ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 169

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

48
8 Iúil 2005


Clár

Leathanach

 

I   Faisnéis

 

Comhairle

2005/C 169/1

Coinbhinsiún ar aontú Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus don Chéad Phrótacal agus don Dara Prótacal ar léiriú air ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach

1

GA

 


I Faisnéis

Comhairle

8.7.2005   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 169/1


COINBHINSIÚN

AR AONTÚ PHOBLACHT NA SEICE, PHOBLACHT NA hEASTÓINE, PHOBLACHT NA CIPIRE, PHOBLACHT NA LAITVIA, PHOBLACHT NA LIOTUÁINE, PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, PHOBLACHT MHÁLTA, PHOBLACHT NA POLAINNE, PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE AGUS PHOBLACHT NA SLÓVAICE DON CHOINBHINSIÚN AR AN DLÍ IS INFHEIDHME MAIDIR LE hOIBLEAGÁIDÍ CONARTHACHA, A OSCLAÍODH CHUN A SHÍNITHE SA RÓIMH AN 19 MEITHEAMH 1980, AGUS DON CHÉAD PHRÓTACAL AGUS DON DARA PRÓTACAL AR LÉIRIÚ AIR AG CÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA SA CHONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH,

AG TABHAIRT DÁ nAIRD an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, agus go háirithe Airteagal 5(2) di,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur ghabh na Ballstáit nua orthu féin, ar theacht dóibh chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas Eorpach, aontú don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus don Chéad Phrótacal agus don Dara Prótacal ar léiriú air ag an gCúirt Bhreithiúnais, mar atá arna leasú leis an gCoinbhinsiún a síníodh i Lucsamburg an 10 Aibreán 1984 ar aontú na Poblachta Heilléanaí, leis an gCoinbhinsiún a síníodh in Funchal an 18 Bealtaine 1992 ar aontú Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile agus leis an gCoinbhinsiún a síníodh sa Bhruiséil an 29 Samhain ar aontú Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Aontaíonn Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice leis seo:

(a)

don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh an 19 Meitheamh 1980 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún 1980’ anseo feasta), mar atá arna oiriúnú agus arna leasú:

leis an gCoinbhinsiún, a síníodh i Lucsamburg an 10 Aibreán 1984 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún 1984’ anseo feasta), ar aontú na Poblachta Heilléanaí don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha,

leis an gCoinbhinsiún, a síníodh in Funchal an 18 Bealtaine 1992 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún 1992’ anseo feasta), ar aontú Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha,

leis an gCoinbhinsiún, a síníodh sa Bhruiséil an 29 Samhain 1996 (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún 1996’ anseo feasta), ar aontú Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha;

(b)

don Chéad Phrótacal, a síníodh an 19 Nollaig 1988 (dá ngairtear ‘Céad Phrótacal 1988’ anseo feasta), ar léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ar an gCoinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, mar atá arna oiriúnú agus arna leasú le Coinbhinsiún 1992 agus le Coinbhinsiún 1996;

(c)

don Dara Prótacal, a síníodh an 19 Nollaig 1988 (dá ngairtear ‘Dara Prótacal 1988’ anseo feasta), ag tabhairt cumhachtaí áirithe do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun an Coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a léiriú.

TEIDEAL II

OIRIÚNUITHE AR CHÉAD PHRÓTACAL 1988

Airteagal 2

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach in Airteagal 2, pointe (a):

(a)

idir an chéad fhleasc agus an dara fleasc:

‘—

i bPoblacht na Seice:

 

Nejvyšší soud České republiky

 

Nejvyšší správní soud,’

;

(b)

idir an tríú fleasc agus an ceathrú fleasc:

‘—

san Eastóin:

 

Riigikohus,’

;

(c)

idir an t-ochtú fleasc agus an naoú fleasc:

‘—

sa Chipir:

 

Ανώτατο Δικαστήριο

sa Laitvia:

 

Augstākās Tiesas Senāts

sa Liotuáin:

 

Lietuvos Aukščiausiasis Teismas

 

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas,’

;

(d)

idir an naoú fleasc agus an deichiú fleasc:

‘—

san Ungáir:

 

Legfelsõbb Bíróság

i Málta:

 

Qorti ta' l-Appell,’

;

(e)

idir an t-aonú fleasc déag agus an dóú fleasc déag:

‘—

sa Pholainn:

 

Sąd Najwyższy

 

Naczelny Sąd Administracyjny,’

;

(f)

idir an dara fleasc déag agus an tríú fleasc déag:

‘—

sa tSlóivéin:

 

Ustavno sodišče Republike Slovenije

 

Vrhovno sodišče Republike Slovenije

sa tSlóvaic:

 

Najvyšší súd Slovenskej republiky,’

.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 3

1.   Déanfaidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh cóip dheimhnithe de Choinbhinsiún 1980, de Choinbhinsiún 1984, de Chéad Phrótacal 1988, de Dhara Prótacal 1988, de Choinbhinsiún 1992 agus de Choinbhinsiún 1996 sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus san tSualainnis a chur chuig Rialtais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice.

2.   Is téacsanna údarásacha iad na téacsanna de Choinbhinsiún 1980, de Choinbhinsiún 1984, de Chéad Phrótacal 1988, de Dhara Prótacal 1988, de Choinbhinsiún 1992 agus de Choinbhinsiún 1996 san Eastóinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis agus san Ungáiris faoi na coinníollacha céanna leis na téacsanna eile de Choinbhinsiún 1980, de Choinbhinsiún 1984, de Chéad Phrótacal 1988, de Dhara Prótacal 1988, de Choinbhinsiún 1992 agus de Choinbhinsiún 1996.

Airteagal 4

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArdrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, amhail idir na Stáit a mbeidh daingniú déanta acu air, ar an gcéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh an dara hionstraim dhaingniúcháin.

2.   Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm do gach Stát sínitheach a dhéanfaidh daingniú air dá éis sin ar an gcéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh a ionstraime daingniúcháin.

Airteagal 6

Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh in iúl do Stáit shínitheacha an Choinbhinsiúin seo:

(a)

taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b)

dátaí an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm i leith na Stát Conarthach.

Airteagal 7

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann den 21 téacs; taiscfear é i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an tArdrúnaí cóip dheimhnithe de chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.

Hecho en Luxemburgo, el catorce de abril de dos mil cinco.

V Lucemburku dne čtrnáctého dubna dva tisíce pět.

Udfærdiget i Luxembourg den fjortende april to tusind og fem.

Geschehen zu Luxemburg am vierzehnten April zweitausendfünf.

Kahe tuhande viienda aasta aprillikuu neljateistkümnendal päeval Luxembourgis.

Έγινε στο Λουξεμβούργο, στις δέκα τέσσερις Απριλίου δύο χιλιάδες πέντε.

Done at Luxembourg on the fourteenth day of April in the year two thousand and five.

Fait à Luxembourg, le quatorze avril deux mille cinq.

Arna déanamh i Lucsamburg, an ceathrú lá déag d’Aibreán sa bhliain dhá mhíle is a cúig.

Fatto a Lussemburgo, addì quattordici aprile duemilacinque.

Luksemburgā, divi tūkstoši piektā gada četrpadsmitajā aprīlī.

Priimta du tūkstančiai penktų metų balandžio keturioliktą dieną Liuksemburge.

Kelt Luxembourgban, a kettőezer-ötödik év április tizennegyedik napján.

Magħmul fil-Lussemburgu, fl-erbatax-il jum ta’ April tas-sena elfejn u ħamsa.

Gedaan te Luxemburg, de veertiende april tweeduizend vijf.

Sporządzono w Luksemburgu dnia czternastego kwietnia roku dwa tysiące piątego.

Feito no Luxemburgo, em catorze de Abril de dois mil e cinco.

V Luxembourgu, štirinajstega aprila leta dva tisoč pet.

V Luxemburgu dňa štrnásteho apríla dvetisícpäť.

Tehty Luxemburgissa neljäntenätoista päivänä huhtikuuta vuonna kaksituhattaviisi.

Som skedde i Luxemburg den fjortonde april tjugohundrafem.

Pour le gouvernement du Royaume de Belgique

Voor de regering van het Koninkrijk België

Für die Regierung des Königreichs Belgien

Image

Za vládu České republiky

Image

For regeringen for Kongeriget Danmark

Image

Für die Regierung der Bundesrepublik Deutschland

Image

Image

Eesti Vabariigi valitsuse nimel

Image

Για την κυβέρνηση της Ελληνικής Δημοκρατίας

Image

Por el Gobierno del Reino de España

Image

Pour le gouvernement de la République française

Image

Thar ceann Rialtas na hÉireann

For the Government of Ireland

Image

Per il governo della Repubblica italiana

Image

Για την κυβέρνηση της Κυπριακής Δημοκρατίας

Image

Latvijas Republikas valdības vārdā

Image

Lietuvos Respublikos Vyriausybès vardu

Image

Pour le gouvernement du Grand-Duché de Luxembourg

Image

A Magyar Köztársaság kormánya részéről

Image

Għall-Gvern tar-Repubblika ta’ Malta

Image

Voor de regering van het Koninkrijk der Nederlanden

Image

Für die Regierung der Republik Österreich

Image

W imieniu Rządu Rzeczypospolitej Polskiej

Image

Pelo Governo da República Portuguesa

Image

Za vlado Republike Slovenije

Image

Za vládu Slovenskej republiky

Image

Suomen hallituksen puolesta

På finska regeringens vägnar

Image

På svenska regeringens vägnar

Image

For the Government of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland

Image