Iarmhair de tháirgí íocshláinte tréidliachta i mbia–ábhair de thionscnamh ainmhíoch

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 – nósanna imeachta AE chun teorainneacha na n–iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia–ábhair de thionscnamh ainmhíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis rialacha maidir le huasteorainneacha iarmhar* do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh cógaseolaíochta de a úsáidtear sa tréidliacht, amhail antaibheathaigh, i mbia de thionscnamh ainmhíoch – lena n–áirítear feoil, iasc, bainne, uibheacha agus mil – chun sábháilteacht bia a áirithiú.

Maidir leis sin, leagtar amach leis:

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 6 Iúil 2009.

CÚLRA

Mar thoradh ar dhul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíochta maidir le modhanna braite beachtaithe tá laghdú tagtha ar infhaighteacht na gcógas le haghaidh bia–ainmhithe agus b’éigean rialacha an Aontais Eorpaigh a choigeartú. Tugadh isteach an rialachán seo chun sábháilteacht tomhaltóirí agus infhaighteacht cógais tréidliachta do chóireáil galar sainiúil a chinntiú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Uasteorainn iarmhar (MRL). Uastiúchan an iarmhair ó shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a fhéadfar a cheadú i mbia de thionscnamh ainmhíoch.
Pointe tagartha do ghníomhaíocht. Leibhéal an iarmhair ó shubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a shocraítear chun críocha rialaithe i gcás substaintí áirithe nár socraíodh uasteorainn na n–iarmhar dóibh. Bunaítear na pointí tagartha do ghníomhaíocht i gcomhar le saotharlanna rialaithe oifigiúla.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n–iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia–ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lgh. 11-22).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena mbunaítear na prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnaithe riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 (IO L 132, 30.5.2018, lgh. 5-30).

Rialachán (AE) 2017/880 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le huasteorainn iarmhar a socraíodh le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia–ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia–ábhair eile a eascraíonn ón speiceas céanna agus uasteorainn iarmhar a socraíodh le haghaidh substainte atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin do speiceas eile, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 135, 24.5.2017, lgh. 1-5).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/12 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2017 maidir le foirm agus le hinneachar na n–iarratas agus na n–iarrataí chun uasteorainneacha na n–iarmhar a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 4, 7.1.2017, lgh. 1-7).

Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n–aicmiú ó thaobh uasteorainneacha na n–iarmhar de i mbia–ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lgh. 1-72).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 37/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lgh. 1–3).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.03.2022