ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

51
29 Iúil 2008


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2008/C /01

Comhsheasamh (CE) Uimh. 18/2008 an 6 Meithemh 2008 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (Athmhúnlú) ( 2 )

1

2008/C /02

Comhsheasamh (CE) Uimh. 19/2008 an 6 Meithemh 2008 a ghac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí ( 2 )

17

 


 

(1)   Faoin tagairt C 190 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo I dteangacha oifigiúla an Aontais.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

29.7.2008   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 18/2008

a ghlac an Chomhairle an 6 Meitheamh 2008

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (Athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2008/C 190 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh leasuithe suntasacha roinnt uaireanta ar Threoir 94/57/CE ón gComhairle an 22 Samhain 1994 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí iomchuí lucht riaracháin muirí (4). Ós rud é go bhfuiltear chun tuilleadh leasuithe a dhéanamh, ba chóir í a athmhúnlú de ghrá na soiléireachta.

(2)

I bhfianaise chineál fhorálacha Threoir 94/57/CE, dealraíonn sé gurb iomchuí a forálacha a athmhúnlú in dhá ionstraim dhlíthiúla éagsúla, eadhon Treoir agus Rialachán.

(3)

Tá an Rialachán seo le tuiscint agus le léiriú i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Chomhphobail, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982.

(4)

Ba cheart go mbeadh ar chumas eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a gcuid seirbhísí a thairiscint ar fud an Chomhphobail agus dul san iomaíocht lena chéile agus leibhéil chomhionanna cosanta sábháilteachta agus cosanta comhshaoil á soláthar acu. Dá bhrí sin, ba cheart na caighdeáin ghairmiúla atá riachtanach dá ngníomhaíochtaí a bhunú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Chomhphobail.

(5)

Ba cheart díriú ar an gcuspóir seo trí bhearta a thagann go leordhóthanach le hobair na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) agus, i gcás inar iomchuí, ba cheart go dtógfadh an cuspóir ar an obair sin agus ba cheart go gcuirfeadh sé leis. De bhreis air sin, ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit agus an Coimisiún forbairt chód idirnáisiúnta ag an IMO d'eagraíochtaí aitheanta chun cinn.

(6)

Ba cheart critéir íosta chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí a leagan síos d'fhonn sábháilteacht long a fheabhsú agus d'fhonn truailliú ó longa a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir íosta a leagtar síos i dTreoir 94/57/CE a neartú.

(7)

D'fhonn an t-aitheantas tosaigh a dheonú do na heagraíochtaí ar mian leo go n-údarófaí iad chun obair a dhéanamh thar ceann na mBallstát, is éifeachtúla a fhéadfadh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit a mbeidh an t-aitheantas á iarraidh acu, measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar íosta a leagtar síos sa Rialachán seo ar shlí chomhchuibhithe agus lárnaithe.

(8)

Níor cheart aitheantas a dheonú ach amháin ar bhonn fheidhmiúlacht cháilíochta agus sábháilteachta na heagraíochta. Ba cheart a áirithiú go mbeadh raon feidhme an aitheantais sin ag teacht i gcónaí le cumas iarbhír na heagraíochta lena mbaineann. De bhreis air sin, ba cheart go gcuirfeadh an t-aitheantas san áireamh na difríochtaí i stádas dlí agus i struchtúr corparáideach eagraíochtaí aitheanta agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcritéar íosta a leagtar síos sa Rialachán seo agus éifeachtúlacht na rialuithe Comhphobail á n-áirithiú go leanúnach. Ba cheart don eagraíocht atá le haitheantas a fháil seirbhísí a sholáthar ar fud an domhain agus ba cheart go mbeadh sí faoi réir dliteanais dhomhanda i gcomhpháirt agus go leithleach, beag beann ar an struchtúr corparáideach.

(9)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(10)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún an Rialachán seo a leasú d'fhonn aon leasuithe a dhéanfaí ina dhiaidh ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ar na prótacail, ar na cóid agus ar na rúin a bhaineann leis a ionchorprú, na critéir íosta atá in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta agus na critéir a ghlacadh chun éifeachtúlacht na rialacha agus na nósanna imeachta a thomhas chomh maith le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta a thomhas maidir le sábháilteacht a long aicmithe agus maidir le truailliú óna longa aicmithe a chosc. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(11)

Tá sé ríthábhachtach go bhféadfaí dul i ngleic le mainneachtain eagraíochta aitheanta a hoibleagáidí a chomhlíonadh ar bhealach pras, éifeachtúil agus comhréireach. Ba cheart gurbh é an bunchuspóir a bheadh ann aon easpaí a cheartú d'fhonn aon bhagairt a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol a dhíbirt go luath. Ba cheart, dá bhrí sin, na cumhachtaí is gá a thabhairt don Choimisiún chun a cheangal go dtabharfadh an eagraíocht aitheanta faoin ngníomh coisctheach feabhais is gá, agus chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh mar bhearta comhéigeantacha. I bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin dó, ba chóir don Choimisiún déanamh amhlaidh ar shlí a chomhallann na cearta bunúsacha agus ba chóir dó a áirithiú go mbeidh an eagraíocht in ann a cuid tuairimí a chur in iúl i rith an nós imeachta.

(12)

I gcomhréir leis an gcur chuige uile-Chomhphobail, maidir leis an gcinneadh aitheantas eagraíochta a tharraingt siar a mhainneoidh na hoibleagaidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh má tharlaíonn nach mbíonn na bearta thuasluaite éifeachtúil nó más bagairt dho-ghlactha ar shlí eile í an eagraíocht ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol, caithfear é a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail agus, dá bhrí sin, caithfidh sé gurb é an Coimisiún a ghlacfaidh é, ar bhonn nós imeachta coiste.

(13)

Is éifeachtúla a fhéadfar an mhonatoireacht leanúnach a posteriori a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeidh an Rialachán seo á chomhlíonadh acu más ar bhonn comhchuibhithe, lárnaithe, a dhéantar í. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gcuirfí an cúram seo ar an gCoimisiún, mar aon leis an mBallstát a mbeidh an t-aitheantas á iarraidh aige, thar ceann an Chomhphobail.

(14)

Mar chuid den mhonatóireacht ar oibríochtaí eagraíochtaí aitheanta, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag cigirí an Choimisiúin ar longa agus ar chomhaid loinge, beag beann ar bhratach na loinge, d'fhonn a chinntiú cibé an bhfuil na critéir íosta a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le gach long ina haicme féin á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta.

(15)

Tá cumas eagraíochtaí aitheanta laigí ina rialacha, ina bpróisis agus ina rialuithe inmheánacha a aithint go pras agus a cheartú ríthábhachtach do shábháilteacht na long a ndéanann na heagraíochtaí cigireacht orthu agus a dheimhníonn na heagraíochtaí. Ba cheart an cumas sin a fheabhsú trí Chóras Measúnaithe agus Dearbhaithe Cáilíochta, ar cheart dó a bheith neamhspleách ar aon leasanna tráchtála nó polaitiúla d'fhonn comhghníomhaíocht a mholadh chun gach eagraíocht aitheanta a fheabhsú go marthanach agus d'fhonn comhoibriú torthúil leis an gCoimisiún a áirithiú.

(16)

Is príomhfhachtóir iad rialacha agus nósanna imeachta eagraíochtaí aitheanta chun an tsábháilteacht a mhéadú agus chun tionóiscí agus truailliú a chosc. Chuir na heagraíochtaí aitheanta tús le próiseas ar cheart comhchuibhiú a rialacha agus a nósanna imeachta a bheith mar thoradh air. Ba cheart go spreagfadh reachtaíocht an Chomhphobail an próiseas sin agus go dtacódh sí leis toisc gur cheart go mbeadh éifeacht dhearfach aici ar an tsábháilteacht mhuirí agus ar iomaíochas thionscal longthógála na hEorpa chomh maith.

(17)

Is próiseas leanúnach é rialacha eagraíochtaí aitheanta do dhearadh agus do thógáil long ceannaíochta agus do shuirbhéireacht thréimhsiúil ar longa ceannaíochta a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, ba cheart breathnú ar an oibleagáid a thacar féin rialacha a bheith ag eagraíocht, nó bheith in ann an cumas chuige sin a léiriú, i gcomhthéacs an phróisis chomhchuibhithe agus níor cheart gurbh ionann é agus bac ar ghníomhaíochtaí eagraíochtaí aitheanta nó ar iarrthóirí ionchasacha ar aitheantas.

(18)

Ba cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar eagraíochtaí aitheanta a gcaighdeáin theicniúla a thabhairt cothrom le dáta agus iad a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach d'fhonn na rialacha sábháilteachta a chomhchuibhiú agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear na rialacha idirnáisiúnta chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den Chomhphobal. I gcás ina mbeidh caighdeáin theicniúla eagraíochtaí aitheanta comhionann nó an-chosúil le chéile, ba cheart aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe d'ábhair, do threalamh, agus do chomhpháirteanna a bhreithniú i gcásanna iomchuí agus an caighdeán is éilithí agus is déine á ghlacadh mar shlat tomhais.

(19)

Cé gur cheart do gach eagraíocht aitheanta a bheith freagrach, i bprionsabal, go leithleach agus go heisiatach i ndáil leis na páirteanna a dheimhníonn sí, leanfaidh dliteanas eagraíochtaí aitheanta agus monaróirí na coinníollacha comhaontaithe nó, de réir mar a bheidh, an dlí is infheidhme i ngach cás aonair.

(20)

Ós rud é gur bunghléasanna chun tionóiscí ar muir a chosc iad an trédhearcacht agus an malartú faisnéise idir páirtithe leasmhara, chomh maith le ceart an phobail rochtain a bheith aige ar fhaisnéis, ba cheart d'eagraíochtaí aitheanta gach faisnéis reachtúil is ábhartha maidir le staid na long ina n-aicme a chur ar fáil d'údaráis rialaithe Stát an chalafoirt agus ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.

(21)

D'fhonn cosc a chur ar athrú aicme ag longa chun an obair deisiúcháin atá riachtanach a sheachaint, ba cheart d'eagraíochtaí aitheanta gach faisnéis ábhartha a mhalartú eatarthu féin maidir le staid long a athraíonn aicme agus ba cheart dóibh an Bratstát a thabairt isteach sa scéal nuair is gá.

(22)

Níor cheart go gcuirfeadh cosaint do chearta maoine intleachtúla longchlós, soláthraithe trealaimh ná uinéirí loinge isteach ar ghnáth-idirbhearta gnó ná ar sheirbhísí a bhfuil comhaontú conarthach déanta ina leith idir na páirtithe sin.

(23)

Ba cheart go soláthródh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 (6) an tacaíocht is gá chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú.

(24)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta a bhunú a bheidh le leanúint ag eagraíochtaí, is eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa Chomhphobal, a gcuirtear cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniú long de chúram orthu, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(25)

Leagtar síos na bearta a bheidh le leanúint ag na Ballstáit ina gcaidreamh leis na heagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge i dTreoir .../.../CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí iomchuí lucht riaracháin muirí (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an Rialachán seo na bearta a leanfaidh eagraíochtaí a gcuirtear cigireacht long, suirbhéireacht long agus deimhniú long de chúram orthu comhlíonadh na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht ar muir agus le truailliú muirí a chosc a áirithiú, agus an cuspóir saoirse a bheith ann chun seirbhísí a sholáthar á chur chun cinn san am céanna. Áiríonn an méid sin forbairt agus cur chun feidhme na gceanglas sábháilteachta do chabhail, d'innealra, agus do shuiteálacha leictreonacha agus rialaithe long a thagann faoi raon feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘long’

long a thagann faoi raon feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta;

(b)

ciallaíonn ‘coinbhinsiúin idirnáisiúnta’

an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir an 1 Samhain 1974 (SOLAS 74) cé is moite de chaibidil XI-2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte an 5 Aibreán 1966 agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta chun Truailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (MARPOL), mar aon leis na prótacail a ghabhann leo agus na leasuithe a rinneadh orthu, agus na cóid ghaolmhara um stádas éigeantach i ngach Ballstát, ina leagan cothrom le dáta;

(c)

ciallaíonn ‘eagraíocht’

eintiteas dlíthiúil, a fhochuideachtaí agus aon eintitis eile faoina rialú, a chuireann cúraimí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcrích i gcomhpháirt nó go leithleach;

(d)

ciallaíonn ‘rialú’

chun críche phointe (c), cearta, conarthaí nó aon bhealach eile, de jure de facto, a thugann deis, go leithleach nó i dteannta a chéile, tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas dlíthiúil nó a chumasaíonn don eintiteas sin cúraimí a chur i gcrích a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(e)

ciallaíonn ‘eagraíocht aitheanta’

eagraíocht a aithnítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f)

ciallaíonn ‘údarú’

gníomh trína ndeonaíonn Ballstát údarú nó trína dtarmligeann Ballstát cumhachtaí chuig eagraíocht aitheanta;

(g)

ciallaíonn ‘deimhniú reachtúil’

deimhniú arna eisiúint ag Bratstát nó thar a cheann i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta;

(h)

ciallaíonn ‘rialacha agus nósanna imeachta’

ceanglais eagraíochta aitheanta maidir le dearadh, tógáil, trealmhú, cothabháil agus suirbhéireacht long;

(i)

ciallaíonn ‘deimhniú aicme’

doiciméad arna eisiúint ag eagraíocht aitheanta lena ndeimhnítear inniúlacht loinge do chríoch ar leith nó do sheirbhís ar leith i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leag an eagraíocht aitheanta sin síos agus a phoibligh sí;

(j)

ciallaíonn ‘suíomh’

áit oifig chláraithe, riarachán lárnach nó príomháit ghnó eagraíochta.

Airteagal 3

1.   Na Ballstáit ar mian leo údarú a dheonú d'aon eagraíocht nach n-aithnítear go fóill, cuirfidh siad iarraidh ar aitheantas faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le faisnéis chomhiomlán faoin gcaoi a bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus fianaise ar an méid sin, agus le faisnéis chomhiomlán faoin gceanglas forálacha Airteagal 8(4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chomhlíonadh agus faoina gealltanas go ndéanfaidh sí amhlaidh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus na Ballstáit faoi seach a mbeidh an iarraidh á tíolacadh acu, measúnuithe ar na heagraíochtaí a bhfuarthas an iarraidh ar aitheantas ina leith d'fhonn a fhíorú go bhfuil ceanglais mhír 1 á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí agus go ngeallann siad go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), diúltóidh an Coimisiún aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí a mhainneoidh na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh nó a mheasfar gur bagairt dho-ghlactha ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol í a bhfeidhmiúlacht ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 14.

Airteagal 4

1.   Deonóidh an Coimisiún aitheantas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2.   Ní dheonófar aitheantas ach amháin d'eagraíochtaí a chomhlíonfaidh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Deonófar aitheantas don eintiteas dlíthiúil ábhartha arb é máthaireintiteas na n-eintiteas dlíthiúil uile atá san eagraíocht aitheanta é. Cumhdóidh an t-aitheantas gach eintiteas dlíthiúil a rannchuideoidh lena áirithiú go gcuirfidh an eagraíocht sin cumhdach ar fáil dá sheirbhísí ar fud an domhain.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), an t-aitheantas a theorannú i ndáil le cineálacha áirithe long, longa de mhéid áirithe, ceirdeanna áirithe nó teaglaim díobh sin i gcomhréir le hinniúlacht chruthaithe agus le saineolas cruthaithe na heagraíochta lena mbaineann. I gcás den sórt sin, sonróidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an teorannú agus na coinníollacha faoina gcuirfear deireadh leis an teorannú nó faoina bhféadfar an teorannú a leathnú. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an teorannú tráth ar bith.

5.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí aitheanta i gcomhréir leis an Airteagal seo agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go rialta é. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur mhainnigh eagraíocht aitheanta na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó a hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, nó go bhfuil feidhmiúlacht sábháilteachta agus feidhmiúlacht coiscthe truaillithe eagraíochta aitheanta imithe go suntasach chun donais, ach nach ionann é seo, áfach, agus bagairt dho-ghlactha ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol, ceanglóidh an Coimisiún ar an eagraíocht aitheanta lena mbaineann tabhairt faoin ngníomh coisctheach feabhais is gá laistigh de spriocdhátaí a shonrófar lena áirithiú go bhfuil na critéir íosta agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh ina n-iomláine agus, go háirithe, go gcuirfear deireadh le haon bhagairt a d'fhéadfadh a bheith ann ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol, nó go rachfar i ngleic ar shlí eile leis na cúiseanna atá leis an bhfeidhmiúlacht a bheith ag dul chun donais.

Féadfar bearta idirthréimhseacha cosanta a chur san áireamh sa ghníomh coisctheach feabhais nuair is bagairt láithreach í an bhagairt a d'fhéadfadh a bheith ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol.

Tabharfaidh an Coimisiún, áfach, fógra roimh ré maidir leis na bearta a bheartaíonn sé a ghlacadh do na Ballstáit uile a dheonaigh údarú don eagraíocht aitheanta lena mbaineann, agus sin gan dochar do chur chun feidhme láithreach na mbeart sin.

Airteagal 6

1.   De bhreis ar na bearta a glacadh faoi Airteagal 5, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12(2), fíneálacha a ghearradh ar eagraíocht aitheanta:

(a)

a nochtann a mainneachtain thromhchúiseach nó a mainneachtain arís agus arís eile na critéir íosta a shonraítear in Iarscríbhinn I nó a hoibleagáidí faoi Airteagal 8(4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chomhlíonadh nó a nochtann a feidhmiúlacht atá ag dul chun donais go bhfuil easnaimh tromchúiseacha ar a struchtúr, ar a córais, ar a nósanna imeachta nó ar a rialuithe inmheánacha;

(b)

a thug faisnéis mhíchruinn, faisnéis easpach nó faisnéis mhíthreorach d'aon turas don Choimisiún i gcúrsa a mheasúnaithe de bhun Airteagal 8(1) nó a chuir bac ar aon bhealach eile ar an measúnú sin.

2.   Gan dochar do mhír 1, i gcás ina mainneoidh eagraíocht aitheanta an gníomh coisctheach feabhais a éilíonn an Coimisiún a dhéanamh, nó i gcás ina dtabhóidh sé moilleanna nach féidir a chosaint, féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar an eagraíocht sin go dtí go mbeidh an gníomh a cheanglaítear a dhéanamh curtha i gcrích go hiomlán.

3.   Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 athchomhairleach agus comhréireach le tromchúis an cháis agus le hinniúlacht eacnamaíoch na heagraíochta aitheanta lena mbaineann, ag cur san áireamh, go háirithe, a mhéid a cuireadh as don tsábháilteacht nó do chaomhnú an chomhshaoil.

Ní ghearrfar iad go dtí go mbeidh deis tugtha don eagraíocht aitheanta agus do na Ballstáit lena mbaineann a mbarúlacha a thíolacadh.

Ní rachaidh méid comhlán na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar thar 5 % de mheánláimhdeachas foriomlán na heagraíochta aitheanta sna trí bliana gnó roimhe sin as na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

4.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ina mbeidh fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil socraithe ag an gCoimisiún. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearrfar a chealú, a ísliú, nó mhéadú.

Airteagal 7

1.   Déanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta a tharraingt siar:

(a)

i gcás inarb ionann agus bagairt dho-ghlactha ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol í a mainneachtain thromchúiseach arís agus arís eile na critéir íosta a shonraítear in Iarscríbhinn I nó a hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b)

i gcás in arb ionann agus bagairt dho-ghlactha ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol é a mainneachtain thromchúiseach arís agus arís eile ina feidhmiúlacht sábháilteachta agus ina feidhmiúlacht coiscthe truaillithe;

(c)

i gcás ina gcoisceann nó ina gcuireann sí bac arís agus arís eile ar mheasúnú an Choimisiúin;

(d)

i gcás ina dteipeann uirthi na fíneálacha agus/nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a íoc; nó

(e)

i gcás ina bhféachann sí le cumhdach airgeadais nó aisíocaíocht a fháil ar aon fhíneálacha a gearradh uirthi de bhun Airteagal 6.

2.   Chun críche phointe (a) agus phointe (b) de mhír 1, déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar bhonn na faisnéise uile a bheidh ar fáil, lena n-áirítear:

(a)

torthaí a mheasúnaithe féin ar an eagraíocht aitheanta lena mbaineann de bhun Airteagal 8(1);

(b)

tuarascálacha arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 10 de Threoir .../...CE;

(c)

anailísí ar thaismí a raibh baint ag longa arna n-aicmiú ag na heagraíochtaí aitheanta leo;

(d)

aon atarlú de na heasnaimh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1);

(e)

a mhéid a dhéanfar difear don fhlít in aicme na heagraíochta aitheanta; agus

(f)

mí-éifeachtacht na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an cinneadh an t-aitheantas a tharraingt siar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus tar éis an deis a thabhairt don eagraíocht aitheanta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh.

Airteagal 8

1.   Déanfaidh an Coimisiún, mar aon leis an mBallstát a thíolaic an iarraidh ábhartha ar aitheantas, measúnú ar gach eagraíocht aitheanta ar bhonn rialta agus ar a laghad uair sa dá bhliain d'fhonn a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh aici. Teorannófar an measúnú do ghníomhaíochtaí sin na n-eagraíochtaí aitheanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Le linn dó na heagraíochtaí aitheanta a roghnú don mheasúnú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar fheidhmiúlacht sábháilteachta agus ar fheidhmiúlacht coiscthe truaillithe na heagraíochta, ar na taifid ar thaismí agus ar na tuarascálacha arna gcur ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir .../...CE.

3.   Féadfaidh cuairt ar bhrainsí réigiúnacha na n-eagraíochtaí aitheanta a bheith i gceist leis an measúnú, mar aon le cigireacht randamach ar longa, idir longa i seirbhís agus longa a bheidh á dtógáil, chun iniúchadh a dhéanamh ar fheidhmiúlacht na heagraíochta aitheanta. Sa chás seo, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ina bhfuil an brainse réigiúnach lonnaithe ar an eolas, i gcás inar iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do na Ballstáit maidir le torthaí an mheasúnaithe.

4.   Ar bhonn bliantúil, cuirfidh gach eagraíocht aitheanta torthaí na hathbhreithnithe bainistíochta a dhéanfaidh sí ar a córas cáilíochta ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

Airteagal 9

1.   Áiritheoidh eagraíochtaí aitheanta go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis is gá chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1). Ní fhéadfar aon chlásáil conarthacha a agairt chun an rochtain sin a shrianadh.

2.   Áiritheoidh eagraíochtaí aitheanta ina gconarthaí le húinéirí nó le hoibreoirí loinge chun deimhnithe reachtúla nó deimhnithe aicme a eisiúint do long go ndéanfar an eisiúint sin ar an gcoinníoll nach gcuirfidh na páirtithe i gcoinne chigirí an Choimisiún dul ar bord na loinge sin chun críocha Airteagal 8(1).

Airteagal 10

1.   Rachaidh na heagraíochtaí aitheanta i gcomhairle lena chéile go tréimhsiúil d'fhonn coibhéis a chothabháil agus d'fhonn a rialacha agus a nósanna imeachta agus cur chun feidhme na rialacha agus na nósanna imeachta sin a chomhchuibhiú. Comhoibreoidh siad lena chéile d'fhonn léirmhíniú comhsheasmhach ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaint amach, gan dochar do chumhachtaí na mBratstát. Déanfaidh eagraíochtaí aitheanta comhaontú, i gcásanna iomchuí, maidir leis na coinníollacha teicniúla agus nós imeachta faoina dtabharfaidh siad aitheantas frithpháirteach do na deimhnithe d'ábhair, do threalamh agus do chomhpháirteanna, bunaithe ar chaighdeáin choibhéiseacha, agus na caighdeáin is éilithí agus is déine á nglacadh mar shlat tomhais acu.

I gcás nach bhféadfar comhaontú a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach ar chúiseanna tromchúiseacha sábháilteachta, sonróidh na heagraíochtaí aitheanta na cúiseanna atá leis sin go soiléir.

I gcás ina bhfaighidh eagraíocht aitheanta amach, trí chigireacht nó ar bhealach eile, nach gcomhlíonann ábhar, píosa trealaimh nó comhpháirt a deimhniú, féadfaidh an eagraíocht sin údarú chun an t-ábhar sin, an píosa trealaimh sin nó an chomhpháirt sin a chur ar bord a dhiúltú. Cuirfidh an eagraíocht aitheanta na heagraíochtaí aitheanta eile ar an eolas, láithreach, agus luafar na cúiseanna atá leis an diúltú.

Chun críche aicmiú a dhéanamh, tabharfaidh eagraíochtaí aitheanta aitheantas do dheimhnithe ar threalamh muirí a bhfuil an stiúirmharc orthu i gcomhréir le Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le trealamh muirí (8).

Cuirfidh siad tuarascálacha tréimhsiúla ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le dul chun cinn bunúsach maidir le caighdeáin agus maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe d'ábhar, do threalamh agus do chomhpháirteanna.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin … (9), a bheidh bunaithe ar staidéar neamhspleách, maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i bpróiseas comhchuibhithe na rialacha agus na nósanna imeachta agus maidir le haitheantas frithpháirteach ar dheimhnithe d'ábhair, do threalamh agus do chomhpháirteanna.

3.   Comhoibreoidh na heagraíochtaí aitheanta le lucht riaracháin rialaithe Stáit an chalafoirt i gcás lena mbaineann long dá n-aicme, go háirithe d'fhonn ceartú easnamh a thuairiscítear nó ceartú neamhréireachtaí eile a éascú.

4.   Soláthróidh na heagraíochtaí aitheanta gach faisnéis ábhartha do lucht riaracháin na mBallstát uile a bhfuil aon cheann de na húdaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir .../.../CE deonaithe acu agus don Choimisiún, maidir lena bhflít aicmithe, le haistrithe, le hathruithe, agus maidir le haicme a fhionraí agus a tharraingt siar, beag beann ar an mbratach faoina bhfuil na longa.

Fáisnéis maidir le haistrithe, le hathruithe, le fionraí agus tarraingt siar aicme, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na suirbhéireachtaí uile atá thar téarma, leis na moltaí uile atá thar téarma, leis na coinníollacha aicme uile, leis na coinníollacha oibriúcháin uile nó leis na srianta oibriúcháin uile a eisíodh i gcoinne a longa aicmithe — beag beann ar an mbratach faoina bhfuil na longa — cuirfear ar aghaidh go leictreonach freisin í chuig an gcomhbhunachar sonraí cigireachta a úsáideann na Ballstáit chun Treoir .../.../CE a chur chun feidhme an tráth céanna a dtaifeadfar laistigh de chórais na heagraíochta aitheanta í agus, i ngach cás, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis thitim amach don teagmhas ba chúis leis an oibleagáid chun an fhaisnéis a chur in iúl. Foilseofar an fhaisnéis sin, seachas moltaí agus coinníollacha aicme nach bhfuil thar téarma, ar láithreán gréasáin na n-eagraíochtaí aitheanta seo.

5.   Ní eiseoidh na heagraíochtaí aitheanta deimhnithe reachtúla do long, beag beann ar a bratach, ar baineadh a haicme di nó do long atá ag athrú a haicme ar chúiseanna sábháilteachta, sula dtabharfar deis d'údarás inniúil an Bhratstáit a thuairim a nochtadh laistigh d'am réasúnach faoi cibé an bhfuil cigireacht iomlán riachtanach.

6.   I gcásanna ina ndéanfar aicme a aistriú ó eagraíocht aitheanta amháin go ceann eile, tabharfaidh an eagraíocht aistritheach comhad iomlán staire na loinge don eagraíocht fála, gan aon mhoill mhíchuí, agus cuirfidh sé í ar an eolas, go háirithe, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon suirbhéanna a bheidh thar téarma;

(b)

aon mholtaí agus coinníollacha aicme a bheidh thar téarma;

(c)

coinníollacha oibriúcháin a eisíodh i gcoinne na loinge; agus

(d)

srianta oibriúcháin a eisíodh i gcoinne na loinge.

Ní fhéadfaidh an eagraíocht fála deimhnithe nua a eisiúint don long ach amháin tar éis do gach suirbhé a bheidh thar téarma a bheith comhlánaithe go sásúil agus tar éis do gach moladh a bheidh thar téarma nó gach coinníoll aicme a eisíodh roimhe sin i ndáil leis an long a bheith comhlánaithe de réir mar a bheidh sonraithe ag an eagraíocht aistritheach.

Sula n-eiseofar na deimhnithe, caithfidh an eagraíocht fála fógra a thabhairt don eagraíocht aistritheach maidir le dáta eisiúna na ndeimhnithe, mar aon le dearbhú a thabhairt i ndáil leis an dáta, an áit agus an gníomh a rinneadh chun gach suirbhé, gach moladh agus gach coinníoll aicme a bheidh thar téarma a shásamh.

Bunóidh eagraíochtaí aitheanta ceanglais chomhchoiteanna iomchuí maidir le cásanna aistrithe aicme i gcásanna ina mbeidh gá le réamhchúraimí speisialta agus cuirfidh siad chun feidhme iad. Cuimseoidh na cásanna sin, ar a laghad, aistriú aicme i gcás long a bhfuil 15 bliana d'aois nó níos mó acu agus aistriú ó eagraíocht neamh-aitheanta chuig eagraíocht aitheanta.

Comhoibreoidh eagraíochtaí aitheanta lena chéile chun forálacha na míre seo a chur chun feidhme mar is cuí.

Airteagal 11

1.   Faoi ... (10), déanfaidh na heagraíochtaí aitheanta Córas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta neamhspleách a chur ar bun agus a chothabháil i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisúnta is infheidhme, ina bhféadfaidh na cumainn ghairmiúla ábhartha atá ag gníomhú sa tionscal loingis a bheith rannpháirteach i gcáil chomhairleach.

2.   Cuirfidh an Córas Measúnuithe agus Deimhnithe Cáilíochta na cúraimí seo a leanas i gcrích:

(a)

measúnú tréimhsiúil ar chórais bainistíochta cáilíochta eagraíochtaí aitheanta, i gcomhréir le critéir i leith caighdeáin cáilíochta ISO 9001;

(b)

deimhniú ar chórais bainistíochta cáilíochta eagraíochtaí aitheanta, lena n-áirítear eagraíochtaí ar iarradh aitheantas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3;

(c)

léirmhínithe ar chaighdeáin bainistíochta cáilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta a eisiúint, go háirithe d'fhonn gnéithe sonracha de chineál agus d'oibleagáidí eagraíochtaí aitheanta a chur san áireamh; agus

(d)

moltaí leithleacha agus moltaí comhpháirteacha a tharraingt suas chun nósanna imeachta agus meicníochtaí inmheánacha rialaithe eagraíochtaí aitheanta a fheabhsú.

3.   Beidh an rialachas agus na hinniúlachtaí is gá ag an gCóras Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta chun gníomhú go neamhspleách ar na heagraíochtaí aitheanta agus beidh na hacmhainní is gá aige chun a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích go héifeachtúil agus ar na caighdeáin ghairmiúla is airde. Leagfaidh an Córas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta síos a mhodhanna oibre agus a rialacha nós imeachta.

4.   Glacfaidh an Córas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta plean oibre bliantúil.

5.   Féadfaidh an Córas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta cúnamh a iarraidh ó chomhlachtaí measúnaithe cáilíochta seachtracha eile.

6.   Cuirfidh an Córas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta faisnéis iomlán ar fáil maidir lena phleananna oibre bliantúla do na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear na Bratstáit agus an Coimisiún, mar aon le faisnéis iomlán maidir lena fhionnachtana agus lena mholtaí, go háirithe maidir le teagmhais ina bhféadfadh sé gur cuireadh as don tsábháilteacht.

7.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú tréimhsiúil ar an gCóras Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta.

8.   Tuairisceoidh an Coimisiún chuig na Ballstáit maidir le torthaí a mheasúnaithe agus maidir leis an méid a eascróidh as a mheasúnú.

Airteagal 12

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 (11), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 13

1.   Féadfar an Rialachán seo a leasú, gan a raon feidhme a leathnú, d'fhonn na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta, agus cinntí ábhartha an IMO, go háirithe, á gcur san áireamh.

Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

2.   Féadfar leasuithe ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta a shainmhínítear in Airteagal 2(b) den Rialachán seo a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002.

Airteagal 14

1.   Glacfaidh agus foilseoidh an Coimisiún:

(a)

na critéir chun éifeachtúlacht na rialacha agus na nósanna imeachta fara le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta maidir le sábháilteacht a long aicmithe, agus maidir le cosc ar thruailliú óna longa aicmithe, a thomhas agus aird ar leith á tabhairt ar na sonraí a chuir Meabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú Stát an Chalafoirt agus/nó scéimeanna comhchosúla eile ar fáil; agus

(b)

na critéir a úsáidfear chun a chinneadh cén uair ar chóir an fheidhmiúlacht sin a mheas mar bhagairt dho-ghlactha ar an tsábháilteacht nó ar an gcomhshaol, lena bhféadfar cúinsí sonracha a chur san áireamh a dhéanann difear d'eagraíochtaí beaga nó d'eagraíochtaí atá thar a bheith speisialaithe.

Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

2.   Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i ndáil le hAirteagal 6 agus, más iomchuí, le Airteagal 7, a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

3.   Gan dochar do chur i bhfeidhm láithreach na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), rialacha a ghlacadh maidir lena léirmhíniú agus féadfaidh sé bunú cuspóirí a bhreithniú do na critéir ghinearálta íosta dá dtagraítear i bpointe 3, Cuid A d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 15

1.   Na heagraíochtaí sin a mbeidh aitheantas deonaithe dóibh i gcomhréir le Treoir 94/57/CE, an tráth a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, coinneoidh siad a n-aitheantas, faoi réir fhorálacha mhír 2.

2.   Gan dochar d'Airteagal 5 ná d'Airteagal 7, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar gach aitheantas teoranta arna dheonú faoi Threoir 94/57/CE i bhfianaise Airteagal 4(3) den Rialachán seo faoin … (12), d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), cibé acu an ndéanfar teorainneacha eile a chur in áit na dteorainneacha atá ann nó deireadh a chur leo. Leanfaidh na teorainneacha d'fheidhm a bheith acu go dtí an tráth a mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún.

Airteagal 16

I gcúrsa an mheasúnaithe de bhun Airteagal 8(1), fíoróidh an Coimisiún gurb é sealbhóir an aitheantais an t-eintiteas dlítheanach ábhartha laistigh den eagraíocht a mbeidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis. Murar amhlaidh sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena leasófar an t-aitheantas sin.

I gcás ina leasóidh an Coimisiún an t-aitheantas, cuirfidh na Ballstáit a gcomhaontaithe leis an eagraíocht aitheanta in oiriúint chun an leasú a chur san áireamh.

Airteagal 17

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhonn débhliantúil, faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 18

Déanfar tagairtí do Threoir 94/57/CE i ndlí an Chomhphobail agus sa dlí náisiúnta a fhorléiriú, de réir mar is cuí, mar thagairtí arna ndéanamh don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 19

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 318, 23.12.2006, lch. 195.

(2)  IO C 229, 22.09.2006, lch. 38.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2007 (IO C 74 E, 20.3.2008, lch. 632), Comhsheasamh ón gComhairle an 6.6.2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 319, 12.12.1994, lch. 20. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2002/84/CE (IO L 324, 29.11.2002, lch. 53).

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(6)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1891/2006, (IO L 304, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  IO L …

(8)  IO L 46, 17.2.1997, lch. 25. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2002/84/CE (IO L 324, 29.11.2002, lch. 53).

(9)  IO: Cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

(10)  IO: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

(11)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 93/2007 ón gCoimisiún (IO L 22, 31.1.2007, lch. 12).

(12)  IO: Dhá mhí dhéag tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN I

CRITÉIR ÍOSTA d'EAGRAÍOCHTAÍ

(DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3)

A.   CRITÉIR ÍOSTA GINEARÁLTA

1.

Caithfidh pearsantacht dhlítheanach a bheith ag eagraíocht aitheanta sa Stát ina bhfuil sí lonnaithe. Deimhneoidh iniúchóirí neamhspleácha a cuntais.

2.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta a bheith in ann a chruthú ar bhonn doiciméad go bhfuil taithí fhairsing aici i réimse an mheasúnaithe ar dhearadh agus tógáil long ceannaíochta.

3.

Caithfidh foireann bainistíochta, theicniúil, tacaíochta agus taighde shuntasach a bheith i gcónaí ag an eagraíocht aitheanta, a bheidh comhréireach le méid na flíte ina haicme, le comhdhéanamh na heagraíochta agus le méid a rannpháirtíochta i dtógáil agus in oiriúnú long. Caithfidh sé a bheith ar chumas na heagraíochta aitheanta an acmhainn agus an fhoireann a shannadh chuig gach áit oibre nuair is gá agus dé réir mar is gá, de réir na gcúraimí a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir leis na critéir ghinearálta íosta faoi phointe 6 agus faoi phointe 7 agus leis na critéir shonracha íosta faoi chuid B.

4.

Caithfidh a thacar féin rialacha agus nósanna imeachta cuimsitheacha a bheith ag an eagraíocht aitheanta, agus é a chur i bhfeidhm, nó a bheith in ann an cumas chuige sin a léiriú, do dhearadh, do thógáil agus do shuirbhéireacht thréimhsiúil ar longa ceannaíochta a bhfuil cáilíocht caighdeán a aithnítear go hidirnáisiúnta acu. Caithfear iad a fhoilsiú agus caithfear iad a uasghrádú agus a fheabhsú go leanúnach trí chláir taighde agus forbartha.

5.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta a clár long a chur á fhoilsiú ar bhonn bliantúil nó cothabháil a chur á déanamh air ar bhunachar sonraí leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air.

6.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta gan a bheith faoi rialú úinéirí loinge ná tógálaithe loinge, ná daoine eile a bhíonn ag gabháil ar bhonn trachtála do mhonarú, do threalmhú, do dheisiú nó d'oibriú long. Ní bheidh an eagraíocht aitheanta ag brath go mór ar fhiontar trachtála amháin dá hioncam. Ní thabharfaidh an eagraíocht aitheanta faoi obair aicmithe nó faoi obair reachtúil más é féin úinéir nó oibreoir na loinge nó má tá naisc ghnó, naisc phearsanta nó naisc teaghlaigh aige le húinéir na loinge nó le hoibreoir na loinge. Beidh an neamhluí seo i bhfeidhm freisin maidir le suirbhéirí a bheidh fostaithe ag an eagraíocht aitheanta.

7.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta oibriú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún A.789(19) an IMO i ndáil le sonraíochtaí maidir le feidhmeanna suirbhéireachta agus deimhnithe eagraíochtaí aitheanta a bheidh ag gníomhú thar ceann an lucht riaracháin, a mhéid a chumhdóidh siad ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

B.   CRITÉIR SHONRACHA ÍOSTA

1.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta cumhdach domhanda a sholáthar trína suirbhéirí eisiacha féin, nó i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, trí shuirbhéirí eisiacha eagraíochtaí aitheanta eile.

2.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta a bheith rialaithe le cód eitice.

3.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta a bheith á bainistiú agus á rialú ar bhealach a áirithíonn rúndacht na faisnéise a cheanglaíonn an lucht riaracháin a thabhairt.

4.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta faisnéis ábhartha a sholáthar don lucht riaracháin, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara.

5.

Déanfaidh an eagraíocht aitheanta, a suirbhéirí agus a foireann teicniúil a gcuid oibre gan dochar a dhéanamh ar bhealach ar bith do chearta maoine intleachtúla longchlós, soláthraithe trealaimh, agus úinéirí loinge, lena n-áirítear paitinní, ceadúnais, fios gnó nó aon chineál eolais a mbeidh cosaint dlí ag a húsáid ar leibhéal an Chomhphobail nó ar an leibhéal náisiúnta; ní fhéadfaidh an eagraíocht aithenata ná na suirbhéirí ná an fhoireann theicniúil a bheidh fostaithe aici, faoi chúinse ar bith, agus gan dochar do chumhachtaí measúnaithe na mBallstát agus an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 9, aon sonraí a bheidh ábhartha ó thaobh na trachtála agus a gheobhaidh siad i gcúrsa na hoibre a dhéanfaidh siad agus cigireacht, seiceáil agus monatóireacht á ndéanamh acu ar longa a bheidh á dtógáil nó á ndeisiú, a chur ar aghaidh nó a sceitheadh.

6.

Caithfidh bainistíocht na heagraíochta aitheanta a beartas agus a cuspóirí a shainmhíniú agus doiciméadú a dhéanamh orthu, maidir leis an gcáilíocht agus maidir lena tiomantas don cháilíocht, agus caithfidh an eagraíocht a áirithiú go dtuigtear an beartas seo, go gcuirtear chun feidhme é agus go ndéantar cothabháil air ar gach leibhéal san eagraíocht. Caithfidh beartas na heagraíochta aitheanta tagairt do spriocanna agus do tháscairí feidhmiúlachta maidir leis an tsábháilteacht agus maidir leis an truailliú a chosc.

7.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbunaítear agus go gcothabháiltear a rialacha agus a nósanna imeachta ar bhealach córasach;

(b)

go gcomhlíontar a rialacha agus a nósanna imeachta agus go gcuirtear córas inmheánach i bhfeidhm chun cáilíocht na seirbhíse a thomhas i ndáil leis na rialacha sin agus leis na nósanna imeachta sin;

(c)

go bhfuil ceanglais na hoibre reachtúla a údaraítear don eagraíocht aitheanta a dhéanamh á gcomhlíonadh agus go bhfuil córas inmheánach ann chun cáilíocht na seirbhíse a thomhas i ndáil le comhlíonadh na gcoinbhinsiún idirnáisúnta;

(d)

go sainítear freagrachtaí, cumhachtaí agus idirchaidreamh na foirne a ndéanann a cuid oibre difear do cháilíocht sheirbhísí na heagraíochta aitheanta agus go ndéantar doiciméadú orthu;

(e)

go gcuirtear an obair uile i gcrích faoi choinníollacha rialaithe;

(f)

go bhfuil córas maoirseachta i bhfeidhm a dhéanann monatóireacht ar na gníomhartha agus ar an obair a dhéanann na suirbhéirí agus an fhoireann theicniúil agus riaracháin atá fostaithe ag an eagraíocht aitheanta;

(g)

go bhfuil eolas cuimsitheach ag na suirbhéirí ar chineál sonrach na loinge a bhfuil a gcuid oibre á déanamh acu uirthi, de réir mar a bheidh sé ábhartha maidir leis an suirbhé sonrach atá le déanamh agus maidir leis na ceanglais ábhartha is infheidhme;

(h)

go bhfuil córas á chur chun feidhme do cháiliú suirbhéirí agus chun an t-eolas atá acu a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach;

(i)

go gcoinnítear taifid a léiríonn gur baineadh amach na caighdeáin a cheanglaítear a bhaint amach sna míreanna a chumhdaíonn na seirbhísí a dhéantar, chomh maith le hoibriú éifeachtúil an chórais cáilíochta;

(j)

go gcoinnítear sna suímh uile córas cuimsitheach d'iniúchtaí inmheánacha, a phleanáiltear agus a ndéantar doiciméadú orthu, ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcáilíocht;

(k)

maidir leis na suirbhéanna reachtúla agus na cigireachtaí a cheanglaítear leis an gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe a dhéanamh agus a údaraítear don eagraíocht aitheanta a dhéanamh, go ndéantar iad i gcomhréir leis an bhforáil a leagtar amach san Iarscríbhinn agus san Aguisín a ghabhann le Rún A.948(23) an IMO ar Threoirlínte Suirbhé faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe;

(l)

go mbunaítear línte soiléire freagrachta agus rialaithe idir oifigí lárnacha agus oifigí réigiúnacha na heagraíochta aitheanta agus idir na heagraíochtaí aitheanta agus a suirbhéirí.

8.

Caithfidh córas cáilíochta inmheánach éifeachtúil a bheith forbartha, curtha chun feidhme agus á chothabháil ag an eagraíocht aitheanta, a bheidh bunaithe ar chodanna iomchuí de na caighdeáin cháilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta agus i gcomhréir le EN ISO/IEC 17020:2004 (comhlachtaí cigireachta) agus le EN ISO 001:2000 (córais bainistíochta cáilíochta, ceanglais), arna léiriú agus arna ndeimhniú leis an gCóras Measúnaithe Cáilíochta agus Deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

9.

Caithfear rialacha agus nósanna imeachta na heagraíochta aitheanta a chur chun feidhme ar bhealach a fhágann go leanann sé de bheith ar chumas na heagraíochta dearbhú iontaofa oibiachtúil maidir le sábháilteacht na long lena mbaineann a thabhairt a dhíorthaíonn ón eolas atá aici féin go díreach agus óna breithiúnas féin, trí dheimhnithe aicme ar féidir deimhnithe reachtúla a eisiúint ar a mbonn.

10.

Caithfidh an acmhainn is gá a bheith ag an eagraíocht aitheanta chun measúnú a dhéanamh, trí úsáid a bhaint as foireann cháilithe ghairmiúil agus de bhun na bhforálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún A.913(22) an IMO i ndáil le Treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistiú Sabháilteachta (ISM) ag lucht riaracháin, ar chur i bhfeidhm agus ar chothabháil an chórais bainistíochta sábháilteachta, ar tír agus ar bord loinge araon, a bheartaítear a chumhdach leis an deimhniú.

11.

Caithfidh an eagraíocht aitheanta a cheadú d'ionadaithe an lucht riaracháin agus d'ionadaithe pháirtithe eile lena mbaineann a bheith rannpháirteach i bhforbairt a rialacha agus a nósanna imeachta.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 94/57/CE

Treoir .../.../CE*

An Rialachán seo:

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(b)

-

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(c)

-

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(c)

-

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(k)

Airteagal 2(i)

-

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(l)

-

Airteagal 2(k)

-

Airteagal 2(j)

Airteagal 3

Airteagal 3

 

Airteagal 4(1) an chéad abairt

-

-

Airteagal 4(1) an dara abairt

-

-

Airteagal 4(1) an tríú abairt

-

-

Airteagal 4(1) an ceathrú abairt

-

Airteagal 4(1)

-

-

Airteagal 3(3)

-

-

Airteagal 4(2), (3), (4)

-

-

Airteagal 5

-

-

Airteagal 6

-

-

Airteagal 7

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(1)

-

Airteagal 5(3)

Airteagal 4(2)

-

Airteagal 6(1), (2), (3), (4)

Airteagal 5(1), (2), (3), (4)

-

Airteagal 6(5)

-

-

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 12

Airteagal 8(1) an chéad fhleasc

Airteagal 7(1), pointe (a) den chéad fhomhír

-

Airteagal 8(1) an dara fleasc

-

Airteagal 13(1)

Airteagal 8(1) an tríú fleasc

Airteagal 7(1), pointe (b) den chéad fhomhír

-

-

Airteagal 7(1) an dara fomhír

Airteagal 13(1) an dara fomhír

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(2)

-

Airteagal 8(2) an dara fomhír

-

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(1)

-

-

Airteagal 9(2)

-

-

Airteagal 10(1) an friotal tosaigh

Airteagal 8

-

Airteagal 10(1)(a), (b), (c), (2), (3), (4)

-

-

Airteagal 11(1), (2)

Airteagal 9(1),(2)

-

Airteagal 11(3), (4)

-

Airteagal 8(1), (2)

Airteagal 12

Airteagal 10

-

Airteagal 13

-

-

Airteagal 14

Airteagal 11(1), (2)

-

-

Airteagal 11(3)

-

-

Airteagal 12

-

-

-

Airteagal 9

-

-

-

-

-

-

-

-

-

-

-

Airteagal 10(4)

Airteagal 15(4)

-

Airteagal 10(5)

Airteagal 15(5)

-

Airteagal 10(6) an chéad, an dara, an tríú, an cúigiú fomhír

-

-

Airteagal 10(6) an ceathrú fomhír

Airteagal 16

Airteagal 13

-

Airteagal 17

Airteagal 16

-

-

Airteagal 14

-

-

Airteagal 15

-

-

-

Airteagal 11

-

-

Airteagal 14

-

-

Airteagal 15

-

-

Airteagal 16

-

-

Airteagal 17

-

-

Airteagal 18

-

-

Airteagal 19

Iarscríbhinn

-

Iarscríbhinn I

-

-

-

-

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

Faoi chuimsiú nós imeachta na comhchinnteoireachta (Airt. 251 CCE), tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil, an 30 Samhain 2007, maidir le dhá ghníomh dhlíthiúla leithleacha atá bunaithe ar an togra gaolmhar ón gCoimisiún (1): dréacht-Treoir maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí iomchuí lucht riaracháin muirí (athmhúnlú) agus Rialachán maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (athmhúnlú). Baineann an doiciméad seo leis an gcuid sin den togra ón gCoimisiún arb éard í an Rialachán athmhúnlaithe (2).

Tar éis athbhreithnithe dlí agus teanga, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh an 6 Meitheamh 2008.

Agus a seasamh á glacadh aici, chuir an Chomhairle na tuairimí ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (3) agus ó Choiste na Réigiún (4) san áireamh. Cuireadh isteach sa téacs gaolmhar nó léiríodh ann líon mór leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa, a glacadh ar an gcéad léamh an 25 Aibreán 2007 (5), cibé acu is cuid den Treoir nó den Rialachán an téacs de réir sheasamh na Comhairle.

Is é is aidhm don togra athmhúnlú a dhéanamh leasuithe leanúnacha ar Threoir 94/57/CE lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí a dhéanann cigireacht ar longa agus a eisíonn deimhnithe long, ar a dtugtar ‘eagraíochtaí aitheanta’. Thairis sin, leasaítear forálacha ar leith den Treoir atá ann cheana ar mhaithe le simpliú nó comhchuibhiú nó d'fhonn na rialacha reatha a athneartú, e.g. trí rialú eagraíochtaí aitheanta a neartú agus tríd an gcóras pionóis in aghaidh na n-eagraíochtaí sin nach gcomhlíonann na critéir íosta aitheantais a athchóiriú.

II.   ANAILÍS AR AN GCOMHSHEASAMH

a)   Foirm an ghnímh dhlíthiúil

Bhain an phríomhcheist a ardaíodh agus plé á dhéanamh i gcomhlachtaí na Comhairle le foirm an ghnímh dhlíthiúil a bheartaigh an Coimisiún. Ní foláir forálacha éagsúla sa Treoir a bheartaítear a thuiscint mar fhorálacha a dhéanfaidh oibleagáidí a fhorchur go díreach ar dhaoine aonair nó inniúlacht a chineachadh ar an gCoimisiún na hoibleagáidí sin a fhorchur ar dhaoine aonair, sa chás seo ar na heagraíochtaí aitheanta. Dhearbhaigh Seirbhís Dlí na Comhairle an méid seo ina tuairim an 8 Deireadh Fómhair 2007 (doic. 13616/07) inar moladh an gníomh a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin nó, ina mhalairt de chás, na forálacha lena mbaineann a athdhréachtú nó an gníomh a roinnt i dTreoir amháin agus i Rialachán amháin.

Ina comhaontú polaitiúil, d'aontaigh an Chomhairle an téacs a roinnt ina dhá ionstraim ar leith, Treoir agus Rialachán. Folaíonn an Treoir na forálacha a dhírítear chuig na Ballstáit maidir lena gcaidreamh le heagraíochtaí aitheanta agus is sa Rialachán atá na forálacha go léir a bhaineann le haitheantas ar leibhéal an Chomhphobail, i.e. an Coimisiún do thabhairt agus do chúlghairm aitheantais, na hoibleagáidí agus critéir a bheidh le comhlíonadh ag na heagraíochtaí chun go mbeidh siad cáilithe d'aitheantas Comhphobail mar aon le forálacha a bhaineann le smachtbhannaí a d'fhéadfaí a fhorchur ar eagraíochtaí aitheanta a mhainneoidh na hoibleagáidí nó na critéir sin a chomhlíonadh.

b)   Príomhcheisteanna a bhaineann leis an Rialachán

Ar leith ón gcinneadh chun na forálacha go léir a bhaineann le haitheantas Comhphobail d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a chur isteach i Rialachán nua, mheas an Chomhairle gurbh iomchuí na forálacha sin a mhodhnú ar mhaithe le soiléire nó ar bhonn an méid seo a leanas:

1)   Raon feidhme aitheantais agus critéir íosta d'aitheantas

Measann an Chomhairle, faoi mar a mheasann Parlaimint na hEorpa, go bhfuil sé tábhachtach a aibhsiú gur chóir don eagraíocht a dtabharfar aitheantas di seirbhísí a sholáthar ar fud an domhain, beag beann ar a struchtúr corparáideach. I gcás aitheantais theoranta, forálann an comhsheasamh do thrédhearcacht na gcúiseanna atá leis an teorannú agus do choinníollacha a mhodhnaithe. D'fhonn aon íosghrádú ar na critéir íosta don aitheantas a sheachaint, foráiltear leis an gcomhsheasamh go bhféadfar rialacha a shocrú, tríd an nós imeachta coiste, maidir le léiriú na gcritéar sin agus maidir le cuspóirí do na critéir sin, go háirithe i ndáil le líon na gcomhaltaí foirne a fhostóidh na heagraíochtaí aitheanta.

2)   Fíneálacha a ghearradh ar eagraíochtaí aitheanta

I dtuairim na Comhairle, cuirfear na Ballstáit ar an eolas tríd an nós imeachta comhairleach maidir le haon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún chun fíneálacha a ghearradh ar eagraíochtaí aitheanta nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Rialachán.

3)   Rialacha agus nósanna imeachta eagraíochtaí aitheanta a chomhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe arna n-eisiúint acu

Formheasann an Chomhairle an togra ón gCoimisiún go spreagfaí eagraíochtaí aitheanta chun a rialacha agus a nósanna imeachta a chomhchuibhiú tuilleadh agus chun cinneadh a ghlacadh i dtaobh cathain a thabharfaidh siad aitheantas frithpháirteach dá ndeimhnithe d'ábhar, do threalamh agus do chomhpháirteanna. Folaíonn an comhsheasamh, áfach, sraith clásal cosanta. Baineann na clásail chosanta sin le cásanna nach féidir le heagraíochtaí aitheanta teacht ar chomhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach do dheimhnithe nó le cásanna inar dearbhaíodh nach gcomhlíonann ábhar, trealamh nó comhpháirt a dheimhniú nó a deimhniú.

I gcomhréir le Parlaimint na hEorpa, iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur ar fáil maidir leis an leibhéal a bhaintear amach sa phróiseas comhchuibhithe rialacha agus nósanna imeachta eagraíochtaí aitheanta agus maidir le haitheantas frithpháirteach do dheimhnithe arna n-eisiúint acu.

4)   Measúnú agus deimhniú ar chórais bainistíochta cáilíochta na n-eagraíochtaí aitheanta

Aontaíonn an Chomhairle go hiomlán le creat an togra ón gCoimisiún go gcuirfidh eagraíochtaí aitheanta eintiteas ar bun a bheidh freagrach as measúnú agus deimhniú a dhéanamh ar a gcórais bhainistíochta cáilíochta. I gcomhréir leis an leasú ó Pharlaimint na hEorpa, aibhsíonn an Chomhairle sa chomhsheasamh gur chóir é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisúnta is infheidhme agus tar éis comhairle a fháil ó na cumainn ghairmiúla ábhartha atá ag gníomhú sa tionscal loingis.

Is é is aidhm go háirithe do mhodhnuithe breise a dhéanfaidh an Chomhairle ar na forálacha a bhaineann leis an gCóras Measúnaithe Cáilíochta agus Deimhnithe sin sruthlíniú a dhéanamh ar chúraimí an eintitis sin agus a shoiléiriú go gcaithfidh sé an rialachas agus na hinniúlachtaí is gá a bheith aige chun gníomhú go neamhspleách ar na heagraíochtaí aitheanta.

5)   An nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach

I gcomhréir leis an gcinneadh um nós imeachta coiste (6), tugann an Chomhairle an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú isteach ina comhsheasamh d'fhonn an Rialachán a leasú i gcomhréir le leasuithe ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ar na prótacail idirnáisiúnta, ar na cóid idirnáisiúnta agus ar na rúin idirnáisiúnta, d'fhonn na critéir íosta a thabhairt cothrom le dáta agus na critéir a ghlacadh chun éifeachtúlacht na rialacha agus na nósanna imeachta a thomhas chomh maith le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta a thomhas maidir leis an tsábháilteacht agus maidir leis an truailliú a chosc.

III.   LEASUITHE

Ionchorpraítear, leis an gcomhsheasamh, líon mór leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, bíodh sé sin focal ar fhocal, go páirteach nó i bprionsabal: 6, 11, 12, 15, 16, 17, 18, 20, 25, 26, 36, 37, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 50, 52, 53, 54, 55, 56, 59, 60, 61, 62, 64, 66, 68, 69, 71 agus 74. Is minic a bhíonn na forálacha gaolmhara comhsheasmhach leis na leasuithe ach nach mbíonn siad comhionann leo, mar gheall ar oiriúnú riachtanach an téacs a leanann ón mbuntogra a roinnt ina dhá ionstraim ar leith.

Ní fhéadfaí glacadh leis na leasuithe eile toisc go measann an Chomhairle nach bhfuil siad comhsheasmhach le nósanna imeachta an aitheantais Chomhphobail (leasú 14), nach bhfuil siad soiléir nó nach léir go bhfuil gá leo a thuilleadh (leasuithe 19, 23, 57 agus 67) nó nach bhfuil siad comhsheasmhach le cur chuige na Comhairle maidir le heintiteas a chur ar bun a bheidh freagrach as measúnú agus deimhniú a dhéanamh ar chórais bhainistíochta cáilíochta eagraíochtaí aitheanta (leasuithe 63, 65 agus 74 i bpáirt).

IV.   CONCLÚID

Measann an Chomhairle gurb é a comhsheasamh an bealach iomchuí chun forálacha a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt ar leibhéal an Chomhphobail d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge trí Rialachán a ghlacadh, in éineacht le Treoir lena bhforáiltear do bhearta a bheidh le leanúint ag na Ballstáit ina gcaidreamh leis na heagraíochtaí sin.

Is léiriú é téacs an chomhsheasaimh ar líon mór leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa. Tá an Chomhairle ag tnúth le pléití dearfacha le Parlaimint na hEorpa d'fhonn teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir.


(1)  An 30 Eanáir 2006, tharchuir an Coimisiún a thogra le haghaidh Treorach athmhúnlaithe maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí iomchuí lucht riaracháin muirí (doic. 5912/06 MAR 11 ENV 50 CODEC 95).

(2)  Leagtar amach comhsheasamh na Comhairle maidir leis an dréacht-Treoir in doic. 5724/08 agus leagtar amach an ráiteas gaolmhar ar na cúiseanna in doic. 5724/08 ADD 1.

(3)  CESE 1177/2006 an 13.9.2006 (IO C 318, 23.12.2006, lch. 195-201).

(4)  CdR 43/2006 an 15.6.2006 (IO C 229 an 22.9.2006, lch. 38).

(5)  Doic. 8724/07 CODEC 389 MAR 28 ENV 206 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(6)  Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle an 17 Iúil 2006 (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).


29.7.2008   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/17


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 19/2008

a ghlac an Chomhairle an 6 Meitheamh 2008

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2008/C 190 E/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Laistigh de chreat an chomhbheartais iompair, ní mór bearta breise a ghlacadh d'fhonn sábháilteacht muiriompair a fheabhsú. Ar na bearta seo áirítear rialacha dliteanais i leith damáiste a dhéantar do phaisinéirí, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach go n-áiritheofaí leibhéal cuí cúitimh do phaisinéirí a mbíonn tionóiscí acu ar muir.

(2)

Glacadh Prótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir 1974 an 1 Samhain 2002 faoi choimirce na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (EMI). Tá cinneadh á dhéanamh faoi láthair ag an gComhphobal agus ag a Bhallstáit maidir le haontú don Phrótacal sin nó maidir leis an bPrótacal sin a dhaingniú.

(3)

Is maidir le hiompar idirnáisiúnta amháin atá feidhm ag Coinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir 1974, a leasaíodh lena Phrótacal ó 2002 (dá ngairfear ‘Coinbhinsiún na hAithne’ anseo feasta). Táthar tar éis an t-idirdhealú idir iompar náisiúnta agus iompar idirnáisiúnta a dhíchur laistigh den mhargadh inmheánach do sheirbhísí muiriompair agus, dá réir sin, is iomchuí go mbeadh an leibhéal céanna agus an cineál céanna dliteanais ann in iompar idirnáisiúnta agus náisiúnta araon laistigh den Chomhphobal.

(4)

Ghlac Coiste Dlí an EMI Forchoimeádas agus Treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme (dá ngairfear ‘Treoirlínte an EMI’ anseo feasta) an 19 Deireadh Fómhair 2006 d'fhonn díriú ar roinnt ceisteanna i gCoinbhinsiún na hAithne, cúiteamh as damáistí a bhaineann le sceimhlitheoireacht, go háirithe, agus, dá réir sin, is féidir Treoirlínte an EMI a mheas mar lex specialis.

(5)

Ionchorpraítear codanna de na Treoirlínte EMI sa Rialachán seo agus tugtar brí cheangailteach dóibh ann. Chuige sin, ba cheart go dtuigfí, go háirithe, gur ‘beidh’ an bhrí ba cheart a bhaint as ‘ba cheart go mbeadh’ i bhforálacha Threoirlínte an EMI.

(6)

Ba chóir gur i gcomhthéacs reachtaíocht an Chomhphobail a thuigfí forálacha Choinbhinsiún na hAithne (Iarscríbhinn I) agus forálacha Threoirlínte an EMI (Iarscríbhinn II), mutatis mutandis.

(7)

Is faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail Eorpaigh atá na hábhair a fholaítear faoi Airteagail 17 agus 17a de Choinbhinsiún na hAithne, a mhéad a bheidh tionchar ag na hAirteagail sin ar na rialacha a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (4). Sa mhéid sin, beidh an dá fhoráil sin ina gcuid de dhlíchóras an Chomhphobail nuair a aontóidh an Comhphobal Eorpach do Choinbhinsiún na hAithne.

(8)

Chun críche an Rialacháin seo, ba chóir gurb é an léirmhíniú a dhéanfaí ar an nath ‘nó atá cláraithe i mBallstát’ gur Ballstát nó gur páirtí conarthach i gCoinbhinsiún na hAithne a bheidh sa stát brataí faoi choincheap cláraithe cairtfhostaithe loim. Ba chóir go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún na bearta is gá chun a iarraidh ar an EMI treoirlínte a fhorbairt maidir le coincheap cláraithe cairtfhostaithe loim.

(9)

Chun críche an Rialacháin seo, níor chóir go measfaí leis an nath ‘trealamh soghluaisteachta’ gur bagáiste ná feithiclí atá i gceist faoi bhrí Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hAithne.

(10)

Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(11)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú d'fhonn leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ar na prótacail, ar na cóid agus ar na rúin a bhaineann leis a ionchorprú ann. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, inter alia, trína fhorlíonadh le míreanna nua neamhriachtanacha, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(12)

Ba cheart go dtabharfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 (6), cúnamh don Choimisiún chun tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhú agus a dhréachtú maidir le feidhmiú na rialacha nua.

(13)

Chun go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, féadfaidh siad machnamh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Dliteanas ar Éilimh Mhuirí a Theorannú, 1976, arna leasú le Prótacal 1996, a dhaingniú agus ar leas a bhaint as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3a) den Choinbhinsiún sin chun an córas teorannaithe dliteanais a chuirfear i bhfeidhm maidir le paisinéirí a rialáil, trí fhorálacha sonracha de chuid an Rialacháin seo.

(14)

Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sraith amháin rialacha a chruthú lena rialófaí cearta iompróirí de mhuir agus a bpaisinéirí i gcás tionóisce, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bhrí gur gá a áirithiú go mbeidh na teorainneacha céanna dliteanais i gcás tionóiscí sna Ballstáit uile, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo córas an Chomhphobail maidir le dliteanas agus árachas d'iompar paisinéirí de mhuir mar a leagtar amach sna forálacha ábhartha díobh seo a leanas iad:

(a)

Coinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir 1974, arna leasú le Prótacal 2002 (dá ngairfear ‘Coinbhinsiún na hAithne’ anseo feasta), agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus

(b)

Forchoimeádas agus Treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, a ghlac Coiste Dlí an EMI an 19 Deireadh Fómhair 2006 (dá ngairfear ‘Treoirlínte an EMI’ anseo feasta) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Ina theannta sin, leathnaítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm na bhforálacha sin chuig iompar paisinéirí de mhuir laistigh d'aon Bhallstát amháin ar bord longa a fholaítear faoi Ghrád A i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 98/18/CE ón gComhairle an 17 Márta 1998 maidir le rialacha sábháilteachta agus caighdeáin le haghaidh long paisinéirí (7) agus leagtar síos leis ceanglais fhorlíontacha áirithe.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon iompar idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 1(9) de Choinbhinsiún na hAithne nó maidir le hiompar de mhuir laistigh d'aon Bhallstát amháin ar bord longa a fholaítear faoi Ghrád A i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 98/18/CE, más rud é:

(a)

go mbeidh bratach Ballstáit ar foluain ar an long nó go bhfuil an long cláraithe i mBallstát; nó

(b)

go ndéanfar an conradh iompair i mBallstát; nó

(c)

gur i mBallstát a bheidh an áit imeachta nó an ceann scríbe, i gcomhréir leis an gconradh iompair.

Féadfaidh Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le gach turas farraige baile.

Airteagal 3

Dliteanas agus árachas

1.   Rialófar an córas dliteanais i leith paisinéirí, a gcuid bagáiste agus a bhfeithiclí agus na rialacha maidir le hárachas nó le hurrús airgeadais eile leis an Rialachán seo agus le hAirteagail 1 agus 1a, le hAirteagal 2(2), le hAirteagail 3 go 16 agus le hAirteagail 18, 20 agus 21 de Choinbhinsiún na hAithne a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le forálacha Threoirlínte an EMI, a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Measfar go bhfuil Treoirlínte an EMI a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ceangailteach.

Airteagal 4

Cúiteamh as trealamh soghluaisteachta nó as trealamh sonrach eile

Má chaillfear trealamh soghluaisteachta nó trealamh sonrach eile a úsáideann paisinéir atá faoi mhíchumas luaineachta nó má dhéanfar damáiste do threalamh den sórt sin, is le hAirteagal 3(3) de Choinbhinsiún na hAithne a rialófar dliteanas an iompróra. Beidh an cúiteamh i gcomhréir le luach athsholáthair an trealaimh lena mbaineann, nó, más iomchuí, beidh sé i gcomhréir leis na costais a bhaineann leis an trealamh a dheisiú.

Airteagal 5

Teorannú domhanda dliteanais

Ní mhodhnófar leis an Rialachán seo cearta ná dualgais an iompróra ná an iompróra fheidhmiúil, faoi reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Dliteanas ar Éilimh Mhuirí a Theorannú, 1976, arna leasú le Prótacal 1996, lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar ar an gCoinbhinsiún sin amach anseo.

I ndáil le héilimh de bharr báis nó de bharr díobhála pearsanta a bhain do phaisinéir arb é ba chúis leis nó léi aon cheann de na rioscaí dá dtagraítear i mír 2.2 de Threoirlínte an EMI, féadfaidh an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmiúil a ndliteanas a theorannú de bhun na bhforálacha dá dtagraítear sa chéad mhír mura sáróidh teorainn an dliteanais a ríomhfar de réir na bhforálacha sin, ar gach ócáid ar leithligh, 340 milliún CST (Cearta Speisialta Tarraingthe) in aghaidh an teagmhais, nó 250 000 milliún CST in aghaidh an phaisinéara, cibé suim is lú.

Airteagal 6

Réamhíocaíocht

I gcás inar teagmhas loingseoireachta ba chúis le bás paisinéara nó le díobháil phearsanta a bhain do phaisinéir laistigh de chríoch Ballstáit, nó i gcás inar tharla an bás nó an díobháil sin ar bord loinge a raibh bratach Ballstáit ar foluain uirthi nó ar bord loinge atá cláraithe i mBallstát, déanfaidh an t-iompróir a bhí ag feidhmiú an iompair iarbhír ar tharla an teagmhas loingseoireachta lena linn réamhíocaíocht leordhóthanach a íoc chun neasriachtanais eacnamaíocha a chumhdach ar bhonn a bheidh comhréireach leis an damáiste a fulaingíodh, laistigh de 15 lá ón tráth a sainaithneofar an duine atá i dteideal cúitimh. Ní bheidh an íocaíocht sin níos lú ná EUR 21 000 i gcás báis.

Beidh feidhm ag an bhforáil seo freisin más bunaithe laistigh den Chomhphobal atá an t-iompróir.

Ní ionann réamhíocaíocht agus dliteanas a admháil agus féadfar í a fhritháireamh i gcoinne aon mhéideanna a íocfar ina dhiaidh sin ar bhonn an Rialacháin seo ach ní bheidh sí inaisíoctha ach amháin sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) nó in Airteagal 6 de Choinbhinsiún na hAithne, nó in Iarscríbhinn A de Threoirlínte an EMI nó i gcás nárbh é an duine a fuair an réamhíocaíocht an duine a bhí i dteideal cúitimh.

Airteagal 7

Faisnéis do phaisinéirí

Áiritheoidh an t-iompróir agus/nó an t-iompróir feidhmiúil go dtabharfar faisnéis iomchuí agus shothuigthe do phaisinéirí maidir lena gcearta faoin Rialachán seo, ar imeacht dóibh ar a dhéanaí. A mhéad a chomhlíonann an t-iompróir nó an t-iompróir feidhmiúil an oibleagáid faisnéise faoin Airteagal seo, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an bpáirtí eile tuarascáil a chur ar fáil. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil san fhormáid is iomchuí.

D'fhonn an ceanglas faisnéise sin a chomhlíonadh, féadfaidh an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmiúil úsáid a bhaint as achoimre d'fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún agus a chuirfidh sé ar fáil go poiblí.

Airteagal 8

Tuarascáil

Tráth nach déanaí ná trí bliana i ndiaidh an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhréachtú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, a chuirfidh san áireamh, inter alia, forbairtí eacnamaíocha agus forbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta.

Airteagal 9

Nós imeachta

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a bhaineann le leasuithe a ionchorprú ar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 3(1), Airteagal 4a(1), Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hAithne chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagal 23 de Choinbhinsiún na hAithne agus de bhun Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta dá réir a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a bhaineann le leasuithe a ionchorprú ar fhorálacha Threoirlínte an EMI a leagtar amach in Iarscríbhinn II, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um Farraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 (8).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 11

Foráil idirthréimhseach

Maidir le hiompar de mhuir laistigh de Bhallstát amháin ar bord longa a fholaítear faoi Ghrád A i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 98/18/CE, féadfaidh Ballstáit a roghnú go gcuirfí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo siar go ceann ceithre bliana i ndiaidh an dáta a mbeidh feidhm aige.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm Choinbhinsiún na hAithne don Chomhphobal.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 318, 23.12.2006, lch. 195.

(2)  IO C 229, 22.9.2006, lch. 38.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 6.6.2008 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an ... (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an ... (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(6)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1891/2006 (IO L 394, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  IO L 144, 15.5.1998, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2003/75/CE ón gCoimisiún (IO L 190, 30.7.2003, lch. 6).

(8)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 93/2007 ón gCoimisiún (IO L 22, 31.1.2007, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Forálacha de Choinbhinsiún na hAithne maidir le hiompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir atá ábhartha maidir leis an rialachán seo a chur i bhfeidhm

(Téacs comhdhlúite Choinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hiompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 1974 agus Phrótacal 2002 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún)

Airteagal 1

Sainmhínithe

Sa Choinbhinsiún seo tá an bhrí a shanntar dóibh leis seo ag na nathanna seo a leanas:

1)

(a)

ciallaíonn ‘iompróir’ duine a chuir conradh iompair i gcrích nó ar cuireadh conradh iompair i gcrích thar a cheann, cibé an é an duine sin nó an t-iompróir feidhmiúil a fheidhmíonn an t-iompar iarbhír;

(b)

ciallaíonn ‘iompróir feidhmiúil’ duine seachas an t-iompróir, arb úinéir loinge, ar cairtfhostóir loinge nó arb oibreoir loinge é, a fheidhmíonn an t-iompar iomlán nó cuid den iompar iarbhír; agus

(c)

ciallaíonn ‘iompróir a fheidhmíonn an t-iompar iomlán nó cuid den iompar iarbhír’ an t-iompróir feidhmiúil nó, a mhéid a fheidhmíonn an t-iompróir an t-iompar iarbhír, an t-iompróir;

2)

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh a dhéanann iompróir nó a dhéantar thar ceann iompróra d'fhonn paisinéir a iompar de mhuir nó d'fhonn paisinéir agus a chuid bagáiste a iompar, de réir mar a bheidh;

3)

is árthach farraige ar bith, seachas feithicil aerchúisín, a chiallaíonn ‘long’;

4)

ciallaíonn ‘paisinéir’ duine ar bith a iompraítear ar long:

(a)

faoi chonradh iompair; nó

(b)

a bhfuil feithicil nó ainmhithe beo á tionlacan nó á dtionlacan aige, le toiliú an iompróra, a chumhdaítear le conradh chun earraí a iompar nach rialaítear leis an gCoinbhinsiún seo;

5)

ciallaíonn ‘bagáiste’ aon earra nó aon fheithicil a iompraíonn an t-iompróir faoi chonradh iompair seachas:

(a)

earraí agus feithiclí a iompraítear faoi chonradh cairtfhostaithe, faoi bhille luchta nó faoi chonradh eile a bhaineann go príomha le hiompar earraí; agus

(b)

ainmhithe beo;

6)

ciallaíonn ‘bagáiste cábáin’ bagáiste atá ag an bpaisinéir ina chábán nó atá ina sheilbh, ina choimeád nó faoina rialú aige ar dhóigh eile. Folaíonn bagáiste cábáin bagáiste atá ag an bpaisinéir ina fheithicil nó ar a fheithicil ach amháin chun mír 8 den Airteagal seo agus Airteagal 8 a chur i bhfeidhm;

7)

áiríonn ‘bagáiste a chailleadh nó damáiste a dhéanamh do bhagáiste’ caillteanas airgid toisc nár seachadadh an bagáiste chuig an bpaisinéir an athuair laistigh d'am réasúnta tar éis don long ar iompraíodh an bagáiste uirthi nó ar chóir go n-iomprófaí an bagáiste uirthi teacht i dtír, ach ní áiríonn sé aon mhoill de thoradh ar dhíospóidí saothair;

8)

cumhdaíonn ‘iompar’ na tréimhsí seo a leanas:

(a)

maidir leis an bpaisinéir agus lena bhagáiste cábáin, an tréimhse ina bhfuil an paisinéir agus/nó a bhagáiste cábáin ar bord na loinge nó i mbun bordála nó díbhordála, agus an tréimhse ina n-iompraítear an paisinéir agus a bhagáiste cábáin ar uisce ó thalamh go dtí an long nó vice-versa, má bhíonn costas iompair den sórt sin san áireamh sa táille nó más rud é gur chuir an t-iompróir an t-árthach a úsáidtear don iompar tánaisteach seo ar fáil don phaisinéir. Maidir leis an bpaisinéir áfach, ní áiríonn iompar an tréimhse ina bhfuil sé i gcríochfort muirí nó i stáisiún muirí nó ar ché nó in aon fhearas eile calafoirt;

(b)

maidir le bagáiste cábáin, an tréimhse freisin ina bhfuil an paisinéir i gcríochfort muirí nó i stáisiún muirí nó ar ché nó in aon fhearas eile calafoirt má ghabh an t-iompróir, a sheirbhíseach nó a ghníomhaire an bagáiste sin chuige féin agus nár seachadadh an bagáiste an athuair chuig an bpaisinéir;

(c)

maidir le bagáiste eile nach bagáiste cábáin é, an tréimhse ón uair ar ghabh an t-iompróir nó a sheirbhíseach nó a ghníomhaire ar tír nó ar bord an bagáiste sin chuige go dtí an t-am ar sheachaid an t-iompróir nó a sheirbhíseach nó a ghníomhaire é an athuair;

9)

ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta’ aon iompar, de réir an chonartha iompair, ina bhfuil an áit imeachta nó an ceann scríbe lonnaithe in dhá Stát éagsúla, nó in aon Stát amháin más rud é, de réir an chonartha iompair nó de réir an chúrsa taistil sceidealta, go bhfuil port idirmheánach cuarda i Stát eile;

10)

ciallaíonn ‘Eagraíocht’ an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta;

11)

ciallaíonn ‘Ard-Rúnaí’ Ard-Rúnaí na hEagraíochta.

Airteagal 1a

Iarscríbhinn

Beidh an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo ina cuid dhílis den Choinbhinsiún.

Airteagal 2

Feidhm

1.   [..] (1)

2.   D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo nuair a bheidh an t-iompar, faoi aon choinbhinsiún idirnáisúnta eile maidir le paisinéirí nó bagáiste a iompar ar mhodh iompair eile, faoi réir córais dliteanais shibhialta faoi fhorálacha coinbhinsiúin den sórt sin, a mhéid a bheidh feidhm éigeantach acu maidir le hiompar de mhuir.

Airteagal 3

Dliteanas an iompróra

1.   Maidir leis an gcaillteanas a tharlóidh de thoradh ar bhás paisinéara nó ar dhíobháil phearsanta a bhain do phaisinéir ar theagmhas loingseoireachta ba chúis lena bhás nó leis an díobháil sin, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas a mhéid nach rachaidh caillteanas den sórt sin i ndáil leis an bpaisinéir sin thar 250 000 aonad cuntais ar gach ócáid ar leith, mura gcruthóidh an t-iompróir:

(a)

gur tharla an teagmhas de thoradh ar ghníomh cogaidh, ar chogaíocht, ar chogadh cathartha, ar éirí amach nó ar fheiniméan nádúrtha a raibh gné eisceachtúil, dhosheachanta agus dhochoiscthe ag baint leis; nó

(b)

gurb é an t-aon chúis amháin a bhí leis an teagmhas go ndearna tríú páirtí gníomh nó neamhghníomh le hintinn go dtarlódh an teagmhas.

Má théann an caillteanas thar an teorainn thuas, agus a mhéid a dhéanfaidh sé amhlaidh, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas breise, mura gcruthóidh an t-iompróir gur tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas gan an locht a bheith ar an iompróir nó gan faillí an iompróra.

2.   Maidir leis an gcaillteanas a tharlóidh mar thoradh ar bhás paisinéara nó ar dhíobháil phearsanta a bhainfidh do phaisinéir agus nach teagmhas loingseoireachta ba chúis leis an mbás sin nó leis an díobháil sin, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas má tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas mar thoradh ar an locht a bheith ar an iompróir nó ar fhaillí an iompróra. Beidh an dualgas ar an éilitheoir locht nó faillí a chruthú.

3.   Beidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith an chaillteanais a tharlóidh mar thoradh ar chaillteanas nó ar dhamáiste do bhagáiste cábáin, más amhlaidh gur tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas de thoradh ar an locht a bheith ar an iompróir nó ar fhaillí an iompróra. Toimhdeofar locht nó faillí an iompróra as caillteanas ar teagmhas loingseoireachta is cúis leis.

4.   Beidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith caillteanais a tharlóidh de thoradh ar chaillteanas nó ar dhamáiste do bhagáiste nach bagáiste cábáin é, mura gcruthóidh an t-iompróir gur tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas gan locht nó faillí an iompróra.

5.   Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn ‘teagmhas loingseoireachta’ longbhriseadh, iompú loinge, imbhualadh loinge nó tráchur loinge, pléascadh nó tine ar an long nó fabht ar an long;

(b)

áiríonn ‘locht nó faillí an iompróra’ locht nó faillí sheirbhísigh an iompróra, ag gníomhú dóibh laistigh de raon a bhfostaíochta;

(c)

ciallaíonn ‘fabht ar an long’ aon mhífheidhm, aon mhainneachtain nó aon neamhchomhlíonadh leis na rialacháin sábháilteachta infheidhme i ndáil le haon chuid den long nó de threalamh na loinge nuair a úsáidtear an chuid sin chun ligean do phaisinéirí éalú, aslonnú, bordáil agus díbhordáil; nó nuair a úsáidtear an chuid sin do ghluaiseacht, do stiúradh, do loingseoireacht shábháilte, do mhúráil, do chur ar ancaire, do theacht chuig leaba báid nó í a fhágáil, nó do theacht chuig ancaireacht nó í a fhágáil nó do dhamáiste a rialú tar éis tuile; nó nuair a úsáidtear an chuid sin chun gairis tarrthála a sheoladh; agus

(d)

ní fholóidh ‘caillteanas’ damáistí eiseamláireacha ná damáistí pionósacha.

6.   Ní bhaineann dliteanas an iompróra faoin Airteagal seo ach le caillteanas a eascraíonn as teagmhais a tharla i gcúrsa an iompair. Beidh an dualgas ar an éilitheoir a chruthú gur i gcúrsa an iompair a tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas agus beidh an dualgas air méid an chaillteanais a chruthú.

7.   Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo dochar do cheart cúláirigh an iompróra i gcoinne aon tríú páirtí, ná do chosaint de bhun faillí rannpháirtí faoi Airteagal 6 den Choinbhinsiún seo. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo dochar d'aon cheart chun teorannaithe faoi Airteagal 7 nó 8 den Choinbhinsiún seo.

8.   Ní chuirfidh toimhdí lochta nó faillí páirtí nó dáileadh an dualgais chruthúnais chuig páirtí cosc le fianaise i bhfabhar an pháirtí sin a thabhairt san áireamh.

Airteagal 4

Iompróir feidhmiúil

1.   Má cuireadh feidhmiú an iompair nó cuid de faoi chúram iompróra fheidhmiúil, beidh an t-iompróir fós faoi dhliteanas i leith an iompair uile de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo. Ina theannta sin, beidh an t-iompróir feidhmiúil faoi réir agus i dteideal fhorálacha an Choinbhinsiúin seo don chuid sin den iompar a fheidhmeoidh sé.

2.   I ndáil leis an iompar a fheidhmeoidh iompróir feidhmiúil, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra fheidhmiúil agus a sheirbhíseach agus a ghníomhairí ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a bhfostaíochta.

3.   Ní dhéanfaidh aon chomhaontú speisialta faoina nglacfaidh an t-iompróir freagrachtaí nach bhforchuirtear leis an gCoinbhinsiún seo ná aon tarscaoileadh ceart a thugtar leis an gCoinbhinsiún seo difear don iompróir feidhmiúil ach amháin má aontaíonn sé leis sin go sainráite agus i scríbhinn.

4.   I gcás ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmiúil faoi dhliteanas, is comhdhliteanais agus dliteanais leithleacha a dhlífear orthu.

5.   Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo dochar d'aon cheart cúláirigh amhail idir an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmiúil.

Airteagal 4a

Árachas éigeantach

1.   I gcás ina n-iomprófar paisinéirí ar bord loinge atá cláraithe i Stát is Páirtí agus a gceadúnófar di níos mó ná dhá phaisinéir déag a iompar, agus go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo, déanfaidh aon iompróir a fheidhmíonn an t-iompar ina iomláine nó cuid de iarbhír árachas nó urrús airgeadais eile a choimeád amhail ráthaíocht bhainc nó ráthaíocht institiúide airgeadais comhchosúla, chun dliteanas faoin gCoinbhinsiún seo a chlúdach i leith báis phaisinéirí agus i leith díobhála pearsanta do phaisinéirí. Ní lú teorainn an árachais éigeantaigh nó an urrúis airgeadais eile ná 250 000 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara ar gach ócáid ar leith.

2.   Déanfar deimhniú a fhianóidh go bhfuil árachas nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo a eisiúint chuig gach long tar éis don údarás iomchuí de chuid Stáit is Páirtí a chinneadh go bhfuil ceanglais mhír 1 comhlíonta. Maidir le long atá cláraithe i Stát is Páirtí, eiseoidh nó dearbhóidh údarás iomchuí an Stáit ina bhfuil an long cláraithe deimhniú den sórt sin; maidir le long nach bhfuil cláraithe i Stát is Páirtí, féadfaidh údarás iomchuí aon Stáit is Páirtí an deimhniú a eisiúint nó a dhearbhú. Beidh an deimhniú sin i bhfoirm na samhla a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo agus beidh na sonraí seo a leanas ann:

(a)

ainm na loinge, uimhir shainiúil nó litreacha sainiúla agus calafort an chláraithe;

(b)

ainm agus príomhionad gnó an iompróra a fheidhmíonn iarbhír an t-iompar iomlán nó cuid den iompar;

(c)

uimhir aitheantais loinge an EMI;

(d)

cineál agus ré an urrúis;

(e)

ainm agus príomhionad gnó an árachóra nó an duine eile a sholáthraíonn urrús airgeadais agus, i gcás inar iomchuí, an t-ionad gnó ina bhfuil an t-árachas nó an t-urrús airgeadais eile bunaithe; agus

(f)

tréimhse bailíochta an deimhnithe, nach mbeidh níos faide ná tréimhse bailíochta an árachais nó an urrúis airgeadais eile.

3.

(a)

Féadfaidh Stát is Páirtí institiúid nó eagraíocht a aithníonn sé a údarú chun an deimhniú a eisiúint. Cuirfidh institiúid nó eagraíocht den sórt sin an Stát ar an eolas faoi gach deimhniú a eisítear. I ngach uile chás, ráthóidh an Stát is Páirtí comhláine agus cruinneas an deimhnithe a eiseofar ar an dóigh sin, agus gabhfaidh sé air féin na socruithe riachtanacha a áirithiú chun an ceanglas seo a shásamh.

(b)

Cuirfidh Stát is Páirtí in iúl don Ard-Rúnaí:

(i)

freagrachtaí sonracha agus coinníollacha sonracha an údaráis a tarmligeadh chuig institiúid nó chuig eagraíocht a aithníonn sé;

(ii)

go bhfuiltear ag tarraingt siar údarás den sórt sin; agus

(iii)

an dáta óna dtiocfaidh údarás den sórt sin i bhfeidhm nó óna dtiocfaidh tarraingt siar údaráis den sórt sin i bhfeidhm.

Ní thiocfaidh údarás tarmligthe i bhfeidhm go dtí trí mhí ón dáta ar tugadh fógra ina leith sin don Ard-Rúnaí.

(c)

Beidh an institiúid nó an eagraíocht a údaraíodh chun deimhnithe a eisiúint i gcomhréir leis an mír seo údaraithe chun na deimhnithe sin a tharraingt siar, ar a laghad, mura gcomhlíonfar na coinníollacha faoinar eisíodh iad. I ngach uile chás déanfaidh an institiúid nó an eagraíocht tuarascáil ar tharraingt siar den sórt sin chuig an Stát ar eisíodh an deimhniú ar a shon.

4.   Beidh an deimhniú i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Stáit eisiúna. Murab é an Béarla, an Fhraincis nó an Spáinnis an teanga a úsáidfear, folóidh an téacs aistriúchán go ceann amháin de na teangacha seo, agus, i gcás ina gcinnfidh an Stát amhlaidh, féadfar teanga oifigiúil an Stáit a fhágáil ar lár.

5.   Iomprófar an deimhniú ar bord na loinge, agus cuirfear cóip i dtaisce leis na húdaráis a choimeádann taifead de chlár na loinge nó, mura bhfuil an long cláraithe i Stát is Páirtí, cuirfear cóip i dtaisce le húdarás an Stáit a eiseoidh nó a dheimhneoidh an deimhniú.

6.   Ní shásóidh árachas nó urrús airgeadais eile ceanglais an Airteagail seo más amhlaidh go bhféadfadh sé scor, ar chúiseanna seachas tréimhse bailíochta an árachais nó an urrúis a shonraítear sa deimhniú a bheith imithe in éag, sula mbeidh trí mhí istigh ón dáta a dtugtar fógra faoina fhoirceannadh do na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, murar tugadh suas an deimhniú chuig na húdaráis sin nó go dtí go n-eiseofar deimhniú nua laistigh den tréimhse sin. Beidh feidhm mar an gcéanna ag na forálacha roimhe seo ar aon mhodhnú a mbeidh de thoradh air nach sásóidh an t-árachas nó urrús eile airgeadais ceanglais an Airteagail seo.

7.   Is é an Stát a bhfuil an long cláraithe ann a chinnfidh, faoi réir fhorálacha an Airteagail seo, coinníollacha eisiúna agus bailíochta an deimhnithe.

8.   Ní fhorléireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo ar dhóigh a chuirfeadh cosc ar an Stát is Páirtí a bheith ag brath ar fhaisnéis a fhaightear ó Stáit eile nó ón Eagraíocht nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a bhaineann le seasamh airgeadais soláthróirí árachais nó urrús airgeadais eile chun críocha an Choinbhinsiúin seo. I gcásanna den sórt sin, ní fhuasclófar an Stát is Páirtí a bhraithfidh ar fhaisnéis den sórt sin ón bhfreagracht a bheidh air mar Stát a eiseoidh an deimhniú.

9.   Glacfaidh na Stáit is Páirtithe le deimhnithe a eiseofar nó a dheimhneofar faoi údarás aon Stát is Páirtí chun críocha an Choinbhinsiúin seo agus measfaidh na Stáit eile is Páirtithe go bhfuil an fórsa céanna acu atá ag deimhnithe a d'eisigh siadsan nó a dheimhnigh siadsan, fiú más rud é gur eisíodh nó gur deimhníodh iad i dtaca le long nár cláraíodh i Stát is Páirtí. Féadfaidh Stát is Páirtí comhairliúchán leis an Stát eisitheach nó leis an Stát deimhnitheach a iarraidh tráth ar bith i gcás ina gcreidfidh sé nach bhfuil an acmhainneacht airgeadais ag an árachóir nó ag an ráthóir a ainmníodh ar an deimhniú árachais chun na hoibleagáidí a fhorchuireann an Coinbhinsiún seo a chomhlíonadh.

10.   Féadfar aon éileamh ar chúiteamh a chumhdaítear le hárachas nó le hurrús airgeadais eile de bhun an Airteagail seo a dhéanamh go díreach i gcoinne an árachóra nó i gcoinne duine eile atá ag soláthar urrúis airgeadais. Sa chás sin, is é an méid a leagtar síos i mír 1 a bheidh i bhfeidhm mar theorainn ar dhliteanas an árachóra nó an duine eile a sholáthraíonn urrús airgeadais fiú mura bhfuil an t-iompróir nó an t-iompróir feidhmiúil i dteideal teorann dliteanais. Féadfaidh an cosantóir agairt a dhéanamh fairis sin ar na cosaintí (seachas féimheacht nó foirceannadh) a bheadh an t-iompróir dá dtagraítear in mír 1 i dteideal a agairt i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo. Fairis sin, féadfaidh an cosantóir an chosaint a agairt gur de thoradh ar mhí-iompar toiliúil an árachaí a tharla an damáiste ach ní dhéanfaidh an cosantóir aon chosaint eile a agairt a bhféadfadh an cosantóir a bheith i dteideal a agairt in imeachtaí a thionscain an t-árachaí i gcoinne an chosantóra. Beidh sé de cheart ag an gcosantóir ar scor ar bith a iarraidh go ndéanfaí an t-iompróir agus an t-iompróir feidhmiúil a uamadh sna himeachtaí.

11.   Ní bheidh aon mhéideanna airgid a sholáthróidh árachas nó urrús airgeadais atá á chaomhnú i gcomhréir le mír 1 ar fáil ach amháin chun éilimh faoin gCoinbhinsiún seo a shásamh agus glanfaidh aon íocaíocht de mhéid den sórt sin a dhéanfar aon dliteanas a thiocfaidh aníos faoin gCoinbhinsiún seo, a oiread a bheidh sna méideanna a íocfar.

12.   Ní cheadóidh Stát is Páirtí do long faoina bhratach a bhfuil feidhm ag an Airteagal seo maidir léi oibriú tráth ar bith mura mbeidh deimhniú eisithe faoi mhír 2 nó faoi mhír 15.

13.   Faoi réir fhorálacha an Airteagail seo, áiritheoidh gach Stát is Páirtí faoina dhlí náisiúnta go mbeidh árachas nó urrús airgeadais eile i bhfeidhm, a oiread a shonraítear i mír 1, i leith aon loinge a gceadúnaítear di níos mó ná dháréag paisinéirí a iompar, is cuma cá bhfuil sí cláraithe, ar dhul isteach di in aon chalafort ina chríoch nó ar fhágáil aon chalafoirt ina chríoch di a mhéid a bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo.

14.   D'ainneoin fhorálacha mhír 5, féadfaidh Stát is Páirtí a chur in iúl don Ard-Rúnaí nach bhfuil sé de cheanglas, chun críocha mhír 13, ar longa an deimhniú a éilítear i mír 2 a iompar ar bord ná a thaispeáint nuair a fhágfaidh siad aon chalafort ina chríoch nó nuair a rachaidh siad isteach ann ar choinníoll go gcuirfidh an Stát is Páirtí a eisíonn an deimhniú in iúl don Ard-Rúnaí go gcoinneoidh sé taifid i bhformáid leictreonach, taifid a bheidh ar fáil do gach Stát is Páirtí, a dheimhneoidh gurb ann don deimhniú agus a chuirfidh ar chumas na Stát is Páirtithe a gcuid oibleagáidí faoi mhír 13 a chomhlíonadh.

15.   Mura gcaomhnófar árachas nó urrús airgeadais eile i dtaca le long faoi úinéireacht Stáit is Páirtí, ní bheidh feidhm maidir le long den sórt sin ag forálacha an Airteagail seo a bhaineann leis sin, ach iomprófar ar an long deimhniú a d'eisigh údaráis iomchuí an Stáit ina bhfuil an long cláraithe, ina luafar gurb é an Stát úinéir na loinge agus go bhfuil an dliteanas cumhdaithe laistigh den mhéid a fhorordaítear i gcomhréir le mír 1. Cloífidh deimhniú den sórt sin chomh daingean agus is féidir leis an tsamhail a fhorordaítear i mír 2.

Airteagal 5

Earraí Luachmhara

Ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas as caillteanas airgid, urrús inaistrithe, óir, earraí airgid, seodra, ornáidí, saothar ealaíne, nó earraí luachmhara eile ná as damáiste dóibh, seachas i gcás inar cuireadh earraí luachmhara den sórt sin i dtaisce leis an iompróir chun críche a comhaontaíodh, is é sin, a slánchoimeád, agus sa chás sin beidh an t-iompróir faoi dhliteanas as méid na teorann dá bhforáiltear i mír 3 d'Airteagal 8 mura n-aontófar teorainn níos airde i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 10.

Airteagal 6

Locht rannpháirteach

I gcás ina gcruthóidh an t-iompróir gur bhásaigh paisinéir nó gur bhain díobháil phearsanta dó nó gur cailleadh a bhagáiste nó go ndearnadh damáiste dá bhagáiste arbh é ba chúis leis sin nó arbh é a rannchuidigh leis locht nó faillí an phaisinéara, féadfaidh an Chúirt arb os a comhair atá an cás an t-iompróir a shaoradh go hiomlán nó go páirteach óna dhliteanas i gcomhréir le forálacha dhlí na cúirte sin.

Airteagal 7

Teorainn ar dhliteanas as bás agus as díobháil phearsanta

1.   In aon chás, ní sháróidh dliteanas iompróra faoi Airteagal 3 as bás paisinéara nó as díobháil phearsanta a bhain do phaisinéir 400 000 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara ar gach ócáid ar leith. I gcás ina ndámhfar damáistí i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla ioncaim i gcomhréir le dlí na cúirte arb os a comhair atá an cás, ní sháróidh luach caipitil choibhéisigh na n-íocaíochtaí sin an teorainn sin.

2.   Féadfaidh Stát is Páirtí an teorainn ar dhliteanas a fhorordaítear i mír 1 a rialú trí fhorálacha sonracha den dlí náisiúnta ar choinníoll nach lú an teorainn náisiúnta ar dhliteanais ná an teorainn a fhorordaítear i mír 1. Cuirfidh Stát is Páirtí a bhainfidh leas as an rogha dá bhforáiltear sa mhír seo an tArd-Rúnaí ar an eolas faoin teorainn ar dhliteanas a glacadh nó cuirfidh sé ar an eolas é faoi nach ann dó.

Airteagal 8

Teorainn ar dhliteanas as caillteanas bagáiste nó feithiclí nó as damáiste do bhagáiste agus d'fheithiclí

1.   In aon chás, ní sháróidh dliteanas an iompróra 2 250 aonad cuntais as caillteanas nó as damáiste do bhagáiste cábáin in aghaidh an phaisinéara, in aghaidh an iompair.

2.   In aon chás, ní sháróidh dliteanas an iompróra 12 700 aonad cuntais as caillteanas nó as damáiste d'fheithiclí in aghaidh an phaisinéara, in aghaidh an iompair.

3.   In aon chás, ní sháróidh dliteanas an iompróra 3 375 aonad cuntais as caillteanas nó as damáiste do bhagáiste in aghaidh an phaisinéara, agus in aghaidh an iompair ach amháin bagáiste a luaitear i mír 1 agus i mír 2.

4.   Féadfaidh an t-iompróir agus an paisinéir a chomhaontú go mbeidh dliteanas an iompróra faoi réir asbhaintigh nach sáróidh 330 aonad cuntais i gcás ina ndéanfar damáiste d'fheithicil agus nach sáróidh 149 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara i gcás ina gcaillfear bagáiste eile nó ina ndéanfar damáiste do bhagáiste eile, agus bainfear an méid sin as an gcaillteanas nó as an damáiste.

Airteagal 9

Aonad Cuntais agus comhshó

1.   Is Ceart Tarraingthe Speisialta é an tAonad Cuntais a luaitear sa Choinbhinsiún seo mar atá sainmhínithe ag an gCiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta. Comhshófar na méideanna a luaitear i mír 1 d'Airteagal 3, i mír 1 d'Airteagal 4a, i mír 1 d'Airteagal 7 agus in Airteagal 8 in airgeadra náisiúnta Stát na cúirte arb os a comhair atá an cás ar bhonn luach an airgeadra sin trí thagairt don Cheart Tarraingthe Speisialta ar dháta an bhreithiúnais nó ar an dáta a chomhaontaigh na páirtithe. Déanfar luach airgeadra náisiúnta an Stáit is Páirtí atá ina bhall den Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta a ríomh i gcomhréir leis an modh luachála a chuirfidh an Ciste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta i bhfeidhm ar an dáta a bheidh i gceist dá chuid oibríochtaí agus dá chuid idirbheart. Ríomhfar luach airgeadra náisiúnta Stáit is Páirtí nach ball é den Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta i dtéarmaí an Chirt Tarrraingthe Speisialta ar bhealach a chinnfidh an Stát sin is Páirtí.

2.   Ach ar a shon sin, féadfaidh Stát nach ball é den Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus nach gceadóidh a dhlí dó forálacha mhír 1 a chur i bhfeidhm, tráth daingnithe an Choinbhinsiúin seo, tráth a ghlactha, tráth a fhormheasta nó tráth aontachais leis nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, a dhearbhú go mbeidh an tAonad Cuntais dá dtagraítear i mír 1 cothrom le 15 franc óir. Is ionann an franc óir dá dtagraítear sa mhír seo agus seasca cúig go leith milleagram óir de mhíne míliú naoi gcéad. Comhshófar an franc óir in airgeadra náisiúnta de réir dhlí an Stáit lena mbaineann.

3.   Cuirfear in iúl an ríomh a luaitear san abairt dheireanach de mhír 1 agus an comhshó a luaitear i mír 2 ar dhóigh a léireoidh in airgeadra náisiúnta na Stát is Páirtí, a mhéid is féidir, an fíorluach céanna do na méideanna i mír 1 d'Airteagal 3, i mír 1 d'Airteagal 4a, i mír 1 d'Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus a bheadh ann de thoradh ar na chéad trí abairt de mhír 1 a chur i bhfeidhm. Déanfaidh na Stáit an modh ríomha de bhun mhír 1 nó toradh an chomhshó i mír 2, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don Ard-Rúnaí tráth taiscthe ionstraime daingnithe, glactha nó formheasta an Choinbhinsiúin seo, nó tráth taiscthe ionstraime aontachais leis agus aon uair a athróidh aon cheann díobh.

Airteagal 10

Forálacha forlíontacha maidir le teorainneacha ar dhliteanas

1.   Féadfaidh an t-iompróir agus an paisinéir teorainneacha dliteanais is airde ná na teorainneacha a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chomhaontú go sainráite agus i scríbhinn.

2.   Ní bheidh ús ar dhamáistí ná ar chostais dlí san áireamh sna teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8.

Airteagal 11

Cosaintí agus teorainneacha do sheirbhísigh na n-iompróirí

Má dhéantar caingean a eascróidh as damáiste a chumhdaíonn an Coinbhinsiún seo a thionscnamh i gcoinne seirbhísigh nó gníomhaire de chuid an iompróra nó i gcoinne an iompróra fheidhmiúil, beidh an seirbhíseach nó gníomhaire sin i dteideal leas a bhaint as na cosaintí agus as na teorainneacha dliteanais céanna a bheidh an t-iompróir nó an t-iompróir feidhmiúil i dteideal a agairt faoin gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 12

Éilimh a chomhlánú

1.   I gcás ina dtiocfaidh na teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 i bhfeidhm, beidh siad i bhfeidhm maidir leis na méideanna inghnóthaithe i ngach éileamh a eascróidh as bás aon phaisinéara aonair nó as díobháil phearsanta a bhainfidh d'aon phaisinéir aonair nó a eascróidh as a bhagáiste a chailleadh nó as damáiste dá bhagáiste.

2.   I dtaca leis an iompar a fheidhmeoidh an t-iompróir feidhmiúil, ní sháróidh comhiomlán na méideanna inghnóthaithe ón iompróir agus an ón iompróir feidhmiúil agus óna seirbhísigh agus óna ngníomhairí atá ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a bhfostaíochta an méid is airde a d'fhéadfaí a dhámhachtain i gcoinne an iompróra nó i gcoinne an iompróra fheidhmiúil faoin gCoinbhinsiún seo, ach ní bheidh aon duine de na daoine luaite faoi dhliteanas as suim a sháróidh an teorainn a bheidh infheidhme maidir leis.

3.   In aon chás ina mbeidh seirbhíseach nó gníomhaire an iompróra nó an iompróra fheidhmiúil i dteideal faoi Airteagal 11 den Choinbhinsiún seo leas a bhaint as na teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, ní sháróidh comhiomlán na méideanna inghnóthaithe ón iompróir nó ón iompróir feidhmiúil, de réir mar a bheidh, agus ón seirbhíseach sin nó ón ngníomhaire sin, na teorainneacha sin.

Airteagal 13

An ceart chun dliteanas a theorannú a chailleadh

1.   Ní bheidh an t-iompróir i dteideal leas a bhaint as na teorainneacha ar dhliteanas a fhorordaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus i mír 1 d'Airteagal 10, má chruthaítear gur eascair an damáiste as gníomh nó as neamhghníomh an iompróra a rinneadh le hintinn chun damáiste den sórt sin a chruthú nó go meargánta agus fios aige gur dhóigh go n-eascródh an damáiste sin as.

2.   Ní bheidh seirbhíseach nó gníomhaire an iompróra ná seirbhíseach nó gníomhaire an iompróra fheidhmiúil i dteideal leas a bhaint as na teorainneacha sin ar dhliteanas má chruthaítear gur eascair an damáiste as gníomh nó as neamhghníomh an tseirbhísigh nó an ghníomhaire sin, nó as gníomh nó neamhghníomh a rinneadh le hintinn chun damáiste den sórt sin a chruthú nó go meargánta agus fios aige gur dhóigh go n-eascródh an damáiste sin as.

Airteagal 14

Bunús éileamh

Is i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo amháin a dhéanfar aon chaingean le haghaidh damáistí i leith báis phaisinéara nó díobhála pearsanta a bhain do phaisinéir, nó i leith bagáiste a cailleadh nó damáiste do bhagáiste a thionscnamh i gcoinne iompróra nó i gcoinne iompróra fheidhmiúil.

Airteagal 15

Fógra maidir le caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste

1.   Tabharfaidh an paisinéir fógra i scríbhinn don iompróir nó dá ghníomhaire:

(a)

i gcás inar léir go ndearnadh damáiste do bhagáiste:

(i)

i gcás bagáiste cábáin sular dhíbhordáil an paisinéir nó nuair a bhí an paisinéir ag díbhordáil;

(ii)

i gcás gach bagáiste eile, sular athsheachadadh é nó tráth a athsheachadta;

(b)

i gcás damáiste nach léir é do bhagáiste, nó i gcás ina gcaillfear bagáiste laistigh de chúig lá dhéag ón dáta díbhordála nó ón dáta athsheachadta nó ón uair inar chóir an t-athsheachadadh sin a bheith déanta.

2.   Má theipeann ar phaisinéir an tAirteagal seo a chomhlíonadh, measfar go mbeidh an bagáiste faighte slán aige, mura gcruthófar a mhalairt.

3.   Ní gá go dtabharfaí fógra i scríbhinn más amhlaidh go ndearnadh suirbhé comhpháirteach nó cigireacht chomhpháirteach ar an mbail a bhí ar an mbagáiste tráth a fhaighte.

Airteagal 16

Teorainn ama ar chaingne

1.   Tar éis tréimhse dhá bhliain beidh teorainn ama ar aon chaingean a thionscnamh le haghaidh damáistí i leith báis phaisinéara nó díobhála pearsanta a bhain do phaisinéir, nó i leith caillteanais bhagáiste nó damáiste do bhagáiste.

2.   Ríomhfar an tréimhse teorann mar a leanas:

(a)

i gcás díobhála pearsanta, ó dháta díbhordála an phaisinéara;

(b)

i gcás báis a tharla i rith an iompair, ón dáta inar chóir go mbeadh an paisinéir tar éis díbhordáil agus, i gcás díobhála pearsanta a tharla i rith an iompair agus i gcás a raibh bás an phaisinéara ina thoradh uirthi sin tar éis na díbhordála, ón dáta báis, ar choinníoll nach sáróidh an tréimhse sin trí bliana ó dháta na díbhordála;

(c)

i gcás ina gcaillfear bagáiste nó i gcás ina ndéanfar damáiste do bhagáiste, ón dáta díbhordála nó ón dáta ar chóir go ndéanfaí an dhíbhordáil, cibé acu is déanaí.

3.   Is é dlí na cúirte a bhfuil an cás os a comhair a rialóidh na forais chun na tréimhsí teorann a chur ar fionraí nó a bhriseadh, ach in aon chás ní thionscnófar caingean faoin gCoinbhinsiún seo ar dhul in éag d'aon cheann de na tréimhsí ama seo a leanas:

(a)

tréimhse cúig bliana dar tús dáta díbhordála an phaisinéara nó dar tús an dáta ar chóir go ndéanfaí an díbhordáil, cibé acu is déanaí; nó, más luaithe;

(b)

tréimhse trí bliana dar tús an dáta a raibh an t-éilitheoir ar an eolas faoin ngortú, faoin gcaillteanas nó faoin damáiste arbh é an teagmhas ba chúis leis, nó an dáta ar cheart go réasúnach go mbeadh an t-éilitheoir ar an eolas faoin ngortú, faoin gcaillteanas nó faoin damáiste sin.

4.   D'ainneoin mhír 1, mhír 2, agus mhír 3 den Airteagal seo, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse teorann le dearbhú ón iompróir nó le comhaontú na bpáirtithe nuair a eascróidh an chúis chaingne. Beidh an dearbhú nó an comhaontú sin i scríbhinn.

Airteagal 17

Dlínse inniúil  (1)

 

Airteagal 17a

Aithint agus forfheidhmiú  (1)

 

Airteagal 18

Neamhbhailíocht forálacha conarthacha

Maidir le haon fhoráil chonarthach a cuireadh i gcrích sular tharla an teagmhas ba chúis le bás paisinéara nó le díobháil phearsanta a bhain do phaisinéir nó ba chúis le caillteanas bagáiste nó le damáiste a bhain do bhagáiste an phaisinéara agus a airbheartóidh faoiseamh a thabhairt d'aon duine atá faoi dhliteanas faoin gCoinbhinsiún seo ó dhliteanas as an bpaisinéir nó teorainn níos ísle ar dhliteanas a fhorordú ná an teorainn a shocraítear sa Choinbhinsiún seo, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 4 d'Airteagal 8, agus maidir le haon fhoráil den sórt sin a airbheartóidh an dualgas cruthúnais atá ar an iompróir nó ar an iompróir feidhmiúil a aistriú, nó a mbeidh d'éifeacht aici go dteorannófaí na roghanna atá sonraithe i mír 1 nó i mír 2 d'Airteagal 17, beidh an fhoráil sin ar neamhní, ach ní dhéanfaidh neamhniú na forála sin an conradh iompair a neamhniú agus leanfaidh an conradh sin de bheith faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin.

Airteagal 20

Damáiste núicléach

Ní thiocfaidh aon dliteanas aníos faoin gCoinbhinsiún seo i gcás ina ndéanfar damáiste ar teagmhas núicléach ba chúis leis:

(a)

má bhíonn oibreoir gléasra núicléach faoi dhliteanas as damáiste den sórt sin faoi Choinbhinsiún Pháras an 29 Iúil 1960 maidir le Dliteanas Tríú Páirtí i Réimse an Fhuinnimh Núicléach arna leasú lena Phrótacal Breise an 28 Eanáir 1964, nó faoi Choinbhinsiún Vín an 21 Bealtaine 1963 maidir le Dliteanas Sibhialta as Damáiste Núicléach, nó faoi aon leasú nó aon Phrótacal lena mbaineann atá i bhfeidhm; nó

(b)

má bhíonn oibreoir gléasra núicléach faoi dhliteanas as damáiste den sórt sin de bhua aon dlí náisiúnta lena rialaítear dliteanas as damáiste den sórt sin, ar choinníoll go mbeidh dlí den sórt sin chomh fabhrach céanna i ngach uile ghné, i leith daoine a bhféadfadh damáiste baint dóibh, le Coinbhinsiún Pháras nó le Coinbhinsiún Vín nó le haon leasú nó le haon Phrótacal lena mbaineann atá i bhfeidhm.

Airteagal 21

Iompar tráchtála ag údaráis phoiblí

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le hiompar tráchtála a dhéanfaidh Stáit nó Údaráis Phoiblí faoi chonradh iompair de réir bhrí Airteagal 1.

[Airteagail 22 agus 23 de Phrótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne maidir le Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste a Iompar de Mhuir, 1974]

Airteagal 22

Athbhreithniú agus leasú (1)

 

Airteagal 23

Leasú teorainneacha

1.   Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 22, ní bheidh feidhm ag an nós imeachta speisialta san Airteagal seo ach chun críocha na teorainneacha a shonraítear i mír 1 d'Airteagal 3, i mír 1 d'Airteagal 4a, i mír 1 d'Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Choinbhinsiún arna choigeartú leis an bPrótacal seo a leasú.

2.   Ar iarraidh a fháil ó leath de na Stáit is Páirtithe sa Phrótacal seo, ar a laghad, ach in aon chás ó líon nach lú ná sé Stát, déanfaidh an tArd-Rúnaí aon togra maidir le teorainneacha a leasú, lena n-áirítear na hasbhaintigh a shonraítear i mír 1 d'Airteagal 3, i mír 1 d'Airteagal 4a, i mír 1 d'Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Choinbhinsiún arna choigeartú leis an bPrótacal seo, a scaipeadh ar gach Comhalta den Eagraíocht agus ar gach Stát is Páirtí.

3.   Tíolacfar chuig Coiste Dlí na hEagraíochta (dá ngairfear ‘an Coiste Dlí’ anseo feasta) aon leasú a bheartófar agus a scaipfear mar atá thuas ar dháta sé mhí ar a laghad tar éis an dáta a scaipeadh é.

4.   Beidh gach Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún arna choigeartú leis an bPrótacal seo, bídís ina gComhaltaí den Eagraíocht nó ná bíodh, i dteideal páirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Dlí maidir le leasuithe a bhreithniú agus a ghlacadh.

5.   Glacfar leasuithe trí thromlach dhá thrian de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna choigeartú leis an bPrótacal seo a bheidh i láthair agus a chaithfidh vóta sa Choiste Dlí a mhéadófar mar a fhoráiltear i mír 4, ar choinníoll go mbeidh leath de na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna choigeartú ag an bPrótacal seo, ar a laghad, i láthair tráth na vótála.

6.   Nuair a ghníomhóidh an Coiste Dlí ar thogra chun na teorainneacha a leasú, cuirfidh sé san áireamh an taithí ar theagmhais agus go háirithe méid an damáiste a eascraíonn de thoradh ar theagmhais, athruithe ar luachanna airgeadaíochta agus an éifeacht a bheidh ag an leasú a bheartófar ar chostas árachais.

7.

(a)

Ní fhéadfar aon leasú ar na teorainneacha faoin Airteagal seo a bhreithniú níos túisce ná cúig bliana ón dáta ar osclaíodh an Prótacal seo lena shíniú nó níos túisce ná cúig bliana ón dáta ar tháinig leasú a rinneadh roimhe sin faoin Airteagal seo i bhfeidhm.

(b)

Ní fhéadfar aon teorainn a mhéadú ar dhóigh a rachaidh thar mhéid a fhreagraíonn don teorainn a leagtar síos sa Choinbhinsiún arna choigeartú leis an bPrótacal seo agus a mhéadófar faoi sé faoin gcéad in aghaidh na bliana a ríomhfar ar bhonn iolraithe ón dáta ar osclaíodh an Prótacal seo lena shíniú.

(c)

Ní fhéadfar aon teorainn a mhéadú ar dhóigh a rachaidh thar mhéid a fhreagraíonn don teorainn a leagtar síos sa Choinbhinsiún arna choigeartú leis an bPrótacal seo agus a iolraítear faoi thrí.

8.   Tabharfaidh an Eagraíocht fógra do gach Stát is Páirtí maidir le haon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 5. Measfar go mbeidh glactha leis an leasú ag deireadh tréimhse ocht mí dhéag tar éis an dáta a dtabharfar an fógra, mura dtarlóidh sé laistigh den tréimhse sin nach raibh líon níos lú ná an ceathrú cuid de na Stáit is Páirtithe a bhí ina Stáit is Páirtithe tráth glactha an leasaithe tar éis a chur in iúl don Ard-Rúnaí nár ghlac siad leis an leasú, agus sa chás sin diúltófar an leasú agus ní bheidh aon éifeacht aige.

9.   Tiocfaidh leasú a mheasfar a mbeidh glactha leis i bhfeidhm ocht mí dhéag ón tráth a nglacfar leis i gcomhréir le mír 8.

10.   Beidh gach Stát is Páirtí faoi cheangal ag an leasú, mura séanfaidh siad an Prótacal seo i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 d'Airteagal 21 ar a laghad sé mhí sula dtiocfaidh an leasú i bhfeidhm. Gabhfaidh éifeacht le séanadh den sórt sin nuair a thiocfaidh an leasú i bhfeidhm.

11.   I gcás inar glacadh leasú ach nach bhfuil an tréimhse ocht mí dhéag chun glacadh leis istigh, beidh an Stát a thiocfaidh chun bheith ina Stát is Páirtí i rith na tréimhse sin faoi cheangal ag an leasú má thagann sé i bhfeidhm. Beidh Stát a thiocfaidh chun bheith ina Stát is Páirtí tar éis na tréimhse sin faoi cheangal ag leasú ar glacadh leis i gcomhréir le mír 8. Sna cásanna dá dtagraítear sa mhír seo, beidh an Stát faoi cheangal ag leasú nuair a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm, nó nuair a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm don Stát sin, más déanaí sin.

Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne

Image

Nótaí Mínithe:

1.

Más mian, féadfaidh ainm Stáit tagairt a áireamh d'údarás poiblí inniúil na tíre ina n-eisítear an Deimhniú.

2.

Má sholáthraíonn níos mó ná foinse amháin méid iomlán an urrúis, ní mór méid gach suime díobh a chur in iúl.

3.

Má sholáthraítear urrús i roinnt foirmeacha, ba cheart iad a liostú.

4.

Ní mór a shonrú san iontráil ‘Ré an Urrúis’ an dáta a mbeidh feidhm le hurrús den sórt sin.

5.

Ní mór a shonrú san iontráil ‘Seoladh’ seoladh an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó seoladh an ráthóra nó na ráthóirí agus/nó príomhionad gnó an árachóra nó na n-árachóirí/agus nó an ráthóra nó na ráthóirí. Más iomchuí, sonrófar an t-ionad gnó ina bhfuil an t-árachas nó an t-urrús eile bunaithe.


(1)  Níl atáirgthe.


IARSCRÍBHINN II

Sliocht as forchoimeádas agus treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a chur chun feidhme a ghlac coiste dlí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta an 19 deireadh fómhair 2006 forchoimeádas agus treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a chur chun feidhme

Forchoimeádas

1.

Ba cheart Coinbhinsiún na hAithne a dhaingniú agus an forchoimeádas seo a leanas ag gabháil leis, nó dearbhú a mbeadh an éifeacht chéanna aige leis an bhforchoimeádas seo:

‘[1.1]

Forchoimeádas i ndáil le Coinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 2002 (“An Coinbhinsiún”) a bheith á dhaingniú ag Rialtas ...

Teorannú ar dhliteanas iompróirí, etc.

[1.2]

Forchoimeádann Rialtas ... an ceart chun dliteanas faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 d'Airteagal 3 den Choinbhinsiún, más ann do dhliteanas, i ndáil le bás paisinéara nó díobháil phearsanta do phaisinéir arbh é ba chúis leis nó léi, aon cheann de na rioscaí dá dtagraítear i mír 2.2 de Threoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, a theorannú chuig an méid is lú de na méideanna seo a leanas agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh:

250 000 aonad cuntais i ndáil le gach uile phaisinéir ar gach ócáid ar leithligh,

340 milliún aonad cuntais go foriomlán in aghaidh na loinge ar gach ócáid ar leithligh.

[1.3]

Ina theannta sin, forchoimeádann Rialtas ... an ceart chun Treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, mír 2.1.1 agus mír 2.2.2, a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, maidir le dliteanais den sórt sin, agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh.

[1.4]

Beidh teorainn ar an gcaoi chéanna le dliteanas an iompróra fheidhmiúil de bhun Airteagal 4 den Choinbhinsiún, le dliteanas sheirbhísigh nó ghníomhairí an iompróra nó an iompróra fheidhmiúil de bhun Airteagal 11 den Choinbhinsiún agus leis an teorainn a bheidh le comhiomlán na méideanna a bheidh inghnóthaithe de bhun Airteagal 12 den Choinbhinsiún.

[1.5]

Beidh feidhm ag an bhforchoimeádas agus ag an ngabháil de láimh i mír 1.2, is cuma cén bonn atá faoin dliteanas faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 d'Airteagal 3 agus d'ainneoin aon ní dá mhalairt atá in Airteagal 4 nó in Airteagal 7 den Choinbhinsiún; ach ní dhéanann an forchoimeádas agus an ghabháil de láimh seo difear d'oibriú Airteagal 10 ná Airteagal 13.

Árachas éigeantach agus dliteanas árachóirí a theorannú

[1.6]

Forchoimeádann Rialtas ... an ceart chun an ceanglas a chuirtear faoi mhír 1 d'Airteagal 4a árachas nó urrús eile airgeadais a choimeád le haghaidh báis phaisinéara nó le haghaidh díobhála pearsanta do phaisinéir arbh é ba chúis leis nó léi, aon cheann de na rioscaí dá dtagraítear i mír 2.2 de Threoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, a theorannú chuig an méid is lú de na méideanna seo a leanas agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh:

250 000 aonad cuntais i ndáil le gach paisinéir ar gach ócáid ar leithligh;

340 milliún aonad cuntais go foriomlán in aghaidh na loinge ar gach ócáid ar leithligh.

[1.7]

Forchoimeádann Rialtas ... an ceart chun dliteanas an árachóra nó duine eile a bhfuil urrús airgeadais á sholáthar faoi mhír 10 d'Airteagal 4a aige, i leith báis phaisinéara nó i leith díobhála pearsanta do phaisinéir arbh é ba chúis leis nó léi, aon cheann de na rioscaí dá dtagraítear i mír 2.2 de Threoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, a theorannú chuig méid uasta is ionann agus an méid árachais nó urrúis airgeadais eile a cheanglaítear ar an iompróir a choimeád faoi mhír 1.6 den fhorchoimeádas seo, agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh.

[1.8]

Forchoimeádann Rialtas ... freisin an ceart chun Treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na gclásal dá dtagraítear i mír 2.1 agus i mír 2.2 de na Treoirlínte i ngach árachú éigeantach faoin gCoinbhinsiún seo, agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh.

[1.9]

Forchoimeádann Rialtas ... an ceart chun soláthróir árachais nó urrúis airgeadais eile faoi mhír 1 d'Airteagal 4a a dhíolmhú ó aon dliteanas nár ghabh sé de láimh a bheith faoi dhliteanas ina leith, agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh.

Deimhniúchán

[1.10]

Gabhann Rialtas ... an ceart chun deimhnithe árachais a eisiúint faoi mhír 2 d'Airteagal 4a den Choinbhinsiún, agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh chun go ndéanfar an méid seo a leanas:

na teorainneacha atá le dliteanas agus na ceanglais maidir le cumhdach árachais dá dtagraítear i míreanna 1.2, 1.6, 1.7 agus 1.9 a léiriú, agus

cibé teorainneacha, ceanglais agus díolúintí eile a mheasann sé is gá a chur isteach de bharr dhálaí an mhargaidh árachais tráth a mbeidh an deimhniú á eisiúint a chur san áireamh.

[1.11.]

Gabhann Rialtas ... an ceart chun glacadh le deimhnithe árachais a d'eisigh Stáit eile is Páirtithe de bhun forchoimeádais den tsamhail sin, agus gabhann sé de láimh déanamh amhlaidh.

[1.12.]

Beidh léiriú soiléir ar na teorainneacha, ar na ceanglais agus ar na díolúintí sin ar fad sa Deimhniú a eisíodh nó a deimhníodh faoi mhír 2 d'Airteagal 4a den Choinbhinsiún.

An gaol idir an Forchoimeádas seo agus Treoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme

[1.13.]

Feidhmeofar na cearta a fhorchoimeádtar leis an bhforchoimeádas seo ag féachaint go cuí do Threoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, nó d'aon leasuithe a dhéanfar orthu, d'fhonn aonfhoirmeacht a áirithiú. Má fhormheasann Coiste Dlí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta togra le haghaidh leasú a dhéanamh ar Threoirlínte an EMI maidir le Coinbhinsiún na hAithne a Chur chun Feidhme, beidh feidhm ag na leasuithe sin ón tráth a chinnfidh an Coiste. Ní dhéanfaidh sé seo dochar do rialacha an dlí idirnáisiúnta maidir le ceart Stáit a fhorchoimeádas a tharraingt siar nó a leasú.’

Treoirlínte

2.

Sa staid ina bhfuil an margadh árachais faoi láthair, ba chóir do Stáit is Páirtithe deimhnithe árachais a eisiúint ar bhonn gealltanais amháin ó árachóir a chlúdóidh rioscaí cogaidh, agus ó árachóir eile a chlúdóidh rioscaí neamhchogaidh. Níor chóir go mbeadh an dá árachóir faoi dhliteanas ach as a gcuid féin. Ba chóir go mbeadh feidhm ag na rialacha a leanas (leagtar amach i bhFoscríbhinn A na clásail dá dtagraítear):

2.1.

Féadfaidh idir árachas cogaidh agus árachas neamhchogaidh a bheith faoi réir na gclásal seo a leanas:

2.1.1.

Clásal Institiúide lena n-eisiatar Truailliú Radaighníomhach agus Airm Cheimiceacha, Bhitheolaíocha, Bhithcheimiceacha agus Leictreamaighnéadacha (Clásal Institiúide Uimh. 370);

2.1.2.

Clásal Institiúide lena n-eisiatar Cibearionsaí (Clásal Institiúide Uimh. 380);

2.1.3.

Cosaintí agus teorainneacha de chuid soláthróra urrúis éigeantaigh airgeadais faoin gCoinbhinsiún arna mhodhnú leis na treoirlínte seo, go háirithe an teorainn 250 000 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara ar gach ócáid ar leithligh;

2.1.4.

An coinníoll nach gcumhdóidh an t-árachas ach dliteanais faoi réir an Choinbhinsiúin arna mhodhnú leis na treoirlínte seo; agus

2.1.5.

An coinníoll go ndéanfaidh aon mhéideanna a shocraítear faoin gCoinbhinsiún laghdú ar aon dliteanas neamhíoctha de chuid an iompróra agus/nó de chuid a árachóra faoi Airteagal 4a den Choinbhinsiún fiú i gcás nach iad na hárachóirí cogaidh nó na hárachóirí neamhchogaidh faoi seach a íocfaidh nó a éileoidh na méideanna sin;

2.2

Cumhdóidh árachas cogaidh dliteanas, más ann; as caillteanas de thoradh ar bhás paisinéara nó de thoradh ar dhíobháil phearsanta a bhain do phaisinéir arbh é ba chúis leis an mbás nó leis an díobháil:

cogadh, cogadh cathartha, réabhlóid, ceannairc, éirí amach, achrann sibhialta de thoradh air sin, nó aon ghníomh naimhdeach ag cumhacht chogaíoch nó ina coinne,

gabháil, urghabháil, ceansú nó coinneáil agus a n-iarmhairtí sin, nó aon iarracht orthu sin,

mianaigh thréigthe, toirpéid, buamaí, nó airm cogaidh tréigthe eile,

gníomh aon sceimhlitheora nó aon duine ag gníomhú go mailíseach nó ag gníomhú le rún polaitiúil agus aon ghníomh a ghlacfar chun riosca den sórt sin a chosc nó a fhrithbheartú,

coigistiú agus díshealbhú,

agus féadfaidh sé a bheith faoi réir na ndíolúintí, na dteorainneacha agus na gceanglas seo a leanas:

2.2.1.

Clásal Eisiata, Foirceanta Uathoibríoch agus Cogaidh

2.2.2.

I gcás ina sáróidh éilimh na bpaisinéirí aonair méid foriomlán 340 milliún aonad cuntais in aghaidh na loinge ar aon ócáid ar leithligh, beidh an t-iompróir i dteideal teorainn a dhliteanais a agairt ar mhéid 340 milliún aonad cuntais, ar an gcoinníoll i gcónaí:

go ndáilfear an méid sin i measc na n-éilitheoirí i gcomhréir lena gcuid éileamh arna mbunú;

go bhféadfar an méid sin a dháileadh ina chuid aonair nó i níos mó codanna ná sin ar éilitheoirí arb eol iad ag am an dáilte; agus

go bhféadfaidh an t-árachóir, nó an Chúirt, nó údarás inniúil eile a dtabharfaidh an t-árachóir an cás os a comhair in aon Stát is Páirtí ina dtionscnófar imeachtaí dlí maidir le héilimh a líomhnaítear a bheith á gcumhdach ag an árachas.

2.2.3.

Clásal maidir le fógra 30 lá a thabhairt i gcásanna nach gcumhdaítear le pointe 2.2.1.

2.3.

Ba chóir go gcumhdódh árachas neamhchogaidh gach riosca faoi réir árachais éigeantaigh seachas na rioscaí sin a liostaítear i bpointe 2.2, bídís faoi réir díolúintí, teorainneacha nó ceanglas i bpointe 2.1 agus i bpointe 2.2, nó ná bíodh.

3.

Cuirtear san áireamh i bhFoscríbhinn B sampla de thacar de ráthaíochtaí árachais (Cártaí Gorma) agus deimhniú árachais, agus léiríonn gach ceann díbh na treoirlínte sin.

Foscríbhinn A

Clásail dá dtagraítear i dtreoirlínte 2.1.1, 2.1.2 agus 2.2.1

Clásal Institiúide lena n-eisiatar Truailliú Radaighníomhach agus Airm Cheimiceacha, Bhitheolaíocha, Bhithcheimiceacha agus Leictreamaighnéadacha (Cl. 370, 10/11/2003)

Beidh an clásal seo ceannasach agus sáróidh sé aon ní san árachas seo a bheidh ar neamhréir leis an árachas

1.

Ní chlúdóidh an t-árachas seo i gcás ar bith caillteanas, damáiste, dliteanas nó costais arbh é ba chúis dhíreach nó indíreach leo nó arbh é a rannchuidigh go díreach nó go hindíreach leo nó a d'eascair go díreach nó go hindíreach as an méid a leanas:

1.1.

radaíocht ianaíoch ó radaighníomhaíocht nó truailliú le radaighníomhaíocht ó aon bhreosla núicléach nó ó aon dramhaíl núicléach nó ó bhreosla núicléach a dhó;

1.2.

airíonna radaighníomhacha, tocsaineacha nó pléascacha aon ghléasra núicléach, aon imoibreora núicléach nó aon chomhpháirte núicléiche díbh nó airíonna eile guaiseacha nó truaillithe dá gcuid;

1.3.

aon arm nó aon fheiste ina n-úsáidtear eamhnú adamhach nó núicléach agus/nó comhleá nó imoibriú den sórt sin nó fórsa radaighníomhach nó ábhar radaighníomhach;

1.4.

airíonna radaighníomhacha, tocsaineacha nó pléascacha aon ábhair radaighníomhaigh nó airíonna eile guaiseacha nó truaillithe dá chuid. Ní bhaineann an t-eisiamh san fhochlásal seo le hiseatóip radaighníomhacha, seachas breosla núicléach, nuair a ullmhaítear iseatóip den sórt sin, nuair a iompraítear iad, nuair a stóráiltear iad nó nuair a úsáidtear iad chun críocha tráchtála, talmhaíochta, míochaine, eolaíche nó chun críocha síochánta comhchosúla eile;

1.5.

aon arm ceimiceach, bitheolaíoch, bithcheimiceach nó leictreamaighnéadach.

Clásal Institiúide lena n-eisiatar Cibearionsaí (Cl.380, 10/11/03)

1.

Ní chlúdóidh an t-árachas seo i gcás ar bith, ach amháin faoi réir chlásal 10.2 thíos, caillteanas, damáiste, dliteanas nó costas arbh é ba chúis dhíreach nó indíreach leo aon ríomhaire, aon chóras ríomhaireachta, aon bhogearra ríomhaireachta, aon chód mailíseach, aon víris ríomhaire nó aon phróiseas nó aon chóras leictreonach eile a úsáid nó a oibriú mar mheán chun díobháil a dhéanamh, nó arbh é aon cheann díbh siúd a rannchuidigh go díreach nó go hindíreach leo nó a d'eascair go díreach nó go hindíreach as é aon cheann díbh siúd.

2.

I gcás ina bhformhuineofar an clásal seo i bpolasaithe lena gcumhdófar rioscaí cogaidh, cogaidh chathartha, réabhlóide, éirí amach, ceannairce nó achrainn shibhialta de thoradh air, nó aon ghníomh naimhdeach a dhéanfaidh cumhacht chogaíoch nó aon ghníomh naimhdeach a dhéanfar ina coinne, nó sceimhlitheoireacht nó aon duine a ghníomhóidh le rún polaitiúil, ní oibreofar Clásal 10.1 chun na caillteanais a eisiamh (a chlúdófaí seachas sin) a eascróidh as aon ríomhaire a úsáid, as aon chóras ríomhaireachta a úsáid nó as aon bhogearra ríomhaireachta nó as aon chóras leictreonach a úsáid i seoladh agus/nó i dtreoirchóras agus/nó i bhfearas lámhaigh aon airm nó diúracáin.

Foirceannadh Uathoibríoch Cogaidh agus Eisiamh

1.1.

Foirceannadh Uathoibríoch an Chumhdaigh

Cibé ar tugadh nó nár tugadh fógra cealaithe déanfar an cumhdach a thugtar faoin méid seo a FHOIRCEANNADH GO hUATHOIBRÍOCH

1.1.1.

ar chogadh a bhriseadh amach (cibé an bhfógrófar nó nach bhfógrófar cogadh) idir aon cheann díbh seo a leanas: An Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Fhrainc, Cónaidhm na Rúise, Daon-Phoblacht na Síne;

1.1.2.

maidir le haon árthach, a ndeonófar ina leith an cumhdach faoin bpolasaí seo, i gcás ina bhforéileofar árthach den sórt sin le haghaidh teidil nó úsáide.

1.2.

Cogadh na gCúig Chumhacht

Ní chumhdaíonn an t-árachas seo

1.2.1.

caillteanas, damáiste, dliteanas nó costas a eascróidh ar chogadh a bhriseadh amach (cibé an bhfógrófar nó nach bhfógrófar cogadh) idir aon cheann díbh seo a leanas: An Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Fhrainc, Cónaidhm na Rúise, Daon-Phoblacht na Síne;

1.2.2.

foréileamh le haghaidh teidil nó le haghaidh úsáide.

Foscríbhinn B

Image

Image

Image

Nótaí mínithe:

1.

Más mian, féadfaidh ainm Stáit tagairt a áireamh d'údarás poiblí inniúil na tíre ina n-eisítear an Deimhniú.

2.

Má sholáthraíonn níos mó ná foinse amháin méid iomlán an urrúis, ní mór méid gach ceann díobh a chur in iúl.

3.

Má sholáthraítear urrús i roinnt foirmeacha, ní mór iad a liostú.

4.

Ní mór a shonrú san iontráil ‘Ré an Urrúis’ an dáta a mbeidh feidhm le hurrús den sórt sin.

5.

Ní mór a shonrú san iontráil ‘Seoladh’ seoladh an árachóra nó na n-árachóirí agus/nó seoladh an ráthóra nó na ráthóirí agus/nó príomhionad gnó an árachóra nó na n-árachóirí/agus nó an ráthóra nó na ráthóirí. Más iomchuí, sonrófar an t-ionad gnó ina bhfuil an t-árachas nó an t-urrús eile bunaithe.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

I Samhain 2005, ghlac an Coimisiún a thogra (1) maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir agus d'uiscebhealaí intíre i gcás tionóiscí. Seoladh an togra sin go dtí an Chomhairle an 24 Feabhra 2006.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh an 25 Aibreán 2007.

Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 13 Bealtaine 2006 (2).

Ghlac Coiste na Réigiún a thuairim an 15 Feabhra 2006 (3).

Rinne an Chomhairle comhaontú polaitiúil a bhaint amach an 30 Samhain 2007 maidir leis an dréacht Rialachán faoi chuimsiú an nós imeachta comhchinnteoireachta (Airteagal 251 CCE).Tar éis athbhreithniú dlíthiúil/teangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh an 6 Meitheamh 2008.

II.   CUSPÓIR

Is é príomhchuspóir an rialacháin a bheartaítear Coinbhinsiún na hAithne a bhaineann le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste de Mhuir, 1974, arna leasú ag a phrótacal 2002 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún na hAithne’ anseo feasta) a ionchorprú i ndlí an ‘Chomhphobail’

Ina theannta sin, áirítear i dtogra an Chomhphobail oiriúnuithe éagsúla ar Choinbhinsiún na hAithne agus bearta breise amhail an raon feidhme a leathnú go trácht intíre chomh maith le trácht d'uiscebhealaí intíre, an fhéidearathacht faoi Choinbhinsiún na hAithne a dhíobhadh maidir leis na Ballstáit teorainneacha ar dhliteanas a shocrú a bheadh níos airde ná na teorainneacha dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na hAithne. Lena chois sin, tá foráil ar áireamh sa togra lena bhforáiltear go mbeidh an cúiteamh coibhéiseach, ar a mhéid, le luach athsholáthair an trealaimh má chailltear trealamh soghluaiseachta/míochaine de chuid paisinéara faoi mhíchumas luaineachta nó má dhéantar damáiste don trealamh sin. Foráiltear freisin leis an togra, ar nós earnáíl an aeir agus earnáil an iarnróid, do réamhíocaíochtaí maidir le bás paisinéara nó díobháil phearsanta a dhéanamh dó, chomh maith le faisnéis réamhthaistil a thabhairt do phaisinéirí

III   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

Ginearálta

Déanann an comhsheasamh ar an togra thuas, mar a d'aontaigh an Chomhairle é, nuashonrú ar an Rialachán, i measc nithe eile, trí athrú a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an raon feidhme, maidir leis an mbaint idir an Rialachán agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile maidir le teorannú domhanda dliteanais, maidir leis na réamhíocaíochtaí, agus maidir le foráil idirthréimhseach an Rialacháin.

Ionchorpraíonn an comhsheasamh líon mór de na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh (leasuithe 1, 2, 3, 5, 9, 10, 11, 16-27, mar a leagtar amach i ndoiciméad 8724/07), cibé acu focal ar fhocal, nó go páirteach nó de mheanma. Feabhsaíonn nó soiléiríonn na leasuithe sin téacs an rialacháin a bheartaítear. Ní léirítear leasuithe eile sa chomhsheasamh, áfach (leasuithe 4, 6, 7, 8, 12, 13, 14, 15). Tá an Chomhairle mar aon leis an gCoimisiún den tuairim nár chóir déileáil le cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA laistigh den Rialachán seo mar gur ábhar eile atá ann (leasú 4). Tugtar míniú breise sa chéad roinn eile ar cén fáth ar diúltaíodh do na leasuithe eile.

Áirítear sa chomhsheasamh freisin roinnt athruithe seachas na hathruithe a cuireadh ar aghaidh ina tuairim ar an gcéad léamh ó Pharlaimint na hEorpa mar go ndearnadh na forálacha bunaidh ón gCoimisiún a fhorlíonadh i roinnt cásanna le heilimintí nua nó go ndearnadh athdhréachtú iomlán ar na tograí agus roinnt forálacha atá nua go hiomlán a chur isteach.

Ina theannta sin, ní fhéachtar i roinnt athruithe san athdhréachtadh ach le soiléiriú a dhéanamh ar an téacs chun comhleanúnachas foriomlán an Rialacháin a áirithiú.

Sa roinn seo a leanas déantar cur síos ar na hathruithe ar an tsubstaint a rinneadh ar an gcomhsheasamh agus ar an bhfreagairt ón gComhairle maidir leis na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa.

Sonrach

(1)   Raon feidhme

Ag aontú go hiomlán di le Parlaimint na hEorpa (leasuithe 16-27), dhiúltaigh an Chomhairle leathnú raon feidhme Choinbhinsiún na hAithne maidir le hiompar idirnáisiúnta agus iompar baile d'uiscebhealaí intíre mar a mhol an Coimisiún ina thogra. Tagann an Chomhairle le réasúnú Pharlaimint na hEorpa trína mheas gur leis an iompar de mhuir atá Coinbhinsiún na hAithne ag plé agus go bhféadfadh sé nárbh iomchuí go ndéanfaí leathnú go dtí iompar d'uiscebhealaí agus nach gcuirfí san áireamh go leordhóthanach pointí sonracha earnáil na n-uiscebhealaí intíre.

Thairis sin, sonraíonn an Chomhairle, murab ionann agus an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa, go bhfuil sé réasúnach, maidir le hiompar de mhuir i dtaca le Ballstát aonair, go mbainfidh an Rialachán le longa a fholófar le hAicme A i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 98/18/CE an 17 Márta 1998 maidir le rialacha sabháilteachta agus caighdeáin le haghaidh long paisinéirí.

(2)   Coinbhinsiún na hAithne agus bearta eile EMI a ionchorprú

Tá an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa (leasú 6 ) den tuairim gur cheart ní hamháin Coinbhinsiún na hAithne ach freisin an Forchoimeádas EMI agus na Treoirlínte maidir le Coinbhinsiún na hAithne a chur i bhfeidhm (dá ngairtear ‘na Treoirlínte EMI’ anseo feasta), a ghlac Coiste Dlíthiúil an EMI an 19 Deireadh Fómhair 2006 chun dul i ngleic le roinnt saincheisteanna faoi chuimsiú Choinbhinsiún na hAithne, go háirithe cúiteamh maidir le damáiste a raibh baint ag sceimhlitheoireacht leis a ionchorprú sa Rialachán. Chuige sin, chuir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa téacs Threoirlínte an EMI mar iarscríbhinn nua leis an Rialachán.

Dá ainneoin sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go measann an Chomhairle go bhféadfadh éiginnteachtaí dlíthiúla a bheith mar thoradh ar théacs Choinbhinsiún na hAithne a chur isteach ina iomláine mar nach mbaineann forálacha an Choinbhinsiúin go díreach le hábhar an Rialacháin. Ar an gcúis sin, déanann an Chomhairle, murab ionann agus Parlaimint na hEorpa, na forálacha ábhartha de Choinbhinsiún na hAithne maidir le cur i bhfeidhm faoi chuimsiú an Rialacháin a liostú in Airteagal 3 mír 1 den Rialachán,. Thairis sin, rinneadh forálacha neamhábhartha agus forálacha míthreoracha de Choinbhinsiún na hAithne a bhaint ó Iarscríbhinn an Rialacháin ar mhaithe le soiléire.

(3)   Uasteorainneacha infheidhme

Mhodhnaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún maidir le gan feidhm a bheith ag Airteagal 7(2) de Choinbhinsiún na hAithne. Foráiltear leis sin go bhféadfadh Stát is Páirtí teorainneacha dliteanais níos airde a ghlacadh ná na teorainneacha dliteanais atá igCoinbhinsiún na hAithne. Roghnaigh an Chomhairle foráil Choinbhinsiún na hAithne a chur i bhfeidhm mar atá sí faoi láthair gan meicníocht áirithe Chomhphobail a thabhairt isteach chun go gcomhaontófar maidir le hAirteagal 7(2) a úsáid, faoi mar a mhol an Coimisiún mar aon le Parlaimint na hEorpa i leasú 7 dá cuid.

(4)   Cur i bhfeidhm comhuaineach coinbhinsiún idirnáisiúnta eile maidir le dliteanas úinéirí long a theorranú

Ag tabhairt dá haire gur dhaingnigh mórán de na Ballstáit an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Dliteanas i leith Éileamh Muirí a Theorannú, 1976, arna leasú le Prótacal 1996 (LLMC 1996), ní féidir leis an gComhairle tacú le Parlaimint na hEorpa maidir le gan feidhm a bheith ag Airteagal 19 Choinbhinsiún na hAithne (leasú 8). In Airteagal 5 de chomhsheasamh na Comhairle, déantar soiléiriú breise idir an gaol idir Coinbhinsiún na hAithne agus an LLMC chun cinnteacht dhlíthiúil a ráthú.

(5)   Réamhíocaíocht

Ag teacht go dlúth le Parlaimint na hEorpa (leasú 9), tacaíonn an Chomhairle leis an smaoineamh gur cheart réamhíocaíocht a dhéanamh i gcás ina mbeadh teagmhas loingseoireachta a mbeadh bás nó gortú pearsanta maidir le paisinéir mar thoradh air. Chun a áirithiú go mbeadh feidhm ag an bhforáil dáiríre, rinne an Chomhairle soiléiriú go mbeidh feidhm ag an bhforáil, má tharlaíonn an teagmhas loingseoireachta laistigh de chríoch Ballstáit, nó má tharla sé ar bord loinge a raibh bratach Ballstáit ar foluain aige nó atá cláraithe i mBallstát. Maidir leis an teagmhas loingseoireachta, tá an Chomhairle den tuairim go bhfuil an téarma ‘teagmhas loinseoireachta’ sainmhínithe go leordhóthanach agus ar bhonn leathan i gCoinbhinsiún na hAithne. Dá réir sin ní gá an téarma ‘tionóisc loingseoireachta’ a chur leis.

Tacaíonn an Chomhairle go hiomlán le Parlaimint na hEorpa (leasú 10) maidir leis an soiléiriú nach aitheantas dliteanais a bheidh sa réamhíocaíocht agus go bhféadfar an dliteanas a fhritháireamh in aghaidh aon mhéideanna a íocfar ina dhiaidh sin. Déanann an Chomhairle sonrú breise, áfach, maidir le cibé cásanna a bhféadfaí an réamhíocaíocht a thabhairt ar ais ina leith i gcomhréir le Coinbhinsiún na hAithne agus le Treoirlínte an EMI.

(6)   Faisnéis a thabhairt do phaisinéirí

Tacaíonn an Chomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le saintréithe (iomchuí agus cuimsitheach) na faisnéise a chuirfear ar fáil do phaisinéirí ar a dhéanaí agus iad ag imeacht. Ar nós earnáil na heitleoireachta, molann an Chomhairle go bhféadfaí achoimre a úsáid chuige sin. Creideann an Chomhairle, áfach, nach bhfuil aon ghá tagairt d'fhorálacha Threoir 90/314/CEE an 13 Meitheamh 1990 ón gComhairle maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (leasú 12) mar go bhfuil feidhm ag an Treoir sin cheana féin agus go bhfuil sé neamhspleách ar an Rialachán a bheartaítear.

(7)   Cur i bhfeidhm moillithe

Ar nós Pharlaimint na hEorpa (leasuithe 13, 14 agus 15), thug an Chomhairle isteach foráil idirthréimhseach lena gceadaítear do Bhallstáit cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar go ceann ceithre bliana tar éis é a chur i bhfeidhm Mar sin féin, baineann athrú na Comhairle ar an togra ón gCoimisiún le hiompar de mhuir, maidir le Ballstát aonair, ar bord long a chuimsítear le hAicme A i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 98/18/CE agus ní le haghaidh iompair intíre i gcás gnáthchuideachtaí farantóireachta (sna réimsí faoi chuimsiú Airteagal 299(2) CCE) mar a mhol Parlaimint na hEorpa.

IV.   CONCLÚID

Measann an Chomhairle gur cur chuige réadúil atá sa chomhsheasamh, agus cumas an togra mar aon leis na forálacha breise a bheartaítear a bhaint amach agus an gá atá le soiléire dhlíthiúil á gcur san áireamh araon.

Tá an Chomhairle ag súil le pléití cuiditheacha le Parlaimint na hEorpa chun go nglacfaí an Rialachán seo go luath.


(1)  Doic. 6827/06, COM (2005)592 críochnaitheach

(2)  IO C 2006/318, 23 12 2006

(3)  IO C 2006/229, 23 12 2006