An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Cruthaítear leis an rialachán an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound).

Tá Eurofound ceaptha chun cur le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr i dtíortha. Cuireann sé a ról i gcrích i gcomhpháirtíocht le rialtais, le fostóirí, le ceardchumainn agus le hinstitiúidí AE (amhail an Coimisiún, an Pharlaimint, an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa).

Príomhchúraimí

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí Eurofound

Gníomhaíochtaí taighde agus cumarsáide

Is iad príomhghníomhaíochtaí Eurofound bainistíocht taighde agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide sna réimsí maidir le

Cothaíonn Eurofound malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir ollscoileanna, riaracháin agus eagraíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta.

Eagraíonn sé cúrsaí, comhdhálacha agus seimineáir agus glacann sé páirt i staidéir. Lena chois sin soláthraíonn sé sonraí agus tuairimí a thagann chun cinn ó thaighde neamhspleách agus comparáideach do rialtais, d’fhostóirí, do cheardchumainn agus don Choimisiún Eorpach.

Clár oibre 4 bliana (2013-2016)

Gach 4 bliana, déanann Eurofound athbhreithniú ar a straitéis agus ar threoshuíomh a chuid oibre i gclár rollach.

Glacadh clár straitéiseach úr 4 bliana don tréimhse 2013-2016. Is é cuspóir straitéiseach Eurofound don chlár oibre 4 bliana nua seo eolas ardchaighdeáin, tráthúil a bhaineann le beartas a sholáthar i gceithre phríomhréimse:

Sa chlár oibre seo, soláthraíonn Eurofound fíricí agus figiúirí, taispeánann sé treochtaí agus déanann sé anailís ar bheartais i dtíortha AE. Rinneadh liosta téamaí sonracha ábhartha lena bhfuil gníomhaíochtaí sonracha tosaíochta a shainiú chomh maith.

Comhoibriú

Comhoibríonn Eurofound le hinstitiúidí acadúla speisialaithe nó ollscoileanna speisialaithe i dtíortha AE agus ar leibhéal idirnáisiúnta. Oibríonn sé go dlúth chomh maith leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair.

Comhoibríonn an Foras go láidir chomh maith leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal AE amhail CEC (Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann) agus BUSINESSEUROPE (Cónaidhm na nGnóthas Eorpach).

Eagrú agus feidhmiú

Tá an Foras bunaithe in Éirinn (Baile Átha Cliath). Cuimsítear ann Bord Rialaithe ina ndéantar ionadaíocht ar son chomhpháirtithe sóisialta agus rialtais náisiúnta thíortha uile AE, agus ar son an Choimisiúin Eorpaigh chomh maith.

Tá dhá fhaireachlann bunaithe ag an bhForas fosta:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO?

Tháinig sé i bhfeidhm an 2 Meitheamh 1975.

CÚLRA

Bunaíodh an Foras 40 bliain ó shin i 1975 chun cur le beartú agus dearadh um dhálaí maireachtála agus oibre níos fearr.

GNÍOMH

Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle an 26 Bealtaine 1975 maidir le cruthú an Fhorais Eorpaigh chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (IO L 139, 30.5.1975, lgh. 1-4)

Rinneadh na leasuithe agus an ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

Nuashonraithe 11.01.2016