Straitéis frithsceimhlitheoireachta

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Straitéis frithsceimhlitheoireachta AE

CAD IS AIDHM LE STRAITÉIS FRITHSCEIMHLITHEOIREACHTA AE?

Le hAirteagal 83 de CFAE tugtar an cumas do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle rialacha íosta a ghlacadh maidir le sainiú ar choireacht an-tromchúiseach lena mbaineann gné thrasteorann, agus tá sceimhlitheoireacht ina shampla de sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Chun sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtúil, dírítear sa straitéis ar 4 thosaíocht (colúin):

Trasna na colúin sin, aithnítear sa straitéis an tábhacht a bhaineann le comhar le tíortha neamh-AE agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta.

Cosc

Tá sé ina phríomhthosaíocht do AE dul i ngleic leis na cúiseanna le radacú agus le hearcaíocht sceimhlitheoirí. Tá sé mar aidhm leis an gcolún maidir le “cosc” radacú agus earcaíocht sceimhlitheoirí a chomhrac trí na modhanna, bolscaireacht agus uirlisí as a mbaineann sceimhlitheoirí úsáid a shainaithint. Cuidíonn AE le beartais náisiúnta a chomhordú, dea-chleachtas a chinneadh agus faisnéis a chomhroinnt.

Tá sé mar aidhm le Straitéis leasaithe AE chun an Radacú agus an Earcaíocht don Sceimhlitheoireacht a Chomhrac, faoi mar a leasaíodh í in 2014, radacú agus earcaíocht a chomhrac agus ag an am céanna treochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail sceimhlitheoireacht gníomhaí aonair, trodaithe eachtracha agus úsáid na meán sóisialta ag sceimhlitheoirí a chur san áireamh. Rinneadh í a mhionathrú tuilleadh le sraith conclúidí ón gComhairle maidir le freagairt a thabhairt ar ionsaithe sceimhlitheoireachta ar chríoch AE.

Cosaint

Is é an dara tosaíocht i straitéis frithsceimhlitheoireachta AE saoránaigh agus bonneagar a chosaint agus leochaileacht i leith ionsaithe a laghdú. Áirítear leis sin:

Is iad seo a leanas samplaí den obair atá ar siúl:

Tóir

Is é is aidhm leis an tríú colún dul sa tóir ar sceimhlitheoirí trasna teorainneacha, agus cearta an duine agus an dlí náisiúnta á n–urramú. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, díríonn AE ar:

Sampla den obair atá ar siúl is ea cur chun feidhme Plean Gníomhaíochta 2016 chun an comhrac in aghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta a neartú.

Freagairt

is é an ceathrú cuspóir le straitéis frithsceimhlitheoireachta AE iarmhairtí ionsaí sceimhlitheoireachta a ullmhú, a bhainistiú agus a íoslaghdú. Déantar é sin trí fheabhas a chur ar chumais chun déileáil leis an méid seo a leanas:

I measc na dtosaíochtaí sa réimse sin tá:

Sampla den obair atá ar siúl is ea cruthú aonad AE d’íospartaigh sceimhlitheoireachta (treoirthionscadal Pharlaimint na hEorpa).

Rannpháirtíocht le comhpháirtithe idirnáisiúnta

Tá dlúthbhaint ag slándáil AE leis an gcás i dtíortha eile, go háirithe i stáit máguaird.

I mí an Mheithimh 2014, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí beartas éifeachtach frithsceimhlitheoireachta ina ndéanfaí na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a chomhtháthú. Ar an 9 Feabhra 2015, i bhfianaise ionsaithe Charlie Hebdo, chuir ceannairí AE béim ar an ngá atá le AE bheith i dteagmháil níos mó le tíortha neamh-AE maidir le ceisteanna slándála agus maidir le frithsceimhlitheoireacht.

Ina conclúidí maidir le Plean Seachtrach AE maidir le Frithsceimhlitheoireacht ón 19 Meitheamh 2017, leag an Chomhairle béim ar an ngá atá le:

Sonraítear ann chomh maith gur cheart go mbeadh ról níos mó ag misin agus oibríochtaí comhbheartais slándála agus chosanta maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Tá an clár oibre frithsceimhlitheoireachta sa chaidreamh idir tíortha AE agus neamh-AE i gcuid mhór foirmeacha, lena n–áirítear:

Comhoibríonn AE ar fhrithsceimhlitheoireacht le tíortha sna háiteanna seo a leanas:

comhar leis na Stáit Aontaithe ina chomhpháirt bhunúsach de straitéis AE. Le blianta beaga anuas, thángthas ar chomhaontuithe comhair i réimsí amhail maoiniú sceimhlitheoireachta, iompar agus teorainneacha, cúnamh frithpháirteach dlí agus eiseachadadh. Tá údaráis na Stát Aontaithe ag obair níos mó agus níos mó le Europol agus le Eurojust.

Oibríonn AE go dlúth chomh maith le heagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun comhthoil idirnáisiúnta a fhorbairt agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal V — An réimse saoirse, slándála agus ceartais — Caibidil 4 — Comhar breithiúnach ar ábhair choiriúla — Airteagal 83 (iar-Airteagal 31 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 80-81)

Comhairle an Aontais Eorpaigh, an 30 Samhain 2005: Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiύn — Plean Gníomhaíochta chun ullmhacht in aghaidh rioscaí slándála ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a fheabhsú (COM(2017) 610 leagan críochnaitheach, 18.10.2017)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta chun tacú le cosaint spásanna poiblí (COM(2017) 612 leagan críochnaitheach, 18.10.2017)

Conclúidí ón gComhairle maidir le Plean Seachtrach AE maidir le Frithsceimhlitheoireacht (19 Meitheamh 2017)

Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh ar airm a rialú (IO L 137, 24.5.2017, lgh. 22-39)

Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus a ghabhann in ionad Chinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB agus lena n–aisghairtear na Cinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53-114)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Plean Gníomhaíochta chun an comhrac in aghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta a neartú (COM(2016) 50 leagan críochnaitheach, 2.2.2016)

Cinneadh (AE, Euratom) 2015/457 ón gComhairle an 17 Márta 2015 lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/124/CE, Euratom lena mbunaítear don tréimhse 2007 go 2013, mar chuid den Chlár Ginearálta maidir leis an tSlándáil agus Cosaint na Saoirsí, an Clár faoi Leith “Cosc, Ullmhacht agus Bainistiú Iarmhairtí Sceimhlitheoireachta agus rioscaí Slándála eile” (IO L 76, 20.3.2015, lgh. 1-2)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil (COM(2015) 185 leagan críochnaitheach, 28.4.2015)

Straitéis leasaithe AE chun an Radacú agus an Earcaíocht don Sceimhlitheoireacht a Chomhrac (19 Bealtaine 2014)

Cinneadh 2010/412/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (IO L 195, 27.7.2010, lgh. 3-4)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Chinneadh 2010/412/AE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (IO L 195, 27.7.2010, lgh. 5-14)

Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe d’fhonn sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lgh. 70-75)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.07.2018