Ceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/84/CE maidir le ceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi ceart athdhíola* éigeantach a thabhairt isteach chun leasa údar bunsaothair ealaíne ar fud AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Saothair ealaíne lena mbaineann an ceart athdhíola

Ar choinníoll gur saothair ealaíne iad a rinne an t–ealaíontóir nó gur cóipeanna iad a ndearnadh líon teoranta díobh a meastar gur saothair bhunaidh ealaíne iad de réir úsáid ghairmiúil (léirithe teoranta nó saothair arna síniú, mar shampla), baineann an ceart athdhíola le saothair amhail:

Ní bhaineann an ceart athdhíola le lámhscríbhinní bunaidh scríbhneoirí nó cumadóirí.

Ábhar an chirt athdhíola

Téarma cosanta an chirt athdhíola

Leagtar síos an téarma cosanta le Treoir 2006/116/CE lena gcomhchuibhítear téarma cosanta cóipchirt agus cearta gaolmhara áirithe agus maireann sé ar feadh tréimhse 70 bliain tar éis bhás an údair.

An ceart athdhíola a ríomh

Tairbhithe

An ceart chun faisnéis a fháil

Go ceann tréimhse 3 bliana tar éis an athdhíola, tá sé de cheart ag na daoine atá i dteideal ríchíosanna a fháil aon fhaisnéis a éileamh ó aon ghairmí margaidh ealaíne a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun íocaíocht ríchíosanna a fháil ón athdhíol.

Tuarascáil ar chur chun feidhme na treorach agus príomhphrionsabail agus moltaí

In 2011, ghlac an Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir le cur chun feidhme na treorach. Moladh leis sin idirphlé páirtithe leasmhara a bhunú (lena n–áirítear eagraíochtaí bainistithe bailithe ceart, údair agus gairmithe sa mhargadh ealaíne amhail déileálaithe ealaíne, dánlanna, ceantálaithe) ar cuireadh de chúram orthu moltaí a dhéanamh maidir le conas feabhas a chur ar an gcóras maidir le bailiú agus dáileadh ceart athdhíola in AE. In 2014, shínigh ionadaithe na n–eagraíochtaí sin le “Príomhphrionsabail agus Príomh-mholtaí maidir le bainistiú an Chirt Athdhíola Údair”.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

CÚLRA

Cé go dtugtar an ceart athdhíola d’údar bunsaothair ealaíne faoi Choinbhinsiún Berne um Chosaint Saothar Liteartha agus Ealaíne, níl sé sin ceangailteach, rud a chiallaíonn nach gcuireann tíortha áirithe AE i bhfeidhm é. Mar thoradh air sin, tá bacainní ar an margadh inmheánach agus tá saobhadh ar an iomaíocht laistigh de, chomh maith le heaspa cosanta d’údair na mbunsaothar ealaíne.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ceart athdhíola: an ceart, chun leasa údar bunsaothair ealaíne, céatadán den phraghas a fuarthas le haghaidh aon athdhíola, a ghnóthaigh gairmithe ón margadh ealaíne ar an saothar sin (tithe ceantála, dánlanna, nó aon mhargadh ealaíne eile).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir leis an gceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne (IO L 272, 13.10.2001, lgh. 32-36)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Tuarascáil ar chur chun feidhme agus éifeacht na Treorach um Cheart Athdhíola (2001/84/CE) (COM(2011) 878 críochnaitheach, 14.12.2011)

Treoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le téarma cosanta cóipchirt agus cearta gaolmhara (leagan códaithe) (IO L 372, 27.12.2006, lgh. 12-18)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/116/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 11.01.2019