Caighdeáin cháilíochta comhshaoil is infheidhme maidir le huisce dromchla

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/105/CE lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta comhshaoil sa réimse a bhaineann le beartas uisce

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos leis an treoir caighdeáin cháilíochta comhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta agus ocht dtruailleán eile. Áirítear leis na substaintí sin na miotail caidmiam, luaidhe, mearcair agus nicil, agus a gcomhdhúile; beinséin; hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (HIA); agus roinnt lotnaidicídí. Tá roinnt de na substaintí tosaíochta sin aicmithe mar shubstaintí guaiseacha.

Is teorainneacha iad na caighdeáin cháilíochta comhshaoil i dTreoir 2008/105/CE ar thiúchan na substaintí tosaíochta agus ocht dtruailleán eile in uisce (nó bithra*), i.e. tairseacha nach ceadmhach iad a shárú má táthar le dea–stádas ceimiceach a bhaint amach. Tá dhá chineál caighdeáin uisce ann:

Baineann caighdeáin cháilíochta comhshaoil éagsúla leis an méid seo a leanas:

Ní mór do Bhallstáit AE a áirithiú go gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochta comhshaoil. Ní mór dóibh chomh maith bearta a dhéanamh lena áirithiú nach dtiocfaidh méadú suntasach ar thiúchan na substaintí a chruinníonn sa dríodar agus/nó i mbithra de ghnáth.

Treoir 2013/39/AE

Tugadh cothrom le dáta le Treoir 2013/39/AE na caighdeáin cháilíochta comhshaoil le haghaidh seacht gcinn den 33 bunsubstaint tosaíochta i gcomhréir leis an eolas eolaíoch agus teicniúil is déanaí maidir le hairíonna na substaintí sin.

Bhí na caighdeáin cháilíochta comhshaoil a athbhreithníodh do na seacht substaint tosaíochta atá ann cheana le cur san áireamh den chéad uair i bpleananna bainistíocht abhantrach na mBallstát ón 22 Nollaig 2015, chun dea–stádas ceimiceach an uisce dromchla do na substaintí sin a bhaint amach faoin 22 Nollaig 2021.

Cuimsíodh ann 12 shubstaint tosaíochta nua–aitheanta a raibh a gcaighdeáin cháilíochta comhshaoil le cur san áireamh i ndréachtú clár forlíontach faireacháin agus réamhchlár um bearta a bhí le cur faoi bráid an Choimisiúin Eorpaigh faoi dheireadh 2018, chun dea–stádas ceimiceach an uisce dromchla do na substaintí sin a bhaint amach faoin 22 Nollaig 2027.

Liosta faire

Ceanglaíodh le Treoir 2013/39/AE chomh maith ar an gCoimisiún liosta faire substaintí a bhunú dá bhfuil sonraí faireacháin ar fud AE le bailiú chun tacú le cleachtaí beartaithe tosaíochta amach anseo. Bunaítear an liosta faire is déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1307.

Criosanna measctha

Ceanglaítear le Treoir 2008/105/CE ar na Ballstáit chomh maith criosanna measctha gar do phointí sceite a ainmniú, i gcás go bhféadfaí na caighdeáin cháilíochta comhshaoil a shárú ar an gcoinníoll go gcloíonn an chuid eile den dobharlach dromchla leis na caighdeáin. Ní mór do na limistéir sin a bheith sainaitheanta go soiléir sna pleananna bainistíochta abhantrach a bunaíodh i gcomhréir leis an Treoir Réime maidir le hUisce.

Fardail

Maidir le gach ceantar abhantraí, ní mór na Ballstáit fardail astaíochtaí, sceite agus caillteanas de na substaintí ar fad atá liostaithe i gCuid A d’iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir a bhunú. Ar bhonn an fhardail sin, deimhneoidh an Coimisiún cibé an bhfuil nó nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i dtreo na gcuspóirí seo a leanas maidir le:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoi 13 Iúil 2010.

CÚLRA

Ba cheart go rachadh comhlíonadh caighdeáin cháilíochta comhshaoil chun sochair an phobail agus an chomhshaoil araon. Ba cheart go laghdófaí leis na costais a bhaineann le huiscí dromchla a chóireáil a úsáidtear le haghaidh táirgeadh uisce óil, agus go gcuirfí feabhas ar shláinte na bplandaí agus na n–ainmhithe atá ina gcónaí sna huiscí sin agus ar shláinte an bheo–stoic a ólann na huiscí sin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Uisce dromchla. Aibhneacha, lochanna, uiscí trasdultacha agus uiscí cósta. Áirítear ar uiscí dromchla chomh maith uiscí teorann a mhéad a bhaineann sé le stádas ceimiceach.
Bithra. Beatha ainmhithe nó plandaí gnáthóige nó réigiúin ar leith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cháilíochta comhshaoil sa réimse a bhaineann le beartas uisce, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 84-97).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/105/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1307 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 lena mbunaítear liosta faire substaintí le haghaidh faireacháin ar fud an Aontais sa réimse a bhaineann le beartas uisce de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (arna fhógairt faoi dhoiciméad C(2022) 5098 (IO L 197, 26.7.2022, lgh. 117-120).

Nuashonraithe 10.08.2022