Boinn agus comharthaí atá cosúil le monaí euro
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 maidir le boinn agus comharthaí atá cosúil le monaí euro
CAD É IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Leagtar síos ann dálaí aonfhoirmeacha maidir le táirgeadh bonn agus comharthaí atá cosúil le monaí euro d’fhonn saoránaigh a chosaint ar bhaol mearbhaill nó calaoise.
-
Sainítear ann úsáid na dtéarmaí a bhaineann leis an euro, ar lámh amháin, agus an méid cosúlachta teicniúla idir boinn/comharthaí agus boinn euro, ar an lámh eile.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá an rialachán deartha chun an pobal a chosaint ar bhaol mearbhaill nó calaoise de bharr nithe miotalacha, amhail boinn agus comharthaí, mar gheall ar na cosúlachtaí láidre atá acu le boinn euro. Ní amháin go bhféadfaí a cheapadh gur dlíthairiscintí (a nglacfaí leo dá dtairgfí iad mar íocaíocht cosúil le boinn nó nótaí) iad boinn agus comharthaí den sórt sin, ach d’fhéadfaí iad a úsáid go neamhdhleathach freisin in ionad bonn euro.
-
Chun críocha an rialacháin, sainítear boinn agus comharthaí mar nithe miotalacha a bhfuil cuma agus airíonna teicniúla bonn euro acu, ach nach ndéantar iad a eisiúint faoi bhearta reachtacha thír náisiúnta nó thír neamh-AE atá rannpháirteach nó faoi bhearta reachtacha coigríche eile agus dá bhrí sin nach bealach dleathach íocaíochta ná dlíthairgthe iad.
-
Cuirtear toirmeasc leis an rialachán seo ar tháirgeadh, díolachán, allmhairiú agus dáileadh (le díol nó chun críocha tráchtála eile) bonn agus comharthaí a bhfuil saintréithe amhairc nó airíonna orthu cosúil leis an airgeadra aonair.
-
Ní bheidh siad seo a leanas ar bhoinn agus ar chomharthaí
-
an téarma “euro” nó “cent euro” nó
-
siombail an euro ar a ndromchla.
-
Ní áireofar leo ach an oiread
-
aon dearadh atá cosúil le dearaí a léirítear ar bhoinn euro,
-
siombailí a léiríonn ceannasacht thíortha an Aontais Eorpaigh (AE),
-
corr dheilbhithe nó dearadh bonn euro nó siombail an euro.
-
Ar deireadh, ní bheidh boinn agus comharthaí an méid céanna le boinn euro. Sonróidh an Coimisiún Eorpach cibé ar bonn nó comhartha é rud miotalach agus cibé an bhfuil feidhm le toirmisc an rialacháin seo.
-
Ceadaítear boinn agus comharthaí ar a bhfuil an téarma “euro” nó “cent euro” nó siombail an euro gan luach ainmniúil gaolmhar, ar an gcoinníoll go bhfuil a méid difriúil a ndóthain ó mhéid na mbonn euro agus nach n-áirítear orthu dearadh cosúil leis na dearaí agus siombailí atá liostaithe thuas. Má tharlaíonn sé, áfach, go bhfuil siad an-chosúil le chéile ó thaobh méide de, ní mór dóibh poll a bheith ina lár nó polagán de nach mó ná sé imeall a bheith orthu, nó a bheith déanta as ór, airgead nó platanam, nó a bheith lasmuigh de na raoin a shonraítear go comhleanúnach.
-
Féadfaidh an Coimisiún údaruithe sonracha a dheonú chun an téarma “euro” nó “cent euro” nó an siombail euro a úsáid i gcás nach bhfuil aon bhaol mearbhaill i gceist. I gcásanna den sórt sin, ní mór go mbeadh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann laistigh de thír AE a bheith aitheanta go soiléir ar dhromchla an bhoinn nó an chomhartha.
-
Má tá luach ainmniúil gaolmhar ar an mbonn nó ar an gcomhartha freisin, ní mór an comhartha “ní dlíthairiscint é” a bheith stampáilte ar a éadan nó ar a chúl chomh maith leis sin.
-
Tá ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla bonn euro, an t-aon mhona a bhfuil dlíthairiscint aige i limistéar an euro, leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 ón gComhairle.
-
D’fhéadfaí boinn agus comharthaí a eisíodh sular tháinig an rialachán i bhfeidhm a úsáid go dtí deireadh 2009, ar an gcoinníoll nár úsáideadh iad in ionad bonn euro. Ní mór boinn agus comharthaí den sórt sin a chlárú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme i dtíortha AE agus a chur in iúl do Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa.
-
Tá an rialachán seo infheidhme i ngach tír AE a thug isteach an euro in 2002 (An Bheilg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Spáinn). Leathnaíodh a raon feidhme le Rialachán (CE) Uimh. 2183/2004, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 47/2009, chuig tíortha AE nár thug an euro isteach go fóill. B’éigean do thíortha AE rialacha maidir le smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar an rialachán a leagan síos agus a chur chun feidhme faoin 1 Iúil 2005.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2004.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 ón gComhairle an 6 Nollaig 2004 maidir le boinn agus comharthaí cosúil le monaí euro (IO L 373, 21.12.2004, lgh 1-6)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 a ionchorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 02.02.2017