Cosmaidí níos sábháilte do mhuintir na hEorpa
Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 maidir le táirgí cosmaideacha
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
— |
Déantar táirgí cosmaideacha a dhíoltar in AE níos sábháilte trí cheanglais sábháilteachta a dhaingniú.
|
— |
Simplítear na nósanna imeachta do chuideachtaí agus d’údaráis rialála san earnáil.
|
— |
Déantar nuashonrú ar na rialacha chun na forbairtí teicneolaíochta is déanaí a chur san áireamh, lena n-áirítear an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as nana-ábhair.
|
— |
Coinnítear an cosc ar thástáil ainmhithe atá ann cheana.
|
PRÍOMHPHOINTÍ
— |
Ceanglais bhreise ar mhonaróirí agus iad ag cur na tuarascála sábháilteachta a theastaíonn uathu chun táirge a chur ar an margadh le chéile.
|
— |
Coincheap nua maidir le“duine freagrach”i gcás gach táirge:
|
— |
Laghdaítear an rómhaorlathas ar mhonaróirí toisc nach gcaithfidh siad a gcuid táirgí a chlárú ach aon uair amháin, le Tairseach Fógraí maidir le Táirgí Cosmaideacha AE.
|
— |
Ceanglas nua chun iarmhairt thromchúiseach neamh-inmhianaithe a thuairisciú:
|
— |
Ní mór raon faisnéise a bheith ar an bpacáistiú, lena n-áirítear ainm agus seoladh an duine freagrach, an t-ábhar, réamhchúraimí i gcomhair úsáide agus liosta na gcomhábhar.
|
— |
Rialacha nua maidir le nana-ábhair a úsáid.
|
— |
Liostaí substaintí atá coiscthe nó srianta le húsáid i gcosmaidí.
|
— |
Ní mór do dháileoirí a sheiceáil go bhfuil an lipéadú, lena n-áirítear dáta faoinar cheart a úsáid, agus ceanglais teanga go léir in ord.
|
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Ón 11 Iúil 2013.
CÚLRA
Cosmaidí - Rialacha sábháilteachta AE
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 |
11.7.2013; 1.12.2010 (Airteagail 15 míreanna 1 agus 2, Airteagail 14, 16, 31 agus 32) 11.1.2013 (Airteagal 16, mír 3, an dara halt) |
- |
Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a chuimsiú sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le tástáil ainmhithe agus cosc margaíochta agus an cás mar atá maidir le modhanna malartacha sa réimse cosmaidí (COM (2013)135 final,11.3.2013)
Nuashonraithe 19.06.2015