Comhar riaracháin i réimse an chánachais

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/16/AE maidir le comhar idir údaráis riaracháin cánach Bhallstáit AE

Treoir leasaitheach (AE) 2021/514

CAD IS AIDHM LEIS NA TREORACHA?

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an DAC le gach cáin, ach amháin na cánacha a leanas:

Rinneadh é sin a leasú in DAC7, lena shoiléiriú gur féidir an fhaisnéis a mhalartaítear faoi threoir DAC7 a úsáid chun CBL agus cánacha indíreacha eile a riar, a mheasúnú agus a fhorfheidhmiú.

Ní mór don údarás náisiúnta ábhartha lároifig idirchaidrimh a bhunú arb é seo a leanas an ról a bheidh aici:

Ní mór déileáil le hiarratais ar fhaisnéis ar na bealaí seo a leanas.

Uathmhalartú éigeantach faisnéise

Ó 2015 i leith, ní mór d’údaráis náisiúnta, uair amháin sa bhliain ar a laghad agus nuair a bheidh sí ar fáil, faisnéis a sholáthar go huathoibríoch do na Ballstáit ábhartha maidir leis na catagóirí ioncaim agus caipitil seo a leanas do chónaitheoirí i mBallstát eile:

Le Treoir leasaitheach (AE) 2021/514 cuirtear catagóir úr ioncaim a fhaightear as ríchíosanna leis an liosta thuas. Roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi cheithre chatagóir ar a laghad dá gcuirfidh a n–údaráis inniúla faisnéis faoi chónaitheoirí an Bhallstáit eile sin in iúl, trí mhalartú uathoibríoch, d’údarás inniúil aon Bhallstáit eile. Bainfidh an fhaisnéis sin le tréimhsí inchánach a thosóidh an 1 Eanáir 2025 nó ina dhiaidh sin. Ó 2017 i leith, ní mór d’údaráis náisiúnta faisnéis a sholáthar go huathoibríoch do Bhallstáit ábhartha maidir leis na cuntais airgeadais atá i seilbh cónaitheoirí i mBallstát eile agus maidir le rialuithe cánach trasteorann agus réamh–chomhaontuithe praghsála.

Ó 2017 i leith freisin, faoi Threoir 2016/881/AE, ní mór d’údaráis náisiúnta faisnéis a sholáthar go huathoibríoch do Bhallstáit ábhartha faoi thuarascálacha de réir tíre — tuarascálacha arna gcomhdú ag grúpaí ilnáisiúnta ag a bhfuil oibríochtaí san Aontas Eorpach. Áirítear leo sin faisnéis do gach dlínse cánach ina ndéanann an grúpa gnó ar mhéid an ioncaim, an brabús roimh cháin ioncaim, an cháin ioncaim a íocadh agus a fabhraíodh, líon na bhfostaithe, an caipiteal luaite, an tuilleamh coimeádta agus na sócmhainní inláimhsithe.

Ó 2018 i leith, caithfear rochtain a thabhairt d’údaráis freisin ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a bhailítear de bhun Threoir (AE) 2015/849, reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le frithsciúradh airgid (féach an achoimre).

Ó 2020 i leith, ní mór d’údaráis náisiúnta faisnéis a sholáthar go huathoibríoch do na Ballstáit maidir le socruithe trasteorann intuairiscithe. Rinneadh foráil i Treoir (AE) 2020/876 i leith síneadh uasta roghnach 6 mhí do na spriocdhátaí tuairiscithe maidir le ceanglais um nochtadh éigeantach d’idirghabhálaithe agus do cháiníocóirí ábhartha faoin DAC6 — lena leasaítear Treoir (AE) 2018/822.

Oibleagáidí tuairiscithe nua le haghaidh ardáin dhigiteacha

Tugtar isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2021/514 chomh maith oibleagáidí tuairiscithe úra maidir le hoibreoirí ardáin dhigiteacha AE agus ardán digiteach neamh–AE trínar féidir le díoltóirí áirithe bheith ceangailte le húsáideoirí eile chun na gníomhaíochtaí trasteorann nó intíre seo a leanas a dhéanamh:

Féadfaidh ardáin dhigiteacha AE a chomhlíonann coinníollacha áirithe i níos mó ná Ballstát amháin a roghnú a n–oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh i mBallstát amháin dá leithéid. Ní mór d’oibreoirí ardán digiteach neamh–AE a bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu faoi DAC7 clárú i mBallstát.

Féadfaidh oibreoirí ardán digiteach neamh–AE bheith díolmhaithe óna n–oibleagáidí tuairiscithe DAC7 má bhíonn orthu oibleagáidí tuairiscithe coibhéiseacha a chomhlíonadh i ndlínse cáilithe nach bhfuil san Aontas — agus déanfaidh an dlínse sin an fhaisnéis choibhéiseach sin a mhalartú le gach Ballstát ábhartha AE, de réir comhaontú sonrach.

Cuimsítear in Iarscríbhinn V úr nósanna imeachta díchill chuí, ceanglais tuairiscithe agus rialacha eile d’oibreoirí ardáin.

Faisnéis spontáineach

Ní mór d’údaráis náisiúnta faisnéis a sholáthar go spontáineach dá gcomhghleacaithe in áiteanna eile san Aontas Eorpach a luaithe is féidir agus ag tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis di bheith ar fáil, más rud é:

Déanann na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:

Tá gach faisnéis a roinntear idir údaráis náisiúnta faoi réir rúndacht oifigiúil.

Ní mór d’údaráis náisiúnta sonraí faoin méid malartuithe uathoibríocha faisnéise a sholáthar don Choimisiún gach bliain agus, nuair is féidir, na costais agus na tairbhí ábhartha a mheas.

Iniúchtaí comhpháirteacha

Cuimsítear i dTreoir leasaitheach (AE) 2021/514 cuid úr a bhaineann go sonrach le soiléiriú a thabhairt ar an gcreat dlí agus ar na prionsabail a bhaineann le iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh idir dhá Bhallstát nó níos mó. Ceanglaítear ar na Ballstáit na rialacha seo a ghlacadh agus a fhoilsiú, faoin 31 Nollaig 2023, agus iad a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n–aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lgh. 1–12).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/16/AE a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lgh. 1–26).

Nuashonraithe 06.12.2021