Cúnamh AE do thíortha nach bhfuil i limistéar an euro agus a bhfuil fadhbanna acu le heasnamh trádála

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 – Cúnamh AE do thíortha nach bhfuil i limistéar an euro agus a bhfuil fadhbanna acu le heasnamh trádála

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Tá foráil ann i gcomhair cúnamh airgeadais do thíortha AE nár ghlac leis an euro agus a bhfuil fadhbanna acu le heasnamh trádála*.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos sa rialachán na ceanglais le haghaidh iasachtaí meántéarmacha suas le EUR 50 billiún do thíortha nach bhfuil i limistéar an euro a bhfuil deacrachtaí acu i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí.

Áirítear leis an nós imeachta chun an iasacht a dheonú:

Áirítear le saintréithe na hiasachta iasachtaíocht agus iasachtú in euro agus ar an riosca is lú don Choimisiún. Déanann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) bainistiú ar an iasacht thar ceann AE. Is í an tír AE is féichiúnaí a thabhóidh costais na hiasachta agus ní mór don tír sin cuntas speisialta a oscailt lena banc ceannais náisiúnta d’fhonn an iasacht a bhainistiú.

Tá sé de cheart ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchóireacht airgeadais a dhéanamh i dtír AE má mheasann sí go bhfuil gá leis sin ar mhaithe le bainistiú ceart na saoráide iasachta.

Gach 3 bliana, ní mór don Chomhairle, ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún, imscrúdú a dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann an iasacht i gcónaí an gá lenar cruthaíodh í an chéad lá riamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 24 Feabhra 2002.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Easnamh trádála: tagann sé sin chun cinn nuair is mó luach allmhairiú tíre ná luach a cuid onnmhairí.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid ina dtugtar cúnamh airgeadais meántéarmach do chomharduithe íocaíochta Ballstát (IO L 53, 23.2.2002, lgh. 1-3)

Ionchorpraíodh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh doiciméadúcháin amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2003/797/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Samhain 2003 maidir le riar na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe á dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach faoin tsaoráid cúnaimh airgeadais meántéarmach (BCE/2003/14) (IO L 297, 15.11.2003, lgh 35-36). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 27.01.2016