Gníomhartha aontaobhacha
ACHOIMRE AR:
Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Airteagal 289 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 288 AGUS AIRTEAGAL 289 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (CFAE)?
Déantar cur síos iontu ar phríomhghníomhartha aontaobhacha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 288), agus go háirithe na gníomhartha sin atá ina ngníomhartha dlíthiúla (Airteagal 299).
PRÍOMHPHOINTÍ
Cad is gníomhartha aontaobhacha ann?
- I measc fhoinsí dhlí AE, is ionann gníomhartha aontaobhacha agus an chuid sin de reachtaíocht thánaisteach AE nach bhfuil ina coinbhinsiúin ná ina comhaontuithe.
- Glacann institiúidí AE iad ina n–aonar i gcomhréir leis na conarthaí bunaidh.
Cad iad na cineálacha éagsúla gníomhartha aontaobhacha?
- Is iad na gníomhartha atá liostaithe in Airteagal 288 CFAE atá i gceist go príomha:
- Rialacháin, treoracha agus cinntí atá ina ngníomhartha dlí, de réir mar atá léirithe in Airteagal 289. Glactar iad tríd an nós imeachta reachtach agus tá brí cheangailteach ag baint leo, ach bíonn éagsúlachtaí beaga ina raon feidhme agus san éifeacht cheangailteach a bhíonn i gceist leo.
- Tuairimí agus moltaí, nach bhfuil ina ngníomhartha dlíthiúla. Ní thugtar aon chearta ná oibleagáidí dóibh siúd ar a bhfuil siad dírithe leo, ach féadfar treoir a chur ar fáil leo maidir le léiriú agus ábhar dhlí AE.
- Tugtar “gníomhartha aitíopúla” ar ghníomhartha aontaobhacha neamhcheangailteacha eile — ní toisc nach n–úsáidtear go minic iad ach toisc nach bhfuil siad liostaithe in Airteagal 288. Áirítear leo sin rúin, conclúidí, teachtaireachtaí agus páipéir uaine agus bhána. Luaitear iad in airteagail eile i gconarthaí AE nó tagann siad ó chleachtas institiúidí AE.
Stádas dlíthiúil gníomhartha aontaobhacha
- Is féidir le hinstitiúidí AE an cineál gnímh a roghnú a mheasann siad is iomchuí chun an beartas a chur chun feidhme.
- Ós rud é nach bhfuil d’inniúlachtaí ag AE ach na cinn a tugadh dó leis na conarthaí, ní mór an bunús dlí sa CFAE a lua i ngníomh ar bith, agus é a bheith comhfhreagrach don réimse ina bhfuil gníomh á ghlacadh ag na hinstitiúidí Eorpacha.
- Sa bhreis air sin, ní mór a lua sna gníomhartha na hionstraimí lena mbronntar an chumhacht chun iad a ghlacadh (agus iad a lua le “ag tosú le” ag an tús) agus na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua (in aithris ag tosú le “de bhrí go”).
- Ní mór na gníomhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh siad teacht i bhfeidhm ar lá a bhfoilsithe, mura léirítear a mhalairt ina dtéacs (mar is amhlaidh go minic).
- Féadfar a ndlíthiúlacht a cheistiú ag Cúirt Bhreithiúnais AE.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
- Dlí AE (An Tairseach Eorpach don r-Cheartas).
PRÍOMHDHOICIMÉID
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais — Airteagal 288 (iar-Airteagal 249 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 171-172)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh —Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais — Airteagal 289 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 172)
Nuashonraithe 21.03.2018