Gréasán Imirce na hEorpa
ACHOIMRE AR:
Gréasán Imirce na hEorpa —Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?
Cuirtear Gréasán Imirce na hEorpa ar bun leis an gcinneadh seo, gréasán a bhfuil mar aidhm aige faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide, atá cothrom le dáta, a chur ar fáil maidir le himirce agus le tearmann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE), do na tíortha AE agus don phobal i gcoitinne.
PRÍOMHPHOINTÍ
— |
Chun a chuspóir a bhaint amach, déanann Gréasán Imirce na hEorpa sonraí a bhailiú ó raon leathan foinsí, i gcomhar le comhlachtaí ábhartha AE eile, agus déanann sé anailís ar na sonraí sin. Cuireann sé tuarascálacha agus staidéir le chéile ansin ar staid na himirce agus an tearmainn in AE agus sna tíortha AE, rudaí a roinntear ar a chóras malartaithe faisnéise.
|
— |
Déanann an Coimisiún Eorpach an obair a bhíonn ar siúl ag Gréasán Imirce na hEorpa a chomhordú i gcomhar le pointí teagmhála náisiúnta. Ceaptar na pointí teagmhála náisiúnta sin ag gach tír AE agus bíonn siad freagrach as gréasán náisiúnta a fhorbairt. Bíonn trí shaineolaí thearmainn agus imirce ag gach pointe teagmhála náisiúnta ar a laghad, a chumhdaíonn na disciplíní seo a leanas: ceapadh beartas, dlí, taighde agus staidreamh.
|
— |
Chomh maith leis sin, tá de fhreagracht ar na pointí teagmhála náisiúnta:
|
— |
Cinntíonn bord stiúrtha Ghréasán Imirce na hEorpa (a bhfuil an Coimisiún Eorpach ina chathaoirleach air, agus a bhfuil ionadaithe ó na tíortha AE uile agus breathnóir ó Pharlaimint na hEorpa ann) go mbíonn obair an ghréasáin ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla AE.
|
— |
Tá Gréasán Imirce na hEorpa maoinithe ag an gCoimisiún Eorpach. Go sonrach, cuireann an Ciste um Thearmann, um Imirce agus um Lánpháirtíocht acmhainní airgeadais ar fáil do ghníomhaíochtaí agus d’fhorbairt thodhchaíoch Ghréasán Imirce na hEorpa.
|
CÚLRA
Tosaíodh ar Ghréasán Imirce na hEorpa a ullmhú in 2003 chun dul i ngleic leis an ngá a bhí ann faisnéis a mhalartú faoi gach gné den imirce agus cur le comhbheartas tearmainn agus inimirce. Chuir Clár na Háige leis an ngá a bhí ann comhanailís a dhéanamh ar imirce, rud a chuir le neart thogra an Choimisiúin Eorpaigh don chinneadh seo ón gComhairle, cinneadh lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa go hoifigiúil.
— |
GNÍOMH
Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh 2008/381/CE |
21.5.2008 |
– |
Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 |
1.1.2014 |
– |
Nuashonraithe 22.10.2015