Saoirse gluaiseachta agus cónaithe AE
ACHOIMRE AR:
Treoir 2004/38/CE maidir le ceart shaoránaigh AE agus a dteaghlach aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de AE
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leis an treoir:
- tugtar a lán píosaí reatha reachtaíochta le chéile i ngníomh dlíthiúil amháin
- leagtar síos na coinníollacha maidir leis an gceart gluaiseacht agus cónaithe faoi shaoirse (go sealadach agus go buan araon) do shaoránaigh AE* agus dá mbaill teaghlaigh*
- leagtar amach srianta ar na cearta sin ar fhorais beartas poiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí
- soiléirítear stádas na ndaoine atá fostaithe, féinfhostaithe, atá ina mic léinn nó nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta.
PRÍOMHPHOINTÍ
Féadfaidh saoránaigh AE a bhfuil cárta aitheantais nó pas bailí acu:
- Dul isteach i dtír AE eile gan víosa imeachta nó iontrála a bheith de dhíth orthu. Ní theastaíonn ó bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh thír AE iad víosa imeachta nó iontrála a bheith acu má tá cárta cónaithe atá bailí acu.
- Cónaí i dtír eile AE ar feadh suas le 3 mhí gan coinníollacha nó gan foirmiúlachtaí ar bith.
- Cónaí i dtír eile AE ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí faoi réir coinníollacha áirithe, ag brath ar a stádas sa tír aíochta. Ní chaithfidh iad siúd atá fostaithe nó féinfhostaithe coinníollacha ar bith eile a chomhlíonadh. Ní mór do mhic léinn agus do dhaoine eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta, amhail iad siúd atá ar scor, dóthain acmhainní a bheith acu dóibh féin agus dá dteaghlach, ionas nach gcuirfidh siad ualach ar chóras cúnaimh shóisialta na tíre aíochta, agus ní mór dóibh cumhdach cuimsitheach árachais bhreoiteachta a bheith acu.
- Ni mór clárú leis na húdaráis ábhartha má tá siad ina gcónaí sa tír ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí. Teastaíonn cárta cónaithe atá bailí ar feadh 5 bliana óna mbaill teaghlaigh, murar náisiúnaigh AE iad.
- Bheith i dteideal buanchónaí má bhí cónaí orthu i dtír eile AE ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana. Baineann sé sin le baill teaghlaigh chomh maith.
- An ceart go gcaitear leo faoi mar a chaitear le náisiúnaigh na tíre aíochta. Mar sin féin, níl sé de dhualgas ar na húdaráis aíochta sochair a dheonú ar shaoránaigh AE nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad 3 mhí dá dtréimhse chónaithe.
Lena chois sin
- D’fhéadfadh an ceart a bheith ag baill teaghlaigh – ar neasghaol le saoránach AE iad – faoi choinníollacha áirithe chun cónaí sa tír lena mbaineann fiú má fhaigheann an neasghaol é féin nó í féin bás nó má fhágann sé nó sí an tír.
- Féadfar saoránaigh AE, nó baill teaghlaigh, a dhíbirt má ghníomhaíonn siad ar dhóigh ina gcuirfeadh siad leasanna bunúsacha na sochaí faoi bhagairt thromchúiseach.
- Ní féidir srian a chur ar shaoirse gluaiseachta duine de bharr galar ach leis na galair a mheasann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh siad a bheith ina ngalair eipidéimeacha.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2004 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Aibreán 2006.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Tar éis ráig COVID-19 agus bearta a thabhairt isteach chun déileáil le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach:
Ar an 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle moladh maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar ráig COVID-19.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Saoránach AE: duine ar bith a bhfuil náisiúntacht thír AE acu.
Ball teaghlaigh: cumhdaítear leis sin, mar shampla, an céile, nó páirtí i bpáirtnéireacht chláraithe le saoránach AE agus sliochtaigh faoi bhun 21 bliain d’aois.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ar cheart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n–aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lgh. 77-123). Téacs athfhoilsithe i gceartúchán (IO L 229, 29.6.2004, lgh. 35-48)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/38/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 8-14)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar threoir maidir le Treoir 2004/38/CE a thrasuí agus a chur i bhfeidhm ar shlí níos fearr a bhaineann le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát (COM(2009) 313 críochnaitheach, 2.7.2009)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Gluaiseacht faoi shaoirse shaoránaigh AE agus a dteaghlach: Cúig bheart chun difear a dhéanamh (COM (2013) 837 críochnaitheach, 25.11.2013)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ag cuidiú leis na húdaráis náisiúnta mí-úsáidí maidir leis an gceart chun gluaiseachta faoi shaoirse a chomhrac: Lámhleabhar maidir le tabhairt ar shaincheist póstaí áisiúlachta atá líomhnaithe idir saoránaigh AE agus náisiúnaigh neamh–AE i gcomhthéacs dhlí AE maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh AE (COM(2014) 604 críochnaitheach, 26.9.2014)
Nuashonraithe 12.11.2020