Ceart vótála agus incháilitheacht i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa

ACHOIMRE AR:

Treoir 93/109/CE — mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú i gcomhair shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu i dtír AE seachas a dtír AE féin

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos i dTreoir 93/109/CE socruithe mionsonraithe faoina bhféadfaidh saoránaigh AE atá ina gcónaí i mBallstát AE nach náisiúnaigh de iad an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (PE) sa tír sin a fheidhmiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglais atá le comhlíonadh

Sainítear sa treoir na ceanglais a chaithfidh náisiúnach de chuid Ballstáit eile a chomhlíonadh chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir ina thír chónaithe. Ní mór don duine:

Nósanna imeachta maidir le hiarratais chun seasamh mar iarrthóir a chur isteach

Leasaíodh an treoir in 2013 chun na nósanna imeachta maidir le hiarratais iarrthóirí a chur isteach a shimpliú i gcás ina gcónaíonn siad i mBallstát nach náisiúnaigh de iad. Roimhe sin, b’éigean do shaoránaigh AE sa chás sin deimhniú a sholáthar óna dtír shaoránachta ag sonrú nach raibh siad dícháilithe ó sheasamh i dtoghcháin PE sa tír sin. Ó 2014 i leith, nuair a chuireann saoránaigh AE a n–iarratas isteach chun seasamh i dtoghcháin, féadfaidh siad dearbhú a sholáthar in ionad deimhnithe. Ní mór d’údaráis na tíre AE ina bhfuil siad ina gcónaí idirchaidreamh a dhéanamh leis an tír náisiúntachta chun bailíochtú an dearbhaithe a fhíorú. Chun cumarsáid éifeachtach a áirithiú, ní mór do gach Ballstát pointe teagmhála amháin a ainmniú a bheidh freagrach as fógra a thabhairt faoi fhaisnéis a bhaineann leis na hiarrthóirí sin.

An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú

Féadfaidh saoránaigh an AE a gceart vótála agus seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát cónaithe nó ina dtír dhúchais. Ní fhéadfaidh aon duine vótáil níos mó ná uair amháin ná seasamh mar iarrthóir i níos mó ná Ballstát amháin san aon toghchán amháin.

Clárú ar an rolla toghthóirí

Ní chuirfear vótálaithe ar rolla toghthóirí a dtíre cónaithe ach amháin má iarrann siad amhlaidh roimh ré. I mBallstáit ina bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar náisiúnaigh vótáil, tá vótálaithe neamhnáisiúnacha a iarrann a bheith curtha ar an rolla toghcháin faoi réir na hoibleagáide céanna.

D’fhonn go gcuirfear a n–ainmneacha ar an rolla toghthóirí, ní mór do vótálaithe nach náisiúnaigh iad na doiciméid chéanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad a sholáthar. Lena chois sin, ní mór dóibh tuilleadh faisnéise a chur ar fáil i bhfoirm dearbhaithe fhoirmiúil.

Leigheasanna dlíthiúla

Ní foláir nó go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil do náisiúnaigh ar fáil chomh maith do neamhnáisiúnaigh ar diúltaíodh iad a chur ar an rolla toghthóirí nó ar diúltaíodh a n–iarratas chun seasamh mar iarrthóir.

Rialacha náisiúnta maidir le náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá gcríoch féin

Ní féidir le haon rud i dTreoir 93/109/CE difear a dhéanamh do rialacha gach Ballstáit maidir leis an gceart vótála nó seasamh mar iarrthóir dá náisiúnaigh a chónaíonn lasmuigh dá chríoch toghcháin.

Aisghairm

Aisghairfear Treoir 93/109/CE le Treoir (AE) 2025/1788 (féach achoimre) amhail ón .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí i ndlí náisiúnta faoin .

AN CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 93/109/EC ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i gcomhair shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh ann iad (IO L 329, , pp. 34-38).

Nuashonraithe