Ag obair le trealamh scáileán taispeána

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 90/270/CEE maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána* san Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cuimsítear rialacha sa treoir lena bhforlíontar na rialacha ginearálta atá i dTreoir 89/391/CEE maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair (féach an achoimre).

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil feidhm ag an treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

Oibleagáidí fostóirí

Súile agus radharc na n oibrithe a chosaint

Gníomhartha tarmligthe

Tá an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 10a de Rialachán (AE) 2019/1243, chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar an iarscríbhinn, chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí ar rialacháin nó ar shonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas i réimse an trealaimh scáileán taispeána a chur san áireamh.

Athbhreithniú ar an reachtaíocht

Mar chuid dá chreat straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 90/270/CEE i bhfianaise an digitithe ó glacadh an treoir ar dtús.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 90/270/CEE ón 11 Meitheamh 1990 agus b’éigean dlí (trasuíomh) a dhéanamh di i mBallstáit AE faoin 31 Nollaig 1992.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Trealamh scáileán taispeána. Scáileán taispeána alfa-uimhriúil nó grafach, beag beann ar an bpróiseas taispeána a úsáidtear.
Stáisiún oibre. Cóimeáil ina gcuimsítear trealamh scáileán taispeána, a bhféadfaí méarchlár nó feiste ionchuir agus/nó bogearraí a sholáthar leis lena gcinntear comhéadan an oibreora/an mheaisín, gabhálais roghnacha, gléasanna forimeallacha lena n áirítear an tiomántán dioscaí, teileafón, móideim, printéir, coinneálaí doiciméad, cathaoir oibre agus deasc oibre nó dromchla oibre, agus an timpeallacht oibre mórthimpeall.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 90/270/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir le bunriachtanais sábháilteachta agus sláinte maidir le hobair le trealamh scáileán taispeána (an cúigiú Treoir aonair laistigh de bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 156, 21.6.1990, lgh. 14-18).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 90/270/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Creat straitéiseach AE um shláinte agus um shábháilteacht ag an obair 2021-2027 – sábháilteacht agus sláinte ceirde i saol na hoibre atá ag athrú (COM(2021) 323 final, 28.6.2021).

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 10.11.2021