ISSN 1725-2571 |
||
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
51 |
|
Ceartúchán |
|
2008/C /04 |
||
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 93 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
GA |
|
III Bearta Ullmhúcháin
AN CHOMHAIRLE
15.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 5/2008
a ghlac an Chomhairle an 3 Márta 2008
chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (Rialachán Gníomhaireachta)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
(2008/C 93 E/01)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (3), dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta, chun rannchuidiú teicniúil a dhéanamh le limistéar Eorpach iarnróid gan teorainneacha a chruthú. De bharr forbairtí i reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hidirinoibritheacht agus sábháilteacht iarnróid agus de bharr forbairtí margaidh, agus ar bhonn na taithí a fuarthas agus an Ghníomhaireacht á hoibriú agus ar bhonn an chaidrimh idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún, is gá leasuithe áirithe a dhéanamh ar an Rialachán sin, agus is gá, go háirithe, cúraimí áirithe a chur leis. |
(2) |
Caithfear fógra a thabhairt don Choimisiún faoi rialacha náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2008/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le hidirinoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (4) dá ngairfear ‘an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid’ anseo feasta, agus i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail (an Treoir Sábháilteachta Iarnróid) (5). Ba cheart, dá bhrí sin, an dá shraith rialacha a scrúdú d'fhonn a mheasúnú, go háirithe, an bhfuil siad ag luí leis na modhanna comhchoiteanna sábháilteachta agus leis na sonraíochtaí teicniúla idirinoibritheachta (STIanna) atá i bhfeidhm, agus freisin an gcumasaíonn siad na spriocanna comhchoiteanna sábháilteachta atá i bhfeidhm a bhaint amach. |
(3) |
D'fhonn an nós imeachta a éascú maidir le cur i seirbhís feithiclí nach bhfuil ag teacht leis na STIanna ábhartha a údarú, ba cheart na rialacha teicniúla agus sábháilteachta uile atá i bhfeidhm i ngach Ballstát a aicmiú i dtrí ghrúpa agus ba cheart torthaí an aicmithe sin a chur i láthair i ndoiciméad tagartha. Tá sé de cheangal ar an nGníomhaireacht, dá bhrí sin, dréacht a tharraingt suas chun an doiciméad sin a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta trí chrostagairt a dhéanamh idir na rialacha náisiúnta le haghaidh gach ceann de na paraiméadair theicniúla ábhartha agus trí thuairimí teicniúla ad hoc a sholáthar maidir le gnéithe sonracha de na tionscadail thrasghlactha. Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na bparaiméadar, féadfaidh an Ghníomhaireacht a mholadh go ndéanfar é a mhodhnú. |
(4) |
De thoradh a cuid aitreabúidí dlíthiúla agus leibhéal ard a saineolais theicniúil, is í an Ghníomhaireacht an t-eintiteas ar cheart di soiléiriú a chur ar fáil maidir le hábhair chasta a eascraíonn as an ngníomhaíocht san earnáil. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs na nósanna imeachta maidir le cur i seirbhís feithiclí a údarú, ba cheart go bhféadfaí a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a eisiúint i gcás ina ndéanfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta cinneadh diúltach nó i dtaca le coibhéis na rialacha náisiúnta le haghaidh na bparaiméadar teicniúil arna mbunú sa Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. |
(5) |
Ba cheart go bhféadfaí a iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a thabhairt maidir le modhnuithe práinneacha ar STIanna. |
(6) |
Faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, féadfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht obair na gcomhlachtaí a dtugann na Ballstáit fógra dóibh. Léirigh staidéar a rinne an Coimisiún go bhfuil mórán deiseanna ann le léirithe difriúla a dhéanamh ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm chun fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin. Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit maidir leis na comhlachtaí a roghnaíonn siad fógra a thabhairt dóibh agus maidir leis na seiceálacha a dhéanann siad chun a áirithiú go bhfuil na critéir sin á gcomhlíonadh, tá sé tábhachtach go measúnófaí an tionchar a bheadh ag difríochtaí léirithe den sórt sin agus a sheiceáil nach gcothódh siad deacrachtaí maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do theastais chomhréireachta agus do dhearbhú fíoraithe CE. Dá bhrí sin, ar iarratas ón gCoimisiún, ba cheart go bhféadfadh an Ghníomhaireacht monatóireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus, má tá bonn maith leis, seiceálacha a dhéanamh le cinntiú go bhfuil na critéir dá dtagraítear sa Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht ábhartha a dtugar fógra dó. |
(7) |
Údaraíonn Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 don Ghníomhaireacht iarratais ar mhaoiniú Comhphobail do thionscadail bhonneagair iarnróid a mheasúnú, ar iarratas ón gCoimisiún agus ó thaobh na hidirinoibritheachta de. Ba cheart an sainmhíniú ar na tionscadail seo a leathnú sa dóigh go bhféadfaí comhréireacht an chórais a mheasúnú chomh maith, mar a tharlaíonn i gcás tionscadal atá ag cur an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) i bhfeidhm, mar shampla. |
(8) |
I bhfianaise forbairtí a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leo, go háirithe teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún 1999 um Iompar Idirnáisiúnta d'Iarnród (COTIF), ba cheart go n-iarrfaí ar an nGníomhaireacht an caidreamh idir ghnóthais iarnróid agus coimeádaithe a mheasúnú, go háirithe i dtaca le cothabháil, mar leathnú ar a cuid oibre i réimse an deimhniúcháin ar cheardlanna cothabhála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfadh an Ghníomhaireacht moltaí a dhíriú i ndáil le cur chun feidhme an chórais deimhniúcháin dheonaigh ar chothabháil, i gcomhréir le hAirteagal 14 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid. |
(9) |
Agus scéimeanna deimhniúcháin na n-eintiteas a bhfuil cothabháil agus ceardlanna cothabhála faoina gcúram acu á bhforbairt, ba cheart don Ghníomhaireacht a chinntiú go bhfuil na scéimeanna sin ag teacht leis na dualgais a leithroinneadh cheana féin ar ghnóthais iarnróid agus leis an ról a bheidh ag na heintitis amach anseo a mbeidh cothabháil faoina gcúram acu. Ba cheart go n-éascódh na scéimeanna sin nós imeachta deimhniúcháin sábháilteachta na ngnóthas iarnróid agus go ndéanfaidís ualach riaracháin míchuí a sheachaint, mar aon le dúbailt rialuithe, cigireachtaí agus/nó iniúchtaí. |
(10) |
Tar éis ghlacadh an tríú pacáiste iarnróid, ba cheart tagairt a dhéanamh do Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (6), dá ngairfear ‘Treoir na dTiománaithe Iarnróid’ anseo feasta, lena leagtar síos cúraimí éagsúla atá le comhlíonadh ag an nGníomhaireacht agus lena dtugtar deis di aghaidh a thabhairt ar mholtaí chomh maith. |
(11) |
A mhéid a bhaineann leis an bhfoireann iarnróid, ba cheart don Ghníomhaireacht roghanna féideartha a aithint le haghaidh deimhniúchán a dhéanamh ar bhaill eile foirne a chomhlíonann cúraimí atá fíorthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na roghanna éagsúla sin. Lasmuigh de thiománaithe traenach agus baill eile foirne a chomhlíonann cúraimí atá fíorthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, tá sé i gceist go machnóidh an Ghníomhaireacht ar chritéir a shonrú le haghaidh inniúlachtaí gairmiúla a shainiú i dtaobh baill eile foirne atá páirteach in oibriú agus i gcothabháil an chórais iarnróid. |
(12) |
Foráiltear leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus an Treoir Sábháilteachta Iarnróid do chineálacha éagsúla doiciméad, eadhon, dearbhuithe fíoraithe CE, ceadúnais agus teastais sábháilteachta agus rialacha náisiúnta a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chúram ar an nGníomhaireacht a áirithiú go mbeadh rochtain phoiblí ar na doiciméid sin chomh maith le rochtain phoiblí ar chláir náisiúnta na bhfeithiclí agus an bhonneagair agus ar na cláir atá ar coimeád ag an nGníomhaireacht. |
(13) |
Ba cheart don Ghníomhaireacht scrúdú a dhéanamh ar an ioncam iomchuí le haghaidh na gcúraimí a bhaineann le hinrochtaineacht doiciméad agus clár i gcomhréir le hAirteagal 38(2) de Rialachán (CE) Uimh. 881/2004. |
(14) |
Ó glacadh an dara pacáiste iarnróid, táthar tar éis tabhairt faoi roinnt tionscnamh a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme an ERTMS. Áirítear orthu sin comhaontú comhair a shíniú idir an Coimisiún agus na geallsealbhóirí éagsúla san earnáil, coiste stiúrtha a bhunú leis an gcomhaontú comhair a chur chun feidhme, Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a ghlacadh ag an gCoimisiúin maidir le himlonnú an chórais chomharthaíochta iarnróid Eorpaigh ERTMS/ETCS, ceapachán comhordaitheora Eorpaigh, ag an gCoimisiún, do thionscadal an ERTMS mar thionscadal tosaíochta atá ar leas an Chomhphobail, sainmhíniú ar ról na Gníomhaireachta mar údarás córais i gcomhthéacs na gclár oibre bliantúil éagsúil, agus glacadh an STI maidir le ‘rialú-ordú agus comharthaíocht’ don ghnáthchóras iarnróid (7). I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach ionchur na Gníomhaireachta sa réimse seo, ba cheart go sonrófaí a cuid cúraimí. |
(15) |
Tá líon mór saineolaithe ag an nGníomhaireacht anois ar speisialtóirí iad in idirinoibritheacht agus i sábháilteacht an chórais Eorpaigh iarnróid. Ba cheart go mbeadh sé d'údarás aici cúraimí ad hoc a chur i gcrích ar iarratas ón gCoimisiún, fad a bheidh na cúraimí sin ag teacht le misean na Gníomhaireachta, agus fad a bheidh siad ag luí le tosaíochtaí eile na Gníomhaireachta. I bhfianaise an méid sin, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta meastóireacht a dhéanamh ar inghlacthacht an chúnaimh sin agus tuarascáil a dhéanamh don Bhord Riaracháin uair sa bhliain ar a laghad ar a sholáthar. Féadfaidh an Bord measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil sin i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004. |
(16) |
Sa chéad bhliain a bunaíodh an Ghníomhaireacht, bhí dianearcaíocht ann maidir le hoifigigh tionscadal a mbeadh conradh cúig bliana ar a mhéid acu, rud a chiallaíonn gur gá do chuid mhaith den fhoireann theicniúil an Ghníomhaireacht a fhágáil laistigh de thréimhse ghearr ama. D'fhonn cainníocht agus cáilíocht leordhóthanach saineolais a áirithiú agus chun bheith réidh roimh ré do na deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann sna nósanna imeachta earcaíochta, ba cheart go mbeadh sé de chead ag an nGníomhaireacht fad trí bliana breise a chur le conarthaí oibre na foirne a bhfuil saincháilíochtaí acu. |
(17) |
Ba cheart an dáta a gcaithfear clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh roimhe a leasú chun go bhféadfaí sioncrónú níos fearr a dhéanamh idir é agus próiseas cinnteoireachta an bhuiséid. |
(18) |
Ba cheart go n-aithneofaí le clár oibre na Gníomhaireachta cuspóir gach gníomhaíochta agus a seolaí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas freisin faoi thorthaí teicniúla gach gníomhaíochta, ó tharla go dtéann an fhaisnéis sin i bhfad thar raon na tuarascála ginearálta a dhírítear chuig na hinstitiúidí go léir. |
(19) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon misean na Gníomhaireachta a leathnú le go gcuimseoidh sé a rannpháirtíocht i simpliú an nós imeachta Comhphobail maidir le deimhniúchán ar fheithiclí iarnróid a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta sin, is féidir an cuspóir a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(20) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 mar a leanas:
1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Cineálacha ghníomhartha na Gníomhaireachta Féadfaidh an Ghníomhaireacht:
|
2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
3) |
scriostar Airteagal 8; |
4) |
cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach i ndiaidh Airteagal 9: |
5) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 9a Rialacha náisiúnta 1. Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú teicniúil ar na rialacha náisiúnta nua a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid nó le hAirteagal 17(3) de Threoir 2008/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le hidirinoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (8), dá ngairfear “an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid” anseo feasta. 2. Scrúdóidh an Ghníomhaireacht an comhchuibheas idir na rialacha dá dtagraítear i mír 1 agus na MSCanna (Modhanna Sábháilteachta Comhchoiteanna) agus na STIanna a bheidh i bhfeidhm. Scrúdóidh an Ghníomhaireacht an gcumasaíonn na rialacha na SSCanna (Spriocanna Sábháilteachta Comhchoiteanna) a bheidh i bhfeidhm a bhaint amach. 3. Má mheasann an Ghníomhaireacht, tar éis di na cúiseanna a thabharfaidh an Ballstát a chur san áireamh, nach luíonn aon cheann de na rialacha sin leis na STIanna ná leis na MSCanna nó nach ligeann sí go mbainfear SSCanna amach, cuirfidh sí tuairim faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de dhá mhí ón tráth ar tharchuir an Coimisiún na rialacha chuig an nGníomhaireacht. Airteagal 9b Aicmiú rialacha náisiúnta 1. Éascóidh an Ghníomhaireacht do Bhallstáit glacadh le feithiclí a chuirfear i seirbhís i mBallstát eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4. 2. Tráth nach déanaí ná [sé mhí tar éis teacht i bhfeidhm don Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid], athbhreithneoidh an Ghníomhaireacht liosta na bparaiméadar i Roinn 1 d'Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2008/…/CE agus cuirfidh sí na moltaí a mheasfaidh sí a bheith iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin. 3. Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréacht le haghaidh doiciméid thagartha a tharraingt suas ina ndéanfar crostagairt idir na rialacha náisiúnta uile atá á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i leith feithiclí a chur i seirbhís. Beidh sa doiciméad sin rialacha náisiúnta gach Ballstáit maidir le gach ceann de na paraiméadair a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus sonrófar ann chomh maith an grúpa dá dtagraítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn sin lena mbaineann na rialacha sin. Is éard a bheidh sna rialacha sin na rialacha ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 17(3) de Threoir 2008/…/CE, lena n-áirítear na rialacha ar tugadh fógra ina leith tar éis ghlacadh na STIanna (cásanna sonracha, ceisteanna oscailte, maoluithe) agus na rialacha ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 8 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid. 4. D'fhonn laghdú de réir a chéile a dhéanamh ar na rialacha náisiúnta i nGrúpa B dá dtagraítear i Roinn 2 d'Iarscríbhinn VII den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, déanfaidh an Ghníomhaireacht dréacht go tráthrialta chun an doiciméad tagartha a thabhairt cothrom le dáta agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig an gCoimisiún é. Déanfar an chéad leagan den doiciméad a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná [bliain tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo]. 5. D'fhonn an tAirteagal seo a chur chun feidhme, bainfidh an Ghníomhaireacht leas as an gcomhar idir na húdaráis sábháilteachta náisiúnta arna bhunú faoi Airteagal 6(5) agus cuirfidh sí meitheal ar bun i gcomhréir le prionsabail Airteagal 3. |
6) |
cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 10: ‘2a. Féadfaidh na comhlachtaí seo a leanas a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a chur ar fáil:
2b. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a sholáthar maidir le modhnuithe práinneacha ar STIanna, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid.’; |
7) |
scriostar Airteagal 11; |
8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: ‘Airteagal 13 Comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh 1. Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i leith na gcomhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus a ainmníonn siad, féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht obair na gcomhlachtaí sin. Cuirfidh sí tuairim faoi bhráid an Choimisiúin i gcás inar iomchuí. 2. Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit, ar iarratas ón gCoimisiún i gcás ina mbeidh sé den tuairim, i gcomhréir le hAirteagal 28(4) den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, nach gcomhlíonann comhlacht a dtugtar fógra dó na critéir dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht seiceáil a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir sin. Eiseoidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún.’; |
9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Idirinoibritheacht laistigh de chóras iarnróid an Chomhphobail Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, scrúdú, ó thaobh na hidirinoibritheachta de, ar aon tionscadal a bhaineann le dearadh agus/nó le tógáil, nó le hathnuachan nó le huasghrádú an fhochórais a bhfuil iarratas déanta ar chúnamh Comhphobail airgeadais ina leith. Laistigh de thréimhse a chomhaontófar leis an gCoimisiún de réir thábhacht an tionscadail agus de réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil, agus nach faide ná dhá mhí, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim uaithi an gcomhlíonann an tionscadal na STIanna ábhartha.’; |
10) |
cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach roimh Airteagal 16: |
11) |
cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 16: ‘Beidh na moltaí sin ag luí leis na freagrachtaí a leithroinneadh cheana féin ar ghnóthais iarnróid mar a fhoráiltear in Airteagal 4 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus ar an eintiteas a bhfuil cothabháil faoina chúram mar a fhoráiltear in Airteagal 14 den Treoir sin, agus déanfar meicníochtaí deimhniúcháin na ngnóthas iarnróid agus na n-eintiteas a bhfuil cothabháil faoina gcúram a chur san áireamh go hiomlán.’; |
12) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 16a Deimhniúchán na n-eintiteas a bhfuil cothabháil faoina gcúram Tráth nach déanaí ná … (9), seolfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chuig an gCoimisiún ina leagfar amach moltaí, más gá, maidir le cur chun feidhme an chórais dheonaigh deimhniúcháin ar chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 14 den Treoir Sábháilteachta Iarnróid. Folóidh measúnú agus moltaí na Gníomhaireachta na gnéithe seo a leanas go háirithe, agus aird chuí á tabhairt ar an gcaidreamh a fhéadfaidh a bheith ag eintiteas a bhfuil cothabháil faoina chúram le páirtithe eile amhail coimeádaithe, gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair:
|
13) |
cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach i ndiaidh Airteagal 16a: |
14) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 16b Tiománaithe traenach 1. Maidir le hábhair a bhaineann le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (10), dá ngairfear “Treoir na dTiománaithe Traenach” anseo feasta, déanfaidh an Ghníomhaireacht na nithe seo a leanas:
2. Maidir le hábhair a bhaineann le Treoir na dTiománaithe Traenach, déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí:
3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarratas réasúnaithe a dhéanamh chuig na húdaráis inniúla ar fhaisnéis maidir le stádas ceadúnas tiománaithe traenach. |
15) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 16c Baill eile foirne ar bord traenach I gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir na dTiománaithe Traenach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i dtuarascáil a thíolacfar tráth nach déanaí ná 4 Meitheamh 2009, agus an STI maidir le hoibriú agus bainistiú tráchta a forbraíodh faoi Threoir 96/48/CE agus faoi Threoir 2001/16/CE á gcur san áireamh, proifíl agus cúraimí de chuid ball criú eile a aithint a bhfuil cúraimí a bhaineann go dlúth le sábháilteacht orthu agus a rannchuidíonn a gcáilíochtaí gairmiúla le sábháilteacht iarnróid dá réir agus ar cheart iad a rialú ar leibhéal an Chomhphobail trí bhíthin córais ceadúnas agus/nó teastas a d'fheadfadh a bheith comhchosúil leis an gcóras a bhunaítear le Treoir na dTiománaithe Traenach.’; |
16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil ar Airteagal 17 agus mhír 1 d'Airteagal 17: ‘Airteagal 17 Inniúlachtaí gairmiúla agus oiliúint ghairmiúil 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí maidir le critéir chomhchoiteanna a shonrú chun inniúlachtaí gairmiúla a shainiú agus maidir le measúnú foirne i gcás inar foireann iad a bheidh páirteach in oibriú agus i gcothabháil an chórais iarnróid ach nach bhfolaítear le hAirteagal 16b ná le hAirteagal 16c.’; |
17) |
cuirtear an teideal Caibidle seo a leanas isteach díreach tar éis Airteagal 17: |
18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Airteagal 18 Na Cláir 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraíochtaí comhchoiteanna a tharraingt suas agus a mholadh don Choimisiún:
2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht clár de na cineálacha feithiclí a bhunú agus a choimeád a údaraíonn na Ballstáit a chur i seirbhís ar an líonra iarnróid laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le hAirteagal 34 den Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. Ina theannta sin, ullmhóidh an Ghníomhaireacht dréachtmhúnla don dearbhú i leith cineál-chomhréireachta, i gcomhréir le hAirteagal 26(4) den Treoir sin.’; |
19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: ‘Airteagal 19 Inrochtaineacht doiciméad agus clár 1. Na doiciméid agus na cláir seo a leanas dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus leis an Treoir Sábháilteachta Iarnróid, déanfaidh an Ghníomhaireacht rochtain phoiblí a chur ar fáil orthu:
2. Pléifidh agus comhaontóidh na Ballstáit agus an Coimisiún na socruithe praiticiúla maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a tharchur ar bhonn dréachta ón nGníomhaireacht. 3. Agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 á dtarchur, féadfaidh na comhlachtaí lena mbaineann cibé doiciméid a shonrú ar doiciméid iad nach nochtfar don phobal ar chúiseanna slándála. 4. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta a bheidh freagrach as eisiúint na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 1(c) agus i mír 1(d) fógra don Ghníomhaireacht, laistigh d'aon mhí amháin, maidir le gach cinneadh ar leith chun iad a eisiúint, a athnuachan, a leasú nó a chúlghairm. 5. Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon doiciméad poiblí nó aon nasc a bheidh ábhartha maidir le críocha an Rialacháin seo a chur leis an mbunachar sonraí poiblí seo.’; |
20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 4: |
21) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 21a An ERTMS 1. Gabhfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a shonraítear i mír 2 go mír 5 uirthi féin d'fhonn rannchuidiú le forbairt chomhréireach agus cur chun feidhme comhréireach an ERTMS. 2. Bunóidh an Ghníomhaireacht nós imeachta le bainistiú a dhéanamh ar iarratais ar athruithe ar shonraíochtaí an ERTMS. Chun na críche sin, bunóidh agus coimeádfaidh an Ghníomhaireacht clár d'iarratais ar athruithe, agus d'athruithe a bheartaítear, ar shonraíochtaí an ERTMS. 3. Tacóidh an Ghníomhaireacht le hiarrachtaí an Choimisiúin san aistriú chuig an ERTMS agus sa chomhordú ar shuiteáil an ERTMS ar na conairí tras-Eorpacha iompair. 4. Forbróidh an Ghníomhaireacht straitéis chun na leaganacha éagsúla den ERTMS a bhainistiú d'fhonn comhchuibheas teicniúil agus oibriúcháin a áirithiú idir líonraí agus feithiclí a mbeidh leaganacha éagsúla feistithe iontu. 5. I gcás ina dtiocfaidh neamhréireachtaí teicniúla chun cinn idir líonraí agus feithiclí i gcomhthéacs tionscadal sonrach de chuid an ERTMS, áiritheoidh comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus údaráis náisiúnta sábháilteachta go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann an fhaisnéis uile a fháil is ábhartha maidir leis na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm agus a bhaineann le fíorú CE agus le cur i seirbhís, maille leis na coinníollacha oibriúcháin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, bearta iomchuí a mholadh don Choimisiún. Airteagal 21b Cúnamh don Choimisiún 1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún, agus laistigh de theorainneacha Airteagal 30(2)(b), cúnamh don Choimisiún i gcur chun feidhme reachtaíocht an Chomhphobail a mbeidh sé de chuspóir aici leibhéal idirinoibritheachta na gcóras iarnróid a fheabhsú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt i leith na sábháilteachta sa chóras Eorpach iarnróid. 2. Beidh an cúnamh sin teoranta ó thaobh ama agus ó thaobh raoin de, beidh sé gan dochar do gach cúram eile a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ann:
3. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil, uair amháin sa bhliain ar a laghad, don Bhord maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n-áirítear a thionchar ar acmhainní.’; |
22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24(3): ‘3. Gan dochar d'Airteagal 26(1), is iad a bheidh ar fhoireann na Gníomhaireachta:
I rith na chéad 10 mbliana a fheidhmeoidh an Ghníomhaireacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 5 bliana sa chéad fhleasc ar feadh tréimhse eile suas go 3 bliana ar a mhéid, nuair is gá sin chun leanúnachas a seirbhísí a áirithiú.’; |
23) |
leasaítear mar a leanas Airteagal 25:
|
24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26(1): ‘1. Is iad a bheidh ar an mBord Riaracháin ionadaí amháin thar ceann gach Ballstáit agus ceathrar ionadaithe thar ceann an Choimisiún, chomh maith le seisear ionadaithe nach mbeidh sé de cheart acu vótáil agus a bheidh ina n-ionadaithe ar leibhéal na hEorpa do na grúpaí seo a leanas:
Ceapfaidh an Coimisiún ionadaí agus ionadaí malartach do gach ceann de na grúpaí sin ó ghearrliosta de cheithre ainm a thíolacfaidh a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach d'fhonn ionadaíocht iomchuí na leasanna uile a áirithiú. Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a dtaithí ábhartha agus a saineolais ábhartha.’; |
25) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33(1): ‘1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an mbeartas arna shainmhíniú ag an mBord Riaracháin, d'fhonn na cúraimí a shanntar di le hAirteagail 9, 9a, 10, 13 agus 15 a chur i gcrích. Éascóidh údaráis náisiúnta na mBallstát obair fhoireann na Gníomhaireachta.’; |
26) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(1): ‘1. Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tíortha Eorpacha agus tíortha a thagann laistigh de raon an Bheartais Eorpaigh um Chomharsanacht a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gComhphobal Eorpach faoina bhfuil reachtaíocht Chomhphobail sa réimse a fholaítear leis an Rialachán seo glactha agus á cur i bhfeidhm acu.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/sa …
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C 256, 17.10.2007, lch. 39.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 3 Márta 2008 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) IO L 164, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 220, 21.6.2004, lch. 3.
(4) Féach leathanach … den Iris Oifigiúil seo.
(5) IO L 164, 30.4.2004, lch. 44. Leagan ceartaithe in IO L 220, 21.6.2004, lch. 16.
(6) IO L 315, 3.12.2007, lch. 51.
(7) Cinneadh 2006/679/CE ón gCoimisiún an 28 Márta 2006 maidir le sonraíocht theicniúil d'idirinoibritheacht a bhaineann le fochóras rialuithe-orduithe agus comharthaíochta an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh (IO L 284, 16.10.2006, lch. 1), Cinneadh arna mhodhnú go deireanach le Cinneadh 2007/153/CE (IO L 67, 7.3.2007, lch. 13).
(8) IO L …’;
(9) Sé mhí tar éis teacht i bhfeidhm don Treoir maidir le hIidirinoibritheacht Iarnróid.’;
(10) IO L 315, 3.12.2007, lch. 51.
(11) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.’;
RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE
I. RÉAMHRÁ
An 13 Nollaig 2006, thíolaic an Coimisiún trí thogra reachtaíochta arb é is aidhm dóibh, go príomha, gluaiseacht feithiclí iarnróid ar fud an Aontais Eorpaigh a éascú.
— |
togra le haghaidh Treorach lena leasaítear Treoir 2004/49/CE maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail (1) (dá ngairfear an Treoir Sábháilteachta Iarnróid anseo feasta); |
— |
togra le haghaidh Treorach ar idirinoibritheacht chóras iarnróid an Chomhphobail (1) (dá ngairfear an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid anseo feasta); |
— |
togra le haghaidh Rialacháin lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 881/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (1) (dá ngairfear an Rialachán Gníomhaireachta anseo feasta). |
An 29 Samhain 2007, vótáil Parlaimint maidir lena tuairim ar an gcéad léamh.
An 3 Márta 2008 glacfaidh an Chomhairle a Comhsheasamh. Agus a cuid oibre á cur i gcrích aici, thug an Chomhairle san áireamh tuairim an Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta (2). Chinn Coiste na Réigiún gan tuairim a ghlacadh ar na tograí thuasluaite.
II. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH
1. Ginearálta
D'fhonn cur ar chumas an iarnróid a ról fíorthábhachtach a ghlacadh maidir le gluaiseacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach, tá sé d'aidhm ag an gComhairle limistéar comhtháite Eorpach iarnróid a fhorbairt de réir a chéile. Sa chomhthéacs sin, measann an Chomhairle gur féidir leis na trí thogra reachtaíochta, lena n-athmhúnlófar na Treoracha idirinoibritheachta maidir leis an ngnáthchóras iarnróid agus leis an gcóras iarnróid ardluais, agus lena leasófar an Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus an Rialachán Gníomhaireachta, feabhsúcháin thábhachtacha a chur ar an gcuid theicniúil den chreat rialúcháin maidir le hiarnróid Eorpacha. Laghdaíonn na tograí sin na bacanna reatha maidir le saorghluaiseacht feithiclí iarnróid ar an líonra Eorpach iarnróid, rud a éascaíonn trasghlacadh údaruithe feithiclí iarnróid i measc Ballstát.
D'éirigh leis an gComhairle agus leis an bParlaimint teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh ar an togra maidir le Treoir Idirinoibritheachta Iarnróid ionas go bhféadfaidh an Chomhairle glacadh leis an ngníomh molta arna leasú amhlaidh. Níor fhéad an Chomhairle agus an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh a ailíniú leis na tograí lena leasófar an Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus an Rialachán Gníomhaireachta, áfach. Dá réir sin, ghlac an Chomhairle Comhsheasaimh ar an dá thogra, sa dóigh gur tugadh aird chuí ar roinnt leasuithe a ghlac an Pharlaimint maidir lena Tuairimí ar a céad léamh.
2. Príomh-shaincheisteanna beartais
Tá sé d'aidhm ag an togra lena leasófar an Rialachán Gníomhaireachta, go príomha, an creat reachtach don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid a chur in oiriúint do chúraimí nua ar toradh iad ar na leasuithe ar an Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus ar an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. Agus a Comhsheasamh á tharraingt suas aici ar an togra ón gCoimisiún lena leasófar an Rialachán Gníomhaireachta, ghlac an Chomhairle mar phointe tosaigh an téacs atá mar bhonn leis an gcomhaontú ar an gcéad léamh idir an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid agus an Comhsheasamh ar an togra lena leasófar an Treoir Sábháilteachta Iarnróid. Ina theannta sin, rinne an Chomhairle roinnt athruithe ar an togra ón gCoimisiún d'fhonn úsáid níos fearr a áirithiú maidir le saineolas teicniúil na Gníomhaireachta.
2.1 Aicmiú rialacha náisiúnta
Cé go ndéanann an Chomhairle athstruchtúrú suntasach ar thogra an Choimisiún, coimeádann sí na forálacha tábhachtacha, san iomlán, faoi mar a mhol an Coimisiún. Sa chomhthéacs sin, is gá a lua go gcoimeádann an Chomhairle an phríomhfhoráil maidir leis na rialacha náisiúnta go léir a aicmiú chun údarú a dhéanamh i dtaca le feithiclí iarnróid a chur i seirbhís. Cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht Sábháilteachta Iarnróid doiciméad tagartha a chruthú ina gcuirfear na rialacha teicniúla agus sábháilteachta náisiúnta i gcomparáid agus nuashonrú a dhéanamh ar an doiciméad go tráthrialta. Má dhéantar amhlaidh, is féidir a aithint, diaidh ar ndiaidh, cé acu rialacha ba chóir a mheas iad a bheith coibhéiseach, agus nach féidir a úsáid, dá réir sin, mar bhonn chun a thuilleadh seiceálacha a dhéanamh. Rannchuideoidh sé sin le trasghlacadh níos mó maidir le húdaruithe feithiclí i measc Ballstát.
Aontaíonn an Chomhairle le leasú 3 ón bParlaimint a bhfuil mar aidhm aige laghdú a dhéanamh ar rialacha náisiúnta, atá coibhéiseach, maidir le húdaruithe chun feithiclí a chur i seirbhís i measc Ballstát. Cé go bhfuil sí d'aon tuairim maidir leis an aidhm sin, áfach, measann an Chomhairle gurb éifeachtaí a iarraidh ar an nGníomhaireacht nuashonrú tráthrialta den doiciméad tagartha a thíolacadh ná dáta singil socair amháin a leagan síos (1 Eanáir 2010) ar gá don Ghníomhaireacht réitigh a mholadh roimhe — mar a mholann an Pharlaimint. Ina theannta sin, ní féidir leis an gComhairle glacadh le leasú 2, de bhrí gur fearr léi cúram ginearálta a bhunú don Ghníomhaireacht chun doiciméad tagartha a ullmhú ná a chur de cheangal ar an nGníomhaireacht tosaíocht a thabhairt do na rialacha náisiúnta sin a bhaineann le difríochtaí idir Bhallstáit maidir le himréiteach sábháilteachta do bhonneagar agus do rothra.
2.2 Na príomh-mhodhnuithe ar thogra an Choimisiúin
Agus an togra ón gCoimisiún mar bhonn aici, tugann an Chomhairle isteach roinnt modhnuithe.
(a) |
D'aontaigh an Chomhairle le húsáid níos fearr a bhaint as saineolas na Gníomhaireachta. Ar an gcéad dul síos, féadfar a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí teicniúla a eisiúint i gcás ina ndéanfaidh Gníomhaireacht Náisiúnta Sábháilteachta cinneadh diúltach agus maidir le coibhéis rialacha náisiúnta le haghaidh na bparaiméadar teicniúil a bhunaítear leis an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. Ar an dara dul síos, féadfar a iarraidh ar an nGníomhaireacht freisin tuairim a thabhairt i leith modhnuithe práinneacha ar Shonraíochtaí Teicniúla maidir le hIdirinoibritheacht (STIanna). |
(b) |
Cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht sa Chomhsheasamh tuarascáil a ullmhú, laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid i bhfeidhm, ina leagfar síos,más gá, moltaí i leith córais deimhniúcháin dheonaigh a chur i bhfeidhm maidir le cothabháil feithiclí, mar a leagtar amach sa Treoir Sábháilteachta Iarnróid. Cuireann an Chomhairle in iúl ina Comhsheasamh chomh maith nach mór do na moltaí sin a bheith comhsheasmhach le rólanna agus freagrachtaí gnóthas iarnróid agus le rólanna agus freagrachtaí eintiteas agus an nós imeachta deimhniúcháin sábháilteachta maidir le gnóthais iarnróid á éascú agus an t-ualach riaracháin a sheachaint maidir le dúbailt a dhéanamh ar rialuithe, ar chigearachtaí agus/nó ar iniúchtaí. De bhrí go méadódh sé an t-ualach riaracháin agus go gcuirfeadh sé costais bhreise ar an tionscal, ní féidir leis an gComhairle tacú le príomheilimintí leasú 6 lena n-éilítear córas sainordaitheach deimhniúcháin. |
(c) |
Sa Rialachán Gníomhaireachta, liostálann an Chomhairle cúraimí uile na Gníomhaireachta a shainítear i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a mbíonn innill féinghluaiste á n-oibriú acu ar an gcóras iarnróid sa Chomhphobal, dá ngairfear anseo feasta Treoir na dTiománaithe Traenach (3). Agus na cúraimí sin á liostú aici, déanann an Chomhairle idirdhealú idir cúraimí tiománaithe traenach ar lámh amháin, agus cúraimí a chomhlíonann baill foirne eile atá fíorthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, ar an lámh eile. Maidir leis na tiománaithe traenach, áirítear sa liosta cúraimí amhail dréacht maidir le múnla Comhphobail a ullmhú le haghaidh cheadúnas na dtiománaithe traenach agus idirinoibritheacht na gclár le haghaidh cheadúnais na dtiománaithe traenach áirithiú. Maidir le baill foirne eile a chomhlíonann cúraimí atá fíorthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, ní mór don Ghníomhaireacht tuarascáil a thíolacadh ina n-áireofar a bpróifíl agus a gcuid cúraimí. Ar deireadh, maidir leis an bhfoireann a mbíonn páirt acu in oibriú agus i gcothabháil an chórais iarnróid ach nach mbaineann le ceachtar den dá chatagóir thuasluaite, cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht moltaí a dhéanamh lena molfar critéir chomhchoiteanna chun sainiú a dhéanamh ar inniúlachtaí gairmiúla agus chun measúnú a dhéanamh ar an bhfoireann. |
(d) |
Déanann an Chomhairle oiriúnú ar an bhforáil maidir le cláir sa Rialachán Gníomhaireachta i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh ar an Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus ar an Treoir athmhúnlaithe maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. Léiríonn an fhoráil maidir le cláir sa Chomhsheasamh gur gá don Ghníomhaireacht sonraíochtaí comhchoiteanna a tharraingt suas don chlár nuadhéanta maidir le cineálacha feithiclí údaraithe mar aon leis an gclár bonneagair, agus gur gá di an clár le haghaidh cineálacha feithiclí a chur ar bun agus a choimeád. Déanann an Pharlaimint an togra céanna maidir le clár Eorpach maidir le cineálacha feithiclí a chur ar bun agus a choimeád i leasú 7, rud a dtacaíonn an Chomhairle leis, gan amhras. Ina theannta sin, déanfaidh an Chomhairle na rialacha maidir le hinrochtaineacht doiciméad agus le hinrochtaineacht clár a ullmhú in Airteagal ar leith. |
(e) |
Agus í ag cur le togra an Choimisiúin, sonraíonn an Chomhairle na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ón nGníomhaireacht i dtaca le creat reachtach an Chomhphobail maidir le hidirinoibritheacht iarnróid agus le sábháilteacht a chur chun feidhme. |
(f) |
Gabhann an Chomhairle chuici féin leasú 9 ó Pharlaimint na hEorpa a fhorálann d'fhéidearthachtaí breise chun síneadh a chur le conarthaí oibre le haghaidh foirne d'fhonn leanúnachas a cuid oibríochtaí a áirithiú. Teorannaíonn an Chomhairle an córas níos solúbtha seo don chéad deich mbliana den oibríocht de bhrí gurb é sin an tréimhse ina mbeidh dianghá le foireann cháilithe a choimeád. |
(g) |
Athruithe eile a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún:
|
III. LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
Leagtar amach freagra na Comhairle ar leasuithe 2, 3, 6, 7 agus 9 maidir leis na príomh-shaincheisteanna thuas. Ina theannta sin, ní féidir leis an gComhairle glacadh leis na leasuithe seo a leanas:
— |
Leasú 1 maidir le meithleacha oibre na Gníomhaireachta de bhrí go bhfuil sé taobh amuigh de raon feidhme thogra an Choimisiúin. |
— |
Leasú 4 lena dtabharfar an cúram don Ghníomhaireacht ó 2015 ar aghaidh údaruithe a thabhairt maidir le cur i seirbhís feithiclí atá ag luí leis na STIanna. Is féidir a mheas go bhfuil an tsaincheist sin réitithe, de bhrí go raibh an leasú céanna mar thoradh ar chomhréiteach i gcomhthéacs na Treorach maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, áit ar ullmhaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint nós imeachta d'Údaráis Náisiúnta Sábháilteachta agus údarú á dhéanamh acu ar fheithiclí a chur i seirbhís, rud a thugann prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh isteach d'údaruithe den sórt sin. Lena chois sin, d'aontaigh an dá institiúid go n-iarrfadh siad ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas ar éifeachtacht an nós imeachta nua sin agus ar an gcur chuige comhoibríoch a d'fhéadfadh a bheith ann idir an Ghníomhaireacht agus na hÚdaráis Sábháilteachta Náisiúnta amach anseo. |
— |
Go páirteach amháin a ionchorpraíodh leasuithe 5 agus 8 ar Thuairimí Teicniúla ón nGníomhaireacht i gComhsheasamh na Comhairle. I gcomhréír leis an gcomhréiteach ar an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid, diúltaíonn an Chomhairle don fhéidearthacht go n-iarrfadh iarratasóirí aonair Tuairim Theicniúil go díreach ar an nGníomhaireacht mar a mholann an Pharlaimint i leasú 5. Maidir leis an bhféidearthacht go dtabharfadh an Ghníomhaireacht Tuairimí Teicniúla ar an CEBTI mar a mholtar i leasuithe 5 agus 8 araon, aontaíonn an Chomhairle maidir le foráil a chuirfidh ceangal ar an nGníomhaireacht nós imeachta a chur ar bun chun bainistiú a dhéanamh ar iarratais maidir le hathruithe ar shonraíochtaí an CEBTI. |
IV. CONCLÚID
Rannchuidíonn na trí thogra reachtaíochta maidir le hidirinoibritheacht, le sábháilteacht agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid, arb aidhm dóibh gluaiseacht feithiclí iarnróid ar fud an Aontais Eorpaigh a éascú, go mór le comhtháthú breise sa limistéar Eorpach Iarnróid. Rinne an Chomhairle agus an Pharlaimint dul chun suntasach cheana féin ar na trí thogra sin, go háirithe trí theacht ar aontú maidir leis an gcéad léamh ar an Treoir maidir le hIdirinoibritheacht Iarnróid. Leagann sé sin bonn láidir síos don dá reachtóir chomhpháirteacha teacht ar chomhréitigh maidir leis na tograí lena leasófar an Rialachán Gníomhaireachta agus an Treoir Sábháilteachta Iarnróid agus an plé ar an dara léamh ar siúl acu.
(1) IO C 126, 7.6.2007, lch. 7.
15.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/13 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle maidir le Comhsheasamh (CE) Uimh. 1/2008 arna ghlacadh ag an gComhairle an 20 Nollaig 2007 le go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le honnmhairithe mearcair mhiotalaigh a thoirmeasc agus maidir le mearcair miotalach a stóráil go sábháilte
(‘Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’ C 52 E an 26 Feabhra 2008, lch. 1)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
(2008/C 93 E/02)
I. RÉAMHRÁ
Chuir an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le honnmhairithe mearcair mhiotalaigh a thoirmeasc agus maidir le mearcair mhiotalach a stóráil go sábháilte faoi bhráid na Comhairle an 26 Deireadh Fómhair 2006. Bunaítear an togra ar Airteagail 133 agus 175(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 20 Meitheamh 2007.
Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a Thuairim an 25 Aibreán 2007.
An 27 Samhain 2007, chinn Coiste na Réigiún nach dtabharfadh sé tuairim uaidh maidir leis an togra seo.
An 20 Nollaig 2007, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
II. CUSPÓIRÍ
Is é is aidhm don Rialachán atá á bheartú cuidiú le leibhéal an mhearcair a laghdú sa timpeallacht trí sholáthar domhanda an mhearcair mhiotalaigh a ísliú agus trí chreat dlíthiúil a chur ar fáil le go bhfaighfí réiteach inbhuanaithe ar fhadhb a bharrachas. Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí:
— |
onnmhairithe mearcair mhiotalaigh ón gComhphobal a thoirmeasc; |
— |
a áirithiú nach dtiocfaidh barrachas mearcair mhiotalaigh ó na príomhfhoinsí isteach sa mhargadh arís agus go ndéanfar é a dhiúscairt go sábháilte; |
— |
a fhoráil go sainiúil go bhféadfar mearcair miotalach a dhiúscairt i saoráidí tiomnaithe. |
III. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH
Ginearálta
Ionchorpraítear, leis an gcomhsheasamh, roinnt de leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, bíodh sé sin focal ar fhocal, go páirteach nó sa spiorad. Foráiltear ann, go háirithe, go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach ar na riachtanais a bheadh ann dá ndéanfaí raon feidhme an Rialacháin a leathnú amach anseo agus tugtar isteach ceanglais bhreise i ndáil le sábháilteacht agus mearcair miotalach á dhiúscairt. Sonraítear ann freisin bunús dlíthiúil an togra (Airteagal 175(1), agus Airteagal 133 i ndáil le hAirteagal 1 den Rialachán nach leanann leasuithe 2 agus 19), agus tá roinnt athruithe eile ann lena soiléirítear an téacs agus cur i bhfeidhm reachtaíocht ábhartha an CE. Déantar cur síos sna míreanna seo a leanas ar na hathruithe substaintiúla.
Onnmhairithe mearcair a thoirmeasc — raon feidhme agus athbhreithniú ar an raon feidhme (Airteagail 1 agus 7)
Tá raon feidhme an Rialacháin agus dáta an toirmisc ar onnmhairithe in Airteagal 1 ar aon dul le togra bunaidh an Choimisiúin. Tá an comhsheasamh ar aon dul, go pointe, le leasuithe 20, 50, 22, 33, 36, 1, 8, 9 agus 14 sa mhéid go bhforáiltear in Airteagal 7(1) agus (2) go ndéanfar athbhreithniú le féachaint ar an síneadh a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an raon feidhme le go gcumhdófaí comhdhúile mearcair, earraí ina bhfuil mearcair, toirmeasc ar allmhairithe mearcair, ar chomhdhúile mearcair agus ar earraí ina bhfuil mearcair. Measadh nach raibh gá le leasuithe 3, 4, 5 agus 7 agus níor cuireadh sa chomhsheasamh seo iad.
Oibleagáid maidir le diúscairt (Airteagal 2)
Leagtar síos le hAirteagal 2 go ndiúscrófar mearcair miotalach ó na trí phríomhfhoinsí sa Chomhphobal i gcomhréir le Treoir 2006/12/CE maidir le dramhaíl.
Níor glacadh le leasuithe 24, 31 agus 6 mar ní léir don Chomhairle aon bhunús a bheith ann chun an tosaíocht a mholtar a thabhairt d'aon rogha ar leith maidir le mearcair miotalach a stóráil.
Coinníollacha maidir le mearcair mhiotalach a dhiúscairt (Airteagail 3 agus 4)
Le hAirteagal 3 den chomhsheasamh, méadaítear na roghanna stórála atá ann do mhearcair miotalach, agus é á mheas mar dhramhaíl, i gcás foirmíochtaí carraige crua, domhain faoi thalamh. Áirítear réitigh shealadacha agus bhuana leis na roghanna seo. Le hAirteagail 3 agus 4, tugtar isteach ceanglais bhreise i leith sábháilteachta agus mearcair miotalach á stóráil agus sonraítear, chun na críche sin, go mbeidh feidhm ag reachtaíocht ábhartha CE atá ann cheana.
Tá an Chomhairle ar aon intinn leis an gCoimisiún go mb'fhéidir gurbh í an stóráil bhuan an rogha shábháilte chríochnaitheach i leith diúscairt mearcair mhiotalaigh i gcúinsí áirithe agus ní ghlactar, dá réir, le leasuithe 23, 25, 26, 11, 12 nó 15. Déanfar gníomhaíochtaí taighde maidir le roghanna sábháilte diúscartha do mhearcair miotalach a athbhreithniú tuilleadh, áfach, i gcomhréir le hAirteagal 7(2).
Níor ghlac an Chomhairle le leasú 41 ós rud é go mbainfí de neart na gceanglas i leith sábhailteachta agus mearcair miotalach á stóráil. Stóráil dramhaíola chun a diúscartha ar feadh tréimhse nach faide ná bliain, ní mheastar gur líonadh talún le dramhaíl í de bhun Airteagal 2(g) de Threoir 1999/31/CE maidir le líonadh talún le dramhaíl. Dá réir sin, níl aon toirmeasc ar mhearcair miotalach a stóráil go sealadach i bhfoirm lachtach mar dhramhaíl ar feadh tréimhse nach faide ná bliain, lena n-áirítear é a stóráil i saoráidí táirgthe clóirín, atá faoi réir fhorálacha Threoir 96/61/CE (IPPC). Rialaíonn an Treoir ‘IPPC’ an ceadúnas comhshaoil do shaoráid ach ní leor í chun ceanglais i leith sábháilteachta a áirithiú do stóráil mearcair mhiotalaigh.
Tá Airteagal 4(3) ag teacht go pointe le leasú 28 ós rud é nach gceadaítear aon ghníomhaíocht chríochnaitheach leis i leith diúscairt ach amháin tar éis ghlacadh na gceanglas i leith saoráidí a liostaítear in Airteagal 3(a) agus (b) agus ghlacadh na gcrítéar i leith inghlacthachta i gcás mearcair mhiotalaigh in Iarscríbhinní I, II agus III den Treoir maidir le Líonadh Talún.
Tuairisciú agus pionóis (Airteagail 5 agus 6)
Níor glacadh le leasuithe 47, 30, 32, 35, 37, 38, 39, 10, 13, 16 nó 18 i ndáil le ciste speisialta do stóráil mearcair, leathnú agus daingniú na n-oibleagáidí maidir le tuairisciú do Bhallstáit, do chuideachtaí agus don Choimisiún, agus múscailt feasachta sna Ballstáit, ós rud é go measann an Chomhairle gur díréireach iad na ceanglais a bhí á moladh agus go gcuirfeadh siad méadú gan gá ar an maorlathas.
Glacadh go hiomlán le leasuithe 34 agus 17 maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sárú fhorálacha an Rialacháin seo.
IV. CONCLÚIDÍ
Creideann an Chomhairle gur pacáiste cothrom é an comhsheasamh a thiocfadh go maith le cuspóirí an Rialacháin. Tá an Chomhairle ag súil le plé cuiditheach le Parlaimint na hEorpa chun go nglacfaí an Rialachán seo go luath.
15.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/15 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle maidir le Comhsheasamh (CE) Uimh. 2/2008 a ghlac an Chomhairle an 21 Eanáir 2008 chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
(‘Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’ C 52 E an 26 Feabhra 2008, lch. 6)
(2008/C 93 E/03)
I. RÉAMHRÁ
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le téacs an dréacht-Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ag a cruinniú an 22 agus 23 Samhain 2007 (1).
I ndiaidh an chomhaontaithe pholaitiúil seo, ghlac an Chomhairle a comhsheasamh d'aontoil an 21 Eanáir 2008.
II. ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH
Cuimsíonn comhsheasamh na Comhairle cuid mhór de sheasamh Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Meán Fómhair 2006. Rinneadh formhór na leasuithe arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa a ionchorprú sa chomhsheasamh. Sásaíonn sé seo mianta Pharlaimint na hEorpa faoi mar a chuir sí in iúl iad agus faoi mar a ghlac an Chomhairle leo i dteagmhálacha neamhfhoirmeálta a bhí ann tar éis do sheasamh Pharlaimint na hEorpa a bheith glactha ar an gcéad léamh.
Go deimhin, is é an leasú a bhaineann le réimsí gníomhaíochtaí na gcéad Phobail Eolais agus Nuálaíochta (aithris 24) an t-aon leasú nár ghlac an Chomhairle leis. Ar a shon sin, roghnaigh an Chomhairle an comhréiteach ab oiriúnaí i ndiaidh caibidlíochta neamhfhoirmiúla le Parlaimint na hEorpa, i.e. an tagairt d'fhuinneamh inathnuaite a choinneáil seachas tagairt a dhéanamh d'fhuinneamh amháin.
Chomhaontaigh Coiste ITRE Pharlaimint na hEorpa freisin téacs an chomhaontaithe pholaitiúil ina dhiaidh sin, mar a bhí formheasta ag an gComhairle, chun go bhformheasfadh Parlaimint na hEorpa an Comhsheasamh uaidh sin.
III. CONCLÚID
Measann an Chomhairle gur téacs cothrom téacs an chomhsheasaimh agus gurb é an comhréiteach indéanta is fearr é.
(1) Doic. 14699/07 EIT 19 EDUC 196 RECH 329 COMPET 352 CODEC 1291.
Ceartúchán
15.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/16 |
Miontuairisc Cheartaitheach maidir le Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 306 an 17 Nollaig 2007 )
(2008/C 93 E/04)
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 10 Márta 2008 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.
1. |
Leathanach 11, in Airteagal 1, i bpointe 3) |
In ionad:
‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. (…)’
Léitear:
‘Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. (…)’.
2. |
Leathanach 13, in Airteagal 1, i bpointe 7) |
In ionad:
‘Aisghairtear Airteagal 5.’
Léitear:
‘Aisghairtear Airteagail 4 agus 5.’
3. |
Leathanach 32, in Airteagal 1, i bpointe 45) |
In ionad:
‘Airteagal 26 agus 27’
Léitear:
‘Airteagail 26 agus 27’
4. |
Leathanach 43, in Airteagal 2, i bpointe 4) |
In ionad:
‘tar éis’
Léitear:
‘i ndiaidh’
5. |
Leathanach 49, in Airteagal 2, i bpointe 21) |
In ionad:
‘tar éis’
Léitear:
‘i ndiaidh’
6. |
Leathanach 99, in Airteagal 2, roimh phointe 175) |
In ionad:
‘CAIDRIMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS’
Léitear:
‘CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS’
7. |
Leathanach 99, in Airteagal 2, i bpointe 175), faoin gceannteideal ‘CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS’ |
In ionad:
‘AIRTEAGAIL 188p’
Léitear:
‘ AIRTEAGAL 188p’