ISSN 1725-2571 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
51 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógraí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú |
|
2008/C /01 |
Fógra um Chomórtas Oscailte: Oifigeach Taighde- Eacnamaíocht Saothair – Tagairt: EF/TA/08/05 |
|
2008/C /02 |
||
2008/C /03 |
||
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 283 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógraí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
7.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: OIFIGEACH TAIGHDE- EACNAMAÍOCHT SAOTHAIR
TAGAIRT: EF/TA/08/05
(2008/C 283 A/01)
Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarradh Oifigeach Taighde (F/B) – Eacnamaíocht Saothair, a earcú.
Ag tuairisciú do Cheannaire an Aonaid um Chaidreamh Tionsclaíoch & um Fhorbairtí san Ionad Oibre, beidh an tOifigeach Taighde ag obair i ndlúthchomharaíocht le Bainisteoirí Taighde ag bainistiú tionscadal taighde, ag pleanáil is ag seoladh suirbhéanna, ag coinneáil réadlanna, ag déanamh taighde, ag ullmhú tuarascálacha agus ag cur fáisnéise i láthair ar aon dul le clár oibre Eurofound agus de réir riachtanais a chuid geallshealbhóirí.
Tá tuiscint chuimsitheach ar bheartais shóisialta agus ar ábhair a bhaineann le beartais um dhálaí maireachtála agus oibre, um chaidreamh tionsclaíoch agus um fhorbairtí san ionad oibre i gcomhthéacs foriomlán an Aontais Eorpaigh ag teastáil don ról seo, chomh maith le saineolas ar an anailís de threochtaí sa mhargadh saothair (m.sh. fostaíocht, pá, am oibre, srl);
Tá an comórtas seo oscailte d'iarratasóirí a:
— |
bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu; |
— |
bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu; |
— |
bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu; |
— |
atá in ann teistiméireachtaí caractair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh; |
— |
bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sár-mhaith ar an mBéarla ós é sin príomh-theanga an Fhorais; |
— |
bhfuil oideachas ollscoile de 4 bliana ar a laghad acu agus a bhfuil céim in Eacnamaíocht nó i réimse dá samhail mar thoradh air; |
— |
bhfuil ar a laghad dhá bhliain de thaithí ábhartha phroifisiúnta acu i ndiaidh bhronnadh na céime ollscoile; |
Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AD, Grád 5, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.
Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódaíl ón leathanach folúntas ar láithreán gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní ghlacfar le hiarratais nach bhfuil curtha i gcrích mar is ceart.
Ba chóir gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 5 Nollaig 2008.
7.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/3 |
FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: BAINISTEOIR TAIGHDE AONAD FOSTAÍOCHTA AGUS IOMAÍOCHTA
TAGAIRT: EF/TA/08/08
(2008/C 283 A/02)
Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarradh Bainisteoir Taighde (F/B) – Aonad Fostaíochta agus Iomaíochta, a earcú.
Déanann Bainisteoirí Taighde Eurofound dearadh, comhordú, bainistiú agus measúnú ar bhonn tras-Eorpach, ar staidéir, suirbhéanna, tuarascálacha agus tionscnaimh eile a rinneadh ag forais taighde agus saineolaithe aonair sna Ballstáit chomh maith le dul i mbun taighde as a stuaim féin. Ag tuairisciú do Cheannaire an Aonaid Fostaíochta agus Iomaíochta, beidh an té a earcófar freagrach go sonrach as:
— |
anailís bheartais maidir le treochtaí agus straitéisí fostaíochta Eorpacha a dhéanamh; |
— |
Treochtaí Fostaíochta Eorpacha a bhainistiú – uirlis nua monatóireachta a bheidh bunaithe ar an Monatóir Athstruchtúraithe Eorpach (MAE). Leis seo, caithfear tuarascálacha rialta a tháirgeadh ar athstruchtúrú agus forbairt ar chainníocht agus ar cháilíocht na bpost san Eoraip; |
— |
taighde a dhéanamh agus a bhainistiú maidir leis an tionchar a bhíonn ag múnlaí nua gnó agus socruithe institiúdacha ar dhálaí fostaíochta agus oibre. |
Tá an comórtas seo oscailte d'iarratasóirí a:
— |
bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu; |
— |
bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu; |
— |
bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu; |
— |
atá in ann teistiméireachtaí caractair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh; |
— |
bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sár-mhaith ar an mBéarla ós é sin príomh-theanga an Fhorais; |
— |
bhfuil oideachas ollscoile de cheithre bliana ar a laghad acu agus a bhfuil céim in Eacnamaíocht, Eacnamaíocht Saothair, Socheolaíocht, Riarachán Gnó nó i réimse dá samhail mar thoradh air; |
— |
bhfuil ar a laghad sé bliana de thaithí phroifisiúnta acu i ndiaidh bhronnadh na céime ollscoile; |
Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AD, Grád 7, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.
Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódaíl ón leathanach folúntas ar láithreán gréasáin an Fhorais: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní cheadófar iarratais nach bhfuil curtha i gcrích mar is ceart.
Ba chóir gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 5 Nollaig 2008.
7.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/4 |
FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: BAINISTEOIR TAIGHDE (BAINISTÍOCHT ACMHAINNÍ DAONNA)
TAGAIRT: EF/TA/08/09
(2008/C 283 A/03)
Tá an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarradh Bainisteoir Taighde (F/B) – Bainistíocht Acmhainní Daonna a earcú.
Déanann Bainisteoirí Taighde Eurofound dearadh, comhordú, bainistiú agus measúnú ar bhonn tras-Eorpach ar staidéir, suirbhéanna, tuarascálacha agus tionscnaimh eile a rinneadh ag forais taighde agus saineolaithe aonair sna Ballstáit chomh maith le dul i mbun taighde as a stuaim féin, nuair is gá. Ag tuairisciú do Cheannaire an Aonaid um Chaidreamh Tionsclaíoch agus um Fhorbairtí san Ionad Oibre, beidh ról bunúsach ag an té a earcófar i bhforbairt a dhéanamh ar chumas taighde an Aonaid ó thaobh leas na cuideachta de.
Tá an comórtas seo oscailte d'iarratasóirí a:
— |
bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu; |
— |
bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu; |
— |
bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu; |
— |
atá in ann teistiméireachtaí caractair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh; |
— |
bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sár-mhaith ar an mBéarla ós é sin príomh-theanga an Fhorais; |
— |
bhfuil oideachas ollscoile de 4 bliana ar a laghad acu agus a bhfuil céim i mBainistíocht Acmhainní Daonna nó Riarachán Gnó mar thoradh air; |
— |
a bhfuil sé bliana ar a laghad de thaithí ábhartha phroifisiúnta acu i ndiaidh bhronnadh na céime ollscoile; |
Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AD, Grád 7, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.
Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódaíl ón leathanach folúntas ar láithreán gréasáin an Fhorais: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní ghlacfar le hiarratais nach bhfuil curtha i gcrích mar is ceart.
Ba chóir gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 5 Nollaig 2008.