Nósanna imeachta um réamhrialú — moltaí do na cúirteanna náisiúnta
ACHOIMRE AR:
Moltaí do na cúirteanna náisiúnta maidir le húsáid an nós imeachta um réamhrialú
Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
CAD É AIDHM LEIS NA MOLTAÍ AGUS LE HAIRTEAGAL 267 DE CFAE?
Leis na moltaí sin mínítear do chúirteanna agus do bhinsí i dtíortha AE cuspóirí nós imeachta lena gceadaítear dóibh, faoi Airteagal 267 de CFAE tagairt a dhéanamh do Chúirt Bhreithiúnais AE (CBAE) le haghaidh réamh-rialaithe. Úsáidtear an nós imeachta sin i gcásanna ina bhfuil an léirmhíniú nó bailíocht dhlí AE i gceist, agus:
Tugtar mionsonraí freisin leis na moltaí maidir le raon feidhme an nós imeachta agus an fhoirm inar chóir do na cúirteanna náisiúnta a n–atreorú a chur isteach.
Forlíontar leo Airteagail 93 go 118 de Rialacha Nós Imeachta CBAE.
PRÍOMHPHOINTÍ
An tábhacht a bhaineann leis an nós imeachta um réamhrialú
Meastar go bhfuil an nós imeachta sin úsáideach nuair atá cás faoi bhráid cúirte náisiúnta agus lena mbaineann ceist maidir le léirmhíniú atá nua agus ar mhaithe le leas ginearálta maidir le cur chun feidhme dhlí AE ar bhonn aonfhoirmeach, nó i gcás nach cosúil go bhfuil an treoir a theastaíonn le fáil sa chás-dlí atá ann d’fhonn déileáil le staid dhlíthiúil nua.
Struchtúr na moltaí
Baineann sraith moltaí le gach iarratas ar réamhrialú agus baineann sraith eile go sonrach le nósanna imeachta brostaithe* nó nósanna imeachta práinneacha*.
Cé a dhéanann an t–iarratas le haghaidh réamhrialaithe?
Is í an chúirt nó an binse náisiúnta amháin a gcuirtear an díospóid faoina mbráid a ghlacann freagracht as cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá le hiarratas ar réamhrialú agus maidir le hábharthacht na gceisteanna a chuirtear faoi bhráid CBAE.
Ba cheart do na cúirteanna a chuireann atreorú isteach, i measc nithe eile:
Ábhar agus raon feidhme
Uainiú maidir le tarchur agus maidir le bac a chur ar na himeachtaí náisiúnta
Foirm agus ábhar an tarchuir
Costais agus cúnamh dlíthiúil
Tá nósanna imeachta um réamhrialú os comhair CBAE saor in aisce. Rialaíonn an chúirt tarchurtha na costais a thabhaíonn na páirtithe, nuair is gá.
Ról chlárlann CBAE
Tarchuir bhrostaithe agus phráinneacha
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA MOLTAÍ?
Tagann siad in ionad moltaí a eisíodh roimhe in 2012 agus tá feidhm leo ón 25 Samhain 2016.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉID
Moltaí chuig cúirteanna agus binsí náisiúnta maidir le nósanna imeachta um réamhrialú a thionscnamh (IO C 439, 25.11.2016, lgh. 1-8)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Alt 5 — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh — Airteagal 267 (iar-Airteagal 234 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 164)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal III — Forálacha ar na hinstitiúidí — Airteagal 19 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 27)
Rialacha Nósanna Imeachta na Cúirte Breithiúnais (IO L 265, 29.9.2012, lgh. 1-42)
Leasú ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais (IO L 173, 26.6.2013, lch. 65)
Nuashonraithe 31.10.2017