Srian ar dhíorthaigh eapocsacha in ábhair theagmhála bia
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1895/2005 — srian ar úsáid díorthach eapocsach áirithe in ábhair agus i nithe atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Cuirtear cosc le dhá shubstaint (BFDGE* agus NOGE*) a úsáid agus/nó a bheith in ábhair agus i nithe atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia* déanta as plaisteach nó clúdaithe le brat dromchla nó greamacháin teagmhála bia.
- Cuirtear cosc leis ar shubstaint ar a dtugtar BADGE* agus ar a dhíorthaigh, le teorainneacha ascnaimh sonracha.
- Ceanglaítear leis go mbeidh dearbhú i scríbhinn agus doiciméid iomchuí ag gabháil le BADGE chun comhlíonadh a thaispeáint. Tá an modh tástála maidir le comhlíonadh a áirithiú sonraithe sa rialachán chomh maith.
- Aisghairtear leis Treoir 2002/16/CE agus cuirtear in ionad na treorach sin é.
PRÍOMHPHOINTÍ
Srianadh maidir le BADGE
- I ndiaidh na tuairime arna heisiúint ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (EFSA) (a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002), cuireann an Coimisiún Eorpach cosc ar an úsáid as grúpa substaintí ar a dtugtar BADGE a úsáidtear nó atá i láthair in ábhair phlaisteacha theagmhála bia ar a bhfuil brat dromchla nó greamacháin theagmhála bia. Bhíothas le cosc a chur ar úsáid agus/nó BADGE a bheith ann ón 31 Nollaig 2005 i leith le Treoir 2002/16/CE, ach i ndiaidh anailís a dhéanamh ar na sonraí tocsaineolaíochta, chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia nach n–ardaítear imní maidir le carcanaigineacht agus géineatocsaineacht in orgánaigh bheo sna sonraí.
- Is é seo a leanas an teorainn ascnaimh shonrach don tsubstaint seo:
- 9 mg/kg i mbia nó i spreagthaí bia;
- 9 mg/6dm2 le haghaidh coimeádán a bhfuil a dtoilleadh níos lú ná 500 ml nó níos mó ná deich lítear, ach le haghaidh leathán agus scannán chomh maith.
- Lena chois sin, ón 1 Eanáir 2007, ní mór dearbhú i scríbhinn bheith ag gabháil le hábhair agus le nithe ina bhfuil BADGE ina sonraítear go gcloíonn siad leis na rialacha.
Cosc ar BFDGE agus ar NOGE
- Cuireadh cosc ar dhá shubstaint eile a úsáid nó a bheith in ábhair phlaisteacha theagmhála bia, in ábhair theagmhála bia ar a bhfuil brat dromchla nó greamacháin teagmhála bia: BFDGE agus NOGE.
- Tá cosc curtha ar NOGE agus BFDGE ón 31 Nollaig 2004, i gcomhréir le Treoir 2002/16/CE, a aisghairtear leis an rialachán seo. Coimeádtar an cosc sin leis an rialachán reatha, atá infheidhme ón 1 Eanáir 2005 i leith, cé gur ceadaíodh stoic reatha na dtáirgí sin a ídiú ar feadh idirthréimhse leis.
Eisceachtaí maidir le coimeádáin mhóra
Tá coimeádáin mhóra (a bhfuil a dtoilleadh níos mó ná 10,000 lítear) nó píblínte a bhaineann leo nó atá nasctha leo, atá clúdaithe le brait speisialta ar a dtugtar “brait tromshaothair” díolmhaithe ó cheanglais an rialacháin.
Socruithe sealadacha
- Maidir le hábhair agus nithe ar a bhfuil brait dromchla agus greamacháin nár chomhlíon na teorainneacha ascnaimh sonracha maidir le BADGE nó an cosc ar NOGE agus BFDGE agus a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Márta 2003, ceadaíodh leanúint lena gcur ar an margadh, ar an gcoinníoll go raibh an dáta ar líonadh iad le feiceáil orthu.
- Bhí úsáid NOGE agus BFDGE agus/nó iad a bheith ann ceadaithe ar an gcoinníoll gur chloígh na nithe le Treoir 2002/16/CE roimhe sin agus go raibh siad i dteagmháil le bia roimh an 1 Eanáir 2005.
- Ní raibh gá le dearbhuithe i scríbhinn chun comhlíonadh an rialacháin maidir le BADGE a dheimhniú go dtí an 1 Eanáir 2007.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2006.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
BFDGE: éitir bios(2,3-eaposcapróipil) bis(hiodrocsaifeinil)meatáin.
NOGE: éitear glicidile nóvalac.
Ábhair agus nithe atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia:- ábhair agus nithe atá déanta as aon chineál plaistigh,
- ábhair agus nithe atá clúdaithe le brait dromchla,
- greamacháin.
BADGE: éitear bios(2,3-eapocsapróipil) 2,2-bios(4-hiodrocsaifeinil)própáin agus BADGE. H2O (CAS Uimh. = 076002-91-0) agus BADGE.H2O (CAS Uimh. = 005581-32-8).
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 1895/2005 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2005 maidir leis an srian ar úsáid díorthach eapocsach áirithe in ábhair agus i nithe atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia (IO L 302, 19.11.2005, lgh. 28-32)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair agus nithe plaisteacha theagmhála bia (IO L 12, 15.1.2011, lgh. 1-89)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 10/2011 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia agus lena n–aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4-17)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 09.06.2020