Imircigh neamhdhleathacha a fhilleadh — caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna
ACHOIMRE AR:
Treoir 2008/115/CE — caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna maidir le náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Tá sé mar aidhm léi a áirithiú go bhfuil beartas éifeachtach agus daonnachtúil um fhilleadh ag an Aontas Eorpach (AE) mar ghné riachtanach de bheartas imirce dea-bhainistithe.
- Bunaítear leis sraith chomhchoiteann rialacha maidir le náisiúnaigh neamh-AE nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe laistigh de BhallstátAE ar bith, agus na coimircí nós imeachta lena mbaineann, agus filleadh deonach imirceach neamhdhleathach á spreagadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Deireadh a chur le fanacht neamhdhleathach
Cuirtear deireadh leis an bhfanacht neamhdhleathach le nós imeachta dhá chéim:
1.
ar dtús, “cinneadh fillidh” trína n–osclaítear tréimhse “imeachta dheonaigh”;
2.
ansin, más gá, “cinneadh aistrithe”, agus coinneáil, b’fhéidir, ag críochnú le “díbirt”.
Cinneadh fillidh
- Ní mór do Bhallstát cinneadh fillidh a eisiúint chuig an náisiúnach AE atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a críoch, mura bhfuil cúiseanna comhbhácha, daonnúla nó cúiseanna eile ann gan é sin a dhéanamh, nó má tá nós imeachta feithimh ar chead cónaithe a athnuachan ann.
- Má tá cead cónaithe bailí nó a choibhéis ag an náisiúnach neamh-AE ó Bhallstát eile AE, ní mór dó/di filleadh ar an tír sin láithreach.
- Má ghlacann tír eile AE náisiúnach neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach ar ais faoi chomhaontú déthaobhach, beidh an tír sin freagrach as an gcinneadh fillidh a eisiúint.
- D’fhéadfaí tréimhse imeachta dheonaigh idir 7 agus 30 lá a bheith ceadaithe leis an gcinneadh fillidh don náisiúnach neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfaí an tréimhse a shíneadh; d’fhéadfaí í a ghiorrú chomh maith agus fiú gan í a dheonú, is é sin i gcás go bhfuil ann baol seo a leanas ann maidir leis an náisiúnach neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach:
- go dteithfidh sé/sí agus mar sin nach mbeidh sé/sí ar fáil lena fhilleadh/filleadh;
- gur chuir sé/sí iarratas bréagach isteach; nó
- go gcuireann sé/nó an tslándáil phoiblí/náisiúnta i mbaol.
- Le linn thréimhse an imeachta dheonaigh, d’fhéadfaí oibleagáidí áirithe a fhorchur ar an náisiúnach neamh-AE ionas nach dteithfidh sé/sí.
- D’fhéadfaí toirmeasc ar iontráil a thabhairt leis an gcinneadh fillidh, i gcás nach ndeonaítear tréimhse imeachta dheonaigh nó i gcás nár chlóigh an náisiúnach neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach leis an gcinneadh fillidh. Socraítear tréimhse an toirmisc ar iontráil de réir an cháis agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí níos faide ná 5 bliana, mura gcuireann sé/sí an tslándáil phoiblí/náisiúnta i mbaol.
Aistriú
Mura ndeonaítear tréimhse ar bith, nó murar chloígh an náisiúnach AE leis an gcinneadh fillidh laistigh den tréimhse a deonaíodh le haghaidh imeacht deonach, ní mór do Bhallstát an AE a aistriú/haistriú a fhorfheidhmiú, ach amháin i gcúinsí faoi leith go bhféadfaí an t–aistriú a chur siar. Ní mór aistriú náisiúnaigh neamh-AE a chur siar má chuirtear a mbeatha i gcontúirt leis (prionsabal an neamh-refoulement*) nó má cuireadh an cinneadh fillidh ar fionraí ar bhonn sealadach.
Féadfar bearta comhéigneacha atá comhréireach agus nach sáraíonn forneart réasúnach a úsáid mar réiteach deiridh chun náisiúnaigh neamh-AE a aistriú.
Coinneáil chun críche aistrithe
- Faoi choinníollacha áirithe — agus aird chuí á tabhairt ar choimircí áirithe lena n–áirítear athbhreithniú breithiúnach —féadfaidh Ballstáit náisiúnach neamh-AE a choinneáil le linn an nós imeachta aistrithe má tá an baol ann go dteithfidh sé/sí nó má sheachnaíonn/bhacann sé/sí ullmhú fillidh nó an nós imeachta aistrithe.
- Ní bheidh an tréimhse choinneála níos faide na 6 mhí.
- Ní mór saoráidí speisialaithe coinneála a úsáid nó, mura bhfuil sé sin indéanta, cóiríocht phríosúin ina bhfuil gcóiríocht ar leith a úsáid.
Coimircí nós imeachta
Leagtar amach leis an treoir líon coimircí nós imeachta:
- faisnéis don náisiúnach neamh-AE;
- a gceart chun achomhairc;
- cúnamh dlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil;
- cúnamh teangeolaíochta, más gá.
Ina theannta sin, ní mór do Bhallstáit an ceart um aontacht teaghlaigh a urramú, agus oideachas bunaidh a sholáthar do mhionlaigh agus cúram leighis éigeandála a sholáthar, agus aird chuí a thabhairt ar riachtanais speisialta daoine leochaileacha atá ag feitheamh ar a bhfilleadh deonach nó ar a n–aistriú.
Mionaoisigh Neamhthionlactha
- Sula gcinntear cinneadh fillidh a eisiúint maidir le mionaoiseach neamhthionlactha, ní mór do na comhlachtaí cuí cúnamh a thabhairt ar mhaithe le leas an linbh. Sula n–aistríonn Ballstát mionaoiseach neamhthionlactha óna chríoch, ní mór dóibh a áirithiú go bhfillfear iad chuig ball dá theaghlach nó a teaghlach, coimeádaí ainmnithe nó go bhfuil saoráidí fáiltithe cuí ar fáil sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi.
- Féachtar sa treoir le coinneáil mionaoiseach neamhthionlactha agus teaghlach a theorannú agus leagtar amach coinníollacha coinneála cuí inti.
Rialacha ginearálta
D’fhéadfaí catagóirí áirithe um náisiúnaigh neamh-AE a eisiamh ó raon feidhme na treorach, amhail iad siúd a ghabhtar i dtaca le trasnú teorann neamhdhleathach. Ní mór do Bhallstát, áfach, a áirithiú go bhfuil cóir agus leibhéal cosanta na ndaoine sin ag teacht le rialacha áirithe AE, ar a laghad, maidir le bearta comhéigneacha, aistriú, cúram sláinte agus coinneáil. I ngach cás, ní mór do Bhallstáit:
- a áirithiú nach gcuirtear náisiúnaigh AE i gcontúirt nuair a fhilltear iad;
- leas an linbh, shaol an teaghlaigh agus sláinte an duine lena mbaineann a chur san áireamh.
Cad iad na tíortha a bhfuil feidhm ag an treoir maidir leo?
Tá feidhm ag an treoir maidir le gach Ballstát ach amháin Éire agus na tíortha neamh-AE seo a leanas i limistéar Schengen: An Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.
Cur chun feidhme agus gníomhartha gaolmhara
- Ní mór don Choimisiún Eorpach tuairisc a thabhairt gach 3 bliana maidir le cur i bhfeidhm na treorach i dtíortha AE agus, más gá, leasuithe a mholadh.
- Le Rialachán (AE) 2016/1953 bunaítear doiciméad taistil Eorpach i ndáil le náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh). Tá an doiciméad bailí le haghaidh turas aonair suas go dtí an t–am teachta sa tír a mbeidh an náisiúnach neamh-AE ag filleadh uirthi faoi réir cinneadh fillidh arna eisiúint ag Ballstát.
- In 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún Moladh (AE) 2017/432 chuig Ballstáit maidir le filleadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus an treoir á cur chun feidhme, chomh maith le Moladh (AE) 2017/2338 lena mbunaítear “lámhleabhar coiteann maidir le filleadh” atá le húsáid ag Ballstáit agus cúraimí a bhaineann le filleadh á ndéanamh acu. Mhol sé bearta úra chomh maith maidir leis an mbeartas um fhilleadh i bhfoirm plean gníomhaíochta athnuaite maidir le Filleadh agus sraith moltaí do Bhallstáit.
- In 2023, ghlac an Coimisiún:
- doiciméad beartais dar teideal “I dtreo straitéis oibriúcháin le haghaidh filleadh níos éifeachtaí” agus a iarscríbhinn, ranníocaíocht an Choimisiúin leis an bpróiseas maidir leis an straitéis oibriúcháin a fhorbairt le haghaidh torthaí níos éifeachtaí arna leagan amach sa ghníomh nua maidir le himirce agus tearmann;
- Tá sé mar aidhm le moladh (AE) 2023/682 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí um fhilleadh agus do dhaoine ar filleadh dlús a chur leis an bpróiseas um fhilleadh trí spreagadh a thabhairt don Bhallstát atá freagrach as náisiúnach nach náisiúnach AE é/í atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh chun cinneadh um fhilleadh ar bith a d’eisigh Ballstát eile roimhe sin a aithint go frithpháirteach don duine céanna stát, mura bhfuil éifeacht an chinnidh um fhilleadh sin curtha ar fionraí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
B’ éigean na rialacha sa treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 24 Nollaig 2010, ach amháin na rialacha maidir le cúnamh dlí agus/nó ionadaíocht saor in aisce, arbh é an 24 Nollaig 2011an spriocdháta ina leith.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Refoulement. Refoulement a thugtar ar dhídeanaithe nó ar iarratasóirí ar thearmann filleadh ar thír inar dóigh go dtarlóidh géarleanúint dóibh.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha neamh–AE atá ag fanacht go mídhleathach a sheoladh ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 98–107).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh (AE) 2023/682 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh agus le dlús a chur le fillteacha agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur chun feidhme (IO L 86, 24.3.2023, lgh. 58–64).
Doiciméad beartais: I dtreo straitéis oibríochtúil maidir le filleadh níos éifeachtaí (COM (2023) 45 final, 24.1.2023).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (COM(2020) 609 final, 23.9.2020).
Moladh (AE) 2017/2338 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2017 lena mbunaítear “Lámhleabhar coiteann maidir le Filleadh” atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát agus cúraimí a bhaineann le filleadh á ndéanamh acu (IO L 339, 19.12.2017, lgh. 83–159).
Moladh (AE) 2017/432 ón gCoimisiún an 7 Márta 2017 maidir le filleadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur chun feidhme (IO L 66, 11.3.2017, lgh. 15–21).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i dtaca le beartas maidir le filleadh a dhéanamh níos éifeachtaí san Aontas Eorpach — Plean gníomhaíochta athnuaite (COM(2017) 200 final, 2.3.2017).
Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le doiciméad taistil Eorpach a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus lena n–aisghairtear an Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 (IO L 311, 17.11.2016, lgh. 13–19).
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le Beartas AE um Fhilleadh (COM(2014) 199 final, 28.3.2014).
Nuashonraithe 03.01.2024