Astaíocht torainn ó threalamh a úsáidtear lasmuigh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/14/CE maidir le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh a úsáidtear lasmuigh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm leis:

Déantar 9 n-ionstraim dlí maidir le hastaíochtaí torainn le haghaidh gach cineál gléasra agus trealaimh tógála, chomh maith le Treoir 84/538/CEE maidir le lomairí faiche a aisghaireadh léi agus cuirtear in ionad iad sin í.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá ceithre chuspóir leis an treoir:

Eisiaitear na cineálacha seo trealaimh a leanas:

Tá tíortha AE freagrach as a fhíorú go bhfuil na rialacha atá leagtha síos leis an treoir á gcur i bhfeidhm. Tá na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta éagsúla atá le húsáid in Iarscríbhinní V go VIII.

Ní mór don mhonaróir nó don duine a chuireann an trealamh ar an margadh nó a chuireann é i mbun seirbhíse an méid seo a leanas a áirithiú (Airteagal 4 agus Airteagal 8):

I gcás ina ndeimhníonn tír AE nach gcomhlíonann trealamh na coinníollacha sin, ní mór é a tharraingt siar ón margadh nó toirmeasc a chur ar a úsáid.

lipéadú éigeantach maidir le gach cineál trealaimh atá cumhdaithe faoin treoir agus ní mór an méid seo a leanas a bheith air:

Bhí 2 chéim leis na teorainneacha astaíochtaí torainn a leagadh síos do chineálacha áirithe trealaimh, ionas gur féidir le gnólachtaí dul in oiriúint do na rialacháin nua. Tháinig na teorainneacha astaíochtaí do chéim 1 i bhfeidhm 2 bhliain tar éis don treoir teacht i bhfeidhm agus tháinig teorainneacha níos déine i bhfeidhm in 2006.

Féadfaidh tíortha AE comhlachtaí dá dtugtar fógra a bhunú atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar na teorainneacha astaíochtaí torainn atá infheidhme maidir leis an trealamh. Tá feidhm ag na rialuithe faireacháin sin maidir le céim deartha an trealaimh agus maidir le céim táirgeachta an trealaimh. Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, nach gá faireachán a dhéanamh ar dhearadh trealaimh atá faoi réir marcáil éigeantach amháin.

D’fhonn tionchar na treorach a mheas, bunaíodh nós imeachta chun sonraí astaithe torainn a bhailiú. Feidhmíonn an fhaisnéis seo mar bhunús do chustaiméirí chun trealamh nach bhfuil chomh torannach a roghnú agus chun dreasachtaí agus dámhachtainí eacnamaíocha a cheapadh. Éilítear ar mhonaróirí nó ar a n-ionadaithe údaraithe cóip de dhearbhú comhréireachta CE maidir le trealamh a chuirtear ar an margadh a sheoladh chuig na húdaráis ábhartha i dtíortha AE, agus chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá 24 alt agus 10 n-iarscríbhinn leis an treoir faoina gcumhdaítear:

Athbhreithnithe féideartha ar an reachtaíocht

Tá measúnacht agus staidéar measúnaithe tionchair ar Threoir 2000/14 /CE ar siúl ó Bhealtaine 2017. Úsáidfidh an Coimisiún a chuid torthaí, chomh maith le staidéir a tugadh chun críche roimhe seo, mar bhunús don phróiseas athbhreithnithe atá le teacht ar reachtaíocht AE sa réimse seo. Seoladh comhairliúchán poiblí i mí Eanáir 2018 agus bhí sé ar siúl go dtí mí Aibreáin 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 3 Iúil 2001.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Measúnú comhréireachta: an próiseas lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge na ceanglais riachtanacha maidir leis an bpróiseas, an tseirbhís, an gcóras, an duine nó an gcomhlacht.
Cur i mbun seirbhíse: an chéad uair a n-úsáideann an t-úsáideoir deiridh é chun críocha a raibh sé beartaithe chucu.
LWA: tomhas an fhuinnimh fuaime a eisítear ó mheaisín, i.e. an chumhacht fuaime.
dB(A): meánleibhéal fuaime i ndeicibeilí mar a chloiseann cluas an duine é.
1pW: 1 picowatt — an luach tagartha caighdeánach idirnáisiúnta de chumhacht fuaime nuair a chuirtear an chainníocht sin in iúl mar leibhéal i ndeicibeilí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hastaíocht torainn sa timpeallacht ó threalamh atá le húsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lgh. 1-78)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2000/14/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Moladh ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2003 maidir leis na treoirlínte i ndáil leis na modhanna eatramhacha ríomha athbhreithnithe i ndáil le torann tionsclaíoch, torann aerárthaigh, torann tráchta ar bhóithre agus torann iarnróid, agus sonraí astaíochtaí gaolmhara (IO L 212, 22.8.2003, lgh. 49-64)

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann comhshaoil a mheasúnú agus a bhainistiú — Dearbhú ón gCoimisiún sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an Treoir i ndáil le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 19.07.2018