Uisce de dhea–cháilíocht san Eoraip (Treoir Uisce AE)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/60/CE — creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti rialacha chun stad a chur leis an meathlú i stádas dhobharlaigh an Aontais Eorpaigh (AE) agus “dea–stádas” a bhaint amach d’aibhneacha, lochanna agus screamhuisce na hEorpa faoi 2015.

Go sonrach, áirítear air sin:

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear freagrachtaí soiléire ar údaráis náisiúnta faoin reachtaíocht. Ní mór dóibh:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 22 Deireadh Fómhair 2000 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i Ballstáit AE faoin 22 Nollaig 2003.

CÚLRA

San Aontas Eorpach, tá uisce ag teacht faoi bhrú atá ag méadú ón bhfás leanúnach ar éileamh ar mhéideanna dóthanacha uisce de dhea–cháilíocht do raon iomlán úsáidí. Féachtar sa treoir seo le cáilíocht an uisce a chosaint agus a fheabhsú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Uisce dromchla: An t–uisce intíre uile seachas screamhuisce, uiscí idirthréimhseacha nó uisce cósta.
Screamhuisce: An t–uisce uile atá faoi dhromchla na talún.
Uisce intíre: An t–uisce bodhar nó an t–uisce reatha uile ar dhromchla na talún.
Uiscí idirthréimhseacha: Uiscí gar do bhéil abhann, ar uiscí sailíne iad i bpáirt ach ina bhfuil sreafaí suntasacha úruisce chomh maith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh 1–73).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2000/60/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le cosaint screamhuisce i gcoinne truaillithe agus meathlaithe (IO L 372, 27.12.2006, lgh. 19–31).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistíocht riosca tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lgh. 27–34).

Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cháilíochta comhshaoil sa réimse a bhaineann le beartas uisce, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 84–97).

Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Treoirphlean chun acmhainní uisce na hEorpa a chosaint (COM(2012) 673 críochnaitheach, 14.11.2012)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — An Chreat-treoir Uisce agus an Treoir Tuillte: gníomhartha le haghaidh “dhea–stádas” uisce AE agus le haghaidh rioscaí tuillte a laghdú (COM(2015)120 final, 9.3.2015).

Nuashonraithe 09.09.2021