ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

50
28 Samhain 2007


Clár

Leathanach

 

V   Fógraí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2007/C /01

Fógra comórtais oscailte EPSO/AD/115/07 chun painéal a chruthú óna n-earcófar dlítheangeolaithe (AD7) a bhfuil gaeilge (GA) acu

1

NOTICE TO READERS

BG

Настоящият брой на Официален вестник е публикуван единствено на английски и ирландски език.

CS

Tento Úřední věstník vychází pouze v anglickém a irském jazyce.

DA

Dette nummer af Den Europæiske Unions Tidende offentliggøres udelukkende på engelsk og irsk.

DE

Das vorliegende Amtsblatt wird nur in englischer und irischer Sprache veröffentlicht.

EL

Η παρούσα Επίσημη Εφημερίδα δημοσιεύτηκε αποκλειστικά στην αγγλική και στην ιρλανδική γλώσσα.

EN

This Official Journal is only published in English and Irish.

ES

El presente Diario Oficial se publica únicamente en lenguas inglesa e irlandesa.

ET

Käesolev Euroopa Liidu Teataja avaldatakse ainult inglise ja iiri keeles.

FI

Tämä virallisen lehden numero julkaistaan ainoastaan englannin ja iirin kielellä.

FR

Le présent Journal officiel est uniquement publié en langues anglaise et irlandaise.

GA

Tá an Iris Oifigiúl seo á foilsiú i mBéarla agus i nGaeilge amháin.

HU

A Hivatalos Lapnak ez a száma kizárólag angol és ír nyelven jelenik meg.

IT

La presente Gazzetta ufficiale è pubblicata solo in lingua inglese e irlandese.

LT

Šis Oficialusis leidinys paskelbtas tik anglų ir airių kalba.

LV

Šis Oficiālais Vēstnesis ir publicēts tikai angļu un īru valodā.

MT

Dan il-Ġurnal Uffiċjali huwa ppubblikat bl-Ingliż u bl-Irlandiż biss.

NL

Dit Publicatieblad verschijnt enkel in de Engelse en Ierse taal.

PL

Niniejszy Dziennik Urzędowy jest publikowany jedynie w językach angielskim i irlandzkim.

PT

O presente Jornal Oficial é publicado unicamente nas línguas inglesa e irlandesa.

RO

Prezentul Jurnal Oficial este publicat numai în limbile engleză și irlandeză.

SK

Tento úradný vestník sa uverejňuje len v angličtine a írčine.

SL

Ta Uradni list je objavljen samo v angleškem in irskem jeziku.

SV

Detta nummer av EUT utkommer endast på engelska och irländska.

BG

Службата за подбор на персонал на Европейските общности (EPSO) организира следния открит конкурс:

EPSO/AD/115/07 – Юрист-лингвисти (AD7) с ирландски език.

Цялата необходима информация е поместена на интернет сайта на EPSO http://europa.eu/epso.

CS

Evropský úřad pro výběr personálu (EPSO) pořádá následující výběrové řízení:

EPSO/AD/115/07 – právníci-lingvisté (AD7) pro irský jazyk.

Veškeré informace jsou k dispozici na internetové stránce úřadu EPSO http://europa.eu/epso.

DA

De Europæiske Fællesskabers Personaleudvælgelseskontor (EPSO) afholder følgende almindelige udvælgelsesprøve:

EPSO/AD/115/07 — Irsksprogede juristlingvister (AD7)

På EPSO's netsted http://europa.eu/epso findes alle oplysninger om udvælgelsesprøven.

DE

Das Amt für Personalauswahl der Europäischen Gemeinschaften (EPSO) führt folgendes allgemeine Auswahlverfahren durch:

EPSO/AD/115/07 – Rechts- und Sprachsachverständige (AD7) irischer Sprache

Weitere Informationen finden sich auf der EPSO-Website: http://europa.eu/epso.

EL

Η Ευρωπαϊκή Υπηρεσία Επιλογής Προσωπικού (EPSO) διοργανώνει τον ακόλουθο γενικό διαγωνισμό:

EPSO/AD/115/07 — Γλωσσομαθείς νομικοί (AD7) ιρλανδικής γλώσσας.

Περισσότερες πληροφορίες δημοσιεύονται στο δικτυακό τόπο της EPSO http://europa.eu/epso.

EN

The European Personnel Selection Office (EPSO) is organising the following open competition:

EPSO/AD/115/07 — Irish language lawyer linguists (AD7).

Full details are available on the EPSO website at http://europa.eu/epso.

ES

La Oficina Europea de Selección de Personal (EPSO) organiza la siguiente oposición general:

EPSO/AD/115/07 - Juristas lingüistas (AD7) de lengua irlandesa.

Toda la información pertinente se encuentra en el sitio internet de EPSO http://europa.eu/epso.

ET

Euroopa Personalivaliku Talitus (EPSO) korraldab järgmise avaliku konkursi:

EPSO/AD/115/07 – Iiri keele juristid-lingvistid (AD7).

Täiendava teabe leiab EPSO veebilehelt http://europa.eu/epso.

FI

Euroopan yhteisöjen henkilöstövalintatoimisto (EPSO) järjestää seuraavan avoimen kilpailun:

EPSO/AD/115/07 — irlanninkieliset lingvistijuristit (AD7)

Tarkemmat tiedot EPSOn verkkosivuilla http://europa.eu/epso.

FR

L'Office européen de sélection du personnel (EPSO) organise le concours général suivant:

EPSO/AD/115/07 – Juristes linguistes (AD7) de langue irlandaise.

Toutes les informations utiles se trouvent sur le site internet de l'EPSO http://europa.eu/epso.

GA

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú an chomórtais oscailte seo a leanas:

Dlitheangeolaithe* (Ad7) a bhfuil Gaeilge acu.

Tá na sonraí iomlána ar fáil ar shuiomh gréasáin EPSO http://europa.eu/epso.

HU

Az Európai Személyzeti Felvételi Hivatal (EPSO) a következő nyílt versenyvizsgát szervezi:

EPSO/AD/115/07 – Jogász-nyelvész (AD7) ír nyelvvel.

Az EPSO http://europa.eu/epso honlapon minden hasznos információ megtalálható.

IT

L'Ufficio europeo di selezione del personale (EPSO) organizza il seguente concorso generale:

EPSO/AD/115/07 — Giuristi linguisti (AD7) di lingua irlandese.

Tutte le informazioni utili si trovano sul sito web di EPSO http://europa.eu/epso.

LT

Europos personalo atrankos tarnyba (EPSO) rengia viešą EPSO/AD/115/07 konkursą

AD7 kategorijos airių kalbos teisininkų-lingvistų pareigoms

Visą naudingą informaciją galima rasti EPSO interneto svetainėje http://europa.eu/epso.

LV

Eiropas Personāla atlases birojs (EPSO) organizē šādu atklāto konkursu:

EPSO/AD/115/07 – Juristi lingvisti (AD7), kuru galvenā valoda ir īru valoda.

Plašāka informācija pieejama EPSO tīmekļa vietnē http://europa.eu/epso.

MT

L-Uffiċċju Ewropew għall-Għażla tal-Personal (EPSO) qed jorganizza dan il-konkors ġenerali:

EPSO/AD/115/07 – Avukati Lingwisti (AD7) bil-lingwa Irlandiża.

L-informazzjoni utli kollha tinsab fuq is-sit internet ta' l-EPSO http://europa.eu/epso.

NL

Het Europees Bureau voor personeelsselectie (EPSO) organiseert het volgende algemeen vergelijkend onderzoek:

EPSO/AD/115/07 — Juristen vertalers (AD7) met Iers als hoofdtaal.

Alle informatie bevindt zich op de website van EPSO: http://europa.eu/epso.

PL

Urząd Doboru Kadr Wspólnot Europejskich (EPSO) ogłasza następujący konkurs otwarty:

EPSO/AD/115/07 – Prawnicy lingwiści (AD7) posiadający jako język główny język irlandzki.

Szczegółowe informacje znajdują się na stronie internetowej EPSO: http://europa.eu/epso.

PT

O Serviço Europeu de Selecção de Pessoal (EPSO) organiza o seguinte concurso geral:

EPSO/AD/115/07 — Juristas-linguistas (AD7) de língua irlandesa.

Podem ser consultadas todas as informações no sítio Internet do l'EPSO http://europa.eu/epso.

RO

Oficiul European pentru Selecția Personalului (EPSO) organizează următorul concurs general:

EPSO/AD/115/07 – Juriști-lingviști (AD7) de limbă irlandeză.

Toate informațiile utile pot fi consultate pe site-ul internet al EPSO - http://europa.eu/epso.

SK

Európsky úrad pre výber pracovníkov (EPSO) organizuje toto verejné výberové konanie:

EPSO/AD/115/07 – Právnici lingvisti (AD7) pre írsky jazyk.

Všetky informácie sú k dispozícii na internetovej stránke úradu EPSO http://europa.eu/epso.

SL

Evropski urad za izbor osebja (EPSO) organizira javni natečaj:

EPSO/AD/115/07 – Irsko govoreči pravniki lingvisti (AD7).

Vse koristne informacije so na voljo na spletišču urada EPSO http://europa.eu/epso.

SV

Europeiska rekryteringsbyrån (EPSO) anordnar följande allmänna uttagningsprov:

EPSO/AD/115/07 – iriskspråkiga juristlingvister (AD7)

Ytterligare upplysningar finns på EPSO:s hemsida http://europa.eu/epso.

 


 

(1)   Faoin tagairt C 286 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo I dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógraí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

28.11.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/115/07

(2007/C 286  A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú an chomórtais oscailte seo a leanas ar bhonn trialacha chun painéal a chruthú óna n-earcófar

DLÍTHEANGEOLAITHE  (1) (AD7) a bhfuil GAEILGE acu

INNEACHAR AN DOICIMÉID

A.

DUALGAIS AGUS INCHÁILITHEACHT (AN PHRÓIFÍL ATÁ Á LORG)

B.

CÉIMEANNA COMHLEANÚNACHA AN CHOMÓRTAIS

C.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

D.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

IARSCRÍBHINN:

Iarrataí ar athbhreithniú – Nósanna imeachta achomhairc – Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

A.   DUALGAIS AGUS INCHÁILITHEACHT (AN PHRÓIFÍL ATÁ Á LORG)

Tá comórtas oscailte EPSO/AD/115/07 á eagrú chun dlítheangeolaithe a bhfuil Gaeilge mar phríomhtheanga (teanga 1) acu a earcú.

Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a chruthú chun folúntais i bpoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo: 15

Chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag an dá thaobh ar na téacsanna ginearálta a bhaineann leis an gcomórtas agus ar gach cumarsáid idir na hiarrthóirí agus EPSO, is é an Béarla amháin a úsáidfear le haghaidh na gcuirí chun na dtrialacha éagsúla agus le haghaidh comhfhreagrais idir EPSO agus na hiarrthóirí.

I.   DUALGAIS

Is iad na dualgais a bheidh ar an dlítheangeolaí sa Choimisiún, sa Chomhairle agus sa Pharlaimint:

déanamh de réir na nósanna imeachta reachtacha;

na leaganacha Gaeilge de théacsanna reachtacha (a aistríodh) a sheiceáil ar mhaithe le comhchuibheas leis na leaganacha sna teangacha eile;

a chinntiú gur dréachtaíodh na téacsanna sin go cuí agus go gcomhlíonann siad na rialacha a bhaineann le foirm agus leagan amach an téacs;

gearrthéacsanna dlí a aistriú ó am go chéile, go háirithe ón mBéarla.

Is iad na dualgais a bheidh ar an dlítheangeolaí sa Chúirt Bhreithiúnais doiciméid dhlíthiúla (breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Chéadchéime, tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, pléadálacha i scríbhinn ó na páirtithe, etc.) a aistriú go Gaeilge, leasuithe a dhéanamh ar dhoiciméid den saghas sin, agus doiciméid dhlíthiúla i nGaeilge (mar shampla, pléadálacha agus tagairtí ó Chúirteanna na hÉireann) a aistriú go Béarla ó am go chéile. Féadfar a iarraidh ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo anailís dhlíthiúil a thabhairt i gcomhar le Clárlanna agus le ranna eile na Cúirte Breithiúnais. Tá suim ar leith ag an gCúirt Bhreithiúnais in iarrthóirí atá ábalta aistriúchán a dhéanamh ón bhFraincis.

Ceann de phríomhchúraimí na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo is ea cuidiú le cumas na Cúirte a fhorbairt chun aistriúcháin a dhéanamh go Gaeilge agus ón nGaeilge (teagmháil a fhorbairt agus a choimeád leis na húdarais chuí in Éirinn, teagmháil a fhorbairt le saoraistritheoirí in Éirinn, cuairteanna a thabhairt ar ollscoileanna agus ar scoileanna dlí ar mhaithe le mic léinn i ndámh an dlí a chur ar an eolas faoi ghairm an dlítheangeolaí etc.).

Earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh dlíodóirí ardcháilithe a bhfuil ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint d'athruithe ar feadh a ngairmréime. Ní mór do na hiarrthóirí bheith in acmhainn téacsanna casta dlíthiúla/reachtacha a aistriú go teanga an chomórtais ó dhá theanga eile ar a laghad agus téacsanna den saghas sin a athcheartú. Bainfear úsáid as na gnáthuirlisí ríomhaireachta agus uirlisí teicneolaíocht oifige eile mar chuid den obair.

Seo a leanas na cumais a gcuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh béim faoi leith orthu: cumas na n-iarrthóirí fadhbanna de gach uile chineál, a bheidh casta go minic, a thuiscint, freagairt thapa a thabhairt ar athruithe in imthosca agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór duit a thaispeáint go bhfuil tú tionscantach, samhlaíoch agus fíorinspreagtha. Ba chóir duit bheith in ann oibriú go minic faoi bhrú, i d'aonar nó mar bhall d'fhoireann, agus teacht le timpeallacht oibre ilchultúrtha. Beidh coinne freisin go ndéanfaidh tú do chuid scileanna gairmiúla a shaothrú ar feadh do ghairmréime.

II.   INCHÁILITHEACHT (AN PHRÓIFÍL ATÁ Á LORG) (2)

Féadfaidh na hiarrthóirí sin a shásaíonn na riachtanais seo a leanas ar an dáta deiridh chun clárú ar líne agus chun iarratas ar pháipéar a chur isteach (9.01.2008) páirt a ghlacadh sa chomórtas:

1.   Cáilíochtaí

Ní mór d'iarrthóirí cúrsa oiriúnach sa dlí a bheith críochnaithe acu, .i. céim sa dlí a fhianaíonn staidéar ollscoile de thrí bliana ar a laghad, nó a choibhéis, nó cáilíocht iarchéime sa dlí, nó a bheith cáilithe mar abhcóide nó aturnae in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe.

2.   Eolas ar theangacha

Ní mór duit na trí choinníoll seo a leanas a chomhall:

(a)

sáreolas ar an nGaeilge a bheith agat (teanga 1);

(b)

eolas den scoth ar an mBéarla a bheith agat (teanga 2);

(c)

eolas an-mhaith ar cheann de na teangacha seo a leanas (teanga 3): an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis nó an Spáinnis.

(d)

Trialacha roghnacha:

Ní mór duit ceann de na teangacha seo a leanas (teanga 4) a roghnú do thriail roghnach (1): an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualannais nó an Ungáiris; ní mór duit teanga eile a roghnú nár roghnaigh tú mar theanga 3.

Ní mór fianaise ar d'eolas ar theangacha a chur isteach leis an iarratas mar dhoiciméid tacaíochta. Mura bhfuil na doiciméid tacaíochta sin agat, ba chóir duit míniú mionchruinn a thabhairt, ar bhileog eile, ar an tslí a bhfuair tú an t-eolas ar na teangacha sin.

Ní foláir duit na teangacha sin a roghnaigh tú do gach aon cheann de na trialacha éagsúla a thabhairt le fios ar an bhfoirm chlárúcháin  (3) ar líne agus ar an iarratas ar pháipéar araon (is cóir duit an fhoirm sin a phriontáil amach ón suíomh gréasáin faoin spriocdháta don chlárú leictreonach – 12.00 meán lae). Ní féidir leat do rogha teangacha a athrú tar éis an dáta dheiridh. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór duit aon athrú roimh an dáta deiridh a dhéanamh ar líne agus ar an bhfoirm iarratais ar pháipéar araon (féach C). Má tá aon éagsúlacht ann idir an fhaisnéis a tugadh ar an bhfoirm chlárúcháin ar líne agus ar an bhfoirm iarratais ar pháipéar, glacfaidh EPSO leis an iarratas ar pháipéar mar an leagan críochnaitheach.

3.   Coinníollacha ginearálta

ní mór duit a bheith i do shaoránach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

ní mór duit bheith i dteideal do láncheart mar shaoránach;

ní mór duit aon oibleagáidí a cheanglaíonn an dlí ort i dtaca le seirbhís mhíleata a chomhall;

ní mór duit na riachtanais charachtair a theastaíonn maidir leis na dualgais i gceist a chomhall.

B.   CÉIMEANNA COMHLEANÚNACHA AN CHOMÓRTAIS

1.   Cáilitheacht don chomórtas

(a)

Tarraingeoidh an t-údarás ceapacháin suas liosta de na hiarrthóirí sin a shásaíonn na riachtanais atá sonraithe ag A.II.3 thuas agus cuirfear an liosta sin, mar aon leis na comhaid iarratas, faoi bhráid chathaoirleach an bhoird roghnúcháin.

(b)

Agus scrúdú déanta ag an mbord roghnúcháin ar na comhaid, tarraingeoidh an bord suas liosta de na hiarrthóirí sin a shásaíonn na riachtanais mar a leagtar síos iad ag A.II.1 agus 2 agus a bheidh dá bhrí sin incháilithe don chomórtas.

2.   Roghnú bunaithe ar cháilíochtaí

Nuair a bheidh na critéir a úsáidfidh an bord roghnúcháin sonraithe ag an mbord, déanfaidh sé scrúdú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí go léir a incháilíodh don chomórtas agus cinnteoidh sé na hiarrthóirí sin a nglacfar leo chun na trialacha a dhéanamh.

Déanann an bord an roghnú seo bunaithe ar na doiciméid tacaíochta a chuir na hiarrthóirí isteach faoin spriocdháta d'iarratais agus ar an bhfaisnéis a thug siad ina gcurriculum vitae (féach mír C 2).

Ba chóir duit cóip de na doiciméid tacaíochta uile a theastaíonn ón mbord a áireamh i do chomhad chun go mbeidh sé ábalta d'iarratas a mheas.

3.   Trialacha scríofa éigeantacha – marcáil

(a)

Téacs dlíthiúil sa Bhéarla (teanga 2) a aistriú go Gaeilge (teanga 1) gan foclóir a úsáid.

Déanfar an triail seo a mharcáil as 40 (pas: 20).

Am ceadaithe don triail: dhá uair go leith

(b)

Téacs dlíthiúil sa teanga a roghnaigh tú as na teangacha sin atá liostaithe ag A.II.2(c) (teanga 3) a aistriú go Gaeilge (teanga 1) gan foclóir a úsáid.

Déanfar an triail seo a mharcáil as 40 (pas: 20).

Am ceadaithe don triail: dhá uair go leith.

Ní dhéanfar triail (b) a mharcáil ach amháin má fhaigheann tú pasmharc i dtriail (a).

(c)

Téacs dlíthiúil atá aistrithe go Gaeilge (teanga 1) ón mBéarla (teanga 2) a athcheartú.

Déanfar an triail seo a mharcáil as 30.

Am ceadaithe don triail: uair go leith.

Ní dhéanfar triail (c) a mharcáil ach amháin má fhaigheann tú pasmharc i dtrialacha (a) agus (b).

4.   Béaltriail éigeantach – marcáil

Má fhaigheann tú an pasmharc (nuair is cuí) sna trialacha scríofa éigeantacha, féadfaidh tú an béaltriail a dhéanamh.

Beidh agallamh leis an mbord roghnúcháin i mBéarla agus/nó i nGaeilge ionas go mbeidh sé in ann na nithe seo a mheas:

d'eolas ginearálta agus dlíthiúil; féadfaidh an bord, ag an bpointe seo, an t-eolas atá agat ar theangacha eile nár úsáid tú sna trialacha scríofa a chur san áireamh;

d'inspreagthacht agus do chumas teacht i dtaithí ar obair an státseirbhísigh Eorpaigh i dtimpeallacht ilchultúrtha.

Déanfar an triail seo a mharcáil as 30 (pas: 15)

5.   Triail/Trialacha roghnach(a)

Is é is aidhm do na trialacha roghnacha tú a chur ar do chumas an réimse iomlán eolais atá agat ar theangacha a thaispeáint. Ní bheidh aon éifeacht ag na marcanna a fhaigheann tú ar chomhdhéanamh ná ar rangú an phainéil. Is é is aidhm do na marcanna sin cabhrú leis na hinstitiúidí an leas is fearr a bhaint as an bpainéal tráth na hearcaíochta. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cheann nó níos mó de na trialacha seo a leanas a dhéanamh:

(1)

Téacs dlíthiúil sa teanga a roghnaigh tú as na teangacha sin atá liostaithe ag A.II.2(d) (teanga 4) a aistriú go Gaeilge (teanga 1) le cabhair foclóra (neamh-leictreonaigh).

Déanfar an triail seo a mharcáil as 20.

Am ceadaithe don triail: uair an chloig.

(2)

Téacs dlíthiúil sa teanga a roghnaigh tú as na teangacha sin atá liostaithe ag A.II.2(c) (teanga 3) a aistriú go Béarla (teanga 2) le cabhair foclóra (neamh-leictreonaigh).

Déanfar an triail seo a mharcáil as 20.

Am ceadaithe don triail: uair an chloig.

Féadfar na trialacha seo a eagrú i gcomhuain leis na trialacha éigeantacha, ach ní dhéanfar iad a mharcáil ach do na hiarrthóirí sin a bhaineann áit amach ar an bpainéal.

6.   Dáta agus láthair na dtrialacha

Eagrófar na trialacha scríofa ag an am céanna do na hiarrthóirí go léir ag lárionad amháin nó níos mó san Aontas Eorpach.

Ní fhéadfar dáta na dtrialacha, a shocróidh EPSO, a athrú ar iarratas ón iarrthóir. Cuirfear an dáta agus an láthair in iúl do na hiarrthóirí sa litir a thabharfaidh cuireadh dóibh freastal ar na trialacha (tríd a bpróifíl EPSO).

Mura dtugtar a mhalairt le fios is sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a thionólfar an bhéaltriail.

7.   An Painéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin painéal le chéile de réir grúpaí fiúntais (ceithre ghrúpa ar an iomlán), leis na hainmneacha i ngach grúpa fiúntais liostaithe in ord aibítire, de na hiarrthóirí sin (féach roinn A, líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo) a ghnóthaigh pasmharc (nuair is cuí) i ngach ceann de na trialacha scríofa éigeantacha, agus na marcanna is airde ar an iomlán (4) sna trialacha sin.

Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí ar an bpainéal, maille lena dháta éaga, a fhoilsiú (5) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO (http://europa.eu/epso).

C.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

Breathnaigh freisin ar na Treoracha d'Iarrthóirí (Guide for Applicants) http://europa.eu/epso/on-line-applications/guide_en.htm, atá le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO (http://europa.eu/epso). Tá treoracha mionsonracha ann chun cabhrú leat d'iarratas a chur isteach i gceart.

Ní ghlacfar le d'iarratas sa chás

nár chláraigh tú ar líne faoin spriocdháta cuí

AGUS

nár sheol tú an t-iarratas iomlán ar pháipéar leis an bpost cláraithe faoin spriocdháta cuí.

Is é an 9.01.2008 an dáta deiridh le haghaidh clárúcháin. Ní fhéadfar clárúchán ar líne a dhéanamh i ndiaidh meán lae (am na Bruiséile) an lá sin.

1.   Próifíl EPSO a chruthú/clárúchán ar líne

Sula gcláróidh tú, is cóir duit féachaint go cúramach an sásaíonn tú na critéir incháilitheachta go léir.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní foláir duit clárú ar an idirlíon ar shuíomh gréasáin EPSO agus na treoracha atá ann maidir le céimeanna éagsúla an nós imeachta a leanúint.

Is ortsa atá an fhreagracht do chlárúchán ar líne a chríochnú faoin spriocdháta. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh le trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh críochnaithe agat, ní a chuirfeadh iachall ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Uair amháin a bheidh an spriocdháta thart, ní bheidh tú in ann clárúchán a dhéanamh .

Tar éis duit an clárúchán ar líne a chríochnú, gheobhaidh tú, ar an scáileán, uimhir chlárúcháin nach mór duit a chaomhnú – is é seo d'uimhir thagartha in aon chúrsaí a bhaineann le d'iarratas. Nuair a fhaigheann tú an uimhir seo beidh deireadh leis an bpróiseas clárúcháin; is deimhniú é an uimhir go bhfuil na sonraí a d'iontráil tú cláraithe againn.

Mura bhfaighidh tú uimhir, níor cláraíodh d'iarratas!

Ní mór a thabhairt faoi deara nach foláir duit seoladh ríomhphoist a bheith agat. Bainfear leas as chun tú a shainaithint. Mar chuid den fhaisnéis a bheidh ort a chur isteach i do chlárúchán tá na teangacha a roghnaigh tú (féach A.II.2) agus sonraí na gcáilíochtaí a theastaíonn chun páirt a ghlacadh sa chomórtas (an cháilíocht, ainm na bunaíochta a d'eisigh í agus an dáta ar baineadh amach í).

Nuair a bheidh tú cláraithe, is féidir leat suíomh gréasáin EPSO a úsáid (cliceáil ar ‘ongoing competitions’) chun dul chun cinn an chomórtais a leanúint.

Má tá tú faoi mhíchumas agus má tá bac ort clárú ar líne, is féidir leat leagan páipéir den fhoirm  (6) a iarraidh – i bhfoirm facs más féidir; ní mór duit an fhoirm a líonadh, a shíniú agus a sheoladh ar ais leis an bpost cláraithe agus postmharc uirthi tráth nach déanaí ná an dáta deiridh don chlárúchán. Is leis an bpost a dhéanfar gach cumarsáid dá éis sin idir EPSO agus tusa.

Ní foláir duit deimhniú a fhianaíonn do mhíchumas agus a d'eisigh comhlacht aitheanta a chur faoi iamh leis an bhfoirm iarratais. Ní mór duit a shonrú freisin ar bhileog pháipéir ar leith aon socruithe a mheasann tú is gá chun gur fusa duit páirt a ghlacadh sna trialacha.

2.   Iarratas iomlán

Le cois an chlárúcháin ar líne, ní mór duit an fhoirm iarratais iomlán a phriontáil amach agus a chomhlánú ar shuíomh gréasáin EPSO agus í a sheoladh leis an bpost cláraithe faoin spriocdháta (9.01.2008).

Doiciméid ar chóir duit a sheoladh isteach leis an bhfoirm iarratais

Is cóir go mbeadh na sonraí iomlána a bhaineann le do shaoránacht, staidéar, oiliúint, taighde agus eolas ar theangacha tugtha i d'iarratas. Is cóir duit na doiciméid seo a leanas a sheoladh isteach freisin:

curriculum vitae mionsonraithe,

cóip de dhoiciméad a chruthaíonn do shaoránacht (e.g. do phas, cárta aitheantais nó aon doiciméad oifigiúil eile a luann do shaoránacht go sainráiteach);

cóip den dioplóma/de na dioplómaí/de chéim/de na céimeanna a fhianaíonn gur chríochnaigh tú agus gur éirigh leat i do chuid staidéir;

doiciméid a mhíníonn conas a fuair tú d'eolas ar theangacha eile;

cóip d'aon doiciméad a bheadh mar chabhair don bhord roghnúcháin chun do phróifíl a mheas;

ar bhileog fholamh, liosta uimhrithe de na doiciméid thuasluaite.

ar bhileog pháipéir ar leith, liosta uimhrithe de na doiciméid tacaíochta (mar aon le haistriúchán orthu go Béarla, más gá; is féidir leat féin an t-aistriúchán ar na doiciméid sin a dhéanamh).

NÍ DOICIMÉAD TACAÍOCHTA É CURRICULUM VITAE.

Ní cóir duit ach fótachóipeanna neamhdheimhnithe de na doiciméid sin a sheoladh. Ní ghlacfar le heischlónna de leathanaigh ghréasáin agus/nó tagairtí do shuíomhanna gréasáin mar dhoiciméid chun críche an cheanglais seo.

Agus tú ag comhlánú an fhoirm iarratais, ní ceadmhach tagairt a dhéanamh d'aon iarratas a cuireadh isteach roimhe sin ná d'aon doiciméad eile a cuireadh isteach le hiarratas dá leithéid. Ní thabharfar ar ais aon doiciméad a chuireann tú isteach i dteannta le d'iarratas.

An fhoirm a shíniú agus a sheoladh

Is tusa atá freagrach as deimhin a dhéanamh de go ndéantar d'fhoirm iarratais, comhlánaithe go cuí agus SÍNITHE, agus na doiciméid tacaíochta go léir ina teannta, a sheoladh faoin spriocdháta leis an bpost cláraithe (feidhmeoidh an postmharc mar chruthúnas ar an dáta seolta) chuig an seoladh seo a leanas:

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

C- 80

Comórtas OscailteEPSO/AD/115/07

B-1049 An Bhruiséil

Déanfar tú a dhícháiliú más rud é nár éirigh leat na nithe seo a leanas a dhéanamh faoin spriocdháta chun clárú ar líne agus chun d'iarratas iomlán a sheoladh isteach (9.01.2008):

tú féin a chlárú ar líne agus an próiseas clárúcháin a chríochnú,

an fhoirm a chomhlánú go hiomlán agus/nó a shíniú (síniú bunaidh riachtanach),

na riachtanais uile don chomórtas a shásamh,

d'iarratas a sheoladh leis an bpost,

na doiciméid tacaíochta uile a sheoladh isteach faoin spriocdháta.

3.   Cuirí

Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a thabharfar sonraí faoin am agus láthair a bheidh ort freastal ar na trialacha scríofa agus béil. Féadfaidh tú an fhaisnéis sin a aimsiú ach an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal a shonraigh tú agus tú ag clárú ar líne a iontráil. Is tusa a bheidh freagrach as do sheoladh poist nó do sheoladh ríomhphoist a thabhairt suas chun dáta trí do phróifíl EPSO.

Is tusa a bheidh freagrach freisin as súil a choimeád ar do phróifíl EPSO chun dul chun cinn an chomórtais a fheiceáil agus an fhaisnéis a bhaineann le d'iarratas ag gach céim den phróiseas a sheiceáil. Má thugann tú faoi deara nach féidir leat é sin a dhéanamh, tusa a bheidh freagrach as an méid sin a chur in iúl láithreach do EPSO le ríomhphost (EPSO-AD-115-07@ec.europa.eu).

Iarrfar ort, más féidir, na trialacha scríofa a dhéanamh ag an lárionad a mheastar is gaire don seoladh a thug tú nuair a chláraigh tú ar líne. Ar chúiseanna eagrúcháin, ní fhéadfaidh tú an láthair a athrú mura féidir leat a chruthú gur athraigh d'áit chónaithe agus mura bhfuil an méid sin curtha in iúl do EPSO agat tráth nach déanaí ná trí seachtaine roimh an dáta atá beartaithe le haghaidh na dtrialacha scríofa.

4.   An Painéal

Is iad na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa chomórtas (féach B.7) a ainmneofar ar an bpainéal.

5.

Más rud é, le linn céim ar bith den phróiseas, go gcruthaítear go bhfuil an fhaisnéis tugtha ar d'fhoirm chlárúcháin ar líne nó ar d'fhoirm oifigiúil iarratais míchruinn, déanfar tú a dhícháiliú ón gcomórtas.

6.

Chun an obair riaracháin a éascú, iarrfar ort d'ainm iomlán a tugadh ar d'iarratas AGUS UIMHIR AN CHOMÓRTAIS agus an uimhir thagartha a fuair tú nuair a glacadh le do chlárúchán ar líne a thabhairt agus a lua, i ngach aon chomhfhreagras.

D.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

1.   Comhdheiseanna

Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann siad le hiarratais gan aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, réadmhaoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

2.   Bord roghnúcháin

Ceaptar bord roghnúcháin le haghaidh gach comórtais. Tá an bord comhdhéanta as ionadaithe ó choiste riaracháin agus ó choiste foirne na n-institiúidí. Foilseofar ainmneacha na gcomhaltaí ar shuíomh gréasáin EPSO chomh luath agus a chuirfear na hiarrthóirí in iúl ar glacadh leo nó nár glacadh leo chun bheith rannpáirteach sa chomórtas.

Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a bheidh freagrach as gach cumarsáid leat go dtí deireadh an chomórtais. Toirmeasctar go sainráiteach ar na hiarrthóirí aon teagmháil dhíreach nó indíreach a dhéanamh le comhaltaí an bhoird roghnúcháin. Is é an bord roghnúcháin a chinnteoidh an ndícháileofar na hiarrthóirí a sháraíonn an riail seo.

3.   Amchlár achomair

Ag brath ar líon iomlán na n-iarrthóirí, mairfidh an comórtas tuairim is bliain ó thús go deireadh. Cuirfear tús leis an gcomórtas ar an dáta deiridh chun clárú a dhéanamh, agus tiocfaidh deireadh leis ar an dáta a bheidh na torthaí críochnaitheacha ar eolas.

Beidh gach eolas ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO.

4.   Iarrataí ó iarrthóirí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leo

Aithnítear go bhfuil ceart sonrach ag iarrthóirí rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos. Féadfaidh EPSO faisnéis bhreise a bhaineann le rannpháirtíocht iarrthóra sa chomórtas a chur ar fáil dá réir má iarrann an t-iarrthóir amhlaidh. Ní mór d'iarrthóirí aon iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh i scríbhinn chuig EPSO laistigh de mhí tar éis a dtorthaí sa chomórtas a bheith curtha i bhfios dóibh. Tabharfaidh EPSO freagra laistigh de mhí ón iarraidh a fháil. Déileálfar le hiarrataí ar dhóigh go dtabharfar aird ar rúndacht imeachtaí na mbord roghnúcháin mar a fhoráiltear sna Rialacháin Foirne (Staff Regulations) (Iarscríbhinn III, Airteagal 6) agus go gcomhlíonfar na rialacha maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta. Tugtar samplaí den chineál faisnéise is féidir a thabhairt sna Treoracha d'Iarrthóirí (Guide for Applicants) (féach III.3).

5.   Iarrataí ar athbhreithniú – Nósanna imeachta achomhairc – Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Féach an Iarscríbhinn.

6.   Critéir earcaíochta/Gairmréim

Má chuirtear ar an bpainéal tú, beidh tú incháilithe le haghaidh ceapacháin mar oifigeach ar promhadh de réir mar a bheidh gá ag na hinstitiúidí Eorpacha i Lucsamburg, sa Bhruiséil, nó in aon áit eile ina ngníomhaíonn siad.

Má chuirtear ar an bpainéal tú agus má thairiscítear post duit, iarrfar ort ansin na scríbhinní bunaidh de na fótachóipeanna go léir a bhí ort a chur isteach le d'iarratas a thaispeáint, mar shampla dioplómaí, teastais agus ráitis fostaíochta.

Braithfidh an earcaíocht ar na poist agus ar na cistí a bheith ar fáil.

De réir chineál an phoist, féadfar conradh sealadach a thairiscint i dtosach d'iarrthóirí ón bpainéal; ina leithéid de chás, coimeádfar ar an bpainéal iad.

Ní fhéadfar na hiarrthóirí atá ar an bpainéal a cheapadh in aon phost eile ach mar dhlítheangeolaithe. Chun leas na seirbhíse, áfach, d'fhéadfadh go gceanglódh na hInstitiúidí ar na hoifigigh fanacht ina gcéad phoist do thréimhsí íosta sula bhféadfaidh siad leas a bhaint as aistriú inmheánach faoi Airteagal 29 (1) (a) de na Rialacháin Foirne (Staff Regulations).

Déanann Airteagal 29(1)(b) de na Rialacháin Foirne tagairt don deis atá ag oifigigh aistriú a iarraidh chuig institiúid nó gníomhaireacht eile. Chun leas na seirbhíse, áfach, ní dhéantar oifigigh nua-earcaithe a aistriú i rith na chéad trí bliana seirbhíse acu ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo. Tá aon aistriú faoi réir aontú ón institiúid nó ón ngníomhaireacht a d'earcaigh an t-oifigeach i dtosach agus ón institiúid nó ón ngníomhaireacht a fuair an iarraidh ar aistriú.

7.   Scor

Ba chóir a thabhairt faoi deara go leagtar síos aois scoir na n-oifigeach sna Rialacháin Foirne mar seo a leanas:

ar bhonn uathoibríoch ag aois 65 bliain;

nó, ar iarraidh ón oifigeach féin, ag aois 63 bliain nó sa chás go bhfuil idir 55 agus 63 bliain d'aois ag an oifigeach agus go sásaíonn sé na riachtanais atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne chun go n-íocfaí pinsean láithreach;

ar bhonn eisceachtúil, ar iarraidh ón oifigeach féin agus nuair a mheastar go dtéann sin chun leas na seirbhíse, tráth nach déanaí ná aois 67 bliana.

8.   Grád

Earcófar na dlítheangeolaithe ón bpainéal go grád AD7.

9.   Luach saothair

Buntuarastal míosúil mar a bhí an 1 Eanáir 2007:

grád AD7, an chéad chéim: 5 135,94 EUR

10.   Sonraí pearsanta a chosaint

Ina cáil mar an comhlacht atá ag eagrú an chomórtais, cinnteoidh EPSO go bpróiseáilfear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a éilítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. Baineann sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann siad le hiarratais gan aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, réadmhaoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

(2)  http://europa.eu/epso/on-line-applications/guide_en.htm

(3)  Ar chúiseanna praiticiúla, níl teacht ar an bhfoirm sin ach amháin sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis.

(4)  Má ghnóthaíonn níos mó ná iarrthóir amháin na marcanna céanna, a cháilionn é/i don áit dheireanach ar an bpainéal, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin go léir ar an bpainéal.

(5)  Féadfaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo a iarraidh go sainráiteach, dhá sheachtain tar éis do na torthaí a bheith curtha in iúl ar a dhéanaí, gan a n-ainmneacha a fhoilsiú.

(6)  Scríobh chuig EPSO – Info-recruitment – CORT 80 4/11 – B-1049 Brussels – Facs:+32 2 295 74 88.


IARSCRÍBHINN

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ – NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC - GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an chomórtais, go ndéanann cinneadh áirithe dochar do do leasanna, is féidir leat tabhairt faoi cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

Iarraidh ar athbhreithniú

Laistigh de 20 lá ó cuireadh an litir ar líne lenar cuireadh in iúl duit go ndearnadh an cinneadh, seol litir ag déanamh cur síos ar do chás chuig:

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

C-80

Comórtas Oscailte EPSO/AD/115/07

B-1049 An Bhruiséil

Cuirfidh EPSO d'iarraidh ar aghaidh chuig Cathaoirleach an bhoird roghnúcháin más de chúram an bhoird é. Cuirfear freagra chugat a luaithe is féidir.

Achomharc

Is féidir leat cás a thabhairt os comhair an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

An Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

Boulevard Konrad Adenauer

L-2925 Lucsamburg

faoi Airteagal 236 de Chonradh CE agus Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach,

nó is féidir leat gearán a thaisceadh ag an seoladh seo a leanas, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach:

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

C- 80

Comórtas Oscailte EPSO/AD/115/07

B-1049 An Bhruiséil

Na teorainneacha ama chun gach ceann de na nósanna imeachta sin a thionscnamh (féach na Rialacháin Foirne mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 723/2004 ón gComhairle (IO L 124 an 27.04.2004, lch 1) – http://eur-lex.europa.eu, tosóidh siad tráth a gcuirtear in iúl duit an gníomh a líomhnaítear go ndéanann sé dochar do do leasanna.

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil de chumhacht ag an údarás ceapacháin cinntí an bhoird roghnúcháin a leasú. Is é cinneadh seasta na Cúirte nach bhfuil an lánrogha atá ag na boird roghnúcháin faoi réir athbhreithniú na Cúirte mura ndéantar sárú soiléir ar na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta na mbord roghnúcháin.

Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Fearacht saoránaigh uile an Aontais, féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid:

An tOmbudsman Eorpach

1 avenue du Président Robert Schuman – BP 403

F-67001 Strasbourg Cedex

faoi Airteagal 195(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gCinneadh 94/262/ECSC, CE Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman (IO L 113 an 4.5.1994,lch 15)

Tabhair faoi deara nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag gearáin chuig an Ombudsman ar an tréimhse atá leagtha síos in Airteagail 90(2) agus 91 faoi seach de na Rialacháin Foirne chun achomharc a dhéanamh os comhair an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 236 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Tabhair faoi deara freisin, faoi Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta a rialaíonn feidhmiú dhualgais an Ombudsman, nach foláir na teagmhálacha cuí riaracháin a dhéanamh leis na comhlachtaí lena mbaineann sula gcuirtear aon ghearán faoi bhráid an Ombudsman.