Uasleibhéil d’éilleáin áirithe sa bhia
D’fhonn leibhéil arda de shláinte phoiblí a chinntiú, sa dlí seo, leagann an tAontas Eorpach (AE) síos uasleibhéil d’éilleáin áirithe sa bhia. Is éard is éilleáin ann ná substaintí nach bhfuil curtha d’aon ghnó le bia ach a tháinig isteach ann le linn a táirgthe, a phacáistithe, a iompair srl.
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena leagtar síos uasleibhéil d’éilleáin áirithe i mbia-ábhair.
ACHOIMRE
D’fhonn leibhéil arda de shláinte phoiblí a chinntiú, sa dlí seo, leagann an tAontas Eorpach (AE) síos uasleibhéil d’éilleáin áirithe sa bhia. Is éard is éilleáin ann ná substaintí nach bhfuil curtha d’aon ghnó le bia ach a tháinig isteach ann le linn a táirgthe, a phacáistithe, a iompair srl.
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
Leagtar síos leis na huasleibhéil d’éilleáin áirithe sa bhia ach go háirithe chun sláinte na ngrúpaí daonra is íogaire, i.e. leanaí, daoine scothaosta agus mná torracha, a chosaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
Scóip
Clúdaítear na héilleáin seo a leanas:
Teorainneacha
Ní féidir bia le leibhéil d’éilleáin níos airde ná na cinn atá sonraithe san Iarscríbhinn leis an dlí a dhíol. Clúdaíonn na teorainneacha seo an chuid inite de bhia agus baineann siad freisin le bianna cumaisc nó bianna próiseáilte, triomaithe nó caolaithe.
Leagtar síos sa rialachán freisin na huasleibhéil is ísle d’éilleáin atá indéanta go réasúnta le cleachtais mhaithe déantúsaíochta nó cleachtais mhaithe talmhaíochta (ALARA, chomh híseal is indéanta le réasún).
Cosc ar mheascadh
Lipéadú
Ní mór don lipéadú ar phiseanna talún, olashíolta eile, cnónna, torthaí triomaithe, rís agus arbhar Indiach a dhíoltar mar bhianna, nach mór a chur faoi shórtáil nó cóireáil fhisiciúil eile sula n-íosfaidh daoine iad, an fhoclaíocht seo a leanas á áireamh “Ní mór sórtáil nó cóireáil fhisiciúil eile a dhéanamh ar an táirge chun éilliú aflatocsaine a laghdú roimh tomhaltas ag daoine nó úsáid mar chomhábhar i mbia-ábhair”.
Ní mór don lipéadú ar phiseanna talún, olashíolta eile, táirgí a fhaightear ó olashíolta agus gránbharra an úsáid agus cód aitheantais an bhirt a léiriú.
Eisceachtaí
Féadfaidh tíortha AE áirithe na leibhéil dé-ocsainí agus DPCanna a shárú d’éisc agus táirgí éisc áirithe a thagann ón Mhuir Bhailt agus atá ceaptha do thomhaltas ina gcríoch féin. Ní mór dá lipéadú foláireamh a thabhairt faoi na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte tomhaltóirí.
Tástáil
Ní mór do thíortha AE tástáil a dhéanamh ar leibhéil na níotráite i nglasraí ina mbeidh, is dócha, leibhéil shuntasacha (ach go háirithe iad siúd ar dhuilleoga glasa). Ní mór a dtorthaí a sheoladh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (EFSA).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Ón 9 Eanáir 2007.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin um Éilleáin Bia an Choimisiúin Eorpaigh.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 |
9.1.2007 |
Infheidhmithe ón 1.3.2007 |
Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (CE) Uimh. 1126/2007 |
30.9.2007 |
— |
|
Rialachán (CE) Uimh. 629/2008 |
23.7.2008 |
— |
|
Rialachán (CE) Uimh. 165/2010 |
9.3.2010 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 420/2011 |
20.5.2011 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 1258/2011 |
23.12.2011 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 1259/2011 |
23.12.2011 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 594/2012 |
26.7.2012 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 1058/2012 |
3.12.2012 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 1067/2013 |
20.11.2013 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 212/2014 |
27.3.2014 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 362/2014 |
30.4.2014 |
— |
|
Rialachán (AE) Uimh. 488/2014 |
2.6.2014 |
— |
Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin faoi seach ar Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadúcháin amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail d’éilleáin sa bhia (IO L 37, 13.2.1993, lgh. 1-3).
Nuashonraithe 20.04.2015