Bianna agus comhábhair bia nua (núíosacha)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad na bianna agus comhábhair bia núíosacha a mbaineann an rialachán seo leo na cinn nach n-úsáidtear fós mar bhia don duine.

Bianna agus comhábhair bia núíosacha

Baineann an rialachán seo le bianna agus comhábhair bia sna catagóirí seo a leanas:

Ní bhaineann an rialachán le breiseáin bia, blastáin, tuaslagóirí eastóscúcháin, ná le heinsímí bia. Ní chlúdaítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe leis an rialachán seo a thuilleadh, ach le Rialachán (CE) Uimh. 1823/2003 ina áit.

Ina theannta sin, ní mór do bhianna agus do chomhábhair bia a chlúdaítear leis an rialachán seo:

Nós imeachta meastóireachta

Ní mór do na bianna agus na comhábhair bia a dtagraítear dóibh sa rialachán dul faoi mheasúnú AE sula gcuirfear ar an margadh iad.

Faoin nós imeachta measúnaithe, ní mór do chomhlacht inniúil na tíre AE a fhaigheann iarratas measúnú tosaigh a dhéanamh agus cinneadh cé acu an bhfuil gá le measúnú breise nó nach bhfuil. Más rud é nach ndéanann an Coimisiún Eorpach nó tíortha AE agóid, agus más rud é nach bhfuil gá le measúnú breise, cuireann an tír AE in iúl don iarrthóir gur féidir leis/léi an táirge a chur ar an margadh. I gcásanna eile, tá cinneadh údaraithe de dhíth. Glactar an cinneadh seo i gcomhréir leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún agus ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (EFSA).

Leis an gcinneadh sainítear scóip an údaraithe agus sonraítear (mar is cuí) na coinníollacha úsáide, ainmniú an bhia nó an chomhábhair bia, a shonrú agus na riachtanais ar leith maidir le lipéadú.

Ní mór cinneadh nó riail ar bith maidir le bia nó comhábhar bia núíosach ar dóigh go mbeidh tionchar acu ar shláinte an phobail a chur faoi bhráid EFSA.

Lipéadú

Leis an rialachán leagtar síos ceanglais ar leith maidir leis an lipéadú ar bhianna nó ar chomhábhair bia núíosacha atá curtha leis na ceanglais ghinearálta Eorpacha maidir le lipéadú bia.

Gan dochar do cheanglais ghinearálta reachtaíocht AE maidir le lipéadú bia-ábhar, ní mór don lipéadú ar bhianna nó ar chomhábhair bia núíosacha na nithe seo a lua:

Nós imeachta fionraí

Tá údarás ag tíortha AE fionraí nó srian a chur — go sealadach — ar mhargaíocht a dhéanamh agus úsáid a bhaint as bia nó comhábhar bia núíosach ar bith ina gcríoch, má chreideann siad gur guais sláinte nó riosca don chomhshaoil a úsáid. Cuireann siad é seo in iúl don Choimisiún, a dhéanann bearta i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le húdaruithe chun táirgí a chur ar an margadh.

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 le Rialachán (AE) 2015/2283 ón 1 Eanáir 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh i bhfeidhm é an 14 Bealtaine 1997.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Bia núíosach” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lgh. 1-22)

Nuashonraithe 18.04.2016