Nasc idir fóirithint, athshlánú agus forbairt
ACHOIMRE AR:
Theachtaireacht COM(2001) 153 final ón gCoimisiún: cur chuige an Naisc idir Fóirithint, Athshlánú agus Forbairt
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?
Pléann oibríochtaí fóirithinte éigeandála le riachtanais phráinneacha, ach ba cheart dóibh bealaí a aimsiú freisin chun athléimneacht in aghaidh géarchéimeanna sa todhchaí a spreagadh. Is féidir é sin a dhéanamh trí bhuntáistí fadtéarmacha forbartha a chur ar fáil agus trí bhainistíocht riosca a neartú. Tugtar “Nasc idir fóirithint, athshlánú agus forbairt” ar an gcur chuige seo.
Agus na dúshláin atá le sárú ag an bpobal idirnáisiúnta sa tréimhse i ndiaidh géarchéimeanna á bplé sa teachtaireacht, aithnítear bearta inti a chuirfidh feabhas ar chúnamh an Aontais Eorpaigh (AE). Féachtar leis an teachtaireacht freisin cúnamh ar an toirt a nascadh go héifeachtúil le beartais fhorbartha a mhaireann go fadtéarmach.
PRÍOMHPHOINTÍ
Déantar tagairt sa teachtaireacht do thrí chatagóir de ghéarchéim.
-
Tubaistí nádúrtha: amhail gorta, tuilte agus creathanna talún. Bíonn gá le cúnamh ar an toirt sna cásanna sin, ach bíonn sé níos dúshlánaí ullmhú do na tubaistí, mar shampla córais réamhrabhaidh do ghortaí agus plandaí a chur chun tuilte a chosc.
-
Coinbhleachtaí foréigneacha: is féidir le coinbhleachtaí foréigneacha bheith an-dúshlánach toisc leasanna contrártha na bpáirtithe, nó neamhsheasmhachtaí fadtéarmacha. Bíonn ar AE oibriú i gcomhthéacs forleathan, toisc go bhféadfaidh iarmhairtí diúltacha, amhail éilliú nó síneadh ar an gcoinbhleacht, bheith bainteach leis an gcúnamh.
-
Géarchéimeanna struchtúrtha agus cineálacha géarchéimeanna eile: áirítear leo sin tíortha amhail an Úcráin, an Mholdóiv agus an Bhealarúis, ina bhfuil meath ag teacht ar choinníollacha polaitiúla, eacnamaíocha nó sóisialta. D’fhéadfadh iarmhairt saofa bheith ag an bhfóirithint sna tíortha, e.g. sin trí spleáchas a chruthú nó trí theannais a spreagadh. Is féidir le cúnamh forbartha cabhrú leis an scéal trí struchtúir institiúideacha a fheabhsú agus trí bhacainní táirgthe agus trádála a bhaint.
Moltar an cur chuige seo a leanas chun freagairt ar bhealach níos éifeachtúla don tréimhse i ndiaidh géarchéimeanna:
-
Glacfaidh an Coimisiún Eorpach le ról comhordaithe comhoibrithe go luath sa phróiseas, rud a chuirfidh leis an nasc idir cúnamh daonnúil agus forbairt.
-
Sna tíortha ina mbíonn go leor tubaistí nádúrtha, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar ullmhacht maidir le tubaistí agus ar chosc tubaistí, ó thaobh straitéisí maidir le cúnamh daonnúil de, mar aon le straitéisí maidir le comhar forbartha.
-
Ba cheart iarracht a dhéanamh le straitéisí um athshlánú ó thubaistí dul i ngleic le cúiseanna na leochaileachta, agus laghdú riosca agus ullmhacht maidir le tubaistí a chur san áireamh — dá dtagraítear “atógtha níos fearr” uaireanta.
-
I gcoinbhleachtaí, caithfear féachaint ar an nasc idir fóirithint agus forbairt i gcomhthéacs eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil níos leithne.
-
Ní mór don chúnamh éigeandála bheith ag teacht le cuspóirí fadtéarmacha forbartha.
-
Ní mór comhpháirtíochtaí fadtéarmacha, amhail Comhaontú Cotonou idir tíortha i mbéal forbartha agus AE a chur san áireamh.
-
Ní mór comhordú níos fearr a dhéanamh ar thionscnaimh idirnáisiúnta, mar shampla tríd an gcur chuige “Meitheal chairde*” a neartú.
-
Ba cheart don Choimisiún moilleanna a laghdú agus go leor acmhainní a spreagadh go tapa, rud a chinnteoidh go nglacfaidh comhpháirtithe cuí páirt, nach mbeidh an próiseas cinnteoireachta in AE ró-chasta agus go nglacfar le leibhéal riosca theicniúil níos airde.
-
Ba cheart cláir oibre a dhréachtú mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna, a chumhdóidh na gníomhartha agus bearta riachtanacha agus a chuirfidh deireadh le ceadú tionscadal aonair.
-
Ba cheart do nósanna imeachta agus do chonarthaí tairisceana bheith níos solúbtha maidir le hathshlánú, le cúnamh do dhídeanaithe, le cúnamh agus le slándáil bia, agus le mianaigh talún.
-
D’fhéadfaí rialacháin nua a eagrú níos fearr chun na rudaí seo a leanas a chumhdach: athshlánú, cúnamh do dhídeanaithe agus fadhbanna le mianaigh talún.
-
Ba cheart plé forleathan a dhéanamh ar na smaointe a chuirtear ar aghaidh chun cumas AE dul i bhfeidhm go dearfach ar thorthaí, a fheabhsú sa bhreis.
Pléitear arís le cuid de na pointí sa teachtaireacht seo agus déantar forbairt bhreise ar na pointí sin sa teachtaireacht 2012 seo ón gCoimisiún: Cur Chuige AE maidir le hAthléimneacht: Ceachtanna a fhoghlaim ó ghéarchéimeanna slándála bia.
CÚLRA
Athléimneacht agus an Nasc idir Fóirithint, Athshlánú agus Forbairt.
EOCHAIRTHÉARMA
* An cur chuige “Meitheal chairde”: straitéis de chuid na Náisiún Aontaithe a bhfuil mar aidhm aici líon na ndeontóirí idirnáisiúnta is mó a chur ag obair ar a ngníomhartha a chomhordú i dtír áirithe.
GNÍOMH
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Nasc idir Fóirithint, Athshlánú agus Forbairt — Measúnú (COM(2001) 153 final an 23.4.2001)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Cur Chuige AE maidir le hAthléimneacht: Ceachtanna a fhoghlaim ó ghéarchéimeanna slándála bia (COM(2012) 586 final an 3.10.2012)
Nuashonraithe 26.11.2015