Ciste Sóisialta na hEorpa (2007–2013)

Chun misean agus raon Chiste Sóisialta na hEorpa a leagan amach don tréimhse 2007–2013, tá sainfhorálacha sa Rialachán seo a bhaineann le cineálacha gníomhaíochta ar féidir iad a mhaoiniú trí CSE. Tacaíonn CSE le tosaíochtaí an Chomhphobail maidir leis an riachtanas comhtháthú sóisialta a neartú, táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú, agus fás eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe a spreagadh. Sa chomhthéacs seo, féachann CSE le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí mheán an fhostaíocht agus deiseanna fostaíochta a fheabhsú.

ACHT

Regulation (EC) No 1081/2006 of the European Parliament and of the Council of 5 July 2006 on the European Social Fund and repealing Regulation (EC) No 1784/1999 (Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1784/1999) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]

ACHOIMRE

Don tréimhse 2007–2013, leagtar amach sna forálacha ginearálta ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chiste Sóisialta na hEorpa agus ar an Chiste Comhtháthaithe go dtacaíonn CSE na gníomhaíochtaí i réimse an chuspóra “Cóineasú” (maidir leis na réigiúin is lú forbairt) agus an chuspóra “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” (a fhéachann le hathrú eacnamaíoch a luathú agus a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin).

Misean

Tacaíonn CSE le beartas na mBallstát chun Straitéis Liospóin a athdhíriú ar an fhás agus ar an fhostaíocht. Tá na beartais seo ceangailte go dlúth leis na Mór-Threoirlínte Beartas Eacnamaíoch, le Straitéis Fostaíochta na hEorpa agus leis na Treoirlínte Fostaíochta. Le bheith cruinn, tá de cuspóir ag CSE:

Raon feidhme agus tosaíochtaí

Taobh istigh de na cuspóirí “Cóineasú” agus “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht”, tacaíonn CSE le gníomhaíochtaí sna Ballstáit de réir na dtosaíochtaí seo a leanas:

Tosaíochtaí

Lena chois sin, taobh istigh den chuspóir “Cóineasú”, tacaíonn CSE leis na tosaíochtaí seo a leanas:

Comhchruinniú na tacaíochta

Féachann na Ballstáit chuige go bhfuil na gníomhaíochtaí a thacaíonn CSE leo i gcomhréir le gníomhaíochtaí na straitéise Eorpaí ar son na fostaíochta agus go gcuireann siad léi. Comhchruinníonn na Ballstáit an tacaíocht ar chur i bhfeidhm na moltaí a bhaineann leis an fhostaíocht.

Incháilitheacht le haghaidh caiteachais

Cinntear go náisiúnta ar na rialacha a bhaineann le hincháilitheacht le haghaidh caiteachais. Mar sin féin, níl an caiteachas seo a leanas incháilithe le haghaidh CSE:

Dea-rialú agus comhpháirtíocht

Spreagann CSE an dea-rialú agus an chomhpháirtíocht. An tacaíocht a thugann sé sa réimse seo, ceaptar agus cuirtear i bhfeidhm í go náisiúnta, go réigiúnach nó go háitiúil de réir mar is fóirsteanaí maidir leis na socruithe atá ann ag na hinstitiúidí i ngach Ballstát. Féachann na Ballstáit chuig rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus chuig comhairliú agus rannpháirtíocht shásúil na bpáirtithe leasmhara eile, ag an leibhéal críche is fóirsteanaí, in ullmhú, i gcur i bhfeidhm agus i monatóireacht CSE.

Comhthéacs

Tá na forálacha eile maidir le beartas an chomhtháthaithe don tréimhse 2007–2013 le fáil sna ceithre rialachán a bhaineann:

Ó thaobh na polaitíochta de, tá bun airgeadais an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse 2007–2013 sa Chomhaontú Idirinstitiúideach agus an Creat Airgeadais 2007–2013.

Tagairtí

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006

1.8.2006

IO L 210, 31.7.2006

Acht leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 396/2009

22.5.2009

IO L 126, 21.5.2009

ACHTANNA GAOLMHARA

Commission Decision 2006/593/EC of 4 August 2006 fixing an indicative allocation by Member State of the commitment appropriations for the Regional competitiveness and employment objective for the period 2007-2013 [OJ L 243, 6.9.2006] (Cinneadh 2006/593/CE ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena socraítear leithdháileadh táscach na leithreasaí gealltanais de réir Ballstáit maidir leis an chuspóir “Iomaíochas réigiúnach agus Fostaíochta” don tréimhse ó 2007 go 2013)Arna leasú le:Cinneadh 2010/476/AE [IO L 232, 2.9.2010]

Council Decision 2006/702/EC of 6 October 2006 on Community strategic guidelines on cohesion [OJ L 291, 21.10.2006] (Cinneadh 2006/702/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le Treoirlínte Straitéiseacha an Chomhphobail um Chomhtháthú)

Ghlac an Chomhairle le Dréacht-Treoirlínte Straitéiseacha Comhphobail ar son an chomhtháthaithe, an fháis agus na fostaíochta an 6 Deireadh Fómhair 2006. Is iad na Treoirlínte straitéiseacha seo an creat táscach chun beartas an chomhtháthaithe a chur i bhfeidhm agus chun na Cistí a úsáid sa tréimhse 2007-2013.

Communication from the Commission of 5 July 2005 — Cohesion Policy in Support of Growth and Jobs — Community Strategic Guidelines, 2007-2013 [COM(2005) 299 - Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón Choimisiún, an 5 Iúil 2005, Beartas Comhtháthaithe mar thaca le fás agus le fostaíocht — Treoirlínte Straitéiseacha an Chomhphobail 2007-2013 [COM(2005) 299 — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

Nuashonrú is déanaí: 17.09.2010