15.1.2008, lch. 51.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Comhsheasamh ón gComhairle an 18 Nollaig 2008.

(3)  IO L 224, 18.8.1990, lch. 1.

(4)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

(5)  IO C 27 E, 31.1.2002, lch. 80.

(6)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 3.

(7)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(8)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(9)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(10)  IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

(11)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(12)  IO L 24, 30.1.1998, lch. 9.

(13)  IO L 16, 20.1.2005, lch. 61.

(14)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(15)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 10.

(16)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(17)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)  IO L 35, 15.2.1995, lch. 1.

(19)  An dáta 60 lá ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(20)  An dáta cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(21)  IO L …’.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 17 Aibreán 2007, chuir an Coimisiún an togra thuasluaite faoi bhráid na Comhairle, togra atá bunaithe ar Airteagal 152(4)(b) den Chonradh CE (comhchinnteoireacht).

2.

Thug Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh an 17 Meitheamh 2008. Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim uaidh an 26 Meán fómhair 2007. Chinn Coiste na Réigiún nach dtabharfadh sé aon tuairim uaidh maidir leis an togra seo.

3.

Chríochnaigh an Chomhairle a céad léamh agus ghlac sí a comhsheasamh ina seisiún den 17 Nollaig 2008, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh.

II.   CUSPÓIRÍ

1.

Is é an aidhm atá ag an togra athbhreithniú agus comhlánú a dhéanamh ar na forálacha atá ann cheana chun uasteorainneacha na n-iarmhar (UTIanna) a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cogaseolaíochta de in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. Is iad na príomhchuspóirí a bheartaítear leis:

feabhas a chur ar infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta do bhia-ainmhithe agus ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú ag an am céanna;

creat dlíthiúil sonrach a chruthú lena bhféadfar UTIanna a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cogaseolaíochta de nach mbeartaítear a úsáid i dtáirgí íocshláinte tréidliachta san AE;

feabhas a chur ar chomhréireacht reachtaíocht an AE leis na caighdeáin idirnáisiúnta trí oibleagáid a thabhairt isteach go gcuimseofar i reachtaíocht an Chomhphobail UTIanna a shocraítear leis an Codex Alimentarius, nuair a thacóidh an Comhphobail lena leithéid;

tagairtí soiléire a chur ar fáil chun críocha rialaithe (i.e. na Pointí Tagartha don Ghníomhú) i roinnt cásanna nach bhfuil UTIanna socraithe.

2.

Foráiltear leis an togra do roinnt feabhsuithe maidir le simpliú agus maidir le rialáil níos fearr.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

A.   Barúlacha ginearálta

Ar an mórgóir tá comhsheasamh na Comhairle ar aon dul le seasamh an Choimisiúin agus le seasamh na Parlaiminte, sa mhéid a leanas:

deimhnítear ann na cuspóirí agus an chuid is mó de na socruithe a mholann an Coimisiún agus dá dtacaíonn Parlaimint na hEorpa;

cuimsítear ann líon mór de na leasuithe a glacadh ar an gcéad léamh i Parlaimint na hEorpa.

Mheas an Chomhairle freisin gurbh iomchuí roinnt leasuithe a chur isteach — de bhreis orthu siúd a rinneadh de bharr mholtaí na Parlaiminte — chun raon feidhme chuid de na forálacha a shoiléiriú nó chun foclaíocht an Rialacháin a dhéanamh ní b'fhollasaí agus chun an chinnteacht dhlíthiúil a ráthú, nó chun a chomhréireacht a mhéadú le hionstraimí eile de chuid an Chomhphobail.

B.   Pointí faoi leith

1.   Na príomhleasuithe a rinneadh ar thogra an Choimisiúin

(a)   Feabhas a chur ar infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta

Ar mholadh ón bParlaimint, leasaíodh roinnt forálacha d'fhonn iarracht a dhéanamh infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a fheabhsú do bhia-ainmhithe, go háirithe maidir le mionspeicis agus mionúsáidí (e.g. Airteagal 9 agus Airteagal 30).

I gcás sonrach Airteagal 9, bhí an Chomhairle ag iarraidh na cásanna a shoiléiriú ina bhféadfadh na Ballstáit agus an Coimisiún tuairim a iarraidh ar an nGníomhaireacht maidir le UTIanna. Go substaintiúil, is mar an gcéanna an clúdach a mholtar sa chomhsheasamh agus an clúdach a moladh i dtuairim na Parlaiminte. Chomh maith leis sin, mheas an Chomhairle gurbh fhearr forálacha a chur isteach maidir leis na rialacha mionsonraithe do mheastóireachtaí ar UTIanna do shubstaintí gníomhacha atá i dtáirgí bithaicídeacha: an phríomhchúis a bhí ann leis sin idirdhealú a dhéanamh idir substaintí sna táirgí atá ar an margadh cheana féin agus substaintí nua agus le go gcuirfí san áireamh mar is cuí na táillí a bailíodh cheana féin don mheastóireacht a cuireadh i gcrích nó atá le cur i gcrích faoi Threoir 98/8/EC.

Thairis sin, leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí is atá sé ardchosaint a áirithiú ar shláinte an duine agus rinneadh roinnt athruithe dá réir (e.g. Airteagal 5, Airteagal 7d agus Airteagal 16).

(b)   Bunú/athbhreithniú agus feidhmiú na bpointí tagartha don ghníomhú

Tar éis sraith leasuithe a rinne an Pharlaimint, glacadh roinnt forálacha d'fhonn togra an Choimisiúin a shoiléiriú go mórmhór i leith na pointí tagartha don ghníomhú a shainmhíniú agus i leith na gcoinníollacha dá mbunú agus dá n-athbhreithniú. Lena chois sin, sonraíodh na coinníollacha chun bia de thionscnamh ainmhíoch a chur ar an margadh. Sonraíodh freisin na bearta ar chóir a ghlacadh nuair a aimsítear substaint atá faoi thoirmeasc nó substaint neamhúdaraithe.

(c)   Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

Lean an Chomhairle an Pharlaimint sa mhéid gur iarr sí ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir leis an taithí a fhaightear ón Rialachán a chur i bhfeidhm, tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, d'iarr an Chomhairle go gcuimseofar sa tuarascáil na substaintí a aicmítear faoin rialachán agus a bhfuil ilúsáidí acu.

2.   Seasamh na Comhairle maidir le leasuithe Pharlaimint na hEorpa

D'ionchorpraigh an Chomhairle na leasuithe a leanas gan mhodhnú ina comhsheasamh:

4, 6, 9, 10, 14 agus 16.

agus ionchorpraíodh cuid den leasú nó coinníodh prionsabal an leasaithe i gcás na leasuithe seo a leanas:

2, 3, 5, 45, 8, 11, 15, 17, 18, 21, 23, 24, 25, 26, 28, 30, 31, 32, 34, 35, 37, 38, 39, 40, 41, 42, 43 agus 44.

Fearacht an Choimisiúin, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis na cúig leasú seo a leanas agus níor ionchorpraíodh iad:

1, 20, 27, 33, agus 36.

I gcás leasú 1, agus in ainneoin thuairim na Parlaiminte, mheas an Chomhairle gur den riachtanas é bonn dlí dúbailte a choinneáil ós rud é go mbaineann an togra le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do na táirgí sin de thionscnamh ainmhíoch a chuimsítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gConradh.

Seachas leasú 20, roghnaigh an Chomhairle leasú 31 lena mbunaítear nós imeachta práinneach freisin ach a mbeadh meastóireacht a priori de chuid na Gníomhaireachta leis.

Maidir le leasú 27, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis an bhfoclaíocht a mhol an Pharlaimint ós rud é gur dhodhéanta a bheadh sé toirmeasc ar shubstaint atá gníomhach ó thaobh cogaseolaíochta de a fhorghníomhú (e.g. dá mbeadh meitibilít nádúrtha san ainmhí).

Maidir le leasú 33, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis an nós imeachta coiste lena ngabhann grinnscrúdú, ós rud é go gciallódh sin gur bheart cur chun feidhme é socrú na UTIanna do shubstaintí sonracha, gan aon ghné gar-reachtach ag baint leis.

Maidir le leasú 36, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh le scriosadh iomlán an chlásail maidir le saorchúrsaíocht. Measadh freisin nach bhféadfaí an fhoclaíocht a mhol an Pharlaimint a fhorghníomhú ós rud é nach féidir a shuíomh le cinnteacht, ag an tráth a ndéantar allmhairí a rialú, gur de thoradh riar neamhdhleathaigh é an t-iarmhar a aimsíodh. D'fhéadfadh an Chomhairle aontú áfach le feabhsuithe dréachtaithe a dhéanfar chun an clásal maidir le saorchúrsaíocht a shoiléiriú.


10.2.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/s3


NÓTA DON LÉITHEOIR

Tá na hInstitiúidí tar éis a chinneadh gan an leasú deireanach ar na gníomhartha sin a luaitear ina dtéacsanna a lua a thuilleadh.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, na gníomhartha dá dtagraítear sna téacsanna a fhoilsítear leis seo, is do na gníomhartha atá i bhfeidhm faoi láthair a thagraíonn siad.