|
ISSN 1725-2571 |
||
|
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
51 |
|
|
Ceartúchán |
|
|
2008/C /05 |
||
|
2008/C /06 |
||
|
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 111 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo I dteangacha oifigiúla an Aontais. |
|
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
|
GA |
|
III Bearta Ullmhúcháin
AN CHOMHAIRLE
|
6.5.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 6/2008
a ghlac an Chomhairle an 10 Márta 2008
d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. …/2008 a ghlacadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
(2008/C 111 E/01)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sí go mór le sláinte agus le folláine saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. |
|
(2) |
Ba cheart go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do bheatha agus do shláinte an duine nuair a bhíonn beartais an Chomhphobail á saothrú. |
|
(3) |
D'fhonn sláinte an duine a chosaint, caithfear measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht breiseán, einsímí agus blastán lena n-úsáid in earraí bia don duine sula gcuirfear ar mhargadh an Chomhphobail iad. |
|
(4) |
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le breiseáin bia (3), le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (4) agus le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le blastáin agus le comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (5), critéir chomhchuibhithe agus ceanglais chomhchuibhithe a bhaineann le measúnú agus le húdarú na substaintí sin. |
|
(5) |
Tá sé beartaithe, go háirithe, nach féidir breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia, sa mhéid go gcaithfear measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht blastán bia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (6), a chur ar an margadh nó a úsáid in earraí bia don duine, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i ngach dlí earnálach bia, mura n-áirítear iad ar liosta Comhphobail de shubstaintí údaraithe. |
|
(6) |
Sa chomhthéacs sin, dealraíonn sé gur iomchuí nós imeachta comhchoiteann measúnaithe agus údaraithe a bhunú do na trí chatagóir substaintí sin, nós imeachta atá éifeachtach, a bhfuil teorainn ama leis agus atá trédhearcach, d'fhonn a saorghluaiseacht laistigh de mhargadh an Chomhphobail a éascú. |
|
(7) |
Caithfidh an nós imeachta comhchoiteann sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an dea-riaracháin agus na deimhneachta dlíthiúla agus caithfear é a chur chun feidhme de réir na bprionsabal sin. |
|
(8) |
Dá réir sin comhlánóidh an Rialachán seo an creat rialúcháin a bhaineann le húdarú na substaintí trí chéimeanna éagsúla an nós imeachta, spriocanna ama na gcéimeanna sin, ról na bpáirtithe atá i gceist agus na prionsabail is infheidhme a leagan síos. Ach do ghnéithe áirithe den nós imeachta is gá saintréithe gach dlí earnálaigh bia a chur san áireamh. |
|
(9) |
Cuireann na spriocanna ama a leagtar síos sa nós imeachta an t-am atá riachtanach leis na critéir éagsúla a shocraítear i ngach dlí earnálach a mheas san áireamh, agus fágann siad fuílleach ama le haghaidh comhairliúcháin tráth réitithe na ndréachtbheart. Go háirithe, níor cheart go gcoiscfeadh an sprioc ama naoi mí a thugtar don Choimisiún chun dréachtrialachán a chur i láthair lena ndéantar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta go bhféadfaí sin a dhéanamh laistigh de thréimhse níos giorra. |
|
(10) |
Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tús leis an nós imeachta a thúisce a gheobhaidh sé iarratas agus ba cheart, más gá, go lorgódh sé tuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (7) a luaithe is féidir i ndiaidh measúnú a bheith déanta ar bhailíocht agus ar infheidhmeacht an iarratais. |
|
(11) |
I gcomhréir leis an gcreat measúnaithe riosca in ábhair sábháilteachta bia a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, níor cheart a údarú go gcuirfí substaintí ar an margadh ach amháin tar éis measúnú eolaíoch den chaighdeán is airde a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leo do shláinte an duine. I ndiaidh an mheasúnaithe seo, a chaithfear a dhéanamh faoi fhreagracht an Údaráis, caithfidh an Coimisiún cinneadh bainistithe riosca a dhéanamh faoi nós imeachta rialúcháin a áirithíonn dlúth-chomhoibriú idir an Coimisiún agus na Ballstáit. |
|
(12) |
Aithnítear, i gcásanna áirithe, nach féidir le measúnú eolaíoch riosca amháin an t-eolas ar fad ar cheart cinneadh bainistithe riosca a bheith bunaithe air a chur ar fáil, agus gur féidir tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá á mheas a chur san áireamh, lena n-áirítear tosca sochaí, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil agus a fhéideartha a bheadh sé rialuithe a dhéanamh. |
|
(13) |
D'fhonn a áirithiú go ndéanfaí oibreoirí gnó sna hearnálacha lena mbaineann agus an pobal a choimeád ar an eolas faoi na húdaruithe atá i bhfeidhm, ba cheart na substaintí údaraithe a chur ar liosta Comhphobail a chruthóidh an Coimisiún, a ndéanfaidh sé cothabháil air agus a fhoilseoidh sé. |
|
(14) |
Tá líonrú idir an tÚdarás agus eagraíochtaí na mBallstát atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis ar cheann de phrionsabail bhunúsacha oibríocht an Údaráis. Dá réir sin, nuair a bheidh a thuairim á hullmhú aige, féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint as an líonra atá curtha ar fáil dó le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus le Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún (8). |
|
(15) |
Caithfidh an nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir leis na substaintí ceanglais trédhearcachta agus faisnéise poiblí a chomhlíonadh agus ceart iarratasóirí rúndacht faisnéise áirithe a chaomhnú a ráthú. |
|
(16) |
Ba cheart go leanfaí d'aird a thabhairt ar rúndacht gnéithe áirithe d'iarratas a chosaint d'fhonn seasamh iomaíoch iarratasóra a chosaint. Níor cheart, áfach, go mbeadh faisnéis a bhaineann le sábháilteacht substainte, lena n-áirítear staidéir tocsaineolaíochta, staidéir sábháilteachta eile agus amhshonraí iontu féin, ach nach bhfuil teoranta dóibh, faoi rún ar chúinse ar bith. |
|
(17) |
De bhun Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (9) maidir le doiciméid atá ar teachtadh ag an Údarás. |
|
(18) |
Bunaítear nósanna imeachta chun bearta éigeandála a ghlacadh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le hearraí bia de thionscnamh an Chomhphobail nó le hearraí bia a allmhairítear ó thríú tíortha. Údaraíonn sé don Choimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh i gcásanna inar dócha go mbainfeadh riosca tromchúiseach le hearraí bia do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol agus nuair nach féidir an riosca sin a smachtú go sásúil le bearta arna nglacadh ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann. |
|
(19) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le simpliú reachtach, ba cheart scrúdú meántréimhseach a bheith ann ar an gceist ar cheart raon feidhme an nós imeachta chomhchoitinn a leathadh chuig reachtaíocht eile i réimse an bhia, nó nár cheart. |
|
(20) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach de thairbhe difríochtaí idir dlíthe náisiúnta agus idir forálacha náisiúnta agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach dá bhrí sin ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
|
(21) |
Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (10). |
|
(22) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na liostaí Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur chun eilimintí neamhriachtanacha de gach dlí earnálach bia a leasú a cheapfar iad, inter alia trína bhforlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Cinneadh 1999/468/CE. |
|
(23) |
Ar mhaithe le héifeachtacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann le nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiortú i dtaca le substaint a chur ar na liostaí Comhphobail agus i dtaca le cur le coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint a bheith ar na liostaí Comhphobail, nó na coinníollacha, na sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint de nó a athrú. |
|
(24) |
Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Cinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm maidir le substaint a bhaint de na liostaí Comhphobail agus maidir le cur le coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint a bheith ar na liostaí Comhphobail, nó na coinníollacha, na sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint de nó a athrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar amach leis an Rialachán seo nós imeachta comhchoiteann measúnaithe agus údaraithe (dá ngairfear an ‘nós imeachta comhchoiteann’ anseo feasta) maidir le breiseáin bia, einsímí bia, blastáin bia agus maidir le bunábhair blastán bia agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blastáin a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in earraí bia nó ar earraí bia (dá ngairfear na ‘substaintí’ anseo feasta), a éascaíonn saorghluaiseacht na substaintí sin laistigh den Chomhphobal. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le blastáin deataigh a thagann faoi réim Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (11).
2. Leagfar síos leis an nós imeachta comhchoiteann na socruithe nós imeachta chun liostaí substaintí a bhfuil a gcur ar an margadh údaraithe sa Chomhphobal de bhun Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (12), Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (13) agus Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (14) (dá ngairfear na ‘dlíthe earnálacha bia’ anseo feasta) a thabhairt cothrom le dáta.
3. Leagtar amach i ngach dlí earnálach bia na critéir ar dá réir is féidir substaintí a chur ar an liosta Comhphobail dá bhforáiltear in Airteagal 2, inneachar an rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 agus, i gcás inar infheidhme, na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le nósanna imeachta leanúnacha.
Airteagal 2
Liosta substaintí an Chomhphobail
1. Faoi gach dlí earnálach bia, déanfar substaintí ar údaraíodh a gcur ar mhargadh an Chomhphobail a áireamh ar liosta (dá ngairfear an ‘liosta Comhphobail’ anseo feasta) a gcinnfidh an dlí sin a inneachar. Is é an Coimisiún a thabharfaidh an liosta Comhphobail cothrom le dáta. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
2. Ciallaíonn ‘an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta’:
|
(a) |
substaint a chur leis an liosta Comhphobail; |
|
(b) |
substaint a bhaint den liosta Comhphobail; |
|
(c) |
coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint atá ar an liosta Comhphobail a chur leis, a bhaint de, nó a athrú. |
CAIBIDIL II
AN NÓS IMEACHTA COMHCHOITEANN
Airteagal 3
Príomhchéimeanna an nós imeachta chomhchoitinn
1. Féadfar an nós imeachta comhchoiteann chun an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta a thosú ar thionscnamh ón gCoimisiún nó de thoradh iarratais. Féadfaidh Ballstát nó páirtí leasmhar, a d'fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtithe leasmhara éagsúla, iarratas a dhéanamh, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear sna bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) (dá ngairfear ‘an t-iarratasóir’ anseo feasta). Seolfar iarratais chuig an gCoimisiún.
2. Iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), a thabharfar i gcomhréir le hAirteagal 5.
I gcás an tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) agus (c), áfach, ní gá don Choimisiún tuairim an Údaráis a iarraidh ach amháin nuair is dócha go mbeadh tionchar ag an tabhairt cothrom le dáta sin ar shláinte an duine.
3. Cuirfear deireadh leis an nós imeachta nuair a ghlacfaidh an Coimisiún rialachán ina gcuirfear an tabhairt cothrom le dáta chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 7.
4. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur leis an nós imeachta comhchoiteann agus a cinneadh gan dul ar aghaidh, ag tráth ar bith den nós imeachta, le tabhairt cothrom le dáta a bhí beartaithe más é a bhreith nach bhfuil údar maith leis an tabhairt cothrom le dáta sin. I gcás inar infheidhme, cuirfidh sé tuairim an Údaráis, barúlacha na mBallstát, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Chomhphobail agus aon tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar a bheidh faoi bhreithniú san áireamh.
I gcásanna den sórt sin, i gcás inar infheidhme, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas go díreach agus sonróidh sé ina litir na cúiseanna ar measadh nach bhfuil údar maith leis an tabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 4
An nós imeachta a thionscnamh
1. Ar iarratas a fháil chun an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
|
(a) |
laistigh de 14 lá oibre ón lá a bhfaighfear é, admhóidh sé i scríbhinn chuig an iarratasóir go bhfuil an t-iarratas faighte; |
|
(b) |
i gcás inar infheidhme, tabharfaidh sé fógra don Údarás, a luaithe is féidir maidir leis an iarratas agus iarrfaidh sé a thuairim air i gcomhréir le hAirteagal 3(2). |
Cuirfidh an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit.
2. I gcásanna ina dtosóidh an Coimisiún an nós imeachta ar a thionscnamh féin, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas agus, i gcás inar infheidhme, iarrfaidh sé tuairim an Údaráis.
Airteagal 5
Tuairim an Údaráis
1. Tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh de shé mhí ón tráth a bhfaighidh sé iarratas bailí.
2. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus, i gcás inar infheidhme, chuig an iarratasóir.
Airteagal 6
Faisnéis bhreise maidir le measúnú riosca
1. I gcásanna a bhfuil údar maith, cuí leo ina n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis bhreise ar iarratasóirí, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, leagfaidh an tÚdarás síos tréimhse inar féidir an fhaisnéis seo a sholáthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an tréimhse bhreise is gá. Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid laistigh d'ocht lá oibre tar éis don Údarás é a chur ar an eolas, cuirfear an tréimhse bhreise de shíneadh go huathoibríoch leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh ama.
2. Mura seolfar an fhaisnéis bhreise chuig an Údarás laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil cheana.
3. I gcás ina dtíolacfaidh iarratasóirí faisnéis bhreise ar a dtionscnamh féin, seolfaidh siad chuig an Údarás agus chuig an gCoimisiún í. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim laistigh den bhuntréimhse gan dochar d'Airteagal 10.
4. Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún.
Airteagal 7
An liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta
1. Laistigh de naoi mí tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 14(1) dréachtrialachán lena ndéanfar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, agus tuairim an Údaráis, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Chomhphobail agus aon tosca dlisteanacha eile a bhaineann leis an ábhar atá á bhreithniú á gcur san áireamh ann.
Sna cásanna sin nár iarradh tuairim ón Údarás iontu, tosóidh an tréimhse naoi mí ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún iarratas bailí.
2. I gcásanna nach mbeidh an dréachtrialachán i gcomhréir le tuairim an Údaráis, míneoidh an Coimisiún na cúiseanna a bheidh leis na difríochtaí sin.
3. Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha gach dlí earnálaigh bia a leasú, agus a bhainfidh le substaint a bhaint den liosta Comhphobail, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).
4. Ar mhaithe le héifeachtacht, na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha gach dlí earnálaigh bia a leasú, inter alia trína bhforlíonadh, agus a bhainfidh le substaint a chur ar an liosta Comhphobail agus chun coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le substaint a bheith ar an liosta Comhphobail a chur leis, a bhaint de nó a athrú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(4).
5. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 14(5) chun substaint a bhaint den liosta Comhphobail agus chun coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhainfidh le substaint a bheith ar an liosta Comhphobail a chur leis, a bhaint de nó a athrú.
Airteagal 8
Faisnéis bhreise maidir le bainistiú riosca
1. I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise ó iarratasóirí maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú riosca, socróidh sé, i gcomhar leis an iarratasóir, tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 7. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh agus cuirfidh sé an fhaisnéis bhreise ar fáil dóibh a luaithe a sholáthrófar í.
2. Mura seolfar an fhaisnéis bhreise laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 1, gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh cheana féin.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA
Airteagal 9
Bearta cur chun feidhme
1. I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2), glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme don Rialachán seo laistigh de thréimhse nach faide ná 24 mí ón uair a nglacfar gach dlí earnálach bia, agus bainfidh na bearta cur chun feidhme go háirithe leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
inneachar, dréachtú agus cur i láthair an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 4(1); |
|
(b) |
na socruithe maidir le bailíocht iarratas a sheiceáil; |
|
(c) |
an cineál faisnéise nach mór a chuimsiú i dtuairim an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 5. |
2. D'fhonn na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1(a) a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás agus déanfaidh an tÚdarás togra maidir leis na sonraí is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar na substaintí lena mbaineann a chur faoina bhráid laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh gach dlí earnálach bia i bhfeidhm.
Airteagal 10
Síneadh a chur le tréimhsí ama
In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 7 ar a thionscnamh féin nó, i gcás inar infheidhme, arna iarraidh sin don Údarás, i gcás ina mbeidh údar maith leis sin de bharr an chineáil ábhair, gan dochar d'Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(1). I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inar iomchuí, an t-iarratasóir agus na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh ama agus na cúiseanna atá leis.
Airteagal 11
Trédhearcacht
Áiritheoidh an tÚdarás trédhearcacht a ghníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Go háirithe, poibleoidh sé a thuairimí gan mhoill. Poibleoidh sé freisin aon iarraidh a gheofar ar a thuairim mar aon le haon síneadh ama de bhun Airteagal 6(1).
Airteagal 12
Rúndacht
1. Féadfar déileáil go rúnda le faisnéis a chuirfidh iarratasóirí ar fáil sa chás go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach a dhéanamh dá staid iomaíochais.
Ní fhéadfar a mheas, i gcúinse ar bith, gur faisnéis rúnda faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
ainm agus seoladh an iarratasóra; |
|
(b) |
ainm na substainte agus tuairisc shoiléir ar an tsubstaint; |
|
(c) |
na cúiseanna a thugtar chun an tsubstaint a úsáid in earraí sonracha bia nó ar earraí sonracha bia nó i gcatagóirí sonracha bia nó ar chatagóirí sonracha bia; |
|
(d) |
faisnéis atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na substainte; |
|
(e) |
i gcás inar infheidhme, an modh nó na modhanna anailíse. |
2. Chun críocha mír 1 a chur chun feidhme, cuirfidh iarratasóirí an chuid den fhaisnéis a sholáthrófar ar mian leo go ndéileálfaí léi i modh rúin in iúl. Ní mór cúiseanna infhíoraithe a thabhairt i gcásanna den sórt sin.
3. Tar éis dul i gcomhairle leis na hiarratasóirí, cinnfidh an Coimisiún an fhaisnéis a mheasfar a bheith fós ina faisnéis rúnda agus tabharfaidh sé fógra dá réir d'iarratasóirí agus do na Ballstáit.
4. Tar éis iad a bheith curtha ar an eolas maidir le seasamh an Choimisiúin, beidh trí seachtaine ag iarratasóirí chun a n-iarratas a tharraingt siar d'fhonn rúndacht na faisnéise a soláthraíodh a chaomhnú. Caomhnófar an rúndacht go dtí go rachaidh an tréimhse sin in éag.
5. Glacfaidh an Coimisiún, an tÚdarás agus na Ballstáit na bearta is gá, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, chun rúndacht iomchuí na faisnéise a gheobhaidh siad faoin Rialachán seo a áirithiú, seachas faisnéis a chaithfear a fhoilsiú in imthosca inar gá sin chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint.
6. Má tharraingíonn iarratasóir a iarratas siar, nó má bhíonn sé tarraingthe siar cheana féin aige, ní nochtfaidh an Coimisiún, an tÚdarás, agus na Ballstáit faisnéis rúnda, lena n-áirítear faisnéis ar ábhar easaontachta é a rúndacht idir an Coimisiún agus an t-iarratasóir.
7. Ní dhéanfaidh cur chun feidhme mhíreanna 1 go 6 difear do scaipeadh faisnéise idir an Coimisiún, an tÚdarás agus na Ballstáit.
Airteagal 13
Éigeandálaí
I gcás éigeandála maidir le substaint ar an liosta Comhphobail, go háirithe i bhfianaise tuairime ón Údarás, glacfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 53 agus 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
Airteagal 14
Coiste
1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh faoi Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Cinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Is 2 mhí, 2 mhí agus 4 mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), agus (4)(b) agus (e) de Cinneadh 1999/468/CE.
5. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 15
Údaráis inniúla na mBallstát
Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis teacht i bhfeidhm do gach dlí earnálach bia, cuirfidh na Ballstáit ainm agus seoladh an údaráis inniúil náisiúnta, mar aon le pointe teagmhála san údarás inniúil sin, maidir le gach dlí earnálach bia ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an Údarás, chun críocha an nós imeachta chomhchoitinn.
CAIBIDIL IV
FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
I gcás gach dlí earnálaigh bia, beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9(1).
Beidh feidhm ag Airteagal 9 ó … (15).
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008, Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …
(3) Féach leathanach 10 den Iris Oifigúil.
(4) Féach leathanach 32 den Iris Oifigúil.
(5) Féach leathanach 46 den Iris Oifigúil.
(6) Féach fonóta 5.
(7) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 an 23 Nollaig 2004 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an líonra eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO L 379, 24.12.2004, lch. 64).
(9) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
(10) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(11) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.
(12) Féach leathanach 10 den Iris Oifigúil.
(13) Féach leathanach 32 den Iris Oifigúil.
(14) Féach leathanach 46 den Iris Oifigúil.
(15) An dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE
I. RÉAMHRÁ
An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia (1). Ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh atá an togra bunaithe.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 10 Iúil 2007 (2).
Tar éis thuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, chuir an Coimisiún togra leasaithe ar aghaidh an 24 Deireadh Fómhair 2007 (3).
An 10 Márta 2008, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh.
Chuir an Chomhairle an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a glacadh an 25 Aibreán 2007 (4) san áireamh chomh maith, i mbun a cuid oibre di.
II. CUSPÓIR
Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe, mar chuid de cheithre thogra a ceapadh le hathchóiriú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le gníomhaithe feabhsaithe bia, feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bia, agus ardleibhéal cosanta a ráthú ag an am céanna ar shláinte an duine, ar leasanna tomhaltóirí agus ar an gcomhshaol, trí nós imeachta comhchuibhithe Comhphobail a thabhairt isteach chun breiseáin bia, blastáin bia agus einsímí bia a fhormheas.
Ba cheart go mbeadh an nós imeachta comhchoiteann údaraithe lárnaithe, éifeachtach, caoithiúil agus trédhearcach, agus go mbeadh sé bunaithe ar mheasúnú riosca a dhéanfaidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus ar chóras bainistíochta riosca trína ngníomhóidh an Coimisiún faoi chuimsiú nós imeachta rialúcháin coiste (coisteolaíocht).
Déantar an cúram liosta dearfach ginearálta a chruthú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta do gach catagóir substaintí lena mbaineann a shannadh ann don Choimisiún. Má chuirtear substaint ar cheann de na liostaí sin, ciallaíonn sé sin go bhfuil a húsáid á húdarú i gcoitinne le haghaidh na n-oibreoirí go léir sa Chomhphobal.
III. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH
1. Focail thosaigh
Léiriú is ea an comhsheasamh ar thoradh an scrúdaithe a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún. Rinne an Chomhairle roinnt athruithe ar an téacs, agus bhí cuid acu sin ann mar thoradh ar na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa.
Ghlac an Coimisiún leis an gcomhsheasamh a chomhaontaigh an Chomhairle.
2. Na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa
Ina vóta Iomlánach an 10 Iúil 2007, ghlac Parlaimint na hEorpa 31 leasú ar an togra.
Rinne an Chomhairle 11 leasú a ionchorprú, go hiomlán nó i bprionsabal, ina Comhsheasamh.
Leasuithe ar glacadh leo sa chomhsheasamh
— An nós imeachta rialúcháin coiste lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach (ag teacht le leasuithe 34, 35, 36, 37)
Thug an Chomhairle isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Thug an Chomhairle isteach freisin an nós imeachta um práinn (Airteagal 14(5)) chun substaintí a bhaint den liosta substaintí údaraithe agus chun cur le coinníollacha a bhaineann leis na substaintí sin a úsáid, nó na coinníollacha sin a athrú nó a bhaint d'fhonn sláinte an duine a chosaint. Tugadh isteach an nós imeachta um éifeachtacht freisin (Airteagal 14(4)) chun substaint a chur ar an liosta Comhphobail agus chun cur le coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann leis an tsubstaint a bheith ar an liosta Comhphobail, nó chun na coinníollacha, na sonraíochtaí nó na srianta sin a bhaint nó a athrú.
— Blastáin toite
Shoiléirigh an Chomhairle go n-eisiatar an t-údarú maidir le blastáin toite ó raon feidhme an togra (ag teacht le leasú 12).
— Caomhnú an chomhshaoil
Luaigh an Chomhairle gur ghá tosca dlisteanacha eile, amhail an comhshaol, a tugadh isteach in Aithris 12 (ag teacht le leasú 6), a chur san áireamh sa bhainistíocht riosca.
— Rúndacht
Shoiléirigh an Chomhairle cé acu gnéithe den iarraidh is féidir a choimeád faoi rún chun iomaíochas a chosaint (ag teacht le leasú 8).
— Eolas do na Ballstáit
Chomhaontaigh an Chomhairle gur cheart go gcuirfí faisnéis maidir le céimeanna an nós imeachta ar fáil do na Ballstáit freisin (ag teacht le leasuithe 27, 28, 32).
Ina theannta sin, tugtar léiriú ar bhrí leasú 25 in Airteagal 6(3), ina luaitear an prionsabal a bhaineann le síneadh a chur go heisceachtúil leis na spriocanna ama de bhun Airteagal 10.
Leasuithe nár tugadh isteach
Ní raibh an Chomhairle in ann na leasuithe go léir a thabhairt isteach, mar gheall ar rialacha a bhaineann le dréachtú dlíthiúil (leasú 31) nó ar chúiseanna sonracha eile a luaitear thíos go hachomair.
— Ceisteanna a bhfuil rialáil déanta orthu cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia (5) nach gá aghaidh a thabhairt orthu sa Rialachán seo (leasuithe 3, 5, 9, 10, 23)
Foráiltear in Airteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cheana féin maidir leis an gceanglas go ndéanfaí measúnú riosca neamhspleách (leasú 5 — aithris 10).
Níor glacadh le leasú 3 (aithris nua) de bhrí go bhfuil gné ghinearálta ag baint le trédhearcacht i dtáirgeadh agus i láimhsiú bia. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 is ar na hoibreoirí i ngnó an bhia a bhíonn an phríomhfhreagracht maidir le sábháilteacht bia. Neartaítear freagracht na n-oibreoirí trí reachtaíocht lena bhforchuirtear prionsabal an Chórais maidir le hAnailís Guaise agus Pointí Rialaithe Criticiúla (AGPRC) agus an dea-chleachtas sláinteachais dá bhforáiltear i reachtaíocht Chomhphobail eile.
— Foráiltear do chomhairliúchán an Choimisiúin le geallsealbhóirí (leasuithe 9, 10 — aithrisí 19 agus 21) in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i ndoiciméid eile a mbaineann gné ghinearálta leo chomh maith amhail an Páipéar Bán ón gCoimisiún maidir le rialachas Eorpach agus an Chumarsáid ón gCoimisiún maidir le prionsabail ghinearálta agus caighdeáin íosta maidir le comhairliúchán le páirtithe leasmhara. Ar an gcuma chéanna, foráiltear in Airteagal 38 den Rialachán sin gur cheart don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB) a thuairimí a fhoilsiú gan mhoill, agus níl gá le leasú 23 (Airteagal 5(2)) dá réir sin.
— Critéir le haghaidh údaraithe (leasú 4 — aithris nua)
Leagtar síos na critéir ghinearálta maidir le substaintí a údarú sa reachtaíocht le haghaidh gach earnála agus ní mór na critéir sin a urramú. Dá réir sin, mheas an Chomhairle nach raibh gá le hathrá.
— Tagairt do chosaint tomhaltóirí agus don tsláinte phoiblí (leasú 11 — Airteagal 1)
Baineann an togra seo le socruithe nós imeachta chun liostaí na substaintí údaraithe a thabhairt cothrom le dáta. Sna Rialacháin mholta le haghaidh gach earnála, leagtar amach an tagairt do na Rialacháin a bheith ag díriú ar shláinte an duine, ar leasanna an phobail, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bia, ag cur san áireamh, nuair is iomchuí, caomhnú an chomhshaoil.
— Cosaint sonraí (leasuithe 14, 33 — Airteagal 2(1a), 12(6a))
D'athródh tréimhse cosanta sonraí 5 bliana agus, mar thoradh air sin, údarú fabhrach na substainte le linn an ama sin don chuideachta a chuir na sonraí ar fáil an córas atá ann i réimse an dlí bia a chuirtear i bhfeidhm i gcoitinne go hidirnáisiúnta, go háirithe maidir le breiseáin bia. Bheadh foráil ar chosaint sonraí sa ghníomh reachtach sin achrannach ó thaobh na nósanna imeachta riaracháin, agus dá réir sin, níl sé i gcomhréir leis an gcuspóir simpliú a dhéanamh ar an gcreat rialúcháin. Dá chionn sin, ní mheasann an Chomhairle go bhfuil na leasuithe seo inghlactha.
— Sprioc ama le haghaidh tuairime ón UESB (leasú 22 — Airteagal 5(1))
Níor aontaigh an Chomhairle le síneadh a chur leis an teorainn ama chun tuairim a fháil ón UESB ó 6 mhí go 9 mí mar a moladh i leasú 22. Déantar soiléiriú breise in Aithris 8a(nua) den chomhsheasamh ar na tréimhsí atá leagtha síos. Tugtar faoi deara go bhfuil teorainneacha ama tábhachtach fosta ó thaobh an tionscail de.
— Síneadh a chur leis an sprioc ama 6 mhí nuair a bheidh a thuilleadh eolais de dhíth (leasú 24 — Airteagal 6(1))
Measann an Chomhairle nár cheart síneadh a chur leis an sprioc ama sin ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn leo.
Áirítear leasuithe 1, 2, 19, 21 agus 30 i measc na leasuithe eile nár tugadh isteach.
IV. CONCLÚIDÍ
Measann an Chomhairle gurb é atá sa chomhsheasamh cothromaíocht idir ábhair imní agus leasanna a d'urramódh cuspóirí an Rialacháin. Tá sí ag tnúth le plé inchiallaithe a bheith aici le Parlaimint na hEorpa d'fhonn an Rialachán a ghlacadh go luath, rud a d'áiritheodh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do thomhaltóirí.
(1) COIM(2006) 425 leagan críochnaitheach.
(2) Doic. 11639/07 CODEC 775
(3) COIM(2007) 672 leagan críochnaitheach.
|
6.5.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/10 |
COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 7/2008
a ghlac an Chomhairle an 10 Márta 2008
chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le breiseáin bia
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
(2008/C 111 E/02)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. |
|
(2) |
Ba cheart go n-áiritheofaí leibhéal ard cosanta do bheatha agus do shláinte an duine nuair a bhíonn beartais an Chomhphobail á saothrú. |
|
(3) |
Gabhann an Rialachán seo ionad Treoracha agus Cinntí a bhí ann roimhe seo maidir le breiseáin bia a cheadaítear i mbianna d'fhonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí a áirithiú trí nósanna imeachta cuimsitheacha agus sruthlíneacha. |
|
(4) |
Déantar comhchuibhiú leis an Rialachán seo ar úsáid breiseán bia i mbianna sa Chomhphobal. Áirítear leis sin úsáid breiseán bia i mbianna a chumhdaítear le Treoir 89/398/CEE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le hearraí bia arna gceapadh d'úsáidí cothaitheacha áirithe (3) agus maidir le húsáid dathanna bia áirithe le haghaidh marcáil sláinte a dhéanamh ar fheoil agus le haghaidh maisiú agus stampáil a dhéanamh ar uibheacha. Déantar comhchuibhiú ann freisin ar úsáid breiseán bia i mbreiseáin bia agus in einsímí bia, rud a áirithíonn a sábháilteacht agus a gcáilíocht agus rud a éascaíonn a stóráil agus a n-úsáid. Ní raibh rialáil déanta air seo ar leibhéal an Chomhphobail go nuige seo. |
|
(5) |
Is substaintí iad breiseáin bia nach gcaitear mar bhia ann féin de ghnáth ach a chuirtear le bia d'aon ghnó chun críche teicneolaíche a thuairiscítear sa Rialachán seo, amhail bia a chaomhnú. Ba cheart go gcumhdódh an Rialachán seo gach breiseán bia, agus mar sin ba chóir an liosta aicmí feidhmiúla a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus leis an bhforbairt theicneolaíoch. Níor cheart a mheas gur breiseáin bia iad substaintí, áfach, nuair a úsáidtear iad chun blas a chur ar bhia chun críocha cothaitheacha, amhail ionadaithe salainn, vitimíní agus mianraí. Ina theannta sin, níor chóir ach oiread go dtiocfadh substaintí a mheastar gur bianna iad a fhéadfar a úsáid chun críche teicneolaíche, amhail clóiríd sóidiam nó cróch do dhathú, agus einsímí bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ullmhóidí a fhaightear as bianna agus as bunábhar nádúrtha eile, áfach, arna gceapadh le go mbeidh éifeacht theicneolaíoch acu ar an mbia deiridh agus a fhaightear trí eastóscadh roghnach a dhéanamh ar chomhchodanna (m.sh. líocha) i gcomhréir leis na comhábhair chothaitheacha nó aramatacha, ba chóir iad a mheas mar bhreiseáin de réir bhrí an Rialacháin seo. Ar deireadh, cumhdaítear einsímí bia faoi Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (4), rud a eisiann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(6) |
Níor chóir go gcumhdófaí leis an Rialachán seo substaintí nach gcaitear mar bhia ann féin ach a úsáidtear d'aon ghnó i bpróiseáil bianna, agus nach bhfanann sa bhia deiridh ach mar iarmhair agus nach bhfuil éifeacht theicneolaíoch acu sa táirge deiridh (áiseanna próiseála). |
|
(7) |
Níor chóir breiseáin bia a fhormheas agus a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh breiseáin bia a bheith sábháilte nuair a úsáidtear iad, caithfidh gá teicneolaíoch a bheith ann lena n-úsáid agus ní fhéadfaidh a n-úsáid an tomhaltóir a chur amú agus caithfidh a n-úsáid a bheith chun tairbhe an tomhaltóra. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht chothaitheach an táirge, ach ní gá gurb é sin amháin a bheadh i gceist leis. Ba chóir go gcuirfí san áireamh, agus breiseáin bia á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á bhreithniú, lena n-áirítear tosca sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil agus a indéanta is atá sé rialuithe a dhéanamh. Ba chóir go gcuirfeadh úsáid breiseán bia agus uasleibhéil breiseán bia san áireamh go mbeadh an breiseán bia á iontógáil ó fhoinsí eile agus nochtadh grúpaí speisialta tomhaltóirí (m.sh. tomhaltóirí ailléirgeacha) don bhreiseán bia sin. |
|
(8) |
Caithfidh breiseáin bia a bheith de réir na sonraíochtaí formheasta ar cheart go n-áireofaí iontu faisnéis chun an breiseán bia, lena n-áirítear a thionscnamh, a shainaithint go leordhóthanach, agus faisnéis chun cur síos a dhéanamh ar na critéir inghlactha íonachta. Ba chóir go gcoimeádfaí na sonraíochtaí a forbraíodh roimhe sin le haghaidh breiseán bia a áirítear i dTreoir 95/31/CE ón gCoimisiún an 5 Iúil 1995 lena leagtar síos critéir íonachta sonracha maidir le milsitheoirí lena n-úsáid in earraí bia (5), i dTreoir 95/45/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 1995 lena leagtar síos critéir íonachta sonracha maidir le dathanna lena n-úsáid in earraí bia (6), agus i dTreoir 96/77/CE ón gCoimisiún an 2 Nollaig 1996 lena leagtar síos critéir íonachta sonracha maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milsitheoirí (7) go dtí go gcuirfear na breiseáin chomhfhreagracha isteach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba chóir go leagfaí amach i Rialachán na sonraíochtaí a bhaineann leis na breiseáin sin an tráth sin. Ba chóir go mbainfeadh na sonraíochtaí sin go díreach leis na breiseáin a áirítear sna liostaí Comhphobail atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Mar gheall ar ghné chasta agus ar shubstaint chasta na sonraíochtaí sin, áfach, ar mhaithe le soiléireacht, níor chóir iad a lánpháirtiú sna liostaí Comhphobail ach ba chóir iad a leagan amach i Rialachán ar leith nó i Rialacháin ar leith. |
|
(9) |
Ceadaítear roinnt breiseán bia d'úsáidí sonracha le haghaidh cleachtas údaraithe áirithe fíoneolaíochta agus le haghaidh próiseas údaraithe áirithe fíoneolaíochta. Ba chóir go gcomhlíonfadh úsáid breiseán bia den sórt sin an Rialachán seo agus na forálacha sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht Chomhphobail ábhartha. |
|
(10) |
D'fhonn comhchuibheas a áirithiú, ba chóir go ndéanfaí an measúnú riosca ar bhreiseáin bia agus go ndéanfaí iad a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia (8). |
|
(11) |
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (9), ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) maidir le hábhair ar dócha go mbeadh tionchar acu ar shláinte an phobail. |
|
(12) |
Breiseán bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (10), ba chóir go mbeadh sé faoi réir an nós imeachta um údarú faoin Rialachán sin maidir le measúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, ach ba chóir gur faoin Rialachán seo a dheonófaí údarú críochnaitheach an bhreiseáin bia. |
|
(13) |
Breiseán bia a formheasadh cheana féin faoin Rialachán seo, agus a dhéantar trí mhodhanna táirgthe nó trí úsáid a bhaint as ábhair tosaigh a bhfuil difríochtaí suntasacha eatarthu agus na cinn a chuirtear san áireamh i measúnú riosca an Údaráis, nó breiseán bia nach ionann é agus na breiseáin bia a chumhdaíonn na sonraíochtaí a leagadh amach, ba chóir é a chur faoi bhráid an Údaráis le go ndéanfadh sé meastóireacht orthu. D'fhéadfadh sé go gciallódh ‘difríocht shuntasach’, inter alia, an modh táirgthe a athrú ón eastóscadh as planda go dtí an táirgeadh trí choipeadh le miocrorgánach, nó modhnú géiniteach ar an mbun-mhiocrorgánach, athrú ar na hábhair tosaigh, nó athrú ar mhéid na gcáithníní. |
|
(14) |
Ba chóir go mbreathnófaí go leanúnach ar bhreiseáin bia agus go ndéanfaí athmheastóireacht orthu aon uair is gá, i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha a rialaíonn a n-úsáid agus i bhfianaise aon fhaisnéise eolaíche nua. |
|
(15) |
Ba chóir go gceadófaí do na Ballstáit sin a choimeád toirmisc an 1 Eanáir 1992 a bhí ar bhreiseáin áirithe i mbianna sonracha áirithe a meastar gur bianna traidisiúnta iad agus a tháirgtear ina gcríoch leanúint de na toirmisc sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, maidir le táirgí amhail ‘Feta’ nó ‘Salame cacciatore’, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do rialacha ar mó an srian a chuireann siad agus a bhaineann le hainmníochtaí áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le léirithe geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí agus d'earraí bia talmhaíochta a chosaint (11) agus Rialachán (CEE) Uimh. 2082/92 ón gComhairle an 14 Iúil 1992 maidir le deimhnithe do charachtar sonrach do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia (12). |
|
(16) |
Mura mbeidh sé faoi réir srianta eile, féadfaidh breiseán a bheith i mbia, seachas trína chur leis go díreach, mar gur tugadh ar aghaidh ó chomhábhar bia é inar ceadaíodh an breiseán, ar choinníoll nach airde leibhéal an bhreiseáin sa bhia deiridh ná an leibhéal a bheadh ann dá ndéanfaí an comhábhar bia a úsáid faoi choinníollacha teicneolaíocha cuí agus faoi dhea-chleachtas monaraithe. |
|
(17) |
Leanann breiseáin bia de bheith faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (13) agus, de réir mar a bheidh, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (14). Ina theannta sin, ba chóir forálacha sonracha a bheith sa Rialachán seo maidir le lipéadú ar bhreiseáin bia a dhíoltar mar bhreiseáin bia leis an monaróir nó leis an tomhaltóir deiridh. |
|
(18) |
Féadfar milsitheoirí a údaraítear faoin Rialachán seo a úsáid i milsitheoirí boird a dhíoltar go díreach le tomhaltóirí. Ba chóir do mhonaróirí táirgí den sórt sin faisnéis a chur ar fáil don tomhaltóir ar shlite cuí ionas go bhféadfaidh siad an táirge a úsáid ar bhealach sábháilte. D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil ar roinnt slite lena n-áirítear ar lipéid táirgí, ar láithreáin gréasáin idirlín, ar línte faisnéise do thomhaltóirí nó ag an bpointe díola. D'fhonn cur chuige aonfhoirmeach a ghlacadh chun an ceanglas seo a chur chun feidhme, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le treoir a tharraingeofaí suas ar leibhéal an Chomhphobail. |
|
(19) |
Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15). |
|
(20) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Cinneadh 1999/468/CE. |
|
(21) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáthshrianta ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiortú chun go nglacfaí leasuithe áirithe ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III a bhaineann le substaintí a údaraíodh cheana féin faoi dhlí eile Comhphobail, chomh maith le haon bhearta idirthréimhseacha a bhaineann leis na substaintí sin. |
|
(22) |
Chun an dlí Comhphobail maidir le breiseáin bia a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach, éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí go maoineodh an Comhphobal staidéar den sórt seo mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe (16). |
|
(23) |
Cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. |
|
(24) |
Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le breiseáin bia, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(25) |
Tar éis an Rialachán seo a ghlacadh ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ón mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe uile atá ann maidir le critéir, seachas sábháilteacht, amhail iontógáil, gá teicneolaíoch agus an fhéidearthacht go gcuirfí an tomhaltóir amú. Ba cheart na breiseáin bia uile a leanfar dá n-údarú sa Chomhphobal a aistriú chuig na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú leis na breiseáin bia eile a úsáidtear i mbreiseáin bia agus in einsímí bia agus ba cheart í a chomhlánú chomh maith le hiompróirí le haghaidh cothaitheach agus lena gcoinníollacha úsáide i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (17). D'fhonn idirthréimhse oiriúnach a cheadú, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha atá in Iarscríbhinn III, seachas na forálacha a bhaineann le hiompróirí le haghaidh breiseán bia agus le haghaidh breiseán bia i mblastáin, go dtí an 1 Eanáir 2011. |
|
(26) |
Go dtí go gcruthófar na liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia amach anseo, is gá foráil a dhéanamh le haghaidh nós imeachta simplithe lena gceadaítear na liostaí reatha de bhreiseáin bia atá sna Treoracha atá ann a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(27) |
Gan dochar do thoradh an athbhreithnithe dá dtagraítear in aithris 25, laistigh de bhliain tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún clár meastóireachta a bhunú chun go ndéanfadh an tÚdarás athmheastóireacht ar shábháilteacht na mbreiseán bia a formheasadh cheana féin sa Chomhphobal. Ba cheart go sainmhíneodh an clár sin na riachtanais agus ord na dtosaíochtaí ar dá réir a scrúdófar na breiseáin a formheasadh. |
|
(28) |
Aisghairtear leis an Rialachán seo na hionstraimí seo a leanas agus gabhann an Rialachán seo a n-ionad: Treoir 62/2645/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú rialacha na mBallstát i ndáil leis na hábhair dathaithe a cheadaítear lena n-úsáid i mbianna a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (18), Treoir 65/66/CEE ón gComhairle an 26 Eanáir 1965 lena leagtar síos critéir shonracha íonachta le haghaidh leasaitheach a n-údaraítear a n-úsáid in earraí bia arna gceapadh lena gcaitheamh ag an duine (19), Treoir 78/663/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 lena leagtar síos critéir shonracha íonachta le haghaidh eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus gníomhaithe glóthaithe lena n-úsáid in earraí bia (20), Treoir 78/664/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 lena leagtar síos critéir shonracha íonachta le haghaidh frith-thocsaídeoirí ar féidir iad a úsáid in earraí bia arna gceapadh lena gcaitheamh ag an duine (21), Céad Treoir 81/712/CEE ón gCoimisiún an 28 Iúil 1981 lena leagtar síos modhanna anailíse Comhphobail lena fhíorú go gcomhlíonann breiseáin áirithe a úsáidtear in earraí bia critéir íonachta (22), Treoir 89/107/CEE ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le breiseáin bia a údaraítear in earraí bia arna gceapadh lena gcaitheamh ag an duine (23), Treoir 94/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le milsitheoirí a údaraítear lena n-úsáid in earraí bia (24), Treoir 94/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le dathanna lena n-úsáid in earraí bia (25), Treoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milsitheoirí (26), Cinneadh Uimh. 292/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le coimeád dlíthe náisiúnta lena dtoirmisctear breiseáin áirithe a úsáid i dtáirgeadh earraí bia sonraithe áirithe (27) agus Cinneadh 2002/247/CE ón gCoimisiún an 27 Márta 2002 lena bhfionraítear milseogra glóthaí ina bhfuil an breiseán bia coiniacú E 425 a chur ar an margadh agus a allmhairiú (28). Is cuí, áfach, go bhfanfadh forálacha áirithe de na gníomhartha sin i bhfeidhm le linn idirthréimhse chun am a cheadú chun na liostaí Comhphobail sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a ullmhú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo síos rialacha maidir le breiseáin bia a úsáidtear i mbianna d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtach agus go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do shláinte an duine agus do leas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chothroma i dtrádáil bia, agus cosaint an chomhshaoil á chur san áireamh nuair is iomchuí.
Chun na gcríoch sin, forálann an Rialachán seo do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia formheasta faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III iad; |
|
(b) |
coinníollacha úsáide breiseán bia i mbianna, lena n-áirítear i mbreiseáin bia agus in einsímí bia a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (29), agus coinníollacha úsáide i mblastán bia a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le blastáin agus comhábhair bia áirithe a bhfuil airíonna blaistithe acu lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus ag leasú Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (30); |
|
(c) |
rialacha maidir le lipéadú breiseán bia a dhíoltar mar bhreiseáin bia. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le breiseáin bia.
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na substaintí seo a leanas mura n-úsáidfear mar bhreiseáin bia iad:
|
(a) |
áiseanna próiseála; |
|
(b) |
substaintí a úsáidtear chun plandaí agus táirgí plandaí a chosaint i gcomhréir leis na rialacha Comhphobail a bhaineann le sláinte plandaí; |
|
(c) |
substaintí a chuirtear le bianna mar chothaithigh; |
|
(d) |
substaintí a úsáidtear chun uisce a chóireáil lena chaitheamh ag an duine a thagann faoi raon feidhme Threoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá beartaithe lena chaitheamh ag daoine (31); |
|
(e) |
blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (32). |
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (29).
4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon rialacha sonracha Comhphobail maidir le húsáid breiseán bia:
|
(a) |
i mbianna sonracha; |
|
(b) |
chun críocha seachas na críocha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin chun críocha an Rialacháin seo:
|
(a) |
ciallóidh ‘breiseán bia’ aon substaint nach gcaitear mar bhia ann féin de ghnáth agus nach n-úsáidtear de ghnáth mar shain-chomhábhar bia, bíodh luach cothaithe ann nó ná bíodh, arb é an toradh a bhíonn ar é a chur le bia d'aon ghnó chun críche teicneolaíche, nó an toradh a mbeifí ag súil le réasún a bheadh ar é a chur le bia d'aon ghnó chun críche teicneolaíche, i monarú, i bpróiseáil, in ullmhú, i gcóireáil, i bpacáistiú, in iompar nó i stóráil bia den sórt sin, go ndéantar comhábhar den bhia sin de, nó go ndéantar comhábhar den bhia sin dá fhotháirgí, go díreach nó go hindíreach. Ní mheastar gur breiseáin bia iad na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
ciallóidh ‘áis phróiseála’ aon substaint:
|
|
(c) |
ciallóidh ‘aicme fheidhmiúil’ catagóir de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I atá bunaithe ar an bhfeidhm theicneolaíoch a chomhlíonann breiseán bia san earra bia; |
|
(d) |
ciallóidh ‘bia neamhphróiseáilte’ bia nach ndearnadh aon chóireáil air a mbeadh athrú suntasach i staid thosaigh an bhia sin mar thoradh uirthi, agus chun na críche sin, ní mheastar gur athrú suntasach a thagann ar an mbia iad na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe: roinnt, páirtiú, tearbadh, cnámhú, miontóireacht, feannadh, lomadh, scamhadh, meilt, gearradh, glanadh, bearradh, íosreo, reo, fuarú, muilleoireacht, crotalú, pacáil nó díphacáil; |
|
(e) |
ciallóidh ‘bia nach bhfuil aon siúcraí breisithe ann’ bia nach bhfuil na nithe seo a leanas ann:
|
|
(f) |
ciallóidh ‘bia fuinneamhlaghdaithe’ bia a bhfuil luach fuinnimh a laghdaíodh de 30 % ar a laghad air i gcomparáid leis an mbia tosaigh nó le táirge dá shamhail; |
|
(g) |
ciallóidh ‘milsitheoirí boird’ ullmhóidí milsitheoirí ceadaithe, a bhféadfadh breiseáin eile bia agus/nó comhábhair bia eile a bheith iontu agus a ceapadh lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh mar ionadach do shiúcraí; |
|
(h) |
ciallóidh ‘quantum satis’ nach sonraítear aon uasleibhéal uimhriúil agus go n-úsáidfear substaintí de réir dea-chleachtais mhonaraithe, ag leibhéal nach bhfuil níos airde ná an leibhéal is gá chun an chríoch bheartaithe a bhaint amach ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir amú. |
CAIBIDIL II
LIOSTAÍ COMHPHOBAIL DE BHREISEÁIN BIA A FORMHEASADH
Airteagal 4
Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia
1. Ní fhéadfar ach breiseáin bia a áirítear sa liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II a chur ar an margadh mar bhreiseáin bia agus a úsáid i mbianna faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
2. Ní fhéadfar ach breiseáin bia a áirítear sa liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn III a úsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia agus i mblastáin bia faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
3. Déanfar na breiseáin bia in Aguisín II a liostú ar bhonn na gcatagóirí bia a bhféadfar iad a chur leo.
4. Déanfar na breiseáin bia in Aguisín III a liostú ar bhonn na mbreiseán bia, na n-einsímí bia, na mblastán bia agus na gcothaitheach, nó ar bhonn na gcatagóirí díobh sin, a bhféadfar iad a chur leo.
5. Comhlíonfaidh breiseáin bia na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 13.
Airteagal 5
Cosc ar bhreiseáin bia neamh-chomhlíontacha agus/nó ar bhia neamh-chomhlíontach
Ní chuirfidh aon duine breiseán bia ná aon bhia a bhfuil an breiseán bia sin ann ar an margadh mura gcomhlíonfaidh úsáid an bhreiseáin bia sin an Rialachán seo.
Airteagal 6
Coinníollacha ginearálta maidir le breiseáin bia a chur ar liostaí Comhphobail agus maidir lena n-úsáid
1. Ní fhéadfar breiseán bia a chur ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas agus, más ábhartha, cúinsí dlisteanacha eile:
|
(a) |
nach údar imní é, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte an tomhaltóra ar an leibhéal a bhfuil sé beartaithe é a úsáid; agus |
|
(b) |
go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnach leis nach féidir a ghnóthú ar shlite eacnamúla agus teicneolaíocha eile atá indéanta; agus |
|
(c) |
nach gcuireann a úsáid na tomhaltóirí amú. |
2. Chun go n-áireofaí é ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III caithfidh buntáistí agus tairbhí a bheith ag breiseán bia don tomhaltóir agus chuige sin fónamh chun críche amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:
|
(a) |
cáilíocht chothaitheach an bhia a chaomhnú; |
|
(b) |
comhábhair nó comhchodanna riachtanacha a chur ar fáil do bhianna a mhonaraítear le haghaidh grúpaí tomhaltóirí a bhfuil riachtanais aiste bia speisialta acu; |
|
(c) |
cáilíocht coinneála nó cobhsaíochta bia a fheabhsú nó a airíonna orgánaileipteacha a fheabhsú, ar choinníoll nach n-athraítear cineál, substaint nó cáilíocht an bhia ar bhealach a chuireann an tomhaltóir amú; |
|
(d) |
cuidiú le bia a mhonarú, a phróiseáil, a ullmhú, a chóireáil, a phacáil, a iompar nó a stóráil, lena n-áirítear breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia, ar choinníoll nach n-úsáidtear an breiseán bia chun éifeachtaí lochtacha amhábhair nó aon chleachtais nó aon teicnící neamh-inmhianaithe, lena n-áirítear cleachtais nó teicnící neamhfholláine a úsáid, le linn aon ghníomhaíochtaí den sórt sin a cheilt. |
3. De mhaolú ar mhír 2(a), féadfar breiseán bia a laghdaíonn cáilíocht chothaitheach bia a chur ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II ar choinníoll:
|
(a) |
nach cuid shuntasach de ghnáth-aiste bia an bia; nó |
|
(b) |
gur gá an breiseán bia do tháirgeadh bianna le haghaidh grúpaí tomhaltóirí a bhfuil riachtanais aiste bia speisialta acu. |
Airteagal 7
Coinníollacha sonracha do mhilsitheoirí
Ní fhéadfar ach breiseán bia a fhónann chun críche amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas, agus a fhónann chomh maith chun críche amháin nó níos mó de na críocha a leagtar amach in Airteagal 6(2), a chur ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II don aicme fheidhmiúil milsitheoirí:
|
(a) |
ionadú ar shiúcraí chun bia fuinneamhlaghdaithe, bia neamhcháirigineach nó bia nach bhfuil aon siúcraí breisithe ann a tháirgeadh; nó |
|
(b) |
ionadú ar shiúcraí i gcás ina gceadaíonn sé seo fad a chur le seilfré an bhia; nó |
|
(c) |
bia a tháirgeadh a cheaptar le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 89/398/CEE. |
Airteagal 8
Coinníollacha sonracha do dhathanna
Ní fhéadfar breiseán bia a chur ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II don aicme fheidhmiúil dathanna ach amháin más breiseán é a fhónann chun críche amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas, chomh maith le fónamh chun críche amháin nó níos mó de na críocha a leagtar amach in Airteagal 6(2):
|
(a) |
an chuma a bhí i dtosach ar an mbia a chur an athuair ar bhia a ndearna próiseáil, stóráil, pacáistiú agus dáileadh difear don dath a bhí air agus a bhféadfadh sé go ndearna sin dochar dá inghlacthacht ó thaobh cuma de; |
|
(b) |
cuma níos tarraingtí a chur ar bhia agus cabhrú le blasanna a nasctar le bianna áirithe a aithint; |
|
(c) |
dath a chur ar bhia nach mbeadh dath ar bith air mura ndéanfaí amhlaidh. |
Airteagal 9
Aicmí feidhmiúla breiseán bia
1. Féadfar breiseáin bia a shannadh in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III do cheann de na haicmí feidhmiúla atá in Iarscríbhinn I ar bhonn phríomhfheidhm theicneolaíoch an bhreiseáin bia.
Ní choiscfear breiseán bia a úsáid d'fheidhmeanna éagsúla toisc é a bheith á leithroinnt ar aicme fheidhmiúil.
2. I gcás inar gá, mar thoradh ar an dul chun cinn eolaíoch nó de bharr na forbartha teicniúla, glacfar na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a bhaineann le haicmí feidhmiúla breise a fhéadfar a chur le hIarscríbhinn I, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(3).
Airteagal 10
Inneachar na liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia
1. Féadfar breiseán bia a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (17) a chur:
|
(a) |
ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; agus/nó |
|
(b) |
ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
2. Sonrófar an méid seo a leanas san iontráil do bhreiseán bia a bheidh ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III:
|
(a) |
ainm an bhreiseáin bia agus an E-uimhir atá aige; |
|
(b) |
na bianna a bhféadfar an breiseán bia a chur leo; |
|
(c) |
na coinníollacha faoina bhféadfar an breiseán bia a úsáid; |
|
(d) |
más iomchuí, cé acu an bhfuil aon srianta ar an mbreiseán bia a dhíol go díreach leis an tomhaltóir deiridh nó nach bhfuil. |
3. Leasófar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (17).
Airteagal 11
Leibhéil úsáide breiseán bia
1. Nuair a bheidh na coinníollacha úsáide dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(c) á mbunú:
|
(a) |
socrófar an leibhéal úsáide ag an leibhéal is ísle is gá chun an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach; |
|
(b) |
cuirfear an méid seo a leanas san áireamh leis na leibhéil sin:
|
2. I gcás inar iomchuí, ní shocrófar uasleibhéal uimhriúil do bhreiseán bia (quantum satis). Sa chás sin, úsáidfear an breiseán bia i gcomhréir le prionsabal an quantum satis.
3. Beidh feidhm ag na huasleibhéil breiseán bia a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir leis an mbia faoi mar a chuirtear ar an margadh é, mura sonrófar a mhalairt. De mhaolú ar an bprionsabal sin, i gcás bianna triomaithe agus/nó bianna tiubhaithe a chaitear a athbhunú, beidh feidhm ag na huasleibhéil maidir leis an mbia faoi mar a athbhunaítear é de réir na dtreoracha a thugtar ar an lipéad ag cur an íosfhachtóra chaolaithe san áireamh.
4. Beidh feidhm ag na huasleibhéil do dhathanna a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir leis an bprionsabal dathaithe atá san ullmhóid dathaithe mura sonrófar a mhalairt.
Airteagal 12
Breiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003
Ní fhéadfar breiseán bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chur ar na liostaí Comhphobail in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin má chumhdaítear le húdarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 é.
Airteagal 13
Sonraíochtaí breiseán bia
Glacfar sonraíochtaí breiseán bia a bhaineann, go háirithe, le tionscnamh, le critéir íonachta agus le haon fhaisnéis riachtanach eile, nuair a chuirfear an breiseán bia ar na liostaí Comhphobail atá in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III den chéad uair, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (17).
CAIBIDIL III
BREISEÁIN BIA A ÚSÁID I mBIANNA
Airteagal 14
Breiseáin bia a úsáid i mbianna neamhphróiseáilte
Ní úsáidfear breiseáin bia i mbianna neamhphróiseáilte, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach don úsáid sin in Iarscríbhinn II.
Airteagal 15
Breiseáin bia a úsáid i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga
Ní úsáidfear breiseáin bia i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga faoi mar a thagraítear dóibh i dTreoir 89/398/CEE, lena n-áirítear bianna aiste bia do naíonáin agus do leanaí óga chun críocha liachta, seachas i gcás ina bhforáiltear go sonrach dó sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 16
Dathanna a úsáid le haghaidh marcálacha
Ní fhéadfar ach biadhathanna a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun críocha marcála sláinte dá bhforáiltear i dTreoir 91/497/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 lena leasaítear agus lena gcomhdhlúthaítear Treoir 64/433/CEE maidir le fadhbanna sláinte a dhéanann difear do thrádáil feola úire laistigh den Chomhphobal lena leathnú chuig táirgeadh feola úire agus chuig feoil úr a chur ar an margadh (33) agus marcálacha eile a cheanglaítear a chur ar tháirgí feola, le haghaidh dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe agus le haghaidh stampáil a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de thionscnamh ainmhíoch (34).
Airteagal 17
Prionsabal an tabhartha ar aghaidh
1. Ceadaítear breiseán bia a bheith iontu seo a leanas:
|
(a) |
i gcomhbhia seachas i gcomhbhia dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, i gcás ina gceadaítear an breiseán sin i gcomhábhar amháin den chomhbhia sin; |
|
(b) |
i mbia a bhfuiltear tar éis breiseán bia, einsím bia nó blastán bia a chur leis, i gcás, maidir leis an mbreiseán bia:
|
|
(c) |
i mbia nach bhfuiltear lena úsáid ach in ullmhú comhbhia agus ar choinníoll go gcomhlíonann an comhbhia sin an Rialachán seo. |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le bainní foirmle do naíonáin, maidir le bainní leantacha foirmle, maidir le bianna gránbhunaithe próiseáilte agus maidir le bianna aiste bia chun críocha speisialta liachta arna gceapadh do naíonáin agus do leanaí óga dá dtagraítear i dTreoir 89/398/CEE, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach go mbeidh feidhm aici maidir leo.
3. I gcás ina ndéantar breiseán bia atá i mblastán bia, i mbreiseán bia nó in einsím bia a chur le bia agus go bhfuil feidhm theicneolaíoch aige sa bhia sin, measfar gur breiseán bia den bhia sin é agus nach breiseán bia den bhlastán, den bhreiseán bia nó den einsím bia é, agus ní mór dó mar sin coinníollacha úsáide an bhia sin ar foráladh dóibh a chomhlíonadh.
4. Gan dochar do mhír 1, ceadófar breiseán bia a úsáidtear mar mhilsitheoir a bheith i gcomhbhia nach bhfuil aon siúcraí breisithe ann, i gcomhbhia fuinneamhlaghdaithe, i gcomhbhianna cothaitheacha a cheaptar le haghaidh aistí bia beagchalracha, i mbianna neamhcháirigineacha, agus i gcomhbhia a bhfuil seilfré mhéadaithe aige, ar choinníoll go gceadaítear an milsitheoir sin i gcomhábhar amháin den chomhbhia.
Airteagal 18
Cinntí léirmhínithe
I gcás inar gá, féadfar a cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) cé acu:
|
(a) |
an mbaineann bia ar leith le catagóir bia dá dtagraítear in Iarscríbhinn II; nó |
|
(b) |
an úsáidtear breiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus a cheadaítear ag quantum satis i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 11(2); nó |
|
(c) |
an gcomhlíonann substaint ar leith an sainmhíniú ar bhreiseán bia atá in Airteagal 3. |
Airteagal 19
Bianna traidisiúnta
Féadfaidh na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn IV leanúint de chatagóirí áirithe breiseán bia a thoirmeasc sna bianna traidisiúnta a tháirgtear ina gcríoch mar a liostaítear san Iarscríbhinn sin iad.
CAIBIDIL IV
LIPÉADÚ
Airteagal 20
Lipéadú ar bhreiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad
1. Breiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, bídís á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE é, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an lipéadú orthu dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Rialachán seo, ar mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.
2. Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát ina bhfuiltear ag cur an earra ar an margadh a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfaí an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 21 i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Chomhphobail, nó i mbreis agus teanga amháin de chuid an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin go dtabharfaí an fhaisnéis sin i dteangacha éagsúla.
Airteagal 21
Ceanglais ghinearálta lipéadaithe do bhreiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad
1. I gcás ina ndíolfar breiseáin bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, agus/nó le substaintí eile curtha leo, beidh an fhaisnéis a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:
|
(a) |
an t-ainm agus/nó an E-uimhir a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le gach breiseán bia nó tuairisc díolacháin ina bhfuil ainm agus/nó E-uimhir gach breiseáin bia ar áireamh; |
|
(b) |
an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia; |
|
(c) |
na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá; |
|
(d) |
marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg; |
|
(e) |
treoracha úsáide, más rud é nach bhféadfaí an breiseán bia a úsáid i gceart toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár; |
|
(f) |
ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaí nó an díoltóra; |
|
(g) |
sonrú maidir le líon uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí i dtéarmaí soiléire, sothuigthe a chuirfeadh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó aon dlí Comhphobail ábhartha eile a chomhlíonadh; i gcás ina mbainfidh an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an srian ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis; |
|
(h) |
an chainníocht ghlan; |
|
(i) |
an dáta íosmharthanachta nó an dáta éaga; |
|
(j) |
má bhaineann sé le hábhar, faisnéis ar bhreiseán bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le sonrú na gcomhábhar atá in earraí bia. |
2. I gcás ina ndíoltar breiseáin bia agus iad measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin ar a bpacáistí nó ar a gcoimeádáin.
3. I gcás ina ndéantar substaintí (lena n-áirítear einsímí bia nó comhábhair eile bia) a chur le breiseáin bia d'fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú, beidh liosta de na substaintí sin uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, in ord íslitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin.
4. De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i mír 1 pointí (e) go (g) agus i mír 2 agus i mír 3, d'fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheadh sí ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíolfar’ le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.
5. De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, i gcás ina soláthrófar breiseáin bia i dtancaeir, is leor gur ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh a bheadh an fhaisnéis uile.
Airteagal 22
Lipéadú ar bhreiseáin bia ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad
1. Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena n-aithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (35) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, breiseáin bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an fhaisnéis a leanas ar an bpacáistiú:
|
(a) |
ainm agus an E-uimhir a leagtar síos sa Rialachán seo do gach breiseán bia nó tuairisc díolacháin ina n-áirítear ainm agus E-uimhir gach breiseán bia; |
|
(b) |
an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a ceapadh dó i mbia. |
2. De mhaolú ar mhír 1(a), áireofar sa tuairisc díolacháin ar mhilsitheoir boird an téarma ‘milsitheoir boird …-bhunaithe’, ag úsáid ainm an mhilsitheora nó ainm na milsitheoirí a úsáideadh ina chomhdhéanamh.
3. Beidh na rabhaidh seo a leanas ar lipéid mhilsitheoirí boird ina bhfuil polóil agus/nó aspairtéim agus/nó salann aspairtéime-aicéasuilféime:
|
(a) |
polóil: ‘d'fhéadfadh éifeachtaí purgóideach bheith mar thoradh ar thomhailt iomarcach’; |
|
(b) |
salann aspairtéime/aspairtéime-aicéasuilféime: ‘tá foinse feiniolalainín sa táirge seo’. |
4. Cuirfidh monaróirí milsitheoirí boird an fhaisnéis is gá ar fáil ar mhodh iomchuí chun go mbeidh tomhaltóirí in ann na milsitheoirí a úsáid go sábháilte. Féadfar treoir maidir le cur chun feidhme na míre seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 26(3).
5. Maidir leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 go mír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE dá réir sin.
Airteagal 23
Ceanglais eile maidir le lipéadú
Ní dhéanfaidh Airteagal 20, Airteagal 21 ná Airteagal 22 dochar do dhlíthe, do rialacháin, ná d'fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí den sórt sin a iompar.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 24
Oibleagáid i leith faisnéise
1. Aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú shábháilteacht an bhreiseáin bia, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir breiseán bia in iúl don Choimisiún láithreach í.
2. I gcás breiseáin bia a formheasadh cheana féin faoin Rialachán seo agus a tháirgtear le modhanna táirgthe nó trí úsáid a bhaint as ábhair tosaigh a bhfuil difríochtaí suntasacha eatarthu agus na modhanna táirgthe nó na hábhair tosaigh a áiríodh i measúnú riosca an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), déanfaidh an táirgeoir nó an t-úsáideoir na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin, sula gcuirfear an breiseán bia ar an margadh, chun go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh ar an mbreiseán bia maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.
3. Ar iarratas uaidh, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir breiseáin bia an Coimisiún ar an eolas maidir leis an úsáid atá á baint as an mbreiseán bia. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.
Airteagal 25
Faireachán ar iontógáil breiseán bia
1. Déanfaidh na Ballstáit cothabháil ar chórais chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas agus ar úsáid breiseán bia ar bhonn cur chuige riosca-bhunaithe agus déanfaidh siad tuairisciú ar thorthaí an fhaireacháin don Choimisiún agus don Údarás a mhinice is cuí.
2. Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar modheolaíocht chomhchoiteann i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) maidir le Ballstáit a bheith ag bailiú faisnéise i ndáil le hiontógáil breiseán bia in aistí bia sa Chomhphobal.
Airteagal 26
Coiste
1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe de chúnamh ag an gCoimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Cinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Is 2 mhí, 2 mhí agus 4 mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), agus (4)(b) agus (e) de Cinneadh 1999/468/CE.
Airteagal 27
Maoiniú Comhphobail ar bheartais chomhchuibhithe
Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 28
Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia a bhunú
1. Déanfar breiseáin bia a gceadaítear iad a úsáid i mbianna faoi Threoir 94/35/CE, faoi Threoir 94/36/CE agus faoi Threoir 95/2/CE, arna leasú ar bhonn Airteagal 29 den Rialachán seo, agus a gcoinníollacha úsáide, a iontráil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis athbhreithniú ar an gcaoi a gcomhlíonann siad Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 de. Glacfar na bearta a bhaineann le breiseáin den sórt sin a iontráil in Iarscríbhinn II, agus ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 26(4). Ní áireofar measúnú nua riosca ón Údarás san athbhreithniú. Críochnófar an t-athbhreithniú faoi … (36).
Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil gá leo níos mó isteach in Iarscríbhinn II.
2. Déanfar breiseáin bia a n-údaraítear a n-úsáid i mbreiseáin bia i dTreoir 95/2/CE agus a gcoinníollacha úsáide a iontráil i gCuid 1 d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis athbhreithniú ar an gcaoi a gcomhlíonann siad Airteagal 6 de. Glacfar na bearta a bhaineann le breiseáin den sórt sin a iontráil in Iarscríbhinn III, agus ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(4). Ní áireofar measúnú nua riosca ón Údarás san athbhreithniú. Críochnófar an t-athbhreithniú faoi … (36).
Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil gá leo níos mó isteach in Iarscríbhinn III.
3. Déanfar breiseáin bia a n-údaraítear a n-úsáid i mblastáin bia i dTreoir 95/2/CE agus a gcoinníollacha úsáide a iontráil i gCuid 4 d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann siad Airteagal 6 de. Glacfar na bearta a bhaineann le breiseáin den sórt sin a iontráil in Iarscríbhinn III, agus ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(4). Ní áireofar measúnú nua riosca ón Údarás san athbhreithniú. Críochnófar an t-athbhreithniú faoi … (36).
Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil gá leo níos mó isteach in Iarscríbhinn III.
4. Glacfar sonraíochtaí na mbreiseán bia a chumhdaítear faoi mhír 1 go mír 3 den Airteagal seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (17), tráth a n-iontrálfar na breiseáin bia sin sna hIarscríbhinní i gcomhréir leis na míreanna sin.
5. Glacfar aon bhearta idirthréimhseacha iomchuí, ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ceapadh iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(3).
Airteagal 29
Bearta idirthréimhseacha
Go dtí go gcríochnófar bunú na liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia dá bhforáiltear in Airteagal 28, leasófar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 94/35/CE, le Treoir 94/36/CE agus le Treoir 95/2/CE, i gcás inar gá sin, le bearta ar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de na Treoracha sin a leasú a cheapfar iad agus a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(4).
Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh nó a lipéadaítear roimh … (37) agus nach gcomhlíonann Airteagal 21(1)(i) agus (4) den Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.
Airteagal 30
Athmheastóireacht ar bhreiseáin bia a formheasadh
1. Beidh breiseáin bia a ceadaíodh roimh … (38) faoi réir measúnú nua riosca a dhéanfaidh an tÚdarás.
2. Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar clár meastóireachta do na breiseáin sin faoi … (39), i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Foilseofar an clár meastóireachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 31
Aisghairmeacha
1. Aisghairfear na hionstraimí seo a leanas:
|
(a) |
Treoir 62/2645/CEE; |
|
(b) |
Treoir 65/66/CEE; |
|
(c) |
Treoir 78/663/CEE; |
|
(d) |
Treoir 78/664/CEE; |
|
(e) |
Treoir 81/712/CEE; |
|
(f) |
Treoir 89/107/CEE; |
|
(g) |
Treoir 94/35/CE; |
|
(h) |
Treoir 94/36/CE; |
|
(i) |
Treoir 95/2/CE; |
|
(j) |
Treoir Uimh. 292/97/CE; |
|
(k) |
Treoir 2002/247/CE; |
2. Forléireofar tagairtí do na hionstraimí aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 32
Forálacha idirthréimhseacha
De mhaolú ar Airteagal 31, leanfaidh na forálacha seo d'fheidhm a bheith acu go dtí go mbeidh an t-aistriú faoi Airteagal 28(1), (2) agus (3) den Rialachán seo de bhreiseáin bia a ceadaíodh cheana féin i dTreoir 94/35/CE, i dTreoir 94/36/CE agus i dTreoir 95/2/CE críochnaithe:
|
(a) |
Airteagal 2(1), (2) agus (4) de Threoir 94/35/CE agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis; |
|
(b) |
Airteagal 2(1) go (6), (8), (9) agus 10 de Threoir 94/36/CE agus Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V a ghabhann leis; |
|
(c) |
Airteagal 2 agus Airteagal 4 de Threoir 95/2/CE agus Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VI a ghabhann leis. |
D'ainneoin phointe (c), aisghairfear na húdaruithe le haghaidh E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Líseasóm a leagtar síos i dTreoir 95/2/CE le héifeacht ó dháta feidhme an liosta Comhphobail maidir le heinsímí bia i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (29).
Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … (40).
Beidh feidhm ag Airteagal 4(2), áfach, maidir le Cuid 2, Cuid 3 agus Cuid 5 d'Iarscríbhinn III ón 1 Eanáir 2011 agus beidh feidhm ag Airteagal 22(4) ó … (36). Beidh feidhm ag Airteagal 29 ó … (38).
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008, Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (gan foilsiú go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …
(3) IO L 186, 30.6.1989, lch. 27. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(4) Féach leathanach 32 den Iris Oifigúil seo.
(5) IO L 178, 28.7.1995, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/128/CE (IO L 346, 9.12.2006, lch. 6).
(6) IO L 226, 22.9.1995, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/33/CE (IO L 82, 21.3.2006, lch. 10).
(7) IO L 339, 30.12.1996, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/129/CE (IO L 346, 9.12.2006, lch. 15).
(8) Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.
(9) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).
(10) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(11) IO L 93, 31.3.2006, lch. 12. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).
(12) IO L 208, 24.7.1992, lch. 9. Rialachán arna aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 (IO L 93, 31.3.2006, lch. 1).
(13) IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).
(14) IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.
(15) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(16) IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle.
(17) Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo
(18) IO 115, 11.11.1962, lch. 2645/62. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 95/45/CE (IO L 226, 22.9.1995, lch. 1).
(19) IO 22, 9.2.1965, lch. 373/65. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 96/77/CE ón gCoimisiún (IO L 339, 30.12.1996, lch. 1).
(20) IO L 223, 14.8.1978, lch. 7. Treoir arna leasú le Treoir 92/4/CEE ón gCoimisiún (IO L 55, 29.2.1992, lch. 96).
(21) IO L 223, 14.8.1978, lch. 30. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 96/77/CE ón gCoimisiún.
(22) IO L 257, 10.9.1981, lch. 1.
(23) IO L 40, 11.2.1989, lch. 27. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(24) IO L 237, 10.9.1994, lch. 3. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/52/CE (IO L 204, 26.7.2006, lch. 10).
(25) IO L 237, 10.9.1994, lch. 13. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(26) IO L 61, 18.3.1995, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/52/CE.
(27) IO L 48, 19.2.1997, lch. 13.
(28) IO L 84, 28.3.2002, lch. 69.
(29) Féach leathanach 32 den Iris Oifigúil seo.
(30) Féach leathanach 46 den Iris Oifigúil seo.
(31) IO L 330, 5.12.1998, lch. 32. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(32) Féach leathanach 46 den Iris Oifigúil seo.
(33) IO L 268, 24.9.1991, lch. 69. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 806/2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 1)
(34) IO L 139, 30.4.2004, lch. 55. Leagan ceartaithe in IO L 226, 25.6.2004, lch. 22. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gCoimisiún (IO L 281, 25.10.2007, lch. 8).
(35) IO L 186, 30.6.1989, lch. 21. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 92/11/CEE (IO L 65, 11.3.1992, lch. 32).
(36) Dhá bhliain tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
(37) 12 mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.
(38) An dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
(39) Bliain tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
(40) Bliain i ndiaidh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
IARSCRÍBHINN I
AICMÍ FEIDHMIÚLA BREISEÁN BIA I MBIANNA AGUS AICMÍ FEIDHMIÚLA BREISEÁN BIA I MBREISEÁIN BIA AGUS IN EINSÍMÍ BIA
|
1. |
Is éard is ‘milsitheoirí’ ann substaintí a úsáidtear chun blas milis a chur ar bhianna nó i milsitheoirí boird. |
|
2. |
Is éard is ‘dathanna’ ann substaintí a chuireann dath ar bhia, nó a chuireann dath ar bhia an athuair, agus a fholaíonn comhchodanna nádúrtha bianna agus foinsí nádúrtha nach gcaitear de ghnáth mar bhianna agus nach n-úsáidtear de ghnáth mar shain-chomhábhair i mbia. De réir bhrí an Rialacháin seo is dathanna iad ullmhóidí a fhaightear ó bhianna agus ó bhunábhair nádúrtha inite eile trí eastóscadh fisiceach agus/nó ceimiceach a bhfuil eastóscadh roghnaíoch na líocha a bhaineann leis na comhchodanna cothaitheacha nó aramatacha mar thoradh air. |
|
3. |
Is éard is ‘leasaithigh’ ann substaintí a chuireann fad le seilfré bianna trína gcosaint ar mheathlú ó mhiocrorgánaigh agus/nó a chosnaíonn iad ar fhás miocrorgánach pataigineach. |
|
4. |
Is éard is ‘frithocsaídeoirí’ ann substaintí a chuireann fad le seilfré bianna trína gcosaint ar mheathlú de bharr ocsaídiúcháin, amhail bréine saille agus athruithe datha. |
|
5. |
Is éard is ‘iompróirí’ ann substaintí a úsáidtear chun breiseán bia nó blastán nó einsím bia, cothaitheach agus/nó substaint eile a chuirtear le bia chun críocha cothaitheacha nó fiseolaíocha a thuaslagadh, a chaolú, a easrú nó a athrú go fisiceach ar bhealach éigin eile, gan a fheidhm a athrú (agus gan aon tionchar teicneolaíoch a bheith ag na hiompróirí féin) chun a láimhseáil, a fheidhm nó a úsáid a éascú. |
|
6. |
Is éard is ‘aigéid’ ann substaintí a chuireann le haigéadacht earra bia agus/nó a chuireann blas géar air. |
|
7. |
Is éard is ‘rialtáin aigéadachta’ ann substaintí a athraíonn nó a rialaíonn aigéadacht nó alcaileacht earra bia. |
|
8. |
Is éard is ‘gníomhaithe frithstolptha’ ann substaintí a laghdaíonn an claonadh atá i gcáithníní indibhidiúla earra bia greamú dá chéile. |
|
9. |
Is éard is ‘gníomhaithe frithchúrtha’ ann substaintí a choisceann nó a laghdaíonn an cúradh. |
|
10. |
Is éard is ‘gníomhaithe toirtithe’ ann substaintí a chuireann le toirt earra bia ach nach gcuireann go suntasach lena luach fuinnimh infhaighte. |
|
11. |
Is éard is ‘eiblitheoirí’ ann substaintí a chumasaíonn meascán aonchineálach de dhá phas dhomheasctha amhail ola agus uisce in earra bia a fhoirmiú nó a chaomhnú. |
|
12. |
Is éard is ‘salainn eiblithe’ ann substaintí a dhéanann foirm easartha de phróitéiní a bhíonn i gcáis agus a dhéanann saill agus comhábhair eile a dháileadh go haonchineálach ar an dóigh sin. |
|
13. |
Is éard is ‘gníomhaithe cruaite’ ann substaintí a chruann fíocháin torthaí nó fíocháin glasraí nó a dhéanann briosc iad nó a choinníonn teann nó briosc iad, nó a idirghníomhaíonn le gníomhaithe glóthaithe chun glóthach a dhéanamh nó a neartú. |
|
14. |
Is éard is ‘méadaitheoirí blais’ ann substaintí a chuireann leis an mblas atá ar earra bia cheana agus/nó leis an mboladh atá uaidh. |
|
15. |
Is éard is ‘gníomhaithe cúrtha’ ann substaintí a chumasaíonn easrú aonchineálach a dhéanamh ar phas gásach in earra bia leachtach nó soladach. |
|
16. |
Is éard is ‘gníomhaithe glóthaithe’ ann substaintí a thugann uigeacht d'earra bia trí ghlóthach a fhoirmiú. |
|
17. |
Is éard is ‘gníomhaithe glónraithe’ (lena n-áirítear bealaí) ann substaintí a chuireann snas ar earra bia nó a chuireann sciath chosanta air, nuair a chuirtear ar dhromchla seachtrach an earra bia é. |
|
18. |
Is éard is ‘taisleáin’ ann substaintí a choisceann bianna ó thriomú amach trí ghníomhú in aghaidh na héifeachta a bhíonn ag atmaisféar a bhfuil leibhéal íseal taise ann, nó a spreagann tuaslagadh púdair i meán uisciúil. |
|
19. |
Is éard is ‘stáirsí modhnaithe’ ann substaintí a fhaightear trí chóireáil cheimiceach amháin nó níos mó a dhéanamh ar stáirsí inite, a bhféadfaí cóireáil fhisiceach nó cóireáil einsímeach a bheith déanta orthu, agus a d'fhéadfadh a bheith tanaithe nó tuartha ag aigéad nó ag alcaile. |
|
20. |
Is gáis seachas aer iad ‘gáis pacáistithe’ a chuirtear isteach i ngabhdán sula gcuirtear earra bia ann, tráth a mbíonn earra bia á chur ann nó tar éis earra bia a chur ann. |
|
21. |
Is gáis seachas aer iad ‘gáis tiomána’ a bhrúnn earra bia amach as gabhdán. |
|
22. |
Is substaintí nó cumaisc de shubstaintí iad ‘gníomhaithe éiritheacha’ a shaorann gás agus a mhéadaíonn toirt taois nó fuidrimh ar an dóigh sin. |
|
23. |
Is substaintí iad ‘leithliseoirí’ a fhoirmíonn coimpléisc cheimiceacha le hiain mhiotalacha. |
|
24. |
Is substaintí iad ‘cobhsaitheoirí’ a chumasaíonn staid fhisiceimiceach earra bia a chothabháil; folaíonn cobhsaitheoirí substaintí a chumasaíonn easrú aonchineálach dhá shubstaint dhomheasctha nó níos mó in earra bia a chothabháil, substaintí a chobhsaíonn, a choimeádann nó a threisíonn dath atá ar earra bia cheana agus substaintí a mhéadaíonn cumas táite an bhia, lena n-áirítear trasnaisc idir próitéiní a chumasaíonn píosaí bia a tháthú ina n-athbhia. |
|
25. |
Is substaintí iad ‘tiúsóirí’ a mhéadaíonn ar shlaodacht earra bia. |
|
26. |
Is substaintí, seachas eiblitheoirí, iad ‘gníomhaithe cóireála plúir’ a chuirtear le plúr nó le taos chun a cháilíocht bácála a fheabhsú. |
IARSCRÍBHINN II
Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia a formheasadh lena n-úsáid i mbianna agus coinníollacha úsáide.
IARSCRÍBHINN III
Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia a formheasadh lena n-úsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia agus i mblastáin bia, agus a gcoinníollacha úsáide.
An liosta Comhphobail d'iompróirí i gcothaithigh agus a gcoinníollacha úsáide.
|
Cuid 1 |
Iompróirí i mbreiseáin bia |
|
Cuid 2 |
Breiseáin bia seachas iompróirí i mbreiseáin bia |
|
Cuid 3 |
Breiseáin bia lena n-áirítear iompróirí in einsímí bia |
|
Cuid 4 |
Breiseáin bia lena n-áirítear iompróirí i mblastáin bia |
|
Cuid 5 |
Iompróirí i gcothaithigh agus substaintí eile a chuirtear isteach chun críocha cothaitheacha agus/nó chun críocha fiseolaíochta eile |
IARSCRÍBHINN IV
BIANNA TRAIDISIÚNTA A BHFÉADFAIDH BALLSTÁIT ÁIRITHE LEANÚINT D'AICMÍ ÁIRITHE DE BHREISEÁIN BIA A THOIRMEASC INA LEITH
|
An Ballstát |
Na bianna |
Na haicmí de bhreiseáin bia a bhféadfar leanúint dá dtoirmeasc |
|
An Ghearmáin |
Beoir thraidisiúnta na Gearmáine (‘Bier nach deutschem Reinheitsgebot gebraut’) |
Iad uile seachas gáis tiomána |
|
An Fhrainc |
Arán traidisiúnta na Fraince |
Iad uile |
|
An Fhrainc |
Strufail thraidisiúnta leasaithe na Fraince |
Iad uile |
|
An Fhrainc |
Seilidí traidisiúnta leasaithe na Fraince |
Iad uile |
|
An Fhrainc |
Táirgí leasaithe gé agus lachan traidisiúnta (‘confit’) na Fraince |
Iad uile |
|
An Ostair |
‘Bergkäse’ traidisiúnta na hOstaire |
Iad uile seachas leasaitheoirí |
|
An Fhionlainn |
‘Mämmi’ traidisiúnta na Fionlainne |
Iad uile seachas leasaitheoirí |
|
An tSualainn An Fhionlainn |
Síoróipí torthaí traidisiúnta na Sualainne agus na Fionlainne |
Dathanna |
|
An Danmhairg |
‘Kødboller’ traidisiúnta na Danmhairge |
Leasaitheoirí agus dathanna |
|
An Danmhairg |
‘Leverpostej’ traidisiúnta na Danmhairge |
Leasaitheoirí (seachas aigéad sorbach) agus dathanna |
|
An Spáinn |
‘Lomo embuchado’ traidisiúnta na Spáinne |
Iad uile seachas leasaitheoirí agus frithocsaídeoirí |
|
An Iodáil |
‘Mortadella’ traidisiúnta na hIodáile |
Iad uile seachas leasaitheoirí, frithocsaídeoirí, gníomhaithe coigeartaithe pH, méadaitheoirí blais, cobhsaitheoirí agus gás pacáistithe |
|
An Iodáil |
‘Cotechino e zampone’ traidisiúnta na hIodáile |
Iad uile seachas leasaitheoirí, frithocsaídeoirí, gníomhaithe coigeartaithe pH, méadaitheoirí blais, cobhsaitheoirí agus gás pacáistithe |
RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE
I. RÉAMHRÁ
An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin maidir le breiseáin bia (1). Tá an togra bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 10 Iúil 2007 (2).
Tar éis thuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, chuir an Coimisiún a thogra leasaithe ar aghaidh an 24 Deireadh Fómhair 2007 (3).
An 10 Márta 2008, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh.
Agus í i mbun a cuid oibre, rinne an Chomhairle an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, arna glacadh an 25 Aibreán 2007 (4), a chur san áireamh.
II. CUSPÓIR
Dhéanfadh an Rialachán atá beartaithe, a bhí ar cheann de cheithre thogra a ceapadh le hathchóiriú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le gníomhairí feabhsaithe bia, reachtaíocht an Chomhphobail atá ann cheana maidir le breiseáin bia a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú.
Trí bhíthin an Rialacháin atá beartaithe, bunófar liosta Comhphobail de bhreiseáin bia agus de bhreiseáin bia a fhormheasfar lena n-úsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia agus i mblastáin bia, lena n-áireofar a gcoinníollacha úsáid. Bunóidh an Rialachán atá beartaithe freisin rialacha maidir le lipéadú ar bhreiseáin bia.
Is í cuspóir an Rialacháin atá beartaithe dea-fheidhmiú an mhargadh inmheánaigh a áirithiú, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bhia, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, do leas na dtomhaltóirí, agus do chosaint an chomhshaoil.
III. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH
1. Réamhrá
Léiríonn an comhsheasamh toradh an scrúdaithe a rinne an Chomhairle ar thogra an Choimisiúin. Thug an Chomhairle roinnt modhnuithe isteach sa téacs, cuid acu faoi spreagadh na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa. Ar a tionscnamh féin, thug an Chomhairle isteach roinnt leasuithe de chuid Pharlaimint na hEorpa i ngach ceann de na thrí thogra earnálacha, d'fhonn a bhforálacha a chomhchuibhiú. Féadfar na modhnuithe a thug an Chomhairle isteach a achoimriú mar a leanas:
— ‘An tomhaltóir a chur amú’(i gcomhréir le leasuithe 3 agus 26)
Chuir an Chomhairle isteach, in aithris 7 agus in Airteagal 6, eilimintí ag lánpháirtiú an choincheapa maidir leis an tomhaltóir a chur amú.
— Cosaint an chomhshaoil (i gcomhréir le leasuithe 1 agus 7)
Mheas an Chomhairle gur cheart, amach ó fhianaise eolaíoch, go gcuirfeadh údarú na mbreiseán bia san áireamh tosca ábhartha eile, amhail cosaint an chomhshaoil. Chuir an Chomhairle isteach freisin tagairt do chosaint an chomhshaoil i measc chuspóirí an Rialacháin atá beartaithe.
— Cosaint tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí nó éadulaingt bia acu ( i gcomhréir le leasú 1)
D'aithin an Chomhairle gur chóir úsáid agus leibhéil uasta breiseán bia nochtadh grúpaí speisialta tomhaltóirí (e.g. tomhaltóirí ailléirgeacha) don bhreiseán a chur san áireamh.
— Nós imeachta coiste rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (i gcomhréir le leasuithe 48, 51, 64/rev, 67/rev, 68/rev, 79 agus 80)
Rinne an Chomhairle an togra a chur in oiriúint do na rialacháin nós imeachta coiste lena gcuirtear de cheangal go ndéanfar an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun feidhme maidir le bearta a ghlacadh chun an Rialachán atá beartaithe a fhorlíonadh.
Chinn an Chomhairle, ar mhaithe le héifeachtúlacht, an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus le teorannacha ama giortaithe a úsáid chun liostaí Comhphobail de bhreiseáin a bhunú agus, go dtí go mbunófar liostaí Comhphobail, le haghaidh beart idirthréimhseach chun Iarscríbhinní a ghabhann le Treoracha 94/35/CE, 94/36/CE agus 95/2/CE a leasú.
— Cinntí léiritheacha
Rinne an Chomhairle na forálacha maidir le cinntí léiritheacha a athghrúpáil in aon airteagal nua amháin agus, toisc nach ndéanfaí an Rialachán a fhorlíonadh leo, d'fhág sí faoi réir an nós imeachta coiste rialúcháin gan ghrinnscrúdú.
— Foráil lena gcuirtear cosc ar bhreiseáin bia neamh-chomhlíontacha a chur ar an margadh (i gcomhréir le leasuithe 9 agus 22)
Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, leis an deimhneacht dhlíthiúil agus le dea-oibriú an mhargaidh, chuir an Chomhairle isteach airteagal maidir le cosc ar bhreiseáin bia neamh-chomhlíontacha a chur ar an margadh. Tá an méid sin i gcomhréir leis na forálacha maidir le blastáin agus le heinsímí bia.
— Údarú breiseán a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (5) (i gcomhréir le leasú 4)
Aontaíonn an Chomhairle gur féidir an dá nós imeachta údaraithe d'aon substaint a dhéanamh go comhuaineach, cé gur cheart an t-údarú deireanach a dheonú faoin Rialachán maidir le breiseáin. Rinne an Chomhairle roinnt athruithe ar dhréachtú an phrionsabail sin chun an fhoráil a dhéanamh níos comhoiriúnaí le Rialacháin (CE) Uimh. 1829/2003.
— Bearta idirthréimhseacha do tháirgí atá ar an margadh cheana féin (i gcomhréir le leasú 56)
Rinne an Chomhairle foráil d'idirthréimhse bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialacháin i bhfeidhm. Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear le linn na bliana sin, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.
— Lipéadú
Rinne an Chomhairle forálacha maidir le lipéadú a shruthlíniú chun na forálacha a leagadh síos cheana le Treoir 2000/13/CE a dhúbailt, agus urraim á tabhairt don idirdhealú idir lipéadú ‘idir ghnóthais’ agus ceanglais lipéadaithe do tháirgí a ceapadh lena ndíol don tomhaltóir deiridh. Cé gur eagraigh an Chomhairle an chaibidil maidir le lipéadú ar dhóigh éagsúil óna bhfuil molta ag Parlaimint na hEorpa, tá na bunphrionsabail maidir leis an inneachar i gcomhréir le leasuithe 42 agus 44.
— Nanaitheicneolaíocht (i gcomhréir le leasú 35)
Ar aon dul leis an moladh ó Pharlaimint na hEorpa, mheas an Chomhairle go raibh gá le measúnú nua ar bhreiseáin bia má tháirgtear breiseán bia trí mhodhanna táirgthe a bhfuil difríochtaí suntasacha idir iad agus na modhanna a áiríodh sa mheasúnú riosca roimhe sin. Is féidir coinníollacha éagsúla úsáide a fhorchur mar thoradh ar an measúnú nua.
Ghlac an Coimisiún leis an gcomhsheasamh a chomhaontaigh an Chomhairle.
2. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa
Ina vóta Iomlánach, an 10 Iúil 2007, ghlac Parlaimint na hEorpa 59 leasú ar an togra.
Ina comhsheasamh, rinne an Comhairle 33 leasú a ionchorprú go hiomlán nó i bprionsabal.
(a) Leasuithe a ionchorpraíodh sa chomhsheasamh
De bhreis ar na leasuithe a luadh cheana i gcuid 1. thuas, ionchorpraíonn an comhsheasamh, go hiomlán nó páirteach, leasuithe eile a mhol Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, ar de chineál teicniúil/éagarthóireachta iad agus arb é is aidhm dóibh soiléireacht théacs an togra a fheabhsú (leasuithe 8, 13, 14, 18, 19, 21, 36, 37, 39, 46, 55, 57, 58, 59, 60).
(b) Leasuithe nár tugadh isteach (6)
Ní raibh an Chomhairle in ann na leasuithe uile a ghlacadh, de bharr na gcúiseanna seo a leanas:
— Prionsabal an Réamhchúraim (leasú 78 — aithris 10)
Tá prionsabal an réamhchúraim ar cheann de na prionsabail ghinearálta is bonn don dlí ginearálta bia (7). Dá bhrí sin, tá feidhm aige maidir leis an rialachán atá beartaithe gan ghá le tagairt shonrach dó. Fairis sin, sa chreat anailíse riosca, ní fhéadfar prionsabal an réamhchúraim a chur san áireamh ach amháin i gcomhthéacs bainistíochta riosca agus ní fhéadfar choíche é a chur san áireamh le linn tréimhse measúnaithe riosca, mar a mhol Parlaimint na hEorpa.
— Breiseáin bia nach bhfuil le húsáid in éineacht le breiseáin bia eile (leasú 34 — Airteagal 10(2))
Leagtar síos in Airteagal 1 agus Airteagal 10(2)(c) cheana go gcaithfear coinníollacha úsáide breiseán bia a shonrú sa liosta Comhphobail agus dá bhrí sin tá leasú 34 iomarcach.
— Clár athmheastóireachta chun léirmheas a dhéanamh ar údaruithe (leasuithe 5, 54 — aithris 14, Airteagal 30(2a nua))
Dar leis an gComhairle, déanfaidh córas síorbhreathnaithe agus athmheastóireachta, nuair is gá sin i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha agus i bhfianaise aon fhaisnéise eolaíche nua, ráthaíocht a thabhairt ar shábháilteacht bia. Bheadh léirmheas breise ina ualach riaracháin neamhriachtanach ar tháirgeoirí, ar úsáideoirí, ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit.
— Athbhreithniú ar údaruithe láithreacha (leasú 6, 52, 69/rev — aithris 21, Airteagal 30(1) agus (2))
Áitíonn an Chomhairle go dtraschuirfear na breiseáin atá údaraithe cheana go dtí liosta breiseán atá údaraithe tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir seachas an tsábháilteacht. Ar a shon sin, cuireadh an cúram ar an EFSA athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin bia atá údaraithe faoi láthair maidir lena sábháilteacht. Níl nascadh an dá athbreithniú sin iomchuí.
— Sainmhíniú ar bhreiseáin bia agus raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe
|
— |
chun táirgí cosanta plandaí iarfhómhair a áireamh sa raon feidhme (leasú 10 — Airteagal 2(b)): Tá táirgí cosanta plandaí a mbaintear úsáid astu i gcóireáil iarfhómhair faoi réir Threoir 91/414/CEE lena bhforáiltear cheana go mbeidh dlí Comhphobail eile infheidhme, má thagann táirge cosanta plandaí faoi shainmhíniú an dlí eile sin. |
|
— |
saothráin mhiocróbacha a eisiamh ón raon feidhme (leasú 11 — Airteagal 2(da) nua): Cuirtear roinnt saothrán le bianna gar do dheireadh a monaraithe chun go mbeadh tionchar leasaitheach acu agus, mar sin, d'fhéadfaí a mheas gur breiseáin bia iad. I ngeall air sin, níor cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe. |
|
— |
ní dhéanfar próitéiní fola a mheas mar bhreiseán (leasú 16 — Airteagal 3(2)(a)(viii)): Faoi láthair meastar go dtagann substaintí arb éard iad próitéiní fola faoi raon feidhme dhlí an Chomhphobail ar bhreiseáin bia. Measann an Chomhairle nach iomchuí próitéiní fola a eisiamh mar bhreiseáin in Airteagal3(2). |
— Cinntí a cuireadh faoi bhráid an nós imeachta coiste rialúcháin (leasuithe 12, 40, 47 — Airteagail 2(5), 18(c) intreoir, 25(2))
Is de chineál léiritheach amháin iad cinntí an dtagann substaint faoi leith faoi raon feidhme an Rialacháin. Dá bhrí sin, ní thagann siad faoi raon feidhme an nós imeachta coiste lena ngabhann grinnscrúdú.
— Sainmhíniú agus eisiamh (éifeacht theicneolaíoch bhreise) (leasú 15 — Airteagal 3(2)(a)(ii))
Measann an Chomhairle go bhfuil sé róleathan ‘éifeacht theicneolaíoch bhreise’ a chur isteach in Airteagal 3(2)(a)(ii) agus go bhféadfaí leis sin substaintí a úsáidtear mar bhreiseáin bia a eisiamh ón sainmhíniú.
— Bia siúcra-laghdaithe (leasú 20, 29 — Airteagail 3(2)(i), 7(a))
Bheadh méadú ar éagsúlacht na dtáirgí a bhféadfar milsitheoirí a úsáid iontu de thoradh an coincheap seo a chur isteach sa Rialachán agus féadfaidh tomhaltas méadaithe de na breiseáin sin teacht as sin, rud nach mbeadh chun tairbhe tomhaltóirí.
— Tairbhí don tomhaltóir (leasú 24 — Airteagal 6(1)(b))
Foráiltear le leasú 24 gur cheart go mbeadh gá réasúnta teicneolaíoch ó thaobh tairbhí don tomhaltóir ar cheann de na coinníollacha chun breiseáin bia a chur ar an liosta Comhphobail. Leagtar síos in Airteagal 6(2), áfach, go bhfuil sé riachtanach go bhfuil tairbhí agus buntáistí don tomhaltóir ag roinnt le breiseáin chun go gcuirfí ar an liosta Comhphobail é. Níl leasú 24 riachtanach dá bhrí sin.
— Míniú ar an mbonn leis an gcinneadh críochnaitheach (leasú 28 — Airteagal 6(3a nua))
Déantar an cinneadh cibé acu breiseáin bhia a áireamh nó gan iad a áireamh i liosta an Chomhphobail tríd an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Áirítear aithrisí sna tograí sin ina mínítear a gcúlra agus tá leasú 28 dá réir sin iomarcach.
— Coinníollacha sonracha le haghaidh mílseoirí (leasú 73 — Airteagal 7(b))
Mheas an Chomhairle go mbeadh sé róshriantach an abairt a scriosadh.
— Breiseáin a d'fhéadfadh na tomhaltóirí a chur amú (e.g. dathanna) (leasú 30 — Airteagal 8(1a nua))
Leis an bhforáil in Airteagal 6 maidir le coinníollacha ginearálta chun údarú a dhéanamh ar bhreiseáin bhia, foráiltear nár cheart do bhreiseán an tomhaltóir a chur amú. Lena chois sin, d'fhonn sainmhíniú a dhéanamh ar an téarma ‘na tomhaltóirí a chur amú’, rinne an Chomhairle soiléiriú ar an gcoincheap sin in aithris 7.
— Sonraíochtaí i liostaí an Chomhphobail
|
— |
Sainaithint ghrúpa na mbreiseán (leasú 33 — Airteagal 10(2)(a)): Le hAirteagal 9 foráiltear go sannfar breiseán bia d'aicme fheidhmiúil. De bhrí gur féidir le breiseán a bheith i roinnt aicmí feidhmiúla, ní fhéadfadh an Chomhairle tacaíocht a thabhairt do leasú den sórt sin lena n-éilítear go ndéanfar sainaithint ar na haicmí go léir lenar féidir leis an mbreiseán baint a bheith aige leo. |
|
— |
Sonraíocht na substaintí lenar féidir na breiseáin a chur leo (leasú 33 — Airteagal 10(2)(b)): Níl gá leis an leasú de bhrí go meastar gur bia iad einsímí, blastáin agus breiseáin. |
— Lipéadú ar orgánaigh atá géinmhodhnaithe (OGManna) (leasú 38 agus 63 — Airteagal 12)
Mar a luaitear in aithris 16, fanann breiseáin bhia faoi réir na bhforálacha lipéadaithe a shainítear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (8) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (9) (Foráiltear le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 do lipéadú comhábhar bia, lena n-áirítear breiseáin a tháirgtear ó OGManna, a bhfuil OGManna iontu agus arb é atá iontu OGManna). Ghlac an Chomhairle cur chuige stuama sa mhéid is nár ghlac sí le leasuithe a d'fhéadfadh cur isteach ar raon feidhme na Rialachán cothrománach atá i bhfeidhm.
— Lipéadú (leasuithe 43 agus 45 — Airteagail 21(4), 22(3a nua))
Ar an gcéad dul síos, mheas an Chomhairle nach féidir ach eolas áirithe a chur ar fáil sna doiciméid tionlacain arna soláthar in éineacht leis an seachadadh nó roimh an seachadadh. Ar an dara dul síos, ó tharla go bhfuil forálacha maidir le hailléirginí a lipéadú ann cheana féin, forálacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE, mheas an Chomhairle nach cuí dul thar na forálacha sa ghníomh reachtach sin.
IV. CONCLÚIDÍ
Measann an Chomhairle gur cothromaíocht idir ábhair imní agus leasanna atá sa chomhsheasamh a urramódh cuspóirí an Rialacháin. Tá sí ag tnúth le plé cruthaitheach a bheith aici le Parlaimint na hEorpa d'fhonn an Rialachán a ghlacadh go luath, chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ann maidir le sláinte an duine agus maidir le tomhaltóirí.
(1) COIM(2006) 428 Leagan críochnaitheach.
(2) Doic. 11640/07 CODEC 776.
(3) COIM(2007) 673 Leagan críochnaitheach.
(4) IO C 168, 20.7.2007, lch. 29.
(5) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(6) Tagraíonn uimhriú na nAirteagal sa chuid seo do théacs an chomhsheasaimh.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 34).
(8) IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).
(9) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 34).
|
6.5.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/32 |
COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 8/2008
a ghlac an Chomhairle an 10 Márta 2008
chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
(2008/C 111 E/03)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus atá folláin, agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. |
|
(2) |
Ba cheart go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus beartais an Chomhphobail á saothrú. |
|
(3) |
Ní rialáiltear einsímí bia seachas na heinsímí a úsáidtear mar bhreiseáin bia nó, má rialáiltear, is mar áiseanna próiseála a rialáiltear iad, faoi reachtaíocht na mBallstát. D'fhéadfadh difríochtaí idir dlíthe náisiúnta, rialacháin náisiúnta agus forálacha náisiúnta riaracháin maidir le measúnú agus údarú einsímí bia bac a chur ar shaorghluaiseacht einsímí bia, rud a chruthódh coinníollacha iomaíochta éagothroime agus iomaíochta éagóraí. Is gá, dá bhrí sin, rialacha Comhphobail a ghlacadh lena ndéanfaí comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta a bhaineann le húsáid einsímí i mbianna. |
|
(4) |
Níor cheart go gcumhdódh an Rialachán seo ach einsímí a chuirtear le bia chun feidhm theicneolaíoch a chomhlíonadh i monarú, i bpróiseáil, in ullmhú, i gcóireáil, i bpacáistiú, in iompar nó i stóráil an bhia sin, lena n-áirítear einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála (dá ngairfear ‘einsímí bia’ anseo feasta). Níor cheart, dá bhrí sin, go gcuimseodh raon feidhme an Rialacháin seo einsímí nach gcuirtear le bia chun feidhm theicneolaíoch a chomhlíonadh, ach a cheapfar lena gcaitheamh ag an duine, amhail einsímí chun críocha cothaitheacha. Níor cheart go measfaí gur einsímí bia na saothráin mhicribhitheolaíocha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia, amhail cáis agus fíon, a tháirgeadh agus a d'fhéadfadh einsímí a tháirgeadh go teagmhasach, ach nach go sonrach le haghaidh einsímí a tháirgeadh a úsáidtear iad. |
|
(5) |
Einsímí bia a úsáidtear go heisiach chun breiseáin bia a tháirgeadh agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le breiseáin bia (3), ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ó tharla go ndearnadh measúnú agus rialáil cheana ar shábháilteacht na mbianna sin. Ach nuair a úsáidtear na heinsímí bia sin mar einsímí i mbia, cumhdóidh an Rialachán seo iad. |
|
(6) |
Níor cheart einsímí bia a fhormheas ná a úsáid seachas má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh einsímí bia a bheith sábháilte nuair a úsáidtear iad, caithfidh gá teicneolaíoch a bheith ann lena n-úsáid agus níor cheart go gcuirfeadh a n-úsáid an tomhaltóir amú. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht chothaitheach an táirge, ach níl sé teoranta dóibh sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus einsímí bia á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á mheas, lena n-áirítear tosca sochaí, tosca eacnamaíocha, tosca traidisiúnta, tosca eitice agus tosca comhshaoil agus a indéanta is atá sé rialuithe a dhéanamh. |
|
(7) |
Ceadaítear roinnt einsímí bia d'úsáidí sonracha, mar shampla, i súnna torthaí agus i dtáirgí áirithe dá leithéid agus i lachtphróitéiní áirithe a cheapfar lena gcaitheamh ag an duine, agus le húsáid i gcleachtais agus i bpróisis údaraithe fíoneolaíochta áirithe. Ba cheart go gcomhlíonfadh úsáid einsímí bia den sórt sin an Rialachán seo agus na forálacha sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha Chomhphobail. Ba cheart go leasófaí, dá bhrí sin, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus maidir le táirgí áirithe dá leithéid ar chun a gcaite ag an duine a cheapfar iad (4), Treoir 83/417/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1983 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lachtphróitéiní áirithe (cáiséiní agus cáiséineáití) ar chun a gcaite ag an duine a cheapfar iad (5) agus Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona (6) dá réir. Ós rud é gur cheart go gcumhdódh an Rialachán seo na heinsímí bia uile, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (7) a leasú dá réir. |
|
(8) |
Ba cheart go gcuirfí einsímí bia a gceadaítear a n-úsáid laistigh den Chomhphobal ar liosta Comhphobail inar cheart go dtabharfaí tuairisc shoiléir ar na heinsímí agus go sonrófaí aon choinníollacha a rialaíonn a n-úsáid, lena n-áirítear, i gcás inar gá, faisnéis maidir lena bhfeidhm sa bhia deiridh. Ba cheart an liosta sin a fhorlíonadh le sonraíochtaí, go háirithe maidir lena dtionscnamh, lena n-áirítear, i gcás inar ábhartha, faisnéis faoina n-airíonna ailléirgineacha, agus le critéir íonachta. |
|
(9) |
Chun comhchuibheas a áirithiú, ba cheart gur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia (8) a dhéanfaí measúnú riosca ar einsímí bia agus a chuirfí ar an liosta Comhphobail iad. |
|
(10) |
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (9) ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) maidir le hábhair ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar shláinte an phobail. |
|
(11) |
Einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (10), ba cheart go mbeadh sí faoi réir an nós imeachta um údarú faoin Rialachán sin maidir le measúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, ach ba cheart gur faoin Rialachán seo a dheonófaí údarú deireanach na heinsíme bia. |
|
(12) |
Einsím bia atá ar an liosta Comhphobail cheana féin faoin Rialachán seo, agus a tháirgtear le modhanna táirgthe nó ag úsáid ábhar tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach idir iad agus na modhanna a chuimsítear i measúnú riosca an Údaráis, nó nach ionann iad agus na heinsímí bia a chumhdaíonn an t-údarú agus na sonraíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart iad a chur faoi bhráid an Údaráis d'fhonn go ndéanfaí meastóireacht orthu. D'fhéadfadh sé go gciallódh ‘difríocht shuntasach’, inter alia, athrú ar an modh táirgthe ó eastóchadh as planda chuig táirgeadh trí choipeadh le miocrorgánach, nó modhnú géiniteach ar an mbun-mhiocrorgánach, athrú ar na hábhair tosaigh, nó athrú ar mhéid na gcáithníní. |
|
(13) |
Ós rud é go bhfuil go leor einsímí bia ar mhargadh an Chomhphobail cheana féin, ba cheart go bhforálfaí go n-áiritheofaí go ndéanfaí an t-athrú chuig liosta Comhphobail einsímí bia ar bhealach rianúil agus nach gcuirfí isteach ar an margadh einsímí bia atá ann. Ba cheart go leor ama a thabhairt d'iarratasóirí chun a cheadú dóibh an fhaisnéis a chur ar fáil is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar na táirgí sin. Ba cheart, mar sin, tréimhse thosaigh dhá bhliain a cheadú tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme a leagfar síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11) d'fhonn go leor ama a thabhairt d'iarratasóirí chun an fhaisnéis a sholáthar faoi na heinsímí atá ann cheana féin agus a fhéadfar a áireamh ar an liosta Comhphobail a dhréachtófar faoin Rialachán seo. Ba cheart freisin go bhféadfaí iarratais a chur isteach ar údarú einsímí nua le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. Ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás meastóireacht gan mhoill ar gach iarratas i ndáil le heinsímí ar cuireadh faisnéis leordhóthanach ar fáil fúthu le linn na tréimhse sin. |
|
(14) |
Chun go dtabharfar cothrom na féinne do na hiarratasóirí ar fad, ba cheart an liosta Comhphobail a dhréachtú in aon chéim amháin. Ba cheart an liosta sin a bhunú tar éis a chríochnaithe don mheasúnú riosca ar na heinsímí bia uile ar cuireadh faisnéis leordhóthanach isteach fúthu le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. |
|
(15) |
Meastar go gcuirfear isteach líon suntasach iarratas le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. D'fhéadfadh sé, dá bhrí sin, go dteastódh tréimhse fhada sula dtabharfaí an measúnú riosca orthu sin i gcrích agus sula ndréachtófaí an liosta Comhphobail. Chun rochtain chomhionann ar an margadh d'einsímí bia nua a áirithiú tar éis na tréimhse tosaigh dhá bhliain, ba cheart foráil a dhéanamh d'idirthréimhse ina bhféadfaí einsímí bia agus bia ina n-úsáidtear einsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta atá ann sna Ballstáit, go dtí go mbeadh an liosta Comhphobail dréachtaithe. |
|
(16) |
Ba cheart na heinsímí bia E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Lísisím, a údaraíodh mar bhreiseáin bia faoi Threoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milsitheoirí (12), agus na coinníollacha a rialaíonn a n-úsáid, a thabhairt ar aghaidh ó Threoir 95/2/CE agus a chur ar an liosta Comhphobail nuair a dhréachtófar é faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, údaraíonn Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle úiréáis, béite-glúcanáis agus lísisím a úsáid i bhfíon faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1622/2000 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2000 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona a chur chun feidhme agus lena mbunaítear cód Comhphobail um chleachtais agus próisis fíoneolaíochta (13). Is einsímí bia iad na substaintí sin agus ba cheart go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí ar an liosta Comhphobail freisin iad nuair a dhréachtófar é, maidir lena n-úsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1622/2000. |
|
(17) |
Leanfaidh einsímí bia de bheith faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (14) agus, de réir mar a bhíonn, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (15). Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí faoin Rialachán seo forálacha sonracha maidir le lipéadú d'einsímí bia a dhíoltar mar einsímí bia leis an monaróir nó leis an tomhaltóir. |
|
(18) |
Cuimsítear einsímí bia faoin sainmhíniú a dhéantar ar bhia i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus, dá bhrí sin, nuair a úsáidtear i mbia iad ceanglaítear iad a shonrú mar chomhábhair ar lipéid bia i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE. Ba cheart einsímí bia a ainmniú de réir a bhfeidhme teicneolaí i mbia, agus ainm sonrach na heinsíme bia a bheith ina dhiaidh sin. Ba cheart go bhforálfaí, áfach, do mhaolú ar na forálacha maidir le lipéadú i gcásanna nach mbeidh aon fheidhm theicneolaíoch ag an einsím sa táirge deiridh ach go bhfuil sí san earra bia de thoradh comhábhair amháin nó níos mó de chomhábhair an earra bia a bhfuil sí ann nó má úsáidtear mar áis próiseála í. Ba cheart Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir. |
|
(19) |
Ba cheart go ndéanfaí faireachán leanúnach ar einsímí bia agus go ndéanfaí athmheastóireacht orthu aon uair is gá i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha a rialaíonn a n-úsáid agus i bhfianaise faisnéise eolaíche nua. |
|
(20) |
Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (16). |
|
(21) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Cinneadh 1999/468/CE. |
|
(22) |
Chun an dlí Comhphobail maidir le heinsímí bia a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach agus éifeachtúil, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéir a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí don Chomhphobal an staidéar sin a mhaoiniú mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (17). |
|
(23) |
Cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích chun a cheangal go ndéanfar de réir an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. |
|
(24) |
Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le heinsímí bia, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le heinsímí bia a úsáidtear i mbianna, lena n-áirítear einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála, d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtúil agus go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do shláinte an duine agus cosaint do leas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chóra trádála i mbia, lena gcuirfí caomhnú an chomhshaoil san áireamh, i gcás inar iomchuí.
Chun na gcríoch sin, foráiltear leis an Rialachán seo do:
|
(a) |
liosta Comhphobail einsímí formheasta bia; |
|
(b) |
coinníollacha úsáide einsímí bia i mbianna; |
|
(c) |
rialacha maidir le lipéadú einsímí bia a dhíoltar mar einsímí bia. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia mar a shainmhínítear in Airteagal 3 iad.
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia nuair is le haghaidh na nithe seo a leanas a tháirgeadh a úsáidfear iad agus sa mhéid gur le haghaidh na nithe seo a leanas a tháirgeadh a úsáidfear iad:
|
(a) |
breiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (18); |
|
(b) |
áiseanna próiseála. |
3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon rialacha sonracha Comhphobail maidir le húsáid einsímí bia:
|
(a) |
i mbianna sonracha; |
|
(b) |
chun críocha seachas na críocha a chumhdaítear faoin Rialachán seo. |
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le saothráin mhicribhitheolaíocha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia a tháirgeadh agus a d'fhéadfadh einsímí a tháirgeadh go teagmhasach ach nach go sonrach le haghaidh einsímí a tháirgeadh a úsáidtear iad.
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (18).
2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
|
(a) |
ciallaíonn ‘einsím bia’ táirge a fhaightear ó phlandaí, ó ainmhithe nó ó mhiocrorgánaigh nó ó tháirgí díobh sin, lena n-áirítear táirge a fhaightear trí phróiseas coipthe ina n-úsáidtear miocrorgánaigh:
|
|
(b) |
ciallaíonn ‘ullmhóid einsímí bia’ foirmliú arb éard atá ann einsím bia amháin nó níos mó ná einsím bia amháin ina gcorpraítear substaintí amhail breiseáin bia agus/nó comhábhair eile bia d'fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú. |
CAIBIDIL II
LIOSTA COMHPHOBAIL D'EINSÍMÍ BIA A FORMHEASADH
Airteagal 4
Liosta Comhphobail d'einsímí bia
Ní fhéadfar ach einsímí bia atá ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar einsímí bia nó a úsáid i mbianna, i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha úsáide dá bhforáiltear in Airteagal 7(2).
Airteagal 5
Cosc ar einsímí bia neamhchomhlíontacha agus/nó ar bhia neamhchomhlíontach
Ní chuirfidh aon duine einsím bia ná aon bhia inar úsáideadh einsím bia den sórt sin ar an margadh mura gcomhlíonann úsáid na heinsíme bia sin an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme.
Airteagal 6
Coinníollacha ginearálta maidir le heinsímí bia a chur ar an liosta Comhphobail
Ní fhéadfar einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail seachas má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas agus, i gcás inar ábhartha, cúinsí dlisteanacha eile:
|
(a) |
nach údar imní í, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte an tomhaltóra de, ar an leibhéal a bheartaítear í a úsáid; agus |
|
(b) |
go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnta ann léi; agus |
|
(c) |
nach gcuireann a húsáid na tomhaltóirí amú. |
Airteagal 7
Inneachar an liosta Comhphobail d'einsímí bia
1. Féadfar einsím bia a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 a chur ar an liosta Comhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11).
2. Sonrófar an méid seo a leanas nuair a bheidh einsím bia á cur ar an liosta:
|
(a) |
ainm na heinsíme bia; |
|
(b) |
sonraíochtaí na heinsíme bia, lena n-áirítear a tionscnamh, a critéir íonachta agus aon fhaisnéis eile a mbeidh gá léi; |
|
(c) |
más gá, na bianna ar féidir an einsím bia a chur leo; |
|
(d) |
más gá, na coinníollacha faoinar féidir an einsím bia a úsáid; ní shocrófar aon uasleibhéal d'einsím bia i gcás inar iomchuí. Sa chás sin, úsáidfear an einsím bia i gcomhréir le prionsabal an quantum satis; |
|
(e) |
más iomchuí, cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil, aon srianta ar an einsím bia a dhíol go díreach leis na tomhaltóirí deiridh; |
|
(f) |
i gcás inar gá, ceanglais shonracha maidir le lipéadú ar bhia inar úsáideadh na heinsímí bia, d'fhonn a áirithiú go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar an eolas faoi riocht fisiciúil an bhia nó faoin gcóireáil shonrach a rinneadh air. |
3. Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11).
Airteagal 8
Einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003
Ní fhéadfar einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chur ar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin nuair a chumhdaítear faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 í.
Airteagal 9
Cinntí léirmhínithe
I gcás inar gá, féadfar a cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) cé acu:
|
(a) |
an gcomhlíonann substaint áirithe an sainmhíniú ar einsím bia in Airteagal 3; |
|
(b) |
an mbaineann bia ar leith le catagóir bia ar an liosta Comhphobail d'einsímí bia. |
CAIBIDIL III
LIPÉADÚ
Airteagal 10
Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad
1. Breiseáin bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad, bídís á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbíonn an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo orthu, a chaithfidh a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.
2. Laistigh dá chríoch féin, is féidir leis an mBallstát ina bhfuil an t-earra á chur ar an margadh, a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfar an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga amháin nó i níos mó ná teanga amháin de theangacha oifigiúla an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a thabhairt i líon teangacha.
Airteagal 11
Ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú d'einsímí bia agus d'ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad
1. I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad, ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh an fhaisnéis a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:
|
(a) |
an t-ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo do gach einsím bia, nó tuairisc díolacháin ina luaitear ainm gach einsíme bia, nó cheal ainm, tuairisc ar an einsím bia a bheidh cruinn go leor le hidirdhealú a dhéanamh idir í agus táirgí a bhféadfadh mearú a bheith ar dhaoine eatarthu; |
|
(b) |
an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia; |
|
(c) |
na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá; |
|
(d) |
marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg; |
|
(e) |
treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid an bhreiseáin bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár; |
|
(f) |
ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra; |
|
(g) |
sonrú maidir le líon uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó dlí Comhphobail ábhartha eile a chomhlíonadh; i gcás ina mbainfidh an srian cainníochta céanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an srian ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis; |
|
(h) |
an chainníocht ghlan; |
|
(i) |
gníomhaíocht na heinsíme bia nó na n-einsímí bia; |
|
(j) |
an dáta íosmharthanachta nó an dáta éaga; |
|
(k) |
i gcás inar ábhartha, faisnéis ar einsím bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE. |
2. I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus/nó ullmhóidí einsímí bia measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, de réir ord a gcéatadáin meáchain anuas.
3. Beidh liosta de na comhpháirteanna uile ina gcéatadáin den mheáchan iomlán anuas ar phacáistiú nó ar choimeádáin ullmhóidí einsímí bia.
4. De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i mír 1 pointí (e) go (g) agus i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, doiciméid atá le soláthar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil ar chuid shofheicthe de phacáistiú nó de choimeádán an táirge a bheidh i gceist.
5. De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, i gcás ina soláthrófar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia i dtancaeir, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.
Airteagal 12
Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad
1. Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (19) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an fhaisnéis a leanas ar an bpacáistiú:
|
(a) |
an t-ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo do gach einsím bia, nó tuairisc díolacháin ina luaitear ainm gach einsíme bia, nó cheal ainm, tuairisc ar an einsím bia atá cruinn go leor le hidirdhealú a dhéanamh idir í agus táirgí a bhféadfadh mearú a bheith ar dhaoine eatarthu; |
|
(b) |
an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a cheapfar di i mbia. |
2. Dá réir sin, don fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE.
Airteagal 13
Ceanglais eile maidir le lipéadú
Beidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 12 gan dochar do dhlíthe, do rialacháin, ná d'fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú ar shubstaintí agus ar ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí agus le hullmhóidí den sórt sin a iompar.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 14
Oibleagáid maidir le faisnéis
1. Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir einsíme bia aon fhaisnéis nua eolaíoch nó aon fhaisnéis nua theicniúil a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú ar shábháilteacht na heinsíme bia in iúl don Choimisiún láithreach.
2. I gcás einsíme bia arna formheas cheana féin faoin Rialachán seo agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó ag úsáid ábhar tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach idir iad agus na modhanna táirge nó na hábhair tosaigh a áiríodh i measúnú riosca an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), ba cheart don táirgeoir nó don úsáideoir na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfear an einsím bia ar an margadh, le go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh uirthi maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.
3. Ar iarratas uaidh, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir einsíme bia an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid iarbhír na heinsíme bia. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.
Airteagal 15
An Coiste
1. Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Cinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 16
Maoiniú Comhphobail ar bheartais chomhchuibhithe
Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
An liosta Comhphobail d'einsímí bia a bhunú
1. Dréachtófar an liosta Comhphobail d'einsímí bia ar bhonn iarratas a dhéanfar de bhun mhír 2.
2. Féadfaidh páirtithe leasmhara iarratais a chur isteach chun einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail.
Is é an spriocdháta chun iarratais den sórt sin a chur isteach 24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11).
3. Bunóidh an Coimisiún Clár de na heinsímí bia uile a bheidh le breithniú lena n-áireamh ar an liosta Comhphobail agus ar tíolacadh iarratas ina leith a chomhlíonann na critéir bailíochta a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11) i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo (dá ngairfear ‘an Clár’ anseo feasta). Cuirfear an Clár ar fáil don phobal.
Cuirfidh an Coimisiún na hiarratais faoi bhráid an Údaráis d'fhonn a thuairim a fháil.
4. Glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11), a luaithe a eiseoidh an tÚdarás tuairim faoi gach einsím bia a áirítear sa Chlár.
De mhaolú ar an nós imeachta sin, áfach:
|
(a) |
ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (11) maidir leis an mbealach a nglacfaidh an tÚdarás a thuairim; |
|
(b) |
glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail den chéad uair tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt uaidh maidir leis na heinsímí bia uile a liostaítear sa Chlár. |
5. Más gá, aon bhearta idirthréimhseacha chun críocha an Airteagail seo a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(3).
Airteagal 18
Bearta idirthréimhseacha
1. D'ainneoin Airteagal 7 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, áireofar na heinsímí bia seo a leanas ar an liosta Comhphobail, nuair a dhréachtófar é:
|
(a) |
E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Lísisím, mar aon leis na coinníollacha a rialaíonn a n-úsáid mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus i gCuid C d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 95/2/CE iad; |
|
(b) |
Úiréáis, béite-glúcanáis agus lísisím le húsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus le rialacha cur chun feidhme an Rialacháin sin. |
2. Einsímí bia, ullmhóidí einsímí bia agus bia ina bhfuil einsímí bia a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh … (20) agus nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 10 go hAirteagal 12, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.
Airteagal 19
Leasuithe ar Threoir 83/417/CEE
I dTreoir 83/417/CEE, in Iarscríbhinn I, Roinn III(d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfleascanna:
|
‘— |
binid a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachan (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (21), |
|
— |
einsímí eile téachta bainne a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. …/2008. |
Airteagal 20
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999
Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999:
‘3. Einsímí agus ullmhóidí einsímeacha a úsáidtear sna cleachtais agus sna próisis fíoneolaíochta atá údaraithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV, comhlíonfaidh siad ceanglais Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachan (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (22).
Airteagal 21
Leasuithe ar Threoir 2000/13/CE
Leasaítear leis seo mar seo a leanas Treoir 2000/13/CE:
|
1) |
leasaítear mar seo a leanas Airteagal 6(4):
|
|
2) |
cuirtear an fhleasc seo a leanas le hAirteagal 6(6):
|
Airteagal 22
Leasuithe ar Threoir 2001/112/CE
I dTreoir 2001/112/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú, an cúigiú agus an séú fleasc d'Iarscríbhinn 1, Cuid II(2):
|
‘— |
Einsímí peicteolaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (23); |
|
— |
Einsímí próitéalaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. …/2008; |
|
— |
Einsímí amalaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. …/2008. |
Airteagal 23
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 258/97
I Rialachán (CE) Uimh. 258/97 cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2(1):
|
‘(d) |
einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heinsímí bia. lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (24). |
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 4 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail. Go dtí an dáta sin, leanfaidh forálacha náisiúnta maidir le heinsímí bia agus bia a tháirgtear le heinsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid d'fheidhm a bheidh acu sna Ballstáit.
Beidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 13 ó (20).
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008, Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …
(3) Féach leathanach 10 den Iris Oifigúil seo.
(4) IO L 10, 12.1.2002, lch. 58. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1182/2007 (IO L 273, 17.10.2007, lch. 1).
(5) IO L 237, 26.8.1983, lch. 25. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 36).
(6) IO L 179, 14.7.1999, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).
(7) IO L 43, 14.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(8) Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.
(9) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 34).
(10) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(11) Féach leathanach 1 den Iris Oifiguil seo
(12) IO L 61, 18.3.1995, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/52/CE (IO L 204, 26.7.2006, lch. 10).
(13) IO L 194, 31.7.2000, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1300/2007 (IO L 289, 7.11.2007, lch. 8).
(14) IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).
(15) IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.
(16) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(17) IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle.
(18) Féach leathanach 10 den Iris Oifigúil seo.
(19) IO L 186, 30.6.1989, lch. 21. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 92/11/CEE (IO L 65, 11.3.1992, lch. 32).
(20) 12 mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
(21) IO L …’.
(22) IO L …’.
(23) IO L …’.
(24) IO L …’.
RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE
I. RÉAMHRÁ
An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le heinsímí bia (1). Tá an togra bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 10 Iúil 2007 (2).
I ndiaidh thuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, thíolaic an Coimisiún togra leasaithe an 24 Deireadh Fómhair 2007 (3).
An 10 Márta 2008, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh.
Chuir an Chomhairle an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, a glacadh an 25 Aibreán 2007 (4), san áireamh freisin agus í i mbun a cuid oibre.
II. CUSPÓIR
Leis an Rialachán atá beartaithe, ar cheann de cheithre thogra é a ceapadh le hathchóiriú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le gníomhaithe feabhsaithe bia, tugtar isteach den chéad uair rialacha comhchuibhithe maidir le heinsímí a úsáidtear i mbia, bunaítear leis liosta an Chomhphobail d'einsímí bia agus rialacha maidir le lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia.
Is é is aidhm do na rialacha comhchuibhithe oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, lena n-áirítear cleachtais cóirthrádála, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leas na dtomhaltóirí agus don chomhshaol a áirithiú.
III. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH
1. Nótaí tosaigh
Is léiriú é an comhsheasamh ar thoradh an scrúdaithe a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún. Thug an Chomhairle roinnt modhnuithe isteach sa téacs, cuid díobh á spreagadh ag na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa. Rinne an Chomhairle, ar a tionscnamh féin, cuid de leasuithe Pharlaimint na hEorpa a thabhairt isteach i ngach ceann de na trí thogra earnálacha, d'fhonn a gcuid forálacha a chomhchuibhiú. Is féidir na modhnuithe a thug an Chomhairle isteach a achoimriú mar seo a leanas:
— Tús áite do bhunús aonair dlí: Airteagal 95 den Chonradh (i gcomhréir le leasú 35)
I gcomhréir leis an gcásdlí bunaithe (5), ní foláir an bunús dlí do ghníomh a chinneadh ag féachaint dá aidhm agus dá inneachar féin. I gcás ina dtaispeánfaidh an scrúdú ar bheart Comhphobail go bhfuil cuspóir débhiorach aige nó go bhfuil comhpháirt dhébhiorach aige agus má bhíonn ceann amháin díobh sin inaitheanta mar an bpríomhchuspóir nó mar an bpríomh-chomhpháirt, fad is nach mbíonn sa cheann eile ach cuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, caithfidh an gníomh a bheith bunaithe ar bhunús aonair dlí, eadhon an bunús a cheanglaítear leis an bpríomhchuspóir nó leis an bpríomh-chomhpháirt (6). Sa chás seo, mheas an Chomhairle nach raibh i ngnéithe talmhaíochta an togra ach nithe teagmhasacha agus gurb é cuspóir an mhargaidh inmheánaigh an príomhchuspóir nó an phríomh-chomhpháirt agus chinn sé dá réir sin, i gcomhréir le cásdlí CBCE, Airteagal 95 a choinneáil mar bhunús aonair dlí.
— An tomhaltóir a chur amú (i gcomhréir le leasú 4)
Chuir an Chomhairle eilimintí isteach in aithris 6 lena lánpháirtítear an coincheap maidir leis an tomhaltóir a chur amú.
— Cosaint an chomhshaoil
Mheas an Chomhairle, agus einsímí bia á n-údarú, gur chóir go gcuirfí san áireamh tosca ábhartha eile, amhail cosaint an chomhshaoil, seachas fianaise eolaíoch amháin. Chomh maith leis sin, d'áirigh an Chomhairle tagairt do chosaint an chomhshaoil ar chuspóirí an Rialacháin;
— Nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú (i gcomhréir le leasuithe 28 agus 30)
Chuir an Chomhairle an togra in oiriúint do na rialacha nua don nós imeachta coisteolaíochta a cheanglaíonn go gcuirfear i bhfeidhm an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán.
— Na cinntí maidir le léirmhíniú a chur faoi réir nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta
Rinne an Chomhairle athghrúpáil in aon airteagal nua amháin ar na forálacha go léir maidir le cinntí a bhaineann le léirmhíniú agus, ó tharla nach ndéanfadh siad an Rialachán atá beartaithe a fhorlíonadh, chuir sí iad faoi réir nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta nach ngabhann grinnscrúdú leis.
— Bearta idirthréimhseacha do tháirgí atá ar an margadh cheana féin (i gcomhréir le leasú 36)
Rinne an Chomhairle foráil d'idirthréimhse bliana amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe. Bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear le linn na bliana sin, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí an dáta faoinar cheart iad a úsáid.
— Foráil lena dtoirmisctear einsímí bia neamh-chomhlíontacha a chur ar an margadh (i gcomhréir le leasú 15)
Ar mhaithe le soiléire, deimhneacht dhlíthiúil agus oibriú rianúil an mhargaidh, chuir an Chomhairle isteach airteagal maidir le toirmeasc a chur ar einsímí bia neamh-chomhlíontacha a chur ar an margadh. Tá sé seo comhsheasmhach leis na tograí maidir le blastáin agus breiseáin bia.
— Údarú na n-einsímí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (7) (i gcomhréir le Leasuithe 7 agus 34 (an dara cuid))
Aontaíonn an Chomhairle gur féidir an dá nós imeachta um údarú d'aon substaint a chur i gcrích ag am céanna. Rinne an Chomhairle roinnt athruithe i ndréachtú an phrionsabail sin chun go mbeadh an fhoráil ag luí níos fearr le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
— Lipéadú
Rinne an Chomhairle na forálacha maidir le lipéadú a shruthlíniú agus a athneartú, ach d'urramaigh sí an t-idirdhealú idir lipéadú ar tháirgí a théann ‘ó ghnó go gnó’ agus na ceanglais maidir le lipéadú do tháirgí a bheartaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh. Cé nach ionann an leagan amach atá ag an gComhairle ar an gcaibidil maidir le lipéadú agus an leagan amach a mhol Parlaimint na hEorpa, tá na prionsabail atá mar thaca dá hinneachar i gcomhréir le leasuithe 21 (an chéad chuid agus an dara cuid), 22, 23, 24, 25, 27.
Tá glactha ag an gCoimisiún le comhsheasamh na Comhairle.
2. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa
Ina Vóta iomlánach an 10 Iúil 2007, ghlac Parlaimint na hEorpa 33 leasú ar an togra.
Ina comhsheasamh, d'ionchorpraigh an Chomhairle 21 leasú, go hiomlán nó i bprionsabal.
(a) Leasuithe a ionchorpraíodh sa chomhsheasamh
Sa bhreis ar na leasuithe a luaitear i gcuid 1 thuas, ionchorpraítear sa chomhsheasamh, go hiomlán nó i bprionsabal, leasuithe eile a mhol Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh arb é is aidhm dóibh téacs an togra a fheabhsú nó a shoiléiriú, go háirithe leasuithe 10, 12 (an chéad chuid), 14 (an tríú agus an cúigiú cuid), 16 (an dara cuid), 20, 31, 34 (an chéad chuid).
(b) Leasuithe nár glacadh leo (8)
Ní raibh an Chomhairle in ann na leasuithe go léir a ionchorprú, ar na cúiseanna seo a leanas:
— Einsímí a chuirtear le bia chun críocha cothaitheacha agus mar áiseanna díleácha (leasuithe 3, 11, agus 12 — aithris 4, Airteagail 2(2)(c nua), 2(4))
Measann an Chomhairle nach gá a lua go sonrach go n-eisiaitear ó raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe na heinsímí a bheartaítear lena gcaitheamh go díreach ag an duine (amhail einsímí a úsáidtear chun críocha cothaitheacha nó mar áiseanna díleácha). Go deimhin, ní fholaítear le raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe ach einsímí a chuirtear le bia chun feidhm theicneolaíoch a chur i gcrích.
Maidir le leasú 12 (an chéad chuid), aibhsíonn an Chomhairle go n-eisiaitear saothráin a úsáidtear ‘go traidisiúnta’ chun bia a tháirgeadh (e.g. cáis, fíon etc.) agus a d'fhéadfadh einsímí a tháirgeadh go teagmhasach. I ndáiríre, dá mbainfí amach an focal ‘traidisiúnta’, leathnófaí raon feidhme an eisiata agus d'fhéadfadh sé nach ndéanfaí rialú ar shaothráin a chuirtear le bia ar mhaithe le feidhm theicneolaíoch na heinsíme a tháirgeann siad, (e.g. leasú).
— Einsímí a bhfuil tairbhe iontu don tomhaltóir (leasuithe 4, 16 (an tríú cuid) — aithris 6, Airteagal 6(c))
Leis an Rialachán atá beartaithe, folaítear einsímí a chuirtear le bia chun críche teicneolaíche agus dá bhrí sin, feabhsaítear, i bhformhór na gcásanna, feidhmíocht chomhshaoil an phróisis táirgthe trí na heinsímí sin a úsáid, rud a chuireann tairbhe indíreach seachas tairbhe díreach ar fáil don tomhaltóir.
— Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (GMO)
(a) Lipéadú ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMO) (leasú 14 (an ceathrú cuid), 32, 37 (pointe ba), 38 — Airteagail 3(3 nua), 13, 21(2) agus aithris 11)
Mar a luadh in aithris 17, fanann na heinsímí bia faoi réir na bhforálacha maidir le lipéadú a shainmhínítear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (9) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (10). Ghlac an Chomhairle cur chuige stuama, gan glacadh le leasuithe a d'fhéadfadh a chur isteach ar raon feidhme na Rialachán cothrománach atá i bhfeidhm.
(b) An t-aitheantóir uathúil mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 (leasú 18 — Airteagal 7(2)(b))
Ar mhaithe le comhréireacht agus le simplíocht, scrios an Chomhairle an tagairt lena gceanglaítí go léireofaí, sa tsonraíocht einsíme ar an liosta Comhphobail d'einsímí bia, aitheantóir uathúil orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (11). I gcás inarb iomchuí sin, ba leordhóthanach iad na forálacha in airteagal 6(2)(b) chun an fhaisnéis sin a fholú. Dá réir sin, tá leasú 18 iomarcach.
— Ceanglais ar tugadh aghaidh orthu cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le forálacha ginearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia (leasuithe 6, 8, 16)
(a) Prionsabal an réamhchúraim (leasuithe 6, 16 (an chéad chuid) — aithris 9 agus Airteagal 6):
Tá prionsabal an réamhchúraim ar cheann de na prionsabail ghinearálta is bonn don dlí ginearálta bia (12). Dá bhrí sin, tá feidhm aige maidir leis an Rialachán atá beartaithe agus ní gá tagairt shonrach a dhéanamh dó. Thairis sin, ní féidir prionsabal an réamhchúraim a chur san áireamh i gcreat na hanailíse riosca ach amháin i gcomhthéacs na bainistíochta riosca, agus ní féidir é a chur san áireamh go brách ag céim an mheasúnaithe riosca, faoi mar a mhol Parlaimint na hEorpa.
(b) Foilsiú thuairimí an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (UESB) (leasú 8 — aithris 14)
Foráiltear cheana in Airteagal 38(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 d'fhoilsiú na dtuairimí ón UESB.
— Athmheastóireacht gach 10 mbliana (leasú 9 — aithris 19)
Measann an Chomhairle go ráthófar sábháilteacht bia trí bhíthin córais monatóireachta leanúnaí agus athmheastóireachta aon uair is gá i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha agus i bhfianaise faisnéise eolaíche nua. Chuirfeadh athbhreithniú breise gach 10 mbliana ualach neamhriachtanach riaracháin ar tháirgeoirí, ar úsáideoirí, ar an UESB, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit.
— Cinntí a chuirtear faoi réir an nós imeachta coisteolaíochta nach ngabhann grinnscrúdú leis (leasú 13 — Airteagal 9(a))
Maidir le cinntí faoi cibé acu an dtagann nó nach dtagann substaint ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe, is cinntí a bhaineann le léirmhíniú iad agus ní dhéanann siad an Rialachán a fhorlíonadh. Dá bhrí sin, ní thiocfaidís faoi raon feidhme nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú.
— Sainmhíniú ar einsímí (leasú 14, 17 — Airteagal 3(2), 7(2)(a))
Is é is ábhar don Rialachán seo ‘einsímí bia’, agus sainmhínítear iad. Níor léir go raibh gá le sainmhíniú breise ar ‘einsímí’.
— Sonraíochtaí iontrálacha na n-einsímí bia ar an liosta (leasú 19 — Airteagal (7)(2)(c) go (f))
B'fhearr leis an gComhairle gan foráil a dhéanamh, in Airteagal 7(2)(c) go (e), do shonraíochtaí áirithe mura mbeidh siad riachtanach agus gan foráil a dhéanamh níos minice ná mar is gá.
Measann an Chomhairle gur chóir na focail ‘nuair is gá’ a choinneáil in Airteagal 7(2)(f). Ní bhaineann an gá atá le lipéadú den sórt sin ach amháin le líon teoranta cásanna ina mbeidh athrú ar riocht fisiciúil an bhia de bharr gur úsáideadh einsím bia. Ní gá an méid sin a chur in iúl don tomhaltóir ach amháin sna cásanna sin.
— Lipéadú
Cé nach ionann an leagan amach atá ag an gComhairle ar an gcaibidil maidir le lipéadú agus an leagan amach a mhol Parlaimint na hEorpa, tá na prionsabail atá mar thaca dá hinneachar i gcomhréir le roinnt de na leasuithe a bhaineann le hAirteagail 10, 11, 12 agus 13. Ní fhéadfadh an Chomhairle glacadh, áfach, le leasuithe áirithe a mhol Parlaimint na hEorpa toisc go measann an Chomhairle go n-ionchorpraítear na forálacha sin cheana féin i reachtaíocht shonrach eile de chuid an Chomhphobail nó gur cuid den reachtaíocht sin iad.
Ceanglaítear le leasú 21 (an tríú cuid) go n-áireofar ar an lipéad faisnéis maidir leis na seachthorthaí a bheadh ar úsáid cainníochtaí iomarcacha d'einsímí. Bhí an fhaisnéis sin curtha san áireamh cheana féin, áfach, ag an UESB le linn an nós imeachta meastóireachta agus, más infheidhme, bheadh an t-údarú don einsím bia faoi réir na gcoinníollacha iomchuí úsáide.
Níl leasuithe 32 agus 37 (an chuid dheireanach) ag luí le Treoir 2000/13/CE, lena n-eisiaitear ó lipéadú substaintí a úsáidtear mar áiseanna próiseála agus nach bhfanann sa táirge críochnaithe ach mar iarmhar nach féidir a sheachaint go teicniúil agus nach mbíonn aon éifeacht theicneolaíoch acu ar an mbia.
Faisnéis maidir le feidhm theicneolaíoch na heinsíme, mar a cheanglaítear le leasú 37 (an dara cuid), ní bheadh aon mhaith inti do neamhspeisialtóirí.
— Nós imeachta ‘mear’ d'einsímí atá ar an margadh faoi láthair (leasú 29 –Airteagal 17(4)(c nua))
Measann an Chomhairle gur chóir go gcuirfí na heinsímí bia go léir faoi réir an nós imeachta chéanna ó thaobh meastóireacht sábháilteachta de, agus go ndéanfadh an UESB, comhlacht measúnaithe riosca an Chomhphobail, é.
Is leasú de chineál eagarthóireachta é leasú 2 agus níor tugadh isteach é.
IV. CONCLÚIDÍ
Creideann an Chomhairle go bhfuil cothromaíocht bainte amach sa chomhsheasamh idir ábhair imní agus leasanna agus go n-urramódh sé cuspóirí an Rialacháin. Tá sí ag tnúth le pléití dearfacha le Parlaimint na hEorpa chun go nglacfar an Rialachán go luath, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don tomhaltóir.
(1) COIM(2006) 425 leagan críochnaitheach.
(2) Doic. 11641/07 CODEC 777.
(3) COIM(2007) 670 leagan críochnaitheach.
(4) IO C 168, 20.7.2007, lch. 29.
(5) Féach Cás C-45/86 An Coimisiún v An Chomhairle [1987] ECR 1493, mír 11; Cás C-300/89 An Coimisiún v An Chomhairle (Dé-ocsaíd Tíotáiniam) [1991] ECR I-2867, mír 10; Cás C-268/94 An Phortaingéil v An Chomhairle [1996] ECR I-6177, mír 22; agus Cás C-176/03 An Coimisiún v An Chomhairle [2005] ECR I-0000, mír 45.
(6) Féach Cás C-36/98 An Spáinn v An Chomhairle [2001] ECR I-779, mír 59; Cás C-211/01 An Coimisiún v An Chomhairle [2003] ECR I-8913, mír 39; agus Cás C-338/01 An Coimisiún v An Chomhairle [2004] ECR I-4829, mír 55.
(7) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(8) Uimhreacha na n-airteagal sa chuid seo, is ag tagairt do théacs an chomhsheasaimh atá siad.
(9) IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).
(10) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(11) IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.
(12) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 34).
|
6.5.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/46 |
COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 9/2008
a ghlac an Chomhairle an 10 Márta 2008
chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
(2008/C 111 E/04)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is gá Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin atá le húsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair chun iad a tháirgeadh (3) a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eolaíocha. Ar mhaithe le soiléireacht agus le héifeachtacht, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Threoir 88/388/CEE. |
|
(2) |
Foráiltear, le Cinneadh 88/389/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir leis an gCoimisiún a bheith ag bunú fardail de na bunábhair agus de na substaintí a úsáidtear agus blastáin á n-ullmhú (4), do bhunú an fhardail sin laistigh de 24 mí ón dáta a nglacfar an Cinneadh. Tá an Cinneadh sin as feidhm anois agus ba cheart é a aisghairm. |
|
(3) |
Le Treoir 91/71/CEE ón gComhairle an 16 Eanáir 1991 lena gcríochnaítear Treoir 88/388/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin atá le húsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair chun iad a tháirgeadh (5), leagtar síos rialacha maidir le lipéadú blastán. Cuirtear an Rialachán seo in ionad na rialacha sin agus ba cheart an Treoir a aisghairm anois. |
|
(4) |
Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. |
|
(5) |
D'fhonn sláinte an duine a chosaint ba cheart go bhfolódh an Rialachán seo blastáin, bunábhair do bhlastáin agus bianna a bhfuil blastáin iontu. Ba cheart go bhfolódh sé freisin comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a chuirtear le bia, agus ar chun blas a chur ar an mbia is mó a dhéantar amhlaidh, agus a chuireann go mór le láithreacht substaintí míchuibhiúla áirithe i mbia, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha (dá ngairfear ‘comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu’ anseo feasta), a mbunábhar agus bianna a bhfuil siad iontu. |
|
(6) |
Earraí bia amha, nach ndearnadh aon chóireáil próiseála orthu agus earraí bia nach comhbhianna iad amhail luibheanna, spíosraí, taenna agus insiltí (e.g. tae torthaí nó tae luibhe) mar aon le meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna, meascáin tae agus meascáin le haghaidh insilte, fad gurb amhlaidh a chaitear iad agus/nó nach gcuirtear leis an mbia iad, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(7) |
Níor cheart go n-úsáidfí blastáin ná comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ach má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh siad a bheith sábháilte nuair a úsáidfear iad, agus dá bhrí sin ba cheart measúnú riosca a dhéanamh orthu sula gceadófaí i mbia iad. Níor cheart go gcuirfeadh a n-úsáid an tomhaltóir amú agus ba cheart, dá bhrí sin, go léireofaí i gcónaí le lipéadú cuí go bhfuil siad i mbia. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht cothúcháin an táirge, ach ní gá gurb é sin amháin a bheadh i gceist leis. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus blastáin á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á mheas, lena n-áirítear tosca sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil agus a indéanta atá sé rialuithe a dhéanamh. |
|
(8) |
Ó 1999 i leith, tá a thuairimí tugtha uaidh ag an gCoiste Eolaíoch Bia agus ina dhiaidh sin ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (6) faoi roinnt substaintí a fhaightear go nádúrtha i mbunábhair do bhlastáin agus faoi chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta de, dar le Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le Substaintí Blaistithe. Ba cheart substaintí ar dhearbhaigh an Coiste Eolaíoch Bia gur cúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad, a mheas mar shubstaintí míchuibhiúla nár cheart a chur le bia. |
|
(9) |
Toisc go bhfaightear go nádúrtha i bplandaí iad, d'fhéadfadh substaintí míchuibhiúla a bheith in ullmhóidí blaistithe agus i gcomhábhair bia a mbeadh airíonna blaistithe acu. Úsáidtear na plandaí go traidisiúnta mar bhia nó mar chomhábhair bia. Ba cheart leibhéil uasta iomchuí a bhunú do na substaintí míchuibhiúla seo sna bianna sin is mó a chuireann le hiontógáil na substaintí seo ag an duine, agus an gá atá le sláinte an duine a chosaint agus nach féidir iad a sheachaint i mbianna traidisiúnta á gcur san áireamh. |
|
(10) |
Ba cheart go mbeadh na leibhéil uasta de shubstaintí míchuibhiúla áirithe a fhaightear go nádúrtha dírithe ar an mbia nó ar na catagóirí bia is mó a chuireann lena n-ionghabháil chothaithe. Chuirfeadh sé seo ar chumas na mBallstát rialuithe a eagrú ar bhonn riosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (7). Tá sé de dhualgas ar tháirgeoirí bia, áfach, a chur san áireamh go bhfuil na substaintí ann agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus/nó blastáin á n-úsáid acu chun gach bia a ullmhú d'fhonn a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh aon bhia nach bhfuil sábháilte. |
|
(11) |
Ba cheart forálacha a bhunú ar leibhéal an Chomhphobail d'fhonn úsáid ábhar planda, ainmhí, micribhitheolaíochta, nó mianrach áirithe a chosc, nó a theorannú, ar cúis imní iad do shláinte an duine i dtáirgeadh blastán agus i dtáirgeadh comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus ina gcur chun feidhme i dtáirgeadh bia. |
|
(12) |
Ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás na measúnuithe riosca. |
|
(13) |
D'fhonn comhchuibhiú a áirithiú, ba cheart gur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 an … lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia a dhéanfaí an measúnú riosca agus an formheas ar bhlastáin agus ar bhunábhair ar gá meastóireacht a dhéanamh orthu (8). |
|
(14) |
Is substaintí sainmhínithe ceimiceacha iad substaintí blaistithe, lena n-áirítear substaintí blaistithe a fhaightear trí shintéis cheimiceach nó substaintí blaistithe a leithlisítear trí phróiseas ceimiceach a úsáid agus substaintí blaistithe nádúrtha. Tá clár meastóireachta ar shubstaintí blaistithe ar bun faoi láthair i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail maidir le substaintí blaistithe a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in earraí bia nó ar earraí bia (9). Faoin Rialachán sin, tá liosta de shubstaintí blaistithe le glacadh laistigh de chúig bliana ón dáta a nglacfar an clár sin. Ba cheart spriocdháta nua a shocrú maidir leis an liosta sin a ghlacadh. Molfar go n-áireofar an liosta sin ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10). |
|
(15) |
Maidir le hullmhóidí blaistithe is blastáin iad, seachas na substaintí ceimiceacha sainmhínithe, a fhaightear ó ábhair de bhunús plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó micribhitheolaíocha iomchuí, agus an t-ábhar i staid amh nó i ndiaidh a phróiseála lena chaitheamh ag an duine. Ní gá meastóireacht nó nós imeachta formheasta a dhéanamh ar ullmhóidí blaistithe a tháirgtear ó bhia lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí meastóireacht ar shábháilteacht ullmhóidí blaistithe a tháirgtear ó ábhar neamhbhia agus go ndéanfaí iad a fhormheas. |
|
(16) |
Is é an sainmhíniú a dhéantar i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ar bhia, aon substaint nó táirge, bíodh sí nó sé próiseáilte, próiseáilte go páirteach nó neamhphróiseáilte, a ceapadh lena n-ionghabháil ag daoine, nó a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go ndéanfadh daoine í nó é a ionghabháil. Maidir le hábhair de thionscnamh plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, ar féidir a léiriú go leordhóthanach gur úsáideadh go dtí seo iad chun blastáin a tháirgeadh, meastar gur ábhair bia iad chun na críche seo, cé go bhféadfadh sé nár úsáideadh cuid de na bunábhair, amhail an rósadhmad, agus duilleoga sútha talún, mar bhia ann féin. Ní gá meastóireacht a dhéanamh orthu. |
|
(17) |
Mar an gcéanna, ní gá meastóireacht a dhéanamh ar bhlastáin próisis theirmigh a tháirgtear ó bhia faoi choinníollacha sonraithe, chun go n-úsáidfear i mbianna agus ar bhia iad ná ní gá formheas a dhéanamh orthu ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí meastóireacht agus formheas ar shábháilteacht blastán próisis theirmigh a tháirgtear ó ábhar neamhbhia nó nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe táirgthe. |
|
(18) |
Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (11) nós imeachta maidir le measúnú sábháilteachta agus formheas a dhéanamh ar bhlastáin deataigh agus is é an aidhm atá ag an Rialachán liosta a bhunú de na bun-chomhdhlútháin deataigh agus de na bunchodáin tarra a n-údaraítear a n-úsáid d'eisiamh gach bun-chomhdhlútháin deataigh agus bunchodáin tarra eile. |
|
(19) |
Cuireann réamhtheachtaithe blais amhail carbaihiodráití, oligaipeiptídí agus aimínaigéid blas ar bhia trí imoibrithe ceimiceacha a tharlaíonn agus an bia á phróiseáil. Ní gá go ndéanfaí meastóireacht ar réamhtheachtaithe blais a tháirgtear ó bhia le go n-úsáidfear i mbianna agus ar bhianna iad ná go gcuirfí faoi nós imeachta formheasa iad mura mbeidh amhras ann faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, meastóireacht agus formheas a dhéanamh ar shábháilteacht réamhtheachtaithe blais a tháirgtear ó ábhair neamhbhia. |
|
(20) |
Féadfar blastáin eile nach dtagann faoi réim na sainmhínithe ar na blastáin a luadh cheana a úsáid i mbianna agus ar bhianna, tar éis dóibh dul faoi mheastóireacht agus faoi nós imeachta formheasta. Ar na samplaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist, bheadh blastáin a fhaightear trí ola nó trí shaill a théamh chuig teocht fíorard ar feadh tréimhse an-ghairid, a thabharfadh blas a bheadh cosúil le blas ón ngríoscán. |
|
(21) |
Ní fhéadfar ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch nó mianrach seachas bia a údarú le haghaidh blastáin a tháirgeadh ach amháin i gcás measúnú eolaíoch a bheith déanta maidir lena shábháilteacht. D'fhéadfadh sé gur ghá a údarú nach ndéanfaí ach codanna áirithe den ábhar a úsáid nó go gcaithfí coinníollacha úsáide a leagan síos. |
|
(22) |
Féadfaidh blastáin breiseáin bia a bheidh iontu mar a cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 an … ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle maidir le breiseáin bia (12) agus/nó comhábhair eile bia chun críocha teicneolaíocha amhail chun iad a stóráil, a chaighdeánú, a chaolú nó a thuaslagadh agus a chobhsú. |
|
(23) |
Blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (13), ba cheart go mbeadh sé faoi réir an nós imeachta um údarú faoin Rialachán sin maidir le measúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, ach ba cheart gur faoin Rialachán seo a dheonófaí an t-údarú críochnaitheach le haghaidh an bhlastáin nó le haghaidh an bhunábhair. |
|
(24) |
Fanfaidh blastáin faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht earraí bia (14) agus, de réir mar a bheidh, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (15). Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha a chur san áireamh sa Rialachán seo maidir leis an lipéadú ar bhlastáin a dhíoltar mar bhlastáin leis an monaróir nó leis an tomhaltóir deiridh. |
|
(25) |
Níor cheart an lipéad ‘nádúrtha’ a chur ar shubstaintí blaistithe ná ar ullmhóidí blaistithe ach amháin i gcás go gcloíonn siad le critéir áirithe a áirithíonn nach gcuirtear tomhaltóirí amú. |
|
(26) |
Ba cheart go n-áiritheofaí le saincheanglais faisnéise nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir leis an mbunábhar a úsáidtear chun blastáin nádúrtha a tháirgeadh. Go háirithe, i gcás ina n-úsáidfear an téarma nádúrtha le cur síos a dhéanamh ar bhlas, ba cheart gur de bhunús nádúrtha ar fad na comhpháirteanna blaistithe a úsáideadh. Ina theannta sin, ba cheart foinse na mblastán a lipéadú, ach amháin nuair nach n-aithneofaí na bunábhair dá dtagraítear i mblas an bhia. I gcás ina luaitear foinse, ba cheart gur ón ábhar dár tagraíodh a thiocfadh 95 % ar a laghad den chomhpháirt blaistithe. Ní fhéadfar an leibhéal uasta eile 5 % a úsáid ach do chaighdeánú nó chun, mar shampla, blas níos úire, níos géire, níos aibí nó níos glaise a chur ar an mblastán. I gcás inar úsáideadh níos lú ná 95 % den chomhpháirt blaistithe a baineadh as an bhfoinse dár tagraíodh agus gur féidir fós blas na foinse a aithint, ba cheart an fhoinse a nochtadh i dteannta ráitis ag dearbhú gur cuireadh blastáin nádúrtha eile léi, mar shampla, úsc cócó ar cuireadh blastáin nádúrtha leis chun blas banana a chur air. Nuair a mhaítear sa chur síos ar na blastáin nádúrtha gurb ann do bhunábhar, níor cheart do chodán na comhpháirte blaistithe seachas an codán den chomhpáirt sin a díorthaíodh ón bhfoinse áirithe sin blas na foinse dá dtagraítear a atáirgeadh ná aithris a dhéanamh air. |
|
(27) |
Más mar gheall ar bhlastáin deataigh a chur le bia áirithe atá blas deataithe air, ba cheart é sin a chur in iúl don tomhaltóir. I gcomhréir le Treoir 2000/13/CE, níor cheart don lipéadú an tomhaltóir a chur amú maidir le cé acu a ndeataítear an táirge ar an ngnáthbhealach le deatach úr nó a gcóirítear le blastáin deataigh é. Is gá Treoir 2000/13/CE a oiriúnú do na sainmhínithe ar bhlastáin, ar bhlastáin deataigh agus ar an téarma ‘nádúrtha’ maidir leis an gcur síos ar bhlastáin a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(28) |
Tá sé riachtanach faisnéis a fháil maidir le tomhaltas agus maidir le húsáid substaintí blaistithe chun meastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht substaintí blaistithe do shláinte an duine. Ba cheart seiceáil a dhéanamh go rialta ar mhéideanna na substaintí blaistithe a chuirtear le bia. |
|
(29) |
Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (16). |
|
(30) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh maidir leis an liosta Comhphobail a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, inter alia trína fhorlíonadh le míreanna nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Cinneadh 1999/468/CE. |
|
(31) |
Nuair nach bhféadfar, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Cinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm d'fhonn na bearta a glacadh a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 8(2) agus sna leasuithe ar Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(32) |
Ba cheart Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú de réir mar is gá don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus an fhaisnéis a sholáthróidh táirgeoirí agus úsáideoirí blastán agus/nó an fhaisnéis a thiocfaidh as monatóireacht agus as rialuithe na mBallstát á cur san áireamh. |
|
(33) |
D'fhonn dlí an Chomhphobail maidir le blastáin a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach, éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí go maoiníonn an Comhphobal staidéir den sórt sin mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. |
|
(34) |
Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, ba cheart foráil a dhéanamh do mheastóireacht agus d'fhormheas substaintí blaistithe nach gcumhdaítear leis an gclár meastóireachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2232/96. Ba cheart, dá bhrí sin, córas idirthréimhseach a leagan síos. Faoin gcóras sin, ba cheart substaintí blaistithe den sórt sin a mheas agus a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10). Maidir leis na tréimhsí ama, áfach, dá bhforáiltear sa Rialachán sin ar laistigh díobh a ghlacfaidh an tÚdarás a thuairim agus a chuirfidh an Coimisiún dréachtrialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe lena ndéantar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, níor cheart go mbeadh feidhm acu, toisc gur cheart tosaíocht a thabhairt don chlár leanúnach meastóireachta. |
|
(35) |
Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáid i mbianna agus ar bhianna, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(36) |
Is gá Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair biotáillí (17) agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe (18), ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe a oiriúnú do shainmhínithe nua áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(37) |
Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 agus Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Article 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le blastáin agus maidir le comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtach agus go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do shláinte an duine agus cosaint do leasanna na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bia agus, i gcás inar iomchuí, caomhnú an chomhshaoil á chur san áireamh.
Chun na gcríoch sin, foráiltear leis an Rialachán seo do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair atá formheasta lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I (dá ngairfear an ‘liosta Comhphobail’ anseo feasta); |
|
(b) |
coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu i mbianna agus ar bhianna; |
|
(c) |
rialacha maidir le lipéadú blastán. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
blastáin a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna, gan dochar d'fhorálacha níos sainiúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003; |
|
(b) |
comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu; |
|
(c) |
bia a bhfuil blastáin ann agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu; |
|
(d) |
bunábhair do bhlastáin agus/nó bunábhair do chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu. |
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
substaintí ar blas milis, blas géar nó blas goirt amháin atá orthu; |
|
(b) |
bianna amha; |
|
(c) |
bianna nach comhbhianna iad agus meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna, meascáin de thaenna agus meascáin lena n-insileadh, fad nár úsáideadh mar chomhábhair bia iad. |
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
2. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
|
(a) |
ciallóidh ‘blastáin’:
|
|
(b) |
ciallóidh ‘substaint blaistithe’ substaint cheimiceach shainmhínithe a bhfuil airíonna blaistithe aici; |
|
(c) |
ciallóidh ‘substaint blaistithe nádúrtha’ substaint blaistithe a fhaightear trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha iomchuí ó ábhar de thionscnamh plandaí, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch ina staid amh nó tar éis a phróiseála lena chaitheamh ag an duine trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II. Freagraíonn substaintí blaistithe nádúrtha do shubstaintí a fhaightear go nádúrtha agus a sainaithníodh sa nádúr; |
|
(d) |
ciallóidh ‘ullmhóid blaistithe’ táirge, seachas substaint blaistithe, a fhaightear:
|
|
(e) |
ciallóidh ‘blastán próisis theirmigh’ táirge a fhaightear tar éis cóireála teasa ó mheascán de chomhábhair nach bhfuil airíonna blaistithe acu astu féin, ar comhábhar ina bhfuil nítrigin (aimín) comhábhar amháin díobh ar a laghad agus ar siúcra dí-ocsaídithe ceann eile; ar na comhábhair chun blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh, féadfar iad seo a leanas a áireamh:
|
|
(f) |
ciallóidh ‘blastán deataigh’ táirge a fhaightear ó dhifreálú agus ó íonú ar dheatach comhdhlúite arb iad na torthaí a bhíonn orthu comhdhlútháin deataigh phríomhúla, príomhchodanna tarra agus/nó blastáin deataigh dhíorthaithe mar a shainmhínítear i bpointe (1), i bpointe (2) agus i bpointe (4) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 iad; |
|
(g) |
ciallóidh ‘réamhtheachtaí blais’ táirge, nach gá go mbeadh airíonna blaistithe ann féin, agus a chuirtear le bia d'aon ghnó chun blas a tháirgeadh trí bhriseadh síos nó trí imoibriú le comhábhair eile le linn bia a phróiseáil, agus chuige sin amháin; féadfar é a fháil ó na nithe seo a leanas:
|
|
(h) |
ciallóidh ‘blastán eile’ blastán a chuirtear le bia nó a bheartaítear a chur le bia d'fhonn boladh agus/nó blas a chur air agus nach dtagann faoi shainmhínithe (b) go (g); |
|
(i) |
ciallóidh ‘comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe aige’ comhábhar bia seachas blastáin a chuirfear le bia go príomha chun blas a chur air nó chun an blas atá air a athrú agus a chuireann go suntasach le láithreacht substaintí míchuibhiúla áirithe a fhaightear go nádúrtha i mbia; |
|
(j) |
ciallóidh ‘bunábhar’ ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch nó mianrach óna dtáirgtear blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu; d'fhéadfadh gurb é a bheadh ann:
|
|
(k) |
ciallóidh ‘próiseas fisiceach iomchuí’ próiseas fisiceach nach n-athraíonn nádúr ceimiceach chomhábhair an bhlastáin d'aon ghnó agus nach mbaineann le húsáid na substaintí seo a leanas, inter alia: ocsaigin singléid, ózón, catalaíoch neamhorgánach, catalaíoch miotail, imoibrithe orgánaimhiotalacha agus/nó radaíocht UV. |
3. Chun críocha na sainmhínithe a liostaítear in alt 2(d), (e), (g) agus (j), maidir le bunábhair a bhfuil fianaise shuntasach ann go bhfuil siad á n-úsáid go dtí seo chun blastáin a tháirgeadh, measfar gur bia iad chun críche an Rialacháin seo.
4. Féadfaidh breiseáin bia a cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (19) maidir le breiseáin bia agus/ nó comhábhair eile bia a chuirtear isteach chun críocha na teicneolaíochta, a bheith sna blastáin.
CAIBIDIL II
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID BLASTÁN, COMHÁBHAR BIA A bhFUIL AIRÍONNA BLAISTITHE ACU, AGUS BUNÁBHAR
Airteagal 4
Coinníollacha ginearálta maidir le húsáid blastán nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu
Ní fhéadfar ach blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a úsáid i mbianna nó ar bhianna:
|
(a) |
nach riosca iad, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte na dtomhaltóirí de; agus |
|
(b) |
nach gcuireann a n-úsáid an tomhaltóir amú. |
Article 5
Cosc ar bhlastáin bia neamh-chomhlíontacha agus/nó ar bhia neamh-chomhlíontach
Ní chuirfidh aon duine blastán ná aon bhia a bhfuil an blastán sin ann agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ar an margadh mura gcomhlíonfaidh a n-úsáid an Rialachán seo.
Airteagal 6
Láithreacht substaintí áirithe
1. Ní chuirfear na substaintí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III le bia mar shubstaintí.
2. Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1576/89, ní rachfar thar leibhéil uasta substaintí áirithe, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus/nó i gcomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, sna bianna cumaisc a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn III mar thoradh ar úsáid blaistithe agus/ nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu sna bianna sin agus ar na bianna sin. Beidh feidhm ag leibhéil uasta na substaintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le bianna mar a chuirtear ar an margadh iad, mura sonraítear a mhalairt. De mhaolú ar an bprionsabal seo, i gcás bianna triomaithe agus/nó bianna tiubhaithe a chaitear a athbhunú, beidh feidhm ag na leibhéil uasta maidir leis an mbia faoi mar a athbhunaítear é de réir na dtreoracha a thugtar ar an lipéad, ag cur an íosfhachtóra chaolaithe san áireamh.
3. Féadfar rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun mír 2 a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2), agus tar éis tuairim a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), i gcás inar gá.
Airteagal 7
Úsáid bunábhar áirithe
1. Ní úsáidfear bunábhair a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IV chun blastáin agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgeadh.
2. Ní fhéadfar blastáin agus/ nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ó bhunábhair a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn IV a úsáid ach faoi na coinníollacha a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 8
Blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu nach n-éilítear meastóireacht ná formheas ina leith
1. Féadfar na blastáin seo a leanas agus na comhábhair bia seo a leanas a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáid i mbianna nó ar bhianna gan meastóireacht agus formheas faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 4 den Rialachán seo:
|
(a) |
ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i); |
|
(b) |
blastáin próisis theirmigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e)(i) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh agus na leibhéil uasta do shubstaintí áirithe i mblastáin próisis theirmigh áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V; |
|
(c) |
réamhtheachtaithe blais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(i); |
|
(d) |
comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu. |
2. D'ainneoin mhír 1, má chuireann an Coimisiún, Ballstát nó an tÚdarás in iúl go bhfuil amhras orthu faoi shábháilteacht blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe aige dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an tÚdarás measúnú riosca ar an mblastán nó ar an gcomhábhar bia sin a bhfuil airíonna blaistithe aige. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10) mutatis mutandis. Más gá, glacfaidh an Coimisiún bearta, tar éis tuairim a fháil ón Údarás, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3). Leagfar síos na bearta sin in Iarscríbhinn III, in Iarscríbhinn IV agus/nó in Iarscríbhinn V i gcás inar iomchuí. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 21(4).
CAIBIDIL III
LIOSTA COMHPHOBAIL DE BHLASTÁIN AGUS DE BHUNÁBHAIR A FORMHEASADH LENA nÚSÁID I mBIANNA NÓ AR BHIANNA
Airteagal 9
Blastáin agus bunábhair a n-éilítear meastóireacht agus formheas ina leith
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
substaintí blaistithe; |
|
(b) |
ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii); |
|
(c) |
blastáin próisis theirmigh a fhaightear trí chomhábhair a théamh, ar comhábhair iad a thagann faoi réim Airteagal 3(2)(e)(ii) go páirteach nó go hiomlán agus/nó nach gcomhlíontar ina leith na coinníollacha maidir le blaistithe próisis theirmigh a tháirgeadh agus/nó maidir leis na leibhéil uasta do shubstaintí míchuibhiúla áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V; |
|
(d) |
réamhtheachtaithe blais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(ii); |
|
(e) |
blastáin eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(h); |
|
(f) |
bunábhair seachas bia dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(j)(ii). |
Airteagal 10
Liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair
Ar na blastáin agus ar na bunábhair dá dtagraítear in Airteagal 9, ní fhéadfar ach na blastáin agus na bunábhair atá ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar bhlastáin agus mar bhunábhair nó a úsáid i mbianna nó ar bhianna faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Airteagal sin, i gcás inar infheidhme.
Airteagal 11
Blastáin agus bunábhair a áireamh ar an liosta Comhphobail
1. Ní fhéadfar blastán ná bunábhar a áireamh ar liosta an Chomhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10), seachas má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4.
2. Sonróidh iontráil maidir le blastán nó bunábhar ar liosta an Chomhphobail:
|
(a) |
aithint an bhlastáin nó an bhunábhair a formheasadh; |
|
(b) |
i gcás inar gá, na coinníollacha faoina bhféadfar an blastán a úsáid. |
3. Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10).
Airteagal 12
Blastáin nó bunábhair a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003
Ní fhéadfar blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a áireamh ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Rialachán seo seachas nuair a chumhdaítear faoi údarú é i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 13
Cinntí léirmhínithe
I gcás inar gá, féadfar a cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2):
|
(a) |
cibé an dtagann nó nach dtagann substaint nó meascán de shubstaintí, ábhar nó cineál bia faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(1); |
|
(b) |
an catagóir sonrach, a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) go (j), lena mbaineann substaint áirithe; |
|
(c) |
cibé an mbaineann táirge bia ar leith le catagóir bia nó an bia é dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn III, Cuid B. |
CAIBIDIL IV
LIPÉADÚ
Airteagal 14
Lipéadú ar bhlastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad
1. Maidir le blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh seachas má bhíonn an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16 orthu, agus caithfidh an lipéadú a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15 i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.
2. Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát a mbeidh an t-earra á chur ar an margadh ann a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfaí an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15 i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Chomhphobail, nó i níos mó ná sin, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a chur in iúl i dteangacha éagsúla.
Airteagal 15
Ceanglais ghinearálta lipéadaithe do bhlastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad
1. I gcás ina ndíolfar blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ina n-aonar nó measctha le chéile agus/nó le comhábhair bia eile agus/nó le substaintí eile curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 3(4), beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:
|
(a) |
an tuairisc díolacháin: an focal ‘blastán’ nó ainm nó tuairisc níos sainiúla ar an mblastán; |
|
(b) |
an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a ceapadh di i mbia; |
|
(c) |
na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá; |
|
(d) |
marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg; |
|
(e) |
de réir ord a meáchain anuas, liosta de na nithe seo a leanas:
|
|
(f) |
ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaí nó an díoltóra; |
|
(g) |
sonrú maidir le cainníocht uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó dlí Comhphobail ábhartha eile a chomhlíonadh; |
|
(h) |
an chainníocht ghlan; |
|
(i) |
dáta marthanachta íosta nó an dáta faoinar cheart iad a úsáid; |
|
(j) |
i gcás ina mbeidh sí ábhartha, faisnéis faoi bhlastán nó faoi shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le sonrú na gcomhábhar atá in earraí bia. |
2. De mhaolú ar mhír 1, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i bpointí (e) agus (g) den mhír sin, d'fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.
3. De mhaolú ar mhír 1, i gcás gur i dtancaeir a sholáthrófar blastáin, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.
Airteagal 16
Ceanglais sainiúla maidir leis an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid
1. I gcás ina n-úsáidfear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(a) beidh feidhm ag forálacha mhír 2 go mír 6.
2. Ní fhéadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid chun cur síos ar bhlastán seachas mura bhfuil sa chomhpháirt blaistithe ach ullmhóidí blaistithe agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha.
3. Ní fhéadfar an téarma ‘substaint(í) blaistithe nádúrtha’ a úsáid seachas le haghaidh blastán nach bhfuil ina gcomhpháirt blaistithe ach substaintí blaistithe nádúrtha.
4. Ní fhéadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid seachas i gcomhcheangal le tagairt do bhia, do chatagóir bia nó d'fhoinse blaistithe phlandúil nó ainmhíoch má fuarthas 95 % de réir w/w ar a laghad den chomhpháirt blaistithe go heisiach ón mbunábhar dá dtagraítear. Ní atáirgfidh an méid uasta de 5 % (w/w) den chomhpháirt blaistithe a díorthaíodh ó bhunábhair eile blas an bhunábhair dá dtagraítear.
Is éard a bheidh sa tuairisc ‘blastán (bia nó bianna nó catagóir bia nó foinse nó foinsí bia) nádúrtha’.
5. Ní fhéadfar ‘blastán (bia nó bianna nó catagóir bia nó foinse nó foinsí bia) nádúrtha le blastáin nádúrtha eile’ a úsáid ach má tá an chomhpháirt blaistithe díorthaithe i bpáirt ón mbunábhar dá dtagraítear agus más furasta blas an bhunábhair a aithint.
6. Ní fhéadfar an téarma ‘blastán nádúrtha’ a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an chomhpháirt blaistithe díorthaithe ó bhunábhair éagsúla agus i gcás nach léireodh tagairt do na bunábhair an blas a bheadh orthu.
Airteagal 17
Lipéid a chuirtear ar bhlastáin a bheartaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh
1. Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (20) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, blastáin a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair bia eile agus/nó le substaintí eile curtha leo agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an ráiteas ‘do bhia’ nó ‘úsáid shrianta i mbia’ ar an bpacáistiú nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear dóibh i mbia, a chaithfidh a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 16 más rud é go n-úsáidtear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(a).
Airteagal 18
Ceanglais eile maidir le lipéadú
Beidh Airteagail 14 go 17 gan dochar do dhlíthe, do rialacháin ná d'fhorálacha riaracháin atá níos mionsonraithe nó níos cuimsithí agus a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí den sórt sin a iompar.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 19
Tuairisciú ó oibreoirí ghnó an bhia
1. Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir substainte blaistithe nó ionadaí táirgeora nó úsáideora substainte blaistithe den sórt sin an Coimisiún ar an eolas, ar iarraidh ón gCoimisiún, maidir le méid na substainte a chuirtear le bianna sa Chomhphobal i dtréimhse 12 mhí agus maidir leis na leibhéil úsáide do chatagóirí sonracha bia sa Chomhphobal. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.
2. Más infheidhme, maidir le blastán a formheasadh cheana féin faoin Rialachán seo agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó le hábhair tosaigh a bhfuil difríochtaí suntasacha idir iad agus na modhanna táirgthe nó na hábhair tosaigh a áiríodh i measúnú riosca an Údaráis, ba cheart don táirgeoir nó don úsáideoir, sula gcuirfear an blastán ar an margadh, na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh ar an mblastán maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.
3. Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir blastán agus/nó bunábhar in iúl don Choimisiún láithreach aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua a d'fhéadfadh difríocht a dhéanamh don mheasúnú ar shábháilteacht an bhlastáin nó ar shábháilteacht na mbunábhar.
4. Déanfar rialacha mionsonraithe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) chun mír 1 a chur chun feidhme.
Airteagal 20
Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit
1. Bunóidh Ballstáit córais chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas agus ar úsáid blastán a leagtar amach sa liosta Comhphobail agus ar thomhaltas na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III ar chur chuige riosca-bhunaithe, agus cuirfidh siad a gconclúidí in iúl don Choimisiún agus don Údarás a mhinice is cuí.
2. Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar modheolaíocht chomhchoiteann maidir leis na Ballstáit a bheith ag bailiú faisnéise i dtaca le tomhaltas agus úsáid na mblastán a liostaítear sa liosta Comhphobail agus na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) laistigh de … (21).
Airteagal 21
An Coiste
1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe de chúnamh ag an gCoimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Cinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 22
Leasuithe ar Iarscríbhinní II go V
Maidir le leasuithe ar Iarscríbhinní II go V a ghabhann leis an Rialachán seo chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a léiriú, ar leasuithe iad a cheaptar chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 21(3) tar éis tuairim a fháil ón Údarás, i gcás inar gá.
Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 21(4).
Airteagal 23
Maoiniú Comhphobail do bheartais chomhchuibhithe
Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
Aisghairmeacha
1. Aisghairfear Treoir 88/388/CEE, Cinneadh 88/389/CEE agus Treoir 91/71/CEE ón … (21).
2. Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ón dáta a gcuirfear an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin i bhfeidhm.
3. Forléireofar tagairtí do na hionstraimí aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 25
An liosta de shubstaintí blaistithe a thabhairt isteach ar an liosta Comhphobail de bhlastáin agus an córas idirthréimhseach
1. Bunófar an liosta Comhphobail tríd an liosta de shubstaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 a thabhairt isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo tráth a nglacfar é.
2. Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10) maidir le meastóireacht agus formheas ar shubstaintí blaistithe nach bhfolaítear ar an gclár meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96.
De mhaolú ar an nós imeachta sin, ní bheidh feidhm ag na tréimhsí sé mhí agus naoi mí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10) maidir le meastóireacht ná formheas den sórt sin.
3. Maidir le haon bhearta idirthréimhseacha iomchuí a ceapadh chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).
Airteagal 26
Leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89
Leasaítear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 mar a leanas:
|
1) |
leasófar Airteagal 1(4)(m) mar a leanas:
|
|
2) |
in Airteagal 1(4)(n)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Féadfar substaintí blaistithe eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin iad a úsáid chomh maith ach caithfidh blas an chearbhais a bheith ar an mblas is láidre iontu.’ |
|
3) |
in Airteagal 1(4)(p), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Biotáillí ar blas searbh is mó atá orthu a thagann as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le substaintí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin iad.’ |
|
4) |
in Airteagal 1(4)(u), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Biotáille a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le clóibh agus/nó cainéil agus ceann de na próisis seo a leanas á úsáid: maothú agus/nó driogadh, athdhriogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas, substaintí blaistithe clóbh nó cainéil mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) a chur leis nó cumasc de na modhanna sin.’ |
|
5) |
in Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír, seachas na liostaí atá i bpointe (a) agus i bpointe (b): ‘Ní fhéadfar ach substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad a úsáid agus na biotáillí a shainmhínítear in Airteagal 1(4) á n-ullmhú, seachas i gcás na mbiotáillí sin a shainmhínítear in Airteagal 1(4) (m), (n) agus (p). Déanfar substaintí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad a údarú, áfach, i licéir seachas na licéir sin a luaitear anseo thíos:’. |
Airteagal 27
Leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91
Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:
|
1) |
i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den tríú fleasc:
|
|
2) |
i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:
|
|
3) |
i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:
|
Airteagal 28
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2232/96
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96:
‘1. Déanfar an liosta de na substaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 faoin 31 Nollaig 2008 ar a dhéanaí.’.
Airteagal 29
Leasú ar Threoir 2000/13/CE
I dTreoir 2000/13/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:
‘IARSCRÍBHINN III
BLASTÁIN A AINMNIÚ I LIOSTA NA gCOMHÁBHAR
|
1. |
Gan dochar do mhír 2, déanfar blastáin a ainmniú leis na téarmaí:
|
|
2. |
Úsáidfear an téarma “nádúrtha” chun tuairisc a dhéanamh ar bhlastáin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (*). |
Airteagal 30
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … (21).
Beidh feidhm ag Airteagail 10, 26 agus 27 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail.
Beidh feidhm ag Airteagal 22 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear roimh … (21) agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008, Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …
(3) IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(4) IO L 184, 15.7.1988, lch. 67.
(5) IO L 42, 15.2.1991, lch. 25.
(6) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).
(7) IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).
(8) Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.
(9) IO L 299, 23.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(10) Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.
(11) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.
(12) Féach leathanach 10 den Iris Oifigúil seo.
(13) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 99).
(14) IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE ón gCoimisiún (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).
(15) IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.
(16) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(17) IO L 160, 12.6.1989, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2005.
(18) IO L 149, 14.6.1991, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2005.
(19) Féach leathanach 10 den Iris Oifiguil seo.
(20) IO L 186, 30.6.1989, lch. 21. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 92/11/CEE (IO L 65, 11.3.1992, lch. 32).
(21) Dhá bhliain ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
(22) IO L …’;
(23) An Rialachán seo.
(24) IO L …’.
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA COMHPHOBAIL DE BHLASTÁIN AGUS DE BHUNÁBHAIR A FORMHEASADH LENA N-ÚSÁID I MBIANNA AGUS AR BHIANNA
IARSCRÍBHINN II
LIOSTA DE PHRÓISIS THRAIDISIÚNTA ULLMHAITHE BIA
|
Mionghearradh |
Cumhdach |
|
Téamh, cócaireacht, bácáil, friochadh (suas go 240 °C ag brú an atmaisféir) agus cócaireacht i mbrú-chócaire (suas go 120 °C) |
Fuarú |
|
Gearradh |
Driogadh/scagadh |
|
Triomú |
Eibliú |
|
Galú |
Eastóscadh, lena n-áirítear eastóscadh tuaslagóra i gcomhréir le Treoir 88/344/CEE |
|
Coipeadh |
Scagachán |
|
Meilt |
|
|
Insileadh |
Maothú |
|
Próisis mhicribhitheolaíocha |
Meascadh |
|
Scealpadh |
Síothlú |
|
Fáscadh |
Cuisniú/Reo |
|
Róstadh/Griolladh |
Fáscadh |
|
Cur ar maos |
|
IARSCRÍBHINN III
LÁITHREACHT SUBSTAINTÍ ÁIRITHE
CUID A: Substaintí nach gcuirfear amhlaidh le bia
|
|
Aigéad agarach |
|
|
Alóin |
|
|
Caipsicin |
|
|
1,2-Benzopyrone, cúmairin |
|
|
Hipiricín |
|
|
Béitea-asarón |
|
|
1-Aillil-4-meatocsaibeinséin, eistreagól |
|
|
Aigéad hidricianach |
|
|
Meantafuran |
|
|
4-Aillil-1,2-démheatocsaibeinséin, meitileoigeanól |
|
|
Púlagón |
|
|
Cuaisin |
|
|
1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safról |
|
|
Tiúicrin A |
|
|
Túsón (alfa agus béite) |
CUID B: Leibhéil uasta de shubstaintí áirithe, a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus i gcomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, i gcomhbhia áirithe mar a chaitear é ar cuireadh blastáin agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu leis
Ní bheidh na leibhéil uasta seo infheidhme ar chomhbhianna a ullmhaítear agus a chaitear ar an láthair céanna, nach bhfuil aon bhlastáin bhreise iontu agus nach bhfuil ach luibheanna agus spíosraí iontu mar chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu.
|
Ainm na substainte |
Comhbhia a bhfuil teorainn leis an méid den tsubstaint a fhéadfaidh a bheith ann |
Leibhéal uasta mg/cg |
|
Béitea-asarón |
Deochanna alcólacha |
1,0 |
|
1-Aillil-4-meatocsaibeinséin, eistreagól |
Táirgí déiríochta |
50 |
|
Torthaí, glasraí (lena n-áirítear beacáin, fungais, fréamhacha, tiúbair, bíoga agus pischineálaigh), cnónna agus síolta próiseáilte |
50 |
|
|
Táirgí éisc |
50 |
|
|
Deochanna neamhalcólacha |
10 |
|
|
Aigéad hidricianach |
Eithneagán, prásóg nó a hionadaigh nó táirgí comhchosúla |
50 |
|
Torthaí cloch stánaithe |
5 |
|
|
Deochanna alcólacha |
35 |
|
|
Meantafuran |
Milseogra a bhfuil miontas/lus an phiobair ann, seachas micrimhilseogra um chumhrú anála |
500 |
|
Micrimhilseogra um chumhrú anála |
3 000 |
|
|
Guma coganta |
1 000 |
|
|
Deochanna alcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu |
200 |
|
|
4-Aillil-1,2-démheatocsai-beinséine, meitileoigeanól |
Táirgí déiríochta |
20 |
|
Ullmhóidí feola agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géim |
15 |
|
|
Ullmhóidí éisc agus táirgí éisc |
10 |
|
|
Anraithí agus anlainn |
60 |
|
|
Blastóga atá réidh le hithe |
20 |
|
|
Deochanna neamhalcólacha |
1 |
|
|
Púlagón |
Milseogra a bhfuil miontas/lus an phiobair ann, seachas micrimhilseogra um chumhrú anála |
250 |
|
Micrimhilseogra um chumhrú anála |
2 000 |
|
|
Guma coganta |
350 |
|
|
Deochanna neamhalcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu |
20 |
|
|
Deochanna alcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu |
100 |
|
|
Cuaisin |
Deochanna neamhalcólacha |
0,5 |
|
Earraí bácála |
1 |
|
|
Deochanna alcólacha |
1,5 |
|
|
1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safról |
Ullmhóidí feola agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géim |
15 |
|
Ullmhóidí éisc agus táirgí éisc |
15 |
|
|
Anraithí agus anlainn |
25 |
|
|
Deochanna neamhalcólacha |
1 |
|
|
Tiúicrin A |
Biotáillí searbha nó beoir shearbh (1) |
5 |
|
Licéir (2) a bhfuil blas searbh orthu |
5 |
|
|
Deochanna alcólacha eile |
2 |
|
|
Túsón (alfa agus béite) |
Deochanna alcólacha, seachas iad siúd a tháirgtear ón speiceas Artemisia |
10 |
|
Deochanna alcólacha a tháirgtear ón speiceas Artemisia |
35 |
|
|
Deochanna neamhalcólacha a tháirgtear ón speiceas Artemisia |
0,5 |
|
|
Cúmairin |
Earraí bácála traidisiúnta agus/nó séasúraí a mbíonn tagairt do chainéil ar a lipéadú |
50 |
|
‘Gránaigh bhricfeasta’ lena n-áirítear muesli |
20 |
|
|
Earraí míne bácála seachas earraí bácála traidisiúnta agus/nó earraí bácála séasúraí a mbíonn cainéil luaite ar a lipéadú |
15 |
|
|
Milseoga |
5 |
(1) Mar a shainmhínítear in Airteagal 1(4)(p) de Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle é.
(2) Mar a shainmhínítear in Airteagal 1(4)(r) de Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle é.
IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA DE NA BUNÁBHAIR A BHFUIL FEIDHM AG SRIANTA INA LEITH MAIDIR LENA N-ÚSÁID I DTÁIRGEADH BLASTÁN AGUS COMHÁBHAR BIA A BHFUIL AIRÍONNA BLAISTITHE ACU
CUID A: Bunábhair nach n-úsáidfear i dtáirgeadh blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu
|
Bunábhar |
|
|
An t-ainm Laidine |
An t-ainm coitianta |
|
Foirm theitreaplóideach Acorus calamus L. |
Foirm theitreaplóideach an Chalmais |
CUID B: Coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ó bhunábhair áirithe
|
Bunábhar |
Coinníollacha úsáide |
|
|
An t-ainm Laidine |
An t-ainm coitianta |
|
|
Quassia amara L. agus Picrasma excelsa (Sw) |
Cuaisin |
Ní fhéadfar blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna agus earraí bácála a tháirgeadh |
|
Laricifomes officinales (Vill.: Fr) Kotl. et Pouz nóFomes officinalis |
Beacán agarach bán |
Ní fhéadfar blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna alcólacha a tháirgeadh |
|
Hypericum perforatum L. |
Beathnua |
|
|
Teucrium chamaedrys L. |
Dairín |
|
IARSCRÍBHINN V
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE BLASTÁIN PRÓISIS THEIRMIGH A THÁIRGEADH AGUS LEIBHÉIL UASTA SUBSTAINTÍ ÁIRITHE I MBLASTÁIN PRÓISIS THEIRMIGH
CUID A: Coinníollacha maidir leis an táirgeadh:
|
(a) |
Ní rachaidh teocht na dtáirgí thar 180 °C le linn na próiseála. |
|
(b) |
Ní rachaidh ré na próiseála teirmí thar 15 nóiméad ag 180 °C agus beidh tréimhsí níos faide dá réir ag teochtaí níos ísle, i.e. an t-am teasa a dhúbláil le haghaidh gach laghdú teochta faoi 10 °C, gan dul thar 12 uair. |
|
(c) |
Níor chóir go rachadh an pH thar luach 8,0 le linn na próiseála. |
CUID B: Leibhéil uasta le haghaidh substaintí áirithe
|
Substaint |
Leibhéal uasta μg/cg |
|
2-aimín-3,4,8-trimheitileamadasó [4,5-f] cuinocsailín (4,8-DiMeIQx) |
50 |
|
2-aimín-1-meitil-6-feinileamadasól [4,5-b]piridín (PhIP) |
50 |
RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE
I. RÉAMHRÁ
An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún a thogra maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna (1). Tá an togra bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 10 Iúil 2007 (2).
Tar éis thuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, chuir an Coimisiún togra leasaithe ar aghaidh an 24 Deireadh Fómhair 2007 (3).
Ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh an 10 Márta 2008.
Chuir an Chomhairle an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, a glacadh an 25 Aibreán 2007, san áireamh agus í i mbun a cuid oibre (4).
II. CUSPÓIR AN RIALACHÁIN ATÁ BEARTAITHE
Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe, mar chuid de shraith ceithre thogra atá ceaptha chun athchóiriú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le gníomhaithe feabhsaithe bia, uasdátú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le blastáin bia agus le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, agus na forbairtí teicneolaíochta agus eolaíochta sa réimse seo (5), maraon leis na forbairtí i reachtaíocht bia sa Chomhphobal Eorpach, go háirithe an reachtaíocht nua maidir le sábháilteacht bia (6), á gcur san áireamh.
Forálann an Rialachán atá á bheartú go mbunófar liosta Comhphobail de bhlastáin agus d'ábhair bhunaidh a formheasadh chun úsáid, mar aon le rialacha maidir leis na blastáin a lipéadú.
Is é cuspóir an Rialacháin atá beartaithe oibriú cuí an mhargaidh aonair, lena n-áirítear cleachtas cóir biathrádála, a áirithiú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leas na dtomhaltóirí agus don chomhshaol a áirithiú.
III. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH (7)
1. Réamhrá
Is léiriú é an comhsheasamh ar thoradh an scrúdaithe a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún. Rinne an Chomhairle roinnt modhnuithe ar an téacs, a raibh cuid acu faoi anáil na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa. Rinne an Chomhairle, ar a tionscnamh féin, cuid de leasuithe Pharlaimint na hEorpa a thabhairt isteach i ngach ceann de na trí thogra earnálacha, d'fhonn a gcuid forálacha a chomhchuibhiú. Féadfar na modhnuithe a rinne an Chomhairle a achoimriú mar a leanas:
— Tús áit do bhunús aonair dlí: Airteagal 95 den Chonradh
I gcomhréir leis an gcásdlí bunaithe (8), ní foláir an bunús dlí do ghníomh a chinneadh ag féachaint dá aidhm agus dá inneachar féin. I gcás ina dtaispeánfaidh an scrúdú ar bheart Comhphobail go bhfuil cuspóir débhiorach aige nó go bhfuil comhpháirt dhébhiorach aige agus má bhíonn ceann amháin díobh sin inaitheanta mar an bpríomhchuspóir nó mar an bpríomh-chomhpháirt, fad is nach mbíonn sa cheann eile ach cuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, caithfidh an gníomh a bheith bunaithe ar bhunús aonair dlí, eadhon an bunús a cheanglaítear leis an bpríomhchuspóir nó leis an bpríomh-chomhpháirt (9). Sa chás seo, mheas an Chomhairle nach raibh i ngnéithe talmhaíochta an togra ach nithe teagmhasacha agus gurb é cuspóir an mhargaidh inmheánaigh an príomhchuspóir nó an phríomh-chomhpháirt agus chinn sé dá réir sin, i gcomhréir le cásdlí CBCE, Airteagal 95 a choinneáil mar bhunús aonair dlí.
— ‘An tomhaltóir a chur amú’(i gcomhréir le leasú 1, an dara cuid)
Chuir an Chomhairle eilimintí isteach in aithris 7 lena lánpháirtítear coincheap an tomhaltóir a chur amú.
— Cosaint an chomhshaoil
Mheas an Chomhairle, agus blastáin á n-údarú, gur chóir go gcuirfí san áireamh tosca ábhartha eile, amhail cosaint an chomhshaoil, seachas fianaise eolaíoch amháin. Chuir an Chomhairle tagairt do chosaint an chomhshaoil isteach i gcuspoirí an Rialacháin atá á bheartú.
— Soiléiriú ar an raon feidhme agus ar na sainmhínithe (i gcomhréir le leasú 8)
Shoiléirigh an Chomhairle nach ndéantar blastáin deataigh a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme an Rialacháin atá á bheartú. Roghnaigh sé dhá Rialachán a chur i bhfeidhm go comhlánach, i.e. bheadh feidhm ag an Rialachán seo cheal rialacha níos sonraithí a bheith i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 maidir le blastáin deataigh (10).
Anuas air sin, soiléiríodh nach mbeadh feidhm ag an Rialachán ach oiread maidir le meascáin de luibheanna agus/nó de spíosraí, le meascáin tae ná le meascáin le haghaidh insiltí, fad nach n-úsáidtear iad mar chomhábhair bia (i gcomhréir le leasú 45).
Tá an soiléiriú ar Airteagal 2(2) le fáil in aithris 6.
Thug an Chomhairle aird faoi leith ar chruinneas na sainmhínithe agus ar iad a bheith i gcomhréir le reachtaíocht eile Chomhphobail. Soiléiríodh nithe i gcomhréir le leasú 12 agus leasú 14. Tá an bhrí chéanna le ‘blastáin nach sonraítear in aon áit eile’ i leasú 13 agus atá le ‘blastán eile’ i bhfriotal an Choimisiúin, rud a chiallaíonn blastán nach sainmhínítear faoi phointí (b) go (g) d'Airteagal 3. Is fearr leis an gComhairle an dara leagan, atá níos soiléire i gcomhthéacs Airteagal 3.
— Nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú (i gcomhréir le leasuithe 24, 33, 34, 35)
Rinne an Chomhairle an togra a oiriúnú do rialacha nua nós imeachta na coisteolaíochta, lena gceanglaítear go gcaithfear an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chur i bhfeidhm chun bearta a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán.
Thug an Chomhairle isteach an nós imeachta práinne freisin le go mbeadh sé de chumas ag an gCoimisiún srianta ar úsáid blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus nach gá formheas ina leith a mhodhnú, ar mhórchúiseanna práinne, agus chun Iarscríbhinní II go V a leasú, más iomchuí.
— Cinntí maidir le léirmhíniú
Rinne an Chomhairle athghrúpáil in aon airteagal nua amháin ar na forálacha go léir maidir le cinntí a bhaineann le léirmhíniú agus, ó tharla nach ndéanfadh siad an Rialachán a fhorlíonadh, chuir sí iad faoi réir nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta nach ngabhann grinnscrúdú leis.
— Foráil lena dtoirmisctear blastáin neamhchomhlíontacha nó bia ina bhfuil blastáin den sórt sin a chur ar an margadh
Ar mhaithe le soiléire, deimhneacht dhlíthiúil agus oibriú rianúil an mhargaidh, chuir an Chomhairle isteach airteagal maidir le toirmeasc a chur ar bhlastáin neamhchomhlíontacha nó ar bhia ina bhfuil blastáin den sórt sin a chur ar an margadh. Tá an fhoráil seo comhsheasmhach leis na tograí maidir le breiseáin bia agus le heinsímí bia.
— An téarma blastán ‘nádúrtha’ a úsáid
Chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, chomhaontaigh an Chomhairle nach bhféadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid i dtagairt do bhia, do chatagóir bia nó d'fhoinse blaistithe glasra nó ainmhí, ach amháin má fuarthas ar a laghad 95 % de réir meáchain de ón mbunábhar dá dtagraítear (i gcomhréir le leasú 29).
Tá an Chomhairle tar éis a shonrú freisin nach ceadmhach go n-atáirgfeadh an 5 % den chomhpháirt blaistithe a díorthaíodh ó bhunábhair eile blas an bhunábhair dá dtagraítear.
— Údarú blastán a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Méan Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (11) (i gcomhréir le leasú 41 agus le leasú 42)
Aontaíonn an Chomhairle, le haghaidh aon substainte, go bhféadfar an dá nós imeachta (ceann maidir lena húsáid mar bhlastán agus an ceann eile maidir lena cuid géinmhodhnuithe) a chur i gcrích go comhuaineach, rud atá i gcomhréir leis na leasuithe thuas. Rinne an Chomhairle roinnt athruithe i ndréachtú an phrionsabail sin chun go mbeadh an fhoráil ag luí níos fearr le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
— Lipéadú
Rinne an Chomhairle na forálacha maidir le lipéadú a shruthlíniú, agus urramaíodh an t-idirdhealú idir lipéadú ar tháirgí a théann ‘ó ghnó go gnó’ agus na ceanglais maidir le lipéadú do tháirgí a bheartaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh. Bíodh is gur eagraigh an Chomhairle an chaibidil maidir le lipéadú ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach a mhol Parlaimint na hEorpa, is iad na prionsabail céanna is bun lena bhfuil inti agus tá siad i gcomhréir le leasuithe 5, 29 agus 30.
— Bearta idirthréimhseacha le haghaidh tairgí atá ar an margadh cheana féin (i gcomhréir le leasú 39)
Rinne an Chomhairle foráil d'idirthréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe. Bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear le linn an dá bhliain sin, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí an dáta faoinar cheart iad a úsáid.
Tá glactha ag an gCoimisiún le comhsheasamh na Comhairle.
2. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa
Ina Vótáil iomlánach an 10 Iúil 2007, ghlac Parlaimint na hEorpa 43 leasú ar an togra. Ina comhsheasamh, d'ionchorpraigh an Chomhairle 27 leasú, go hiomlán nó i bprionsabal.
Leasuithe a ionchorpraíodh sa chomhsheasamh
Anuas ar na leasuithe a luaitear i gCuid 1 thuas, ionchorpraítear sa chomhsheasamh leasuithe eile ó Pharlaimint na hEorpa, go hiomlán nó i bprionsabal, arb é is aidhm dóibh an téacs a fheabhsú nó a shoiléiriú, go háirithe leasuithe 4, 6, 7, 9, 12, 14, 31, 36, 41, 42.
Leasuithe nár tugadh isteach (12)
Níor fhéad an Chomhairle glacadh leis na leasuithe uile, mar gur mheas sí nach mbeadh dréachtú soiléir mar thoradh orthu, i gcásanna áirithe (féach leasú 13 agus leasú 37), nó mar gheall ar na cúiseanna sonracha a leagtar amach thíos:
— Prionsabail an réamhchúraim (leasú 2, 17 — aithris 13 agus Airteagal 4(a))
Tá prionsabal an réamhchúraim ar cheann de bhunphrionsabail ghinearálta is bonn don dlí ginearálta bia (13). Dá bharr sin, tá feidhm aige maidir leis an Rialachán beartaithe agus ní gá tagairt shonrach a dhéanamh dó. De bhreis air sin, ní féidir prionsabal an réamhchúraim a chur san áireamh i gcreat na hanailíse riosca ach amháin i gcomhthéacs na bainistíochta riosca, agus ní féidir é a chur san áireamh go brách ag céim an mheasúnaithe riosca, faoi mar a mhol Parlaimint na hEorpa.
— An sainmhíniú ar ‘phróiseas fisiciúil iomchuí’(leasú 15 — Airteagal 3(2)(k))
Níor cheart na próisis traidisiúnta ullmhaithe bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus an ‘próiseas fisiciúil iomchuí’ a shainmhínítear in Airteagal (3)(2)(k) a mheascadh.
— An sainmhíniú ar ‘substaint blaistithe’(leasú 49 — Airteagal 3(2)(b))
Léirigh an Chomhairle, in aithris 14, na próisis trínar féidir an tsubstaint blaistithe a tháirgeadh. Chuirfeadh an leasú srian ar na modhanna a d'fhéadfaí a úsáid.
— Cinntí a chuirtear faoi réir nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta nach ngabhann grinnscrúdú leis (i gcomhréir le leasuithe 11, 16, 23, 32 — Airteagal 13(a), 13(b), 6(3), 20(2))
Cinntí maidir le cibé an dtagann substaint áirithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin (leasú 11); rialacha cur chun feidhme maidir leis an mbealach chun monatóireacht a dhéanamh ar Iarscríbhinn IIIB (leasú 23) agus an mhodheolaíocht choiteann chun monatóireacht a dhéanamh ar thomhailt agus ar úsáid blastán (leasú 32) is rialacha a bhaineann le léirmhíniú iad agus ní dhéanfadh siad an Rialachán a fhorlíonadh. Mar sin, ní thagann siad faoi raon feidhme nós imeachta rialúcháin coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú.
— Lipéadú ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) (leasuithe 27, 28 agus 38 — Airteagal 15(1)(e)(ii) agus (g), Airteagal 29(2a nua))
Faoi mar a luaitear in aithris 24, leanann blastáin de bheith faoi réir fhorálacha maidir le lipéadú arna sainmhíniú i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht earraí bia (14) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe agus maidir lena lipéadú (Airteagail 12 agus 13). Dhearbhaigh an Chomhairle an gá a bhí leis an gcomhréireacht a choimeád idir Rialachán na ‘OGManna’, Treoir 2000/13/CE (an ‘Treoir maidir le Lipéadú’) agus an Rialachán seo. Mar sin, níor ghlac an Chomhairle le leasuithe 27 agus 38 mar go gcumhdaítear na nithe sin i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 cheana féin. Níl leasú 28 riachtanach mar go bhfolaíonn an téarma ‘reachtaíocht ábhartha eile an Chomhphobail’ in Airteagal 15(1)(g) sa chomhsheasamh an Rialachán thuasluaite freisin.
Chaithfeadh sainmhíniú a mbeadh raon feidhme ginearálta leis, amhail an sainmhíniú a moladh i leasú 52, a bheith ina chuid de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 seachas ina chuid den Rialachán atá beartaithe.
— Coinníollacha maidir le húsáid (leasuithe 19 agus 20 — Airteagal 4(ba nua) agus Airteagal 4(bb nua))
Níor chuir an Chomhairle tagairt isteach don tairbhe don tomhaltóir ná don ghá teicneolaíoch mar choinníollacha ginearálta maidir le húsáid blastán mar nach bhféadfaí iad a chur chun feidhme mar d'fhéadfaí iad a léirmhíniú ar bhealach suibiachtúil. Cumhdaítear an dá ghné seo cheana féin sa sainmhíniú ar bhlastáin, ina ndeirtear go gcuirtear le bia iad chun boladh agus/nó blas a thabhairt dó.
— Lipéadú
Bíodh is gur eagraigh an Chomhairle an chaibidil maidir le lipéadú ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach a mhol Parlaimint na hEorpa, tá na prionsabail is bun lena bhfuil inti i gcomhréir le cuid de na leasuithe a bhaineann le hAirteagail 14 go 18. Ar aon nós, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis na moltaí a bhaineann le lipéadú ar OGManna faoi mar a mhínítear thuas (leasuithe 27, 28, 38) ná leasú 26, nach bhfuil comhsheasmhach le reachtaíocht eile shonrach de chuid an Chomhphobail agus a d'fhéadfadh bacanna ar thrádáil a chruthú. Níl leasú 43 ag teacht le spiorad fhorálacha Airteagal 16, arb é is aidhm dó faisnéis leordhóthanach a thabhairt do na tomhaltóirí agus leasanna tomhaltóirí a chosaint.
— Teacht i bhfeidhm Airteagail 10, 26, 27 (leasú 44 — Airteagal 30(2))
Níor glacadh le leasú 44 mar nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag Airteagail 10, 26 agus 27 go dtí go dtiocfaidh an liosta Comhphobail de bhlastáin agus d'ábhair bhunaidh údaraithe chun bheith infheidhme. Anuas air sin, ní fhéadfar dáta cur i bhfeidhm an liosta Chomhphobail sin a chinneadh go dtí go mbeifear tar éis é a ghlacadh trí nós imeachta na coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú fad a bheifear ag fanacht ar mheastóireacht an UESB dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96.
— Substaintí tocsaineacha a bheith ann (leasuithe 21, 40, 46 — Airteagal 6(2), Iarscríbhinn IIIB, Airteagal 6(2a nua))
Cruthaíonn substaintí atá in Iarscríbhinn III B den Rialachán atá á bheartú fadhb i leith tocsaineolaíochta, rud a dhearbhaigh an Coiste Eolaíoch Bia (CEB) nó an UESB. Ós eol gur fadhb iad na substaintí seo ó thaobh na tocsaineolaíochta de, caithfear iad a rialáil ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí atá ar fáil. Dár leis an gComhairle, gabhann tábhacht ar leith le cur chuige riosca-bhunaithe a úsáid chun uasteorainneacha a shocrú sa Rialachán seo. Measann an Chomhairle go dtéann leasuithe 21 agus 40 i gcoinne an ghá atá ann le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chur ar fáil. Mheas an Chomhairle go bhfuil eisiamh ginearálta, mar a mholtar le leasú 46, i ndáil le hIarscríbhinn III B a bheith infheidhme ar chomhbhia nach mbeidh ach luibheanna agus spíosraí curtha leis róleathan agus nach dtabharfaidh sé cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí. Measann an Chomhairle, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil údar maith ann leis na huasteorainneacha a shocraítear in Iarscríbhinn III B le haghaidh luibheanna agus spíosraí a úsáid ar an gcoinníoll go n-úsáidtear iad i gcomhbhianna a ullmhaítear agus a chaitear ar an láthair chéanna agus nach ndéanfadh siad difear dá bharr sin don trádáil trasteorann.
IV. CONCLÚIDÍ
Creideann an Chomhairle go bhfuil cothromaíocht bainte amach sa chomhsheasamh idir ábhair imní agus leasanna agus go n-urramódh sé cuspóirí an Rialacháin. Tá sí ag tnúth le pléití dearfacha le Parlaimint na hEorpa chun go nglacfar an Rialachán go luath, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don tomhaltóir.
(1) COIM(2006) 427 leagan críochnaitheach.
(2) Doic. 11639/07 CODEC 775.
(3) COIM(2007) 671 leagan críochnaitheach.
(4) IO C 168, 20.7.2007, lch. 29.
(5) Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin a úsáidtear i mbianna agus le hábhair bhunaidh chun iad a tháirgeadh (IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. Cuirfear Treoir nua in ionad na Treorach arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)).
(6) Arna formheas le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1642/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4)).
(7) Sa bhreis ar na hathruithe a rinne an Chomhairle cheana féin, beidh gá le hAirteagal 26 a thabhairt cothrom le dáta mar gheall ar theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha biotáillí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 on gComhairle (IO L 39, 13.2.2008).
(8) Féach Cás C-45/86 An Coimisiún v An Chomhairle [1987] ECR 1493, mír 11; Féach Cás C-300/89 An Coimisiún v An Chomhairle (Dé-ocsaíd Tiotáiniam) [1991] ECR I-2867, mír 10; Cás C-268/94 An Phortaingéil v An Chomhairle [1996] ECR I-6177, mír 22; agus Cás C-176/03 An Coimisiún v An Chomhairle [2005] ECR I-0000, mír 45.
(9) Féach Cás C-36/98 An Spáinn v An Chomhairle [2001] ECR I-779, mír 59; Cás C-211/01 An Coimisiún v An Chomhairle [2003] ECR I-8913, mír 39; agus Cás C-338/01 An Coimisiún v An Chomhairle [2004] ECR I-4829, mír 55.
(10) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.
(11) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.
(12) Tagraíonn uimhriú na nAirteagal sa chuid seo do théacs an chomhsheasaimh.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 34).
(14) IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).
Ceartúchán
|
6.5.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/68 |
MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH
maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin, an 13 Nollaig 2007
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )
(2008/C 111 E/05)
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 10 Márta 2008 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.
|
1. |
Leathanach 11, in Airteagal 1, i bpointe 3) In ionad: ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. (…)’ Léitear: ‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. (…)’ |
|
2. |
Leathanach 13, in Airteagal 1, i bpointe 7) In ionad: ‘Aisghairtear Airteagal 5.’ Léitear: ‘Aisghairtear Airteagail 4 agus 5.’ |
|
3. |
Leathanach 32, in Airteagal 1, i bpointe 45) In ionad: ‘Airteagal 26 agus 27’ Léitear: ‘Airteagail 26 agus 27’ |
|
4. |
Leathanach 43, in Airteagal 2, i bpointe 4) In ionad: ‘tar éis’ Léitear: ‘i ndiaidh’ |
|
5. |
Leathanach 49, in Airteagal 2, i bpointe 21) In ionad: ‘tar éis’ Léitear: ‘i ndiaidh’ |
|
6. |
Leathanach 99, in Airteagal 2, roimh phointe 175) In ionad: ‘CAIDRIMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS’ Léitear: ‘CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS’ |
|
7. |
Leathanach 99, in Airteagal 2, i bpointe 175), faoin gceannteideal ‘CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS’ In ionad: ‘AIRTEAGAIL 188p’ Léitear: ‘AIRTEAGAL 188p’ |
|
6.5.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/69 |
MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH
maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin, an 13 Nollaig 2007
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )
(2008/C 111 E/06)
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 30 Aibreán 2008 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.
1. LEASUITHE AR AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS AR AN gCONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH
|
(a) |
Leathanach 23, Airteagal 1, pointe 23 In ionad: ‘Athainmnítear Teideal V mar a leanas: “CUR I bhFEIDHM FHORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA”’, léitear: ‘Athainmnítear Teideal V mar a leanas: “FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA”’. |
|
(b) |
Leathanach 24, Airteagal 1, pointe 24, Airteagal 10b(1), an tríú mír In ionad: ‘Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar mholadh ón gComhairle arna glacadh …’, léitear: ‘Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar mholadh ón gComhairle arna ghlacadh …’. |
|
(c) |
Leathanach 27, Airteagal 1, pointe 30, Airteagal 13a(3) In ionad: ‘Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thogra ón Ardionadaí …’, léitear: ‘Gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón Ardionadaí …’. |
|
(d) |
Leathanach 28, Airteagal 1, pointe 33, pointe (a) In ionad: ‘… agus cuirtear “… tionscnaimh nó tograí mar is iomchuí a thíolacadh di.” in ionad “… tograí a thíolacadh di.”;’, léitear: ‘… agus cuirtear “… tionscnaimh nó tograí mar is iomchuí a thíolacadh di.” in ionad “… tograí a chur faoi bhráid na Comhairle.”’. |
|
(e) |
Leathanach 38, Airteagal 1, pointe 56 In ionad: ‘An gnáthnós imeachta um choigeartú’, léitear: ‘An gnáthnós imeachta um athbhreithniú’. |
|
(f) |
Leathanach 39, Airteagal 1, pointe 56 In ionad: ‘Na nósanna imeachta um choigeartú simplithe’, léitear: ‘Na nósanna imeachta simplithe um athbhreithniú’. |
|
(g) |
Leathanach 42, Airteagal 2, pointe 2(d) In ionad:
léitear:
|
|
(h) |
Leathanach 42, Airteagal 2, pointe 2(f) In ionad:
léitear:
|
|
(i) |
Leathanach 43, Airteagal 2, pointe 2(l) In ionad: ‘cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 114” agus “an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 114”’, léitear: ‘cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 114” agus “an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 114” agus in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 114 den Chonradh seo”’. |
|
(j) |
Leathanach 44, Airteagal 2, pointe 7, an chéad mhír, an dara fleasc déag In ionad:
léitear:
|
|
(k) |
Leathanach 44, Airteagal 2, pointe 7, an chéad mhír, an tríú fleasc déag In ionad:
léitear:
|
|
(l) |
Leathanach 44, Airteagal 2, pointe 7, an dara mír, an tríú fleasc Scriostar an tríú fleasc den dara mír (‘— in Airteagal 228(2), sa dara fomhír agus sa tríú fomhír’). |
|
(m) |
Leathanach 44, Airteagal 2, pointe 7, an dara mír, an cúigiú fleasc Scriostar an cúigiú fleasc den dara mír (‘— in Airteagal 231, sa dara mír’). |
|
(n) |
Leathanach 45, Airteagal 2, pointe 8, an dara fleasc In ionad:
léitear:
|
|
(o) |
Leathanach 51, Airteagal 2, pointe 33 In ionad: ‘Cuirtear isteach Airteagal 16e a bhfuil foclaíocht Airteagal 13 aige; i mír 2, cuirtear “… féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bunphrionsabail a ghlacadh” in ionad “… nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta dreasachta Comhphobail” agus scriostar an méid seo a leanas ag an deireadh “…, gníomhóidh sí i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251”.’, léitear: ‘Cuirtear isteach Airteagal 16e a bhfuil foclaíocht Airteagal 13 aige; i mír 2, cuirtear “… féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bunphrionsabail beart dreasachta Aontais a ghlacadh” in ionad “… nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta dreasachta Comhphobail” agus scriostar an méid seo a leanas ag an deireadh “…, gníomhóidh sí i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251”.’. |
|
(p) |
Leathanach 55, Airteagal 2, pointe 49, pointe (e) In ionad:
léitear:
|
|
(q) |
Leathanach 56, Airteagal 2, pointe 58 In ionad: ‘In Airteagal 52(1), cuirtear “… déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, treoracha a eisiúint.” in ionad “… déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Parlaimint na hEorpa, treoracha a eisiúint, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.”’, léitear: ‘In Airteagal 52(1), cuirtear “… déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, treoracha a eisiúint.” in ionad “… déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Parlaimint na hEorpa, treoracha a eisiúint, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.”’. |
|
(r) |
Leathanach 56, Airteagal 2, pointe 60 In ionad:
léitear:
|
|
(s) |
Leathanach 60, Airteagal 2, pointe 65, Airteagal 62(3) In ionad: ‘… Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’, léitear: ‘… Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’. |
|
(t) |
Leathanach 63, Airteagal 2, pointe 66, Airteagal 65(3), an dara fomhír In ionad: ‘… Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’, léitear: ‘… Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’. |
|
(u) |
Leathanach 64, Airteagal 2, pointe 67, Airteagal 69a(3), an dara mír In ionad: ‘…, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’, léitear: ‘…, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’. |
|
(v) |
Leathanach 65, Airteagal 2, pointe 67, Airteagal 69b(3), an dara mír In ionad: ‘…, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’, léitear: ‘…, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’. |
|
(w) |
Leathanach 66, Airteagal 2, pointe 67, Airteagal 69e(3), an dara mír In ionad: ‘…, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’, léitear: ‘…, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’. |
|
(x) |
Leathanach 67, Airteagal 2, pointe 68, Airteagal 69f, pointe 3, an chéad fhomhír In ionad: ‘… Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’, léitear: ‘… Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’. |
|
(y) |
Leathanach 68, Airteagal 2, pointe 67, Airteagal 69f(3), an dara mír In ionad: ‘…, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’, léitear: ‘…, cuirfidh siad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas.’. |
|
(z) |
Leathanach 70, Airteagal 2, pointe 80, i dtús an phointe In ionad: ‘Iompraítear ord Airteagail 94 agus …’, léitear: ‘Iompaítear ord Airteagail 94 agus …’. |
|
(aa) |
Leathanach 73, Airteagal 2, pointe 91 In ionad:
léitear:
|
|
(ab) |
Leathanach 75, Airteagal 2, pointe 99, pointe (c) In ionad:
léitear:
|
|
(ac) |
Leathanach 75, Airteagal 2, pointe 99 In ionad:
léitear:
|
|
(ad) |
Leathanach 78, Airteagal 2, pointe 102, pointe (a) In ionad:
léitear:
|
|
(ae) |
Leathanach 83, Airteagal 2, pointe 127 In ionad:
léitear:
|
|
(af) |
Leathanach 87, Airteagal 2, pointe 144 In ionad:
léitear:
|
|
(ag) |
Leathanach 101, Airteagal 2, pointe 180 In ionad: ‘… agus cuirtear isteach “dá dtagraítear in Airteagal 8a(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach”’, léitear: ‘… agus cuirtear “dá dtagraítear in Airteagal 8a(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach” isteach tar éis “ar leibhéal Eorpach”’. |
|
(ah) |
Leathanach 102, Airteagal 2, pointe 183, pointe (a) In ionad: ‘…, cuirtear “Cumhachtófar Ombudsman, a thoghfaidh Parlaimint na hEorpa, …”’, léitear: ‘…, cuirtear “Cumhachtófar Ombudsman Eorpach, a thoghfaidh Parlaimint na hEorpa, …”’. |
|
(ai) |
Leathanach 106, Airteagal 2, pointe 200 In ionad:
léitear:
|
|
(aj) |
Leathanach 107, Airteagal 2, pointe 207 In ionad: ‘In Airteagal 223, cuirtear “…, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá bhforáiltear in Airteagal 224a” isteach ag deireadh na chéad mhíre.’, léitear: ‘In Airteagal 223, cuirtear “…, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 224a” isteach ag deireadh na chéad mhíre.’. |
|
(ak) |
Leathanach 107, Airteagal 2, pointe 208, an chéad abairt In ionad: ‘… cuirtear “líon Bhreithiúna na Cúirte” isteach in ionad “líon na mBreithiúna”.’, léitear: ‘… cuirtear “líon Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta” isteach in ionad “líon na mBreithiúna”.’. |
|
(al) |
Leathanach 108, Airteagal 2, pointe 212, pointe (a) In ionad:
léitear:
|
|
(am) |
Leathanach 110, Airteagal 2, pointe 223 In ionad: ‘Agus a cuid cumhachtaí maidir le forálacha Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Chuid a Trí a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici …’, léitear: ‘Agus a cuid cumhachtaí maidir le forálacha Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici …’. |
|
(an) |
Leathanach 110, Airteagal 2, pointe 221 In ionad: ‘In Airteagal 236, cuirtear “… atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais” in ionad “… atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta”.’, léitear: ‘In Airteagal 236, cuirtear “… a leagtar síos le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais” in ionad “… atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta”.’. |
|
(ao) |
Leathanach 111, Airteagal 2, pointe 224 In ionad: ‘D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa chúigiú mír d'Airteagal 230 a bheith caite’, léitear: ‘D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa séú mír d'Airteagal 230 a bheith caite’. |
|
(ap) |
Leathanach 112, Airteagal 2, pointe 231 Cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:
|
|
(aq) |
Leathanach 112, Airteagal 2, pointe 232 In ionad: ‘In Airteagal 248, cuirtear “gach comhlachta, gach oifige nó gach gníomhaireachta” in ionad “gach comhlachta”, seachas i gcás na bhfocal “comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta” agus i gcás na habairte deiridh den chéad fhomhír de mhír 3.’, léitear: ‘In Airteagal 248, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “comhlacht, oifig nó gníomhaireacht”, san uimhir iolra nó san uimhir uatha, de réir mar a bheidh, in ionad an fhocail “comhlacht” seachas i gcás na bhfocal “comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta” agus i gcás na habairte deiridh den chéad fhomhír de mhír 3.’. |
|
(ar) |
Leathanach 114, Airteagal 2, pointe 236, Airteagal 249b(2), pointe (b) In ionad: ‘“… mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an bParlaimint …”’, léitear: ‘“… mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa …”’. |
|
(as) |
Leathanach 118, Airteagal 2, pointe 246 In ionad:
léitear:
|
|
(at) |
Leathanach 120, Airteagal 2, pointe 255 In ionad: ‘Sa tríú mír d'Airteagal 266, cuirtear “ar thogra ón gCoimisiún” in ionad “arna iarraidh sin don Choimisiú”, cuirtear “i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta” isteach i ndiaidh “d'aon toil” agus scriostar “Airteagail 4, 11 agus 12 agus Airteagal 18(5)”.’, léitear: ‘Sa tríú mír d'Airteagal 266, cuirtear “ar thogra ón gCoimisiún” in ionad “arna iarraidh sin don Choimisiún”, cuirtear “i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta” isteach i ndiaidh “d'aon toil” agus scriostar “Airteagail 4, 11 agus 12 agus Airteagal 18(5) de”.’. |
|
(au) |
Leathanach 122, Airteagal 2, pointe 261, i dtéacs nua Airteagal 270a(2), an dara fomhír In ionad: ‘Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe nuair a bheidh an rialachán dá dtagraítear sa chéad mhír á ghlacadh.’, léitear: ‘Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe nuair a bheidh an rialachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh.’. |
|
(av) |
Leathanach 125, Airteagal 2, pointe 266, pointe (a), an abairt dheireanach In ionad ‘“… de bhreis ar an dóú cuid déag díobh siúd dá bhforáiltear sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad”’, léitear: ‘“… de bhreis ar an dóú cuid déag díobh siúd dá bhforáiltear sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad atá á ullmhú”’. |
|
(aw) |
Leathanach 127, Airteagal 2, pointe 274, Airteagal 279b, an chéad abairt In ionad: ‘Ar thionscnamh ón gCoimisiún, comórfar cruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo.’, léitear: ‘Ar thionscnamh ón gCoimisiún, comórfar cruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear sa Teideal seo.’ |
|
(ax) |
Leathanach 130, Airteagal 2, pointe 281 In ionad: ‘In Airteagal 282, cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag an deireadh: “Ar a shon sin, feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí, de bhua a neamhspleáchais riaracháin, in ábhair a bhaineann lena hoibriú faoi seach.”’, léitear: ‘In Airteagal 282, cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag an deireadh: “Ar a shon sin, feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí, de bhua a neamhspleáchais riaracháin, thar ceann an Aontais in ábhair a bhaineann lena hoibriú faoi seach.”’. |
|
(ay) |
Leathanach 133, Airteagal 2, pointe 293, pointe (a) In ionad:
léitear:
|
|
(az) |
Leathanach 133, Airteagal 2, pointe 293, pointe (b) In ionad:
léitear:
|
|
(ba) |
Leathanach 133, Airteagal 2, pointe 293, pointe (c) In ionad:
léitear:
|
2. PRÓTACAIL A CHUIRFEAR I gCEANGAL LE CONRADH LIOSPÓIN
|
(a) |
Leathanach 165, Airteagal 1, pointe 2 Cuirtear an méid seo a leanas le pointe 2: ‘I gcás ina bhforálfar a mhalairt go sonrach le pointe 5(a) nó le pointe 12(a) thíos, ní bheidh feidhm ag an leasú cothrománach a leagtar síos in Airteagal 2(2)(b) den Chonradh sin maidir leis an bPrótacal ar Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais ná leis an bPrótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta faoi seach.’. |
|
(b) |
Leathanach 166, Airteagal 1, pointe 4, an abairt réamhráiteach In ionad: ‘Sna Prótacail seo a leanas, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “na Conarthaí” agus “na Conarthaí seo” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Conradh” agus “an Conradh seo” agus cuirtear tagairt do na Conarthaí in ionad na dtagairtí don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus/nó don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:’, léitear: ‘Sna Prótacail seo a leanas, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail “na Conarthaí” agus “na Conarthaí seo” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Conradh” agus “an Conradh seo” agus cuirtear tagairt do na Conarthaí in ionad na dtagairtí don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus/nó don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus, más gá, oiriúnaítear gramadach na habairte dá réir:’. |
|
(c) |
Leathanach 166, Airteagal 1, pointe 4, pointe (b) Cuirtear isteach an dara fleasc nua seo a leanas ‘— In Airteagal 7 (an dara lua den Chonradh)’. |
|
(d) |
Leathanach 167, Airteagal 1, pointe 5, pointe (d), an chéad fhleasc In ionad:
léitear:
|
|
(e) |
Leathanach 174, Airteagal 1, pointe 11, pointe (aa) In ionad:
léitear:
|
|
(f) |
Leathanach 174, Airteagal 1, pointe 12(a) In ionad: ‘sa Phrótacal tríd síos, cuirtear tagairt d'Airteagal “den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh” in ionad aon tagartha d'Airteagal “den Chonradh”’, léitear: ‘sa Phrótacal tríd síos, cuirtear tagairt d'Airteagal “den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh” in ionad aon tagartha d'Airteagal “den Chonradh” agus “den Chonradh seo”’. |
|
(g) |
Leathanach 175, Airteagal 1, pointe 12(j)(i) In ionad: ‘Féachfaidh an Bord Gobharnóirí chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistiú i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta agus i gcomhréir leis na treoracha ginearálta a leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos.’, léitear: ‘Féachfaidh an Bord Stiúrthóirí chuige go bhfuil an Banc á rith mar is cuí; áiritheoidh sé go bhfuil an Banc á bhainistiú i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta agus i gcomhréir leis na treoracha ginearálta a leagfaidh an Bord Gobharnóirí síos.’. |
|
(h) |
Leathanach 180, Airteagal 1, pointe 14(f) In ionad:
léitear:
|
|
(i) |
Leathanach 180, Airteagal 1, pointe 15(b) In ionad:
léitear:
|
|
(j) |
Leathanach 181, Airteagal 1, pointe 15, pointe (d) In ionad:
léitear:
|
|
(k) |
Leathanach 181, Airteagal 1, pointe 16(a) In ionad: ‘sa Phrótacal tríd síos, cuirtear “an euro a ghlacadh” in ionad “gluaiseacht chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta” agus in ionad “gluaiseacht chuig an tríú céim” agus cuirtear “déanamh amhlaidh” in ionad “gluaiseacht amhlaidh”; cuirtear “… tar éis an euro a thabhairt isteach …” in ionad “… sa tríú céim …”’, léitear: ‘sa Phrótacal tríd síos, cuirtear “an euro a ghlacadh” in ionad “gluaiseacht chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta” agus in ionad “gluaiseacht chuig an tríú céim” agus cuirtear “déanamh amhlaidh” in ionad “gluaiseacht amhlaidh”; cuirtear “… tar éis an euro a thabhairt isteach …” in ionad “… sa tríú céim …,” agus cuirtear “Má ghlacann an Ríocht Aontaithe an euro” in ionad “Má ghluaiseann an Ríocht Aontaithe chuig an tríú céim”’. |
|
(l) |
Leathanach 185, Airteagal 2, pointe 20(h), Airteagal 4a(1) In ionad: ‘Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn chomh maith maidir le bearta a mholfar nó a ghlacfar de bhun Theideal IV de Chuid III den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena leasófar beart atá ann cheana atá ina cheangal orthu.’, léitear: ‘Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn chomh maith maidir le bearta a mholfar nó a ghlacfar de bhun Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena leasófar beart atá ann cheana atá ina cheangal orthu.’. |
|
(m) |
Leathanach 193, Airteagal 1, pointe 2 In ionad: ‘Sa Phrótacal maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa téarma achtaithe, …’, léitear: ‘Sa Phrótacal maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa chéad aithris den bhrollach, cuirtear tagairt don dara fomhír d'Airteagal 28a in ionad na tagartha don dara fomhír d'Airteagal 17(1), agus sa téarma achtaithe, …’. |
|
(n) |
Leathanach 193, Airteagal 1, pointe 31 In ionad: ‘Sa Phrótacal ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn, cuirtear “leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh” in ionad “leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh” agus scriostar Airteagal 2.’, léitear: ‘Sa Phrótacal ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn, cuirtear isteach an Aithris seo a leanas: “TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:”, cuirtear “leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh” in ionad “leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh” agus scriostar Airteagal 2.’. |
|
(o) |
Leathanach 194, Airteagal 1 Cuirtear isteach an pointe seo a leanas: ‘IARSCRÍBHINNÍ
|
3. TÁBLA COMHGHAOIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5 DE CHONRADH LIOSPÓIN
An Conradh ar an Aontas Eorpach
|
(a) |
Leathanach 205, Seanuimhriú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach i ndáil le hAirteagal 40 In ionad: ‘Airteagal 40a (ar cuireadh Airteagal eile ina ionad) …’, léitear: ‘Airteagal 40 (ar cuireadh Airteagal eile in ionad) …’. |
|
(b) |
Leathanach 206, Seanuimhriú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach i ndáil le hAirteagal 47 In ionad: ‘Airteagal 47 (ar athraíodh a ionad)’, léitear: ‘Airteagal 47 (ar cuireadh Airteagal eile in ionad)’. |
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
(a) |
Leathanach 208, Seanuimhriú sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh Cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas idir an chéad iontráil maidir le hAirteagal 12 agus an iontráil maidir le hAirteagal 16: ‘Airteagal 13 (ar athraíodh a ionad) Airteagal 14 (ar athraíodh a ionad) Airteagal 15 (ar athraíodh a ionad)’ |
|
(b) |
Leathanach 208, Uimhriú nua don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas idir an chéad iontráil maidir le hAirteagal 18 agus an iontráil maidir le hAirteagal 14: ‘Airteagal 19 Airteagal 26 Airteagal 27’ |
|
(c) |
Leathanach 211, Seanuimhriú sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh In ionad: ‘Airteagal 64(1) (ar cuireadh foráil eile ina hionad)’, léitear: ‘Airteagal 64(1) (ar cuireadh foráil eile ina ionad)’. |
|
(d) |
Leathanach 211, Seanuimhriú sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, In ionad: ‘Airteagal 64(1) (ar cuireadh foráil eile ina hionad)’, léitear: ‘Airteagal 64(1) (ar cuireadh foráil eile ina ionad)’. |
|
(e) |
Leathanach 214, Uimhriú nua don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le hAirteagal 113 (ar athraíodh a ionad) In ionad: ‘Airteagal 294’, léitear ‘Airteagal 284’. |
|
(f) |
Leathanach 220, san Iarscríbhinn ina bhfuil na Táblaí Comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chonradh Liospóin, sa cholún ina dtaispeántar an t-uimhriú i gConradh Liospóin, sa teideal ar Chuid a Sé In ionad: léitear: |
|
(g) |
Leathanach 220, san Iarscríbhinn ina bhfuil na Táblaí Comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chonradh Liospóin, sa cholún ina dtaispeántar an t-uimhriú nua don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa teideal ar Chuid a Sé den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, In ionad: léitear: |
|
(h) |
Leathanach 228, Seanuimhriú sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, fonóta a bhaineann le hAirteagal 63, pointe 1 agus pointe 2 agus Airteagal 64(2) In ionad: ‘Cuirtear Airteagal 63(1) agus (2) den CFAE in ionad Airteagal 63, pointí 1 agus 2, den Chonradh CE agus cuirtear Airteagal 63(3) den CFAE in ionad Airteagal 64(2).’, léitear: ‘Cuirtear Airteagal 63(1) agus (2) den CFAE (a athuimhrítear mar Airteagal 78) in ionad Airteagal 63, pointí 1 agus 2, den Chonradh CE agus cuirtear Airteagal 63(3) den CFAE (a athuimhrítear mar Airteagal 78) in ionad Airteagal 64(2).’. |
|
(i) |
Leathanach 229, Seanuimhriú sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, fonóta a bhaineann le hAirteagal 178 In ionad: ‘Cuirtear an dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 188d(1) den CFAE in ionad shubstaint an Airteagail sin.’, léitear: ‘Cuirtear an dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 188d(1) den CFAE (a athuimhrítear mar Airteagal 208) in ionad shubstaint an Airteagail sin.’. |