Sláinte agus sábháilteacht ag an obair: neamhchosaint ar thorann

 

ACHOIMRE

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí ina nochtar oibrithe do rioscaí ó thorann mar thoradh ar a gcuid oibre.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar íoscheanglais síos sa treoir maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le neamhchosaint ar thorann, go háirithe an riosca a bhaineann le héisteacht.

PRÍOMHPHOINTÍ

San ionad oibre, baineann teorainnluachanna nochta torainn, nár cheart iad a shárú, le nochtadh laethúil nó seachtainiúil de 87 deicibeil (dB) go príomha, aon laghdú ó chosaint éisteachta curtha san áireamh.

Socraítear na luachanna gníomhaíochta nochta, na leibhéil deicibeile ag a mbíonn ar fhostóir bearta áirithe a ghlacadh, ag nochtadh laethúil nó seachtainiúil de 80 dB (luach is ísle) agus 85 dB (luach is airde).

Tá de fhreagracht ar an bhfostóir na leibhéil torainn a nochtar oibrithe dóibh a mheas, agus a thomhas freisin más gá, agus aird ar leith á tabhairt ar na nithe seo a leanas:

leibhéal, cineál agus fad an torainn, lena n-áirítear torann ríge*;

an teorainnluach nochta agus na luachanna gníomhaíochta nochta;

éifeachtaí ghrúpaí áirithe rioscaí ar oibrithe;

éifeachtaí na n-idirghníomhaíochtaí idir an torann agus substaintí bainteach leis an obair atá tocsaineach do na cluasa, creathanna nó comharthaí rabhaidh agus comharthaí eile a bhaineann le sábháilteacht;

faisnéis ó mhonaróirí maidir le hastaíocht torainn;

trealamh eile a d’fhéadfaí é a úsáid chun torann a laghdú;

torann lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre;

faisnéis faireachais sláinte; agus

infhaighteacht cosantóirí éisteachta.

Chomh fada agus is féidir, ní mór na tosca riosca a bhaint ag an bhfoinse nó a íoslaghdú, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

modhanna oibre eile lena mbaineann nochtadh níos lú;

an trealamh cuí a roghnú;

leagan amach an ionaid oibre;

oiliúint, comhairliúchán agus rannpháirtíocht na n-oibrithe;

sciatha, iniaimh, clúdaigh thorann-súiteacha, ábhar taisdíonach agus aonrú a úsáid;

cothabháil ar an ionad oibre agus ar threalamh; agus

an obair a eagrú, mar aon le sceidil agus le sosanna.

Níor cheart an t-oibrí a nochtadh do leibhéil torainn atá níos airde ná na teorainnluachanna nochta i gcás ar bith.

Ba cheart ionaid oibre ina sáraítear luachanna gníomhaíochta nochta a mharcáil go cuí, agus ba cheart rochtain theoranta a bheith ag oibrithe orthu. Ní mór don fhostóir cosantóirí éisteachta a chur ar fáil do gach oibrí. Ní mór cosantóirí éisteachta a úsáid in áiteanna ina bhfuil an leibhéal torainn níos airde ná an t-uasluach gníomhaíochta.

Má bhaineann riosca sláinte le leibhéil torainn, ní mór faireachas sláinte cuí a dhéanamh ar na hoibrithe atá i gceist sna tíortha AE. Más rud é gur sáraíodh na huasluachanna gníomhaíochta nochta agus gur chuir sé sin isteach ar dhaoine áirithe, tá an ceart ag na daoine sin tástáil éisteachta a fháil. Más rud é gur sáraíodh na híosluachanna gníomhaíochta nochta, tá an ceart ag na daoine sin tástáil choisctheach chlosmhéadrachta a fháil.

Má dhéantar damáiste éisteachta a dhiagnóisiú, déanfaidh dochtúir scrúdú chun a fháil amach an neamhchosaint ar thorann ag an obair atá ina cúis leis. Sa chás sin:

ní mór é sin a chun in iúl don oibrí;

ní mór don fhostóir athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú riosca agus ar bhearta chun rioscaí a laghdú;

ní mór don fhostóir comhairle leighis a chur san áireamh, lena n-áirítear féachaint ar an oibrí sin a athcheapadh; agus

ní mór don fhostóir leanúint d’fhaireachas agus d’athbhreithniú a dhéanamh ar shláinte na n-oibrithe nochta.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 15 Feabhra, 2003.

EOCHAIRTHÉARMA

* Torann ríge: torann ard-nirt nach maireann ach ar feadh tréimhse giorra, amhail buille ciarsúir.

GNÍOMH

Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le hoibrithe a nochtadh do na rioscaí a eascraíonn as gníomhaithe fisiceacha (torann) (An seachtú treoir déag de réir bhrí Airteagal 16(1) den Treoir 89/391/CEE)

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2003/10/CE

15.2.2003

14.2.2006 Don earnáil cheoil agus siamsaíochta: 15.2.2008. Don fhoireann ar bord árthaí farraige: 15.2.2011

IO L 42, 15.2.2003, lgh. 38–44

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2007/30/CE

28.6.2007

31.12.2012

IO L 165, 27.6.2007, lgh. 21–24

Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008

11.12.2008

IO L 311, 21.11.2008, lgh. 1–54

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar 2003/10/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 02.10.2015