An euro a ghlacadh
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 974/98 — maidir leis an euro a thabhairt isteach
Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS AIRTEAGAL 140 DE CFAE?
- Sainítear leis an rialachán na ceanglais airgeadaíochta dhlíthiúla nach mór do thíortha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm tar éis dóibh an euro a ghlacadh. Leagtar síos leis na céimeanna difriúla a tharlaíonn go dtí go dtugtar isteach an euro.
- Leagtar amach in Airteagal 140 CFAE na critéir le haghaidh ballraíochta san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus maidir leis an euro a ghlacadh. Tá foráil ann chun faireachán rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn na dtíortha nach bhfuil an euro acu i dtreo na gceanglas sin a chomhlíonadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Sa rialachán maidir leis an euro a ghlacadh:
- tá sonraí de na dátaí le haghaidh an airgeadra aonair i ngach tír ina nglacfar leis an euro, chun athrú go dtí an t-airgead tirim agus chun deireadh a chur leis an airgeadra náisiúnta de réir a chéile;
- deimhnítear gurb é an euro an t-airgeadra aonair, atá comhdhéanta de 100 cent agus a ghabhann in ionad airgeadra náisiúnta na dtíortha rannpháirteacha ag an ráta comhshóite comhaontaithe;
- tugtar cumhacht eisiach don Bhanc Ceannais Eorpach agus do bhainc cheannais náisiúnta na dtíortha atá rannpháirteach san airgeadra euro chun nótaí bainc euro a chur i gcúrsaíocht;
- bíonn nótaí bainc agus boinn náisiúnta fós dlíthairgthe amhail ón lá roimh dháta glactha an euro;
- leagtar síos na téarmaí maidir le haon tréimhse ina gcuirfear deireadh le hairgeadraí náisiúnta, sin rogha nár bhain aon bhall eile den euro leas as;
- luaitear go mbíonn nótaí bainc agus boinn náisiúnta dlíthairgthe fós ina gcuid tíortha faoi seach go dtí 6 mhí tar éis na ndátaí um an athrú go dtí airgead tirim;
- tugtar faoi deara gurb iad na nótaí bainc agus boinn euro na haon nótaí agus boinn dlíthairgthe i dtíortha limistéar an euro;
- tugtar údarás do thíortha an euro smachtbhannaí leordhóthanacha a chur i bhfeidhm i gcoinne aon ghóchumadh nó aon fhalsú ar nótaí bainc agus ar bhoinn.
- D’fhonn an euro a ghlacadh, ní mór do thíortha na 4 choinníoll eacnamaíocha agus airgeadais seo a leanas a chomhlíonadh, ar a dtugtar na critéir um chóineasú, atá leagtha síos in Airteagal 140 CFAE agus i bPrótacal Uimh. 13 de CFAE:
- cobhsaíocht praghsanna: ráta boilscithe ar feadh 1 bhliain amháin nach airde ná 1.5% de na 3 ráta náisiúnta is ísle i limistéar an euro;
- airgead an rialtais: a áirithiú go bhfuil siad sin fónta agus inbhuanaithe trí theorainn a chur leis an easnamh agus leis an bhfiachas náisiúnta go dtí nach mó ná 3% agus 60%, faoi seach, den olltáirgeacht intíre náisiúnta;
- cobhsaíocht rátaí malairte: luaineachtaí iomarcacha san airgeadra a sheachaint ar feadh 2 bhliain ar a laghad trí bheith rannpháirteach sa Mheicníocht Rátaí Malairte, lena rialaítear rátaí idir ballstáit an euro agus ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu;
- cóineasú rátaí úis: ráta úis fadtéarmach a bheith ann nach mó ná 2 phointe céatadáin ráta na 3 thír is fearr ina bhfuil an euro ag feidhmiú.
- Chuidigh an Coimisiún Eorpach le hullmhú do theacht an euro le feachtas faisnéise fairsing. Díríodh é sin ar:
- gnóthaí a bheadh ag úsáid an euro le haghaidh idirbheart ón 1 Eanáir 2002;
- an pobal i gcoitinne, a chaithfeadh dul i gcleachtadh ar na boinn agus ar na nótaí nua agus na praghsanna agus na luachanna a shloinntear leo;
- grúpaí a bhfuil riachtanais speisialta acu amhail iad siúd atá aonraithe go sóisialta nó go heacnamaíoch, nó atá faoi mhíchumas coirp nó nach bhfuil in ann léamh ná scríobh;
- leanaí scoile a d’fhásfadh aníos leis an airgeadra nua agus a bheadh in ann cabhrú lena dtuismitheoirí agus le daoine scothaosta dul i gcleachtadh air.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 1 Eanáir 1999.
CÚLRA
In 2019 comóradh fiche bliain ónár tugadh an euro isteach. Ar an 1 Eanáir 1999, shocraigh 11 thír AE a rátaí malairte, ghlac siad le beartas airgeadaíochta aonair, agus seoladh an euro mar airgeadra comhchoiteann ar mhargaí airgeadais an domhain. Sa lá atá inniu ann is é an euro airgeadra 19 dtír in AE.
Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir leis an euro a thabhairt isteach (IO L 139, 11.5.1998, lgh. 1-5)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh 974/98 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Leagan comhdhlúthaithe den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus sóisialta — Caibidil 5 — Forálacha idirthréimhseacha – Airteagal 140 (sean-Airteagail 121(1), 122(2), an dara habairt, agus 123(5) CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 108-110)
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 13) maidir leis na critéir um chóineasú (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 281-282)
Nuashonraithe 14.02.2019