ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C 193E

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

50
21 Lúnasa 2007


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

An Chomhairle

2007/C 193E/01

Comhsheasamh (CE) Uimh. 9/2007 an 21 Bealtaine 2007 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle

1

2007/C 193E/02

Comhsheasamh (CE) Uimh. 10/2007 an 28 Meitheamh 2007 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (Doiciméid a sheirbheáil) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle

13

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

An Chomhairle

21.8.2007   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

CE 193/1


COMHSHEASAMH (CE) UIMH. 9/2007

a ghlac an Chomhairle an 21 Bealtaine 2007

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … lena mbunaítear creat comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle

(2007/C 193 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bhunaigh Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 (2) creat comhchoiteann le cláir ghnó chun críocha staidrimh a bhunú ina mbeadh sainmhínithe, saintréithe, raon feidhme agus nósanna imeachta um thabhairt cothrom le dáta comhchuibhithe. D'fhonn forbairt na gclár gnó a choimeád faoi chreat comhchuibhithe, ba cheart rialachán nua a ghlacadh.

(2)

Tá na sainmhínithe ar na haonaid staidrimh a úsáidfear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir le haonaid staidrimh chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal (3). Éilíonn an margadh inmheánach inchomparáideacht staidrimh fheabhsaithe chun ceanglais an Chomhphobail a chomhlíonadh. D'fhonn an feabhas sin a bhaint amach, ba cheart sainmhínithe agus tuairiscí comhchoiteanna a ghlacadh chun go mbeadh gnóthais agus aonaid staidrimh ábhartha eile clúdaithe.

(3)

Rinne Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (4), agus Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach (5) creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíocht agus le feidhmíocht gnónna sa Chomhphobal a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas. Is gné bhunúsach de chreat comhchoiteann den sórt sin cláir ghnó chun críocha staidrimh, rud a chiallaíonn gur féidir suirbhéanna staidrimh a eagrú agus a chomhordú trí chreat samplála comhchuibhithe a chur ar fáil.

(4)

Is modh amháin iad cláir ghnó chun na ceanglais atá ag teacht salach ar a chéile maidir le tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi ghnóthais ar láimh amháin agus maidir lena n-ualach riaracháin a laghdú ar an láimh eile a chomhlíonadh, go háirithe trí fhaisnéis atá i gcomhaid riaracháin agus dlí cheana a úsáid, i gcás micreaghnóthas, gnóthas beag agus gnóthas meánmhéide, go háirithe, mar a sainmhíníodh i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 (6) iad.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (7) leagadh amach an creat chun clár staidrimh Comhphobail a bhunú agus bunaíodh leis creat comhchoiteann maidir le rúndacht staidrimh.

(6)

Ní dhéanann na rialacha sonracha a bhaineann le sonraí a phróiseáil laistigh de chreat chlár staidrimh an Chomhphobail difear do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (8).

(7)

Is iad na cláir ghnó an phríomhfhoinse déimeagrafaíochta gnó chun críocha staidrimh, ó tharla go rianaíonn siad bunú agus dúnadh gnónna chomh maith leis na hathruithe struchtúracha a thagann ar an ngeilleagar trí chomhchruinniú nó trí dhíchruinniú, a tharlaíonn de thoradh oibríochtaí amhail cumaisc, táthcheangail, scoilteanna, dícheangail agus athstruchtúrú.

(8)

Cuireann cláir ghnó an fhaisnéis bhunúsach ar fáil a theastaíonn chun freastal ar an mórspéis atá i bhforbairt na tuaithe ó thaobh beartais de, ní amháin ó thaobh na talmhaíochta de ach fosta ó thaobh an naisc atá ag méadú idir í agus gníomhaíochtaí eile nach bhfuil clúdaithe ag staidreamh talmhaíochta táirge-bhunaithe.

(9)

Tá ról tábhachtach ag gnóthais phoiblí i ngeilleagair náisiúnta na mBallstát. Clúdaítear earnálacha áirithe gnóthais phoiblí le Treoir 80/723/CEE an 25 Meitheamh 1980 ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí (9). Ba cheart, dá bhrí sin, gnóthais phoiblí agus corparáidí poiblí a shainaithint i gcláir ghnó agus is féidir é sin a dhéanamh tríd an aicmiú ar an earnáil institiúideach.

(10)

Teastaíonn faisnéis maidir leis na naisc rialaithe idir aonaid dhlíthiúla chun sainmhíniú a dhéanamh ar ghrúpaí gnóthas, chun na gnóthais a shainiú mar is cuí, chun próifíliú a dhéanamh ar aonaid mhóra chasta agus chun staidéar a dhéanamh ar an leibhéal comhchruinnithe ar mhargaí ar leith. Feabhsaíonn faisnéis faoi ghrúpa gnóthas cáilíocht na gclár gnó agus is féidir í a úsáid chun laghdú ar an bpriacal go nochtfaí sonraí rúnda. Bíonn níos mó brí le baint as sonraí airgeadais áirithe ag leibhéal an ghrúpa nó an fhoghrúpa ná mar a bhíonn ag leibhéal an ghnóthais aonair; go deimhin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh fáil orthu seachas ag leibhéal an ghrúpa nó an fhoghrúpa. Éascaíonn taifeadadh ar shonraí grúpa gnóthas, nuair a bhíonn gá leis, suirbhé a dhéanamh ar an ngrúpa seachas ar ghnóthais an ghrúpa, agus d'fhéadfadh sin an t-ualach freagartha a laghdú go mór. Chun grúpaí gnóthas a chlárú, ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar chláir ghnó.

(11)

Is dúshlán don táirgeadh ilstaidrimh reatha é domhandú méadaitheach an gheilleagair. Trí shonraí ó ghrúpaí ilnáisiúnta gnóthas a thaifeadadh, déantar uirlis bhunúsach de chláir ghnó chun feabhas a chur ar an iliomad staidrimh a bhaineann le domhandú: trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí, comhardú íocaíochtaí, infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch, gnóthais chleamhnaithe choigríche, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus an margadh saothair idirnáisiúnta. Clúdaíonn formhór an staidrimh sin an geilleagar ina iomláine, rud a éilíonn go gclúdódh cláir ghnó earnálacha uile an gheilleagair.

(12)

De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 1588/90 ón gComhairle (Euratom, CEE) an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (10), ní fhéadfar rialacha náisiúnta maidir le rúndacht staidrimh a agairt chun cosc a chur ar tharchur sonraí staidrimh rúnda chuig an údarás Comhphobail (Eurostat) i gcás ina bhforálfar le gníomh de dhlí an Chomhphobail go dtarchuirfí na sonraí sin.

(13)

Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, d'fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag teastáil ó institiúidí na mBallstát a bheidh freagrach as sonraí a bhailiú ar fhoinsí sonraí riaracháin amhail cláir atá á gcoinneáil ag na húdaráis chánach agus slándála sóisialta, ag na bainc cheannais, ag institiúidí poiblí eile, agus bunachair shonraí eile ina bhfuil faisnéis faoi idirbhearta trasteorann agus faoi shuímh thrasteorann, i gcás ina mbeidh na sonraí sin riachtanach chun staidreamh Comhphobail a chur ar fáil.

(14)

Le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (11) bunaíodh creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail ábhartha a thiomsú, a tharchur agus a mheas.

(15)

Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (12).

(16)

Ba cheart, go háirithe, cumhacht a thabhairt don Choimisiún liosta na saintréithe cláir atá san Iarscríbhinn, a sainmhínithe agus a rialacha leanúnachais a thabhairt cothrom le dáta, an clúdach ar na gnóthais is lú agus ar ghrúpaí uilechónaitheacha gnóthas a chinneadh, na rialacha le cláir a thabhairt cothrom le dáta a ghlacadh, chomh maith le caighdeáin chomhchoiteanna cháilíochta agus ábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a bhunú. Ó tharla gur bearta a mbaineann raon feidhme ginearálta leo iad na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha a leasú nó chun cur leis an Rialachán seo trí eilimintí neamhriachtanacha nua a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle.

(17)

Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 a aisghairm dá bhrí sin.

(18)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (13),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh sa Chomhphobal.

Bunóidh na Ballstáit clár comhchuibhithe amháin nó níos mó ná sin chun críocha staidrimh, mar uirlis le suirbhéanna a ullmhú agus a chomhordú, mar fhoinse faisnéise chun anailís staidrimh a dhéanamh ar an bpobal gnó agus ar a dhéimeagrafaíocht, chun sonraí riaracháin a úsáid agus chun aonaid staidrimh a shainaithint agus a thógáil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Beidh ag ‘aonad dlíthiúil’, ‘gnóthas’, ‘aonad áitiúil’ agus ‘grúpa gnóthasr’ na sainmhínithe a dhéantar orthu san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93;

(b)

Beidh ag ‘na húdaráis náisiúnta’ an sainmhíniú a dhéantar orthu in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(c)

Is é an cur síos a bheidh ar ‘chuspóirí staidrimh’ an cur síos atá orthu in Airteagal 2(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 1588/90;

(d)

Ciallóidh ‘grúpa ilnáisiúnta gnóthas’ grúpa gnóthas a bhfuil dhá ghnóthas nó dhá aonad dhlíthiúla, ar a laghad, aige atá lonnaithe i dtíortha éagsúla;

(e)

Ciallóidh ‘grúpa teasctha gnóthas’ gnóthais agus aonaid dhlíthiúla de chuid grúpa ilnáisiúnta gnóthas atá lonnaithe sa tír chéanna. D'fhéadfadh nach mbeadh ann ach aonad amháin, dá mb'aonaid neamhchónaitheacha na haonaid eile. Féadfaidh gnóthas a bheith ina ghrúpa teasctha gnóthas nó ina chuid de ghrúpa teasctha gnóthas.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   I gcomhréir leis na sainmhínithe a thugtar in Airteagal 2 agus faoi réir na dteorainneacha a shonraítear san Airteagal sin, is díobh seo a leanas a bheidh cláir tiomsaithe:

(a)

gach gnóthas a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bun aige atá ag rannchuidiú leis an olltáirgeacht intíre (OTI), agus a aonaid áitiúla;

(b)

na haonaid dhlíthiúla a bhfuil na gnóthais sin comhdhéanta díobh;

(c)

grúpaí teasctha gnóthas agus grúpaí ilnáisiúnta gnóthas; agus

(d)

grúpaí uilechónaitheacha gnóthas.

2.   Ach ní bheidh an ceanglas i mír 1 infheidhme i gcás teaghlach más dá dtomhaltas féin na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, nó má bhaineann na hearraí agus na seirbhísí lena maoin féin a ligean.

3.   Measfar gur gnóthais chun críocha clár gnó aonaid áitiúla nach eintitis dhlíthiúla (craobhacha) ar leithligh iad, atá ag brath ar ghnóthais ón gcoigríoch, agus atá aicmithe mar shamhailchorparáidí i gcomhréir le Córas Eorpach na gCuntas 1995 a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le córas Eorpach cuntas réigiúnach agus náisiúnta sa Chomhphobal (14) agus maidir le Córas Cuntas Náisiúnta na Náisiún Aontaithe 1993.

4.   Is féidir grúpaí gnóthas a shainaithint trí na naisc rialaithe idir a n-aonaid dhlíthiúla. D'fhonn grúpaí gnóthas a shainiú, úsáidfear an sainmhíniú ar rialú a leagtar amach i bpointe 2.26 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96.

5.   Is maidir le haonaid a chleachtann gníomhaíocht eacnamaíoch, go hiomlán nó go páirteach, a bheidh feidhm ag an Rialachán seo. Measfar gur gníomhaíocht eacnamaíoch aon ghníomhaíocht ar tairiscint earraí agus seirbhísí ar mhargadh áirithe í. Fairis sin, measfar, chun críocha clár gnó, gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha seirbhísí neamh-mhargaidh a rannchuidíonn leis an OTI, mar aon le sealúchais indíreacha aonad dlíthiúil gníomhach. Ní cuid de ghnóthas iad aonaid dhlíthiúla atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ach amháin má tá siad nasctha le haonaid dhlíthiúla atá gníomhach go heacnamaíoch.

6.   Cinnfear, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3), na bearta lena bhfuiltear ag iarraidh modhnú a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo maidir leis an méid atá fiontair a bhfuil níos lú ná leathdhuine fostaithe acu agus grúpaí uilechónaitheacha gnóthas nach bhfuil aon tábhacht staidrimh leo do Bhallstáit le háireamh sna cláir, agus an sainmhíniú a dhéanfar ar na haonaid a bheadh comhsheasmhach leis na haonaid don staidreamh talmhaíochta.

Airteagal 4

Foinsí sonraí

1.   Agus na coinníollacha maidir le cáilíocht dá dtagraítear in Airteagal 6 á gcomhlíonadh acu, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a éilítear faoin Rialachán seo a bhailiú ag úsáid aon fhoinsí a mheasann siad a bheith ábhartha. Beidh sé d'údarás ag na húdaráis náisiúnta, faoi réir a raon inniúlachta, faisnéis atá clúdaithe ag an Rialachán seo agus atá i gcomhaid riaracháin agus dhlíthiúla a bhailiú chun críocha staidrimh.

2.   I gcás nach bhféadfar na sonraí atá riachtanach a bhailiú ar chostas réasúnta, féadfaidh na húdaráis náisiúnta nósanna imeachta meastacháin staidrimh a úsáid, agus urramóidh siad an gá atá le cruinneas agus le cáilíocht.

Airteagal 5

Saintréithe a chlárú

1.   Sainaithneofar na haonaid a liostaítear sna cláir ón uimhir aitheantais agus ó na sonraí tuairisciúla a shonraítear san Iarscríbhinn.

2.   Glacfar, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3), na bearta lena bhfuiltear ag iarraidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína bhforlíonadh, bearta a bhaineann leis an liosta saintréithe a thabhairt cothrom le dáta agus le sainmhíniú a dhéanamh ar na saintréithe agus ar na rialacha leanúnachais.

Airteagal 6

Caighdeáin agus tuarascálacha cáilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na gclár gnó a chinntiú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na gclár gnó (dá ngairtear ‘tuarascálacha cáilíochta’ anseo feasta) ar fáil don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfar na bearta a bhaineann le caighdeáin chomhchoiteanna cháilíochta, chomh maith le hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3), agus costas na sonraí a thiomsú á chur san áireamh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas faoi athruithe móra modheolaíochta agus faoi athruithe eile a mbeadh tionchar acu ar cháilíocht na gclár gnó a luaithe a fhaightear amach fúthu agus ag tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh d'athrú dá leithéid teacht i bhfeidhm.

5.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag díriú go háirithe ar chostas an chórais staidrimh, ar an ualach ar ghnó agus ar na sochair.

Airteagal 7

Lámhleabhar moltaí

Foilseoidh an Coimisiún lámhleabhar moltaí maidir le cláir ghnó. Déanfar an lámhleabhar a thabhairt cothrom le dáta i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

Airteagal 8

Tagairt ama agus tréimhsiúlachta

1.   Déanfar iontrálacha ar an gclár agus nithe a bhainfear amach as na cláir a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad.

2.   Braithfidh a mhinice a dhéanfar an tabhairt cothrom le dáta ar an gcineál aonaid atá i gceist, ar an athróg a cuireadh sa mheá, ar mhéid an aonaid agus ar an ngnáthfhoinse a úsáidtear don tabhairt cothrom le dáta.

3.   Glacfar na bearta a bhaineann leis na rialacha um thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

4.   Gach bliain, déanfaidh na Ballstáit cóip a léireoidh staid na gclár ag deireadh na bliana agus coinneoidh siad an chóip sin ar feadh 30 bliain ar a laghad chun críche anailíse.

Airteagal 9

Tuarascálacha a tharchur

1.   Déanfaidh na Ballstáit anailísí staidrimh ar na cláir agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis chuig an gCoimisiún (Eurostat), de réir formáide agus nós imeachta a shaineoidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit.

Airteagal 10

Malartú sonraí rúnda idir Bhallstáit

Féadfar sonraí rúnda a mhalartú, chun críocha staidrimh amháin, idir údaráis iomchuí náisiúnta de chuid Ballstát éagsúil, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, i gcás ina ndéanfar an malartú chun cáilíocht na faisnéise maidir le grúpaí ilnáisiúnta gnóthas san Aontas Eorpach a áirithiú. Féadfaidh na bainc cheannais náisiúnta a bheith ina bpáirtithe sa mhalartú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

Airteagal 11

Malartú sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit

1.   Tarchuirfidh na húdaráis náisiúnta sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta gnóthas agus na haonaid as a gcomhdhéantar iad, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn, chuig an gCoimisiún (Eurostat), chun críocha staidrimh amháin, d'fhonn faisnéis faoi ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas Eorpach a chur ar fáil.

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar taifeadadh comhsheasamhach ar shonraí, tarchuirfidh an Coimisiún (Eurostat), chun críocha staidrimh amháin, sonraí maidir le grúpa ilnáisiúnta gnóthas, lena n-áirítear na haonaid as a gcomhdhéantar iad, chuig údaráis iomchuí náisiúnta gach Ballstáit, nuair a bheidh aonad dlíthiúil amháin ar a laghad den ghrúpa sin lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin.

3.   Chun a áirithiú go n-úsáidfear an fhaisnéis a tharchuirfear faoin Airteagal seo chun críocha staidrimh amháin, déanfar cuspóir, raon feidhme, formáid, bearta slándála agus rúndachta, agus an nós imeachta do tharchur sonraí maidir le haonaid ar leithligh chuig an gCoimisiún (Eurostat),agus do tharchur sonraí maidir leis na grúpaí ilnáisiúnta gnóthas chuig na húdaráis náisiúnta iomchuí, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 12

Malartú sonraí rúnda idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, féadfar sonraí rúnda a mhalartú, chun críocha staidrimh amháin, idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais náisiúnta, agus idir an Coimisiún (Eurostat) agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcás ina ndéanfar an malartú chun cáilíocht na faisnéise maidir le grúpaí ilnáisiúnta gnóthas san Aontas Eorpach a áirithiú, agus i gcás ina n-údaróidh an t-údarás náisiúnta iomchuí an malartú go sainráite.

2.   Chun a áirithiú go n-úsáidfear an fhaisnéis a tharchuirfear faoin Airteagal seo chun críocha staidrimh amháin, déanfar cuspóir, raon feidhme, formáid, bearta slándála agus rúndachta, agus an nós imeachta do tharchur sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta gnóthas chuig na bainc cheannais náisiúnta agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 13

Rúndacht agus rochtain ar shonraí inaitheanta

1.   Nuair a gheobhaidh an Coimisiún (Eurostat), na húdaráis náisiúnta, na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach faisnéis rúnda de bhun Airteagail 10, 11 agus 12, déileálfaidh siad leis an bhfaisnéis sin faoi rún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 322/97.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, agus d'ainneoin Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97, féadfar aon tarchur faisnéise rúnda a dhéanamh idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) sa mhéid gur gá an tarchur sin chun staidreamh sonrach Comhphobail a tháirgeadh. Ní mór aon tarchur de bhreis ar sin a bheith údaraithe go sainráite ag an údarás náisiúnta a bhailigh na sonraí.

Airteagal 14

Idirthréimhse agus maoluithe

Nuair is gá cláir ghnó a athchóiriú ó bhonn, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát, maolú dhá bhliain a dheonú ar feadh idirthréimhse nach faide ná … (15).

Féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát, maolú a dheonú ar feadh idirthréimhse nach faide ná … (16) don talmhaíocht, don fhoraoiseacht agus don iascaireacht, don riarachán poiblí agus don chosaint, agus don tslándáil shóisialta éigeantach, agus do na saintréithe breise a bhaineann le grúpaí gnóthas.

Airteagal 15

Bearta cur chun feidhme

1.   Déanfar na bearta seo a leanas, a ceapadh chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 16(3):

(a)

clúdach na ngnóthas is lú agus na ngrúpaí uilechónaitheacha gnóthas, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(6);

(b)

an liosta saintréithe clár atá san Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith leis na sainmhínithe atá orthu agus na rialacha leanúnachais a ghabhann leo, mar a fhoráiltear in Airteagal 5, agus an prionsabal nach foláir gur mó na buntáistí a bhainfidh le tabhairt cothrom le dáta ná a chostas agus an prionsabal nach rachaidh na hacmhainní breise a bheidh i gceist do na Ballstáit nó do na gnóthais thar a bhfuil réasúnach, á gcur san áireamh;

(c)

bunú caighdeán comhchoiteann cáilíochta, mar aon le hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 6(3); agus

(d)

na rialacha chun cláir a thabhairt cothrom le dáta, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(3).

2.   Déanfar bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2):

(a)

tarchur faisnéise a eascraíonn as anailísí staidrimh a dhéanfar ar chláir, mar a fhoráiltear in Airteagal 9;

(b)

tarchur sonraí maidir le haonaid ar leithligh do ghrúpaí ilnáisiúnta gnóthas idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit, mar a fhoráiltear in Airteagal 11; agus

(c)

tarchur sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta gnóthas idir an Coimisiún (Eurostat) agus na bainc cheannais, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.

Airteagal 16

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidreamh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil), comhsheasamh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2007) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an … (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO L 196, 5.8.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(3)  IO L 76, 30.3.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(4)  IO L 14, 17.1.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(5)  IO L 162, 5.6.1998, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

(6)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

(7)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(9)  IO L 195, 29.7.1980, lch. 35. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2005/81/CE (IO L 312, 29.11.2005, lch. 47).

(10)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(11)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 23. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún (IO L 106, 19.4.2006, lch. 10).

(12)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(13)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(14)  IO L 310, 30.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1267/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 180, 18.7.2003, lch. 1).

(15)  Dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)  Cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna cláir ghnó de réir gach aonaid. Ní gá an fhaisnéis a stóráil ar dhóigh leithleach do gach aonad, más féidir í a fháil ó aonad nó ó aonaid eile.

Tá na hítimí gan mharcáil éigeantach, tá na hítimí a luaitear ‘coinníollach’ leo éigeantach má tá fáil orthu sa Bhallstát, agus moltar na hítimí atá marcáilte mar ‘roghnach’ a chomhlíonadh.

1.   

Aonad dlíthiúil

Saintréithe aitheantais

1.1

 

Uimhir aitheantais

1.2a

 

Ainm

1.2b

 

Seoladh iomlán a mhionsonraithe agus is féidir (lena n-áirítear postchód)

1.2c

Roghnach

Uimhreacha teileafóin agus facs, seoladh ríomhphoist, agus faisnéis le go bhféadfar sonraí a bhailiú go leictreonach

1.3

 

Uimhir chláraithe do Cháin Bhreisluacha (CBL) nó, dá huireasa sin, uimhir aitheantais riaracháin eile

Saintréithe déimeagrafacha

1.4

 

Dáta corpraithe do phearsana dlítheanacha nó dáta an aitheantais oifigiúil mar oibreoir eacnamaíoch do phearsana nádúrtha

1.5

 

Dáta ar scoir an t-aonad dlíthiúil de bheith mar chuid de ghnóthas (mar a shonraítear i 3.3)

Saintréithe eacnamaíocha/srathaithe

1.6

 

Foirm dhlíthiúil

Naisc le cláir eile

 

 

Tagairt do chláir ghaolmhara, ina bhfuil an t-aonad dlíthiúil cláraithe agus ina bhfuil faisnéis á fhéadfar a úsáid chun críocha staidrimh

1.7a

 

Tagairt do chlár na n-oibreoirí laistigh den Chomhphobal a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 (1), agus Tagairt do chomhaid chustaim nó do chlár na n-oibreoirí lasmuigh den Chomhphobal

1.7b

Roghnach

Tagairt do shonraí clár comhardaithe (d'aonaid a bhfuil ceanglas orthu cuntais a fhoilsiú), agus

Tagairt do chlár chomhardú na n-íocaíochtaí nó don chlár infheistíochta dírí coigríche, agus

Tagairt do chlár na bhfeirmeacha

Saintréithe breise d'aonaid dhlíthiúla ar cuid iad de ghnóthais a bhaineann le grúpa gnóthas:

Nasc leis an ngrúpa gnóthas

1.8

 

Uimhir aitheantais an ghrúpa uilechónaithigh/an ghrúpa theasctha gnóthas (4.1), lena mbaineann an t-aonad

1.9

 

An dáta ar comhlachaíodh leis an ngrúpa uilechónaitheach/teasctha é

1.10

 

An dáta ar scoir sé ón ngrúpa uilechónaitheach/teasctha

Rialú na naonad

 

 

Is féidir na naisc rialaithe do ghrúpaí uilechónaitheacha a thaifeadadh ó bharr anuas (1.11a) nó ó bhun aníos (1.11b). Ní thaifeadtar ach an chéad leibhéal rialaithe, díreach nó indíreach, do gach aonad (is féidir an slabhra rialaithe iomlán a aimsiú ach iad seo a chur le chéile).

1.11a

 

Uimhir nó uimhreacha aitheantais aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó aonad dlíthiúil cónaitheach, atá á rialú ag an aonad dlíthiúil

1.11b

 

Uimhir aitheantais an aonaid dhlíthiúil chónaithigh a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige

1.12a

 

An tír nó na tíortha inar cláraíodh an t-aonad/na haonaid atá á rialú ag an aonad dlíthiúil, agus uimhir nó uimhreacha aitheantais nó ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach, atá á rialú ag an aonad dlíthiúil

1.12b

Coinníollach

Uimhir nó uimhreacha CBL aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó aonad dlíthiúil neamhchónaitheach, atá á rialú ag an aonad dlíthiúil

1.13a

 

An tír inar cláraíodh, agus uimhir aitheantais nó ainm agus seoladh an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh, a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige

1.13b

Coinníollach

Uimhir CBL an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh, a bhfuil an t-aonad dlíthiúil á rialú aige

Úinéireacht aonad

 

Coinníollach

Is féidir an úinéireacht chónaitheach a thaifeadh ó bharr anuas (1.14a) nó ó bhun aníos (1.14b).

Tá taifeadadh na faisnéise agus tairseach na scairshealbhóireachta faoi réir an fhaisnéis seo bheith ar fáil sna foinsí riaracháin. Is é an tairseach a mholtar, 10 % nó níos mó a bheith faoi úinéireacht dhíreach.

1.14a

Coinníollach

(a)

Uimhir nó uimhreacha aitheantais, agus

(b)

scaireanna (%)

an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil cónaitheach atá faoi úinéireacht an aonaid dhlíthiúil

1.14b

Coinníollach

(a)

Uimhir nó uimhreacha aitheantais, agus

(b)

scaireanna (%)

an aonaid dhlíthiúil chónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil cónaitheach, ar leis nó ar leo an t-aonad dlíthiúil

1.15

Coinníollach

(a)

An tír nó na tíortha inar cláraíodh an t-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach nó na haonaid dhlíthiúla neamhchónaitheacha ar leis an aonad dlíthiúil é nó iad, agus

(b)

uimhir/uimhreacha aitheantais nó, ainm/ainmneacha, seoladh/seoltaí agus uimhir/uimhreacha CBL, agus

(c)

scaireanna (%)

an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis an aonad dlíthiúil é nó iad

1.16

Coinníollach

(a)

An tír nó na tíortha inar cláraíodh an t-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach nó na haonaid dhlíthiúla neamhchónaitheacha ar leis nó leo an t-aonad dlíthiúil, agus

(b)

uimhir/uimhreacha aitheantais nó, ainm/ainmneacha, seoladh/seoltaí agus uimhir/uimhreacha CBL, agus

(c)

scaireanna (%)

an aonaid dhlíthiúil neamhchónaithigh nó na n-aonad dlíthiúil neamhchónaitheach ar leis nó leo an t-aonad dlíthiúil

2.   

Aonad áitiúil

Saintréithe aitheantais

2.1

 

Uimhir aitheantais

2.2a

 

Ainm

2.2b

 

Seoladh iomlán a mhionsonraithe agus is féidir (lena n-áirítear postchód)

2.2c

Roghnach

Uimhreacha teileafóin agus facs, seoladh ríomhphoist, agus faisnéis le gur féidir sonraí a bhailiú go leictreonach

2.3

 

Uimhir aitheantais an ghnóthais (3.1) lena mbaineann an t-aonad áitiúil

Saintréithe déimeagrafacha

2.4

 

Dáta tosaithe na ngníomhaíochtaí

2.5

 

Dáta scoir chríochnaithigh na ngníomhaíochtaí

Saintréithe eacnamaíocha/srathaithe

2.6

 

Cód na príomhghníomhaíochta ar leibhéal 4 dhigit NACE

2.7

Coinníollach

Gníomhaíochtaí tánaisteacha, más ann, ar leibhéal 4 dhigit NACE; ní bhaineann an pointe seo ach le haonaid áitiúla atá ina n-ábhar do suirbhéanna

2.8

Roghnach

Is Gníomhaíocht í a chuirtear i gcrích san aonad áitiúil ar gníomhaíocht choimhdeach í de chuid an ghnóthais lena mbaineann an t-aonad (Is ea/Ní hea)

2.9

 

Líon na ndaoine atá fostaithe

2.10a

 

Líon na bhfostaithe

2.10b

Roghnach

Líon na bhfostaithe i gcoibhéisí lánaimseartha

2.11

 

Cód suímh gheografaigh

Naisc le cláir eile

2.12

Coinníollach

Tagairt do chláir ghaolmhara, ina bhfuil an t-aonad áitiúil agus ina bhfuil faisnéis a fhéadfar a úsáid chun críocha staidrimh (más ann dá leithéid de chláir ghaolmhara)

3.   

An gnóthas

Saintréithe aitheantais

3.1

 

Uimhir aitheantais

3.2a

 

Ainm

3.2b

Roghnach

Seoltaí poist, ríomhphoist agus láithreáin ghréasáin

3.3

 

Uimhir nó uimhreacha an aonaid dhlíthiúil nó na n-aonad dlíthiúil as a gcomhdhéantar an gnóthas

Saintréithe déimeagrafacha

3.4

 

Dáta tosaithe na ngníomhaíochtaí

3.5

 

Dáta scoir chríochnaithigh na ngníomhaíochtaí

Saintréithe eacnamaíocha/srathaithe

3.6

 

Cód na príomhghníomhaíochta ar leibhéal 4 dhigit NACE

3.7

Coinníollach

Gníomhaíochtaí tánaisteacha, más ann, ar leibhéal 4 dhigit NACE; ní bhaineann an pointe seo ach le haonaid áitiúla atá ina n-ábhair do shuirbhéannna

3.8

 

Líon na ndaoine atá fostaithe

3.9a

 

Líon na bhfostaithe

3.9b

Roghnach

Líon na bhfostaithe i gcoibhéisí lánaimseartha

3.10a

 

Láimhdeachas, ach amháin mar a fhoráiltear i 3.10b

3.10b

Roghnach

Láimhdeachas don talmhaíocht, don tsealgaireacht agus don fhoraoiseacht, don iascaireacht, agus don riarachán poiblí agus don chosaint, don tslándáil shóisialta éigeantach, do theaghlaigh phríobháideacha ina bhfuil daoine fostaithe agus d'eagraíochtaí seach-chríochacha

3.11

 

Earnáil institiúideach agus fo-earnáil institiúideach de réir Chóras Eorpach na gCuntas

Saintréithe breise do ghnóthais ar le grúpa gnóthas iad:

Nasc leis an ngrúpa gnóthas

3.12

Uimhir aitheantais an ghrúpa uilechónaithigh/an ghrúpa theasctha gnóthas (4.1) lena mbaineann an t-aonad

4.   

Grúpa gnóthas

Saintréithe aitheantais

4.1

 

Uimhir aitheantais an ghrúpa uilechónaithigh/an ghrúpa theasctha

4.2a

 

Ainm an ghrúpa uilechónaithigh/an ghrúpa theasctha

4.2b

Roghnach

Seoltaí poist, ríomhphoist agus láithreáin ghréasáin cheannoifig an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha

4.3

Páirtchoinníollach

Uimhir aitheantais cheann an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha (is ionann agus uimhir aitheantais an aonaid dhlíthiúil, atá ina cheann ar an ngrúpa cónaitheach).

Coinníollach: más pearsa nádúrtha an t-aonad a dhéanann an rialú, nach oibreoir eacnamaíoch é, beidh an taifeadadh faoi réir infhaighteacht na faisnéise seo sna foinsí riaracháin

4.4

 

Cineál an ghrúpa gnóthas:

1.

grúpa uilechónaitheach

2.

grúpa teasctha faoi rialú intíre

3.

grúpa teasctha faoi rialú coigríche

Saintréithe déimeagrafacha

4.5

 

Dáta tosaithe an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha gnóthas

4.6

 

Dáta scoir an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha gnóthas

Saintréithe eacnamaíocha/srathaithe

4.7

 

Cód na príomhghníomhaíochta don ghrúpa uilechónaitheach/teasctha ar leibhéal 4 dhigit NACE

4.8

Roghnach

Gníomhaíochtaí tánaisteacha an ghrúpa uilechónaithigh/theasctha ar leibhéal 2 dhigit NACE

4.9

 

Líon na ndaoine atá fostaithe sa ghrúpa uilechónaitheach/teasctha

4.10

Roghnach

Láimhdeachas comhdhlúite

Saintréithe breise do ghrúpaí ilnáisiúnta gnóthas (cineálacha 2 agus 3 i 4.4):

Tá taifeadadh na n-athróg 4.11 agus 4.12a roghnach go dtí go mbunófar tarchur faisnéise maidir le grúpaí ilnáisiúnta, mar a fhoráiltear in Airteagal 11.

Saintréithe aitheantais

4.11

 

Uimhir aitheantais an ollghrúpa

4.12a

 

Ainm an ollghrúpa

4.12b

Roghnach

An tír inar cláraíodh é, seoltaí poist, ríomhphoist agus láithreáin ghréasáin cheannoifig an ollghrúpa

4.13a

 

Uimhir aitheantais cheann an ollghrúpa, más cónaitheach ceann an ghrúpa (is ionann agus uimhir aitheantais an aonaid dhlíthiúil, atá ina cheann ar an ngrúpa).

An tír inar cláraíodh ceann an ollghrúpa, más neamhchónaitheach é.

4.13b

Roghnach

Uimhir aitheantais nó ainm agus seoladh cheann an ollghrúpa, más neamhchónaitheach é

Saintréithe eacnamaíocha/srathaithe

4.14

Roghnach

Líon na ndaoine atá fostaithe go hiomlán

4.15

Roghnach

Láimhdeachas iomlán comhdhlúite

4.16

Roghnach

An tír ina bhfuil lárionad cinnteoireachta an ollghrúpa

4.17

Roghnach

Na tíortha ina bhfuil gnóthas nó aonaid áitiúla lonnaithe


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Bhallstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle (IO L 102, 7.4.2004, lch. 1).


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

Ghlac an Coimisiún a thogra (1) an 5 Aibreán 2005 agus é mar aidhm aige an Rialachán um Chláir Ghnó (CEE) 2186/93 a bhí ann a nuachóiriú agus na riachtanais staidrimh bhreise a tháinig chun cinn de réir a chéile a chur san áireamh. Rinneadh an togra a scrúdú agus a phlé i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle le linn Uachtaránachtaí éagsúla i ndiaidh a chéile.

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Thuairim ar an gcéad léamh an 1 Meitheamh 2006.

3.

Ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh CE an 21 Bealtaine 2007.

II.   CUSPÓIRÍ

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an dréacht-Rialacháin:

clárú a dhéanamh ar bhonn éigeantach ar na gnóthais ar fad, ar a n-aonaid áitiúla agus ar na haonaid dhlíthiúla lena mbaineann siad a mbíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bun acu a rannchuidíonn le holltáirgeacht intíre;

gach nasc airgeadais agus gach grúpa gnóthais a chumhdach agus sonraí maidir le grúpaí ilnáisiúnta agus leis na haonaid as a gcomhdhéantar iad a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat).

Chomh maith leis sin, tá comhchuibhiú idir na Ballstáit uile trí mhodheolaíocht chomhchoiteann a ghlacadh de chuspóir ag an togra.

III.   ANAILÍS AR AN GCOMHSHEASAMH

1.   Comhthéacs ginearálta

Thángthas ar chomhaontú faoin sainchomhad seo ar an gcéad léamh i mí an Mheithimh 2006 (PE-CONS 3624/06).

An 17 Iúil 2006, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2006/512/CE lena leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún agus lena dtugtar isteach nós imeachta nua dá ngairtear ‘nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú’ (Airteagal 5a).

Caithfear cloí leis an nós imeachta Coiste nua chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh, bearta lena bhfuiltear ag iarraidh eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunúsach a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a chomhlánú trí eilimintí neamhriachtanacha nua a chur léi.

2.   Oiriúnuithe a thug an Chomhairle isteach

Tagraíonn an dréacht-Rialachán don nós imeachta rialúcháin Coiste a bhíonn i gceist nuair a thugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún agus is gá a chur in oiriúint dá bhrí sin, más iomchuí, don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

Ghlac an Coimisiún leis an gcomhsheasamh a chomhaontaigh an Chomhairle.


(1)  COM(2005) 0112.


21.8.2007   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

CE 193/13


COMHSHEASAMH (CE) UIMH. 10/2007

a ghlac an Chomhairle an 28 Meitheamh 2007

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlamint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (‘Doiciméid a sheirbheáil’) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle

(2007/C 193 E/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c) agus an dara fleasc d'Airteagal 67(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé curtha roimhe ag an Aontas an tAontas a chothabháil agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine. Chun limistéar den sórt sin a bhunú, glacfaidh an Comhphobal, i measc beart eile, na bearta a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil gá leo chun go n-oibreoidh an margadh inmheánach mar is cuí.

(2)

Éilíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh go bhfeabhsófaí agus go mbrostófaí tarchur doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála atá le seirbheáil idir na Ballstáit.

(3)

Dhréachtaigh an Chomhairle, le Gníomh dar dáta an 26 Bealtaine 1997 (3), Coinbhinsiún maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus mhol sí go nglacfadh na Ballstáit é i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Níor tháinig an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm. Ba cheart go n-áiritheofaí an leanúnachas maidir le torthaí na caibidlíochta a rinneadh chun an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích.

(4)

An 29 Bealtaine 2000 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (4). Tá príomhábhar an Rialacháin sin bunaithe ar an gCoinbhinsiún.

(5)

An 1 Deireadh Fómhair 2004 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000. Is é an tátal a bhaintear as sa tuarascáil gur chuir cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 feabhas go ginearálta ar tharchur agus ar sheirbheáil doiciméad idir Bhallstáit agus gur bhrostaigh sé tarchur agus seirbheáil doiciméad idir Bhallstáit ó tháinig sé i bhfeidhm sa bhliain 2001 ach, ina ainneoin sin, nach bhfuil cur chun feidhme forálacha áirithe iomlán sásúil.

(6)

Éilíonn éifeachtacht agus luas i nósanna imeachta breithiúnacha in ábhair shibhialta go dtarchuirfí doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha go díreach agus faoi luas idir chomhlachtaí áitiúla a ainmneoidh na Ballstáit. Féadfaidh na Ballstáit a lua go bhfuil rún acu gan ach gníomhaireacht tarchuir nó gníomhaireacht fála amháin a ainmniú nó gan ach gníomhaireacht amháin a ainmniú leis an dá fheidhm sin a chur i gcrích ar feadh tréimhse cúig bliana. Ach féadfar an t-ainmniú sin a athnuachan gach cúig bliana.

(7)

Ar mhaithe le luas an tarchuir dlitear gach modh iomchuí a úsáid, ar chuntar go gcloítear le coinníollacha áirithe a bhaineann le hinléiteacht agus le hiontaofacht an doiciméid a fhaightear. Éilíonn slándáil tarchuir go mbeadh foirm chaighdeánach ag gabháil leis an doiciméad atá le tarchur, a bheidh le comhlánú i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina bhfuil an tseirbheáil le déanamh, nó i dteanga eile a nglacann an Ballstát atá i gceist léi.

(8)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméad a sheirbheáil ar ionadaí údaraithe an pháirtí sa Bhallstát i gcás ina dtarlóidh na himeachtaí gan aird ar an áit a bhfuil cónaí ar an bpáirtí sin.

(9)

Ba cheart seirbheáil doiciméid a dhéanamh an túisce is féidir, agus ar scor ar bith laistigh de mhí ón tráth a bhfaighidh an ghníomhaireacht fála an doiciméad.

(10)

Le héifeachtúlacht an Rialacháin seo a áirithiú, níor cheart go dtabharfaí deis diúltú do sheirbheáil doiciméad seachas i gcásanna eisceachtúla.

(11)

D'fhonn tarchur agus seirbheáil doiciméad idir Bhallstáit a éascú, ba cheart na foirmeacha caighdeánacha atá leagtha amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid.

(12)

Ba cheart go gcuirfeadh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas i scríbhinn agus ag úsáid na foirme caighdeánaí, go bhféadfaidh sé seirbheáil an doiciméid a dhiúltú tráth na seirbheála nó tríd an doiciméad a sheoladh ar ais chuig an ngníomhaireacht fála laistigh de sheachtain mura mbeidh sé i dteanga a thuigeann sé nó mura mbeidh sé i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála. Ba cheart go mbainfeadh an riail seo chomh maith leis an tseirbheáil a dhéanfaí ina dhiaidh sin nuair a bheadh a cheart diúltaithe curtha chun feidhme ag an seolaí. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha diúltaithe maidir le seirbheáil ó ghníomhairí taidhleoireachta nó consalachta, maidir le seirbheáil trí sheirbhísí poist, agus maidir le seirbheáil dhíreach. Ba cheart a dheimhniú gur féidir seirbheáil doiciméid a dhiúltaítear a leigheas trí aistriúchán ar an doiciméad a sheirbheáil ar an seolaí.

(13)

Ar mhaithe le luas an tarchuir dlitear doiciméid a sheirbheáil laistigh de chúpla lá ón uair a bhfaightear doiciméad. Ach mura mbeidh an tseirbheáil déanta i ndiaidh míosa, ba cheart don ghníomhaireacht fála an ghníomhaireacht tarchuir a chur ar an eolas. Níor cheart go dtuigfí gur cheart an iarraidh a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht tarchuir ar dhul in éag don tréimhse sin i gcás inar léir go bhfuil sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta.

(14)

Ba cheart go leanfadh an ghníomhaireacht fála ag déanamh na mbeart ar fad is gá leis an doiciméad a sheirbheáil chomh maith i gcásanna nach raibh sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh den mhí, mar shampla, de bhrí go raibh an cosantóir as baile ar saoire, nó go raibh sé as láthair ón oifig ar chúrsaí gnó. Ach ionas nach mbeadh dualgas síoraí ar an ngníomhaireacht fála céimeanna a thógáil le doiciméad a sheirbheáil, ba cheart go mbeadh an ghníomhaireacht tarchuir ábalta teorainn ama a shonrú ar an bhfoirm chaighdeánach nach mbeadh seirbheáil riachtanach a thuilleadh ina diaidh.

(15)

I bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na Ballstáit maidir lena rialacha nós imeachta, ní hionann an dáta ábhartha chun seirbheáil a dhéanamh i mBallstát amháin agus i mBallstát eile. Ag féachaint do shuímh den sórt sin agus do na deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann, ba cheart go bhforálfadh an Rialachán seo do chóras inarb é dlí an Bhallstáit a ndírítear air a chinnfeadh dáta na seirbheála. Ach i gcás ina gcaithfear doiciméad a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe de réir dlí Ballstáit, is é an dáta ba cheart a chur san áireamh maidir leis an iarratasóir an dáta a chinnfidh dlí an Bhallstáit sin. Is i líon teoranta Ballstát atá córas seo an dáta dhúbailte i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit sin a chuireann an córas seo i bhfeidhm é sin a chur in iúl don Choimisiún agus ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus í a chur ar fáil tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus in Ábhair Tráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (5).

(16)

D'fhonn rochtain ar cheartas a éascú, ba cheart gurbh ionann na costais a bhainfeadh le dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a ndírítear air agus táille shocraithe aonair a bheadh leagtha síos ag an mBallstát sin roimh ré agus a thugann aird ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Níor cheart go gcoiscfeadh an ceanglas ar tháille shocraithe aonair deis a bheith ag na Ballstáit táillí éagsúla a shocrú do chineálacha éagsúla seirbheála fad go n-urramóidh siad na prionsabail sin.

(17)

Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag gach Ballstát seirbheáil doiciméad a fheidhmiú go díreach trí sheirbhísí poist ar dhaoine a mbeadh cónaí orthu i mBallstát eile trí litir chláraithe lena ndéanfaí admháil nó a comhshamhail a chur in iúl.

(18)

Ba cheart go bhféadfadh aon duine a mbeadh leas aige in imeacht breithiúnach seirbheáil doiciméad a chur i gcrích go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí fheidhmeannaigh nó trí dhaoine inniúla eile ón mBallstát a ndírítear air, i gcás ina gceadófar an tseirbheáil dhíreach sin faoi dhlí an Bhallstáit sin.

(19)

Ba cheart go ndréachtódh an Coimisiún lámhleabhar ina mbeadh an fhaisnéis a bhaineann le cur i bhfeidhm iomchuí an Rialacháin seo, agus ba cheart an lámhleabhar a chur ar fáil tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus in Ábhair Tráchtála. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus iomlán, go háirithe ó thaobh shonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí fála agus na ngníomhaireachtaí tarchuir.

(20)

Agus na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ríomh, ba cheart gurb é Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (6) a bheadh i bhfeidhm.

(21)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(22)

Ba cheart, go háirithe, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na foirmeacha caighdeánacha atá leagtha amach sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú/a scriosadh a ceapadh iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(23)

Tá forlámhas ag an Rialachán seo, i gcaidreamh idir na Ballstáit ar páirtithe iad ann, ar na forálacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i socruithe a bhfuil an raon feidhme céanna acu, a thug na Ballstáit i gcrích, agus go háirithe ar an bPrótacal atá i gceangal le Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 (8) agus ar Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 (9). Ní choisceann an Rialachán seo ar Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a chur i gcrích chun tarchur doiciméad a bhrostú nó a shimpliú, ar chuntar go mbeidh na comhaontuithe nó na socruithe sin ag luí leis an Rialachán seo.

(24)

Ba cheart go mbeadh cosaint oiriúnach ag an bhfaisnéis a tharchuirfí de bhun an Rialacháin seo. Tagann an t-ábhar seo faoi raon feidhme Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine a chosaint ó thaobh sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10), agus faoi raon feidhme Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (An Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (11).

(25)

Tráth nach deireanaí ná an 1 Meitheamh 2011 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon leasuithe is cosúil is gá a dhéanamh a mholadh.

(26)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(27)

D'fhonn na forálacha a dhéanamh níos sorochtana agus níos inléite, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(28)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá páirt á glacadh ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála i gcás nach foláir doiciméad breithiúnach nó doiciméad seachbhreithiúnach a tharchur ó Bhallstát amháin chuig Ballstát eile lena sheirbheáil ann. Ní bhainfidh sé, go háirithe, le hábhair ioncaim, le hábhair custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit (‘acta iure imperii’).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach eol seoladh an duine a bhfuil an doiciméad le seirbheáil air.

3.   Sa Rialachán seo, ciallóidh an téarma ‘Ballstát’ na Ballstáit seachas an Danmhairg.

Airteagal 2

Gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile, dá ngairfear ‘gníomhaireachtaí tarchuir’ anseo feasta, a bheidh inniúil chun doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha a bheidh le seirbheáil i mBallstát eile a tharchur.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile, dá ngairfear ‘gníomhaireachtaí fála’ anseo feasta, a bheidh inniúil chun doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha a fháil ó Bhallstát eile.

3.   Féadfaidh Ballstát gníomhaireacht tarchuir amháin agus gníomhaireacht fála amháin nó gníomhaireacht amháin a chuirfeadh an dá fheidhm sin i gcrích a ainmniú. Féadfaidh Stát cónaidhme, Stát ina bhfuil feidhm ag dlíchórais éagsúla nó Stát a bhfuil aonaid chríche fhéinrialaithe ann breis agus gníomhaireacht amháin den sórt sin a ainmniú. Beidh éifeacht leis an ainmniú sin go ceann tréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan gach cúig bliana.

4.   Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

ainmneacha agus seoltaí na ngníomhaireachtaí fála dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3;

(b)

na limistéir gheografacha ina bhfuil dlínse acu;

(c)

na meáin chun doiciméid a fháil atá ar fáil dóibh; agus

(d)

na teangacha is féidir a úsáid chun an fhoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chomhlánú.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis sin ina dhiaidh sin.

Airteagal 3

Comhlacht lárnach

Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht lárnach a mbeidh na cúraimí seo a leanas de fhreagracht air:

(a)

faisnéis a sholáthar do na gníomhaireachtaí tarchuir;

(b)

réitigh a lorg ar aon deacrachtaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus doiciméid atá le seirbheáil á dtarchur;

(c)

iarraidh ar sheirbheáil a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht fála inniúil, i gcásanna eisceachtúla, arna iarraidh sin do ghníomhaireacht tarchuir.

Féadfaidh Stát cónaidhme, Stát ina bhfuil dlíchórais éagsúla i bhfeidhm nó Stát a bhfuil aonaid chríche fhéinrialaithe ann breis agus comhlacht lárnach amháin a ainmniú.

CAIBIDIL II

DOICIMÉID BHREITHIÚNACHA

ROINN 1

Doiciméid bhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil

Airteagal 4

Doiciméid a tharchur

1.   Déanfar doiciméid bhreithiúnacha a tharchur go díreach agus an túisce is féidir idir na gníomhaireachtaí arna n-ainmniú de bhun Airteagal 2.

2.   Féadfar doiciméid, iarrataí, daingnithe, admhálacha, deimhnithe agus gach cáipéis eile a tharchur idir gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála trí aon mheán iomchuí, ar chuntar go mbeidh ábhar an doiciméid a fuarthas dílis cruinn i gcomparáid le hábhar an doiciméid arna tharchur agus go mbeidh an fhaisnéis go léir ann inléite go héasca.

3.   Beidh iarraidh a dréachtaíodh ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I ag gabháil leis an doiciméad a bheidh le tarchur. Déanfar an fhoirm a chomhlánú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, i dteanga nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát sin in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Cuirfidh gach Ballstát in iúl an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh seachas a cheann féin atá inghlactha aige leis an bhfoirm a chomhlánú.

4.   Beidh na doiciméid agus na cáipéisí uile a tharchuirfear díolmhaithe ó fhíorú nó ó aon fhoirmiúlacht den sórt sin.

5.   Nuair is mian leis an ngníomhaireacht tarchuir go gcuirfí cóip den doiciméad ar ais chuici maille leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 10, seolfaidh sí an doiciméad i ndúblach.

Airteagal 5

Doiciméid a aistriú

1.   Cuirfidh an ghníomhaireacht tarchuir a gcuireann an t-iarratasóir an doiciméad chuici lena tarchur an duine sin ar an eolas go bhféadfadh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad mura mbeidh sé i gceann de na teangacha dá bhforáiltear in Airteagal 8.

2.   Is ar an iarratasóir a thitfidh aon chostais ar aistriúchán roimh tharchur an doiciméid, gan dochar d'aon chinneadh a d'fhéadfadh cúirt nó údarás inniúil a dhéanamh ina dhiaidh sin maidir le dliteanas i leith na gcostas sin.

Airteagal 6

Doiciméid a fháil ag gníomhaireacht fála

1.   Ar dhoiciméad a fháil, cuirfidh gníomhaireacht fála admháil chuig an ngníomhaireacht tarchuir trí na meáin tarchuir is tapúla is féidir, a luaithe is féidir agus ar scor ar bith laistigh de sheacht lá ón tráth a bhfuarthas é, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   I gcás nach bhféadfar an iarraidh ar sheirbheáil a chomhlíonadh ar bhonn na faisnéise nó na ndoiciméad a tarchuireadh, rachaidh an ghníomhaireacht fála i dteagmháil leis an ngníomhaireacht tarchuir tríd an meán tarchuir is tapúla is féidir chun an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a fháil.

3.   Más follas go bhfuil an iarraidh ar sheirbheáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó mura féidir an tseirbheáil a dhéanamh de bharr neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha foirmiúla riachtanacha, déanfar an t-iarratas agus na doiciméid a tarchuireadh a chur ar ais, nuair a gheofar iad, chuig an ngníomhaireacht tarchuir, maille leis an bhfógra aischuir, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

4.   Gníomhaireacht fála a gheobhaidh doiciméad le seirbheáil ach nach mbeidh dlínse chríche aici chun é a sheirbheáil, cuirfidh sí ar aghaidh é, maille leis an iarraidh, chuig an ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát céanna má chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 4(3) agus cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas dá réir, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an ghníomhaireacht fála sin an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas nuair a gheobhaidh sí an doiciméad, ar an modh dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 7

Doiciméid a sheirbheáil

1.   Déanfaidh an ghníomhaireacht fála an doiciméad a sheirbheáil í féin, nó áiritheoidh sí go seirbheálfar é, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air nó ar mhodh leithleach arna iarraidh sin don ghníomhaireacht tarchuir, ach amháin mura mbeidh an modh sin ag luí le dlí an Bhallstáit sin.

2.   Déanfaidh an ghníomhaireacht fála na bearta ar fad is gá le seirbheáil an doiciméid a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ar scor ar bith laistigh de mhí ón uair a bhfuarthas é. Mura mbeidh sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de mhí ón uair a bhfaightear é, déanfaidh an ghníomhaireacht fála:

(a)

an ghníomhaireacht tarchuir a chur ar an eolas láithreach leis an deimhniú atá san fhoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, a dhréachtófar faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2); agus

(b)

leanúint de na bearta ar fad is gá a dhéanamh leis an doiciméad a sheirbheáil, mura mbeidh a mhalairt luaite ag an ngníomhaireacht tarchuir, i gcás inar cosúil go bhfuil sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta.

Airteagal 8

Diúltú glacadh le doiciméad

1.   Cuirfidh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn II go bhféadfadh sé nó sí diúltú an doiciméad atá le seirbheáil a ghlacadh tráth na seirbheála nó diúltú é a ghlacadh trína sheoladh ar ais chuig an ngníomhaireacht fála laistigh de sheachtain mura mbeidh sé scríofa, nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis, i gceann de na teangacha seo a leanas:

(a)

teanga a thuigeann an seolaí;

(b)

teanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil.

2.   I gcás ina gcuirfear an ghníomhaireacht fála ar an eolas go ndiúltaíonn an seolaí glacadh leis an doiciméad i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach leis an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus cuirfidh sí an iarraidh agus na doiciméid a n-iarrtar aistriúchán orthu ar ais.

3.   Má dhiúltaigh an seolaí glacadh leis an doiciméad de bhun mhír 1, is féidir seirbheáil an doiciméid a leigheas tríd an doiciméad lena ngabhfaidh aistriúchán den doiciméad i dteanga dá bhforáiltear i mír 1 a sheirbheáil ar an seolaí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, is é dáta seirbheála an doiciméad an dáta a seirbheáiltear an doiciméad a bhfuil an t-aistriúchán ag gabháil leis i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air. Ach i gcás ina gcaithfear doiciméad a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe i gcomhréir le dlí Ballstáit, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir dáta seirbheála an doiciméid thosaigh arna chinneadh de bhun Airteagal 9(2).

4.   Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 freisin maidir leis an modh tarchuir agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá bhforáiltear in Roinn 2.

5.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na gníomhairí taidhleoireachta nó consalachta, i gcás inar i gcomhréir le hAirteagal 13 a dhéantar an tseirbheáil, nó an t-údarás nó an duine, i gcás inar i gcomhréir le hAirteagal 14 a dhéantar an tseirbheáil, an seolaí a chur ar an eolas go dtig leis diúltú glacadh leis an doiciméad agus nach mór aon doiciméad a dhiúltaítear a sheoladh chuig na gníomhairí sin nó chuig an údarás sin nó chuig an duine sin faoi seach.

Airteagal 9

Dáta seirbheála

1.   Gan dochar d'Airteagal 8, is é dáta seirbheála doiciméid de bhun Airteagal 7 an dáta ar seirbheáladh é i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air.

2.   Ach i gcás ina gcaithfear doiciméad a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe i gcomhréir le dlí Ballstáit, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir an dáta a chinnfear le dlí an Bhallstáit sin.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 freisin maidir leis an modh tarchuir agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá dtagraítear i Roinn 2.

Airteagal 10

Deimhniú seirbheála agus cóip den doiciméad a seirbheáladh

1.   Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí maidir leis an doiciméad a sheirbheáil críochnaithe, dréachtófar deimhniú comhlánaithe maidir leis na foirmiúlachtaí, san fhoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus seolfar chuig an ngníomhaireacht tarchuir é, maille le cóip den doiciméad arna sheirbheáil, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(5).

2.   Déanfar an deimhniú a chomhlánú i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit tionscnaimh, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát tionscnaimh in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Cuirfidh gach Ballstát in iúl an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh seachas a cheann féin atá inghlactha aige leis an fhoirm a chomhlánú.

Airteagal 11

Costais seirbheála

1.   Ní bheidh cánacha ná costais le híoc ná le haisíoc i leith seirbhísí arna soláthar ag an mBallstát a ndírítear air maidir le doiciméid bhreithiúnacha a thagann ó Bhallstát a sheirbheáil.

2.   Is é an t-iarratasóir, áfach, a íocfaidh nó a aisíocfaidh na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a ndírítear air;

(b)

modh áirithe seirbheála a úsáid.

Beidh na costais a bhainfidh le dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó le dul i muinín duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a ndírítear air ar comhréir le táille shocraithe aonair a bheidh leagtha síos ag an mBallstát sin roimh ré agus a thabharfaidh aird ar phrionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe. Cuirfidh na Ballstáit na táillí socraithe sin in iúl don Choimisiún.

ROINN 2

Modhanna eile chun doiciméid bhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil

Airteagal 12

Tarchur trí chainéil taidhleoireachta nó consalachta

Beidh sé de shaoirse ag gach Ballstát, i gcásanna eisceachtúla, cainéil consalachta nó taidhleoireachta a úsáid le doiciméid bhreithiúnacha a sheoladh ar aghaidh, chun críche seirbheála, chuig na gníomhaireachtaí sin de chuid Ballstáit eile a ainmneofar de bhun Airteagal 2 nó Airteagal 3.

Airteagal 13

Seirbheáil ó ghníomhairí taidhleoireachta nó consalachta

1.   Beidh sé de shaoirse ag gach Ballstát doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile trína ghníomhairí taidhleoireachta nó trína ghníomhairí consalachta go díreach, gan aon éigeantas a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh aon Bhallstát a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 23(1), go bhfuil sé i gcoinne seirbheála den sórt sin ar a chríoch, mura mbeidh na doiciméid le seirbheáil ar náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit óna dtionscnaíonn na doiciméid sin.

Airteagal 14

Seirbheáil trí sheirbhísí poist

Beidh sé de shaoirse ag gach Ballstát seirbheáil doiciméad breithiúnach a fheidhmiú go díreach trí sheirbhísí poist chuig daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile trí litir chláraithe lena ndéanfar admháil nó a comhshamhail a chur in iúl.

Airteagal 15

Seirbheáil dhíreach

Féadfaidh aon duine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach seirbheáil doiciméad breithiúnach a chur i gcrích go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí oifigigh nó trí dhaoine inniúla eile ón mBallstát a ndírítear air, i gcás ina gceadófar an tseirbheáil dhíreach sin faoi dhlí an Bhallstáit sin.

CAIBIDIL III

DOICIMÉID SHEACHBHREITHIÚNACHA

Airteagal 16

Tarchur

Féadfar doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur lena seirbheáil i mBallstát eile i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Rialacha cur chun feidhme

Bearta a ceapadh le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a bhaineann leis na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta nó le leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu, glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2) iad.

Airteagal 18

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 19

Nuair nach dtiocfaidh an cosantóir i láthair

1.   I gcás nárbh fholáir eascaire toghairme nó doiciméad coibhéiseach a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus nár tháinig an cosantóir i láthair, ní thabharfar breithiúnas go dtí go mbeidh sé suite:

(a)

go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil trí mhodh arna fhorordú ag dlí inmheánach an Bhallstáit a ndírítear air chun doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí inmheánacha ar dhaoine atá laistigh dá chríoch; nó

(b)

go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar a áit chónaithe trí mhodh eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

agus go ndearnadh, i gceachtar den dá chás sin, an tseirbheáil nó an seachadadh in am trátha chun a chur ar chumas an chosantóra cosaint a dhéanamh.

2.   Féadfaidh gach Ballstát a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 23(1), go bhféadfaidh an breitheamh, d'ainneoin fhorálacha mhír 1, breith a thabhairt fiú mura mbeidh deimhniú seirbheála nó seachadta faighte, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur tarchuireadh an doiciméad trí cheann de na modhanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

go bhfuil tréimhse ama nach lú ná sé mhí caite ó dháta tarchuir an doiciméid, tréimhse a mheasann an breitheamh sa chás áirithe sin a bheith leordhóthanach;

(c)

nach bhfuil deimhniú d'aon sórt faighte, cé go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun é a fháil trí údaráis nó trí chomhlachtaí inniúla an Bhallstáit a ndírítear air.

3.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh an breitheamh, i gcás práinne, aon bhearta sealadacha nó cosanta a ordú.

4.   Nuair ba ghá eascaire toghairme nó doiciméad coibhéiseach a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus nuair atá breithiúnas taifeadta i gcoinne cosantóir nár láithrigh, beidh de chumhacht ag an mbreitheamh faoiseamh a thabhairt don chosantóir ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach raibh eolas ag an gcosantóir, gan aon locht air féin, faoin doiciméad in am trátha chun cosaint a dhéanamh nó ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh; agus

(b)

gur nocht an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua an tuillteanais.

Ní fhéadfar iarratas ar fhaoiseamh a thaisceadh ach amháin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis don chosantóir a bheith ar an eolas faoin mbreithiúnas.

Féadfaidh gach Ballstát a fhógairt, i gcomhréir le hAirteagal 23(1), nach dtabharfar aird ar an iarratas má thaisctear é tar éis dul in éag do thréimhse a luafar san fhógra sin, tréimhse nach lú ar aon chuma ná bliain tar éis dháta an bhreithiúnais.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le breithiúnais a bhaineann le stádas nó le hinniúlacht daoine.

Airteagal 20

Caidreamh le comhaontuithe nó le socruithe ar páirtithe na Ballstáit iontu

1.   Sna hábhair a bhfuil feidhm aige maidir leo, beidh forlámhas ag an Rialachán seo ar na forálacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó sna socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a chuir na Ballstáit i gcrích, agus go háirithe Airteagal IV den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún na Bruiséile 1968 agus le Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965.

2.   Ní choiscfidh an Rialachán seo ar Bhallstáit aonair comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a thabhairt i gcrích chun tarchur doiciméad a bhrostú tuilleadh nó a shimpliú, ar chuntar go mbeidh siad ag luí leis an Rialachán seo.

3.   Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún:

(a)

cóip de na comhaontuithe nó de na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a tugadh i gcrích idir na Ballstáit mar aon le dréachtaí de chomhaontuithe nó de shocruithe den sórt sin atá sé beartaithe acu a ghlacadh;

agus

(b)

aon séanadh nó aon leasuithe a rinneadh ar na comhaontuithe nó ar na socruithe sin.

Airteagal 21

Cúnamh dlíthiúil

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 23 de Choinbhinsiún an 17 Iúil 1905 maidir le nós imeachta sibhialta, Airteagal 24 de Choinbhinsiún an 1 Márta 1954 maidir le nós imeachta sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

Airteagal 22

Faisnéis a tharchuirfear a chosaint

1.   Ní bhainfidh an ghníomhaireacht fála úsáid as faisnéis, lena n-áirítear go háirithe sonraí pearsanta, arna tarchur faoin Rialachán seo ach amháin chun na críche ar tarchuireadh í.

2.   Déanfaidh gníomhaireachtaí fála rúndacht faisnéise den sórt sin a áirithiú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.   Ní dhéanfaidh mír 1 ná mír 2 difear do dhlíthe náisiúnta lena gcumasaítear daoine is ábhair do shonraí a chur ar an eolas maidir leis an úsáid a bhaintear as faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo.

4.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do Threoir 95/46/CE ná do Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 23

Cumarsáid agus foilsiú

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2, 3, 4, 10, 11, 13, 15 agus 19 in iúl don Choimisiún. Más rud é go gcaithfear doiciméad a sheirbheáil de réir a ndlí laistigh de thréimhse áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 9(2), cuirfidh na Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirtear in iúl dó i gcomhréir le mír 1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, seachas seoltaí agus sonraí teagmhála eile na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí lárnacha agus na limistéir gheografacha ina bhfuil dlínse acu.

3.   Dréachtóidh an Coimisiún lámhleabhar, a thabharfar cothrom le dáta go rialta, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 1, agus a chuirfear ar fáil go leictreonach, go háirithe tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála.

Airteagal 24

Athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2011, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina mbeidh aird speisialta ar éifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí a ainmneofar de bhun Airteagal 2, agus freisin ar chur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 3(c) agus Airteagal 9. Beidh moltaí ag gabháil leis an tuarascáil sin maidir le hoiriúnú an Rialacháin seo, más gá, i gcomhréir le héabhlóid na gcóras fógartha.

Airteagal 25

Aisghairm

1.   Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 a aisghairm le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Tagairtí don Rialachán aisghairthe forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus ba cheart iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … (12) seachas Airteagal 23 a mbeidh feidhm aige ón … (13).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh i/sa,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 88, 11.4.2006, lch. 7.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an …

(3)  IO C 261, 27.8.1997, lch. 1. An lá ar dréachtaíodh an Coinbhinsiún thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil mhínitheach faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach ar leathanach 26 den Iris Oifigiúil réamhluaite.

(4)  IO L 160, 30.6.2000, lch. 37.

(5)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.

(6)  IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(8)  Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 299, 31.12.1972, lch. 32; leagan comhdhlúite, IO C 27, 26.1.1998, lch. 1).

(9)  Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó tráchtála a sheirbheáil thar lear.

(10)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(11)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54).

(12)  Dhá mhí dhéag tar éis ghlacadh an Rialacháin seo.

(13)  Naoi mí tar éis ghlacadh an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an chéad abairt

Airteagal 1(1), an dara habairt

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2) an chéad abairt

Airteagal 7(2) an chéad abairt

Airteagal 7(2) an dara habairt

Airteagal 7(2) an dara habairt (an abairtín réamhráiteach) agus Airteagal 7(2)(a)

Airteagal 7(2)(b)

Airteagal 7(2) an tríú habairt

Airteagal 8(1) an abairtín réamhráiteach

Airteagal 8(1) an abairtín réamhráiteach

Airteagal 8(1)(a)

Airteagal 8(1)(b)

Airteagal 8(1)(b)

Airteagal 8(1)(a)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3) go (5)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2) an chéad fhomhír

Airteagal 11(2) an dara fomhír

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14(1)

Airteagal 14

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 15

Airteagal 15(2)

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17, an abairtín réamhráiteach

Airteagal 17

Airteagal 17(a) go (c)

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 23(1)

Airteagal 23(1) an chéad abairt

Airteagal 23(1) an dara habairt

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25

Airteagal 26

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

Chuir an Coimisiún togra isteach in Iúil 2005 le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasófaí Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle. Tar éis dianphléití maidir leis an togra sin sa choiste inniúil de chuid na Chomhairle, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta ag a cruinniú an 1 agus an 2 Meitheamh 2006. I ndiaidh an chur chuige ghinearálta sin rinneadh teagmhálacha le Parlaimint na hEorpa agus thángthas ar chomhaontú maidir leis na leasuithe a dhéanfaí ar Rialachán Uimh. 1348/2000. Bhí an dá institiúid den tuairim gur cheart Rialachán Uimh. 1348/2000 a chódú seachas é a leasú amháin, ar mhaithe leis an dea-reachtú.

Dá réir sin, ghlac Parlaimint na hEorpa ina tuairim in Iúil 2006 roinnt leasuithe a d'fhreagair do na leasuithe ar comhaontaíodh orthu leis an gComhairle agus d'iarr sí go foirmiúil ar an gCoimisiún leagan códaithe de Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 a chur faoina bráid i gcruth togra leasaithe.

I gcomhlíonadh na hiarrata sin, chuir an Coimisiún togra leasaithe faoina bráid ansin an 4 Nollaig 2006 le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála (‘doiciméid a sheirbheáil’) inar ionchorpraíodh na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agus lena leasófaí an Rialachán sin.

Cheadaigh an Chomhairle leagan den téacs seo a ndearnadh mionleasuithe air d'aon toil ag a cruinniú an 19 agus 20 Aibreán 2007 agus tarraingíodh suas comhsheasamh ón gComhairle ina dhiaidh sin. Ghlac an Chomhairle an comhsheasamh sin go foirmiúil d'aon toil [an 28 Meitheamh 2007].

II.   ANAILÍS AR AN GCOMHSHEASAMH

Cloíonn comhsheasamh na Comhairle leis an téacs ar chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air agus cloíonn sé mar sin roinnt mhaith le togra leasaithe an Choimisiúin. Ní dhearnadh athruithe ach amháin i gcás ina raibh téacs an togra leasaithe éagsúil leis an téacs ar comhaontaíodh air nó inar ghá leasuithe ar chúiseanna eile. Tarraingítear aird ar na priomhathruithe thíos.

Athruithe nár ghlac an Chomhairle leo

Airteagal 1(2)(b)

Bhí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis comhaontú ar aithris nua a chur isteach (Leasú 7 ó PhE). Bhí an Coimisiún tar éis an aithris nua sin (Aithris 8) a chur isteach ina thogra leasaithe, ach bhí sé tar éis foráil a chur isteach in Airteagal 1(2)(b). Ós rud é nach raibh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis comhaontú ar an bhforáil nua sin, tá an Chomhairle tar éis an fhoráil bhreise a scriosadh. Mar sin, leanann an comhsheasamh an cur chuige a comhaontaíodh.

Airteagal 19

Bhí mionéagsúlacht idir fhoclaíocht Airteagal 19 i dtogra leasaithe an Choimisiúin agus foclaíocht Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1348/2000 sa mhéid is nár luadh a thuilleadh doiciméad a bheith á ‘sheachadadh’ ar an gcosantóir. Ós rud é nach raibh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis comhaontú ar aon leasú ar Airteagal 19, tá an Chomhairle tar éis filleadh ar an téacs roimhe sin ina chomhsheasamh.

Athruithe ar ghlac an Chomhairle leo

Bhí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis comhaontú ar Airteagal 15a nua a chur isteach (Leasú 25 ó PhE). Ina thogra leasuithe ghlac an Coimisiún le substaint an leasaithe nua seo, ach roghnaigh sé réiteach arb éard a bheadh ann dhá mhír nua a chur isteach in Airteagal 8 agus mír nua amháin in Airteagal 9 seachas foráil shonrach. Creideann an Chomhairle go bhfuil an réiteach seo ag teacht go hiomlán leis an dea-reachtú agus tá sí tar éis é a ionchorprú ina comhsheasamh, mar sin.

Rialachán Uimh. 1348/2000 a aisghairm

Ós rud é gur éiligh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí Rialachán Uimh. 1348/2000 a chódú, chuir an Coimisiún na forálacha is gá maidir le haisghairm an Rialacháin sin (Aithris 27, Airteagal 25 agus an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III) isteach ina thogra leasaithe. Tá an Chomhairle tar éis na forálacha seo agus an tábla comhghaoil a ionchorprú ina comhsheasamh, ar mhaithe leis an dea-reachtú.

Athruithe a rinne an Chomhairle

Nuair a glacadh Rialachán 1348/2000 i mBealtaine 2000, ní raibh nós imeachta ann go fóill maidir leis an gcaoi a ndéileálfaí leis an Danmhairg gan a bheith páirteach, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le Seasamh na Danmhairge, i mbearta a ghlacadh de bhun Theideal IV den Chonradh CE agus le bearta den sórt sin gan a bheith ina gceangal ar an Danmhairg ná gan feidhm a bheith acu sa Danmhairg. Mar sin, níor fholaigh Rialachán 1348/2000 an fhoráil is gnách faoin tráth seo maidir le sainmhíniú ar ‘Ballstát’. D'fhonn an bearna seo a líonadh tá an Chomhairle tar éis mír 3 nua a chur isteach in Airteagal 1 ina comhsheasamh. Tá an Chomhairle tar éis na coigeartuithe cuí a dhéanamh sna hIarscribhinní freisin a éiríonn as an Danmhairg a eisiamh.

III.   CONCLÚID

Measann an Chomhairle go bhfuil a comhsheasamh i dtaca leis an Rialachán maidir le doiciméid a sheirbheáil ag teacht leis na leasuithe a bhí ag teastáil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus go bhfuil an comhsheasamh ag teacht le togra leasaithe ón gCoimisiún ina n-ionchorpraítear na leasuithe sin.