Laghdú ar astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí

Cuireann iompar ar bóthar go mór le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa in AE. Mar sin, féachtar leis an rialachán seo na hastaíochtaí sin a laghdú trí theorainneacha nua a leagadh amach do ghluaisteáin nua phaisinéirí.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Leagtar síos sa rialachán seo caighdeáin maidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ó ghluaisteáin phaisinéirí. Is í an teorainn reatha ná 130 gram de CO2 curtha amach in aghaidh an chiliméadair. Laghdófar an teorainn sin go 95 ghram de CO2/km faoi 2021.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Tagann timpeall 12 % de na hastaíochtaí CO2 in AE ó ghluaisteáin.

Is é bunús an rialacháin seo ná straitéis a glacadh in AE sa bhliain 1995 a raibh mar chuspóir aici astaíochtaí CO2 a laghdú trí thrí cholún: gealltanas deonach ó na monaróirí gluaisteán go laghdóidís astaíochtaí; gluaisteáin bhreosla-éifeachtúla a chur chun cinn trí bhearta fioscacha; agus faisnéis do thomhaltóirí a chur ar fáil ar lipéid, m.sh. astaíochtaí CO2 an ghluaisteáin, mar atá mionsonraithe i dTreoir 1999/94/CE.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Is éard issárchreidmheasannaann ná tionscnaimh a thugtar do mhonaróirí chun gluaisteáin íseal-astaithe a chlárú. Faoin scéim seo, déanfar gluaisteáin a tháirgeann 50 g/km de CO2 a áireamh mar ghluaisteán go leith. Tiocfaidh deireadh leis seo in 2016. Tugann sé sin solúbthacht níos fearr do mhonaróirí maidir le gluaisteáin a tháirgeadh nach bhfuil chomh éifeachtúil ó thaobh breosla de.

Féach láithreáin ghréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hastaíochtaí CO2ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009

8.6.2009

-

IO L 140, 5.6.2009, lgh. 1-15

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 397/2013

8.5.2013

-

IO L 120, 1.5.2013, lgh. 4-8

Rialachán (AE) Uimh. 333/2014

8.4.2014

-

IO L 103, 5.4.2014, lgh. 15-21

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1014/2010 ón gComhairle an 10 Samhain 2010 maidir le monatóireacht agus le tuairisciú sonraí faoi ghluaisteáin nua phaisinéirí de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 293, 11.11.2010, lgh. 15-20).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 396/2013 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1014/2010 maidir le riachtanais áirithe chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí (IO L 120, 1.5.2013, lgh. 1-3).

Nuashonraithe 02.04.2015